25.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 420/87 |
CINNEADH (AE) 2021/2054 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Samhain 2021
maidir leis an doiciméad tagartha earnála ar na cleachtais is fearr i ndáil le bainistíocht chomhshaoil, ar na táscairí feidhmíochta comhshaoil agus ar na tagarmharcanna barr feabhais le haghaidh earnáil na teileachumarsáide agus na seirbhísí teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht dheonach ag eagraíochtaí i scéim an Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinnteadh 2001/681/CE agus Cinneadh 2006/193/CE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 46(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 cuirtear d’oibleagáid ar an gCoimisiún doiciméid tagartha earnála a fhorbairt le haghaidh earnálacha eacnamaíocha sonracha. Ní mór na cleachtais is fearr i ndáil le bainistíocht chomhshaoil, na táscairí feidhmíochta comhshaoil agus, i gcás inarb iomchuí, na tagarmharcanna barr feabhais agus na córais rátála lena n-aithnítear leibhéil feidhmíochta comhshaoil a bheith ar áireamh sna doiciméid. Na heagraíochtaí atá cláraithe, nó atá ag ullmhú le bheith cláraithe faoin scéim um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009, ceanglaítear orthu na doiciméid tagartha earnála a chur san áireamh agus a gcóras bainistíochta comhshaoil á fhorbairt acu agus a bhfeidhmíocht chomhshaoil á measúnú acu ina ráiteas ar an gcomhshaol, nó a bhfeidhmíocht chomhshaoil á measúnú acu ina ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol, doiciméid arna n-ullmhú i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin. |
(2) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ceanglaíodh ar an gCoimisiún plean oibre a bhunú ina leagfaí amach liosta táscach de na hearnálacha a measfar gur earnálacha tosaíochtaí iad maidir le doiciméid tagartha earnála agus trasearnála a ghlacadh. Sa phlean oibre sin (2), shainaithin an Coimisiún earnáil na teileachumarsáide agus na seirbhísí teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) mar earnáil tosaíochta. |
(3) |
Sa doiciméad tagartha earnála le haghaidh earnáil na teileachumarsáide agus TFC, ba cheart na cleachtais is fearr i ndáil le bainistíocht chomhshaoil a leagan amach le haghaidh gach soláthraí teileachumarsáide agus seirbhísí TFC, lena n-áirítear oibreoirí teileachumarsáide, gnólachtaí comhairliúcháin TFC, cuideachtaí próiseála sonraí agus óstála sonraí, forbróirí agus foilsitheoirí bogearraí, craoltóirí agus suiteálaithe trealaimh agus láithreán TFC. Ina theannta sin, táscairí sonracha feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna sonracha barr feabhais le haghaidh an chleachtais áirithe is fearr i ndáil le bainistíocht chomhshaoil, ba cheart iad a chur ar fáil nuair is féidir agus nuair is fóinteach. |
(4) |
Trí bhíthin na ndea-chleachtas sin i ndáil le bainistíocht chomhshaoil le haghaidh na hearnála sin (3), ba cheart bearta nithiúla a shainaithint i gceithre phríomhréimse chun bainistíocht chomhshaoil foriomlán cuideachtaí a fheabhsú. Is iad na príomhréimsí sin, saincheisteanna trasearnálacha, lárionaid sonraí, líonraí cumarsáide leictreonaí agus feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh agus chomhshaoil in earnálacha eile, ar príomhréimsí iad a meastar go dtacaíonn siad le hiarrachtaí na soláthraithe teileachumarsáide agus na seirbhísí TFC uile ar an mbealach is fearr |
(5) |
Chun dóthain ama a thabhairt d’eagraíochtaí in earnáil na teileachumarsáide agus na seirbhísí TFC, d’fhíoraitheoirí comhshaoil, d’údaráis náisiúnta, do chomhlachtaí creidiúnúcháin agus ceadúnúcháin agus d’oibreoirí eile ullmhú le haghaidh thabhairt isteach an doiciméid tagartha earnála i ndáil le hearnáil na teileachumarsáide agus na seirbhísí TFC, ba cheart dáta chur i bhfeidhm an Chinnidh seo a chur siar. |
(6) |
Agus an doiciméad tagartha earnála á fhorbairt aige, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara eile i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009. |
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 49 de Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach san Iarscríbhinn an doiciméad tagartha earnála ar na cleachtais is fearr i ndáil le bainistíocht chomhshaoil, ar na táscairí feidhmíochta comhshaoil agus ar na tagarmharcanna barr feabhais i ndáil le hearnáil na teileachumarsáide agus na seirbhísí teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 25 Márta 2022.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Samhain 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 342, 22.12.2009, lch. 1.
(2) Teachtaireacht ón gCoimisiún — Bunú an phlean oibre ina leagtar amach liosta táscach earnálacha maidir le doiciméid tagartha earnála agus trasearnála a ghlacadh, faoi Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 maidir le rannpháirtíocht dheonach ag eagraíochtaí i scéim an Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) (IO C 358, 8.12.2011, lch. 2).
(3) Canfora P., Gaudillat P., Antonopoulos I., Dri M., Best Environmental Management Practice in the Telecommunications and ICT Services sector, [An Cleachtas is fearr i ndáil le Bainistíocht Chomhshaoil in earnáil na teileachumarsáide agus na seirbhísí TFC], EUR 30365 EN, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2020, ISBN 978-92-76-21574-5, doi:10.2760/354984, JRC121781; https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC121781
IARSCRÍBHINN
Ábhar
1. |
RÉAMHRÁ | 90 |
2. |
RAON FEIDHME | 92 |
3. |
NA CLEACHTAIS IS FEARR I nDÁIL LE BAINISTÍOCHT CHOMHSHAOIL, TÁSCAIRÍ FEIDHMÍOCHTA COMHSHAOIL AGUS TAGARMHARCANNA BARR FEABHAIS I nDÁIL LE hEARNÁIL NA TEILEACHUMARSÁIDE AGUS NA SEIRBHÍSÍ TFC | 96 |
3.1. |
Dea-chleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil le haghaidh na saincheisteanna trasearnálacha | 96 |
3.1.1. |
An úsáid is fearr a bhaint as córas bainistíochta comhshaoil | 96 |
3.1.2. |
Táirgí agus seirbhísí TFC inbhuanaithe a sholáthar | 97 |
3.1.3. |
Ídiú fuinnimh gléasanna úsáideoirí deiridh a bharrfheabhsú | 98 |
3.1.4. |
Úsáid fuinnimh in-athnuaite agus fuinnimh ísealcharbóin | 99 |
3.1.5. |
Éifeachtúlacht acmhainní an trealaimh TFC trí dhramhaíl a chosc, a athúsáid agus a athchúrsáil | 99 |
3.1.6. |
An t-éileamh ar shonraí tráchta a íoslaghdú le bogearraí glasa | 100 |
3.2. |
Dea-chleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil le haghaidh lárionaid sonraí | 101 |
3.2.1. |
Córas bainistíochta fuinnimh a chur chun feidhme i lárionaid sonraí (lena n-áirítear tomhas, faireachán agus bainistiú TFC agus trealamh eile) | 101 |
3.2.2. |
Beartas bainistithe sonraí agus stórála sonraí a shainiú agus a chur chun feidhme | 102 |
3.2.3. |
Feabhas a chur ar bhainistíocht agus dearadh aershreabh | 103 |
3.2.4. |
Bainistiú fuaraithe a fheabhsú | 103 |
3.2.5. |
Socruithe teasa agus taise a athbhreithniú agus a choigeartú | 104 |
3.2.6. |
Na dea-chleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil a bhaineann le trealamh nua le haghaidh lárionad sonraí a roghnú agus a chur in úsáid | 105 |
3.2.6.1. |
Trealamh le haghaidh lárionad sonraí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a roghnú agus a chur in úsáid | 105 |
3.2.7. |
Na dea-chleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil a bhaineann le lárionaid sonraí nua a thógáil nó lárionaid sonraí a athchóiriú | 106 |
3.2.7.1. |
Lárionaid sonraí nua a phleanáil | 106 |
3.2.7.2. |
Teas dramhaíola na lárionad sonraí a athúsáid | 106 |
3.2.7.3. |
Dearadh fhoirgneamh an lárionaid sonraí agus an leagan amach fisiciúil | 107 |
3.2.7.4. |
Suíomh geografach an lárionaid sonraí nua a roghnú | 107 |
3.2.7.5. |
Foinsí malartacha uisce a úsáid | 108 |
3.3. |
Na dea-chleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí | 109 |
3.3.1. |
Bainistiú fuinnimh na líonraí atá ann cheana a fheabhsú | 109 |
3.3.2. |
Bainistíocht riosca a fheabhsú le haghaidh réimsí leictreamaighnéadacha trí mheasúnú agus trédhearcacht sonraí | 110 |
3.3.3. |
Trealamh líonra cumarsáide leictreonaí atá níos tíosaí ar fhuinneamh a roghnú agus a chur in úsáid | 111 |
3.3.4. |
Líonraí teileachumarsáide a shuiteáil agus a uasghrádú | 112 |
3.3.5. |
Na tionchair ar an gcomhshaol a laghdú agus líonraí teileachumarsáide á dtógáil nó á n-athchóiriú | 113 |
3.4. |
Feidhmíocht fuinnimh agus comhshaoil a fheabhsú in earnálacha eile (“Glasú le TFC”) | 114 |
3.4.1. |
Glasú le TFC | 114 |
4. |
PRÍOMHTHÁSCAIRÍ FEIDHMÍOCHTA COMHSHAOIL A MHOLTAR A BHAINEANN GO SONRACH LE hEARNÁIL FAOI LEITH | 115 |
1. RÉAMHRÁ
Tá an Doiciméad Tagartha Earnála seo (SRD) bunaithe ar thuarascáil mhionsonraithe eolaíochta agus bheartais (1) (“Tuarascáil Dhea-Chleachtais”) a d’fhorbair Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh (JRC).
Cúlra dlí ábhartha
Le Rialachán (CEE) Uimh. 1836/93 ón gComhairle (2), tugadh isteach scéim an Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) in 1993, i ndáil le rannpháirtíocht dheonach ag eagraíochta. Ina dhiaidh sin, rinneadh dhá athbhreithniú mhóra ar EMAS:
|
Rialachán (CE) Uimh. 761/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3); |
|
Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
Gné thábhachtach nua den athbhreithniú is déanaí, a tháinig i bhfeidhm an 11 Eanáir 2010, is ea Airteagal 46 maidir le forbairt SRDanna. Ní mór na cleachtais is fearr i ndáil le bainistíocht chomhshaoil (BEMPanna), táscairí feidhmíochta comhshaoil le haghaidh na n-earnálacha sonracha agus, i gcás inarb iomchuí, tagarmharcanna barr feabhais agus córais rátála lena n-aithnítear leibhéil feidhmíochta a chur san áireamh sna SRDanna.
Conas an doiciméad seo a thuiscint agus a úsáid
Is scéim í an scéim um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) le haghaidh rannpháirtíocht dheonach ag eagraíochtaí atá tiomanta d’fheabhas leanúnach ó thaobh an chomhshaoil de. Laistigh den chreat sin, cuirtear treoir earnáilsonrach ar fáil leis an SRD seo le haghaidh earnáil na teileachumarsáide agus na seirbhísí TFC agus léirítear roinnt roghanna chun feabhais chomh maith le dea-chleachtais.
Scríobh an Coimisiún Eorpach an doiciméad le hionchur ó pháirtithe leasmhara. Na cleachtais is fearr i ndáil le bainistíocht chomhshaoil, táscairí feidhmíochta comhshaoil earnáilsonracha agus tagarmharcanna barr feabhais a bhfuil tuairisc orthu sa doiciméad seo, rinne Meitheal Theicniúil, ina bhfuil saineolaithe agus páirtithe leasmhara na hearnála, faoi stiúir JRC, iad a phlé agus tháinig siad ar chomhaontú ar deireadh; measadh go háirithe go raibh na tagarmharcanna sin ionadaíoch ar na leibhéil feidhmíochta comhshaoil a bhaineann na heagraíochtaí is fearr feidhmíochta san earnáil amach.
Is é is aidhm do SRD cuidiú agus tacú leis na heagraíochtaí uile a bhfuil sé i gceist acu a bhfeidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú trí smaointe agus inspioráid a chur ar fáil chomh maith le treoir phraiticiúil agus theicniúil.
Tá SRD dírithe go príomha ar eagraíochtaí atá cláraithe cheana le EMAS; ansin ar eagraíochtaí atá ag smaoineamh ar chlárú le EMAS amach anseo; agus sa tríú áit ar gach eagraíocht ar mian leo níos mó a fhoghlaim faoi na cleachtais is fearr i ndáil le bainistíocht chomhshaoil chun a bhfeidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú. Dá bhrí sin, is é is cuspóir don doiciméad seo tacú le gach eagraíocht in earnáil na teileachumarsáide agus na seirbhísí TFC chun díriú ar ghnéithe ábhartha comhshaoil, idir dhíreach agus indíreach, agus teacht ar fhaisnéis maidir leis na dea-chleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil, chomh maith le táscairí iomchuí feidhmíochta comhshaoil a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith chun a bhfeidhmíocht chomhshaoil, agus tagarmharcanna barr feabhais, a thomhas.
An chaoi ar cheart d’eagraíochtaí atá cláraithe le EMAS SRDanna a chur san áireamh:
De bhun Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009, cuirfidh eagraíochtaí atá cláraithe le EMAS SRDanna san áireamh ar dhá leibhéal éagsúla:
1. |
Agus a gcóras bainistíochta comhshaoil á fhorbairt agus á chur chun feidhme acu i bhfianaise na n-athbhreithnithe comhshaoil (Airteagal 4(1)(b)): Ba cheart d’eagraíochtaí gnéithe ábhartha SRD a úsáid agus a gcuid spriocanna agus cuspóirí comhshaoil á sainiú agus á n-athbhreithniú acu i gcomhréir leis na gnéithe ábhartha comhshaoil arna sainaithint san athbhreithniú comhshaoil agus sa bheartas comhshaoil, agus nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh acu maidir leis na gníomhartha a chuirfear chun feidhme chun a bhfeidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú. |
2. |
Agus an ráiteas ar an gcomhshaol á ullmhú (Airteagal 4(1)(d) agus Airteagal 4(4)):
|
Níor cheart go dtuairisceofaí gnéithe SRDanna (táscairí, BEMPanna nó tagarmharcanna barr feabhais) nach meastar a bheith ábhartha maidir leis na gnéithe suntasacha comhshaoil a shainaithin an eagraíocht ina hathbhreithniú ar an gcomhshaol ná níor cheart tuairisc a thabhairt orthu sa ráiteas ar an gcomhshaol.
