8.1.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 5/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/11 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Eanáir 2021

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 498/2012 maidir le leithdháileadh cuótaí ráta taraife a bhfuil feidhm acu maidir le honnmhairithe adhmaid ó Chónaidhm na Rúise chun an Aontais Eorpaigh

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chinneadh 2012/105/AE ón gComhairle an 14 Nollaig 2011 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartaithe Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na Rúise, comhaontú a bhaineann le riaradh cuótaí rátaí taraife a bhfuil feidhm acu maidir le honnmhairithe adhmaid ó Chónaidhm na Rúise chun an Aontais Eorpaigh agus an Prótacal idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Chónaidhm na Rúise maidir le módúlachtaí teicniúla de bhun an Chomhaontaithe sin (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 22 Lúnasa 2012, d’aontaigh Cónaidhm na Rúise don Eagraíocht Dhomhanda Trádála. Áirítear i ngealltanais Chónaidhm na Rúise cuótaí rátaí taraife maidir le honnmhairiú cineálacha sonraithe adhmaid bhuaircíneacha, cuótaí ar leithdháileadh sciar díobh le haghaidh onnmhairithe chun an Aontais. I dtaca leis na módúlachtaí le haghaidh riar na gcuótaí rátaí taraife sin, leagtar síos iad leis an gComhaontú i bhfoirm Malartaithe Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na Rúise, malartú litreacha a bhaineann le riar cuótaí ráta taraife a bhfuil feidhm acu maidir le honnmhairithe adhmaid ó Chónaidhm na Rúise chun an Aontais Eorpaigh (2) (“an Comhaontú”) agus sa Phrótacal idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Chónaidhm na Rúise maidir le módúlachtaí teicniúla de bhun an Chomhaontaithe (3) (“an Prótacal”). Síníodh an Comhaontú agus an Prótacal an 16 Nollaig 2011. Cuireadh i bhfeidhm go sealadach iad ó dháta aontachais Chónaidhm na Rúise leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

(2)

De bhun Airteagal 4 de Chinneadh 2012/105/AE, leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 498/2012 ón gCoimisiún (4) na rialacha maidir le leithdháileadh cuótaí ráta taraife a bhfuil feidhm acu maidir le honnmhairithe adhmaid ó Chónaidhm na Rúise chun an Aontais Eorpaigh. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán sin a thuilleadh ar an dáta a chríochnófar an nós imeachta chun an Prótacal a thabhairt i gcrích.

(3)

Cé go leantar den Chomhaontú agus den Phrótacal a chur i bhfeidhm go sealadach, go dtí go gcríochnófar na nósanna imeachta chun iad a thabhairt i gcrích, léirigh an taithí a fuarthas le cur chun feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 498/2012 an gá atá ann le roinnt forálacha de chuid an Rialacháin sin a leasú.

(4)

Ba cheart Airteagal 7(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 498/2012 a leasú chun a áirithiú sa chéad chuid de gach tréimhse chuóta nach ísle ná na cearta a dheonaítear d’allmhaireoirí nua na cearta allmhairiúcháin uasta atá ag allmhaireoirí traidisiúnta, i gcás aon cheann de na grúpaí táirgí.

(5)

De bhun Airteagal 3 den Phrótacal, tá aicmiú na dtáirgí cumhdaithe bunaithe ar an ainmníocht taraife agus staidrimh a chuirtear i bhfeidhm sa Rúis. Tagraíonn Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 498/2012 do chóid taraife ábhartha na dtáirgí cumhdaithe. Ó tharla gur athraíodh an ainmníocht ó tháinig an Prótacal i bhfeidhm go sealadach, tá gá leis na modhnuithe sin a léiriú sna hIarscríbhinní chun an ainmníocht taraife agus staidrimh atá i bhfeidhm faoi láthair i gCónaidhm na Rúise a léiriú. Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinní I agus III a leasú dá réir.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Adhmad arna bhunú le Cinneadh 2012/105/AE,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 498/2012 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Ina theannta sin, beidh feidhm ag an sainmhíniú seo a leanas: ciallaíonn ‘grúpa táirgí’ an dá chatagóir táirgí cumhdaithe de réir aicmiú na dtáirgí sin faoin ainmníocht taraife agus staidrimh a chuirtear i bhfeidhm i gCónaidhm na Rúise, eadhon sprús agus péine. Tá na cóid ábhartha taraife a chuirtear i bhfeidhm i gCónaidhm na Rúise agus cóid chomhfhreagracha na hAinmníochta Comhcheangailte (*1) (‘AC’) agus TARIC i gceangal mar Iarscríbhinn I.”

