20.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 258/1


TREOIR (AE) 2021/1187 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Iúil 2021

maidir le bearta cuíchóirithe chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair a chur i gcrích (TEN-T)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leagtar amach creat coiteann maidir le gréasáin úrscothacha idir-inoibritheacha a chruthú san Aontas, le freastal ar a saoránaigh, agus é mar chuspóir acu comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach an Aontais a neartú agus rannchuidiú le limistéar iompair agus soghluaisteachta Eorpach aonair a bhunú, agus ar an gcaoi sin an margadh inmheánach a neartú. Struchtúr dhá shraith atá sa ghréasán thras-Eorpach iompair (TEN-T), lena cuimsítear gréasán cuimsitheach agus croíghréasán. Leis an ngréasán cuimsitheach, áirítear nascacht na réigiún uile san Aontas agus is éard atá sa chroíghréasán na gnéithe sin den ghréasán cuimsitheach ar mó a dtábhacht straitéiseach don Aontas. Le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, leagtar amach spriocanna ceangailteacha, maidir leis an gcroíghréasán a thabhairt chun críche faoi 2030 agus an gréasán cuimsitheach a thabhairt chun críche faoi 2050, go háirithe trí thosaíocht a thabhairt do naisc thrasteorann, trí idir-inoibritheacht a fheabhsú, agus trí rannchuidiú le comhtháthú ilmhódach bhonneagar iompair an Aontais.

(2)

D’ainneoin an ghá atá ann an TEN-T a thabhairt chun críche agus na hamlínte ceangailteacha a bhaineann leis sin, is léir ón taithí a fuarthas roimhe seo, i gcás a lán infheistíochtaí arb é is aidhm leo TEN-T a thabhairt chun críche, go mbíonn nósanna imeachta iomadúla, éagsúla agus casta um dheonú ceadanna le sárú acu, nósanna imeachta soláthar trasteorann agus nósanna imeachta eile. Leis sin, bíonn an baol ann nach gcuirtear tionscadail chun feidhme in am trátha agus, i gcuid mhaith cásanna, bíonn moilleanna suntasacha agus ardú costais ann dá bharr sin. Ina theannta sin, d’fhéadfadh éiginnteacht a bheith ann do thionscnóirí tionscadail agus d’infheisteoirí príobháideacha ionchasacha agus d’fhéadfadh sé, i gcásanna áirithe, nach gcuirfí tionscadail i gcrích mar a bhí beartaithe ar dtús. Is é is aidhm don Treoir seo aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin agus TEN-T a thabhairt i gcrích ar bhealach sioncronaithe tráthúil trí ghníomhaíocht chomhchuibhithe ar leibhéal an Aontais. Agus a bpleananna agus a gcláir náisiúnta á ndréachtú acu, ba cheart do na Ballstáit forbairt TEN-T a chur san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 49(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013.

(3)

Ba cheart go gcumhdófaí leis an Treoir seo nósanna imeachta a bhaineann le tionscadail, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol. Mar sin féin, níor cheart gur dhochar an Treoir seo do phleanáil uirbeach nó pleanáil úsáide talún, do nósanna imeachta a bhaineann le sholáthairtí poiblí a dhámhachtain, agus do na céimeanna a dhéantar ar an leibhéal straitéiseach nach mbaineann le tionscadail, amhail measúnuithe straitéiseacha comhshaoil, pleanáil bhuiséadach phoiblí chomh maith le pleananna iompair náisiúnta nó réigiúnacha. Chun éifeachtúlacht na nósanna imeachta um dheonú ceadanna a mhéadú agus chun doiciméadacht tionscadail ar ardchaighdeán a áirithiú, ba cheart do thionscnóirí tionscadail an obair ullmhúcháin a dhéanamh amhail réamhstaidéir agus réamhthuarascálacha sula gcuirfear tús leis an nós imeachta um dheonú ceadanna. Níor cheart an Treoir seo a bheith infheidhme maidir le nósanna imeachta os comhair údarás achomhairc riaracháin, os comhair cúirte nó os comhair binse.

(4)

Ba cheart an Treoir seo a bheith infheidhme maidir le tionscadail ar cuid de chodanna réamh-shainaitheanta an chroíghréasáin iad a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo agus maidir le tionscadail eile ar chonairí an chroíghréasáin ar mó ná EUR 300 000 000 a gcostas iomlán. Is minic a bhíonn tábhacht straitéiseach ag baint le tionscadail ar mó ná sin an costas a bhaineann leo, i ndáil le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a bhaint amach agus cuidíonn siad le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 a bhaint amach. Sainaithnítear conairí an chroíghréasáin trí na hailínithe atá i Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus léarscáileanna an chroíghréasáin atá i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013. Is é córas idirghníomhach faisnéise geografaí agus teicniúla do TEN-T (TENtec) bonn teicniúil na léarscáileanna sin, córas ina bhfuil sonraí níos mine i dtaobh bhonneagar an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair.

(5)

Tionscadail a bhaineann go heisiach le feidhmchláir theileamaitice, le teicneolaíochtaí nua agus leis an nuálaíocht, ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme an Chinnidh seo os rud é nach bhfuil a n-úsáid teoranta don chroíghréasán.

(6)

Féadfaidh na Ballstáit, áfach, an Treoir seo a chur i bhfeidhm maidir le tionscadail eile a bhaineann leis an gcroíghréasán agus leis an ngréasán cuimsitheach, lena n-áirítear tionscadail a bhaineann go heisiach le feidhmchláir theileamaitice, le teicneolaíochtaí nua agus le nuálaíocht, chun cur chuige comhchuibhithe a bhaint amach do thionscadail bonneagair iompair. Trí liostaí de thionscadail aonair a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo a fhoilsiú ag údaráis náisiúnta, d’fhéadfaí go méadófaí trédhearcacht do thionscnóirí tionscadail maidir le hoibreacha atá idir lámha agus oibreacha a dhéanfar amach anseo trasna an TEN-T.

