15.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 250/1


TREOIR (AE) 2021/1159 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Iúil 2021

lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le díolúintí ar allmhairithe agus ar sholáthairtí áirithe, mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis di an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Treoir 2006/112/CE ón gComhairle (3), tá díolmhú ó cháin bhreisluacha (CBL) le tabhairt ag na Ballstáit ar an allmhairiú earraí ag an Aontas Eorpach, ag an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, ag an mBanc Ceannais Eorpach nó ag an mBanc Eorpach Infheistíochta nó ag na comhlachtaí arna mbunú ag an Aontas Eorpach agus a bhfuil feidhm ag an bPrótacal (Uimh. 7) ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“an Prótacal”), maidir leo, laistigh de theorainneacha an Phrótacail agus de réir choinníollacha an Phrótacail agus na gcomhaontuithe chun é a chur chun feidhme nó de réir na gcomhaontuithe ceanncheathrún, a mhéid nach dtiocfaidh saobhadh ar an iomaíocht mar gheall air, agus tá díolmhú ó cháin bhreisluacha le tabhairt ag na Ballstáit ar an soláthar earraí nó seirbhísí do na hinstitiúidí nó na comhlachtaí sin. Tá an díolúine sin teoranta go docht do cheannacháin arna ndéanamh lena n-úsáid oifigiúil, áfach, agus níl feidhm aici maidir le cásanna ina gceannaíonn comhlachtaí an Aontais earraí agus seirbhísí mar fhreagairt ar an éigeandáil dar siocair paindéim COVID-19, go háirithe i gcás ina bhfuil siad le cur ar fáil in aisce do na Ballstáit nó do thríú páirtithe amhail údaráis náisiúnta nó institiúidí náisiúnta.

(2)

Dá bhrí sin, toisc go bhfuil géarghá fós ann le bearta a ghlacadh d’fhonn ullmhacht chun gníomhú a chruthú agus aghaidh á tabhairt ar an ngéarchéim shláintíoch leanúnach, ní mór a áirithiú go mbeidh díolúine CBL ann maidir le hearraí agus seirbhísí a bheith á gceannach ag an gCoimisiún nó ag gníomhaireacht nó comhlacht arna mbunú faoi dhlí an Aontais i bhfeidhmiú a gcúraimí, mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19. D’áiritheofaí leis sin nach gcuirfí isteach ar bhearta arna ndéanamh faoi thionscnaimh éagsúla an Aontais sa chás sin ag méideanna CBL nach féidir le hinstitiúidí an Aontais a aisghabháil, ná ag an ualach comhlíonta a eascraíonn as oibleagáidí chun clárú le haghaidh CBL.

(3)

Ní leor Treoir (AE) 2020/2020 ón gComhairle (4) chun an cuspóir a bhaint amach maidir leis an gcomhrac i gcoinne phaindéim COVID-19 a fheabhsú, ós rud é nach gceadaítear, ar feadh tréimhse theoranta ama, do na Ballstáit ach rátaí laghdaithe a chur i bhfeidhm ar sholáthar feistí leighis diagnóiseacha in vitro COVID-19 agus seirbhísí a bhfuil dlúthbhaint acu le feistí den sórt sin nó le deonú díolúine maille le hin-asbhainteacht CBL a íocadh ag an gcéim roimhe sin i ndáil le soláthar vacsaíní COVID-19 agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro, agus le seirbhísí a bhfuil dlúthbhaint acu leis na vacsaíní agus na feistí leighis sin.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2006/112/CE a leasú dá réir.

(5)

I bhfianaise phaindéim reatha COVID-19, tá na bearta a d’fhéadfaí a chumhdach faoin díolúine nua chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí phaindéim COVID-19 á ndéanamh cheana féin, mar shampla faoin Ionstraim Tacaíochta Éigeandála a bunaíodh le Rialachán (AE) 2020/521 ón gComhairle (5). Dá n-íocfaí CBL ar idirbhearta a bhaineann leis na bearta sin, chaillfí acmhainní luachmhara, rud a d’fhágfadh go gcuirfí níos lú earraí agus seirbhísí ar fáil do na Ballstáit le hais an mhéid cánach a bheadh le híoc. Chun an leas is fearr a bhaint as buiséad an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí tromchúiseacha phaindéim COVID-19, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ón 1 Eanáir 2021, dá bhrí sin, ag na díolúintí a thugtar isteach leis an Treoir seo. Tá cur i bhfeidhm cúlghabhálach den sórt sin fíor-riachtanach chun nach mbainfear a n-éifeacht de na bearta atá á ndéanamh chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí phaindéim COVID-19. Aon choigeartú is gá i ndáil le hidirbhearta a ngearrtar cáin orthu i dtosach, d’fhéadfaí é a dhéanamh trí úsáid a bhaint as sásraí ceartúcháin atá i bhfeidhm cheana féin, mar shampla trí thuairisceán CBL ina dhiaidh sin.

