16.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 450/149


CINNEADH (AE) 2021/2243 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Nollaig 2021

lena leagtar síos rialacha inmheánacha maidir le faisnéis a sholáthar d’ábhair sonraí agus le srian a chur ar chearta áirithe dá gcuid i gcomhthéacs sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha shlándáil chórais faisnéise agus chumarsáide an Choimisiúin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 249(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Agus cúraimí an Choimisiúin á gcomhlíonadh aige, tá an Coimisiún faoi cheangal cearta daoine nádúrtha a urramú i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta mar a aithnítear le hAirteagal 8(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 16(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tá sé faoi cheangal, freisin, na cearta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) a urramú. An tráth céanna, ní mór don Choimisiún teagmhais slándála TF a láimhseáil i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 15 de Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 (2).

(2)

Chun slándáil TF a áirithiú, is é sin caomhnú a dhéanamh ar rúndacht, sláine, agus infhaighteacht córas cumarsáide agus faisnéise agus ar na tacair sonraí a phróiseáiltear leo, a mhéid a bhaineann le daoine, le sócmhainní agus le faisnéis, tá bearta déanta ag an gCoimisiún, go háirithe trí Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta, dá bhforáiltear i gCinneadh (AE, Euratom) 2017/46 agus i gCinneadh C(2017) 8841 final (3). Áirítear ar na bearta sin, faireachán a dhéanamh ar na rioscaí slándála TF agus ar na bearta slándála TF arna gcur chun feidhme, iarraidh ar úinéirí córais bearta slándála TF sonracha a dhéanamh chun maolú a dhéanamh ar rioscaí slándála TF i ndáil le córais chumarsáide agus faisnéise an Choimisiúin agus teagmhais slándála TF a bhainistiú.

(3)

Soláthraíonn Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta oibríochtaí agus seirbhísí slándála TF don Choimisiún agus ní mór dó roinnt catagóirí sonraí pearsanta a phróiseáil chun:

foláirimh agus rabhaidh a bhaineann le heachtraí agus teagmhais slándála TF a chur in iúl;

freagairt d’eachtraí agus teagmhais slándála TF agus iad a choinneáil faoi smacht;

uirlisí agus oibríochtaí a éascú trí bhíthin iniúchtaí slándála, measúnuithe slándála agus bainistíocht leochaileachta;

feasacht bhaill foirne an Choimisiúin i réimse na cibearshlándála a mhéadú;

faireachán a dhéanamh ar eachtraí agus teagmhais slándála TF, na heachtraí agus na teagmhais sin a bhrath agus iad a chosc;

athbhreithniú a dhéanamh ar chuntais úsáideoirí faoi phribhléid.

(4)

Teagmhais slándála TF a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shlándáil córas faisnéise agus cumarsáide an Choimisiúin, d’fhéadfadh na teagmhais sin tarlú in aon oibríocht phróiseála arna déanamh ag an gCoimisiún. D’fhéadfadh baint a bheith acu le haon chatagóir sonraí pearsanta a phróiseálann an Coimisiún.

(5)

In imthosca áirithe, d’fhéadfadh sé gur gá cearta na n-ábhar sonraí faoi Rialachán (AE) 2018/1725 a réiteach le riachtanas an Choimisiúin a chúraimí a chur i gcrích go héifeachtach maidir le slándáil TF daoine, sócmhainní agus faisnéise a áirithiú sa Choimisiún faoi Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46, agus cearta agus saoirsí bunúsacha na n-ábhar sonraí eile á n-urramú go hiomlán aige. Chuige sin, le hAirteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, údaraítear don Choimisiún srian a chur ar chur i bhfeidhm Airteagail 14 go 17, Airteagal 19, Airteagal 20 agus Airteagal 35 den Rialachán sin, agus phrionsabal na trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 4(1)(a) de, a mhéid a chomhfhreagraíonn forálacha an Airteagail sin leis na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 17, Airteagal 19 agus Airteagal 20 den Rialachán sin.