(7)

I bhfianaise na measúnuithe éagsúla comhshaoil dá bhforáiltear i ndlí ábhartha an Aontais agus sa dlí ábhartha náisiúnta ar measúnaithe iad atá riachtanach do dheonú ceadanna i gcás tionscadail a bhaineann leis an gcroíghréasán, ba cheart do na Ballstáit nós imeachta simplithe a chur ar bun, i gcás inarb indéanta agus iomchuí sin, lena gcomhlíonfaí ceanglais dhlí sin an Aontais agus an dlí náisiúnta sin chun cuidiú leis na cuspóirí a leagtar amach sa Treoir seo a bhaint amach, arb é is aidhm dóibh an cuíchóiriú a dhéantar ar bhearta a mhéadú.

(8)

Ba cheart tosaíocht a thabhairt do thionscadail a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, i gcás inarb ábhartha. Féadfar a áireamh sa tosaíocht sin amlínte níos giorra, nósanna imeachta comhuaineacha nó tréimhsí ama teoranta le haghaidh achomharc agus é á áirithiú, ag an am céanna, go mbaintear amach cuspóirí na mbeartas cothrománach eile, amhail beartais chomhshaoil arb é is aidhm dóibh éifeachtaí díobhálacha ar an gcomhshaol a sheachaint, a chosc, a laghdú nó a fhritháireamh, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta. Faoi chuimsiú an chreata dhlíthiúil i gcuid mhaith de na Ballstáit, tugtar tosaíocht do chatagóirí áirithe tionscadal ar bhonn a dtábhachta straitéisí don gheilleagar. I gcás ina bhfuil tosaíocht den sórt sin á tabhairt laistigh de chreat dlíthiúil náisiúnta, ba cheart feidhm a bheith aige go huathoibríoch maidir le tionscadail a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo. Mar sin féin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit nósanna imeachta sonracha um dheonú ceadanna a thástáil i gcás líon teoranta tionscadal chun meastóireacht a dhéanamh an bhféadfaí iad a chur i bhfeidhm i gcás tionscadal eile freisin. Le linn na tréimhse tástála seo, níor cheart é a bheith d’oibleagáid ar an mBallstát lena mbaineann nósanna imeachta tástála den sórt sin a chur i bhfeidhm maidir le tionscadail eile a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.

(9)

Chun bheith in ann bainistiú soiléir a dhéanamh ar an nós imeachta foriomlán agus chun pointe iontrála a sholáthar do thionscnóirí tionscadail, ba cheart tacú le tionscadail ar chonairí an chroíghréasáin le nósanna imeachta éifeachtúla um dheonú ceadanna. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a ainmniú ag brath ar a gcreataí dlíthiúla náisiúnta agus a gcórais riaracháin agus na cineálacha tionscadal lena mbaineann. I gcás ina n-ainmneoidh Ballstát údaráis éagsúla, ba cheart dó a áirithiú nach n-ainmneofar ach an t-aon údarás amháin i gcás tionscadail ar leith agus i gcás nós imeachta ar leith um dheonú ceadanna.

(10)

Le hainmniú údaráis a fheidhmíonn mar phointe teagmhála don tionscnóir tionscadail, ba cheart go laghdófaí castacht na nósanna imeachta, go bhfeabhsófaí éifeachtúlacht agus go méadófaí trédhearcacht na nósanna imeachta. Ina theannta sin, i gcás inarb iomchuí, ba cheart go bhfeabhsódh sé an comhar idir na Ballstáit. Ba cheart fíorchomhar idir tionscnóirí tionscadail agus an t-údarás ainmnithe a chur chun cinn leis na nósanna imeachta.

(11)

Cúraimí a bhaineann le comhordú agus údarú a dhéanamh, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, ar thionscadail shonracha maidir le bonneagar a atógáil ar an gcroíghréasán i gcás tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine, féadfar na cúraimí sin, inter alia, a chur ar iontaoibh an údaráis ainmnithe.

(12)

Ba cheart nár dhochar an nós imeachta dá bhforáiltear sa Treoir seo do chomhlíonadh cheanglais an dhlí idirnáisiúnta agus dhlí an Aontais, lena n-áirítear ceanglais chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint. Níor cheart caighdeáin níos ísle, ar caighdeáin iad atá beartaithe chun éifeachtaí díobhálacha ar an gcomhshaol a sheachaint, a chosc, a laghdú nó a fhritháireamh, a bheith mar thoradh ar an Treoir seo.

(13)

I bhfianaise na práinne a bhaineann le tabhairt chun críche an chroíghréasáin, ba cheart teorainn ama a bheith ag gabháil leis an simpliú ar na nósanna imeachta um dheonú ceadanna, i gcás nósanna imeachta lena ndírítear ar chinneadh údarúcháin a ghlacadh chun an bonneagar iompair a thógáil. Ba cheart don teorainn ama sin láimhseáil níos éifeachtúla ar nósanna imeachta a spreagadh, agus níor cheart di, ar chúinse ar bith, an bonn a bhaint d’ardchaighdeáin an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil agus rannpháirtíocht phoiblí. Ba cheart a bheith in ann síneadh a chur leis an teorainn ama do na nósanna imeachta um dheonú ceadanna i gcásanna cuí-réasúnaithe, lena n-áirítear nuair a thagann imthosca nárbh fhéidir a thuar chun cinn nó i gcás inar gá chun an comhshaol a chosaint. D’fhéadfaí an síneadh sin a shloinneadh, mar shampla, mar thréimhse ama nó, a léiriú trí thagairt do dháta, nó mar imeacht áirithe eile a bheidh ann amach anseo. Níor cheart a áireamh sa teorainn ama sínithe sin, go háirithe an t-am is gá chun nósanna imeachta riaracháin nó achomhairc bhreithiúnaigh ná an t-am is gá chun leigheasanna breithiúnacha a lorg roimh chúirt ná bhinse. Níor cheart freagracht a leagan ar na Ballstáit i gcás nár comhlíonadh an teorainn ama sin más é tionscnóir an tionscadail is cúis leis an moill, mar shampla i gcás nár chomhlíon tionscnóir an tionscadail leis na teorainneacha ama a leagtar amach sa dlí náisiúnta nó leis na teorainneacha ama táscacha atá leagtha síos ag an údarás ainmnithe nó i gcás inar ghníomhaigh tionscnóir an tionscadail le moill mhíchuí.