Is próiseas leanúnach é rannpháirtíocht EMAS. Gach uair a bheartaíonn eagraíocht a feidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú (agus athbhreithniú a dhéanamh ar a feidhmíocht chomhshaoil), breathnóidh sí ar SRD maidir le hábhair shonracha chun teacht ar inspioráid faoi na saincheisteanna ar gá dul i ngleic leo de réir cur chuige céim ar chéim.
Seiceálfaidh fíoraitheoirí comhshaoil EMAS ar chuir an eagraíocht SRD san áireamh agus cén chaoi ar chuir sí san áireamh é agus a ráiteas ar an gcomhshaol á ullmhú aici (Airteagal 18(5)(d) de Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009).
Nuair a bheidh iniúchadh á dhéanamh, beidh fianaise ón eagraíocht ag teastáil ó fhíoraitheoirí comhshaoil creidiúnaithe maidir leis an gcaoi ar roghnaíodh na gnéithe ábhartha SRD i bhfianaise an athbhreithnithe ar an gcomhshaol agus maidir leis an gcaoi ar cuireadh san áireamh iad. Ní sheiceálfaidh siad comhlíonadh na dtagarmharcanna barr feabhais a thuairiscítear, ach fíoróidh siad fianaise maidir leis an gcaoi ar úsáideadh SRD mar threoir chun táscairí agus bearta deonacha cuí a shainaithint ar féidir leis an eagraíocht iad a chur chun feidhme chun a feidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú.
I bhfianaise chineál deonach EMAS agus SRD, níor cheart aon ualach díréireach a chur ar na heagraíochtaí an fhianaise sin a chur ar fáil. Go háirithe, ní éileoidh fíoraitheoirí bonn cirt aonair le haghaidh gach ceann de na dea-chleachtais, de na táscairí feidhmíochta comhshaoil a bhaineann go sonrach le hearnáil ar leith agus de thagarmharcanna barr feabhais atá luaite sa SRD agus nach measann an eagraíocht iad a bheith ábhartha i bhfianaise a athbhreithnithe ar an gcomhshaol. Mar sin féin, d‘fhéadfaidís gnéithe ábhartha breise a mholadh a d’fhéadfadh an eagraíocht a chur san áireamh amach anseo mar fhianaise bhreise ar a tiomantas d’fheabhsú leanúnach ar fheidhmíocht.
Struchtúr an Doiciméid Thagartha Earnála
Tá ceithre chaibidil sa doiciméad seo. I gCaibidil 1, tugtar isteach cúlra dlí EMAS agus déantar cur síos ar conas an doiciméad seo a úsáid, agus sainítear i gCaibidil 2 raon feidhme an SRD. I gCaibidil 3, déantar cur síos gairid ar na dea-chleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil (BEMPanna) (5) mar aon le faisnéis maidir lena n-infheidhmeacht. Nuair a d’fhéadfaí táscairí sonracha feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna sonracha barr feabhais a cheapadh le haghaidh dea-chleachtais ar leith i ndáil le bainistíocht chomhshaoil, tugtar iad sin freisin. Mar sin féin, ní raibh sé indéanta tagarmharcanna barr feabhais a shainiú le haghaidh na dea-chleachtais uile i ndáil le bainistíocht chomhshaoil, mar gheall ar infhaighteacht theoranta sonraí nó toisc go raibh éagsúlachtaí móra idir dálaí sonracha gach cuideachta agus/nó láithreach (e.g. dálaí comhshaoil agus aeráide le haghaidh lárionaid sonraí, inrochtaineacht ar stáisiúin bhunaidh iargúlta etc.) agus ní bhainfeadh mórán tairbhe le tagarmharc barr fheabhais. Fiú nuair atá tagarmharcanna barr feabhais ann, níl siad ceaptha a bheith mar spriocanna atá le baint amach ag gach cuideachta ná méadracht chun comparáid a dhéanamh idir feidhmíocht chomhshaoil i gcuideachtaí na hearnála, ach mar tomhas den mhéid is féidir a dhéanamh chun cabhrú le cuideachtaí aonair measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta acu agus iad a spreagadh le tuilleadh feabhais a dhéanamh. Ar deireadh, tá tábla cuimsitheach i gCaibidil 4 ina bhfuil rogha de na táscairí feidhmíochta comhshaoil is ábhartha, mínithe gaolmhara agus tagarmharcanna barr feabhais gaolmhara.
2. RAON FEIDHME
Tugtar aghaidh sa doiciméad tagartha seo ar fheidhmíocht chomhshaoil earnáil na teileachumarsáide agus seirbhísí TFC (6). Aithníodh na dea-chleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil (BEMPanna) ar a dtugtar tuairisc sa doiciméad seo mar dhea-chleachtais a d’fhéadfadh tacú le hiarrachtaí na soláthraithe teileachumarsáide agus seirbhísí TFC, i.e. oibreoirí teileachumarsáide, gnólachtaí sainchomhairliúcháin TFC, cuideachtaí próiseála sonraí agus óstála sonraí, forbróirí bogearraí agus foilsitheoirí, craoltóirí, suiteálaithe trealaimh agus láithreacha TFC, etc. Is féidir le móreagraíochtaí a stórálann agus a phróiseálann lear mór sonraí faoina gcliaint, faoin slabhra soláthair agus/nó faoi tháirgí (e.g. riaracháin phoiblí, ospidéil, ollscoileanna, bainc) roinnt dea-chleachtas ábhartha i ndáil le bainistíocht chomhshaoil a aimsiú a bhaineann lena gcuid gníomhaíochtaí féin.
Liostaítear thíos na cuideachtaí agus eagraíochtaí d’earnáil na seirbhísí teileachumarsáide agus TFC a thagann faoi raon feidhme na tuarascála seo:
|
Fochatagóirí áirithe de ghníomhaíochtaí foilsitheoireachta amháin (Cód NACE 58):
|
|
Fochatagóirí uile na ngníomhaíochtaí teileachumarsáide (Cód NACE 61):
|
|
Fochatagóirí uile an ríomhchlárúcháin, an tsainchomhairliúcháin ríomhaireachta agus gníomhaíochtaí gaolmhara (Cód NACE 62):
|
|
Fochatagóirí áirithe de ghníomhaíochtaí seirbhísí faisnéise amháin (Cód NACE 63):
|
Chomh maith leis an gcroí-spriocghrúpa sin, is féidir le cineálacha eile eagraíochtaí a aicmítear faoi na cóid NACE ach nach mbaineann leis na ranna cóid NACE a liostaítear thuas roinnt dea-chleachtas i ndáil le bainistíocht chomhshaoil a aimsiú freisin, mar gheall ar a ndigitiú méadaitheach:
— |
Foilsitheoireacht leabhar, nuachtán, irisí etc. (Cód NACE 58.1) ar an Idirlíon |
— |
Gníomhaíochtaí léirithe scannán, físeán agus clár teilifíse, taifeadta fuaime agus foilsitheoireachta ceoil (Cód NACE 59) |
— |
Craoladh ar an Idirlíon (Cód NACE 60) |
— |
Gníomhaíochtaí gníomhaireachtaí nuachta (NACE Cód 63.91) |
— |
Gníomhaíochtaí eile seirbhísí faisnéise nach n-aicmítear in áit ar bith eile (Cód NACE 63.99) |
Maidir le heagraíochtaí eile atá aicmithe faoi ranna eile NACE agus a bhfuil orthu stóráil mór sonraí, bonneagair próiseála sonraí agus/nó bonneagair teileachumarsáide a bhainistiú nó a oibriú mar chuid ríthábhachtach dá gcuid gníomhaíochtaí, d’fhéadfadh siad roinnt dea-chleachtas ábhartha i ndáil le bainistíocht chomhshaoil a aimsiú. Is iad seo a leanas roinnt samplaí de na heagraíochtaí sin:
— |
Atáirgeadh bogearraí (Cód NACE 18.20) |
— |
Gníomhaíochtaí ionad glaonna (Cód NACE 82.20) |
— |
Gníomhaíochtaí ailtireachta agus innealtóireachta agus sainchomhairliúchán teicniúil gaolmhar (Cód NACE 71.1) |
— |
Tástáil theicniúil agus anailís theicniúil (Cód NACE 71.20) |
— |
Taighde agus forbairt thrialach ar eolaíochtaí nádúrtha agus innealtóireacht (Cód NACE 72.1) |
— |
Leabharlanna, cartlanna, músaeim agus gníomhaíochtaí cultúrtha eile (Cód NACE 91.0) chomh maith le heagraíochtaí móra a stórálann agus a phróiseálann méideanna móra sonraí faoina gcliaint, faoin slabhra soláthair agus/nó faoi tháirgí amhail riaracháin phoiblí, ospidéil, ollscoileanna, bainc, monaróirí, miondíoltóirí agus cuideachtaí seirbhíse eile. |
Earnáil na teileachumarsáide agus na seirbhísí TFC mar a shainmhínítear sa tuarascáil seo, ní chumhdaíonn léi ach cuid shonrach de shlabhra luacha na seirbhísí agus an trealaimh ghaolmhair sin. Bhí an rogha sin dírithe ar fhorluí le tuarascálacha eile dea-chleachtais a sheachaint:
— |
Na tionscail monaraíochta TFC (Cód NACE 26.1, 26.2, 26.3 agus 26.8), tionscail trádála TFC (Cód NACE 46.5), Suiteáil mór-ríomhairí agus ríomhairí comhchosúla (Cód NACE 33.20) agus athchúrsáil, athúsáid agus deisiú trealaimh TFC (Cód NACE 95.1), cumhdaítear iad sa tuarascáil dhea-chleachtais maidir leis an earnáil monaraíochta trealamh leictrigh agus leictreonaigh (7); |
— |
Is féidir a mheas go gcumhdaítear an trádáil mhiondíola TFC (Cód NACE 47.1 agus 47.4) sa tuarascáil dhea-chleachtais maidir le hearnáil na trádála miondíola (8). |
Cumhdaítear príomhghníomhaíochtaí gnó eagraíochtaí in earnáil na teileachumarsáide agus na seirbhísí TFC sa doiciméad seo. Lasmuigh de bhainistiú díreach na sócmhainní TFC, meastar go n-áirítear le príomhghníomhaíochtaí gnó freisin an caidreamh leis na príomhpháirtithe leasmhara, cé go bhfuil sé sin teoranta do chleachtais ar féidir le soláthraithe teileachumarsáide agus seirbhísí TFC a chur chun feidhme iad féin (e.g. critéir chomhshaoil a bhunú agus trealamh TFC á sholáthar, faisnéis a chur ar fáil do chustaiméirí maidir le hídiú fuinnimh na ngléasanna a sholáthraítear dóibh).
Ní áirítear bainistiú oifigí agus iompar ginearálta cuideachtaí ach oiread ós rud é go bhfuil siad coitianta le haghaidh gach cineál eagraíochta agus nach mbaineann siad go sonrach le heagraíochtaí in earnáil na teileachumarsáide agus na seirbhísí TFC. Ina theannta sin, na cleachtais is fearr i ndáil le bainistíocht chomhshaoil (BEMPanna) a bhaineann le soghluaisteacht (taisteal gnó agus comaitéireacht fostaithe) agus cleachtais inbhuanaitheachta in oifigí, tá siad forbartha cheana féin sa doiciméad maidir le BEMP in Earnáil an Riaracháin Phoiblí (9). Níor sainaithníodh aon dea-chleachtas i ndáil le bainistíocht chomhshaoil a bhaineann go sonrach le foirgnimh agus iompar na Teileachumarsáide agus na Seirbhísí TFC sna réimsí sin.
Ní áirítear monarú, miondíol ná athchúrsáil trealaimh TFC sa staidéar seo ós rud é go gcumhdaítear iad sna doiciméid maidir le dea-chleachtas i ndáil le bainistíocht chomhshaoil le haghaidh earnálacha eile.
Déantar idirdhealú sa tuarascáil seo idir na nithe seo a leanas:
— |
Dea-chleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil a íoslaghdaíonn tionchair chomhshaoil eagraíochtaí in earnáil na Teileachumarsáide agus na Seirbhísí TFC, dá ngairtear “glasú cleachtas TFC”; |
— |
Na dea-chleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil gur féidir le heagraíochtaí in earnáil na Teileachumarsáide agus na Seirbhísí TFC a chur chun feidhme chun íoslaghdú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag earnálacha eile seachas earnáil na Teileachumarsáide agus na Seirbhísí TFC ar an gcomhshaol, ar a dtugtar “glasú trí chleachtais TFC”. |
Tugtar forléargas ar raon feidhme dea-chleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil le haghaidh earnáil na Teileachumarsáide agus na Seirbhísí TFC i bhFigiúr 1.
Figiúr 1: Forléargas ar raon feidhme an doiciméid
Cuirtear na príomhghnéithe comhshaoil agus na brúnna gaolmhara comhshaoil maidir le hearnáil na teileachumarsáide agus na seirbhísí TFC i láthair i dTábla 1. Roghnaíodh na gnéithe comhshaoil sin mar na gnéithe is ábhartha san earnáil agus is iad na gnéithe sin a chumdaítear sa doiciméad seo. Ba cheart, áfach, measúnú a dhéanamh ar na gnéithe comhshaoil atá le bainistiú ag eagraíochtaí sonracha ar bhonn cás ar chás.
Tábla 1
Príomhghnéithe comhshaoil agus brúnna comhshaoil a bhaineann le hearnáil na Teileachumarsáide agus na Seirbhísí TFC
Seirbhís/Gníomhaíocht |
Na príomhghnéithe comhshaoil |
Na príomhbhrúnna comhshaoil |
||||||||||||||||||||||
Lárionad Sonraí |
|
|
||||||||||||||||||||||
Gléasanna úsáideoirí deiridh |
|
|
||||||||||||||||||||||
Bonneagar agus líonraí teileachumarsáide |
|
|
||||||||||||||||||||||
Seirbhísí craolacháin |
|
|
Tá dea-chleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil an doiciméid tagartha seo aicmithe mar a léirítear i dTábla 2.
