6.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 115/1


TREOIR (AE) 2021/555 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Márta 2021

maidir le fáil agus seilbh arm a rialú

(códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Treoir 91/477/CEE ón gComhairle (3) a leasú go suntasach roinnt uaireanta (4). Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Le Treoir 91/477/CEE, bunaíodh beart tionlacain don mhargadh inmheánach. Chruthaigh sé cothromaíocht, ar lámh amháin, idir an gealltanas saorghluaiseacht áirithe a áirithiú i gcás roinnt arm tine agus comhpháirteanna bunriachtanacha díobh laistigh den Aontas, agus, ar an lámh eile, idir an gá leis an tsaorghluaiseacht sin a rialú trí ráthaíochtaí slándála atá oiriúnach do na táirgí sin a úsáid.

(3)

Is léir ón bhfianaise faisnéise póilíneachta go bhfuil méadú tagtha ar úsáid arm tiontaithe laistigh den Aontas. Tá sé bunriachtanach, dá bhrí sin, a áirithiú go n-áirítear airm thiontaithe den sórt sin sa sainmhíniú ar “arm tine” chun críocha na Treorach seo.

(4)

Ní hamháin go n-áirítear le gníomhaíochtaí déileálaí an mhonaraíocht ach freisin modhnú nó tiontú arm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlóin, amhail giorrú airm tine iomláin, as a dtiocfaidh athrú ar a gcatagóir nó ar a bhfochatagóir. Maidir le gníomhaíochtaí neamhthráchtála, ar gníomhaíochtaí príobháideacha amháin iad, amhail lámhlódáil agus athlódáil armlóin ó chomhpháirteanna armlóin dá n-úsáid féin, nó modhnú arm tine nó comhpháirteanna bunriachtanacha atá faoi úinéireacht an duine lena mbaineann, amhail athruithe ar an stoc nó ar an treoir, nó cothabháil chun dul i ngleic le caitheamh agus cuimilt comhpháirteanna bunriachtanacha, níor cheart a mheas gur gníomhaíochtaí iad nach gceadófaí ach do dhéileálaí iad a ghabháil de láimh.

(5)

Chun críocha na Treorach seo, ba cheart a chumhdach leis an sainmhíniú ar “bhróicéir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí, agus ba cheart a mheas go n-áirítear iasachtú agus léasú leis an téarma “soláthar”. Ós rud é go gcuireann bróicéirí seirbhísí ar fáil atá comhchosúil leis na seirbhísí a sholáthraíonn déileálaithe, ba cheart iad a chumhdach freisin leis an Treoir seo i leith oibleagáidí na ndéileáilithe atá ábhartha do ghníomhaíochtaí na mbróicéirí, a mhéid atá siad in ann na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh agus a mhéid nach gcomhlíonann déileálaí na hoibleagáidí sin maidir leis an idirbheart foluiteach céanna.

(6)

Tá sé úsáideach catagóirí arm tine a chinneadh ar cheart a bhfáil agus a sealbhú ag daoine príobháideacha a thoirmeasc nó ar cheart a bheith faoi réir údaraithe nó dearbhaithe.

(7)

Ba cheart, a mhéid is féidir, gur nós imeachta riaracháin aonair a bheadh sna húdaruithe maidir le fáil agus seilbh arm tine.

(8)

A fhad agus a fhaightear airm thine go dleathach agus a shealbhaítear i gcomhréir leis an Treoir seo iad, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha naisiúnta maidir le hiompar arm, fiach nó lámhach targaidí.

(9)

Ní dhéanann an Treoir seo difear do cheart na mBallstát bearta a dhéanamh chun trádáil neamhdhleathach arm a chosc.

(10)

Is gá go gcoinneoidh na Ballstáit ríomhchóras comhdúcháin sonraí, is é sin córas láraithe nó córas díláraithe, lena ráthaítear rochtain d’údaráis údaraithe ar na córais comhdúcháin sonraí ina dtaifeadtar an fhaisnéis riachtanach maidir le gach arm tine. Ní mór rochtain ag údaráis phóilíneachta, údaráis bhreithiúnacha agus údaráis údaraithe eile ar an bhfaisnéis atá sa ríomhchóras comhdúcháin sonraí a bheith faoi réir chomhlíonadh Airteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.

(11)

Chun inrianaitheacht na n-arm tine agus na gcomhpháirteanna bunriachtanacha go léir a mhéadú agus chun a saorghluaiseacht a éascú, ba cheart na hairm thine uile nó a gcomhpháirteanna bunriachtanacha uile a mharcáil le marcáil shoiléir, bhuan agus uathúil agus a chlárú i gcórais comhdúcháin sonraí na mBallstát.

(12)

Maidir leis na taifid a bheidh á gcoimeád sna córais comhdúcháin sonraí, is é ba cheart a bheith iontu an fhaisnéis go léir lena lamhálfar nasc a bheith idir arm tine agus a úinéir agus ba cheart dóibh ainm an mhonaróra nó an bhranda, tír nó áit an mhonaraithe, cineál, déanamh, samhail, calabra agus sraithuimhir an airm tine agus aon mharcáil uathúil a bheith curtha ar fhráma nó ar ghlacadóir an airm tine a thaifeadadh. Ba cheart comhpháirteanna bunriachtanacha seachas an fráma nó an glacadóir a thaifeadadh sna córais comhdúcháin sonraí faoi thaifead a bhaineann leis an arm tine ar faoi a bheidh siad feistithe.

(13)

Chun rianú arm a éascú, is gá cóid alfa-uimhriúla a úsáid agus an bhliain inar monaraíodh an t-arm a chur sa mharcáil, mura bhfuil an bhliain mar chuid den tsraithuimhir.

(14)

Chun cosc a chur ar mharcálacha a bheith á scriosadh go héasca agus chun soiléiriú a dhéanamh ar na comhpháirteanna bunriachtanacha ar cheart na marcálacha a ghreamú díobh, tá rialacha comhchoiteanna Aontais maidir leis an marcáil riachtanach. Níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha sin ach amháin maidir le hairm thine nó le comhpháirteanna bunriachtanacha arna monarú san Aontas nó arna n-allmhairiú isteach ann an 14 Meán Fómhair 2018 nó ina dhiaidh sin, nuair a chuirtear ar an margadh iad, agus, san am céanna, ba cheart airm thine agus páirteanna díobh a monaraíodh nó a allmhairíodh isteach san Aontas roimh an dáta sin leanúint de bheith cumhdaithe ag na ceanglais mharcála agus chlárúcháin faoi Threoir 91/477/CEE a bhí infheidhme go dtí an dáta sin.

(15)

De bharr chineál ar leith ghníomhaíochtaí na ndéileálaithe agus na mbróicéirí, tá sé riachtanach go ndéanfaidh na Ballstáit dianrialú ar ghníomhaíocht den sórt sin, go háirithe trí iontaofacht ghairmiúil agus cumais ghairmiúla na ndéileálaithe agus na mbróicéirí a fhíorú.

(16)

I bhfianaise chineál contúirteach agus bhuanfas na n-arm tine agus na gcomhpháirteanna bunriachtanacha, chun a áirithiú go bhfuil na húdaráis inniúla in ann airm thine agus comhpháirteanna bunriachtanacha a rianú chun críche imeachtaí riaracháin agus coiriúla, agus aird á tabhairt ar an dlí nós imeachta náisiúnta, tá sé riachtanach go ndéanfar na taifid sna córais comhdúcháin sonraí a choimeád ar feadh tréimhse 30 bliain i ndiaidh scriosadh na n-arm tine nó na gcomhpháirteanna riachtanacha lena mbaineann. Ba cheart gur ag na húdaráis inniúla amháin a bheadh rochtain ar na taifid sin agus ar na sonraí pearsanta gaolmhara uile agus níor cheart an rochtain sin a cheadú ach amháin ar feadh tréimhse suas le 10 mbliana i ndiaidh scriosadh an airm tine nó na gcomhpháirteanna bunriachtanacha lena mbaineann chun údaruithe a dheonú nó a tharraingt siar nó le haghaidh imeachtaí custaim, lena n-áirítear forchur féideartha pionós riaracháin, agus ar feadh tréimhse suas le 30 bliain i ndiaidh scriosadh an airm tine nó na gcomhpháirteanna bunriachtanacha lena mbaineann, i gcás inar gá an rochtain sin chun an dlí coiriúil a fhorfheidhmiú.

(17)

Tá sé tábhachtach faisnéis a chomhroinnt go héifeachtúil idir déileálaithe agus bróicéirí, ar lámh amháin, agus na húdaráis inniúla náisiúnta, ar an lámh eile, chun go n-oibreodh na córais comhdúcháin sonraí go héifeachtach. Ba cheart do dhéileálaithe agus do bhróicéirí, dá bhrí sin, faisnéis a sholáthar gan mhoill mhíchuí do na húdaráis inniúla náisiúnta. Chun an méid sin a éascú, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta meán nasc leictreonach a bhunú a bheidh inrochtana ag déileálaithe agus ag bróicéirí, inar féidir an fhaisnéis a chur isteach trí ríomhphost nó é a dhéanamh go díreach trí bhunachar sonraí nó trí chlárlann eile a áireamh.

(18)

Mar riail ghinearálta, ba cheart fáil arm tine ag daoine a ciontaíodh le breithiúnas críochnaitheach ó chúirt i gcionta coiriúla tromchúiseacha áirithe a thoirmeasc.

(19)

Ba cheart córas faireacháin a bheith i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a áirithiú go bhfuil na coinníollacha d’údarú arm tine á gcomhlíonadh le linn a ré. Ba cheart do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh an bhfuil tástáil mhíochaine nó shíceolaíoch roimh ré le baint a bheith aige leis an measúnú.

(20)

Gan dochar do dhlíthe náisiúnta lena dtugtar aghaidh ar an dliteanas gairmiúil, níor cheart a thoimhdiú leis an measúnú ar an bhfaisnéis mhíochaine nó shíceolaíoch ábhartha go sanntar aon dliteanas don ghairmí leighis nó do dhaoine eile a sholáthraíonn faisnéis den sórt sin i gcás ina mbaintear mí-úsáid as airm thine a shealbhaítear i gcomhréir leis an Treoir seo.

(21)

Ba cheart airm thine agus armlón a stóráil ar bhealach sábháilte nuair nach ndéantar iad a mhaoirsiú láithreach. Má stóráiltear ar bhealach eile seachas i dtaisceadán iad, ba cheart airm thine agus armlón a stóráil ar leithligh óna chéile. Nuair atá an t-arm tine agus an t-armlón le tabhairt ar láimh d’iompróir lena n-iompar, ba cheart an t-iompróir sin a bheith freagrach as an maoirsiú cuí agus as an stóráil chuí. Ba cheart na critéir maidir le stóráil chuí agus maidir le hiompar sábháilte a shainmhíniú sa dlí náisiúnta, agus líon agus catagóir na n-arm tine agus an armlóin lena mbaineann á gcur i gcuntas.