(14)

Ba cheart do na Ballstáit gach iarracht a dhéanamh lena áirithiú go ndéileálfar ar an mbealach is éifeachtúla is féidir le hachomhairc lena ndéantar dlíthiúlacht shubstainteach nó dlíthiúlacht ghnásúil cinnidh údarúcháin a agóid.

(15)

Beidh dúshláin ar leith ag baint le tionscadail bhonneagair TEN-T a bhaineann le dhá Bhallstát nó níos mó a mhéid a bhaineann le comhordú na nósanna imeachta um dheonú ceadanna. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis ainmnithe na mBallstát lena mbaineann comhoibriú chun a gcuid amchlár a chomhordú agus chun sceideal comhpháirteach a bhunú maidir leis an nós imeachta um dheonú ceadanna, a mhéid atá comhordú a gcuid amchláir agus bunú an sceidil chomhpháirtigh den sórt sin indéanta agus iomchuí i bhfianaise staid ullmhachta nó aibíochta an tionscadail, rud atá ag brath go príomha ar thionscnóir an tionscadail, go háirithe an dáta ar thug an tionscnóir tionscadail fógra faoin tionscadal d’údarás ainmnithe gach ceann de na Ballstáit sin.

(16)

Ba cheart na Comhordaitheoirí Eorpacha arna n-ainmniú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 a chur ar an eolas faoi na nósanna imeachta ábhartha le gur fusa a bheidh sé iad a shioncrónú agus a thabhairt chun críche i bhfianaise chur chun feidhme tráthúil an chroíghréasáin faoi 2030.

(17)

I gcás ina leathnaítear TEN-T chuig tríú tíortha, i gcomhréir leis na léarscáileanna táscacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, ba cheart a iarraidh ar na tríú tíortha sin, i gcás inarb ábhartha, rialacha atá comhchosúil leis na rialacha dá bhforáiltear sa Treoir seo a chur i bhfeidhm.

(18)

Ba cheart soláthar poiblí i dtionscadail trasteorann a dhéanamh i gcomhréir leis na Conarthaí agus, i gcás inarb ábhartha, le Treoir 2014/24/AE (6) nó le Treoir 2014/25/AE (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Chun a áirithiú go ndéanfar tionscadail trasteorann an chroíghréasáin a thabhairt chun críche go héifeachtúil, ba cheart soláthar poiblí a dhéanann eintiteas comhpháirteach a bheith faoi réir reachtaíocht náisiúnta Ballstáit amháin. De mhaolú ar dhlí an Aontais maidir le soláthar poiblí, ba cheart, i bprionsabal, gur dlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag an eintiteas comhpháirteach an dlí náisiúnta is infheidhme. Ba cheart é a bheith fós indéanta an dlí náisiúnta is infheidhme a chinneadh trí bhíthin comhaontú idir-rialtasach. I gcás soláthar poiblí arna dhéanamh ag fochuideachta eintitis chomhpháirtigh, ba cheart don fhochuideachta sin an dlí náisiúnta de chuid ceann de na Ballstáit lena mbaineann a chur i bhfeidhm, a bhféadfadh gurb é an dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis an eintiteas comhpháirteach é. Ar chúiseanna a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart na straitéisí soláthair atá ann faoi láthair a bheith infheidhme i gcónaí maidir le heintiteas comhpháirteach a bunaíodh roimh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

(19)

Ní bhíonn baint chórasach ag an gCoimisiún le húdarú tionscadal aonair. I gcásanna áirithe, áfach, bíonn gnéithe áirithe d’ullmhú tionscadail faoi réir imréiteach ar leibhéal an Aontais. I gcás ina bhfuil an Coimisiún rannpháirteach sna nósanna imeachta, tabharfaidh sé tús áite do thionscadail de chuid an Aontais agus áiritheoidh sé cinnteacht do thionscnóirí tionscadail. I roinnt cásanna, d’fhéadfadh gá a bheith le formheas Státchabhrach. Gan dochar do na spriocamanna a leagtar síos sa Treoir seo agus i gcomhréir leis an gCód Dea-Chleachtas maidir le seoladh nósanna imeachta i dtaobh rialú Státchabhrach, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann iarraidh ar an gCoimisiún déileáil le tionscadail a bhaineann leis an gcroíghréasán a mheasann siad gur tosaíochtaí iad trí amlínte níos intuartha a chur i bhfeidhm faoi réir an chur chuige um punann cásanna nó faoin bpleanáil arna comhaontú go frithpháirteach.

