26.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 378/15


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1877 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Deireadh Fómhair 2021

maidir leis an gcreat i ndáil le bearta maidir leis an gcuimsiú de chuid chlár Erasmus+ agus chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh 2021-2027

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 165(4) agus Airteagal 166(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 15 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/888 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) 2018/1475 agus (AE) Uimh. 375/2014 (2), agus go háirithe Airteagal 16(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An gá atá leis an gClár Erasmus+ a neartú agus le síneadh a chur leis, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl an méid sin roinnt uaireanta. Ina theannta sin, sna comhairliúcháin maidir leis an meastóireacht mheántéarma ar Chlár Erasmus+ (2014-2020) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus maidir leis an gclár a thiocfadh in ionad an chláir sin (4), suíodh an gá atá le leanúnachas i raon feidhme, ailtireacht agus sásraí seachadta Chlár Erasmus+. An tráth céanna, sainaithníodh an gá atá le roinnt feabhsúchán, amhail cuimsitheacht Chlár Erasmus+ a mhéadú agus é a shimpliú agus a dhéanamh níos inbhainistithe do thairbhithe.

(2)

Le Rialachán Erasmus+ agus le Rialachán Chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta araon, foráiltear go bhforbróidh an Coimisiún creat i ndáil le bearta maidir leis an gcuimsiú le haghaidh daoine ar lú na deiseanna atá acu (5). Agus na cosúlachtaí idir Clár Erasmus+ agus Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh á gcur san áireamh, a mhéid a bhaineann le cuid de na spriocghrúpaí a ndírítear orthu (daoine ar lú na deiseanna atá acu i gClár Erasmus+ agus daoine óga ar lú na deiseanna atá acu i gClár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh), na struchtúir chur chun feidhme chomhroinnte atá ag an dá Chlár, agus na cosúlachtaí atá sa struchtúr cistiúcháin, ba cheart creat comhpháirteach i ndáil le bearta maidir leis an gcuimsiú a bhunú.

(3)

Ba cheart réimsí idirghabhála le haghaidh dúshláin dhomhanda mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn III, pointe 4, de Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), chomh maithe le Plean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt 2021-2024 a chur san áireamh sa chreat i ndáil le bearta maidir leis an gcuimsiú. Tá ról tábhachtach ag eagraíochtaí amhail eintitis a fhaigheann deontais faoi na Cláir maidir leis an gcuimsiú a fhíorú, go háirithe a mhéid a bhaineann le forbairt eagraíochta, tuilleadh inniúlachta a fháil agus a fhorbairt i dtaca le tionscadail chuimsithe agus ceanglais inrochtaineachta a láimhseáil, an cuimsiú a chur chun cinn ar fud na heagraíochta, agus for-rochtain agus tacaíocht a thabhairt do rannpháirtithe roimh an tionscadal, lena linn agus ina dhiaidh.

(4)

Tá cásanna ann inar lú, ar chúiseanna airgeadais, an seans a bheidh acu siúd ag a mbíonn níos lú deiseanna a bheith rannpháirteach sna Cláir, bíodh sin mar gheall ar a staid eacnamaíoch nó mar gheall ar na costais is airde a éireoidh, ina gcás sonrach féin, as a rannpháirtíocht sa Chlár, agus minic gur cás acu sin cás na ndaoine faoi mhíchumas. Sna cásanna sin, d’fhéadfaí a rannpháirtíocht a éascú trí bhíthin tacaíocht airgeadais dhírithe.

(5)

Is féidir níos lú rannpháirtíochta ag na spriocghrúpaí sin a bheith mar thoradh ar easpa feasachta maidir le hinfhaighteacht beart tiomnaithe le haghaidh daoine ar lú na deiseanna atá acu. Tá iarracht níos mó ag teastáil chun feasacht a mhúscailt agus chun a leibhéil eolais agus feasachta a mhéadú maidir leis na deiseanna atá ann agus maidir leis an mbealach chun rochtain a fháil orthu.