(6)

Ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo maidir le gach oibríocht phróiseála arna déanamh ag an Coimisiún, ina cháil mar rialaitheoir sonraí, agus a chúraimí maidir le slándáil TF daoine, sócmhainní agus faisnéise a áirithiú sa Choimisiún de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 á gcur i gcrích aige. Dá bhrí sin, ba cheart baint a bheith aige leis na hábhair sonraí atá faoi chatagóirí na sonraí pearsanta a chumhdaítear leis na hoibríochtaí próiseála uile sin, i.e. daoine aonair a bhíonn ag idirghníomhú le haon cheann de chórais chumarsáide agus faisnéise an Choimisiúin.

(7)

Stóráiltear sonraí pearsanta i dtimpeallacht leictreonach shlán chun rochtain neamhdhleathach ag daoine lasmuigh den Choimisiún ar na sonraí sin a chosc. Tá feidhm ag tréimhsí coinneála sonraí éagsúla maidir le hoibríochtaí próiseála éagsúla, de réir chineál na sonraí pearsanta lena mbaineann. Maidir le comhaid a choinneáil sa Choimisiúin, tá sé faoi rialú ag Liosta Coinneála Coiteann ar Leibhéal an Choimisiúin (SEC(2019) 900), doiciméad rialála i bhfoirm sceideal coinneála lena leagtar amach na tréimhsí coinneála le haghaidh cineálacha éagsúla comhad de chuid an Choimisiúin chun coinneáil sonraí a theorannú don mhéid is gá.

(8)

D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gCoimisiún srian a chur ar fheidhmiú chearta na n-ábhar sonraí chun a shlándáil inmheánach a chosaint de bhun Airteagal 25(1)(d), de Rialachán (AE) 2018/1725 (i.e. chun caomhnú a dhéanamh ar rúndacht, sláine, agus infhaighteacht a chóras cumarsáide agus faisnéise agus na dtacar sonraí a phróiseáiltear leo, agus ar a chuid sócmhainní agus faisnéise). Go háirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gCoimisiún déanamh amhlaidh agus é:

ag cur in iúl foláirimh agus rabhaidh a bhaineann le heachtraí agus teagmhais slándála TF;

ag freagairt d’eachtraí agus teagmhais slándála TF agus á gcoinneáil faoi smacht; ag éascú uirlisí agus oibríochtaí trí bhíthin iniúchtaí slándála, measúnuithe slándála agus bainistíocht leochaileachta;

ag méadú feasacht bhaill foirne an Choimisiúin i réimse na cibearshlándála;

ag déanamh faireachán ar eachtraí agus teagmhais slándála TF, agus na heachtraí agus na teagmhais sin á mbrath agus á gcosc aige;

ag déanamh athbhreithniú ar chuntais úsáideoirí faoi phribhléid.

(9)

Chun teagmhais slándála TF a láimhseáil, dá dtagraítear in Airteagal 15 de Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46, féadfaidh Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta faisnéis a mhalartú le Foireann Freagartha do Chibirionsaithe na hArd-Stiúrthóireachta atá freagrach as Acmhainní Daonna agus Slándáil.

(10)

Chun Airteagal 14, Airteagal 15 agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún gach duine aonair a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí ina bpróiseáiltear a sonraí pearsanta agus ina ndéantar difear dá gcearta. Ba cheart dó sin a dhéanamh ar bhealach trédhearcach comhleanúnach trí fhógra cosanta sonraí a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin. I gcás inarb ábhartha, ba cheart dó coimircí breise a chur i bhfeidhm chun ábhair sonraí a chur ar an eolas ar bhonn aonair i bhformáid iomchuí.

(11)

Trí Airteagal 14, Airteagal 15 agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh, d’fhéadfaí na bearta, na leochaileachtaí nó na teagmhais slándála TF atá ann, dá dtagraítear in Airteagal 15 de Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46, a nochtadh. Trí na bearta, na leochaileachtaí agus na teagmhais slándála TF sin a nochtadh, is mó an riosca go sárófaí an beart slándála TF neamhchosanta, go mbainfí mí-úsáid ansin as an leochaileacht neamhchosanta agus go bhféadfaí dochar a dhéanamh d’anailís leanúnach ar theagmhas slándála TF mar go bhféadfadh úsáideoir nó gníomhaí mailíseach déantáin a ionramháil trí thimpiste nó d’aon ghnó. D’fhéadfadh sin bac tromchúiseach a chur ar chumas an Choimisiúin a shlándáil TF a áirithiú agus go háirithe ar a chumas teagmhais slándála TF a láimhseáil go héifeachtach sa todhchaí.