(20)

Ba cheart tacú le cur chun feidhme tionscadail bhonneagair a bhaineann leis an gcroíghréasán freisin le treoirlínte ón gCoimisiún lena soláthraítear soiléireacht bhreise i dtaobh cur chun feidhme cineálacha áirithe tionscadal agus urraim á thabhairt d’acquis an Aontais an tráth céanna. Sa chomhthéacs sin, i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2017, dar teideal Action Plan for nature, people and the economy [Plean Gníomhaíochta maidir leis an dúlra, le daoine agus leis an ngeilleagar], tugtar treoir agus soiléireacht bhreise a mhéid a bhaineann leis an gcaoi a dhéantar Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (9) a chomhlíonadh. Chun a áirithiú go mbainfear an luach is fearr as airgead poiblí, ba cheart tacaíocht dhíreach a bhaineann le soláthar poiblí a chur ar fáil i leith tionscadail.

(21)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit féin cuspóir na Treorach seo, eadhon bearta a chuíchóiriú maidir le réadú TEN-T a chur chun cinn, a ghnóthú go leordhóthanach agus, toisc gur gá an creat maidir le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail TEN-T a neartú trí ghníomhaíocht chomhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(22)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le nósanna imeachta um dheonú ceadanna ar cuireadh tús leo roimh dháta thrasuí na Treorach seo,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na nósanna imeachta um dheonú ceadanna is gá chun cur chun feidhme an mhéid seo a leanas a údarú:

(a)

tionscadail atá mar chuid de na codanna réamhshainaitheanta den chroíghréasán mar a liostaítear san Iarscríbhinn;

(b)

tionscadail eile atá ar chonairí an chroíghréasáin, arna sainaithint de bhun Airteagal 44(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, ar mó a gcostas iomlán ná EUR 300 000 000,

cé is moite de thionscadail a bhaineann go heisiach le feidhmchláir theileamaitice, le teicneolaíochtaí nua agus le nuálaíocht de réir bhrí Airteagail 31 agus 33 den Rialachán sin.

Beidh feidhm ag an Treoir seo freisin maidir le soláthairtí poiblí i dtionscadail trasteorann a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.

2.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh an Treoir seo a chur i bhfeidhm maidir le tionscadail eile atá ar an gcroíghréasán agus ar an ngréasán cuimsitheach, lena n-áirítear tionscadail a bhaineann go heisiach le feidhmchláir theileamaitice, le teicneolaíochtaí nua agus le nuálaíocht dá dtagraítear i mír 1. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoina gcinneadh don Choimisiún.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “cinneadh údarúcháin” an cinneadh nó sraith cinntí, a d’fhéadfadh a bheith de chineál riaracháin, a dhéanann údarás nó údaráis de chuid Ballstáit, gan údaráis achomhairc riaracháin ná bhreithiúnacha a bheith san áireamh, ag an am céanna nó i ndiaidh a chéile, faoi chóras dlí náisiúnta agus faoi dhlí riaracháin náisiúnta lena gcinntear cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil tionscnóir i dteideal an tionscadal a chur chun feidhme sa limistéar geografach lena mbaineann, gan dochar d’aon chinneadh a ghlacfar i gcomhthéacs nós imeachta achomhairc riaracháin nó bhreithiúnaigh;

(2)

ciallaíonn “nós imeachta um dheonú ceadanna” aon nós imeachta nach mór a leanúint i ndáil le tionscadal aonair a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo chun an cinneadh údarúcháin a fháil de réir mar a cheanglaíonn údarás nó údaráis an Bhallstáit, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, cé is moite de phleanáil uirbeach nó úsáide talún, nósanna imeachta a bhaineann le soláthairtí poiblí a dhámhachtain, agus céimeanna a dhéantar ar an leibhéal straitéiseach nach dtagraíonn do thionscadal ar leith, amhail measúnú straitéiseach comhshaoil, pleanáil bhuiséadach phoiblí chomh maith le pleananna iompair náisiúnta nó réigiúnacha;

(3)

ciallaíonn “tionscadal” togra chun cuid shainithe den bhonneagar iompair a thógáil, a oiriúnú nó a mhodhnú, arb é is aidhm dó toilleadh, sábháilteacht agus éifeachtúlacht an bhonneagair sin a fheabhsú agus ar gá a chur chun feidhme a bheith formheasta trí bhíthin chinneadh údarúcháin;

(4)

ciallaíonn “tionscadal trasteorann” tionscadal lena gcumhdaítear cuid trasteorann idir dhá Bhallstát nó níos mó;

(5)

ciallaíonn “tionscnóir tionscadail” an t-iarratasóir ar údarú le haghaidh cur chun feidhme tionscadail nó an t-údarás poiblí a dhéanann tionscadal a thionscnamh;

(6)

ciallaíonn “údarás ainmnithe” an t-údarás arb é pointe teagmhála an tionscnóra tionscadail é agus a éascaíonn próiseáil éifeachtúil agus struchtúrtha nósanna imeachta um dheonú ceadanna i gcomhréir leis an Treoir seo;

(7)

ciallaíonn “comhúdarás” údarás a bhunaítear trí chomhaontú frithpháirteach idir dhá Bhallstát nó níos mó chun na nósanna imeachta um dheonú ceadanna a bhaineann le tionscadail trasteorann a éascú, lena n-áirítear comhúdaráis arna mbunú ag na húdaráis ainmnithe sin i gcás ina dtugann na Ballstáit de chumhacht do na húdaráis ainmnithe sin comhúdaráis a bhunú.

Airteagal 3

Stádas tosaíochta

1.   Féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis uile, lena n-áirítear an t-údarás ainmnithe, atá rannpháirteach sa nós imeachta um dheonú ceadanna, seachas cúirteanna agus binsí, tosaíocht a thabhairt do thionscadail a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.