(22)

Níor cheart don Treoir seo difear a dhéanamh do rialacha na mBallstát a lamhálann idirbhearta dlíthiúla a bhfuil airm thine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón mar chuid díobh atá le socrú trí ordú poist, tríd an idirlíon nó trí chianchonarthaí de réir mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), mar shampla trí bhíthin catalóga ceant ar líne nó mionfhógraí, teileafóin nó ríomhphoist. Mar sin féin, tá sé bunriachtanach go bhféadfaí céannacht na bpáirtithe in idirbhearta den sórt sin agus a gcumas dlíthiúil idirbhearta den sórt sin a dhéanamh a sheiceáil agus go seiceálfar iarbhír céannachtaí na bpáirtithe in idirbhearta den sórt sin agus a gcumas dlíthiúil idirbhearta den sórt sin a dhéanamh. Maidir le ceannaitheoirí, is iomchuí dá bhrí sin a áirithiú go seiceálfaidh déileálaí nó bróicéir ceadúnaithe nó údaraithe, nó údarás poiblí nó ionadaí údaráis den sórt sin, a gcéannacht agus, i gcás inarb ábhartha, an fíoras go bhfuil siad údaraithe arm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha nó armlón a fháil, sula seachadfar é nó iad nó, ar a dhéanaí, ar é nó iad a sheachadadh.

(23)

Ba cheart rialacha dochta a leagan síos leis an Treoir seo do na hairm thine is contúirtí chun a áirithiú nach lamhálfar, seachas i roinnt eisceachtaí teoranta cuí-réasúnaithe, na hairm sin a fháil, a shealbhú nó a thrádáil. I gcás nach n-urramaítear na rialacha sin, ba cheart do na Ballstáit na bearta iomchuí uile a dhéanamh a bhféadfadh gaibhniú na n-arm tine sin a bheith ar áireamh iontu.

(24)

Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit, áfach, fáil agus seilbh arm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlóin a aicmítear i gcatagóir A a údarú, nuair is gá chun críoch oideachais, cultúrtha, lena n-áirítear scannáin agus an amharclann, taighde nó stairiúil. D’fhéadfaí, inter alia, armadóirí, promhthithe, monaróirí, saineolaithe creidiúnaithe, fóiréinseolaithe agus, i gcásanna áirithe, iad siúd atá rannpháirteach i dtaifeadtaí scannáin nó teilifíse a áireamh ar na daoine údaraithe sin. Chomh maith leis sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann daoine aonair a údarú chun airm thine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a aicmítear i gcatagóir A a fháil agus a shealbhú don chosaint naisiúnta, amhail i gcomhthéacs oiliúint mhíleata shaorálach dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta.

(25)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a roghnú údaruithe a dheonú do mhúsaeim agus bailitheoirí aitheanta chun airm thine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a aicmítear i gcatagóir A a fháil agus a shealbhú nuair is gá chun críoch stairiúil, cultúrtha, eolaíoch, teicniúil, oideachais nó oidhreachta, ar choinníoll go dtaispeánann músaeim agus bailitheoirí den sórt sin fianaise, sula ndeonófar údarú den sórt sin, go mbeidh na bearta riachtanacha déanta acu chun dul i ngleic le haon rioscaí don tslándáil phoiblí nó don ord poiblí, lena n-áirítear trí stóráil chuí. Le haon údarú den sórt sin, ba cheart an staid shonrach a chur i gcuntas agus a léiriú, lena n-airítear cineál agus cuspóirí an bhailiúcháin, agus ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh córas i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar bhailitheoirí agus ar bhailiúcháin.

(26)

Níor cheart cosc a chur ar dhéileálaithe agus ar bhróicéirí airm thine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a aicmítear i gcatagóir A a láimhseáil i gcásanna ina mbeidh fáil agus seilbh arm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlóin den sórt sin lamháilte go heisceachtúil, i gcás ina mbeidh a láimhseáil riachtanach chun críoch díghníomhachtaithe nó tiontaithe, nó i gcás ina gceadaítear sin ar shlí eile faoin Treoir seo. Níor cheart, ach an oiread, cosc a chur ar dhéileálaithe ná ar bhróicéirí airm thine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón den sórt sin a láimhseáil i gcásanna nach gcumhdaítear leis an Treoir seo, amhail airm thine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a bheidh le honnmhairiú lasmuigh den Aontas nó airm a bheidh le fáil ag na fórsaí armtha, na póilíní nó na húdaráis phoiblí.

(27)

Ba cheart do dhéileálaithe agus do bhróicéirí a bheith in ann diúltú aon idirbheart amhrasach a chur i gcrích chun urchair iomlána armlóin nó comhpháirteanna beophríméir armlóin a fháil. D’fhéadfaí a mheas go bhfuil idirbheart amhrasach más rud é, mar shampla, gur bhain cainníochtaí leis atá neamhchoitianta le haghaidh na húsáide príobháidí atá beartaithe, má dhealraíonn sé nach bhfuil cur amach ag an gceannaitheoir ar úsáid an armlóin nó má áitíonn an ceannaitheoir íoc in airgead tirim agus gan an té sin a bheith toilteanach cruthú ar a chéannacht nó a céannacht a sholáthar. Ba cheart do dhéileálaithe agus do bhróicéirí a bheith in ann freisin idirbhearta amhrasacha den sórt sin a thuairisciú do na húdaráis inniúla.

(28)

Is ard an riosca é go ndéanfar airm acústacha agus cineálacha eile arm lámhaigh caocha a thiontú ina bhfíorairm thine. Tá sé bunriachtanach, dá bhrí sin, aghaidh a thabhairt ar fhadhb na n-arm tine tiontaithe sin a bheith á n-úsáid i ndéanamh cionta coiriúla. Anuas air sin, chun go seachnófar an riosca go mbeidh airm rabhaidh agus chomhartha á monarú ar shlí a chumasaíonn iad a thiontú chun go bhféadfar urchar, piléar nó diúracán a dhíchur leo trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite, ba cheart don Choimisiún sonraíochtaí teicniúla a ghlacadh chun a áirithiú nach féidir iad a thiontú amhlaidh.

(29)

Agus an t-ardriosca atá ann airm thine nach bhfuil díghníomhachtaithe i gceart a athghníomhachtú á chur san áireamh agus chun an tslándáil ar fud an Aontais a fheabhsú, ba cheart airm thine den sórt sin a chuimsiú leis an Treoir seo. Leis an sainmhíniú ar “airm thine dhíghníomhachtaithe”, ba cheart léiriú a thabhairt ar na prionsabail ghinearálta a bhaineann le hairm thine a dhíghníomhachtú dá bhforáiltear leis an bPrótacal i gcoinne Monarú agus Gáinneáil Aindleathach Arm Tine, a bPáirteanna agus a gComhpháirteanna agus Armlón, a ghabhann le Cinneadh 2014/164/AE ón gComhairle (6), a dhéanann an Prótacal sin a thrasuí i gcreat dlí an Aontais.

(30)

Ba cheart an pas arm tine Eorpach a mheas mar an príomhdhoiciméad a bheidh ag teastáil ó lámhachóirí targaidí agus ó dhaoine eile a bheidh údaraithe i gcomhréir leis an Treoir seo i dtaca le harm tine a shealbhú agus iad ag taisteal chuig Ballstát eile. Níor cheart é a bheith mar choinníoll ag na Ballstáit táille nó muirear a íoc chun go nglacfaí le pas arm tine Eorpach.

(31)

Le forálacha na Treorach seo a bhaineann leis an bpas arm time Eorpach, ba cheart tagairt a dhéanamh freisin d’airm thine a aicmítear i gcatagóir A, gan dochar do cheart na mBallstát rogha a dhéanamh rialacha níos déine a chur i bhfeidhm.

(32)

Chun rianú arm tine a éascú agus chun gáinneáil aindleathach agus monarú aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a n-armlón a chomhrac go héifeachtúil, tá sé riachtanach faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit.

(33)

Maidir leis na hairm thine atá deartha le haghaidh úsáid mhíleata, amhail AK47 agus M16, agus atá feistithe chun oibriú ar bhonn lámhach roghnach, i gcás ina bhféadfar iad a bheith coigeartuithe de láimh idir modhanna lámhaigh uathoibríocha agus leath-uathoibríocha, ba cheart iad a aicmiú mar airm thine de chuid chatagóir A agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a thoirmeasc lena n-úsáid ag sibhialtaigh. Má dhéantar iad a thiontú ina n-airm thine leath-uathoibríocha, ba cheart iad a aicmiú faoi phointe 6 de chatagóir A.

(34)

Is féidir airm thine leath-uathoibríocha áirithe a thiontú go héasca ina n-airm thine uathoibríocha, rud atá ina bhagairt don tslándáil. Fiú amháin in éagmais an tiontaithe sin, d’fhéadfadh airm thine leath-uathoibríocha áirithe a bheith an-chontúirteach nuair a bheidh acmhainneacht ard acu ó thaobh líon na n-urchar ar féidir a choimeád iontu. Dá bhrí sin, airm thine leath-uathoibríocha ag a bhfuil gléas lódála seasta lena lamháiltear líon mór urchar a scaoileadh, chomh maith le hairm thine leath-uathoibríocha in éineacht le gléas lódála inbhainte a bhfuil ardacmhainneacht aige, ba cheart iad a thoirmeasc lena n-úsáid ag sibhialtaigh. Níor cheart aicmiú an airm tine i gcatagóir shonrach a bheith ag brath ar an bhféidearthacht gléas lódála a fheistiú le hacmhainneacht níos mó ná 10 n-urchar le haghaidh airm thine fhada agus 20 urchar le haghaidh airm thine ghearra agus uirthi sin amháin.

(35)

Gan dochar d’athnuachan na n-údaruithe i gcomhréir leis an Treoir seo, níor cheart airm thine leath-uathoibríocha a úsáideann forbhualadh imeall-lámhaigh, lena n-airítear iad siúd ag a bhfuil calabra 22 nó níos lú, a aicmiú i gcatagóir A mura mbeidh siad tiontaithe ó airm thine uathoibríocha.

(36)

Réada ag a bhfuil cuma fhisiceach airm tine (macasamhlacha) ach a mhonaraítear ar shlí nach féidir iad a thiontú chun urchar, piléar nó diúracán a dhíchur trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite, níor cheart iad a chumhdach leis an Treoir seo.

(37)

I gcás ina mbeidh dlíthe náisiúnta i mBallstát lena rialaítear airm sheanda, níor cheart airm den sórt sin a bheith faoi réir na Treorach seo. Mar sin féin, níl an tábhacht stairiúil chéanna le macasamhlacha d’airm sheanda ná níl an spéis stairiúil chéanna ag gabháil leo agus is féidir iad a dhéanamh trí úsáid a bhaint as teicnící nua-aimseartha, rud is féidir feabhas a chur ar a mbuanfas agus ar a gcruinneas. Dá bhrí sin, ba cheart macasamhlacha den sórt sin a thabhairt faoi raon feidhme na Treorach seo. Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le nithe eile, amhail gairis bhog-aeir, nach bhfuil cumhdaithe ag an sainmhíniú ar “arm tine” agus, dá bhrí sin, nach rialaítear leis an Treoir sin.

(38)

Chun feabhas a chur ar fheidhmiú an mhalartaithe faisnéise idir na Ballstáit, bheadh sé ina chúnamh dá ndéanfadh an Coimisiún measúnú ar eilimintí bunriachtanacha córais chun tacú leis an malartú faisnéise sin atá sna ríomhchórais comhdúcháin sonraí atá i bhfeidhm sna Ballstáit, lena n-áirítear a indéanta atá sé a chumasú do gach Ballstát córas den sórt sin a rochtain. D’fhéadfadh an córas sin leas a bhaint as modúl de Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ar modúl é a rinneadh a shaincheapadh go sonrach d’airm thine. Ba cheart don mhalartú faisnéise sin idir na Ballstáit tarlú i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). I gcás gur gá d’údarás inniúil rochtain a bheith aige ar thaifid choiriúla duine atá ag cur isteach ar údarú chun arm tine a fháil nó a shealbhú, ba cheart don údarás sin a bheith in ann an fhaisnéis sin a fháil faoi Chinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle (9). D’fhéadfadh, más iomchuí, togra reachtach a bheith ag gabháil leis an measúnú ón gCoimisiún, agus ionstraimí atá ann cheana maidir le malartú faisnéise á gcur i gcuntas.