Tábla 2
Struchtúr an doiciméid
Roinn |
Tuairisc |
||
|
Déantar cur síos sa roinn seo ar chleachtais is féidir le haon ghníomhaí de chuid earnáil na teileachumarsáide agus na seirbhísí TFC a chur chun feidhme (córas bainistíochta comhshaoil a chur chun feidhme, beartas um sholáthar glas a chur i bhfeidhm, dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach a chosc agus a bhainistiú, úsáid fuinnimh in-athnuaite...) |
||
|
Díríonn an tsraith seo de dhea-chleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil ar chleachtais a bhaineann go sonrach le lárionaid sonraí (fuarú agus bainistíocht aershreabh, fíorúchán freastalaithe, etc.) agus tagairt dóibh i dTuarascáil Theicniúil Cenelec CLC/TR 50600-99-1 |
||
|
Sa roinn seo tá cleachtais atá dírithe ar bhainistiú níos fearr a dhéanamh ar líonraí sreangaithe agus líonraí gan sreang atá ann cheana (ó thaobh ídiú fuinnimh agus saincheisteanna réimsí leictreamaighnéadacha de), ar threalamh líonra atá níos tíosaí ar fhuinneamh a shuiteáil agus ar thionchar na mbonneagar líonraí a thógáil nó a athchóiriú a íoslaghdú. |
||
|
Sa roinn seo tá cleachtais a léiríonn conas is féidir le TFC an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú in earnálacha eile bunaithe ar fhíorshamplaí ó chuideachtaí in earnáil na teileachumarsáide agus na seirbhísí TFC |
3. NA CLEACHTAIS IS FEARR I nDÁIL LE BAINISTÍOCHT CHOMHSHAOIL, TÁSCAIRÍ FEIDHMÍOCHTA COMHSHAOIL AGUS TAGARMHARCANNA BARR FEABHAIS I nDÁIL LE hEARNÁIL NA TEILEACHUMARSÁIDE AGUS NA SEIRBHÍSÍ TFC
3.1. Dea-chleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil le haghaidh na saincheisteanna trasearnálacha
Díríonn an roinn seo ar bhearta trasearnálacha a d’fhéadfadh a bheith infheidhme maidir le gach cineál eagraíochta in earnáil na teileachumarsáide agus na seirbhísí TFC ar leibhéil éagsúla (lárionaid sonraí, líonraí teileachumarsáide, gléasanna úsáideoirí deiridh, etc.).
3.1.1. An úsáid is fearr a bhaint as córas bainistíochta comhshaoil
Bíonn tionchair mhór ag saoráidí TFC ar an gcomhshaol mar gheall ar ídiú fuinnimh, ídiú uisce agus giniúint dramhaíola. Tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfadh cuideachtaí teileachumarsáide agus cuideachtaí seirbhísí TFC faireachán ar a dtionchar ar an gcomhshaol agus go ndéanfadh siad córas bainistíochta comhshaoil a chur chun feidhme chun na tionchair sin a íoslaghdú go córasach. Meastar gurb é an cleachtas is fearr na nithe seo a leanas a dhéanamh:
Riachtanais TFC na heagraíochta a shainiú agus an trealamh, na seirbhísí agus na bogearraí TFC atá ann cheana a iniúchadh.
Feidhmíocht chomhshaoil bhonneagar agus shaoráidí trealaimh TFC a thomhas, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh uirthi.
Cuspóirí agus pleananna gníomhaíochta a leagan síos bunaithe ar thagarmharcáil agus ar dhea-chleachtais.
A chinntiú gur chuid de bheartais chomhshaoil éifeachtacha uile-chuideachta iad na cuspóirí agus pleananna gníomhaíochta atá leagtha síos, straitéis um éifeachtúlacht fuinnimh cuir i gcás
Infheidhmeacht
Tá feidhm ag an dea-chleachtas i ndáil le bainistíocht chomhshaoil seo maidir le gach cuideachta agus eagraíocht san earnáil. Ní mór, áfach, na hacmhainní a leithdháiltear ar an bpróiseas a chur in oiriúint do mhéid agus do thionchar comhshaoil na láithreach nó na cuideachta. I gcás cuideachtaí beaga agus meánmhéide, ní mór na hiarrachtaí is gá a mheasúnú agus a bhailíochtú.
Táscairí feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna barr feabhais gaolmhara
Táscairí feidhmíochta comhshaoil |
Tagarmharcanna sonracha barr feabhais |
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
3.1.2. Táirgí agus seirbhísí TFC inbhuanaithe a sholáthar
Ní mór roghnú agus úsáid táirgí agus seirbhísí TFC a bheith bunaithe ar straitéis chomhtháite chun dul i ngleic leis an tionchar bunúsach atá acu ar an gcomhshaol, amhail a n-ídiú fuinnimh agus úsáid ábhar sonrach amhail miotail neamhchoitianta agus ceimiceáin. Meastar gurb é an cleachtas is fearr na nithe seo a leanas a dhéanamh:
— |
Measúnú a dhéanamh ar shócmhainní reatha an trealaimh TFC agus ar na riachtanais a bhaineann le hullmhú an phróisis soláthair. |
— |
Na critéir chomhshaoil shonracha is gá atá le comhlíonadh a chur san áireamh sa ghlao ar thairiscintí. |
— |
Oiliúint agus treoir a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh agus réitigh TFC a úsáid ionas gur féidir leo an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na táirgí agus na seirbhísí. |
Critéir feidhmíochta fuinnimh agus chomhshaoil a bhunú le haghaidh trealamh TFC a chuirtear ar fáil do chustaiméirí chun cabhrú leo a dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú.
Infheidhmeacht
Tá cur chun feidhme beartais maidir le soláthar seirbhísí agus táirgí inbhuanaithe TFC infheidhme in aon chuideachta ach beidh scileanna sonracha i dtaobh na hinbhuanaitheachta ag teastáil. Is mó an acmhainneacht atá ag eagraíochtaí móra tionchar a imirt ar a soláthraithe, ach d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar suntasach ag FBManna ar sholáthraithe áitiúla.
Táscairí feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna barr feabhais gaolmhara
Táscairí feidhmíochta comhshaoil |
Tagarmharcanna sonracha barr feabhais |
||||||||||||||||||||||||||
|
|
3.1.3. Ídiú fuinnimh gléasanna úsáideoirí deiridh a bharrfheabhsú
Tá acmhainneacht mhór ann ídiú fuinnimh trealaimh úsáideoirí deiridh a úsáidtear in oifigí agus i saoráidí cuideachtaí teileachumarsáide agus cuideachtaí seirbhísí TFC a laghdú a bhuí le bearta sonracha bainistithe cumhachta. Is é an cleachtas is fearr na nithe seo a leanas a dhéanamh:
|
Réitigh theicniúla a ghlacadh:
|
|
Réitigh eagraíochtúla a ghlacadh:
|
Infheidhmeacht
Tá an dea-chleachtas i ndáil le bainistíocht chomhshaoil sin infheidhme maidir le cuideachtaí móra agus cuideachtaí beaga araon, cé go bhféadfadh sé go mbainfeadh FBManna tairbhe níos mó as teicnící bunaithe ar fheasacht an úsáideora aonair seachas as rialuithe uathoibrithe a úsáid, rud a d’oirfeadh níos mó do chuideachtaí móra. Braitheann cur chun feidhme an bhainistithe cumhachta ar thiomantas na ceannaireachta tacú le cuspóirí foriomlána coigiltis fuinnimh agus feidhmíocht chomhshaoil. Braitheann sé freisin ar an méid a chuireann an fhoireann leis na bearta bainistithe cumhachta agus ar thacaíocht ó na ranna TF agus soláthair.
Táscairí feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna barr feabhais gaolmhara
Táscairí feidhmíochta comhshaoil |
Tagarmharcanna sonracha barr feabhais |
||||||||||||||
|
|
3.1.4. Úsáid fuinnimh in-athnuaite agus fuinnimh ísealcharbóin
Tá lorg carbóin ard ag saoráidí TFC mar gheall ar dhianúsáid fuinnimh. Le giniúint leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite amhail bithmhais, córais ghréine, córais ghaoithe agus córais fhuaraithe gheoiteirmeacha, laghdaítear go mór a lorg carbóin. Meastar gurb é an cleachtas is fearr i ndáil le bainistíocht chomhshaoil na nithe seo a leanas:
— |
Leictreachas glas tríú páirtí a cheannach. |
— |
Leictreachas féin a tháirgeadh, bíodh sé ar an láthair nó lasmuigh de. |
— |
Leictreachas a stóráil ar an láthair ar bhealach éifeachtach. |
Infheidhmeacht
Tá feidhm ag an dea-chleachtas i ndáil le bainistíocht chomhshaoil maidir le gach cineál cuideachta san earnáil seo, lena n-áirítear FBManna. Féadfaidh suíomh geografach na saoráide agus a méid difear a dhéanamh don infheidhmeacht, áfach.
Táscairí feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna barr feabhais gaolmhara
Táscairí feidhmíochta comhshaoil |
Tagarmharcanna sonracha barr feabhais |
||||||||||||
|
|
3.1.5. Éifeachtúlacht acmhainní an trealaimh TFC trí dhramhaíl a chosc, a athúsáid agus a athchúrsáil
An éifeachtúlacht acmhainní agus bainistiú iomchuí dramhaíola, tá siad tábhachtach in earnáil TFC mar gheall ar úsáid ábhar sonrach ar gá cóireáil cheart a dhéanamh orthu ag deireadh an saolré chun dochar do shláinte an duine agus don chomhshaol a sheachaint. Tá acmhainneacht mhór ann freisin maidir le hídiú acmhainní a theorannú trí athchúrsáil a dhéanamh. Is féidir teicnící sonracha bainistithe dramhaíola a chur chun feidhme chun bainistiú dramhaíola a fheabhsú ag gach céim d’ord na réiteach dramhaíola i gcuideachtaí TFC. Is é an cleachtas is fearr i ndáil le bainistíocht chomhshaoil na nithe seo a leanas a dhéanamh:
— |
Plean a fhorbairt chun dramhaíl a chosc. |
— |
Éicidhlearthóireacht LCA-bunaithe a chur chun cinn trí sholáthar. |
— |
Saol seirbhíse trealaimh TFC a mhéadú agus an dífheidhmeacht a theorannú. |
— |
Córais a chur chun feidhme le gur féidir trealamh TFC a athúsáid. |
— |
Bailiú inrianaithe agus sórtáil chuí trealaimh TFC ag deireadh na saolré a áirithiú. |
Infheidhmeacht
|
Tá feidhm ag an dea-chleachtas i ndáil le bainistíocht chomhshaoil i bpionsabal maidir le gach cineál cuideachta san earnáil seo; go praiticiúil, d’fhéadfadh gnólachtaí beaga roinnt oibríochtaí bainistithe dramhaíola a chur amach ar conradh. Le samhail úinéireachta an trealaimh, leagfar síos freisin na roghanna atá ar fáil maidir le héifeachtúlacht acmhainní. Táscairí feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna barr feabhais gaolmhara
|
3.1.6. An t-éileamh ar shonraí tráchta a íoslaghdú le bogearraí glasa
Cé nach n-ídíonn bogearraí fuinneamh go díreach, bíonn tionchar mór acu ar éifeachtúlacht fuinnimh na gcrua-earraí TFC ar a ritheann sé. Mar sin féin, ní chuireann sciar mór de chód bogearraí ídiú fuinnimh san áireamh, agus tá deiseanna ann chun bogearraí a bharrfheabhsú, méid na sonraí a phróiseáiltear agus a tharchuirtear a laghdú, agus ar deireadh ídiú fuinnimh crua-earraí a íoslaghdú.
Tá an dea-chleachtas i ndáil le bainistíocht chomhshaoil seo tiomanta do chleachtais is féidir a chur chun feidhme nuair a bhíonn bogearraí nua á bhforbairt nó bogearraí atá ann cheana á mbarrfheabhsú, do fhreastalaithe agus líonraí atá ag féachaint ar fheidhmchláir mhóibíleacha (maidir le fóin chliste agus táibléid) agus bogearraí ríomhaire (maidir le ríomhairí glúine agus deisce), chomh maith le tairseacha gréasáin agus feidhmchláir ghréasánbhunaithe. Is é an cleachtas is fearr i ndáil le bainistíocht chomhshaoil na nithe seo a leanas a dhéanamh:
— |
Bogearraí níos tíosaí ar fhuinneamh a roghnú nó a fhorbairt a íoslaghdaíonn ídiú cumhachta trealaimh TFC agus é ag rith. |
— |
Bogearraí éileamh-oiriúnaitheacha a dhearadh bunaithe ar mheasúnú ar riachtanais na n-úsáideoirí deiridh, chun ró-ídiú fuinnimh ag an gcéim úsáide a sheachaint agus chun dífheidhmeacht gléasanna TFC atá ann cheana a theorannú. |
— |
Faireachán a dhéanamh ar ídiú fuinnimh bogearraí chun measúnú a dhéanamh ar fhíorfheidhmíocht na mbogearraí a fhaightear, nó chun measúnú a dhéanamh ar an deis feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh na mbogearraí atá ann cheana. |
— |
Measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag bogearraí ar an gcomhshaol trí LCA ag an gcéim forbartha agus tomhas feidhmíochta (CPU, RAM agus úsáid fuinnimh) ag an gcéim úsáide. |
— |
Bogearraí atá ann cheana a athfhachtóiriú chun an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú. |
Infheidhmeacht
Tá feidhm ag an dea-chleachtas i ndáil le bainistíocht chomhshaoil maidir le gach cineál cuideachta san earnáil seo, cibé acu a fhaigheann nó a fhorbraíonn cuideachtaí a gcuid réiteach bogearraí féin.
Táscairí feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna barr feabhais gaolmhara
Táscairí feidhmíochta comhshaoil |
Tagarmharcanna sonracha barr feabhais |
||||||||||||||||||||||||
|
|
3.2. Dea-chleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil le haghaidh lárionaid sonraí
Pléitear sa roinn seo le cleachtais a fheabhsaíonn feidhmíocht chomhshaoil oibríochtaí na lárionad sonraí. Is féidir go leor de na teicnící a aithníodh sa chaibidil seo a chur chun feidhme freisin in oifigí lárnacha teileachumarsáide.
Tá go leor ionad sonraí ann agus tá go leor bealaí éagsúla ann chun iad a chatagóiriú; is féidir na saintréithe seo a leanas a úsáid chun idirdhealú a dhéanamh idir na lárionaid sonraí: méid an lárionaid sonraí (arna chinneadh de réir an limistéir, líon na bhfreastalaithe agus/nó chumas na hoibre); a shuíomh geografach; cuspóir nó cineál an oibreora (e.g. lárionaid sonraí fiontair, comhshuíomh (11), comh-óstáil, nó saoráidí oibreoirí líonra); agus a leibhéal slándála (Leibhéal I go dtí IV). Bíonn tionchar ag na saintréithe sin ar fad ar infheidhmeacht na ndea-chleachtas i ndáil le bainistíocht chomhshaoil a seo a leanas maidir le lárionaid sonraí éagsúla.