2.   I gcás inarb ann do nósanna imeachta sonracha um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail tosaíochta faoin dlí náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit, gan dochar do chuspóirí, do cheanglais agus do theorainneacha ama na Treorach seo, go ndéileálfar le tionscadail a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo faoi na nósanna imeachta sin. Ní chuirfidh sé sin cosc ar na Ballstáit nósanna imeachta sonracha um dheonú ceadanna a thástáil le haghaidh líon teoranta tionscadal, chun meastóireacht a dhéanamh an bhféadfaí iad a leathnú chuig tionscadail eile, gan gá leis na nósanna imeachta sin a chur i bhfeidhm ar thionscadail a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.

3.   Ní dochar an t-Airteagal seo d’aon chinntí buiséadacha.

Airteagal 4

Údarás Ainmnithe

1.   Faoin 10 Lúnasa 2023, déanfaidh gach Ballstát na húdaráis a bheidh ag gníomhú mar údarás ainmnithe a ainmniú, agus an méid sin a dhéanamh ar an leibhéal riaracháin iomchuí.

2.   Féadfaidh Ballstát, i gcás inarb ábhartha, údaráis éagsúla a ainmniú mar an t-údarás ainmnithe ag brath ar an tionscadal nó ar an gcatagóir tionscadal, ar an modh iompair, nó ar an limistéar geografach. I gcás den chineál sin, áiritheoidh an Ballstáit nach n-ainmneofar ach an t-aon údarás amháin i gcás tionscadail ar leith agus i gcás nós imeachta ar leith um dheonú ceadanna.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun faisnéis atá ar fáil go héasca faoi chéannacht an údaráis ainmnithe maidir le thionscadal ar leith a thabhairt do thionscnóirí tionscadail.

4.   Féadfaidh na Ballstáit an chumhacht a thabhairt don údarás ainmnithe an cinneadh údarúcháin a ghlacadh.

I gcás ina mbeidh sé de chumhacht ag an údarás ainmnithe an cinneadh údarúcháin a ghlacadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, déanfaidh an t-údarás ainmnithe a fhíorú go bhfuarthas na ceadanna, na cinntí agus na barúlacha uile is gá chun an cinneadh údarúcháin a ghlacadh agus tabharfaidh sé fógra don tionscnóir tionscadail faoin gcinneadh údarúcháin.

5.   I gcás nach bhfuil an chumhacht ag an údarás ainmnithe an cinneadh údarúcháin a ghlacadh, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go dtabharfar fógra don tionscnóir tionscadail gur glacadh an cinneadh údarúcháin.

6.   Féadfaidh na Ballstáit an chumhacht a thabhairt don údarás ainmnithe teorainneacha ama táscacha a bhunú do chéimeanna eatramhacha éagsúla an nós imeachta um dheonú ceadanna i gcomhréir le hAirteagal 5(1), gan dochar don teorainn ama 4 bliana dá dtagraítear sa mhír sin.

7.   Déanfaidh an t-údarás ainmnithe an méid seo a leanas:

(a)

beidh sé ina phointe teagmhála faisnéise don tionscnóir tionscadail agus d’údaráis ábhartha eile a bhfuil baint acu leis an nós imeachta as a dtagann an cinneadh údarúcháin le haghaidh tionscadal áirithe;

(b)

cuirfidh sé ar fáil don tionscnóir tionscadail, i gcás ina gceanglaítear air é a dhéanamh faoin dlí náisiúnta, cur síos mionsonraithe ar an iarratas dá dtagraítear in Airteagal 6(4), lena n-áirítear faisnéis faoi na teorainneacha ama táscacha a bhaineann leis na nósanna imeachta um dheonú ceadanna, i gcomhréir leis an teorainn ama 4 bliana dá dtagraítear in Airteagal 5(1);

(c)

formhaoirseacht a dhéanamh ar thráthchlár an nós imeachta um dheonú ceadanna, agus go háirithe taifead a dhéanamh ar aon síneadh leis an teorainn ama dá dtagraítear in Airteagal 5(4);

(d)

treoir a thabhairt, arna iarraidh sin, don tionscnóir tionscadail maidir leis an bhfaisnéis agus na doiciméid uile ábhartha a chur isteach, lena n-áirítear na ceadanna, cinntí agus barúlacha nach mór a fháil agus a sholáthar don chinneadh údarúcháin.

Féadfaidh an t-údarás ainmnithe treoir a thabhairt don tionscnóir tionscadail freisin maidir le cibé faisnéis bhreise agus/nó doiciméid bhreise ba cheart a sheachadadh i gcás inar diúltaíodh don fhógra dá dtagraítear in Airteagal 6(1).

8.   Ní dochar mír 7 d’inniúlacht aon údarás eile a bhfuil baint acu leis an nós imeachta um dheonú ceadanna agus don deis atá ag an tionscnóir tionscadail dul i dteagmháil leis na húdaráis aonair le haghaidh na ceadanna, cinntí nó tuairimí sonracha ar cuid iad den chinneadh údarúcháin.

Airteagal 5

Ré tréimhse an nós imeachta um dheonú ceadanna

1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil do nós imeachta um dheonú ceadanna, lena n-áirítear na spriocamanna don nós imeachta sin, nach mairfidh níos mó ná 4 bliana ó thús an nós imeachta um dheonú ceadanna. Féadfaidh na Ballstáit bearta is gá a ghlacadh chun an tréimhse atá ar fáil a mhiondealú i gcéimeanna éagsúla i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta.

2.   Ní dochar an tréimhse 4 bliana dá dtagraítear i mír 1 d’oibleagáidí a eascraíonn as an dlí idirnáisiúnta agus as dlí de chuid an Aontais agus ní áireofar inti tréimhsí is gá chun tabhairt faoi nósanna imeachta achomhairc riaracháin agus breithiúnacha agus leigheasanna breithiúnacha a lorg os comhair cúirte nó binse, chomh maith le haon tréimhse is gá chun aon chinntí nó leighseanna a thagann astu a chur i bhfeidhm.