(39)

Chun malartú iomchuí faisnéise a áirithiú trí mheán leictreonach idir na Ballstáit maidir le húdaruithe a dheonaítear chun airm thine a aistriú chuig Ballstát eile agus maidir le diúltuithe údaruithe a dheonú arm tine a fháil nó a shealbhú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le forálacha a bhunú lena gcuirtear ar chumas na mBallstát córas malartaithe faisnéise den sórt sin a chruthú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (10). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(40)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(41)

Sa Treoir seo urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(42)

Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2016/679 maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh faoi chuimsiú na Treorach seo. I gcás ina ndéanfar sonraí pearsanta a bhailítear faoin Treoir seo a phróiseáil chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, ba cheart do na húdaráis a phróiseálann na sonraí sin na rialacha a ghlactar de bhun Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) a chomhlíonadh.

(43)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr scála agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(44)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Treoir seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (13), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (14).

(45)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Treoir seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (15), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (16).

(46)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Treoir seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (17), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (18).

(47)

Níor cheart gur dhochar an Treoir seo d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn III, Cuid B, a thrasuí sa dlí náisiúnta,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

RAON FEIDHME

Airteagal 1

1.   Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “arm tine” aon arm iniompartha a bhfuil bairille air agus a dhíchuireann urchar, piléar nó diúracán trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite nó atá ceaptha chun iad a dhíchur, nó a d’fhéadfaí a thiontú chun iad a dhíchur, ach amháin má tá sé eisiata ón sainmhíniú sin ar cheann amháin de na cúiseanna a liostaítear i gCuid III d’Iarscríbhinn I. Déantar airm thine a aicmiú i gCuid II d’Iarscríbhinn I.

Measfar go bhféadfar réad a thiontú chun urchar, piléar nó diúracán a dhíchur trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite más fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

tá cuma airm tine air; agus

(b)

is féidir, de bharr a dhéanaimh nó de bharr an ábhair as a bhfuil sé déanta, é a thiontú amhlaidh;

(2)

ciallaíonn “comhpháirt bhunriachtanach” an bairille, an fráma, an glacadóir, is cuma an glacadóir uachtarach nó íochtarach atá i gceist, i gcás inarb infheidhme, an sleamhnán, an sorcóir, an bolta nó an craosbhloc, agus, ós rud é gur réada ar leithligh iad, áirítear iad i gcatagóir na n-arm tine ar a bhfuil siad feistithe nó ar a bhfuil beartaithe iad a fheistiú;

(3)

ciallaíonn “armlón” an t-urchar iomlán nó na comhpháirteanna de, lena n-áirítear cásanna na gcartús, príméir, púdar tiomána, piléir nó diúracáin, a úsáidtear in arm tine, ar an gcoinníoll go bhfuil na comhpháirteanna sin faoi réir údarú sa Bhallstát lena mbaineann;

(4)

ciallaíonn “airm rabhaidh agus chomhartha” gléasanna le coinneálaí cartús nach bhfuil deartha ach chun urchair chaocha, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó urchair chomharthacha phiriteicniúla, agus an méid sin amháin, a scaoileadh, agus nach féidir iad a thiontú chun urchar, piléar nó diúracán a dhíchur trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite;

(5)

ciallaíonn “airm chúirtéise agus acústacha” airm thine atá tiontaithe go sonrach lena n-úsáid chun urchair chaocha a scaoileadh, agus an méid sin amháin, lena n-úsáid i gcásanna amhail léirithe amharclainne, seisiúin ghrianghrafadóireachta, taifeadtaí teilifíse agus scannánaíochta, athléirithe stairiúla, paráidí, imeachtaí agus traenáil spóirt;

(6)

ciallaíonn “airm thine dhíghníomhachtaithe” airm thine a rinneadh neamhoiriúnach d’úsáid go buan trí dhíghníomhachtú, á áirithiú go ndéanfar comhpháirteanna bunriachtanacha uile an airm tine atá i gceist do-úsáidte go buan agus nach bhféadfar iad a bhaint, a athsholáthar ná a mhodhnú ar mhodh a cheadódh go ndéanfaí an t-arm tine a athghníomhachtú ar bhealach ar bith;

(7)

ciallaíonn “músaem” institiúid bhuan a fheidhmíonn i seirbhís na sochaí agus a forbartha, atá oscailte don phobal, a fhaigheann agus a chaomhnaíonn airm thine, comhpháirteanna bunriachtanacha nó armlón, agus a dhéanann taighde orthu agus a dhéanann taispeántas díobh, chun críoch stairiúil, cultúrtha, eolaíochta, teicniúil, oideachais, oidhreachta nó siamsaíochta, agus a aithnítear amhlaidh sa Bhallstát lena mbaineann;

(8)

ciallaíonn “bailitheoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá tiomnaithe d’airm thine, do chomhpháirteanna bunriachtanacha nó d'armlón a bhailiú agus a chaomhnú chun críoch stairiúil, cultúrtha, eolaíochta, teicniúil, oideachais, nó oidhreachta, agus a aithnítear amhlaidh sa Bhallstát lena mbaineann;

(9)

ciallaíonn “déileálaí” aon duine nádúrtha nó dlítheanach ar ceann díobh seo a leanas an cheird nó an gnó atá ag an duine sin, go hiomlán nó go páirteach:

(a)

monarú, trádáil, malartú, fruiliú, deisiú, modhnú nó tiontú arm tine nó comhpháirteanna bunriachtanacha;

(b)

monarú, trádáil, malartú, modhnú nó tiontú armlóin;

(10)

ciallaíonn “bróicéir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, seachas déileálaí, ar ceann díobh seo a leanas an cheird nó an gnó atá ag an duine sin, go hiomlán nó go páirteach:

(a)

caibidlíocht nó socrú idirbheart chun airm thine, comhpháirteanna bunriachtanacha nó armlón a cheannach, a dhíol nó a sholáthar;

(b)

aistriú arm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha nó armlóin a shocrú laistigh de Bhallstát, ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, ó Bhallstát chuig tríú tír nó ó thríú tír chuig Ballstát;

(11)

ciallaíonn “monarú aindleathach” monarú nó cóimeáil arm tine, a gcomhpháirteanna bunriachtanacha agus armlóin:

(a)

ó aon chomhpháirt bhunriachtanach d’airm thine den sórt sin a ndéantar gainneáil aindleathach orthu;

(b)

gan údarú arna eisiúint ag údarás inniúil de chuid an Bhallstáit ina ndéantar an monarú nó an chóimeáil; nó

(c)

gan airm thine a mharcáil tráth an mhonaraithe i gcomhréir le hAirteagal 4;

(12)

ciallaíonn “gáinneáil aindleathach” fáil, díolachán, seachadadh, gluaiseacht nó aistriú arm tine, a gcomhpháirteanna bunriachtanacha nó armlóin ó chríoch Ballstáit amháin chuig críoch Ballstáit eile, nó trasna críche Ballstáit amháin chuig críoch Ballstáit eile, mura mbeidh sé údaraithe ag aon cheann de na Ballstáit lena mbaineann i gcomhréir leis an Treoir seo, nó mura mbeidh na hairm thine, na comhpháirteanna bunriachtanacha nó an t-armlón marcáilte i gcomhréir le hAirteagal 4;

(13)

ciallaíonn “rianú” rianú córasach a dhéanamh ar airm thine agus, i gcás inar féidir, ar a gcomhpháirteanna bunriachtanacha agus ar armlón ón monaróir chuig an gceannaitheoir chun cuidiú le húdaráis inniúla na mBallstát monarú aindleathach agus gáinneáil aindleathach a bhrath, a imscrúdú agus a anailísiú.

2.   Chun críocha na Treorach seo, measfar go bhfuil gnáthchónaí ar dhuine sa tír a luaitear sa seoladh atá ar dhoiciméad oifigiúil lena léirítear a áit nó a háit chónaithe, amhail pas nó cárta aitheantais náisiúnta, a chuirtear, ar sheiceáil ar fháil nó ar sheilbh, faoi bhráid údaráis inniúla Ballstáit nó déileálaí nó bróicéara. Mura mbeidh seoladh duine ar a phas nó a pas nó ar a chárta nó a cárta aitheantais náisiúnta, cinnfear a thír nó a tír chónaithe ar bhonn aon chruthúnas oifigiúil eile ar chónaí a aithníonn an Ballstát lena mbaineann.

3.   Arna iarraidh sin d’údaráis inniúla Ballstáit, eiseofar “pas arm tine Eorpach” do dhuine a mbeidh arm tine ag teacht ina sheilbh nó ina seilbh ag an duine sin go dleathach nó a bheidh á úsáid ag an duine sin go dleathach. Beidh sé bailí ar feadh uastréimhse 5 bliana, tréimse ar féidir a fhadú, agus beidh an t-eolas a leagtar amach in Iarscríbhinn II ann. Beidh sé neamh-inaistrithe agus déanfar taifead ann ar an arm tine nó ar na hairm thine atá ina sheilbh nó ina seilbh ag sealbhóir an phas agus a úsáideann an sealbhóir. Beidh an pas sin i seilbh an duine a úsáideann an t-arm tine i gcónaí agus cuirfear in iúl ar an bpas aon athrú maidir le seilbh nó gnéithe an airm tine, agus má chailltear nó má ghoidtear é.

Airteagal 2

1.   Ní dochar an Treoir seo do chur i bhfeidhm forálacha náisiúnta maidir le hiompar arm, fiach nó lámhach targaidí, nuair a úsáidtear airm a fhaightear agus a shealbhaítear go dleathach i gcomhréir leis an Treoir seo.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le fáil nó seilbh arm tine agus armlóin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ag na fórsaí armtha, na póilíní nó na húdaráis phoiblí. Ní bheidh feidhm aici ach an oiread maidir le haistrithe arna rialáil le Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19).

Airteagal 3

Féadfaidh na Ballstáit forálacha a ghlacadh ina reachtaíocht atá níos déine ná na forálacha a leagtar síos sa Treoir seo, faoi réir na gceart a thugtar do chónaitheoirí na mBallstát de bhun Airteagal 17(2).

CAIBIDIL 2

COMHCHUIBHIÚ REACHTAÍOCHTA A BHAINEANN LE HAIRM THINE

Airteagal 4

1.   Maidir leis na hairm thine arna monarú nó arna n-allmhairiú isteach san Aontas an 14 Meán Fómhair 2018 nó ina dhiaidh sin, áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas maidir le haon arm tine nó aon chomhpháirt bhunriachtanach den sórt sin a chuirtear ar an margadh:

(a)

go mbeidh marcáil shoiléir, bhuan, uathúil air nó uirthi gan mhoill tar éis an mhonaraithe agus ar a dhéanaí roimh é nó í a chur ar an magadh, nó gan mhoill tar éis é nó í a allmhairiú isteach san Aontas; agus

(b)

go gclárófar é nó í i gcomhréir leis an Treoir seo gan mhoill tar éis an mhonaraithe agus ar a dhéanaí sula gcuirfear é nó í ar an magadh, nó gan mhoill tar éis é nó í a allmhairiú isteach san Aontas.

2.   Áireofar leis an marcáil uathúil dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 ainm an mhonaróra nó an bhranda, tír nó áit an mhonaraithe, an tsraithuimhir agus bliain an mhonaraithe, más rud é nach cuid cheana féin iad den tsraithuimhir, agus an tsamhail i gcás inarb indéanta. Ní dochar é sin do thrádmharc an mhonaróra a ghreamú díobh. I gcás go mbeidh comhpháirt bhunriachtanach róbheag le marcáil i gcomhréir leis an Airteagal seo, marcálfar í ar a laghad le sraithuimhir nó le cód alfa-uimhriúil nó digiteach.