3.2.1. Córas bainistíochta fuinnimh a chur chun feidhme i lárionaid sonraí (lena n-áirítear tomhas, faireachán agus bainistiú TFC agus trealamh eile)
Is é ídiú fuinnimh na lárionad sonraí atá freagrach as sciar mór dá dtionchar ar an gcomhshaol. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh léargas soiléir agus mionsonraithe ag oibreoirí lárionaid sonraí ar ídiú fuinnimh ar na leibhéil gráinneachta iomchuí, agus go mbainfeadh siad leas córasach as na deiseanna uile chun é a íoslaghdú. Meastar gurb é an cleachtas is fearr na nithe seo a leanas a dhéanamh:
— |
Córas bainistíochta fuinnimh a chur chun feidhme (e.g. ISO 50001 nó trí EMAS). |
— |
Iniúchadh a dhéanamh ar threalamh agus ar sheirbhísí atá ann cheana lena áirithiú go n-aithnítear gach réimse a d’fhéadfaí a bharrfheabhsú agus a chomhdhlúthú chun aon acmhainn nach bhfuil in úsáid a uasmhéadú roimh infheistíocht ábharach nua. |
— |
Trealamh méadraithe a shuiteáil lenar féidir ídiú fuinnimh agus paraiméadair chomhshaoil a thomhas ar leibhéil éagsúla (ró, caibinéad, raca nó leibhéal an ghléis TFC). |
— |
Faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar phríomhtháscairí feidhmíochta maidir le húsáid trealaimh, ídiú fuinnimh agus dálaí comhshaoil. |
Infheidhmeacht
Tá feidhm ag nótaí ginearálta maidir le hinfheidhmeacht dea-chleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil na lárionad sonraí. Beidh an chuid is mó de na dea-chleachtais maidir le bainistiú fuinnimh níos oiriúnaí do lárionaid sonraí áitiúla, lárionaid sonraí lárshraithe agus lárionaid sonraí aicme fiontair.
Táscairí feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna barr feabhais gaolmhara
Táscairí feidhmíochta comhshaoil |
Tagarmharcanna barr feabhais |
||||||||||||
|
|
3.2.2. Beartas bainistithe sonraí agus stórála sonraí a shainiú agus a chur chun feidhme
Is beart tábhachtach é an méid sonraí a stóráiltear ar thiomántáin agus ar an acmhainn ríomhaireachta is gá chun na feidhmchláir, na bunachair sonraí agus na seirbhísí a reáchtáil a íoslaghdú chun ídiú fuinnimh na lárionad sonraí a laghdú trí líon na gcrua-earraí cumhachtaithe (freastalaithe agus gléasanna stórála) a íoslaghdú. Meastar gurb é an cleachtas is fearr na nithe seo a leanas a dhéanamh:
— |
Beartas éifeachtach maidir le bainistiú agus stóráil sonraí a chur chun feidhme chun sciar na sonraí stóráilte a íoslaghdú, sonraí nach bhfuil gá leo, atá dúblach nó nach bhfuil gá le rochtain thapa orthu. |
— |
Teicneolaíochtaí eangaí agus teicneolaíochtaí fíorúlaithe a úsáid chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as ardáin chomhroinnte. |
— |
Seirbhísí atá ann cheana a chomhdhlúthú agus crua-earraí,(agus meaisíní fíorúla) nach bhfuil gá leo a dhíchoimisiúnú chun líon na gcrua-earraí ardléimneacha agus iontaofa (freastalaí, líonrú agus trealamh stórála) a laghdú. |
Nuair a chuirtear i bhfeidhm i gceart iad, tagann íoslaghdú ar na crua-earraí a cheannaítear mar thoradh ar na teicnící sin, as a dtagann coigilteas suntasach acmhainní ábhartha mar thoradh air freisin.
Infheidhmeacht
Tá an dea-chleachtas i ndáil le bainistíocht chomhshaoil sin infheidhme maidir le gach cuideachta agus eagraíocht san earnáil, beag beann ar a méid, ar a leibhéal slándála nó ar a gcuspóir, cé go bhféadfadh sé a bheith difriúil ó thaobh cur i bhfeidhm de maidir le fiontair nó lárionaid sonraí chomhshuímh. Fiú má úsáidtear an fíorúlú níos minice i lárionaid sonraí níos mó, is féidir an teicníc seo a chur chun feidhme freisin i seomraí freastalaí níos lú.
Táscairí feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna barr feabhais gaolmhara
Táscairí feidhmíochta comhshaoil |
Tagarmharcanna barr feabhais |
||||||||||||||
|
|
3.2.3. Feabhas a chur ar bhainistíocht agus dearadh aershreabh
Braitheann iontaofacht na gcóras TF ar dhálaí comhshaoil (teocht, taise, deannach, etc.) nach mór a áirithiú trí rialú iomchuí ar cháilíocht an aeir laistigh. Is é is aidhm do bhainistíocht aershreabh le haghaidh lárionaid sonraí ná athshruthú aeir a sheachaint mar aon le meascadh aeir fhuaraithe a sholáthraítear agus aeir te a dhiúltaítear ó threalamh. Is é an cleachtas is fearr i ndáil le bainistíocht chomhshaoil na nithe seo a leanas a dhéanamh:
— |
Cumraíocht pasáistí teo/pasáistí fuara a chur i bhfeidhm le haghaidh trealamh TFC lena áirithiú go roinneann crua-earraí treo shreabhadh an aeir gan aer fuar agus te a mheascadh. |
— |
A áirithiú go ndéantar pasáistí a scaradh agus a srianadh chun athshruthú an aeir timpeall na freastalaithe a sheachaint. |
— |
Trealamh TFC a leithscaradh de réir a gceanglas comhshaoil (go príomha bogthaise agus teocht) agus aershreabha iomchuí a chur ar fáil chun réimsí comhshaoil a dheighilt. |
— |
Feabhas a chur ar dhearadh an urláir agus na síleála chun an sreabhadh aeir a ghabhann thart a laghdú, chun aer athshruthaithe a chosc, agus chun bacainní a thagann as cáblú nó struchtúir eile a íoslaghdú. |
— |
Toirteanna agus cáilíocht an aeir fhuaraithe a sholáthraítear chuig riachtanais an trealaimh TF a choigeartú (feidhm an teasa a tháirgtear agus riachtanais chomhshaoil), agus rósholáthar beag aeir a sholáthar chun athshruthú aeir téite a íoslaghdú. |
Méadaíonn bainistiú níos fearr ar aershreabha éifeachtúlacht agus acmhainn an trealaimh fuaraithe araon, laghdaíonn sé úsáid gaothráin agus taisirí (agus a n-ídiú fuinnimh) agus laghdaíonn sé táirgeadh teasa dramhaíola.
Infheidhmeacht
Ní féidir ach le hoibreoir an lárionaid sonraí amháin an chuid is mó de na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme ós rud é go n-éilíonn siad athruithe ar dhálaí oibríochtúla, éabhlóidí ar dhearadh na saoráide nó suiteáil trealaimh nua. Cé gur féidir na dea-chleachtais a shainaithnítear a chur chun feidhme i lárionaid sonraí de mhéid ar bith, is féidir éifeachtaí scála a fheiceáil i lárionaid sonraí níos mó de bharr toradh níos giorra ar infheistíochtaí.
Táscairí feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna barr feabhais gaolmhara
Táscairí feidhmíochta comhshaoil |
Tagarmharcanna barr feabhais |
||||||||||||||||||
|
|
3.2.4. Bainistiú fuaraithe a fheabhsú
Tá gá le fuarú chun an teas arna tháirgeadh ag trealamh TFC i lárionad sonraí nó i seomra líonra a bhaint agus chun na dálaí oibriúcháin cearta le haghaidh feidhmiú iontaofa a áirithiú do threalamh TFC. Braitheann méid an chórais fuaraithe is gá i lárionad sonraí ar an timpeallacht ina bhfuil an lárionad, ar éifeachtúlacht an trealaimh TF a úsáidtear sa lárionad sonraí agus ar fheidhmíocht um bainistiú sreafa aeir. Is iad na dea-cleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil:
— |
An córas fuaraithe a chothabháil sa riocht is fearr is féidir ag brath ar riachtanais ualach TF chun a éifeachtúlacht a chaomhnú. |
— |
Acmhainn an chórais fuaraithe a athbhreithniú agus a oiriúnú trí threalamh neamhúsáidte a dhúnadh síos agus ceanglais shonracha oibriúcháin maidir le trealamh a chur san áireamh ar bhealach níos fearr. |
— |
aschur an chórais fuaraithe a bharrfheabhsú agus a uathoibriú trí aonaid CRAC a nascadh nó aonaid chliste agus ilfhachtóiriúla a úsáid. |
Infheidhmeacht
Tá na dea-cleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil infheidhme a bheag nó a mhór maidir le cuideachtaí uile na hearnála. Is féidir an córas fuaraithe a chothabháil agus athbhreithnithe rialta a dhéanamh ar a acmhainní i bhformhór na lárionad sonraí, beag beann ar a méid, ar a leibhéal slándála nó ar a gcuspóir.
Maidir leis an gcóras fuaraithe a uathoibriú, áfach, is féidir costais a bheith i gceist leis sin le trealamh cliste a cheannach, rud a fhágann go bhfuil sé níos oiriúnaí do lárionaid sonraí mhórmhéide.
Ní mór a thabhairt faoi deara go bhféadfadh rialáil shonrach agus treoir chomhshaoil a bheith ag teacht salach ar an laghdú ar riachtanais fuaraithe. Mar shampla, tugann BREEAM agus LEED pointí le haghaidh insliú na lárionad sonraí a mhéadú. Le hinsliú méadaithe sna lárionaid sonraí beidh gá le tuilleadh fuaraithe ós rud é nach féidir leis an teas arna tháirgeadh ag freastalaithe a scaipeadh.
Táscairí feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna barr feabhais gaolmhara
Táscairí feidhmíochta comhshaoil |
Tagarmharcanna barr feabhais |
||||||||||||||
|
|
3.2.5. Socruithe teasa agus taise a athbhreithniú agus a choigeartú
Is minic a rófhuaraítear saoráidí TFC, agus is féidir an pointe socraithe teochta iontógála freastalaí a ardú laistigh de na raonta teochta atá molta nó incheadaithe (arna dtabhairt i sonraíochtaí an mhonaróra) chun acmhainn fuaraithe agus ídiú fuinnimh an chórais fuaraithe a laghdú.
Feictear staid den chineál céanna go ginearálta maidir le taise, agus is féidir idiú fuinnimh agus uisce taisirí a laghdú trí chead a thabhairt do raon níos leithne de leibhéil taise. Dá bhrí sin, is iad na dea-cleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil:
— |
Pointí socraithe teochta na gcóras fuaraithe a athbhreithniú agus a ardú má tá sé praiticiúil chun riachtanais fuaraithe a laghdú agus chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as tíobhasóirí. |
— |
Socruithe taise na gcóras fuaraithe a athbhreithniú agus a athrú má tá sé praiticiúil chun an gá le haghaidh taisirí a laghdú. |
Infheidhmeacht
Tá na dea-cleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil infheidhme a bheag nó a mhór maidir le gach cineál cuideachta san earnáil seo. Is féidir pointí socraithe teochta a ardú, méideanna agus cáilíocht an aeir fhuaraithe a sholáthraítear a choigeartú, agus socruithe taise a athbhreithniú i bhformhór na lárionad sonraí, beag beann ar a méid, ar a leibhéal slándála nó ar a gcuspóir, laistigh den sonraíocht oibriúcháin arna tabhairt ag monaróir an fhreastalaí agus laistigh de dhálaí oibre inghlactha.
Táscairí feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna barr feabhais gaolmhara
Táscairí feidhmíochta comhshaoil |
Tagarmharcanna barr feabhais |
||||||||
|
|
3.2.6. Na dea-chleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil a bhaineann le trealamh nua le haghaidh lárionad sonraí a roghnú agus a chur in úsáid
Pléitear sa roinn seo cleachtais chun éifeachtúlacht fuinnimh trealaimh aonair agus seirbhísí TFC a úsáidtear sna lárionaid sonraí a fheabhsú:
3.2.6.1.
Ní mór roghnú agus cur in úsáid gléasanna TFC chomh maith le trealamh fuaraithe agus soláthair cumhachta a bhunú ar straitéis chomhtháite chun a bhfeidhmíocht chomhshaoil fhoriomlán a íoslaghdú (úsáid fuinnimh, úsáid uisce, fuinneamh corpraithe, éifeachtúlacht acmhainní). Is iad na dea-cleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil:
— |
Beartas soláthair glas a chur chun feidhme a bhaineann go sonrach le trealamh lárionad sonraí, ón ullmhú próisis ar aghaidh go dtí an mheastóireacht tairisceana. |
— |
Freastalaithe agus trealamh stórála a fheidhmíonn go maith ó thaobh an chomhshaoil de a roghnú agus a shuiteáil; i.e. trealamh a bhfuil an rogha aige gnéithe bainistíochta cumhachta a chumasú, trealamh atá oiriúnach do dhlús cumhachta an lárionaid sonraí agus acmhainní seachadta fuaraithe, trealamh a chomhlíonann na dálaí timpeallachta a bhfuil súil leo (teocht agus taise), etc. |
— |
Trealamh fuaraithe a fheidhmíonn go maith ó thaobh an chomhshaoil de a roghnú; i.e. trealamh a bhfuil CoP ard nó rialuithe luais athraitheacha aige, aonaid fhuaraithe mhéide iomchuí, córais fuaraithe láraithe, tíobhasóirí, etc.. |
— |
Trealamh cumhachta a fheidhmíonn go maith ó thaobh an chomhshaoil de a roghnú; i.e. soláthar dobhriste cumhachta an-éifeachtúil, soláthar dobhriste cumhachta modúlach, etc. |
Infheidhmeacht
Tá teicnící maidir le soláthar glas agus freastalaithe a fheidhmíonn go maith ó thaobh an chomhshaoil de infheidhme a bheag nó a mhór maidir le haon lárionad sonraí nua agus aon lárionad atá ann cheana.
Maidir le córais fuaraithe, is fachtóir bunúsach é suíomh an lárionaid sonraí maidir le hindéantacht agus feidhmíocht córais fuaraithe saor in aisce. Cuirtear córais fhuaraithe malartacha amhail fuarú leachtach nó fuarú saor san aer chun feidhme sna lárionaid sonraí nua seachas sna cinn atá ann cheana. Maidir le córais chumhachta, bíonn éagsúlacht sna heilimintí atá le cur san áireamh maidir le córais nua agus níos éifeachtúla sholáthar dobhriste cumhachta a ghlacadh ag brath ar an uair a bheidh bonneagar nua á thógáil nó nuair a bheidh an bonneagar atá ann cheana á uasghrádú.