(6)

Iarrtar ar eagraíochtaí aghaidh a thabhairt ar an gcuimsiú agus ar an éagsúlacht i gcomhréir lena riachtanais féin agus le riachtanais a bpobail. Baill foirne, a bhíonn ag plé go sonrach le saincheisteanna maidir leis an gcuimsiú agus an éagsúlacht agus le rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu ina n-eagraíochtaí, féadfaidh siad tairbhiú de bheith ag obair i gcomhar le piaraí ó eagraíochtaí eile chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu. Maidir le cineálacha éagsúla tacaíochta, amhail seisiúin oiliúna, deiseanna phiarfhoghlama agus deiseanna chun postscáthú a dhéanamh, féadfar iad a shocrú d’fhonn cabhrú lena n-inniúlacht a mhéadú i ndáil leis sin.

(7)

Maidir le rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu, tá cur chuige láidir tacúil ríthábhachtach chun deireadh a chur leis na bacainní atá ar a rannpháirtíocht iomlán sna Cláir.

(8)

Tá an cuimsiú agus an éagsúlacht mar chuid de na critéir chun iarratais ar chistiú a roghnú agus chun tacaíocht airgeadais a leithdháileadh. Sa phróiseas chun deontais a dhámhachtain, féadfar tosaíocht a thabhairt do thionscadail ardcháilíochta lena dtugtar aghaidh go gníomhach ar an gcuimsiú agus ar an éagsúlacht agus lena bhfuil baint ag rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu.

(9)

Maidir le daoine ar lú na deiseanna atá acu, ba cheart teagmháil a dhéanamh leo ina dtimpeallacht phearsanta féin tríd an gcur chuige a chur in oiriúint dá riachtanais faisnéise agus inrochtaineachta shonracha. An comhar le páirtithe leasmhara atá ag obair leis na spriocghrúpaí sin agus rannpháirtíocht úsáideoirí ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach, is nithe tábhachtacha iad chun faisnéis a sholáthar do ghrúpaí faoi thearcionadaíocht.

(10)

Le gníomhaíochtaí faireacháin tiomnaithe lena mbainfear leas as tacar táscairí sonracha, ba cheart sonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla a sholáthar chun tacú de réir a chéile le húsáid níos straitéisí agus níos spriocdhírithe fós a bhaint as an mbuiséad atá ar fáil faoi na Cláir.

(11)

D’fhéadfadh sé go bhfuil bearta maidir leis an gcuimsiú i bhfeidhm cheana sa chomhthéacs náisiúnta. Comhlántacht agus sineirgí leis na bearta arna gcur i bhfeidhm leis an gcreat seo, d’fhéadfadh siad rannchuidiú le tionchar níos mó a bhaint amach maidir le teagmháil a dhéanamh le rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu agus le tacaíocht a thabhairt dóibh.

(12)

Leis an gCinneadh seo agus leis na pleananna gníomhaíochta maidir leis an gcuimsiú a leanfaidh as, ba cheart na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (7) a urramú. Ba cheart a áirithiú leo freisin go n-urramaítear go hiomlán an ceart chun neamh-idirdhealaithe agus go ndéantar cur i bhfeidhm Airteagal 21 den Chairt a chur chun cinn.

(13)

Is grúpa ilchineálach iad na gníomhaithe atá rannpháirteach sa phróiseas chun cuimsitheacht agus éagsúlacht Chlár Erasmus+ agus Chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a mhéadú agus rannchuidíonn siad le smaointe agus sásraí nua nó feabhsaithe a fhorbairt, agus tá siad ina bpríomhiolraitheoirí sna hiarrachtaí cuimsitheachta agus éagsúlachta chomh maith,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leis an gCinneadh seo, bunaítear creat i ndáil le bearta maidir leis an gcuimsiú le haghaidh Chlár Erasmus+ agus Chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh do thréimhse Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027.