Cinnfear na ceanglais mharcála maidir le harm tine nó comhpháirteanna bunriachtanacha a bhfuil tábhacht stairiúil faoi leith acu i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gach bunphacáiste d’armlón iomlán marcáilte ar shlí a léireoidh ainm an mhonaróra, uimhir sainaitheantais na baisce nó na luchtóige, an calabra agus cineál an armlóin.

Chun críocha mhír 1 agus na míre seo, féadfaidh na Ballstáit a roghnú forálacha Choinbhinsiún maidir le Marcanna Promhaidh ar Mhionairm a Aithint go Cómhalartach an 1 Iúil 1969 (“Coinbhinsiún 1969”) a chur i bhfeidhm.

Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit, tráth aistrithe airm tine nó a chomhpháirteanna bunriachtanacha ó stoic rialtais go buanúsáid ag sibhialtaigh, gurb ann don mharcáil uathúil, dá bhforáiltear faoi mhír 1, lena gceadaítear an t-eintiteas aistritheach a shainaithint.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar sonraíochtaí teicniúla don mharcáil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(2).

4.   Bunóidh gach Ballstát córas chun gníomhaíochtaí na ndéileálaithe agus na mbróicéirí a rialáil. Déanfar na bearta seo a leanas ar a laghad a áireamh i gcórais den sórt sin:

(a)

clárú déileálaithe agus bróicéirí a oibríonn laistigh de chríoch an Bhallstáit sin;

(b)

ceadúnú nó údarú ghníomhaíochtaí na ndéileálaithe agus na mbróicéirí laistigh de chríoch an Bhallstáit sin; agus

(c)

seiceáil ar iontaofacht phríobháideach agus ghairmiúil agus ar chumais ábhartha an déileálaí nó an bhróicéara lena mbaineann. I gcás duine dlítheanach, déanfar an tseiceáil ar an duine dlítheanach agus ar an duine nádúrtha nó ar na daoine nádúrtha a stiúrann an gnóthas araon.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar agus go gcoinneofar ríomhchóras comhdúcháin sonraí, is é sin córas láraithe nó díláraithe, lena ráthaítear rochtain do na húdaráis údaraithe ar na córais comhdúcháin sonraí ina dtaifeadtar gach arm tine atá faoi réir na Treorach seo. Taifeadfar sa chóras comhdúcháin sonraí sin gach faisnéis a bhaineann le hairm thine a bhfuil gá léi chun na hairm thine sin a rianú agus a shainaithint, lena n-áirítear:

(a)

cineál, déanamh, samhail, calabra agus sraithuimhir gach airm tine agus an marc a chuirfear ar a fhráma nó ar a ghlacadóir mar mharcáil uathúil i gcomhréir le mír 1, a fhónfaidh mar aitheantóir uathúil do gach arm tine;

(b)

an tsraithuimhir nó an mharcáil uathúil a chuirfear ar na comhpháirteanna bunriachtanacha, i gcás nach ionann sin agus an mharcáil ar fhráma nó ar ghlacadóir gach airm tine;

(c)

ainmneacha agus seoltaí na soláthraithe agus na ndaoine a bhfuil an t-arm tine á fháil nó á shealbhú acu, mar aon leis an dáta ábhartha nó na dátaí ábhartha; agus

(d)

aon tiontuithe nó modhnuithe ar arm tine as a leanann athrú ar a chatagóir nó ar a fhochatagóir, lena n-áirítear a dhíghníomhachtú nó a scriosadh deimhnithe agus an dáta ábhartha nó na dátaí ábhartha.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcoimeádfaidh na húdaráis inniúla an taifead ar na hairm thine agus na comhpháirteanna bunriachtanacha, lena n-áirítear na sonraí pearsanta a bhaineann leo, sna córais comhdúcháin sonraí ar feadh tréimhse 30 bliain i ndiaidh scriosadh na n-arm tine nó na gcomhpháirteanna bunriachtanacha atá i dtrácht.

Beidh na taifid ar airm thine agus ar chomhpháirteanna bunriachtanacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo agus na sonraí pearsanta a bhaineann leo inrochtana:

(a)

ag na húdaráis atá inniúil chun údaruithe dá dtagraítear in Airteagal 9 nó 10 a dheonú nó a tharraingt siar nó ag na húdaráis atá inniúil maidir le himeachtaí custaim, go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis scriosadh an airm tine nó na gcomhpháirteanna bunriachtanacha atá i dtrácht; agus

(b)

ag na húdaráis atá inniúil chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, go ceann tréimhse 30 bliain tar éis scriosadh an airm tine nó na gcomhpháirteanna bunriachtanacha atá i gceist.

Áiritheoidh na Ballstáit go scriosfar na sonraí pearsanta ó na córais comhdúcháin sonraí nuair a rachaidh na tréimhsí a shonraítear sa dara agus tríú fomhír in éag. Ní dochar an méid sin do chásanna ina mbeidh sonraí pearsanta sonracha aistrithe chuig údarás atá inniúil chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú agus ina n-úsáidtear iad sa chomhthéacs sonrach sin amháin, nó chuig údaráis eile atá inniúil chun críche comhoiriúnaí dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann próiseáil na sonraí sin ag na húdaráis inniúla a rialáil, i gcomhréir go hiomlán le dlí an Aontais, go háirithe maidir le cosaint sonraí.

Le linn a dtréimhse gníomhaíochta, beidh de cheangal ar dhéileálaithe agus ar bhróicéirí clár a choinneáil ina dtaifeadtar gach arm tine agus gach comhpháirt bhunriachtanach d’arm tine atá faoi réir na Treorach seo agus a bheidh faighte nó diúscartha acu, i dteannta na sonraí sin a fhágann gur féidir an t-arm tine nó an chomhpháirt bhunriachtanach lena mbaineann a shainaithint agus a rianú, go háirithe an cineál, an déanamh, an tsamhail, an calabra agus an tsraithuimhir de nó di agus ainmneacha agus seoltaí na soláthraithe agus na ndaoine a bheidh á fháil nó á fáil.

Ar scor dá ngníomhaíochtaí, déanfaidh na déileálaithe agus na bróicéirí an clár sin a sheachadadh ar na húdaráis náisiúnta atá freagrach as na córais comhdúcháin sonraí dá bhforáiltear sa chéad fhomhír.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh déileálaithe agus bróicéirí atá bunaithe ina gcríoch idirbhearta a bhaineann le hairm thine nó comhpháirteanna bunriachtanacha a thuairisciú gan moill mhíchuí do na údaráis inniúla náisiúnta, go mbeidh nasc leictreonach ag déileálaithe agus ag bróicéirí leis na húdaráis sin chun críoch tuairiscithe den sórt sin agus go ndéantar na córais comhdúcháin sonraí a thabhairt cothrom le dáta láithreach ar fhaisnéis maidir le hidirbhearta den sórt sin a fháil.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar nasc a bheith ag gach arm tine lena úinéir tráth ar bith.

Airteagal 5

Gan dochar d’Airteagal 3, ní lamhálfaidh na Ballstáit fáil agus seilbh arm tine ach amháin do dhaoine a mbeidh ceadúnas deonaithe dóibh nó, maidir le hairm thine a aicmítear i gcatagóir C, do dhaoine a cheadaítear dóibh go sonrach airm thine den sórt sin a fháil agus a shealbhú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 6

1.   Gan dochar d’Airteagal 3, ní cheadóidh na Ballstáit fáil agus seilbh arm tine ach amháin do dhaoine a bhfuil cúis mhaith acu lena n-aghaidh agus:

(a)

atá ar a laghad 18 mbliana d’aois, ach amháin i ndáil le fáil, seachas trí cheannach, agus seilbh arm tine le haghaidh fiaigh agus lámhach targaidí, ar choinníoll, sa chás sin, go mbeidh cead óna dtuismitheoirí ag daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois, nó go mbeidh siad faoi threoir tuismitheora nó faoi threoir duine fásta ag a bhfuil ceadúnas bailí arm tine nó fiaigh, nó atá laistigh d’ionad oiliúna ceadúnaithe nó formheasta ar shlí eile, agus go nglacfaidh an tuismitheoir, nó duine fásta ag a bhfuil ceadúnas bailí arm tine nó fiaigh, freagracht as stóráil chuí de bhun Airteagal 7; agus

(b)

nach dócha go mbeidh siad ina gcontúirt dóibh féin nó do dhaoine eile, don ord poiblí nó don tsláinte phoiblí; measfar gur léiriú ar an gcontúirt sin duine a bheith ciontaithe i gcoir intinniúil fhoréigneach.

2.   Beidh córas faireacháin i bhfeidhm ag na Ballstáit, a fhéadfaidh siad a fheidhmiú ar bhonn leanúnach nó neamhleanúnach, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha údaraithe a leagtar síos sa dlí náisiúnta le linn thréimhse an údaraithe agus, inter alia, go ndéanfar measúnú ar fhaisnéis ábhartha leighis agus síceolaíochta. Cinnfear na socruithe sonracha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

I gcás nach gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha údaraithe a thuilleadh, tarraingeoidh na Ballstáit an t-údarú siar.

Ní fhéadfaidh na Ballstáit daoine atá ina gcónaí laistigh dá gcríoch a thoirmeasc ó sheilbh a bheith acu ar arm tine a bheidh faighte acu i mBallstát eile mura rud é go dtoirmisceann siad an cineál céanna airm tine a bheith á fháil ina gcríoch féin.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtarraingeofar siar údarú chun arm tine a fháil agus údarú chun arm tine a aicmítear i gcatagóir B a shealbhú má fhionntar go bhfuil gléas lódála i seilbh an duine dar deonaíodh an t-údarú sin, gléas atá oiriúnach lena fheistiú ar airm thine leath-uathoibríocha lárlámhaigh nó ar airm thine athchaite a bhfuil ceann de na tréithe seo a leanas aige:

(a)

is féidir leo níos mó ná 20 urchar a choinneáil; nó

(b)

i gcás airm thine fhada, is féidir leo níos mó ná 10 n-urchar a choinneáil,

mura bhfuil údarú deonaithe don duine sin faoi Airteagal 9 nó mura bhfuil údarú a daingníodh, a athnuadh nó a síneadh faoi Airteagal 10(5) deonaithe don duine sin.

Airteagal 7

Chun an riosca a íoslaghdú go bhfaigheadh daoine neamhúdaraithe rochtain ar airm thine agus ar armlón, bunóidh na Ballstáit rialacha maidir leis an maoirseacht chuí ar airm thine agus ar armlón agus rialacha maidir lena stóráil chuí ar bhealach atá slán. Ní bheidh rochtain go réidh ar airm thine agus ar armlón le chéile. Ciallóidh maoirseacht chuí go bhfuil smacht ag an duine a a shealbhaíonn an t-arm tine nó an t-armlón lena mbaineann air le linn a iompair agus a úsáide. Ní bheidh rochtain go réidh ar airm thine agus ar armlón do na hairm thine sin le chéile. Léireoidh an leibhéal grinnscrúdaithe do shocruithe stórála cuí den sórt sin líon agus catagóir na n-arm tine lena mbaineann agus an armlóin lena mbaineann.