Táscairí feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna barr feabhais gaolmhara
Táscairí feidhmíochta comhshaoil |
Tagarmharcanna barr feabhais |
||||||||||||||||||||
|
|
3.2.7. Na dea-chleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil a bhaineann le lárionaid sonraí nua a thógáil nó lárionaid sonraí a athchóiriú
Pléitear sa roinn seo cleachtais chun éifeachtúlacht fuinnimh lárionad sonraí nua nó athchóirithe a fheabhsú.
3.2.7.1.
Agus lárionad sonraí á thógáil nó á uasghrádú, is é an chéim phleanála a chuireann na deiseanna is suntasaí ar fáil chun a feidhmíocht chomhshaoil a áirithiú. Bíonn lárionaid sonraí rómhór go minic chun síntí a cheadú amach anseo, rud a ghineann neamhéifeachtúlachtaí fuinnimh. Cuireann an tógáil bac, i gcuid mhaith cásanna, ar an lárionad sonraí maidir le uasghrádú go trealamh nua atá níos tíosaí ar fhuinneamh. Is iad na dea-cleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil:
— |
Leibhéal athléimneachta bonneagair fhisicigh agus infhaighteacht na seirbhíse a theorannú de réir riachtanais ghnó. |
— |
Lárionad sonraí modúlach a thógáil chun ceann rómhór a sheachaint agus chun éifeachtúlacht bonneagair a uasmhéadú faoi choinníollacha ualaigh pháirtigh agus athraithigh. |
Infheidhmeacht
Tá an dea-cleachtas i ndáil le bainistíocht chomhshaoil infheidhme a bheag nó a mhór maidir le cuideachtaí uile na hearnála, agus é is ábhartha maidir le lárionaid sonraí áitiúla, lárshraithe agus aicme fiontair. Tá tógáil lárionad sonraí de réir ailtireacht modúlach ábhartha go háirithe ó thaobh lárionaid mhórshonraí de.
Táscairí feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna barr feabhais gaolmhara
Táscairí feidhmíochta comhshaoil |
Tagarmharcanna barr feabhais |
||||||
|
Chuir gach lárionad sonraí na cleachtais íosta ionchasacha i gCód Iompair an Aontais maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí chun feidhme acu nó chuir siad na cleachtais ionchasacha CLC/TR 50600-99-1 maidir le húsáid, bainistiú agus pleanáil le haghaidh lárionaid sonraí nua a thógáil nó lárionaid sonraí a athchóiriú |
3.2.7.2.
Mar aon le trealamh leictreach, éilíonn trealamh TF soláthar cumhachta agus táirgeann sé teas dramhaíola agus é ar siúl. Táirgeann lárionaid sonraí méideanna móra teasa dramhaíola, ar deis d’athúsáid teasa é. Is iad na dea-cleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil:
— |
Teas dramhaíola a ghintear i seomraí áirithe sa lárionad sonraí a athúsáid chun téamh de ghrád íseal a sholáthar do spás tionsclaíoch nó oifige (lena n-áirítear limistéir eile den lárionad sonraí). |
Infheidhmeacht
Is féidir le haon lárionad sonraí na dea-cleachtais sin i ndáil le bainistíocht chomhshaoil a chur chun feidhme a bheag nó a mhór beag beann ar a mhéid, ar a sraith nó ar a chuspóir.
Táscairí feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna barr feabhais gaolmhara
Táscairí feidhmíochta comhshaoil |
Tagarmharcanna barr feabhais |
||||||||
|
|
3.2.7.3.
Bíonn tionchar suntasach ag leagan amach fisiciúil an lárionaid sonraí ar fheidhmíocht an chórais fuaraithe, ós rud é go bhféadfadh limistéir fhuaraithe (ina bhfuil racaí suite) a bheith suite gan ghá gar d’fhoinsí inmheánacha teasa (amhail trealamh meicniúil nó leictreach) nó i limistéir ina bhfuil teas mar gheall ar fhoinsí seachtracha teasa (e.g. radaíocht na gréine). Is iad na dea-cleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil:
— |
Griantéamh díreach ar limistéir fhuaraithe an lárionaid sonraí a íoslaghdú chun riachtanais fuaraithe a íoslaghdú. |
— |
Trealamh fuaraithe a chur i limistéir iomchuí den lárionad sonraí, amhail limistéir ina bhfuil saorghluaiseacht aeir, limistéir ina bhfuil dóthain spáis chun feidhmíocht fuaraithe a bharrfheabhsú, limistéir atá saor ó bhacainní agus atá saor ó threalamh a ghineann teas. |
Infheidhmeacht
Tá an dea-chleachtas seo i ndáil le bainistíocht chomhshaoil ábhartha is mó maidir le lárionaid sonraí nua aicme fiontair a thógáil toisc go bhfuil sé d’aidhm aige gné agus struchtúr an lárionaid sonraí nua-tógtha a mhúnlú agus is féidir leis a bheith costasach é a chur i bhfeidhm.
Táscairí feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna barr feabhais gaolmhara
Táscairí feidhmíochta comhshaoil |
Tagarmharcanna barr feabhais |
||||
|
|
3.2.7.4.
Tá an-tionchar ag suíomh geografach an lárionaid sonraí ar an tionchar carbóin agus comhshaoil a bheidh aige amach anseo. Meastar na nithe seo a leanas a dhéanamh de réir an dea-chleachtais:
— |
Tús áite a thabhairt do shuíomhanna athfhorbraíochta in ionad suíomhanna úrnua. |
— |
Suíomh geografach a roghnú ina mbeidh coinníollacha comhshaoil lena gcuirfear feabhas ar fheidhmíocht fo-thíobhasóirí, lena gcuirfear deiseanna ar fáil chun trealamh a shuiteáil chun fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh nó chun bagairtí agus tubaistí nádúrtha a theorannú. |
— |
An lárionad sonraí a shuí gar d’fhoinsí fuinnimh, fuaraithe agus téimh chun caillteanais fuinnimh de bharr iompair fuinnimh a íoslaghdú agus chun deiseanna a chur ar fáil maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú (ídiú fuinnimh in-athnuaite, teas dramhaíola nó fuarú saor in aisce). |
— |
Tionchair an fhoirgnimh ar an gcomhshaol a íoslaghdú (tionchair torainn, tionchair aeistéitiúla, riachtanais do líonraí teileachumarsáide agus do bhonneagair eile, etc.). |
Infheidhmeacht
Tá an dea-cleachtas i ndáil le bainistíocht chomhshaoil infheidhme a bheag nó a mhór maidir le gach cineál cuideachta na hearnála, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmheide, agus é is ábhartha maidir le lárionaid sonraí lárshraithe agus aicme fiontair.
Táscairí feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna barr feabhais gaolmhara
Táscairí feidhmíochta comhshaoil |
Tagarmharcanna barr feabhais |
||||||||||
|
|
3.2.7.5.
Úsáidtear uisce i lárionaid sonraí ar dhá chuspóir: fuarú agus bogthaisiú, nithe atá nasctha go dlúth. Go háirithe, bíonn méid shuntasach uisce de dhíth ó fhuaraitheoirí galaithe. Is iad na dea-cleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil:
— |
Faireachán a dhéanamh ar ídiú uisce ó gach foinse i ngach lárionad sonraí. |
— |
Tionchar ar acmhainní uisce óil a theorannú trí uisce neamh-inólta a úsáid (uisce báistí, fuíolluisce, etc.). |
Infheidhmeacht
Tá an dea-chleachtas i ndáil le bainistíocht chomhshaoil ábhartha maidir le lárionaid sonraí móra aicme fiontair. Braitheann rogha thuaslagán an chórais fuaraithe ar mhéid an lárionaid sonraí, rud atá nasctha go dlúth le gníomhaíocht agus méid na cuideachta.
Táscairí feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna barr feabhais gaolmhara
Táscairí feidhmíochta comhshaoil |
Tagarmharcanna barr feabhais |
||||||||||
|
|
3.3. Na dea-chleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí
Tugtar tuairisc sa roinn ar chleachtais a dhíríonn ar chumraíocht líonra na n-eilimintí éagsúla lena ndéantar bonneagar agus líonraí cumarsáide leictreonaí (12).
3.3.1. Bainistiú fuinnimh na líonraí atá ann cheana a fheabhsú
Mar gheall ar éagsúlacht éilimh na n-úsáideoirí deiridh, is mór an éagsúlacht a bheidh ann idir na hualaí tráchta ar líonraí cumarsáide leictreonaí le himeacht ama agus thar spás. Bíonn ídiú fuinnimh an trealaimh nua-aimseartha teileachumarsáide ar an ídiú is airde nuair atá an trealamh ag oibriú ar an ualach uasta tráchta, ach ní bhíonn laghdú mór i gceist nuair a bhaintear tearcúsáid as an trealamh. Dá bhrí sin, caitear cuid mhór d’ídiú fuinnimh an líonra laethúil chun acmhainn iomlán an chórais a sholáthar, fiú nuair a bhíonn an t-éileamh iarbhír tráchta i bhfad níos ísle. Is iad na dea-cleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil:
— |
Ídiú fuinnimh eilimintí líonra a thomhas trí mhéadair chliste fuinnimh agus anailís uathoibrithe a úsáid. |
— |
Feidhmeanna fuireachais cliste a úsáid chun bainistiú fuinnimh líonra a chur chun feidhme, agus a oiread gléasanna agus is féidir a athrú go modh íseal ídithe nuair nach bhfuil ach leibhéal íseal ualaigh tráchta ann chun acmhainn fhoriomlán an líonra a oiriúnú don éileamh. |
— |
Deiseanna dinimiciúil scálaithe cumhachta a úsáid chun modh oibríochta an trealaimh líonra a oiriúnú d’amanna tráchta ísle nó measartha. |
— |
Leas a bhaint as tarchur sceidealú dinimiciúil chun tráchta sonraí a bhainistiú ar bhealach níos fearr, agus méid agus am tarchuir an phaicéid sonraí a rialú. |
— |
Seirbhísí atá ar an eolas faoi fhuinneamh a sholáthar chun an t-éileamh tráchta ag an mbuaicualach a laghdú mar aon le hacmhainn fhoriomlán an líonra. |
Infheidhmeacht
Cuirtear infheidhmeacht bhearta éagsúla an dea-chleachtais seo i ndáil le bainistíocht chomhshaoil i láthair i dTábla 3.
Tábla 3
Infheidhmeacht na ndea-chleachtas a dhíríonn ar bhainistiú fuinnimh na líonraí cumarsáide leictreonaí atá ann cheana a fheabhsú
Teicníc |
Deighleog líonra |
Teicneolaíocht líonra |
Riachtanais úsáideoirí deiridh |
Aisteoir |
Ídiú fuinnimh a thomhas |
Ón líonra croíleacáin go dtí an líonra rochtana |
Gach cineál teicneolaíochta |
Gach cineál úsáideora deiridh |
Oibreoirí líonraí cumarsáide leictreonaí |
Feidhmeanna fuireachais cliste a úsáid |
Ón líonra croíleacáin go dtí an líonra rochtana |
Gach cineál teicneolaíochta |
Míchuí le haghaidh úsáideoirí a dteastaíonn cobhsaíocht nasctha uathu nó am atosaithe an-ghairid |
Oibreoirí líonraí cumarsáid leictreonaí |
Deiseanna dinimiciúil scálaithe cumhachta a úsáid |
Ón líonra croíleacáin go dtí an líonra rochtana |
Gach cineál teicneolaíochta |
Gach cineál úsáideora deiridh |
Oibreoirí líonraí cumarsáid leictreonaí |
Leas a bhaint as tarchur sceidealú dinimiciúil |
Ón líonra croíleacáin go dtí an líonra rochtana |
Gach cineál teicneolaíochta |
Míchuí le haghaidh úsáideoirí a dteastaíonn rátaí tarchurtha tapa uathu |
Oibreoirí líonraí cumarsáid leictreonaí |
Seirbhísí atá ar eolas faoi fhuinneamh a sholáthar |
Ón líonra croíleacáin go dtí an líonra rochtana |
Gach cineál teicneolaíochta |
Míchuí le haghaidh úsáideoirí a dteastaíonn ardcháilíocht Seirbhísí uathu |
Oibreoirí líonraí cumarsáid leictreonaí agus soláthraithe seirbhísí TFC |
Táscairí feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna barr feabhais gaolmhara
Táscairí feidhmíochta comhshaoil |
Tagarmharcanna barr feabhais |
||||||||||||
|
|
3.3.2. Bainistíocht riosca a fheabhsú le haghaidh réimsí leictreamaighnéadacha trí mheasúnú agus trédhearcacht sonraí
Is ábhar imní don phobal iad réimsí leictreamaighnéadacha i ndáil leis na líonraí gan sreang atá ag dul i méid. Sainmhíníodh rialacháin dhiana agus rinneadh dianoibreacha taighde chun dul i ngleic leis an tsaincheist sin. Is é an dea-chleachtas é d’oibreoirí teileachumarsáide:
— |
Bainistíocht riosca a fheabhsú le haghaidh réimsí leictreamaighnéadacha trí mheasúnú agus trédhearcacht sonraí maidir le nochtadh do réimsí leictreamaighnéadacha. |
Infheidhmeacht
Braitheann cur chun feidhme an dea-chleachtas sin i ndáil le bainistíocht chomhshaoil ar ábhar na rialachán náisiúnta maidir le réimsí leictreamaighnéadacha agus ar an gcomhthéacs áitiúil (cumainn a bheith ann i gcoinne nochtadh do réimsí leictearmaighnéadacha, cumhdach na meán ar shaincheisteanna réimsí leictreamaighnéadacha, sofheictheacht aeróg, etc.). Is é is ábhartha maidir le hoibreoirí líonra.