3.   Ní dochar an tréimhse 4 bliana dá dtagraítear i mír 1 do cheart Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta um dheonú ceadanna a thabhairt chun críche trí ghníomh sonrach reachtaíochta náisiúnta a ghlacadh, agus sa chás sin, d’fhéadfadh nós imeachta ghlacadh an ghnímh sin, de mhaolú ar mhír 1, dul thar an tréimhse 4 bliana, ar choinníoll go dtabharfar an obair ullmhúcháin, a ghlacfar an gníomh reachtach náisiúnta ar a bonn, i gcrích laistigh den tréimhse sin. Measfar go dtiocfaidh deireadh leis an obair ullmhúcháin nuair a chuirfear an gníomh sonrach reachtaíochta náisiúnta isteach chuig an bparlaimint náisiúnta.

4.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, go bhféadfar síneadh iomchuí a dheonú ar an tréimhse 4 bliana dá dtagraítear i mír 1. Cinnfear ré an tsínidh ar bhonn gach cáis, beidh údar cuí leis agus beidh sé teoranta don chuspóir atá ann an nós imeachta um dheonú ceadanna a thabhairt chun críche agus an cinneadh údarúcháin a sholáthar. I gcás ina mbeidh síneadh den sórt sin deonaithe, cuirfear an tionscnóir tionscadail ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis an deonú sin. Féadfar síneadh breise a dheonú uair amháin, faoi na coinníollacha céanna.

5.   Ní mheasfar na Ballstáit a bheith freagrach i gcás nach gcomhlíontar an tréimhse 4 bliana dá dtagraítear i mír 1, arna síneadh i gcomhréir le mír 4, más é an tionscnóir tionscadail is cúis leis an moill a tabhaíodh.

Airteagal 6

An nós imeachta um dheonú ceadanna a eagrú

1.   Tabharfaidh an tionscnóir tionscadail fógra faoin tionscadal don údarás ainmnithe nó, i gcás inarb iomchuí, don chomhúdarás a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 7(2). Is é dáta fógartha an tionscadail ag an tionscnóir tionscadail dáta tosaigh an nós imeachta um dheonú ceadanna.

2.   Chun an measúnú ar aibíocht an tionscadail a éascú, féadfaidh na Ballstáit leibhéal mionsonraithe na faisnéise agus na ndoiciméad ábhartha atá le soláthar ag an tionscnóir tionscadail a shainiú agus fógra á thabhairt maidir le tionscadal aige. Mura bhfuil an tionscadal aibí, diúltófar don fhógra trí chinneadh a bhfuil údar cuí leis tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis an fógra a fháil.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhfaighidh tionscnóirí tionscadail faisnéis ghinearálta mar threoir maidir le fógra a thabhairt, a ndearnadh oiriúnú air, i gcás inarb ábhartha, de réir an mhodha iompair lena mbaineann, agus ina bhfuil faisnéis faoi na ceadanna, na cinntí agus na barúlacha riachtanacha a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun tionscadal a chur chun feidhme.

I gcás gach ceada, cinnidh nó barúla, áireofar an méid seo a leanas ar an bhfaisnéis sin:

(a)

faisnéis ghinearálta faoi raon feidhme ábhartha agus leibhéal mionsonraithe na faisnéise atá le cur isteach ag an tionscnóir tionscadail;

(b)

teorainneacha ama is infheidhme nó, mura bhfuil teorainneacha ama den sórt sin ann, teorainneacha ama táscacha; agus

(c)

sonraí na n-údarás agus na ngeallsealbhóirí a mbíonn baint acu de ghnáth le comhairliúcháin a bhaineann leis na ceadanna, na cinntí agus na tuairimí éagsúla.

Beidh rochtain éasca ag gach tionscnóir tionscadail ábhartha ar an bhfaisnéis sin, go háirithe trí thairseacha faisnéise leictreonacha nó fisiceacha.

4.   Chun tabhairt rathúil an fhógra a éascú, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar an údarás ainmnithe, arna iarraidh sin don tionscnóir tionscadail, go mbunóidh sé cur síos mionsonraithe ar an iarratas ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas atá curtha in oiriúint don tionscadal aonair:

(a)

na céimeanna aonair den nós imeachta agus na teorainneacha ama infheidhme nó, i gcás nach mbeidh aon teorainneacha ama den sórt sin ann, teorainneacha ama táscacha;

(b)

raon feidhme ábhartha agus leibhéal mionsonraithe na faisnéise atá le cur isteach ag an tionscnóir tionscadail;

(c)

liosta de na ceadanna, de na cinntí agus de na barúlacha riachtanacha atá le fáil ag an tionscnóir tionscadail le linn an nós imeachta um dheonú ceadanna, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta;

(d)

sonraí na n-údaráis agus na ngeallsealbhóirí a bheith rannpháirteach i ndáil leis na hoibleagáidí faoi seach, lena n-áirítear le linn chéim fhoirmiúil an chomhairliúcháin phoiblí.

5.   Beidh an cur síos mionsonraithe ar an iarratas bailí i rith an nós imeachta um dheonú ceadanna. Beidh údar cuí le haon leasú ar an gcur síos mionsonraithe ar an iarratas.

6.   Féadfaidh an t-údarás ainmnithe an fhaisnéis lena bhforlíontar na heilimintí dá dtagraítear i mír 4 a sholáthar don tionscnóir tionscadail, arna iarraidh sin.

7.   I gcás ina bhfuil comhad iomlán an iarratais tionscadail curtha isteach ag an tionscnóir tionscadail, glacfar an cinneadh údarúcháin laistigh den teorainn ama dá dtagraítear in Airteagal 5(1).

8.   Na húdaráis atá páirteach sa nós imeachta um dheonú ceadanna, cuirfidh siad in iúl don údarás ainmnithe gur eisíodh na ceadanna, na cinntí, na tuairimí nó an cinneadh údarúcháin is gá.