Airteagal 8

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcásanna a bhaineann le fáil agus le díol arm tine nó comhpháirteanna bunriachtanacha nó armlóin a aicmítear i gcatagóir A, B nó C trí bhithín cianchonarthaí de réir mar a shainmhínítear i bpointe (7) d’Airteagal 2 de Threoir 2011/83/AE, go seiceálfar céannacht, agus i gcás ina gceanglaítear sin, údarú cheannaitheoir an airm tine, na gcomhpháirteanna bunriachtanacha nó an armlóin, sula seachadfaidh, nó ar a dhéanaí nuair a sheachadfaidh, duine díobh seo a leanas é nó iad ar an duine sin:

(a)

déileálaí nó bróicéir ceadúnaithe nó údaraithe; nó

(b)

údarás poiblí nó ionadaí den údarás sin.

Airteagal 9

1.   Gan dochar d’Airteagal 2(2), déanfaidh na Ballstáit gach beart iomchuí chun fáil agus seilbh na n-arm tine, na gcomhpháirteanna bunriachtanacha agus an armlóin a aicmítear i gcatagóir A a thoirmeasc. Áiritheoidh siad go ngaibhneofar na hairm thine, na comhpháirteanna bunriachtanacha agus an t-armlón sin a shealbhaítear go mídhleathach de shárú ar an toirmeasc sin.

2.   Chun slándáil an bhonneagair chriticiúil, an loingseoireacht thráchtála, conbhuanna ardluacha agus áitribh íogaire a chosaint, agus chun críoch cosanta náisiúnta, oideachais, cultúrtha, taighde agus stairiúil freisin, agus gan dochar do mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta údaruithe a dheonú maidir le hairm thine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a aicmítear i gcatagóir A, i gcásanna aonair, go heisceachtúil agus ar bhealach atá cuí-réasúnaithe, i gcás nach mbeadh sé sin contrártha don tslándáil phoiblí ná don ord poiblí.

3.   I gcásanna aonair speisialta, go heisceachtúil agus ar bhealach atá cuí-réasúnaithe, féadfaidh na Ballstáit roghnú údaruithe a dheonú do bhailitheoirí chun airm thine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a aicmítear i gcatagóir A a fháil agus a shealbhú, faoi réir dianchoinníollacha maidir leis an tslándáil, lena n-áirítear taispeáint do na húdaráis inniúla náisiúnta go bhfuil bearta ann chun díriú ar aon rioscaí don tslándáil phoiblí nó don ord poiblí agus go stóráiltear na hairm thine, na comhpháirteanna bunriachtanacha nó an t-armlón le leibhéal slándála atá coibhéiseach leis na rioscaí a bhaineann le rochtain neamhúdaraithe ar na nithe sin.

Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir na bailitheoirí a údaraítear faoin gcéad fhomhír den mhír seo a shainaithint laistigh de na córais comhdúcháin sonraí dá dtagraítear in Airteagal 4. Beidh sé d’oibleagáid ar na bailitheoirí údaraithe sin clár a choinneáil de na hairm thine uile atá ina seilbh acu a aicmítear i gcatagóir A, a bheidh inrochtana ag na húdaráis inniúla náisiúnta. Cuirfidh na Ballstáit córas faireacháin iomchuí ar bun maidir leis na bailitheoirí údaraithe sin, agus na fachtóirí ábhartha uile á gcur i gcuntas.

4.   Féadfaidh na Ballstáit a údarú do dhéileálaithe nó do bhróicéirí, ina gcáileanna gairmiúla faoi seach, airm thine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a aicmítear i gcatagóir A a fháil, a mhonarú, a dhíghníomhachtú, a dheisiú, a sholáthar, a aistriú agus a shealbhú, faoi réir dianchoinníollacha maidir leis an tslándáil.

5.   Féadfaidh na Ballstáit a údarú do mhúsaeim airm thine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a aicmítear i gcatagóir A a fháil agus a shealbhú, faoi réir dianchoinníollacha maidir leis an tslándáil.

6.   Féadfaidh na Ballstáit a údarú do lámhachóirí targaidí airm thine leath-uathoibríocha a aicmítear i bpointe 6 nó 7 de chatagóir A a fháil agus a shealbhú, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

measúnú sásúil ar fhaisnéis ábhartha a thagann as cur i bhfeidhm Airteagal 6(2);

(b)

cruthúnas a sholáthar go bhfuil an lámhachóir targaidí lena mbaineann ag cleachtadh go gníomhach i gcomhair comórtais lámhaigh nó ag glacadh páirt iontu, ar comórtais iad a aithníonn eagraíocht spóirt lámhaigh an Bhallstáit lena mbaineann atá aitheanta go hoifigiúil nó a aithníonn cónaidhm spóirt lámhaigh atá bunaithe go hidirnáisiúnta agus aitheanta go hoifigiúil; agus

(c)

teastas a sholáthar ó eagraíocht spóirt lámhaigh atá aitheanta go hoifigiúil ina ndaingnítear:

(i)

gur ball é an lámhachóir targaidí de chlub lámhaigh agus go bhfuil sé nó sí ag cleachtadh lámhach targáidí ann go rialta ar feadh tréimhse 12 mhí ar a laghad; agus

(ii)

go gcomhlíonann an t-arm tine atá i dtrácht na sonraíochtaí a cheanglaítear do dhisciplín lámhaigh a aithníonn cónaidhm spóirt lámhaigh atá bunaithe go hidirnáisiúnta agus aitheanta go hoifigiúil.

Maidir le hairm thine a aicmítear i bpointe 6 de chatagóir A, féadfaidh Ballstáit a chuireann córas míleata i bhfeidhm bunaithe ar choinscríobh ginearálta agus a bhfuil córas i bhfeidhm acu le 50 bliain anuas maidir le haistriú arm tine míleata chuig daoine a fhágann an t-arm tar éis dóibh a ndualgais mhíleata a chomhlíonadh, údarú a dheonú do na daoine sin, ina gcáil mar lámhachóir targaidí, chun arm tine amháin a choimeád a d’úsáid siad le linn a dtréimhse míleata éigeantaí. Claochlóidh an t-údarás poiblí ábhartha na hairm thine sin ina n-airm thine leath-uathoibríocha agus déanfaidh siad seiceáil go tréimhsiúil nach ionann na daoine a úsáideann na hairm thine sin agus riosca don tslándáil phoiblí. Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír.

7.   Déanfar athbhreithniú ar údaruithe a dheonaítear faoin Airteagal seo go tréimhsiúil, ag eatraimh nach faide ná 5 bliana.

Airteagal 10

1.   Ní fhéadfaidh aon duine arm tine a aicmítear i gcatagóir B a fháil laistigh de chríoch Bhallstáit mura bhfuil an Ballstát sin tar éis é nó í a údarú déanamh amhlaidh.

Ní fhéadfar údarú den sórt sin a thabhairt do chónaitheoir Ballstáit eile gan comhaontú an Bhallstáit sin a fháil sin roimh ré.

2.   Ní fhéadfaidh aon duine arm tine a aicmítear i gcatagóir B a bheith ina sheilbh aige nó aici laistigh de chríoch Bhallstáit mura bhfuil an Ballstát sin tar éis é nó í a údarú amhlaidh. Más cónaitheoir de chuid Ballstáit eile an duine sin, cuirfear an Ballstát eile sin ar an eolas dá réir sin.

3.   Féadfaidh údarú chun arm tine a aicmítear i gcatagóir B a fháil agus údarú chun é a shealbhú a bheith i bhfoirm cinneadh riaracháin aonair.

4.   Féadfaidh na Ballstáit breithniú a dhéanamh i dtaobh ceadúnas ilbhliantúil i dtaca le fáil agus seilbh gach airm tine faoi réir údaraithe a dheonú do dhaoine a chomhlíonann na coinníollacha maidir le húdarú le haghaidh ceadúnas airm thine, gan dochar don mhéid seo a lenas:

(a)

an oibleagáid fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla faoi aistrithe;

(b)

an fíorú eatramhach go bhfuil na daoine sin fós ag comhlíonadh na gcoinníollacha; agus

(c)

na huasteorainneacha maidir le seilbh a leagtar síos sa dlí náisiúnta.

Déanfar athbhreithniú ar údaruithe maidir le seilbh arm tine go tréimhsiúil, ag eatraimh nach faide ná 5 bliana. Féadfar údarú a athnuachan nó a shíneadh má tá na coinníollacha ar ar a bhonn a deonaíodh é fós á gcomhlíonadh.

5.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh údaruithe maidir le hairm thine leath-uathoibríocha a aicmítear i bpointe 6, 7 nó 8 de chatagóir A a dhaingniú, a athnuachan nó a shíneadh i leith arm tine a bhí aicmithe i gcatagóir B, agus arna fháil agus arna chlárú go dleathach, roimh an 13 Meitheamh 2017, faoi réir na gcoinníollacha eile a leagtar síos sa Treoir seo. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit a lamháil go bhfaighidh daoine eile a bheidh údaraithe ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Treoir seo airm thine den sórt sin.

6.   Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha chun a áirithiú nach mbeidh ar dhaoine a bhfuil údaruithe acu maidir le hairm thine de chatagóir B atá i bhfeidhm faoin dlí náisiúnta an 28 Iúil 2008 cur isteach ar cheadúnas nó cead i gcomhair arm tine de chatagóir C nó D a bhí ina seilbh acu roimh an dáta sin. Mar sin féin, má aistrítear aon airm thine de chatagóir C nó D, beidh an t-aistriú sin faoi réir ceadúnas a fháil nó ceadúnas a bheith ag an té a gheobhaidh na hairm thine nó cead sonrach a bheith ag an té sin na hairm thine sin a shealbhú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 11

1.   Ní fhéadfaidh aon duine arm tine a aicmítear i gcatagóir C a bheith ina sheilbh aige nó aici mura mbeidh sin dearbhaithe aige nó aici do húdaráis an Bhallstáit ina sealbhaítear an t-arm tine sin.

Féadfaidh na Ballstáit, maidir le hairm thine arna bhfáil roimh an 14 Meán Fómhair 2018, an ceanglas chun airm thine a aicmítear i bpointe 5, 6 nó 7 de chatagóir C a dhearbhú a chur ar fionraí go dtí an 14 Márta 2021.

2.   Cuirfidh gach díoltóir, déileálaí nó duine príobháideach údaráis an Bhallstáit ina ndéanfar é ar an eolas faoi gach aistriú agus gach tabhairt ar láimh airm tine a aicmítear i gchatagóir C, trí mhionsonraí a thabhairt lenar féidir an t-arm tine agus an duine a fhaigheann é a shainaithint. Más cónaitheoir i mBallstát eile an duine a fhaigheann an t-arm tine sin, cuirfidh an Ballstát inar fuarthas an t-arm an Ballstát eile sin ar an eolas faoin bhfáil sin.

3.   Má dhéanann Ballstáit fáil agus seilbh airm tine a aicmítear i gcatagóir B nó C laistigh dá chríoch a thoirmeasc nó a chur faoi réir údaraithe, cuirfidh sé na Ballstáit eile ar an eolas, agus áireoidh siad go sainráite ráiteas chuige sin ar aon phas arm tine Eorpach a eisíonn siad i leith arm tine den sórt sin, de bhun Airteagal 17(2).

Airteagal 12

1.   Ceadófar arm tine de chatagóir A, B nó C a thabhairt ar láimh do dhuine nach bhfuil cónaí aige nó aici sa Bhallstát i gceist, faoi réir chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 9, 10 agus 11, i gcás inar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

údaraíodh don duine a fhaigheann é, i gcomhréir le hAirteagal 11, aistriú a dhéanamh é féin nó í féin chuig tír a chónaithe nó a cónaithe;

(b)

déanann an duine a fhaigheann é dearbhú i scríbhinn a chur isteach ina luaitear go bhfuil rún aige nó aici arm tine a bheith ina sheilbh aige nó aici, agus ina dtugtar bonn cirt leis an rún sin, sa Bhallstát ina bhfaightear é, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh sé nó sí na coinníollacha dlí maidir le seilbh sa Bhallstát sin.