(6)

I bhfianaise na práinne atá leis an staid a bhaineann le paindéim COVID-19, ba cheart an Treoir seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2006/112/CE mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 143 mar a leanas:

(a)

i mír (1), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(fb)

allmhairiú earraí ag an gCoimisiún nó ag gníomhaireacht nó comhlacht arna bhunú faoi dhlí an Aontais i gcás ina n-allmhairíonn an Coimisiún nó gníomhaireacht nó comhlacht den sórt sin na hearraí sin i bhfeidhmiú cúraimí a thugtar dó le dlí an Aontais chun freagairt do phaindéim COVID-19, ach amháin i gcás ina n-úsáidtear na hearraí arna n-allmhairiú, láithreach nó ar dháta is déanaí ná sin, chun críoch soláthairtí ar aghaidh arna mbreithniú ag an gCoimisiún nó ag gníomhaireacht nó comhlacht den sórt sin;”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   Nuair a scoirfidh na coinníollacha don díolúine a leagtar síos i mír 1, pointe (fb), d’fheidhm a bheith acu, cuirfidh an Coimisiún nó an ghníomhaireacht nó an comhlacht lena mbaineann, an Ballstát inar cuireadh an díolúine i bhfeidhm ar an eolas, agus beidh allmhairiú na n-earraí sin faoi réir CBL faoi na coinníollacha is infheidhme ag an am.”;

(2)

leasaítear Airteagal 151 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

sa chéad fhomhír, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(ab)

soláthar earraí nó seirbhísí ag an gCoimisiún nó ag gníomhaireacht nó comhlacht arna bhunú faoi dhlí an Aontais i gcás ina gceannaíonn an Coimisiún nó gníomhaireacht nó comhlacht den sórt sin na hearraí nó na seirbhísí sin i bhfeidhmiú cúraimí a thugtar dó le dlí an Aontais mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, ach amháin i gcás ina n-úsáidtear na hearraí agus seirbhísí a cheannaítear, láithreach nó ar dháta is déanaí ná sin, chun críoch soláthairtí ar aghaidh arna mbreithniú ag an gCoimisiún nó ag gníomhaireacht nó comhlacht den sórt sin;”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Go dtí go nglacfar rialacha comhchoiteanna cánach, beidh na díolúintí dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, seachas an díolúine dá dtagraítear i bpointe (ab), faoi réir na dteorainneacha atá leagtha síos ag an mBallstát óstach.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   Nuair a scoirfidh na coinníollacha don díolúine a leagtar síos i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (ab), d’fheidhm a bheith acu, cuirfidh an Coimisiún nó an ghníomhaireacht nó an comhlacht ábhartha a fuair an díolúine i leith soláthair an Ballstát inar cuireadh an díolúine i bhfeidhm ar an eolas, agus beidh soláthar na n-earraí agus na seirbhísí sin faoi réir CBL faoi na coinníollacha is infheidhme ag an am.”.

Airteagal 2

Trasuí

Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialacháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2021. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Cuirfidh siad na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 1 i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021 amach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm ar dháta a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1 ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh sa Bhruiséil, 13 Iúil 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. ŠIRCELJ


(1)  Tuairim an 18 Bealtaine 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim an 27 Aibreán 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).

(4)  Treoir (AE) 2020/2020 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta sealadacha i ndáil le cáin bhreisluacha is infheidhme i leith soláthar vacsaíní COVID-19 agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 (IO L 419, 11.12.2020, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2020/521 ón gComhairle an 14 Aibreán 2020 lena ngníomhachtaítear an tacaíocht éigeandála faoi Rialachán (AE) 2016/369, agus lena leasaítear na forálacha lena mbaineann agus ráig COVID-19 á cur san áireamh (IO L 117, 15.4.2020, lch. 3).