2.   Leagtar síos leis cuspóirí an chreata agus na gníomhartha agus sásraí atá le cur chun feidhme.

Airteagal 2

Cuspóirí an chreata i ndáil le bearta maidir leis an gcuimsiú

1.   Tá sé de chuspóir ginearálta ag an gcreat i ndáil le bearta maidir leis an gcuimsiú, rochtain ar Chlár Erasmus+ agus ar Chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a éascú do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu, a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm bearta chun deireadh a chur le bacainní a d’fhéadfadh an rochtain sin a chosc agus a bheith mar bhonn le tuilleadh treoraíochta maidir le cur chun feidhme mar a leagtar amach san Iarscríbhinn. Bunaithe ar an bprionsabal nach mór rochtain a bheith ag cách ar na Cláir, gan beann ar na bacainní a d’fhéadfadh a bheith rompu, is é is aidhm don chreat gan aon duine a fhágáil ar lár agus rannchuidiú le sochaithe níos cuimsithí.

2.   Tá ceithre chuspóir shonracha ag an gcreat i ndáil le bearta maidir leis an gcuimsiú:

(a)

an cuimsiú agus an éagsúlacht a phríomhshruthú agus sin a bheith ina thosaíocht trasearnála agus ina threoirphrionsabal;

(b)

a áirithiú go gcuirfear gnéithe agus sásraí cuimsitheacha ar fáil laistigh de dhearadh na gClár agus den bhuiséad a leithdháilfear ar a ngníomhartha agus go gcuirfear san áireamh an bhéim atá ar an gcuimsiú agus ar an éagsúlacht ag gach céim de bhainistíocht na gClár;

(c)

comhthuiscint a shuí maidir leo siúd a bhféadfar a mheas gur daoine iad ar lú na deiseanna atá acu agus cur chuige dearfach i leith na héagsúlachta a chothú;

(d)

tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí tairbhíocha tuilleadh tionscadail ardcháilíochta a bhunú lena dtabharfar aghaidh ar an gcuimsiú agus ar an éagsúlacht agus tionscadail a dhearadh agus a chur chun feidhme ar bhealach níos cuimsithí agus níos éagsúla.

3.   San Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo tugtar liosta neamh-uileghabhálach de na gníomhartha atá déanta ag an gCoimisiún agus na gníomhartha a dhéanfaidh sé chun treoraíocht a sholáthar maidir le cur chun feidhme na mbeart maidir leis an gcuimsiú i gClár Erasmus+ agus i gClár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

CAIBIDIL II

BEARTA MAIDIR LEIS AN gCUIMSIÚ

Airteagal 3

Formáidí foghlama

Leis na Cláir cuirfear formáidí foghlama solúbtha agus inrochtana ar fáil chun gur féidir teagmháil a dhéanamh le spriocghrúpaí móra, rud a mhéadóidh lánpháirtiú daoine, ar lú na deiseanna atá acu, i ngníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna, óige, spóirt agus dlúthpháirtíochta.

Airteagal 4

Tacaíocht le haghaidh rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu

Maidir le sásraí lena ndéantar rannpháirtithe, ar lú na deiseanna atá acu, a ullmhú sula mbíonn siad rannpháirteach sa Chlár, le linn an Chláir agus ina dhiaidh, agus lena dtacaítear go leordhóthanach leis na rannpháirtithe sin, sásraí amhail cuairteanna ullmhúcháin, tacaíocht teanga, meantóireacht threisithe agus cóitseáil, cuirfear na sásraí sin ar fáil agus maoineofar iad go cuí.

Airteagal 5

Tacaíocht le haghaidh eagraíochtaí

Cuirfear sásraí i bhfeidhm chun:

(a)

tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí an cuimsiú a fhíorú, go háirithe a mhéid a bhaineann le forbairt eagraíochta, inrochtaineacht agus an t-idirghníomhú le rannpháirtithe, ar lú na deiseanna atá acu, roimh an tionscadal, lena linn agus ina dhiaidh. Ionas go n-oibreoidh siad i gcomhar chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu agus chun nósanna imeachta cuimsitheacha a áirithiú, d’fhéadfadh gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh baill foirne a bhíonn ag plé go sonrach leis an gcuimsiú agus leis an éagsúlacht in eagraíochtaí a bheith i gceist leis an tacaíocht sin, gníomhaíochtaí amhail oiliúint, agus deiseanna líonraithe téamacha;

