25.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 420/129


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2057 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Samhain 2021

lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht Shingeapór leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/953, leagtar síos creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (“Deimhniú Digiteach COVID AE”) a eisiúint agus a fhíorú agus chun go nglacfaí leo, ionas go n-éascófar do na sealbhóirí a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú le linn phaindéim COVID-19. Ina theannta sin, leis an Rialachán sin rannchuidítear le héascú a dhéanamh ar dheireadh a chur de réir a chéile ar mhodh comhordaithe le srianta ar an tsaorghluaiseacht a chuir na Ballstáit i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leathadh SARS-CoV-2 a theorannú.

(2)

Le Rialachán (AE) 2021/953, ceadaítear glacadh le deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag tríú tíortha do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur i gcomhréir le caighdeáin a mheastar a bheith coibhéiseach leis na caighdeáin arna mbunú de bhun an Rialacháin sin a eisítear na deimhnithe COVID-19. Thairis sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ní mór do na Ballstáit na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/953 a chur i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, ach atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar a gcríoch agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, aon fhionnachtain choibhéise atá sa Chinneadh seo, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú agus tástáil arna n-eisiúint ag Poblacht Shingeapór do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh. Mar an gcéanna, ar bhonn Rialachán (AE) 2021/954, ba cheart feidhm a bheith ag na fionnachtana coibhéise sin freisin maidir le deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú agus tástáil arna n-eisiúint ag Poblacht Shingeapór do náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríoch na mBallstát faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin.

(3)

An 26 Iúil 2021, chuir Poblacht Shingeapór faisnéis mhionsonraithe ar fáil don Choimisiún maidir le heisiúint deimhnithe COVID-19 idir-inoibritheacha i ndáil le vacsaíniú agus tástáil faoin gcóras dar teideal “HealthCerts”. Chuir Poblacht Shingeapór in iúl don Choimisiún go measann sí go bhfuil a deimhnithe COVID-19 á n-eisiúint i gcomhréir le caighdeán agus córas teicneolaíochta atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, agus ar caighdeán agus córas teicneolaíochta iad lena bhfágtar gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. I dtaca leis sin, chuir Poblacht Shingeapór in iúl don Choimisiún go bhfuil na sonraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 san áireamh sna deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht Shingeapór i gcomhréir leis an gcóras “HealthCerts”.

(4)

Chuir Poblacht Shingeapór in iúl don Choimisiún freisin go nglacann sí le deimhnithe i ndáil le vacsaíniú agus tástáil arna n-eisiúint ag na Ballstáit agus ag tíortha LEE i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953. Ina theannta sin, chuir Poblacht Shingeapór in iúl don Choimisiún go gcaithfidh sí le sealbhóirí Dheimhnithe Digiteacha COVID AE i ndáil le tástáil agus vacsaíniú mar shealbhóirí deimhnithe tástála agus vacsaínithe arna n-eisiúint ag Poblacht Shingeapór. Go háirithe, dheimhnigh Poblacht Shingeapór go nglacfaí le Deimhnithe Digiteacha COVID AE i ndáil le tástáil mar chruthúnas bailí ar thástáil dhiúltach réamhimeachta i gcás taistealaithe. Thug Poblacht Shingeapór le fios go mbeidh sealbhóirí Dheimhnithe Digiteacha COVID AE i ndáil le vacsaíniú incháilithe le haghaidh bearta bainistíochta sábháilte, ar bearta iad atá idirdhealaithe ó thaobh vacsaíniú de, i Singeapór ar feadh 30 lá gan deimhnithe vacsaínithe breise tar éis ghlacadh an Chinnidh seo.

(5)

Go háirithe, chuir Poblacht Shingeapór in iúl don Coimisiún go n-aithníonn sí gach vacsaín a bhfuil an próiseas maidir le Liostú Úsáide Éigeandála na hEagraíochta Domhanda Sláinte tugtha i gcrích ina leith, mar aon leis na vacsaíní atá údaraithe faoi Bhealach Rochtana Speisialta Paindéime Shingeapór. Glacfaidh Singeapór le vacsaíní atá údaraithe faoin mBealach Rochtana Speisialta Paindéime. Maidir leis na tástálacha, chuir Poblacht Shingeapór in iúl don Choimisiún go nglacann sí le deimhnithe tástála mar chruthúnas ar stádas ionfhabhtaíoch nó neamhionfhabhtaíoch taistealaí, ach nach ionann sin agus srianta taistil a tharscaoileadh. Is le beartais sláinte teorann Shingeapór a bhaineann tarscaoileadh den sórt sin. Thairis sin, ní dhéanann Singeapór ceanglais teorann a mhaolú faoi láthair i gcás taistealaithe atá téarnaithe ó COVID-19.