Táscairí feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna barr feabhais gaolmhara
Táscairí feidhmíochta comhshaoil |
Tagarmharcanna barr feabhais |
||||||
|
Neamhbhainteach |
3.3.3. Trealamh líonra cumarsáide leictreonaí atá níos tíosaí ar fhuinneamh a roghnú agus a chur in úsáid
Úsáideann líonraí soghluaiste agus líonraí sreanglíne araon trealamh TFC a éilíonn leictreachas agus dálaí sonracha comhshaoil chun feidhmiú i gceart. Bíonn an deis ag oibreoirí cumarsáide leictreonaí (14) na hábhair sin a roghnú agus a chur in úsáid laistigh dá líonraí chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú trí threalamh iomchuí a roghnú agus a chumrú. Is é seo a leanas an dea-chleachtas:
— |
An rogha a dhéanamh an trealamh TFC is tíosaí ar fhuinneamh (gléasanna raidió, teileachumarsáide, leathanbhanda agus TF) a roghnú agus a chur in úsáid i líonraí teileachumarsáide (teicneolaíocht atá níos tíosaí ar fhuinneamh, gnéithe bainistíochta cumhachta, etc.). |
— |
An rogha a dhéanamh go gcuirfear réitigh chomhtháite agus ilchaighdeánacha in úsáid in ionad roinnt córais aonchaighdeánacha a fheidhmíonn go comhthreomhar agus nach bhfuil cumraithe i gceart. |
— |
An rogha a dhéanamh na córais fuaraithe is tiosaí ar fhuinneamh a roghnú agus a chur in úsáid i stáisiúin bhunáite (e.g. Fuarú éighníomhach, gaothráin shimplí, malartóirí teasa, etc.) agus in lároifigí (e.g. plátaí dallta pasáistí teo/fuara, imsrianadh aeir the, etc.). |
— |
An rogha a dhéanamh an soláthar dobhriste cumhachta a roghnú agus é a chur in úsáid (e.g. soláthar dobhriste cumhachta ardéifeachtach, soláthar dobhriste cumhachta modúlach, etc.) i stáisiúin bhunáite agus sna lároifigí. |
— |
An rogha a dhéanamh suíomhanna teileachumarsáide a dhearadh a uasmhéadaíonn éifeachtúlacht fuinnimh trí fheidhmeanna a dháileadh a bhogadh ar ascnamh chuig freastalaithe lárnacha i líonraí sreanglíne, trí threalamh raidió a bhogadh níos gaire don aeróg, agus trí dhearadh cuí soláthar dobhriste cumhachta a úsáid. |
— |
Bogearraí a úsáid a chumasaíonn caomhnú fuinnimh ar fud an líonra chun fíorúchán (chun comhroinnt trealaimh a mhéadú agus líon an trealaimh chrua-earraí is gá a laghdú) nó feidhmeanna líonraithe (chun solúbthacht agus éifeachtúlacht níos fearr a cheadú sa líonra) a chur chun feidhme. |
Infheidhmeacht
Cuirtear infheidhmeacht bhearta an dea-chleachtais seo i ndáil le bainistíocht chomhshaoil i láthair i dTábla 4.
Tábla 4
Infheidhmeacht bhearta an dea-chleachtais seo i ndáil le bainistíocht chomhshaoil
Teicníc |
Deighleog líonra |
Teicneolaíocht líonra |
Riachtanais úsáideoirí deiridh |
Aisteoir |
Trealamh TFC atá níos tíosaí ar fhuinneamh a roghnú (gléasanna raidió, teileachumarsáide, leathanbhanda agus TF) |
Ón líonra croíleacáin go dtí an líonra rochtana |
Gach cineál teicneolaíochta |
Gach cineál úsáideora deiridh |
Oibreoirí líonraí cumarsáid leictreonaí agus soláthraithe teicneolaíochta |
Réitigh chomhtháite agus ilchaighdeánacha a chur in úsáid |
Líonraí rochtana |
Líonraí soghluaiste |
Gach cineál úsáideora deiridh |
Oibreoirí agus suiteálaithe líonraí cumarsáid leictreonaí |
Córais fuaraithe atá níos tíosaí ar fhuinneamh a roghnú agus a chur in úsáid |
Ón líonra croíleacáin go dtí an líonra rochtana |
Gach cineál teicneolaíochta |
Gach cineál úsáideora deiridh |
Oibreoirí líonraí cumarsáid leictreonaí, soláthraithe teicneolaíochta, agus suiteálaithe |
Soláthar dobhriste cumhachta atá níos tíosaí ar fhuinneamh a roghnú agus a chur in úsáid |
Ón líonra croíleacáin go dtí an líonra rochtana |
Gach cineál teicneolaíochta |
Gach cineál úsáideora deiridh |
Oibreoirí líonraí cumarsáid leictreonaí, soláthraithe teicneolaíochta, agus suiteálaithe |
Suíomhanna teileachumarsáide atá níos tíosaí ar fhuinneamh a dhearadh |
Líonraí rochtana |
Gach cineál teicneolaíochta |
Gach cineál úsáideora deiridh |
Oibreoirí agus suiteálaithe líonraí cumarsáid leictreonaí |
Bogearraí lenar féidir fuinneamh a chaomhnú a úsáid |
Ón líonra croíleacáin go dtí an líonra rochtana |
Gach cineál teicneolaíochta |
Gach cineál úsáideora deiridh |
Oibreoirí líonraí cumarsáid leictreonaí |
Táscairí feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna barr feabhais gaolmhara
Táscairí feidhmíochta comhshaoil |
Tagarmharcanna barr feabhais |
||||||||||||||||||||||||
|
|
3.3.4. Líonraí teileachumarsáide a shuiteáil agus a uasghrádú
Seachas trealamh nua atá tíosach ar fhuinneamh a shuiteáil ar shuíomhanna líonra, is féidir le réitigh eagraíochtúla caomhnú suntasach fuinnimh a sholáthar, mar shampla, trína áirithiú go múchtar trealamh neamhúsáidte agus nach bhfuil an soláthar cumhachta agus fuaraithe rómhór agus go bhfuil siad barrfheabhsaithe maidir leis na riachtanais reatha iarbhír. Is é seo a leanas an dea-chleachtas:
— |
Leas a bhaint as an aistriú teicneolaíochta (e.g. teicneolaíocht 5G a chur in úsáid i suíomhanna stáisiúin bhunáite nó stáisiúin sheasta a athraíonn ó chopar go líonraí snáithíní) chun láithreáin líonra a bharrfheabhsú, tabhairt faoi threalamh neamhúsáidte a díchoimisiúnú/a mhúchadh, trealamh atá imithe i léig a athsholáthar, cumraíocht chuí na gcóras fuaraithe, etc. |
— |
Plean díchoimisiúnaithe a chur i bhfeidhm trí chleachtais den sórt sin a chomhtháthú i bpróiseas bainistíochta atá dírithe ar uasghrádú suíomhanna stáisiúin bhunáite. |
Infheidhmeacht
Tá an dea-chleachtas seo i ndáil le bainistíocht chomhshaoil is ábhartha maidir le cuideachtaí móra soghluaiste ar leo na mílte suíomh, agus maidir le hoibreoirí líonraí i gceantair thuaithe (ina bhfuil níos mó spáis ar na suíomhanna). Is iad na hoibreoirí teileachumarsáide agus a soláthraithe atá i gceannas ar shuiteáil trealaimh TFC na príomhghníomhaithe a bhaineann leis an ndea-chleachtas seo i ndáil le bainistíocht chomhshaoil.
Táscairí feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna barr feabhais gaolmhara
Táscairí feidhmíochta comhshaoil |
Tagarmharcanna barr feabhais |
||||||||||||
|
|
3.3.5. Na tionchair ar an gcomhshaol a laghdú agus líonraí teileachumarsáide á dtógáil nó á n-athchóiriú
Gineann bonneagair teileachumarsáide agus craoltóireachta núiseanna sa chomharsanacht (tionchar aeistéitiúil, torann ó ghineadóirí agus córas fuaraithe, etc.) agus tá siad freagrach as úsáid talún (a bhféadfadh baint a bheith acu le suaitheadh na bithéagsúlachta). Chun tionchar den sórt sin a theorannú agus bonneagair nua á dtógáil nó nuair a bheidh athchóiriú á dhéanamh ar bhonneagair atá ann cheana, is é an dea-chleachtas i ndáil le bainistíocht chomhshaoil:
— |
An acmhainn agus an éileamh a thuartar roimh an bhfoirgneamh a thógáil nó a athchóiriú a phleanáil |
— |
Bonneagair TFC a chomhshuíomh, chun teorainn a chur le líon na mbonneagar éagsúil. |
— |
Bonneagair líonra a aimsiú (línte seasta, aeróga, foirgnimh, etc.) gar do bhóithre rochtana atá ann cheana féin agus lasmuigh de limistéir chaomhnaithe |
— |
Réitigh laghdaithe torainn a shuiteáil, amhail bacainní, ábhar ionsúiteach nó ciúnadóirí. |
Infheidhmeacht
Cuirtear infheidhmeacht bhearta an dea-chleachtais seo i ndáil le bainistíocht chomhshaoil i láthair i dTábla 5.
Tábla 5
Infheidhmeacht bhearta an dea-chleachtais seo i ndáil le bainistíocht chomhshaoil
Teicníc |
Deighleog líonra |
Oibríocht |
Aisteoir |
Comhshuíomh agus comhroinnt bonneagar TFC |
Líonraí rochtana raidió (RAN) |
Tógáil agus athchóiriú nua |
Oibreoirí líonra; úinéirí bonneagar eile |
Suíomh gar do bhóithre rochtana atá ann cheana féin agus lasmuigh de limistéir chaomhnaithe |
Aon bhonneagar líonra |
Tógáil nua |
Oibreoirí líonra; údaráis áitiúla |
Réitigh laghdaithe torainn a shuiteáil |
Stáisiúin bhunáite agus lároifig (gineadóirí agus córais fhuaraithe) |
Tógáil agus athchóiriú nua |
Oibreoirí líonra; údaráis áitiúla |
Táscairí feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna barr feabhais gaolmhara
Táscairí feidhmíochta comhshaoil |
Tagarmharcanna barr feabhais |
||||||||
|
|
3.4. Feidhmíocht fuinnimh agus comhshaoil a fheabhsú in earnálacha eile (“Glasú le TFC”)
Pléitear sa roinn seo cleachtais a dhíríonn ar na deiseanna is ábhartha d’earnáil na teileachumarsáide agus na seirbhíse TFC chun rannchuidiú le feidhmíocht chomhshaoil earnálacha eile a fheabhsú.
3.4.1. Glasú le TFC
Ar fud na n-earnálacha uile, tá ceithre príomhluamhán athraithe ar fáil chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus feidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú go ginearálta trí TFC:
— |
Digitiú agus dí-ábharú |
— |
Sonraí a bhailiú agus a chur in iúl |
— |
Comhtháthú an chórais |
— |
Próiseas, gníomhaíocht, agus barrfheabhsú feidhmiúil |
Tá dlúthbhaint ag na réitigh sin lena chéile agus tá siad comhlántach. Tá feidhm acu maidir le céimeanna éagsúla den tsaolré: agus na seirbhísí nó na táirgí á bhforbairt, idir an chéim forbartha agus an chéim úsáide, agus ag suíomh an úsáideora.
Maidir le peirspictíocht cuideachta TCF agus i gcás gach ceann de na ceithre phríomhluamhán, is é an dea-chleachtas é:
— |
leanúint de réitigh nua a fhorbairt, réitigh a chuireann deiseanna ar fáil chun tionchair ar an gcomhshaol a laghdú (trí infheistíochtaí taighde agus forbartha, comhpháirtíochtaí le cuideachtaí ó earnálacha eile, etc.); |
— |
cuidiú le cuideachtaí réitigh den sórt sin a chur in úsáid ina gcuid oibríochtaí agus gnó (trí bhíthin an réiteach a dhearadh go sonrach de réir riachtanas a cliant, trí oiliúint a chur ar fáil agus cumarsáid, etc.); |
— |
na réitigh sin a chur in úsáid go hinmheánach, más ábhartha. |
Infheidhmeacht
Tá na dea-cleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil infheidhme a bheag nó a mhór maidir le gach cineál cuideachta san earnáil seo.
Táscairí feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna barr feabhais gaolmhara
Táscairí feidhmíochta comhshaoil |
Tagarmharcanna barr feabhais |
||||||||
|
|
4. PRÍOMHTHÁSCAIRÍ FEIDHMÍOCHTA COMHSHAOIL A MHOLTAR A BHAINEANN GO SONRACH LE hEARNÁIL FAOI LEITH
Liostaítear i dTábla 4.1 rogha de phríomhtháscairí feidhmíochta comhshaoil le haghaidh na hearnála teileachumarsáide agus seirbhísí TFC, mar aon leis na tagarmharcanna gaolmhara agus tagairt do na dea-chleachtais ábhartha i ndáil le bainistíocht chomhshaoil. Is fothacar iad seo de na táscairí ar fad a luaitear i Roinn 3.