2.   Féadfaidh na Ballstáit tabhairt ar láimh sealadach arm tine a údarú i gcomhréir leis na nósanna a leagfaidh siad síos.

Airteagal 13

1.   Is ionann na socruithe chun armlón a fháil agus a shealbhú agus na cinn sin chun na hairm thine dá bhfuil an t-armlón beartaithe a fháil agus a shealbhú.

Ní cheadófar fáil gléasanna lódála d’airm thine leath-uathoibríocha lárlámhaigh ar féidir leo níos mó ná 20 urchar a choinneáil nó níos mó ná 10 n-urchar a choinneáil i gcás airm thine fhada ach do dhaoine a mbeidh údarú deonaithe dóibh faoi Airteagal 9 nó a mbeidh údarú a daingníodh, a athnuadh nó a síneadh faoi Airteagal 10(5) deonaithe dóibh.

2.   Féadfaidh déileálaithe agus bróicéirí diúltú d’aon idirbheart a chríochnú chun urchair iomlána armlóin nó comhpháirteanna armlóin a fháil, a mheasfaidh siad le réasún a bheith amhrasach mar gheall ar a chineál nó ar a scála, agus déanfaidh siad aon iarracht den sórt sin ar idirbheart a thuairisciú do na húdaráis inniúla.

Airteagal 14

1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú maidir le gléasanna le coinneálaí cartús nach ndeartar ach chun urchair chaocha, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó urchair chomharthaíochta phiriteicniúla a scaoileadh, nach féidir iad a thiontú chun urchar, piléar nó diúracán a dhíchur trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite.

2.   Déanfaidh na Ballstáit gléasanna le coinneálaí cartús nach ndeartar ach chun urchair chaocha, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó urchair chomharthaoíochta phiriteicniúla a scaoileadh, agus ar féidir iad a thiontú chun urchar, piléar nó diúracán a dhíchur trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite, a aicmiú mar airm thine.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla maidir le hairm rabhaidh agus chomhartha arna monarú nó arna n-allmhairiú isteach san Aontas an 14 Meán Fómhair 2018 nó ina dhiaidh sin chun a áirithiú nach féidir iad a thiontú chun urchar, piléar nó diúracán a dhíchur trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(2).

Airteagal 15

1.   Déanfaidh na Ballstáit socruithe chun go ndéanfaidh údarás inniúil díghníomhachtú arm tine a fhíorú chun a áirithiú go bhfágfaidh na modhnuithe a dhéantar ar arm tine a chomhpháirteanna bunriachtanacha ar fad do-oibrithe go buan agus nach féidir iad a bhaint, a athsholáthar ná a mhodhnú ar mhodh a cheadódh go ndéanfaí an t-arm tine a athghníomhachtú ar bhealach ar bith. Déanfaidh na Ballstáit foráil, i gcomhthéacs an fhíoraithe sin, chun teastais agus taifid a eisiúint lena bhfianófar gur díghníomhachtaíodh an t-arm tine agus gur cuireadh marc, atá infheicthe go soiléir chuige sin, ar an arm tine.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos caighdeáin agus teicnící díghníomhachtaithe chun a áirithiú go mbeidh na comhpháirteanna bunriachtanacha ar fad in arm tine do-oibrithe go buan agus nach féidir iad a bhaint, a athsholáthar ná a mhodhnú ar mhodh a cheadódh go ndéanfaí an t-arm tine a athghníomhachtú ar bhealach ar bith. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(2).

3.   Ní bheidh feidhm ag na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 maidir le hairm thine arna ndíghníomhachtú roimh dháta chur i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme sin, mura n-aistreofar na hairm thine sin chuig Ballstát eile nó mura gcuirfear iad ar an margadh tar éis an dáta sin.

4.   Féadfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún laistigh de 2 mhí ón 13 Meitheamh 2017 maidir leis na caighdeáin díghníomhachtaithe náisiúnta agus teicnící díghníomhachtaithe náisiúnta a chuir siad i bhfeidhm roimh an 8 Aibreán 2016, agus bonn cirt á thabhairt leis na cúiseanna a bhfuil an leibhéal slándála a áirithítear leis na caighdeáin díghníomhachtaithe náisiúnta sin agus leis na teicnící díghníomhachtaithe náisiúnta sin coibhéiseach leis an leibhéal sin a áirithítear leis na sonraíochtaí teicniúla maidir le hairm thine a dhíghníomhachtú a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2403 ón gCoimisiún (20) de réir mar is infheidhme an 8 Aibreán 2016.

5.   Nuair a thabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún i gcomhréir le mír 4, glacfaidh an Coimisiún, 12 mhí tar éis an fógra a fháil ar a dhéanaí, gníomhartha cur chun feidhme lena gcinnfear ar áirithíodh leis na caighdeáin díghníomhachtaithe náisiúnta agus leis na teicnící díghníomhachtaithe náisiúnta ar tugadh fógra ina leith ar an mbealach sin go raibh airm thine díghníomhachtaithe ar leibhéal slándála atá coibhéiseach leis an leibhéal a áirithítear leis na sonraíochtaí teicniúla maidir le hairm thine a dhíghníomhachtú a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2403 de réir mar is infheidhme an 8 Aibreán 2016. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(2).

6.   Go dtí an dáta a chuirfear i bhfeidhm na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5, aon arm tine a díghníomhachtaíodh i gcomhréir leis na caighdeáin díghníomhachtaithe náisiúnta agus leis na teicnící díghníomhachtaithe náisiúnta a cuireadh i bhfeidhm roimh an 8 Aibreán 2016, comhlíonfaidh sé na sonraíochtaí teicniúla maidir le hairm thine a dhíghníomhachtú a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2403 nuair a aistreofar chuig Ballstát eile é nó nuair a chuirfear ar an margadh é.

7.   Airm thine a dhíghníomhachtaíodh roimh an 8 Aibreán 2016 i gcomhréir leis na caighdeáin díghníomhachtaithe náisiúnta agus le teicnící díghníomhachtaithe náisiúnta a fhionntar go n-áirithíonn siad leibhéal slándála atá coibhéiseach leis an leibhéal a áirithítear leis na sonraíochtaí teicniúla maidir le hairm thine a dhíghníomhachtú a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2403, de réir mar is infheidhme an 8 Aibreán 2016, measfar gur airm thine dhíghníomhachtaithe iad, lena n-áirítear i gcás ina n-aistrítear iad chuig Ballstáit eile nó ina gcuirtear ar an margadh iad i ndiaidh dháta chur i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

CAIBIDIL 3

FOIRMIÚLACHTAÍ MAIDIR LE GLUAISEACHT ARM LAISTIGH DEN AONTAS

Airteagal 16

1.   Ní fhéadfar airm thine, gan dochar d’Airteagal 17, a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile ach amháin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo. Beidh feidhm freisin ag an nós imeachta sin maidir le haistrithe arm tine i ndiaidh díolachán trí bhíthin cianchonaradh de réir mar a shainmhínítear i bpointe (7) d’Airteagal 2 de Threoir 2011/83/AE.

2.   I gcás ina mbeidh arm tine le haistriú chuig Ballstát eile, cuirfidh an duine lena mbaineann, sula ndéanfar é a thabhairt ann, na mionsonraí seo a leanas a sholáthar don Bhallstát ina bhfuil an t-arm tine sin lonnaithe:

(a)

ainmneacha agus seoltaí an duine atá ag díol nó ag diúscairt an airm tine agus an duine atá á cheannach nó á fháil nó, i gcás inarb iomchuí, an úinéara;

(b)

an seoladh chuig a bhfuil an t-arm tine le coinsíniú nó le hiompar;

(c)

líon na n-arm tine atá le coinsíniú nó le hiompar;

(d)

na mionsonraí lenar féidir an t-arm tine a shainaithint agus léiriú go ndearnadh seiceáil ar an arm tine i gcomhréir le Coinbhinsiún 1969;

(e)

an modh aistrithe;

(f)

dáta an imeachta agus dáta measta an teachta.

Ní gá an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (e) agus (f) a sholáthar i gcás ina ndéanfar an t-aistriú idir déileálaithe.

Scrúdóidh an Ballstát na coinníollacha faoina bhfuil aistriú an airm tine le déanamh, go háirithe i dtaca leis an tslándáil.

I gcás ina n-údaróidh an Ballstát aistriú den sórt sin, eiseoidh sé ceadúnas ina mbeidh na mionsonraí uile dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Beidh ceadúnas den sórt sin ag gabháil leis an arm tine go dtí go mbainfidh sé a cheann scríbe amach; tairgfear é aon uair a iarrfaidh údaráis na mBallstát sin.

3.   I gcás aistriú arm tine, seachas airm chogaidh, arna n-eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo de bhun Airteagal 2(2), féadfaidh gach Ballstát an ceart a thabhairt do dhéileálaithe chun aistriú arm tine a dhéanamh óna gcríoch féin chuig déileálaí atá bunaithe i mBallstát eile gan an réamhúdarú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Chuige sin, eiseoidh sé údarú nach mbeidh bailí ach ar feadh tréimhse nach mó ná 3 bliana, tréimhse a fhéadfar a chur ar fionraí nó a chur ar ceal am ar bith le cinneadh cuí-réasúnaithe. Beidh doiciméad lena dtagraítear don údarú sin ag gabháil leis an arm tine go dtí go mbainfidh sé a cheann scríbe amach. Tairgfear an doiciméad sin aon uair a iarrfaidh údaráis na mBallstát sin.

Roimh dháta an aistrithe, déanfaidh an déileálaí na mionsonraí go léir a liostaítear sa chéad fhomhír de mhír 2 a chur in iúl d’údaráis na mBallstát óna bhfuil an t-aistriú le déanamh. Déanfaidh na húdaráis sin cigireachtaí, ar an láthair i gcás inarb iomchuí, chun a fhíorú go mbeidh an fhaisnéis a chuireann an déileálaí in iúl agus gnéithe iarbhír an aistrithe ag freagairt dá chéile. Cuirfidh an déileálaí an fhaisnéis in iúl faoi cheann tréimhse lena dtabharfar dóthain ama.

4.   Cuirfidh gach Ballstát ar fáil do na Ballstáit eile liosta arm tine a bhféadfar a naistriú chuig a chríoch a údarú gan réamhthoiliú uaidh.

Cuirfear liostaí arm tine den sórt sin in iúl do dhéileálaithe a bhfuil formheas faighte acu chun airm thine a aistriú gan réamhúdarú faoin nós imeachta a leagtar síos i mír 3.

Airteagal 17

1.   Mura mbainfear úsáid as an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16, ní cheadófar seilbh airm tine le linn turas trí dhá Bhallstát nó níos mó mura mbeidh údarú faighte ag an duine lena mbaineann ó gach ceann de na Ballstáit sin.

Féadfaidh na Ballstáit údarú den sórt sin a dheonú maidir le turas amháin nó níos mó ar feadh uastréimhse nach faide ná aon bhliain amháin, faoi réir athnuachana. Iontrálfar údaruithe den sórt sin ar an bpas arm tine Eorpach, rud a thairgfidh an taistealaí aon uair a iarfaidh údaráis na mBallstát sin.

