|
27.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 342/48 |
TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2021/1717 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Iúil 2021
lena leasaítear Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hainmniúcháin áirithe catagóirí feithiclí a thabhairt cothrom le dáta agus a bhaineann le eCall a chur le liosta na n-ítimí tástála, na modhanna, na gcúiseanna le teip agus measúnú ar easnaimh in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta do mhótarfheithiclí agus dá leantóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/40/CE (1) agus go háirithe Airteagal 17 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá feidhm ag Treoir 2014/45/AE maidir le feithiclí ag a bhfuil luas dearaidh is mó ná 25 km/h sna catagóirí a liostaítear in Airteagal 2(1) den Treoir sin. Cinntear na catagóirí sin trí thagairt a dhéanamh do Threoracha 2002/24/CE (2), 2003/37/CE (3) agus 2007/46/CE (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
(2) |
Rinneadh Treoracha 2002/24/CE, 2003/37/CE agus 2007/46/CE a aisghairm, faoi seach, le Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 (5), (AE) Uimh. 167/2013 (6) agus (AE) 2018/858 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
(3) |
I bhfianaise na n-athruithe ar ainmniúcháin catagóirí feithiclí a thagann as aisghairm Threoracha 2002/24/CE agus 2003/37/CE, ba cheart ainmniúcháin catagóirí feithiclí áirithe dá dtagraítear i dTreoir 2014/45/CE a oiriúnú. Ní dhéanann na hathruithe sin difear do raon feidhme ná do mhinicíocht na tástála. |
|
(4) |
Le Rialachán (AE) 2015/758 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), leagtar síos oibleagáid maidir le cineálacha áirithe feithiclí atá le feistiú le córas buansuiteáilte eCall infheithicle atá bunaithe ar 112, le héifeacht ón 31 Márta 2018. |
|
(5) |
Éilíonn an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112, mar chóras éigeandála, an leibhéal iontaofachta is airde agus is féidir. Ba cheart beachtas an tacair íosta sonraí agus beachtas an tarchuir gutha, agus an cháilíocht, a áirithiú, agus ba cheart córas tástála aonfhoirmeach a fhorbairt chun fadmharthanacht agus buanfas an chórais eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a áirithiú. Ba cheart, dá bhrí sin, tástálacha ródacmhainneachta tréimhsiúla ar eCall a dhéanamh go rialta i gcomhréir le Treoir 2014/45/AE. Ba cheart pointe nua a bhaineann le tástáil den sórt sin a chur isteach i dTábla 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. |
|
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2014/45/AE a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Treoir 2014/45/AE mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(2) |
leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
|
(3) |
leasaítear Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinní III i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo. |
Airteagal 2
Trasuí
1. Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 27 Meán Fómhair 2022 ar a dhéanaí, na dlíthe, na rialacháin agus na bearta riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad i bhfeidhm na bearta is gá chun Airteagal 1 agus pointe (2) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo a chomhlíonadh ón 27 Meán Fómhair 2022.
Cuirfidh siad i bhfeidhm na bearta is gá chun pointe 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo a chomhlíonadh ón 20 Bealtaine 2023 ar a dhéanaí.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Iúil 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) Treoir 2009/40/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le tástálacha ródacmhainneachta do mhótarfheithiclí agus dá leantóirí (IO L 141, 6.6.2009, lch. 12 ).
(2) Treoir 2002/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Márta 2002 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí dhá roth nó trí roth agus lena n-aisghairtear Treoir 92/61/CEE ón gComhairle (IO L 124, 9.5.2002, lch. 1).
(3) Treoir 2003/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le cineálcheadú tarracóirí talmhaíochta nó tarracóirí foraoiseachta, na leantóirí a ghabhann leo, mar aon le hinnealra idirmhalartaithe ar tarraingt agus a gcórais, lena gcomhpháirteanna agus lena n-aonaid theicniúla leithleacha agus lena n-aisghairtear Treoir 74/150/CEE (IO L 171, 9.7.2003, lch. 1).
(4) Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 maidir le creat a bhunú chun mótarfheithiclí agus a leantóirí a fhormheas, mar aon le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh a ceapadh le haghaidh feithiclí den sórt sin (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le formheas agus faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1)
(8) Rialachán (AE) 2015/758 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le ceanglais chineálcheadaithe chun an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar an tseirbhís 112 a chur in úsáid agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 77).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní I agus III mar a leanas:
|
(1) |
i bpointe 3 d’Iarscríbhinn I, cuirtear an pointe seo a leanas le roinn 7:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(2) |
in Iarscríbhinn III, leasaítear pointe 4 de Thábla I mar a leanas:
|