(12)

Faoi Airteagal 25(1)(h), de Rialachán (AE) 2018/1725, údaraítear don Choimisiún freisin srian a chur ar fheidhmiú ceart ábhar sonraí chun cearta agus saoirsí daoine aonair eile a chosaint a mhéid a bhaineann le teagmhais slándála a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’oibríochtaí slándála TF.

(13)

D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gCoimisiún srian a chur le faisnéis a sholáthar d’ábhair sonraí agus le feidhmiú chearta eile na n-ábhar sonraí i ndáil le sonraí pearsanta arna bhfáil ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, chun a dhualgas maidir le dul i gcomhar leis na tíortha nó na heagraíochtaí sin a chomhlíonadh. Is cuid de dhualgas an Choimisiúin é sin chun cuspóir tábhachtach a bhaineann le leas phobal an Aontais i gcoitinne a chosaint, dá dtagraítear in Airteagal 25(1)(c) de Rialachán (AE) 2018/1725. Mar sin féin, in imthosca áirithe, d’fhéadfadh leas chearta bunúsacha an ábhair sonraí tús áite a fháil ar leas an chomhair idirnáisiúnta.

(14)

Dá bhrí sin, shainaithin an Coimisiún na forais a liostaítear in Airteagal 25(1)(c), (d) agus (h) de Rialachán (AE) 2018/1725 mar fhorais le haghaidh srianta a bhféadfadh gur gá iad a chur i bhfeidhm maidir le hoibríochtaí próiseála sonraí arna ndéanamh ag Ard-Stiúrthóireachta na Faisnéisíochta, arb oibríochtaí iad a bhaineann le hoibríochtaí agus seirbhísí slándála TF a sholáthar don Choimisiún.

(15)

Aon srian arna chur chun feidhme faoin gCinneadh seo, ba cheart iad a bheith riachtanach agus comhréireach agus na rioscaí do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí á gcur san áireamh.

(16)

Ba cheart don Choimisiún na srianta uile a láimhseáil ar bhealach trédhearcach agus gach cur i bhfeidhm srianta a chlárú sa chóras taifid comhfhreagrach.

(17)

Faoi Airteagal 25(8) de Rialachán (AE) 2018/1725, féadfaidh rialaitheoirí sonraí soláthar faisnéise a iarchur, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú, bunaithe ar na cúiseanna atá le srian a chur ar an ábhar sonraí, dá ndéanfadh soláthar na faisnéise sin dochar d’éifeacht an tsriain ar bhealach ar bith. Go háirithe, tá feidhm aige sin maidir leis na srianta ar na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 16 agus Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1725. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar na srianta arna bhforchur chun a áirithiú nach gcuirfear srian ar chearta an ábhair sonraí maidir lena chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 16 agus Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1725 ach a fhad a bheidh gá le srianta den sórt sin chun a chur ar a chumas don Choimisiún a shlándáil TF a áirithiú agus, go háirithe, teagmhais slándála TF a láimhseáil.

(18)

I gcás ina gcuireann an Coimisiún srian ar fheidhmiú chearta na n-ábhar sonraí seachas sna cásanna sin dá dtagraítear in Airteagal 16 agus Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1725, ba cheart don rialaitheoir sonraí a mheasúnú, ar bonn cás ar chás, an ndéanfaí dochar dá chuspóir dá gcuirfí in iúl é.

(19)

Ba cheart d’Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na srianta, d’fhonn a áirithiú go gcomhlíontar an Cinneadh seo.

(20)

Chun a chur ar a chumas don Choimisiún srian a chur láithreach ar fheidhmiú ceart agus oibleagáidí áirithe i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(21)

D’eisigh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí tuairim an 16 Meán Fómhair 2021,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an gCinneadh seo na rialacha nach mór don Choimisiún a leanúint chun ábhair sonraí a chur ar an eolas faoin bpróiseáil a dhéantar ar a sonraí pearsanta i gcomhréir le hAirteagal 14, Airteagal 15 agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus a chúraimí á ndéanamh aige de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46.

Leagtar síos ann freisin na coinníollacha faoina bhféadfadh an Coimisiún srian a chur le cur i bhfeidhm Airteagal 4, Airteagail 14 go 17, Airteagal 19, Airteagal 20 agus Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1725 i gcomhréir le hAirteagal 25(1)(c), (d) agus (h) den Rialachán sin, agus a chúraimí á ndéanamh aige de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46.