Airteagal 7

Comhordú ar nósanna imeachta trasteorann um dheonú ceadanna

1.   I gcás tionscadail a bhaineann le dhá Bhallstát nó níos mó, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreoidh údaráis ainmnithe na mBallstát sin lena chéile d’fhonn a n-amchláir a chomhordú agus sceideal comhpháirteach a chomhaontú maidir leis an nós imeachta um dheonú ceadanna.

2.   I gcás tionscadail trasteorann, féadfar comhúdarás a bhunú.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhfaighidh na Comhordaitheoirí Eorpacha a ainmneofar i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 faisnéis maidir leis na nósanna imeachta um dheonú ceadanna agus go bhféadfaidh na Comhordaitheoirí Eorpacha teagmhálacha a éascú idir na húdaráis ainmnithe i gcomhthéacs na nósanna imeachta um dheonú ceadanna do thionscadail a bhaineann le dhá Bhallstát nó níos mó.

4.   Déanfaidh na Ballstáit, mura gcloítear leis an teorainn ama dá dtagraítear in Airteagal 5(1), agus arna iarraidh sin, faisnéis a thabhairt do na Comhordaitheoirí Eorpacha lena mbaineann faoi na bearta a rinneadh nó atá beartaithe a dhéanamh chun cur i gcrích an nós imeachta um dheonú ceadanna a chumasú leis an moill is lú is féidir.

Airteagal 8

Soláthar poiblí i dtionscadail trasteorann

1.   I gcás ina bhfuil na nósanna imeachta soláthair á seoladh ag eintiteas comhpháirteach i dtionscadal trasteorann, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfidh an t-eintiteas comhpháirteach i bhfeidhm dlí náisiúnta Ballstáit amháin agus, de mhaolú ar Threoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE, is éard a bheidh sna forálacha sin na forálacha arna gcinneadh i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 39(5) de Threoir 2014/24/AE nó pointe (a) d’Airteagal 57(5) de Threoir 2014/25/AE, de réir mar is infheidhme, mura mbeidh comhaontú ann idir na Ballstáit rannpháirteacha lena bhforáiltear a mhalairt. Déanfar foráil i gcomhaontú den sórt sin, ar chaoi ar bith, go mbeidh feidhm ag dlí náisiúnta de chuid Ballstáit amháin le haghaidh nósanna imeachta soláthair arna seoladh ag eintiteas comhpháirteach.

2.   Maidir le soláthar poiblí arna seoladh ag fochuideachta eintitis chomhpháirtigh, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfidh an fhochuideachta dlí náisiúnta ceann de na Ballstáit i bhfeidhm. I ndáil leis an méid sin, féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann cinneadh a dhéanamh go gcuirfidh an fhochuideachta an dlí náisiúnta is infheidhme i bhfeidhm maidir leis an eintiteas comhpháirteach.

Airteagal 9

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le tionscadail ar cuireadh tús leis na nósanna imeachta um dheonú ceadanna ina leith roimh an 10 Lúnasa 2023.

2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 8 ach amháin maidir leis na conarthaí sin a ndearnadh an glao ar thairiscintí ina leith a sheoladh cheana nó, i gcás nach bhforáiltear do ghlao ar thairiscintí, inar chuir an t-údarás conarthach nó an t-eintiteas conarthach tús leis an nós imeachta um dheonú ceadanna, tar éis an 10 Lúnasa 2023.

3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 8 maidir le heintiteas comhpháirteach a cuireadh ar bun roimh an 9 Lúnasa 2021, i gcás nach leanfaidh nósanna imeachta soláthair an eintitis sin de bheith rialaithe ag an dlí is infheidhme maidir lena sholáthairtí ar an dáta sin.

Airteagal 10

Tuairisciú

1.   Den chéad uair faoin 10 Feabhra 2027 agus go tráthrialta ina dhiadh sin, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go tráthrialta maidir le cur chun feidhme agus na Treorach seo agus maidir lena torthaí.

2.   Bunófar an tuarascáil ar an bhfaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit gach 2 bhliain agus den chéad uair faoi 10 Lúnasa 2026 maidir le líon na nósanna imeachta um dheonú ceadanna a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, meánfhad na nósanna imeachta um dheonú ceadanna, líon na nósanna imeachta um dheonú ceadanna a sháraíonn an teorainn ama agus bunú aon chomhúdaráis le linn na tréimhse tuairiscithe.

Airteagal 11

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 10 Lúnasa 2023. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na modhanna maidir le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg, 7 Iúil 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 269.

(2)  IO C 168, 16.5.2019, lch. 91.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 (IO C 449, 23.12.2020, lch. 576) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 14 Meitheamh 2021 (IO C 273, 8.7.2021, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).

(6)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(7)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(8)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(9)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).


IARSCRÍBHINN

Codanna réamh-shainaitheanta nasc trasteorann agus naisc easnamhacha i gconairí an chroíghréasáin (dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(1))

“Conair an Atlantaigh” den chroíghréasán

Naisc thrasteorann

Évora – Merida

Iarnród

Vitoria-Gasteiz – San Sebastián – Bayonne – Bordeaux

Aveiro – Salamanca

Abhainn an Douro (Via Navegável do Douro)