Tábla 4.1
Príomhtháscairí feidhmíochta comhshaoil agus tagarmharcanna barr feabhais le haghaidh na hearnála teileachumarsáide agus na seirbhísí TFC
Táscaire |
Aonaid choiteanna |
An spriocghrúpa príomha |
Leibhéal íosta faireacháin atá molta |
Príomhtháscaire gaolmhar EMAS (17) |
Tagarmharc barr feabhais |
An dea-chleachtas i ndáil le bainistíocht chomhshaoil a bhaineann leis (18) |
Dea-chleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil maidir le saincheisteanna trasearnálacha |
||||||
Córas bainistíochta sócmhainní a chur chun feidhme, e.g. deimhnithe ISO 55001 |
Is é/Ní hé |
Cuideachtaí uile Teileachumarsáide/ICT |
Suíomh |
Éifeachtúlacht ábhair |
Tá córas bainistíochta sócmhainní domhanda agus comhtháite ag an gcuideachta e.g. deimhnithe ISO 55001 |
3.1.1 |
Roinnt na hoibríochtaí a bhfuil ardchóras bainistíochta comhshaoil curtha chun feidhme ann, e.g. fíoraithe ag EMAS, deimhnithe ISO 14001 |
% saoráidí/oibríochtaí |
Cuideachtaí uile Teileachumarsáide/ICT |
Suíomh |
Iad uile |
100 % de na hoibríochtaí lena gcuirtear ardchóras bainistíochta comhshaoil chun feidhme, e.g. fíoraithe ag EMAS, deimhnithe ISO 14001 |
3.1.1 |
Roinnt na hoibríochtaí lena dtomhaistear úsáid fuinnimh agus ídiú uisce chomh maith le bainistiú dramhaíola agus lena ndéantar faireachán orthu |
% saoráidí/oibríochtaí |
Cuideachtaí uile Teileachumarsáide/ICT |
Suíomh |
Éifeachtúlacht fuinnimh, Uisce, dramhaíola |
Déanann 100 % de na hoibríochtaí tomhas agus faireachán ar a n-úsáid fuinnimh agus ar a n-ídiú uisce chomh maith le bainistiú dramhaíola |
3.1.1 |
Iomlán na n-astaíochtaí carbóin do raon feidhme 1 agus raon feidhme 2 |
tCO2eq. |
Cuideachtaí uile Teileachumarsáide/ICT |
Corparáid |
Astaíochtaí |
Bhain an chuideachta neodracht charbóin amach (raon feidhme 1 agus 2) lena n-áirítear trí fhuinneamh in-athnuaite a úsáid agus trí chúiteamh carbóin, tar éis dó gach iarracht a dhéanamh éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú |
3.1.1 |
Roinnt na dtáirgí nó seirbhísí a cheannaigh an chuideachta a chomhlíonann critéir shonracha chomhshaoil (e.g. Éicilipéad AE, lipéad fuinnimh den scoth, Energy Star, deimhnithe TCO etc.) |
% |
Cuideachtaí uile Teileachumarsáide/ICT |
Corparáid |
Iad uile |
Trealamh TFC uile a cheannaíonn an chuideachta, tá éicilipéadú ISO de chineál I air (e.g. Éicilipéad AE, an tAingeal Gorm) (má tá siad ar fáil), Energy Star, nó cuirfear critéir an Aontais maidir le Soláthar Poiblí Glas (má tá siad ar fáil) i bhfeidhm agus é á sholáthar. |
3.1.2 |
Roinnt an trealaimh a cheannaigh an chuideachta a chomhlíonann na dea-cleachtais nó na ceanglais atá aitheanta go hidirnáisiúnta (e.g. Cóid Iompair an Aontais) |
% |
Cuideachtaí uile Teileachumarsáide/ICT |
Corparáid |
Éifeachtúlacht fuinnimh |
Comhlíonann trealamh leathanbhanda uile a cheannaigh an chuideachta na critéir atá i gCód Iompair an Aontais maidir le trealamh leathanbhanda |
3.1.2 |
Roinnt an phacáistithe a cheannaigh an chuideachta a rinneadh as ábhair athchúrsáilte nó ar bronnadh lipéad na Comhairle um Maoirseacht Foraoisí air |
% |
Cuideachtaí uile Teileachumarsáide/ICT |
Corparáid |
Éifeachtúlacht ábhair, Bithéagsúlacht |
Déantar 100 % de phacáistiú a cheannaigh an chuideachta as ábhar athchúrsáilte nó bronnadh lipéad na Comhairle um Maoirseacht Foraoisí air |
3.1.2 |
Roinnt an ualúcháin a chuirtear ar chritéir chomhshaoil sna glaonna ar thairiscintí |
% |
Cuideachtaí uile Teileachumarsáide/ICT |
Corparáid |
Iad uile |
Tá 10 % d’ualúchán an tairisceana tiomnaithe d’fheidhmíocht chomhshaoil agus trealamh TFC á cheannach |
3.1.2 |
Roinnt na dtáirgí agus na seirbhísí TFC arna soláthar ag an gcuideachta do chustaiméirí lena bhfuil faisnéis faoin gcomhshaol ar fáil d’úsáideoirí deiridh |
% |
Cuideachtaí uile Teileachumarsáide/ICT |
Corparáid |
Iad uile |
Tá faisnéis faoin gcomhshaol ar fáil ag 100 % de na táirgí agus na seirbhísí TFC arna soláthar ag an gcuideachta d’úsáideoirí deiridh |
3.1.2 |
Costas iomlán na húinéireachta a úsáid mar chritéar i nglaonna ar thairiscintí |
(Úsáidtear/Ní úsáidtear) |
Cuideachtaí uile Teileachumarsáide/TFC |
Corparáid |
Éifeachtúlacht ábhair, Éifeachtúlacht fuinnimh |
Costas iomlán na húinéireachta a úsáid mar chritéar i nglaonna ar thairiscintí |
3.1.2 |
Roinnt gléasanna TFC an úsáideora deiridh a cumraíodh agus iad á suiteáil ag an mbainistiú cumhachta is fearr is féidir |
% |
Cuideachtaí uile Teileachumarsáide/TFC |
Suíomh |
Éifeachtúlacht fuinnimh |
Cumraítear gach gléas TFC an úsáideora deiridh agus iad á suiteáil ag an mbainistiú cumhachta is fearr is féidir |
3.1.3 |
Roinnt na gléasanna úsáideoirí deiridh a ndéantar iniúchadh orthu ar bhainistiú cumhachta ag minicíocht iomchuí (e.g. uair sa bhliain, uair amháin le linn shaolré an táirge etc.) |
% |
Cuideachtaí uile Teileachumarsáide/ICT |
Suíomh |
Éifeachtúlacht fuinnimh |
Rinneadh iniúchadh ar gach gléas TFC an úsáideora deiridh maidir le bainistiú cumhachta uair amháin ar a laghad le linn a saolré |
3.1.3 |
Roinnt na foirne a fuair oiliúint uair amháin ar a laghad ar chaomhnú fuinnimh |
% |
Cuideachtaí uile Teileachumarsáide/ICT |
Suíomh |
Éifeachtúlacht fuinnimh |
Fuair gach ball foirne oiliúint uair amháin ar a laghad ar chaomhnú fuinnimh |
3.1.3 |
Roinnt na haibhléise in-athnuaite a cheannaítear (le Ráthaíochtaí Tionscnaimh) as an úsáid aibhléise iomlán Roinnt na haibhléise in-athnuaite a tháirgeadh ar an láthair as úsáid iomlán na haibhléise |
% |
Cuideachtaí uile Teileachumarsáide/ICT |
Corparáid |
Éifeachtúlacht fuinnimh |
Tagann 100 % den leictreachas a úsáidtear ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh (fuinneamh a cheannaítear nó a tháirgtear ar an láthair) |
3.1.4 |
Roinnt na saoráidí nó suíomhanna a bhfuil córas bainistithe dramhaíola deimhnithe do nialas acu nó a bhfuil córas bainistithe sócmhainní deimhnithe acu (% de shaoráidí/de shuíomhanna) |
% |
Cuideachtaí uile Teileachumarsáide/ICT |
Suíomh |
Dramhaíl Éifeachtúlacht ábhair |
Tá córas bainistithe dramhaíola deimhnithe do nialas ag 100 % de na saoráidí nó tá córas bainistithe sócmhainní deimhnithe acu |
3.1.5 |
Roinnt dramhaíl TFC a ghintear ó oibríochtaí dílse arna n-aisghabháil le haghaidh athúsáide nó athchóirithe nó arna seoladh lena hathchúrsáil |
% |
Cuideachtaí uile Teileachumarsáide/ICT |
Suíomh |
Dramhaíl Éifeachtúlacht ábhair |
90 % de trealamh TFC dílis a aisghabhadh le haghaidh athúsáide nó athchóirithe nó arna seoladh lena athchúrsáil |
3.1.5 |
Roinnt dramhaíl DTLL nó TFC a ghintear ó chliaint a aisghabhadh lena hathúsáid nó lena hathchoiriú, nó arna seoladh lena hathchúrsáil |
% |
Cuideachtaí uile Teileachumarsáide/ICT |
Suíomh |
Dramhaíl Éifeachtúlacht ábhair |
30 % de threalamh TFC ó chliaint a thógáil ar ais agus a aisghabháil le haghaidh athúsáide nó athchóirithe nó é a sheoladh le haghaidh athchúrsála (maidir le cuideachtaí TFC a chuireann trealamh ar fáil do chustaiméirí) |
3.1.5 |
Méid dramhaíola TFC arna seoladh chuig líonadh talún |
tonna/in aghaidh na bliana |
Cuideachtaí uile Teileachumarsáide/ICT |
Suíomh |
Dramhaíl |
Dramhaíl ar bith arna seoladh chuig líonadh talún |
3.1.5 |
Roinnt na suíomhanna a bhfuil dea-cleachtais Chód Iompair an Aontais maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí curtha chun feidhme acu nó na Cleachtais Ionchasacha CLC/TR 50600-99-1 maidir le seirbhísí TF nua a fhorbairt agus iad a imscaradh |
% |
Cuideachtaí uile Teileachumarsáide/ICT |
Suíomh |
Éifeachtacht fuinnimh |
Chuir gach lárionad sonraí dea-cleachtais Chód Iompair an Aontais maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí chun feidhme acu nó chuir siad na cleachtais ionchasacha CLC/TR 50600-99-1 chun feidhme maidir le seirbhísí TF nua a fhorbairt agus iad a chur in úsáid. |
3.1.6 |
Roinnt na bhforbróirí bogearraí (foireann) atá oilte ar bhogearraí atá tíosach ar fhuinneamh |
% |
Cuideachtaí uile Teileachumarsáide/ICT |
Corparáid |
Éifeachtúlacht fuinnimh |
Gach ball foirne (forbróirí bogearraí) atá oilte ar bhogearraí atá tíosach ar fhuinneamh. |
3.1.6 |
Roinnt na bogearraí atá forbartha le déanaí lenar úsáideadh an fheidhmíocht fuinnimh ina leith mar chritéar forbartha (%); |
% |
Cuideachtaí uile Teileachumarsáide/ICT |
Corparáid |
Éifeachtúlacht fuinnimh |
Cuireadh tionscadal amháin ar a laghad chun éileamh tráchta sonraí a íoslaghdú trí bhogearraí glasa i bhfeidhm i rith na bliana |
3.1.6 |
Dea-chleachtais na lárionad sonraí i ndáil le bainistíocht chomhshaoil |
||||||
KPIDCEM KPI Domhanda don Lárionad Sonraí de réir chaighdeán ETSI |
|
Oibreoirí na lárionad sonraí |
Suíomh |
Éifeachtacht fuinnimh |
Tá an KPIDCP le haghaidh lárionaid sonraí atá ann cheana cothrom le nó níos lú ná 1,5 |
3.2.1 |
Sciar na saoráidí a bhfuil córas bainistíochta fuinnimh acu atá deimhnithe de réir ISO 50001 nó atá comhtháite in EMAS, nó a chomhlíonann Cód Iompair an Aontais maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí nó “cleachtais ionchasacha” CLC/TR 50600-99-1 |
% |
Oibreoirí na lárionad sonraí |
Suíomh |
Éifeachtacht fuinnimh |
Tá córas bainistíochta fuinnimh ag gach lárionad sonraí atá deimhnithe de réir ISO 50001 nó comhtháite in EMAS, nó a chomhlíonann na cleachtais íosta ionchasacha i gCód Iompair an Aontais maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí nó na “cleachtais ionchasacha” de CLC/TR 50600-99-1 |
3.2.1 |
Roinnt na lárionaid sonraí a bhfuil na cleachtais íosta ionchasacha i gCód Iompair an Aontais maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí curtha chun feidhme acu nó na Cleachtais Ionchasacha CLC/TR 50600-99-1 maidir le bainistiú agus stóráil sonraí, agus le bainistiú trealamh agus seirbhísí TCF atá ann cheana |
% |
Oibreoirí na lárionad sonraí |
Suíomh |
Éifeachtúlacht fuinnimh |
Chuir gach lárionad sonraí na cleachtais íosta ionchasacha i gCód Iompair an Aontais maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí chun feidhme nó na cleachtais ionchasacha CLC/TR 50600-99-1 maidir le bainistiú agus stóráil sonraí, agus bainistiú trealaimh TFC agus seirbhísí atá ann cheana |
3.2.2 |
Roinnt na racaí a suiteáladh le cumraíocht pasáistí teo/fuara (le himshrianadh) |
% |
Oibreoirí na lárionad sonraí |
Suíomh |
Éifeachtúlacht fuinnimh |
Suiteáiltear 100 % de racaí nua le cumraíocht pasáistí teo/fuara (le himshrianadh) |
3.2.3 |
Roinnt na lárionaid sonraí a bhfuil na cleachtais íosta ionchasacha i gCód Iompair an Aontais maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí curtha chun feidhme acu nó na Cleachtais Ionchasacha CLC/TR 50600-99-1 maidir le bainistiú agus dearadh sreafa aeir |
% |
Oibreoirí na lárionad sonraí |
Suíomh |
Éifeachtúlacht fuinnimh |
Chuir gach lárionad sonraí na cleachtais íosta ionchasacha i gCód Iompair an Aontais maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí chun feidhme nó na cleachtais ionchasacha CLC/TR 50600-99-1 maidir le bainistiú agus dearadh sreafa aeir, agus suiteáil trealaimh TFC chun bainistiú sreafa aeir a bharrfheabhsú |
3.2.3 |
COP (an chomhéifeacht feidhmiúcháin): meánualach fuaraithe (kW)/meánchumhacht an chórais fuaraithe (kW) |
- |
Oibreoirí na lárionad sonraí |
Suíomh |
Éifeachtúlacht fuinnimh |
Trealamh a roghnú le COP de 7 nó níos airde do fhuaraitheoirí uisce, agus 4 nó níos airde do chórais fuaraithe Leathnaithe Dírigh (DX) |
3.2.4, 3.3.1, 3.5.3 |
Roinnt na lárionaid sonraí a bhfuil na cleachtais íosta ionchasacha i gCód Iompair an Aontais maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí (codanna 5.2, 5.4 agus 5.5) curtha chun feidhme acu nó na Cleachtais Ionchasacha CLC/TR 50600-99-1 maidir le bainistiú fuaraithe |
% |
Oibreoirí na lárionad sonraí |
Suíomh |
Éifeachtúlacht fuinnimh |
Chuir gach lárionad sonraí na cleachtais íosta ionchasacha i gCód Iompair an Aontais maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí (codanna 5.2, 5.4 agus 5.5) chun feidhme nó chuir siad na cleachtais ionchasacha CLC/TR 50600-99-1 chun feidhme maidir le bainistiú fuaraithe |
3.2.4 |
Roinnt na lárionaid sonraí a bhfuil na cleachtais íosta ionchasacha i gCód Iompair an Aontais maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí curtha chun feidhme acu nó na Cleachtais Ionchasacha CLC/TR 50600-99-1 maidir le socruithe teochta agus taise |
% |
Oibreoirí na lárionad sonraí |
Suíomh |
Éifeachtúlacht fuinnimh |
Chuir gach lárionad sonraí na cleachtais íosta ionchasacha i gCód Iompair an Aontais maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí chun feidhme acu nó chuir siad na cleachtais ionchasacha CLC/TR 50600-99-1 chun feidhme maidir le socruithe teochta agus taise |