2.   Tá feidhm ag an gCinneadh seo maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún nó thar a cheann chun críche gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun slándáil TF daoine, sócmhainní agus faisnéise a áirithiú sa Choimisiún de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 nó i ndáil leis na gníomhaíochtaí sin.

Airteagal 2

Eisceachtaí agus srianta is infheidhme

1.   I gcás ina bhfeidhmíonn an Coimisiún a dhualgais maidir le cearta na n-ábhar sonraí faoi Rialachán (AE) 2018/1725, breithneoidh sé an bhfuil feidhm ag aon cheann de na heisceachtaí a leagtar síos sa Rialachán sin.

2.   Faoi réir Airteagail 3 go 7 den Chinneadh seo, maidir le feidhmiú na gceart agus na n-oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 17, Airteagal 19, Airteagal 20 agus Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1725 i ndáil le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag an gCoimisiún, i gcás ina ndéanfaí, trí bhíthin fheidhmiú na gceart sin, dochar don chuspóir atá le hoibríochtaí agus seirbhísí slándála TF a sholáthar, inter alia trí leochaileachtaí agus uirlisí agus modhanna imscrúdaitheacha an Choimisiúin a nochtadh, nó i gcás ina ndéanfaí dochar do chearta agus do shaoirsí agus do shlándáil ábhar sonraí eile, go háirithe maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil chun:

foláirimh agus rabhaidh a bhaineann le heachtraí agus teagmhais slándála TF a chur in iúl;

freagairt d’eachtraí agus teagmhais slándála TF agus iad a choinneáil faoi smacht;

uirlisí agus oibríochtaí a éascú trí bhíthin iniúchtaí slándála, measúnuithe slándála agus bainistíocht leochaileachta;

feasacht bhaill foirne an Choimisiúin i réimse na cibearshlándála a mhéadú;

faireachán a dhéanamh ar eachtraí agus teagmhais slándála TF, na heachtraí agus na teagmhais sin a bhrath agus iad a chosc;

cuntais úsáideoirí faoi phribhléid a athbhreithniú,

féadfaidh an Coimisiún srian a chur le cur i bhfeidhm na nithe seo a leanas:

(a)

Airteagail 14 go 17, Airteagal 19, Airteagal 20 agus Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1725;

(b)

prionsabal na trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 4(1)(a), de Rialachán (AE) 2018/1725, a mhéid a chomhfhreagraíonn forálacha an Airteagail sin leis na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 17, Airteagal 19 agus Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2018/1725.

Féadfaidh an Coimisiún déanamh amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 25(1)(c), (d) agus (h) de Rialachán (AE) 2018/1725.

3.   Faoi réir Airteagail 3 go 7, féadfaidh an Coimisiún srian a chur leis na cearta agus na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo:

(a)

i gcás ina bhféadfadh institiúid, comhlacht, gníomhaireacht nó oifig eile de chuid an Aontais srian a chur le feidhmiú na gceart agus na n-oibleagáidí sin i leith sonraí pearsanta arna bhfáil ón institiúid, comhlacht, gníomhaireacht nó oifig eile de chuid an Aontais sin ar bhonn gníomhartha dlíthiúla dá bhforáiltear in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725, nó de bhun Chaibidil IX den Rialachán sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) nó i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (5);

(b)

i gcás ina bhféadfadh údarás inniúil de chuid Ballstáit srian a chur le feidhmiú na gceart agus na n-oibleagáidí sin i leith sonraí pearsanta arna bhfáil ó údarás inniúil den Bhallstát sin ar bhonn bearta reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), nó faoi bhearta náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 13(3), Airteagal 15(3) nó Airteagal 16(3) de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7);

(c)

i gcás ina ndéanfadh feidhmiú na gceart agus na n-oibleagáidí sin dochar do chomhar an Choimisiúin le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta i dtaobh bagairtí cibearshlándála comhchoiteanna.