(b)

tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí ina ról tábhachtach maidir le teagmháil a dhéanamh le rannpháirtithe ionchasacha ar lú na deiseanna atá acu maidir leis na deiseanna agus sásraí tacaíochta éagsúla atá á gcur ar fáil dóibh faoi na Cláir agus feasacht na rannpháirtithe ionchasacha a mhéadú i dtaobh na ndeiseanna sin.

Airteagal 6

Tacaíocht airgeadais

1.   Leis na Cláir, soláthrófar leibhéil tacaíochta airgeadais leordhóthanacha do rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu, rud a rannchuideoidh le deireadh a chur leis na bacainní lena gcuirtear cosc orthu páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí na gClár ar comhchéim lena bpiaraí. Áirítear leis sin, go gcuirfear san áireamh na sásraí is iomchuí chun tacaíocht den sórt sin a bhronnadh.

2.   Leis na Cláir, cuirfear tacaíocht airgeadais threisithe ar fáil d’eagraíochtaí a bhíonn ag obair le rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu, tabharfar aitheantas leo do na hiarrachtaí breise a cuireadh i bhfeidhm chun go mbeadh rannpháirtíocht éifeachtach ag na spriocghrúpaí sin ina ngníomhaíochtaí tionscadail.

Airteagal 7

Nós imeachta roghnúcháin

Sa nós imeachta chun deontais a dhámhachtain, féadfar tosaíocht a thabhairt do thionscadail ardcháilíochta lena dtugtar aghaidh go gníomhach ar chuimsiú agus ar rannpháirtíocht rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu.

Airteagal 8

Soláimhsitheacht dhoiciméid na gclár

Leis na Cláir, áiritheofar go mbeidh na doiciméid iarratais agus tagartha soláimhsithe inrochtana agus go mbeidh siad ar fáil i dteangacha éagsúla. Beidh struchtúr soiléir ag na doiciméid sin agus úsáidfear teanga shimplí iontu chun tacú le riachtanais daoine ar lú na deiseanna atá acu.

Airteagal 9

Gníomhaíochtaí oiliúna

Féadfar cistiú a sholáthar faoi na Cláir chun gníomhaíochtaí oiliúna a thairiscint, gníomhaíochtaí atá dírithe ar dhaoine ar lú na deiseanna atá acu a chuimsiú, ar gníomhaíochtaí iad atá dírithe ar shaineolaithe, ar chleachtóirí, ar bhaill foirne na n-eagraíochtaí agus ar rannpháirtithe chomh maith. Beidh sé d’aidhm ag na gníomhaíochtaí oiliúna sin deiseanna a chruthú chun na cleachtais is fearr a mhalartú, chun inniúlachtaí a fhorbairt agus chun smaointe nuálacha i ndáil le bearta maidir leis an gcuimsiú a spreagadh.

Airteagal 10

Cur chuige tacúil

Leis na Cláir, soláthrófar tacaíocht cháilíochtúil le haghaidh bearta maidir leis an gcuimsiú trí ghníomhaireachtaí náisiúnta Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus tríd an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA) agus trí struchtúir amhail Tacaíocht, Ardfhoghlaim agus Deiseanna Oiliúna (SALTO) an Cuimsiú agus an Éagsúlacht chomh maith.