3.2.5 |
Dearadh PUE (dPUE) |
- |
Oibreoirí na lárionad sonraí |
Suíomh |
Éifeachtúlacht fuinnimh |
- |
3.2.6.1, 3.4.1 |
Roinnt na táirgí nó seirbhísí TFC a cheannaigh an chuideachta a chomhlíonann critéir shonracha chomhshaoil (e.g. éicilipéad AE, EnergyStar) |
% |
Oibreoirí na lárionad sonraí |
Suíomh |
Éifeachtúlacht Fuinnimh Éifeachtúlacht Ábhair |
Tá éicilipéad ISO Cineál I ar trealamh TFC nua uile de chuid an Lárionaid Sonraí (e.g. éicilipéad AE, an tAingeal Gorm, etc.) (má tá fáil orthu) nó lipéad Energy Star |
3.2.7.1 |
Roinnt na saoráidí a bhfuil na cleachtais íosta ionchasacha i gCód Iompair an Aontais maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí curtha chun feidhme acu nó na Cleachtais Ionchasacha CLC/TR 50600-99-1 maidir le trealamh TF/trealamh cumhachta/trealamh fuaraithe nua a roghnú agus é a chur in úsáid |
% |
Oibreoirí na lárionad sonraí |
Suíomh |
Éifeachtúlacht fuinnimh |
Chuir gach lárionad sonraí na cleachtais íosta ionchasacha i gCód Iompair an Aontais maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí chun feidhme acu nó chuir siad na Cleachtais Ionchasacha CLC/TR 50600-99-1 chun feidhme maidir le trealamh nua TFC/córas fuaraithe/trealamh nua cumhachta/trealamh eile lárionad sonraí a roghnú agus é a chur in úsáid. |
3.2.6.1 |
Meánéifeachtúlacht fuinnimh sholáthar dobhriste cumhachta (arna tabhairt ag monaróirí) |
- |
Oibreoirí na lárionad sonraí |
Suíomh |
Éifeachtúlacht fuinnimh |
Comhlíonann soláthar dobhriste cumhachta ceanglais an Chóid Iompair maidir le soláthar dobhriste cumhachta |
3.2.6.1 |
Roinnt na suíomhanna a bhfuil na cleachtais íosta ionchasacha i gCód Iompair an Aontais maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí curtha chun feidhme acu nó na Cleachtais Ionchasacha CLC/FprTR 50600-99-1 maidir le hÚsáid, bainistiú agus pleanáil le haghaidh lárionaid sonraí nua a thógáil nó lárionaid sonraí a athchóiriú |
% |
Oibreoirí na lárionad sonraí |
Suíomh |
Éifeachtúlacht Ábhair, Éifeachtúlacht Fuinnimh |
Chuir gach lárionad sonraí na cleachtais íosta ionchasacha i gCód Iompair an Aontais maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí chun feidhme acu nó chuir siad na cleachtais ionchasacha CLC/TR 50600-99-1 maidir le húsáid, bainistiú agus pleanáil le haghaidh lárionaid sonraí nua a thógáil agus lárionaid sonraí a athchóiriú |
3.2.7.1 |
Roinnt na suíomhanna a bhfuil na cleachtais íosta ionchasacha i gCód Iompair an Aontais maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí curtha chun feidhme acu nó na Cleachtais Ionchasacha CLC/TR 50600-99-1 maidir le teas dramhaíola na lárionad sonraí a athúsáid |
% |
Oibreoirí na lárionad sonraí |
Suíomh |
Éifeachtúlacht fuinnimh |
Chuir gach lárionad sonraí na cleachtais íosta ionchasacha i gCód Iompair an Aontais maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí chun feidhme acu nó chuir siad na Cleachtais Ionchasacha CLC/TR 50600-99-1 chun feidhme maidir le teas dramhaíola na lárionad sonraí a athúsáid |
3.2.7.2 |
Roinnt na suíomhanna a bhfuil na cleachtais íosta ionchasacha i gCód Iompair an Aontais maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí curtha chun feidhme acu nó na Cleachtais Ionchasacha CLC/TR 50600-99-1 maidir le leagan amach fisiciúil fhoirgneamh an lárionaid sonraí |
% |
Oibreoirí na lárionad sonraí |
Suíomh |
Éifeachtúlacht fuinnimh |
Chuir gach lárionad sonraí na cleachtais íosta ionchasacha i gCód Iompair an Aontais maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí chun feidhme nó chuir siad na cleachtais ionchasacha CLC/TR 50600-99-1 chun feidhme maidir le leagan amach fisiciúil fhoirgneamh an lárionaid sonraí |
3.2.7.3 |
Roinnt na lárionaid sonraí a bhfuil na cleachtais íosta ionchasacha i gCód Iompair an Aontais maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí curtha chun feidhme acu nó na Cleachtais Ionchasacha CLC/TR 50600-99-1 maidir le suíomh geografach an lárionaid sonraí |
% |
Oibreoirí na lárionad sonraí |
Suíomh |
Éifeachtúlacht fuinnimh |
Chuir gach lárionad sonraí na cleachtais íosta ionchasacha i gCód Iompair an Aontais maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí chun feidhme acu nó chuir siad na cleachtais ionchasacha agus roghnacha CLC/TR 50600-99-1 chun feidhme maidir le suíomh geografach an lárionaid sonraí |
3.2.7.4 |
Ídiú uisce an lárionaid sonraí in aghaidh an achar urláir (m3 a ídítear/m2 an lárionaid sonraí) |
|
Oibreoirí na lárionad sonraí |
Suíomh |
Uisce |
- |
3.2.7.5 |
Roinnt na lárionaid sonraí a bhfuil na cleachtais íosta ionchasacha i gCód Iompair an Aontais maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí curtha chun feidhme acu nó na Cleachtais Ionchasacha CLC/TR 50600-99-1 maidir le foinsí uisce |
% |
Oibreoirí na lárionad sonraí |
Suíomh |
Uisce |
Chuir gach lárionad sonraí na cleachtais íosta ionchasacha i gCód Iompair an Aontais maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí chun feidhme nó chuir siad na cleachtais ionchasacha CLC/TR 50600-99-1 chun feidhme maidir le foinsí uisce |
3.2.7.5 |
Dea-chleachtais le haghaidh líonraí cumarsáide leictreonaí |
||||||
Roinnt úsáide fuinnimh an líonra lena dtomhaistear ídiú fuinnimh |
% |
Oibreoirí líonra |
Suíomh |
Éifeachtúlacht fuinnimh |
Déantar faireachán fíor-ama ar 50 % d’úsáid fuinnimh an líonra ag leibhéal na suíomhanna teileachumarsáide (stáisiúin bhunáite agus/nó nóid líonra fosaithe), nó níos mó ná sin |
3.3.1 |
Meánídiú fuinnimh in aghaidh an chustaiméara nó an suibscríobhaithe (NB Níl an táscaire seo oiriúnach do thagarmharc idir cineálacha éagsúla oibreoirí) |
kWh/custaiméir nó suibscríobhaí |
Oibreoirí líonra |
Suíomh |
Éifeachtúlacht fuinnimh |
Tá córas bainistíochta fuinnimh i bhfeidhm le haghaidh líonraí teileachumarsáide |
3.3.1 |
Faoin gcéad na suíomhanna ar ndearnadh measúnú orthu trí thomhas a dhéanamh ar chomhlíonadh teorainneacha réimsí leictreamaighnéadacha |
% |
Oibreoirí líonra |
Suíomh |
Astaíochtaí |
- |
3.3.2 |
Faoin gcéad trealamh leathanbhanda a chomhlíonann riachtanais an Chóid Iompair Leathanbhanda i dtéarmaí ídithe fuinnimh |
% |
Oibreoirí líonra |
Suíomh |
Éifeachtúlacht fuinnimh |
Comhlíonann 100 % de threalamh nua leathanbhanda suiteáilte riachtanais Chód Iompair an Aontais maidir le trealamh leathanbhanda i dtéarmaí ídithe fuinnimh |
3.3.3 |
Meánéifeachtúlacht an Chórais sholáthar dobhriste cumhachta |
% |
Oibreoirí líonra |
Suíomh |
Éifeachtúlacht fuinnimh |
Bíonn éifeachtúlacht fuinnimh stáisiún cumhachta/fuinnimh ag 96 % nó níos airde |
3.3.3 |
Cainníocht trealaimh neamhúsáidte nó neamhéifeachtúil a díchoimisiúnaíodh agus a aistríodh ó shuíomhanna stáisiúin bhunáite gach bliain |
kg |
Oibreoirí líonra |
Suíomh |
Éifeachtúlacht ábhair Éifeachtúlacht fuinnimh |
Sainmhíníodh plean agus próiseas bainistíochta chun gach suíomh líonra atá ann cheana a bharrfheabhsú (chun trealamh neamhúsáidte neamhéifeachtúil a bhaint, chun córais fuaraithe a chumrú i gceart, etc.) |
3.3.4 |
Faoin gcéad na suíomhanna a bhfuil comhroinnt éighníomhach acu |
% |
Oibreoirí líonra |
Suíomh |
Éifeachtúlacht ábhair |
Roinntear 30 % ar a laghad de na suíomhanna le hoibreoirí eile (i gcás inarb indéanta, e.g. go dleathach) |
3.3.5 |
Glasú le dea-chleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil TFC |
||||||
Astaíochtaí gás ceaptha teasa bunaithe ar an bPrótacal maidir le Gás Ceaptha Teasa, astaíochtaí raon feidhme 3 |
tCO2eq |
Cuideachtaí uile Teileachumarsáide/ICT |
Corparáid |
Astaíochtaí |
Neamhbhainteach |
3.4.1 |
(1) Tá an tuarascáil eolaíochta agus bheartais ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin JRC ag an seoladh seo a leanas: https://susproc.jrc.ec.europa.eu/activities/emas/telecom.html. Tá na conclúidí maidir leis na cleachtais is fearr i ndáil le bainistíocht chomhshaoil agus a n-infheidhmeacht chomh maith leis na táscairí sonracha feidhmíochta comhshaoil sainaitheanta agus tagarmharcanna barr feabhais atá sa Doiciméad Tagartha Earnála seo bunaithe ar na torthaí atá doiciméadaithe sa tuarascáil eolaíochta agus beartais. Is féidir teacht ar an bhfaisnéis chúlra agus ar na sonraí teicniúla ar fad ann.
(2) Rialachán (CEE) Uimh. 1836/93 ón gComhairle an 29 Meitheamh 1993 lena gceadaítear rannpháirtíocht dheonach ag cuideachtaí ón earnáil tionsclaíochta i scéim an Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (IO L 168, 10.7.1993, lch. 1).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 761/2001 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2001 lena gceadaítear rannpháirtíocht dheonach ag eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) (IO L 114, 24.4.2001, lch. 1).
(4) De réir Iarscríbhinn IV (B.(f)) de Rialachán EMAS, is é a beidh sa ráiteas ar an gcomhshaol “achoimre ar na sonraí atá ar fáil maidir le feidhmíocht chomhshaoil na heagraíochta i leith a gnéithe suntasacha comhshaoil. Déanfar tuairisciú ar na príomhtháscairí feidhmíochta comhshaoil agus ar na táscairí sonracha feidhmíochta comhshaoil a leagtar amach i Roinn C. I gcás ina bhfuil cuspóirí agus spriocanna comhshaoil ann, déanfar na sonraí sin a thuairisciú.” Sonraítear in Iarscríbhinn IV – Roinn C.3. “go ndéanfaidh na heagraíochtaí uile tuairisciú ar a bhfeidhmíocht maidir leis na gnéithe agus iarmhairtí comhshaoil díreacha agus indíreacha a bhaineann lena bhpríomhghníomhaíochtaí gnó, gnéithe agus iarmhairtí atá intomhaiste agus infhíoraithe agus nach gcumhdaítear iad leis na príomhtháscairí cheana féin. I gcás ina mbeidh siad ar fáil, cuirfidh an eagraíocht san áireamh doiciméid tagartha earnála dá dtagraítear in Airteagal 46 chun sainaithint táscairí ábhartha a bhaineann go sonrach le hearnáil ar leith a éascú.”
(5) Tá cur síos mionsonraithe ar na dea-chleachtais uile, mar aon le treoir phraiticiúil maidir leis an gcaoi chun iad a chur chun feidhme, ar fáil sa “Tuarascáil Dhea-Chleachtais” a d’fhoilsigh JRC agus atá ar fáil ar líne ag: http://susproc.jrc.ec.europa.eu/activities/emas/documents/BEMP_Telecom_FinalReport.pdf.
Iarrtar ar eagraíochtaí breathnú ar an tuarascáil má tá suim acu níos mó a fhoghlaim faoi na dea-chleachtais a bhfuil cur síos orthu sa doiciméad tagartha earnála seo.
(6) Tabhair do d’aire leis an gCód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (cf. Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach), ina n-aithnítear cóineasú na n-earnálacha teileachumarsáide, meán agus teicneolaíochta faisnéise, go mbunaítear anois rialacha comhchoiteanna is infheidhme maidir leis an earnáil níos leithne, lena n-áirítear, e.g. an craoladh. I gcás inarb ábhartha agus infheidhme, luaitear dea-chleachtais i ndáil le bainistíocht chomhshaoil i dtagairt don ainmníocht nua.
(7) Tá an tuarascáil dhea-chleachtais maidir leis an earnáil monaraíochta trealamh leictrigh agus leictreonaigh á forbairt faoi láthair agus beidh sí ar fáil ar líne ag: http://susproc.jrc.ec.europa.eu/activities/emas/eeem.html
(8) Tá an tuarascáil dhea-chleachtais maidir le hearnáil na trádála miondíola ar fáil ar líne ag: http://susproc.jrc.ec.europa.eu/activities/emas/retail.html
(9) Tá an tuarascáil dhea-chleachtais maidir leis an earnáil riaracháin phoiblí ar fáil ar líne ag: http://susproc.jrc.ec.europa.eu/activities/emas/public_admin.html
(10) Is féidir iomlán na n-astaíochtaí carbóin le haghaidh raon feidhme 1 agus 2 a ríomh bunaithe ar an bPrótacal maidir le Gás Ceaptha Teasa, atá ar fáil ar líne ag: https://ghgprotocol.org/
(11) D’fhéadfadh gurb ionann comhshuíomh lárionad sonraí agus pointí malartaithe seirbhísí TFC.
(12) Tabhair do d’aire go n-úsáidtear “líonraí cumarsáide leictreonaí” sa chiall leathan den Chód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (lena n-áirítear gan sreang, optúil...) agus ní thagraítear go docht do chumarsáid atá bunaithe ar shraith fhisiciúil amháin a bhíonn ag malartú comharthaí leictreonacha.
(13) Níl an táscaire seo oiriúnach do thagarmharc idir cineálacha éagsúla oibreoirí.
(14) Sa chiall atá leis an gCód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach
(15) Cód Iompair an Aontais maidir le hÍdiú Fuinnimh Trealaimh Leathanbhanda:
https://e3p.jrc.ec.europa.eu/communities/ict-code-conduct-energy-consumption-broadband-communication-equipment
(16) ETSI ES 202 336
(17) Liostaítear príomhtháscairí EMAS in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 (Roinn C.2).
(18) Tagraíonn na huimhreacha do na rannóga sa doiciméad seo.