Sula gcuirfidh sé srianta i bhfeidhm sna himthosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír, (a) agus (b), rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le hinstitiúidí, comhlachtaí, gníomhaireachtaí, oifigí an Aontais nó le húdaráis na mBallstát ábhartha maidir leis na forais fhéideartha chun srianta a fhorchur agus riachtanas agus comhréireacht na srianta lena mbaineann, mura rud é go ndéanfadh sin dochar do ghníomhaíochtaí an Choimisiúin agus ach amháin más léir don Choimisiún go ndéantar foráil maidir le srian a chur i bhfeidhm le ceann de na gníomhartha dá dtagraítear sna pointí sin nó go ndéanfadh an comhairliúchán sin dochar do chuspóir a ghníomhaíochtaí faoi Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír, (c), i gcás ina mbeidh tús áite ag leasanna nó ag cearta agus saoirsí bunúsacha an ábhair sonraí ar leas an Choimisiúin chun dul i gcomhar le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

4.   Beidh mír 1, mír 2 agus mír 3 gan dochar do chur i bhfeidhm Cinntí eile ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha inmheánacha lena rialaítear soláthar faisnéise d’ábhair sonraí agus cur i bhfeidhm ceart áirithe a shrianadh faoi Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725.

5.   Beidh aon srian ar na cearta agus na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 2 riachtanach agus comhréireach leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí.

6.   Déanfar tástáil ar riachtanas agus ar chomhréireacht ar bhonn cás ar chás sula gcuirfear srianta i bhfeidhm agus beidh srianta teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach chun an cuspóir beartaithe a bhaint amach.

Airteagal 3

Soláthar faisnéise d’ábhair sonraí

1.   Déanfaidh an Coimisiún fógra cosanta sonraí a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin, fógra lena gcuirfear na hábhair sonraí uile ar an eolas faoina ghníomhaíochtaí ina bpróiseáiltear a sonraí pearsanta chun a chúraimí de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 a chomhlíonadh, lena n-áirítear tuairisc ar chatagóirí na sonraí pearsanta lena mbaineann. I gcás inar féidir é a dhéanamh gan an tslándáil TF a chur i mbaol, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na hábhair sonraí ar an eolas ar bhonn aonair i bhformáid iomchuí.

2.   I gcás ina gcuireann an Coimisiún srian, go hiomlán nó go páirteach, ar sholáthar faisnéise d’ábhair sonraí a ndéanann an Coimisiún próiseáil ar a sonraí pearsanta chun a chúraimí de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 a chomhlíonadh, déanfaidh sé na cúiseanna atá leis an srian sin a thaifeadadh agus a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 6 den Chinneadh seo.

Airteagal 4

Ceart rochtana ag an ábhar sonraí, an ceart go ndéanfaí léirscriosadh agus an ceart go gcuirfí srian le próiseáil sonraí

1.   I gcás ina gcuireann an Coimisiún srian, go hiomlán nó go páirteach, ar cheart rochtana na n-ábhar sonraí ar shonraí pearsanta, ar an gceart go ndéanfaí léirscriosadh nó ar an gceart go gcuirfí srian le próiseáil sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 17, Airteagal 19 agus Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2018/1725, cuirfidh sé an t-ábhar sonraí lena mbaineann ar an eolas, sa fhreagra uaidh ar an iarraidh ar rochtain, ar léirscriosadh nó ar shrianadh próiseála sonraí:

(a)

maidir leis an srian arna chur i bhfeidhm agus na príomhchúiseanna a bhaineann leis;

(b)

maidir leis an gcaoi ar féidir gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó maidir leis an gcaoi ar féidir leigheas breithiúnach a lorg i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

2.   Féadfaidh an Coimisiún soláthar faisnéise a chur siar, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú ar bhonn na gcúiseanna atá leis an srian dá dtagraítear i mír 1 a fhad a dhéanfadh sé sin dochar do chuspóir an tsriain.

3.   Déanfaidh an Coimisiún na cúiseanna atá leis an srian a thaifeadadh agus a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 6.

4.   I gcás ina gcuirtear srian, go hiomlán nó go páirteach, ar an gceart rochtana, féadfaidh ábhair sonraí a gceart rochtana a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 25(6), (7) agus (8) de Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 5

Sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl do na hábhair sonraí

I gcás ina gcuireann an Coimisiún srian ar shárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí amhail dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfaidh sé na cúiseanna atá leis an srian a thaifeadadh agus a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 6 den Chinneadh seo. Cuirfidh an Coimisiún an taifead in iúl do MECS tráth a thabharfar fógra faoin sárú ar shonraí pearsanta.