Airteagal 11

Gníomhaíochtaí cumarsáide

I dtaca leis an bhfaisnéis agus múscailt feasachta maidir leis na deiseanna atá ar fáil faoi na Cláir agus maidir leis na sásraí tacaíochta cuimsithe, féadfaidh sé gur gá iad a chur in iúl agus a oiriúnú de réir a gcomhthéacs náisiúnta agus a gcomhthéacs earnáilsonraigh i gcás gach catagóire rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu. Chun an méid sin a bhaint amach, moltar d’eagraíochtaí cur chun feidhme ábhar faisnéise oiriúnach inrochtana a sholáthar, bealaí for-rochtana agus faisnéise éagsúla a bhunú, dea-chleachtais a roinnt agus díriú go gníomhach ar eagraíochtaí atá gníomhach i réimsí an chuimsithe agus na héagsúlachta agus teagmháil ghníomhach a dhéanamh leo. Gníomhaireachtaí náisiúnta Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a dhéanfaidh na cúraimí sin go háirithe. Chun tacú leis na cúraimí sin a chur chun feidhme, ceapfar oifigigh chuimsithe agus éagsúlachta sna gníomhaireachtaí náisiúnta.

CAIBIDIL III

FAIREACHÁN AGUS TUAIRISCIÚ

Airteagal 12

Gníomhaíochtaí faireacháin

1.   Le linn shaolré na gClár, baileoidh an Coimisiún agus gníomhaireachtaí náisiúnta Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus EACEA go háirithe, sonraí ábhartha trí bhíthin meascán foinsí, amhail na huirlisí TF a thacóidh le cur chun feidhme na gClár nó na suirbhéanna ar rannpháirtithe.

2.   Déanfaidh an Coimisiún na cúraimí faireacháin le cuidiú ó ghníomhaireachtaí náisiúnta Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus ó EACEA agus trí anailís ad hoc, agus na rialacha agus nósanna imeachta cosanta sonraí infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta íogaire á n-urramú acu.

Airteagal 13

Pleananna gníomhaíochta maidir leis an gcuimsiú

1.   Mar chuid lárnach dá gcláir oibre, forbróidh gníomhaireachtaí náisiúnta Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh pleananna gníomhaíochta maidir leis an gcuimsiú, bunaithe ar an gcreat seo i ndáil le bearta maidir leis an gcuimsiú, agus aird ar leith á tabhairt ar na dúshláin shonracha a bhaineann le rochtain a fháil ar na Cláir laistigh de chomhthéacsanna náisiúnta. Tuairisceoidh siad don Choimisiún ar bhonn rialta faoin dul chun cinn a bheidh déanta i dtaobh chur chun feidhme a bplean gníomhaíochta maidir leis an gcuimsiú.

2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta sin maidir le cuimsiú ar bhonn rialta.

3.   I gcás inar gá, tabharfaidh an Coimisiún moltaí agus barúlacha do na gníomhaireachtaí náisiúnta i dtaobh a bpleananna gníomhaíochta maidir leis an gcuimsiú d’fhonn feabhas a chur ar dhearadh, ar chur chun feidhme agus ar obair leantach ábhar na bpleananna gníomhaíochta sin.

Airteagal 14

Tuairisciú

Ar bhonn rialta, foilseoidh an Coimisiún tuarascálacha faoin dul chun cinn a bheidh déanta i dtaobh chur chun feidhme na mbeart maidir leis an gcuimsiú, go háirithe trí bhíthin mheastóireacht mheántéarma na gClár agus gníomhaíochtaí tuairiscithe bliantúla.

Airteagal 15

Comhlántacht agus sineirgí

1.   I gcur chun feidhme na mbeart maidir leis an gcuimsiú, féadfaidh na gníomhaireachtaí náisiúnta comhlántacht a áirithiú le bearta náisiúnta eile atá ann cheana maidir leis an gcuimsiú, chun go mbeidh an tionchar is mó is féidir acu ar rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu.

2.   Lorgófar sineirgí le cistí eile de chuid an Aontais agus le cistí náisiúnta, chun gur féidir tionchar níos mó a imirt ar dhaoine ar lú na deiseanna atá acu agus chun tacaíocht threisithe a thabhairt dóibh.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 16

Comhchruthú

1.   Maidir leis na bearta sin lena ndéanfar na Cláir níos cuimsithí agus níos éagsúla, cuirfear chun feidhme iad de mheon comhchruthaithe, beidh idirphlé leanúnach ann leis na páirtithe leasmhara ábhartha, go háirithe eagraíochtaí idirnáisiúnta agus náisiúnta agus líonraí atá gníomhach i réimse an chuimsithe agus na héagsúlachta, saineolaithe, cleachtóirí agus na rannpháirtithe féin, gníomhaireachtaí náisiúnta Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, EACEA, Ionaid Acmhainní SALTO, an Coiste Erasmus+, agus ionadaithe ó institiúidí eile an Aontais.