(6)

An 30 Meán Fómhair 2021, i ndiaidh iarraidh a fháil ó Phoblacht Shingeapór, rinne an Coimisiún tástálacha teicniúla a léirigh go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú agus tástáil arna n-eisiúint ag Poblacht Shingeapór i gcomhréir leis an gcóras “HealthCerts”, ar córas é atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, rud a fhágann gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. Dheimhnigh an Coimisiún freisin go bhfuil na sonraí is gá san áireamh sna deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú agus tástáil arna n-eisiúint ag Poblacht Shingeapór i gcomhréir leis an gcóras “HealthCerts”.

(7)

Ina theannta sin, chuir Poblacht Shingeapór in iúl don Choimisiún go n-eiseodh sí deimhnithe vacsaínithe idir-inoibritheacha le haghaidh vacsaíní COVID-19. Ar na vacsaíní sin faoi láthair tá Comirnaty agus Spikevax.

(8)

Chuir Poblacht Shingeapór in iúl don Choimisiún freisin nach n-eiseodh sí deimhnithe tástála idir-inoibritheacha ach amháin i ndáil le tástálacha aimpliúcháin aigéid núicléasaigh agus i ndáil le mearthástálacha antaiginí a liostaítear sa liosta coiteann cothrom le dáta de mhearthástálacha antaigíní COVID-19 arna gcomhaontú ag an gCoiste Slándála Sláinte ar bhonn Mholadh ón gComhairle an 21 Eanáir 2021 (3), ar Coiste é a bunaíodh le hAirteagal 17 de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(9)

Thairis sin, chuir Poblacht Shingeapór in iúl don Choimisiún nach n-eisíonn sí deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le téarnamh.

(10)

Ina theannta sin, chuir Poblacht Shingeapór in iúl don Choimisiún go bpróiseálfaí na sonraí pearsanta atá san áireamh sna deimhnithe chun vacsaíniú, toradh tástála nó stádas téarnaimh an tsealbhóra a fhíorú agus a dheimhniú, agus chuige sin amháin, nuair a bheidh deimhnithe á bhfíorú ag fíoraitheoirí i Singeapór, agus nach gcoinneofar na sonraí pearsanta ina dhiaidh sin.

(11)

Dá réir sin, comhlíontar na heilimintí is gá chun a shuí go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú agus tástáil arna n-eisiúint ag Poblacht Shingeapór i gcomhréir leis an gcóras “HealthCerts” le meas mar dheimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

(12)

Dá bhrí sin, na deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht Shingeapór i gcomhréir leis an gcóras “HealthCerts”, ba cheart glacadh leo faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(5) agus Airteagal 6(5) de Rialachán (AE) 2021/953.

(13)

Chun go mbeidh an Cinneadh seo oibríochtúil, ba cheart Poblacht Shingeapór a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953.

(14)

Ar mhaithe le leas an Aontais a chosaint, go háirithe i réimse na sláinte poiblí, féadfaidh an Coimisiún a chumhachtaí a úsáid chun an Cinneadh seo a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh i gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953 a thuilleadh.

(15)

Chun Poblacht Shingeapór a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953 a luaithe is féidir, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(16)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/953,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas, measfar go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú agus tástáil arna n-eisiúint ag Poblacht Shingeapór i gcomhréir leis an gcóras “HealthCerts” ina ndeimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

Airteagal 2

Déanfar Poblacht Shingeapór a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (IO L 211, 15.6.2021, lch. 24).

(3)  Moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2021 maidir le creat comhchoiteann maidir le húsáid agus bailíochtú mearthástálacha antaiginí agus le haitheantas frithpháirteach do thorthaí tástála COVID-19 in AE (IO C 24, 22.1.2021, lch. 1).

(4)  Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).