Uiscebhealaí intíre

Naisc in easnamh

Línte idir-inoibritheachta Leithinis na hIbéire nach bhfuil ar leithead UIC

Iarnród

“Conair Mhuir Bhailt – Mhuir Aidriad” den chroíghréasán

Naisc thrasteorainn

Katowice/Opole – Ostrava – Brno

Katowice – Žilina

An Bhratasláiv – Vín

Graz – Maribor

An Veinéis – Trieste – Divača – Liúibleána

Iarnród

Katowice – Žilina

Brno – Vín

Bóthar

Naisc in easnamh

Gloggnitz – Mürzzuschlag: buntollán Semmering

Graz – Klagenfurt: Líne iarnróid agus tollán Koralm

Koper – Divača

Iarnród

“Conair na Meánmhara” den chroíghréasán

Naisc thrasteorann

Barcelona - Perpignan

Iarnród

Lyon – Torino: buntollán agus bealaí rochtana

Nice – Ventimiglia

An Veinéis – Trieste – Divaca – Liúibleána

Liúibleána - Ságrab

Ságrab – Búdaipeist

Búdaipeist – Miskolc – teorainn na hÚcráine

Lendava - Letenye

Bóthar

Vásárosnamény- Teorainn na hÚcráine

Naisc in easnamh

Almería – Murcia

Iarnród

Línte idir-inoibritheachta Leithinis na hIbéire nach bhfuil ar leithead UIC

Perpignan - Montpellier

Koper – Divača

Rijeka – Ságrab

Milano – Cremona- Mantova – Porto Levante/an Veinéis – Ravenna/Trieste

Uiscebhealaí intíre

“Conair na Mara Thuaidh – Mhuir Bhailt” den chroíghréasán

Naisc thrasteorann

Taillinn - Ríge - Kaunas - Vársá: líne lán-idir-inoibritheach ar leithead nua UIC le Rail Baltica

Iarnród

Świnoujście/Szczecin – Beirlín

Iarnród agus uiscebhealaí intíre

Conair “Via Baltica” EE-LV-LT-PL

Bóthar

Naisc in easnamh

Kaunas – Vilnias: cuid de líne lán-idir-inoibritheach ar leithead nua UIC le Rail Baltica

Iarnród

Vársá/Idzikowice – Poznań/Wrocław, lena n-áirítear naisc leis an Mol Iompair Lárnach atá beartaithe

Nord-Ostsee Kanal

Uiscebhealaí intíre

Beirlín – Magdeburg – Hannover; Canáil Mittelland; canáil iartharacha na Gearmáine

An Réin, Waal

Canáil Noordzee, IJssel, Canáil Twente

“Conair na Mara Thuaidh – na Meánmhara” den chroíghréasán

Naisc thrasteorann

An Bhruiséil - Lucsamburg - Strasbourg

Iarnród

Terneuzen - Gent

Uiscebhealaí intíre

Seine – Gréasán na Sceilte agus abhantracha gaolmhara na Séine, na Sceilte agus an Meuse

Conair na Réine-na Sceilte

Naisc in easnamh

Albertkanaal/Canáil Albert agus Kanaal Bocholt-Herentals

Uiscebhealaí intíre

“Conair an Oirthir – na Meánmhara Thoir” den chroíghréasán

Naisc thrasteorann

Dresden – Prág/Kolín

Iarnród

Vín/An Bhratasláiv – Búdaipeist

Békéscsaba – Arad – Timişoara

Craiova – Calafat – Vidin – Sóifia – Thessaloniki

Sóifia – teorainn Phoblacht na Seirbia/teorainn na Macadóine

Teorainn na Tuirce– Alexandroúpoli

Teorainn na Macadóine – Thessaloniki

Ioannina – Kakavia (Teorainn na hAlbáine)

Bóthar

Drobeta Turnu Severin/Craiova – Vidin – Montana

Sóifia – Teorainn Phoblacht na Seirbia

Hamburg – Dresden – Praha – Pardubice

Uiscebhealaí intíre

Naisc in easnamh

Igoumenitsa - Ioannina

Iarnród

Prág – Brno

Thessaloniki – Kavala – Alexandropouli

Timişoara – Craiova

“Conair na Réine – na nAlp” den chroíghréasán

Naisc thrasteorainn

Zevenaar - Emmerich - Oberhausen

Iarnród

Karlsruhe - Basel

Milano/Novara – teorainn na hEilvéise

Basel – Antuairp/Rotterdam - Amstardam

Uiscebhealaí intíre

Naisc in easnamh

Genova – Tortona/Novi Ligure

Iarnród

Zeebrugge – Gent

“Conair na Réine – na Danóibe” den chroíghréasán

Naisc thrasteorainn

München – Praha

Iarnród

Nürnberg – Plzeň

München - Mühldorf - Freilassing - Salzburg

Strasbourg – Kehl Appenweier

Hranice – Žilina

Košice – Teorainn na hÚcráine

Vín – An Bhratasláiv/Búdaipeist

An Bhratasláiv – Búdaipeist

Békéscsaba – Arad –Timișoara - teorainn Phoblacht na Seirbia

Búcairist – Giurgiu - Rousse

An Danóib (Kehlheim – Constanța/Midia/Sulina) agus abhantracha gaolmhara an Váh, an Sava agus an Tisza

Uiscebhealaí intíre

Zlín – Žilina

Bóthar

Timișoara – teorainn Phoblacht na Seirbia Bóthar

Naisc in easnamh

Stuttgart – Ulm

Iarnród

Salzburg – Linz

Craiova – Búcairist

Arad - Sighişoara – Brașov - Predeal

“Conair Chríoch Lochlann – na Meánmhara” den chroíghréasán

Naisc thrasteorann

Teorainn na Rúise - Heilsincí

Iarnród

Cóbanhávan – Hamburg: bealaí rochtana chuig nasc seasta Chaolas Fehmarn

München – Wörgl – Innsbruck – Fortezza – Bolzano – Trento – Verona: buntollán Brenner agus bealaí rochtana chuige

Göteborg-Osló

Cóbanhávan – Hamburg: nasc seasta Chaolas Fehmarn

Iarnród/Bóthar