Airteagal 6

Srianta a thaifeadadh agus a chlárú

1.   Déanfaidh an Coimisiún na cúiseanna atá le haon srian a chuirtear i bhfeidhm de bhun an Chinnidh seo a thaifeadadh, lena n-áirítear tagairt do na forais dhlíthiúla atá leis an srian agus measúnú ar riachtanas agus comhréireacht an tsriain, agus na heilimintí ábhartha a leagtar amach in Airteagal 25(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 á gcur san áireamh.

2.   Leis an taifead sonrófar an bealach a ndéanfaí dochar, trí ábhar sonraí a cheart a fheidhmiú, don chuspóir atá le hoibríochtaí agus seirbhísí slándála TF a sholáthar don Choimisiún i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46 nó le srianta arna gcur i bhfeidhm de bhun Airteagal 2(2) nó (3) den Chinneadh seo nó an bealach a ndéanfadh sé dochar do chearta agus do shaoirsí ábhar sonraí eile.

3.   Cláróidh an Coimisiún na taifid sin agus aon doiciméad ina bhfuil eilimintí bunúsacha fíorasacha agus dlíthiúla. Cuirfear ar fáil iad don Mhaoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí ar iarratas.

Airteagal 7

Fad na srianta

1.   Leanfaidh na srianta dá dtagraítear in Airteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 5 d’fheidhm a bheith acu fad a bheidh na cúiseanna leo fós bailí.

2.   Nuair nach bailí iad a thuilleadh na cúiseanna atá le srian dá dtagraítear in Airteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 5, déanfaidh an Coimisiún:

(a)

deireadh a chur leis an srian;

(b)

an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas faoi na príomhchúiseanna a bhí leis an srian;

(c)

an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas maidir leis an gcaoi ar féidir leis gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí tráth ar bith nó maidir leis an gcaoi ar féidir leis leigheas breithiúnach a lorg i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 8

Coimircí agus tréimhsí stórála

1.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na srianta dá dtagraítear in Airteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 5, 6 mhí tar éis a nglactha, agus ag deireadh na hoibríochta slándála TF aonair. Ina dhiaidh sin, ar bhonn bliantúil a dhéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus faireachán ar an ngá atá le haon srian a choinneáil ar bun.

Áireofar san athbhreithniú measúnú ar riachtanas agus comhréireacht an tsriain, agus na heilimintí ábhartha a leagtar amach in Airteagal 25(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 á gcur san áireamh.

2.   Ghlac an Coimisiún bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun aon scrios, cailleadh, athrú, nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach éigin eile amhail bainistiú ceart rochtana, beartas cúltaca agus aon bheart eile i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin a sheachaint bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach.

3.   Déanfaidh an Coimisiún taifeadadh ar na tréimhsí coinneála is infheidhme i gcomhréir leis an Liosta Coinneála Coiteann ar Leibhéal an Choimisiúin agus cuirfidh sé na tréimhsí coinneála ábhartha maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála sin ar fáil do na hábhair sonraí ina fhógra cosanta sonraí.

Airteagal 9

Athbhreithniú ag Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin

1.   Cuirfear Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin ar an eolas, gan moill mhíchuí, aon uair a chuirfear srian ar chearta ábhar sonraí i gcomhréir leis an gCinneadh seo. Arna iarraidh sin, tabharfar rochtain don Oifigeach Cosanta sonraí ar an taifead agus ar aon doiciméad ina bhfuil eilimintí bunúsacha fíorasacha agus dlíthiúla.

2.   Féadfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí athbhreithniú a iarraidh ar na srianta agus cuirfear ar an eolas é faoi thoradh an athbhreithnithe a iarradh.

3.   Déanfaidh an Coimisiún doiciméadú ar rannpháirtíocht an Oifigigh Cosanta Sonraí aon uair a chuirfear srian ar chearta ábhar sonraí i gcomhréir leis an gCinneadh seo.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(2)  Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise arna n-úsáid ag an gCoimisiún Eorpach (IO L 6, 11.1.2017, lch. 40).

(3)  Cinneadh (C(2017) 8841) ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2017 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh Airteagail 3, 5, 7, 8, 9, 10, 11, 12, 14, 15 de Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún.

(4)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(5)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(7)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).