(*1)  Tagann siad faoi láthair faoi réir Rialachán (AE) 2019/1776 ón gCoimisiún (IO L 280, 31.10.2019, lch. 1)."

(2)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Ríomhfaidh an Coimisiún, gach bliain, uasteorainneacha is infheidhme maidir le gach allmhaireoir traidisiúnta le haghaidh na chéad tréimhse cuóta eile i gcomhréir leis an modh a bhunaítear in Airteagal 6(2). I dtaca leis an uasteorainn ríofa d’allmhaireoir traidisiúnta do ghrúpa táirgí ar leith, más faoi bhun uasmhéid 1,5 % den taraif-chuóta a deonaíodh d’allmhaireoirí nua i gcomhréir le hAirteagal 4(3) í, bunófar uasteorainn an allmhaireora thraidisiúnta lena mbaineann ar leibhéal 1,5 % den taraif-chuóta don ghrúpa táirgí lena mbaineann.”;

(3)

Cuirtear an téacs atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I;

(4)

Cuirtear an téacs atá in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn III.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Eanáir 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 57, 29.2.2012, lch. 1.

(2)  IO L 57, 29.2.2012, lch. 3.

(3)  IO L 57, 29.2.2012, lch. 5.

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 498/2012 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2012 maidir le leithdháileadh cuótaí rátaí taraife a bhfuil feidhm acu maidir le honnmhairithe adhmaid ó Chónaidhm na Rúise chun an Aontais Eorpaigh (IO L 152, 13.6.2012, lch. 28).


IARSCRÍBHINN I

“IARSCRÍBHINN I

Cóid ábhartha taraife a bhfuil feidhm acu i gCónaidhm na Rúise agus cóid AC agus TARIC chomhfhreagracha dá dtagraítear in Airteagal 2

 

Cód AC

Cód TARIC

Cód Taraife na Rúise

Tuairisc iomlán

1.

ex 4403 23 10

10

4403 23 110 0

Adhmad sprúis de chineál Picea abies Karst. nó giúise gile (abies alba Mill.), nach lú ná 15 cm ach nach mó ná 24 cm a thrastomhas, atá 1,0 m, ar a laghad, ar fad

ex 4403 23 90

10

4403 23 190 0

2.

ex 4403 23 10

10

4403 23 110 0

Adhmad sprúis de chineál Picea abies Karst. nó giúise gile (Abies alba Mill.), nach lú ná 24 cm a thrastomhas, atá 1,0 m, ar a laghad, ar fad

ex 4403 23 90

10

4403 23 190 0

3.

ex 4403 24 00

10

4403 24 100 0

Adhmad sprúis de chineál Picea abies Karst. Nó giúise gile (Abies alba Mill.) neamhchóirithe, bíodh coirt nó sú-adhmad bainte de nó ná bíodh, nó bíodh sé cearnaithe go garbh nó ná bíodh, nach lú ná 15 cm a thrastomhas

4.

ex 4403 24 00

10

4403 24 100 0

Adhmad eile sprúis de chineál Picea abies Karst. nó giúise gile (Abies alba Mill.)

5.

ex 4403 21 10

10

4403 21 110 0

Adhmad péine de chineál Pinus sylvestris L., nach lú ná 15 cm ach nach mó ná 24 cm a thrastomhas, atá 1,0 m, ar a laghad, ar fad

ex 4403 21 90

10

4403 21 190 0

6.

ex 4403 21 10

10

4403 21 110 0

Adhmad péine de chineál Pinus sylvestris L., gur mó ná 24 cm a thrastomhas, atá 1,0 m, ar a laghad, ar fad

ex 4403 21 90

10

4403 21 190 0

7.

ex 4403 22 00

10

4403 22 100 0

Adhmad péine de chineál Pinus sylvestris L., (neamhchóirithe, bíodh coirt nó sú-adhmad bainte de nó ná bíodh, nó bíodh sé cearnaithe go garbh nó ná bíodh) gur lú ná 15 cm a thrastomhas

8.

ex 4403 22 00

10

4403 22 100 0

Adhmad eile péine de chineál Pinus sylvestris L.


IARSCRÍBHINN II

“IARSCRÍBHINN III

Comhéifeachtaí ceartúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2)

Cód Taraife na Rúise

Comhéifeacht cheartúcháin

4403231100

4403231900

4403241000

0,88

4403211100

4403211900

4403221000

0,87