2.   D’ainneoin mhír 1, féadfaidh arm tine amháin nó níos mó a bheith i seilbh fiagaithe agus athachtóirí stairiúla, i leith airm thine a aicmítear i gcatagóir C, agus i seilbh lámhachóirí targaidí, i leith airm thine a aicmítear i gcatagóir B nó C agus airm thine a aicmítear i gcatagóir A dá bhfuil údarú deonaithe faoi Airteagal 9(6) nó dá bhfuil daingniú, athnuachan nó síneadh déanta ar an údarú faoi Airteagal 10(5), gan an réamhúdarú dá dtagraítear in Airteagal 16(2), le linn turas trí dhá Bhallstát nó níos mó d’fhonn gabháil dá ngníomhaíochtaí, ar choinníoll:

(a)

go mbeidh pas arm tine Eorpach ina sheilbh acu ina liostaítear an t-arm tine nó na hairm thine sin; agus

(b)

go mbeidh siad in ann cúiseanna a dturas a shuíomh, go háirithe trí chuireadh chuig a gcuid gníomhaíochtaí fiaigh, lámhaigh targaidí nó athléirithe stairiúil sa Bhallstát cinn scríbe, nó trí fhianaise eile ar a gcuid gníomhaíochtaí den sórt sin, a thabhairt ar aird.

Ní fhéadfaidh sé a bheith mar choinníoll ag na Ballstáit táille nó muirear a íoc chun go nglacfar le pas arm tine Eorpach.

Ní bheidh feidhm ag an maolú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, áfach, maidir le turais chuig Ballstát a dhéanann, de bhun Airteagal 11(3), fáil agus seilbh an airm tine atá i gceist a thoirmeasc nó a chuireann faoi réir údaraithe é. Sa chás sin, déanfar ráiteas sainráite chuige sin a iontráil sa phas arm tine Eorpach. Féadfaidh Ballstáit diultú don mhaolú sin a chur i bhfeidhm i gcás airm thine a aicmítear i gcatagóir A agus dá bhfuil údarú deonaithe faoi Airteagal 9(6) nó dá bhfuil daingniú, athnuachan nó síneadh déanta ar an údarú faoi Airteagal 10(5).

I gcomhthéacs na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 24, breithneoidh an Coimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit, na héifeachtaí a bheidh le cur i bhfeidhm an tríú fomhír, go háirithe i dtaca leis an tionchar a bheidh aige ar an ord poiblí agus ar an tslándáil phoiblí.

3.   Faoi réir comhaontuithe maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do dhoiciméid náisiúnta, féadfaidh dhá Bhallstáit nó níos mó foráil a dhéanamh maidir le socruithe atá níos solúbtha ná na socruithe a fhorordaítear san Airteagal seo do ghluaiseacht arm tine laistigh dá gcríocha.

Airteagal 18

1.   Cuirfidh gach Ballstát in iúl an fhaisnéis úsáideach uile atá aige maidir le haistrithe cinntitheacha arm tine chuig an mBallstát ar chuig a chríoch a rinneadh an t-aistriú.

2.   An fhaisnéis uile a fhaigheann na Ballstáit trí bhíthin na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 16 i gcomhair aistrithe arm tine, agus in Airteagal 10(2) agus in Airteagal 11(2) i gcomhair fáil agus seilbh arm tine ag neamhchónaitheoirí, cuirfear in iúl í, tráth nach déanaí ná tráth na n-aistrithe ábhartha, do Bhallstáit an chinn scríbe agus, i gcás inarb iomchuí, tráth nach déanaí ná tráth an aistrithe chuig na Ballstáit idirthurais.

3.   Chun críocha chur chun feidhme éifeachtúil na Treorach seo, déanfaidh na Ballstáit faisnéis a mhalartú go rialta laistigh den ghrúpa teagmhála a bunaíodh faoi Airteagal 13(3) de Threoir 91/477/CEE. Cuirfidh na Ballstáit a chéile agus an Coimisiún ar an eolas faoi na húdaráis náisiúnta atá freagrach as faisnéis a tharchur agus a fháil agus as na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 16(4) den Treoir seo a chomhlíonadh.

4.   Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát faisnéis a mhalartú trí mheán leictreonach maidir leis na húdaruithe a dheonaítear chun airm thine a aistriú chuig Ballstát eile agus faisnéis maidir le diúltuithe údaruithe a dheonú, dá bhforáiltear in Airteagail 9 agus 10, ar fhorais slándála nó ar fhorais a bhaineann le hiontaofacht an duine lena mbaineann.

5.   Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le córas chun faisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo a mhalartú.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na socruithe mionsonraithe a leagan síos chun faisnéis a mhalartú go córasach trí mheán leictreonach.

Airteagal 19

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 18(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 13 Meitheamh 2017.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 18(5) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 18(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 20

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 21

Glacfaidh na Ballstáit na forálacha ábhartha uile lena dtoirmiscfear teacht isteach na nithe seo a leanas ina gcríoch:

(a)

arm tine, ach amháin sna cásanna dá dtagraítear in Airteagail 16 agus 17 agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos sna hAirteagail sin;

(b)

arm seachas arm tine, ar choinníoll go gceadófar é sin le forálacha náisiúnta an Bhallstáit i gceist.

CAIBIDIL 4

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 22

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialuithe maidir le seilbh arm a ghéarú ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Áiritheoidh siad go háirithe go ndéanfaidh taistealaithe ó thríú tíortha a bhfuil rún acu dul ar aghaidh chuig Ballstát eile Airteagal 17 a chomhlíonadh.

2.   Ní chuirfidh an Treoir seo bac ar rialuithe a dhéanamh ag na Ballstáit nó ag an iompróir tráth dul ar bord modh iompair.

3.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis an mbealach a ndéanfar na rialuithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2. Comhthiomsóidh an Coimisiún an fhaisnéis sin agus cuirfidh sé ar fáil do na Ballstáit í.

4.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoina bhforálacha náisiúnta, lena n-áirítear athruithe i dtaca le fáil agus seilbh arm, i gcás inar déine an dlí náisiúnta ná an t-íoschaighdeán a gceanglaítear orthu é a ghlacadh. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis den sórt sin ar aghaidh chuig na Ballstáit eile.

Airteagal 23

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 24

Faoin 14 Meán Fómhair 2020, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo, lena n-áirítear seiceáil oiriúnachta ar a forálacha, a mbeidh, más iomchuí, tograí reachtacha ag gabháil léi, go háirithe, maidir le catagóirí na n-arm tine in Iarscríbhinn I agus saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an chórais um an bpas arm tine Eorpach, le marcáil agus le tionchair teicneolaíochtaí nua amhail priontáil 3D, úsáid chód QR agus úsáid sainaitheanta radaimhinicíochta (RFID).

Airteagal 25

Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 26

Aisghairtear Treoir 91/477/CEE, arna leasú leis na Treoracha a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla chomhghaoil atá in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 27

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 28

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh sa Bhruiséil, 24 Márta 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  IO C 311, 18.9.2020, lch. 52.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Feabhra 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Márta 2021.

(3)  Treoir 91/477/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1991 maidir le fáil agus seilbh arm a rialú (IO L 256, 13.9.1991, lch. 51).

(4)  Féach Iarscríbhinn III, Cuid A.

(5)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le ceart tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(6)  Cinneadh 2014/164/AE ón gComhairle an 11 Feabhra 2014 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, i gcoinne Monarú agus Gáinneáil Aindleathach Arm Tine, a bPáirteanna agus a gComhpháirteanna agus Armlón, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta (IO L 89, 25.3.2014, lch. 7).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (“Rialachán IMI”) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(9)  Cinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le heagrú agus le hábhar an mhalartaithe faisnéise a bhaintear as an taifead coiriúil idir na Ballstáit (IO L 93, 7.4.2009, lch. 23).

(10)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(12)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(13)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(14)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(15)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(16)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(17)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(18)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(19)  Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena simplítear téarmaí agus coinníollacha aistrithe táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Chomhphobal (IO L 146, 10.6.2009, lch. 1).

(20)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2403 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2015 lena mbunaítear treoirlínte comhchoiteanna i ndáil le caighdeáin agus teicnící díghníomhachtaithe chun a áirithiú go mbeidh airm thine dhíghníomhachtaithe do-oibrithe ar bhealach do-athraithe (IO L 333, 19.12.2015, lch. 62).


IARSCRÍBHINN I

I.

Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn “arm”:

aon arm tine mar a shainmhínítear in Airteagal 1;

airm seachas airm thine mar a shainmhínítear sa reachtaíocht náisiúnta.

II.

Chun críocha na Treorach seo, aicmítear airm thine sna catagóirí seo a leanas:

Catagóir A — Airm thine thoirmiscthe

1.

Diúracáin agus lainseálaithe míleata phléascacha.

2.

Airm thine uathoibríocha.

3.

Airm thine á gceilt mar nithe eile.

4.

Armlón a bhfuil diúracáin threáiteacha, phléascacha nó loiscneacha ann, agus na diúracáin don armlón sin.

5.

Armlón piostail agus gunnáin a bhfuil diúracáin mhéadaitheacha ag gabháil leis agus na diúracáin don armlón sin, seachas i gcás arm le haghaidh fiach nó lámhach targaidí, i gcomhair daoine atá i dteideal iad a úsáid.

6.

Airm thine uathoibríocha atá tiontaithe ina n-airm thine leath-uathoibríocha gan dochar d’Airteagal 10(5).

7.

Aon cheann de na hairm thine leath-uathoibríocha lárlámhaigh seo a leanas:

(a)

airm thine ghearra a lamhálann níos mó ná 21 urchar a scaoileadh gan athlódáil, más fíor an méid seo a leanas ina leith:

(i)

tá gléas lódála ina bhfuil acmhainneacht is mó ná 20 urchar mar chuid den arm tine sin; nó

(ii)

cuirtear gléas lódála inbhainte ina bhfuil acmhainneacht is mó ná 20 urchar aige isteach ann;

(b)

airm thine fhada a lamhálann níos mó ná 11 urchar a scaoileadh gan athlódáil, más fíor an méid seo a leanas ina leith:

(i)

tá gléas lódála ina bhfuil acmhainneacht is mó ná 10 n-urchar mar chuid den arm tine sin; nó

(ii)

cuirtear gléas lódála inbhainte ina bhfuil acmhainneacht is mó ná 10 n-urchar aige isteach ann.

8.

Airm thine leath-uathoibríocha fhada, is é sin le rá airm thine a bheartaítear i dtosach a scaoileadh ón ngualainn, is féidir a laghdú go fad is lú ná 60 cm gan feidhmíocht a chailleadh trí stoc infhillte nó stoc teileascópála nó stoc is féidir a thabhairt chun siúil gan uirlisí a úsáid.

9.

Aon arm tine sa chatagóir seo a bhfuiltear tar éis é a thiontú chun urchair chaocha, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó urchair phiriteicniúla a scaoileadh, nó tar éis é a thiontú ina arm cúirtéise nó acústach.

Catagóir B — Airm thine faoi réir údaraithe

1.

Airm thine ghearra athchaite.

2.

Airm thine ghearra aon-urchair le forbhualadh lárlámhaigh.

3.

Airm thine ghearra aon-urchair le forbhualadh imill, ar lú a bhfad foriomlán ná 28 cm.

4.

Airm thine fhada leath-uathoibríocha ar féidir lena ngléas lódála agus lena gcuasán níos mó ná trí urchar a choinneáil le chéile i gcás airm thine buailte imill-lámhach, agus níos mó ná trí urchar ach níos lú ná dhá urchar déag i gcás airm thine lárlámhaigh.

5.

Airm thine ghearra leath-uathoibríocha seachas na cinn a liostaítear faoi phointe 7(a) de chatagóir A.

6.

Airm thine fhada leath-uathoibríocha, a liostaítear faoi phointe 7(b) de chatagóir A nach féidir lena ngléas lódála ná lena gcuasán níos mó ná trí urchar a choinneáil le chéile, i gcás ina mbeidh an gléas lódála inbhainte nó i gcás nach mbeifear cinnte nach féidir an t-arm sin a thiontú, le gnáthuirlisí, ina arm ar féidir lena ngléas lódála agus lena gcuasán le chéile níos mó ná trí urchar a choinneáil.

7.

Airm thine fhada athchaite agus airm thine fhada leath-uathoibríocha le bairillí mínchró nach faide ná 60 cm.

8.

Aon arm tine sa chatagóir seo a bhfuiltear tar éis é a thiontú chun urchair chaocha, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó urchair phiriteicniúla a scaoileadh, nó tar éis é a thiontú ina arm cúirtéise nó acústach.

9.

Airm thine leath-uathoibríocha le húsáid ag sibhialtaigh atá cosúil le hairm ag a bhfuil meicníochtaí uathoibríocha seachas na cinn a liostaítear faoi phointe 6, 7 nó 8 de chatagóir A.

Catagóir C — Airm thine agus airm faoi réir dearbhaithe

1.

Airm thine fhada athchaite seachas na cinn a liostaítear i bpointe 7 de chatagóir B.

2.

Airm thine fhada le bairillí eitreacha aon-urchair.

3.

Airm thine fhada leath-uathoibríocha seachas na cinn a liostaítear i gcatagóir A nó B.

4.

Airm thine ghearra aon-urchair le forbhualadh imill nach lú a bhfad foriomlán ná 28 cm.

5.

Aon arm tine sa chatagóir seo a bhfuiltear tar éis é a thiontú chun urchair chaocha, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó urchair phiriteicniúla a scaoileadh, nó tar éis é a thiontú ina arm cúirtéise nó acústach.

6.

Airm thine a aicmítear i gcatagóir A nó B nó sa chatagóir seo atá díghníomhachtaithe i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2403.

7.

Airm thine fhada aon-urchair le bairillí mínchró arna gcur ar an margadh an 14 Meán Fómhair 2018 nó ina dhiaidh sin.

III.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, ní áireofar réada nach gcomhfhreagraíonn don sainmhíniú ar “arm tine” sa sainmhíniú sin más rud é:

(a)

go bhfuil siad deartha le haghaidh rabhaidh, comharthaíochta, tarrthála, marú ainmhithe nó iascaireacht le harpúin, nó chun críoch tionsclaíocha nó teicniúil ar choinníoll gur féidir iad a úsáid chun na críche sonraithe amháin;

(b)

go meastar iad mar airm ársa i gcás nach mbeidh airm den sórt sin áirithe sna catagóirí a leagtar amach i gCuid II agus go mbeidh siad faoi réir dlíthe náisiúnta.

Go dtí go ndéanfar comhordú ar fud an Aontais, féadfaidh na Ballstáit a ndlíthe náisiúnta a chur i bhfeidhm maidir leis na hairm thine a liostaítear sa Chuid seo.

IV.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo:

(a)

ciallaíonn “arm tine gearr” arm tine le bairille nach faide ná 30 ceintiméadar nó arm tine le bairille nach faide ná 60 ceintiméadar a fhad foriomlán;

(b)

ciallaíonn “arm tine fada” aon arm tine seachas arm tine gearr;

(c)

ciallaíonn “arm tine uathoibríoch” arm tine a athlódáiltear go huathoibríoch gach uair a scaoiltear urchar agus atá in ann níos mó ná urchar amháin a scaoileadh má tharraingítear an truicear iarraidh amháin;

(d)

ciallaíonn “arm tine leath-uathoibríoch” arm tine a athlódáiltear go huathoibríoch gach uair a scaoiltear urchar agus nach bhfuil in ann ach urchar amháin a scaoileadh má tharraingítear an truicear iarraidh amháin;

(e)

ciallaíonn “arm tine athchaite” arm tine atá ceaptha lena athlódáil ó philéarlann nó ó shorcóir, tar éis urchar a scaoileadh, trí ghníomh a oibrítear de láimh;

(f)

ciallaíonn “arm tine aon-urchair” arm tine gan philéarlann a lódáiltear sula scaoiltear gach urchar trí urchar a chur isteach de láimh sa chuasán nó i gcuaisín lódála ag craos an bhairille;

(g)

ciallaíonn “armlón a bhfuil diúracáin threáiteacha ann” armlón le haghaidh úsáid mhíleata i gcás ina bhfuil an diúracán cumhdaithe agus ina bhfuil croí crua ann;

(h)

ciallaíonn “armlón a bhfuil diúracáin phléascacha ann” armlón le haghaidh úsáid mhíleata i gcás ina bhfuil lánán sa diúracán a phléascann tar éis dó turraing a dhéanamh;

(i)

ciallaíonn “armlón a bhfuil diúracáin loiscneacha ann” armlón le haghaidh úsáid mhíleata i gcás ina bhfuil meascán ceimiceach sa diúracán a lasann d’aon bhladhm tar éis dó dul i dteagmháil le haer nó tar éis dó turraing a dhéanamh.


IARSCRÍBHINN II

PAS ARM TINE EORPACH

Ní mór na ranna seo a leanas a bheith sa phas:

(a)

céannacht an tsealbhóra;

(b)

sainaithint an airm nó an airm tine, lena n-áirítear tagairt don chatagóir de réir bhrí na Treorach seo ;

(c)

fad bailíochta an phas;

(d)

roinn lena húsáid ag an mBallstát a eisíonn an pas (cineál údaruithe agus tagairtí dóibh, etc.);

(e)

ranna d’iontrálaithe ag Ballstáit eile (údaruithe chun dul isteach ina gcríoch, etc.);

(f)

na ráitis:

“An ceart chun taisteal chuig Ballstát eile le harm tine amháin nó níos mó a aicmítear i gcatagóir A, B nó C agus a luaitear sa phas seo, beidh sé faoi réir réamhúdarú comhfhreagrach amháin nó níos mó ón mBallstát a dtugtar cuairt air. Féadfar údaruithe den sórt sin a thaifeadadh ar an bpas.

I bprionsabal, níl an réamhúdarú dá dtagraítear thuas riachtanach chun taisteal le harm tine a aicmítear i gcatagóir C d’fhonn gabháil de de ghníomhaíochtaí fiaigh nó athléirithe stairiúil nó le harm tine a aicmítear i gcatagóir A, B nó C chun páirt a ghlacadh i lámhach targaidí, ar choinníoll go mbeidh an pas arm tine i seilbh an taistealaí agus gur féidir leis an taistealaí cúis an turais a bhunú.”

I gcás ina mbeidh Ballstát tar éis a chur in iúl do na Ballstáit eile, i gcomhréir le hAirteagal 11(3), go dtoirmisctear seilbh arm tine áirithe a aicmítear i gcatagóir B nó C nó go bhfuil siad faoi réir údaraithe, cuirfear ceann de na ráitis seo a leanas leis:

“Toirmiscfear turas chuig … (Stát (Stáit) lena mbaineann) leis an arm tine … (sainaitheantas).”

“Beidh turas chuig … (Stát (Stáit) lena mbaineann) leis an arm tine … (sainaitheantas) faoi réir údaraithe.”


IARSCRÍBHINN III

CUID A

Treoir aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh uirthi

(dá dtagraítear in Airteagal 26)

Treoir 91/477/CEE ón gComhairle

(IO L 256, 13.9.1991, lch. 51)

Treoir 2008/51/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 179, 8.7.2008, lch. 5)

Treoir (AE) 2017/853 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 137, 24.5.2017, lch. 22)

CUID B

Teorainneacha ama don trasuí sa dlí náisiúnta

(dá dtagraítear in Airteagal 26)

Treoir

Teorainneacha ama don trasuí

91/477/CEE

31 Nollaig 1992

2008/51/CE

28 Iúil 2010

(AE) 2017/853

14 Meán Fómhair 2018 (1)


(1)  Mar sin féin, faoi Airteagal 2(2) de Threoir (AE) 2017/853, “De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagal 4(3) agus Airteagal 4(4) de Threoir 91/477/CEE, arna leasú leis an Treoir seo, a chomhlíonadh faoin 14 Nollaig 2019.”


IARSCRÍBHINN IV

TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 91/477/CEE

An Treoir seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4(1) agus (2)

Airteagal 4(1) agus (2)

Airteagal 4(2a)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(5)

Airteagal 4(5)

Airteagal 4(6)

Airteagal 4a

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 5a

Airteagal 7

Airteagal 5b

Airteagal 8

Airteagal 6

Airteagal 9

Airteagal 7(1) go (4)

Airteagal 10(1) go (4)

Airteagal 7(4a)

Airteagal 10(5)

Airteagal 7(5)

Airteagal 10(6)

Airteagal 8(1), an chéad fhomhír

Airteagal 11(1), an chéad fhomhír

Airteagal 8(1), an dara fomhír

_

_

Airteagal 11(1), an dara fomhír

Airteagal 8(2) agus (3)

Airteagal 11(2) agus (3)

Airteagal 9(1), na focail réamhráiteacha

Airteagal 12(1), na focail réamhráiteacha

Airteagal 9(1), an chéad fhleasc

Airteagal 12(1), pointe (a)

Airteagal 9(1), an dara fleasc

Airteagal 12(1), pointe (b)

Airteagal 9(2)

Airteagal 12(2)

Airteagal 10

Airteagal 13

Airteagal 10a

Airteagal 14

Airteagal 10b

Airteagal 15

Airteagal 11(1)

Airteagal 16(1)

Airteagal 11(2), an chéad fhomhír, na focail réamhráiteacha

Airteagal 16(2), an chéad fhomhír, na focail réamhráiteacha

Airteagal 11(2), an chéad fhomhír, an chéad fhleasc

Airteagal 16(2), an chéad fhomhír, pointe (a)

Airteagal 11(2), an chéad fhomhír, an dara fleasc

Airteagal 16(2), an chéad fhomhír, pointe (b)

Airteagal 11(2), an chéad fhomhír, an tríú fleasc

Airteagal 16(2), an chéad fhomhír, pointe (c)

Airteagal 11(2), an chéad fhomhír, an ceathrú fleasc

Airteagal 16(2), an chéad fhomhír, pointe (d)

Airteagal 11(2), an chéad fhomhír, an cúigiú fleasc

Airteagal 16(2), an chéad fhomhír, pointe (e)

Airteagal 11(2), an chéad fhomhír, an séú fleasc

Airteagal 16(2), an chéad fhomhír, pointe (f)

Airteagal 11(2), sa dara fomhír, sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír

Airteagal 16(2), sa dara fomhír, sa tríú fomhír agus sa cheathrú

Airteagal 11(3) agus (4)

Airteagal 16(3) agus (4)

Airteagal 12

Airteagal 17

Airteagal 13

Airteagal 18

Airteagal 13a

Airteagal 19

Airteagal 13b

Airteagal 20

Airteagal 14, na focail réamhráiteacha

Airteagal 21, na focail réamhráiteacha

Airteagal 14, an chéad fhleasc

Airteagal 21, pointe (a)

Airteagal 14, an chéad fhleasc

Airteagal 21, pointe (b)

Airteagal 15

Airteagal 22

Airteagal 16

Airteagal 23

Airteagal 17

Airteagal 24

Airteagal 18

_

_

Airteagail 25, 26 agus 27

Airteagal 19

Airteagal 28

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

_

Iarscríbhinn III

_

Iarscríbhinn IV