2.   Féadfaidh an t-idirphlé sin a dhéanamh i réimse leathan suíomhanna, idir imeachtaí Eorpacha, grúpaí oibre ad hoc, comhairliúcháin spriocdhírithe agus deiseanna oiliúna agus líonraithe - agus féadfaidh idirphlé fisiciúil, idirphlé ar líne nó idirphlé hibrideach a bheith ann.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 189, 28.5.2021, lch. 1. Dá ngairtear “Rialachán Erasmus+” anseo feasta.

(2)  IO L 202, 8.6.2021, lch. 32. Dá ngairtear “Rialachán Chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh” anseo feasta. An Clár Erasmus+ agus Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh gairfear “na Cláir” díobh anseo feasta.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear "Erasmus+": clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh, 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50).

(4)  Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (IO L 189, 28.5.2021, lch. 1).

(5)  I Rialachán Erasmus+ sainmhínítear “daoine ar lú na deiseanna atá acu” in Airteagal 2(25) agus i Rialachán Chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh sainmhínítear “daoine óga ar lú iad na deiseanna atá acu” in Airteagal 2(4), ar bhealach comhionann den chuid is mó. Sa Chinneadh seo, tagrófar dóibh freisin mar “rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu”.

(6)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).

(7)  Dá ngairtear “an Chairt” anseo feasta.


IARSCRÍBHINN

Treoraíocht i ndáil le bearta maidir leis an gcuimsiú a chur chun feidhme i gClár Erasmus+ agus i gClár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh

Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhairle le páirtithe leasmhara, tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na mionsonraí maidir le cur chun feidhme na mbeart cuimsithe a leagtar amach sa Chinneadh seo i dtreoirlínte cur chun feidhme a mhionsaothrófar agus a nuashonrófar ar feadh shaolré Chlár Erasmus+ agus Chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh 2021-2027.

Féadfar an treoraíocht seo a leanas a fhorbairt agus a mhionchoigeartú de réir a chéile mar chuid de shaolré rialta an chláir:

1.

Doiciméid thagartha an chláir: féadfaidh an Coimisiún treoraíocht a sholáthar do pháirtithe leasmhara maidir le módúlachtaí cur chun feidhme na mbeart maidir leis an gcuimsiú agus an éagsúlacht i ndoiciméid amhail an glao ar thograí agus treoracha cláir, an treoraíocht le haghaidh saineolaithe a dhéanfaidh meastóireacht ar thograí tionscadail, chomh maith le foirmeacha iarratais agus doiciméid theicniúla eile amhail an Straitéis um Éagsúlacht agus Cuimsiú (1).

2.

Gníomhaíochtaí faoi chuimsiú bhainistíocht ghníomhaireachtaí náisiúnta Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh: mar chuid dá nós imeachta measúnaithe thréimhsiúil, soláthróidh gníomhaireachtaí náisiúnta faisnéis maidir le tionchar a bpleananna náisiúnta i réimse an chuimsithe agus na héagsúlachta agus maidir leis an mbealach a rannchuidíonn siad le cuspóirí foriomlána cuimsithe agus éagsúlachta na gClár ar leibhéal an Aontais.

3.

Ábhair chumarsáide agus treoirlínte straitéiseacha: Anuas ar na doiciméid thagartha chláir, féadfaidh an Coimisiún tuilleadh doiciméid treoraíochta a fhorbairt ina mbeidh moltaí úsáideacha, scéalta ratha agus dea-chleachtais atá dírithe chuig gníomhaireachtaí náisiúnta Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus chuig an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA), chuig eagraíochtaí tairbhíocha agus rannpháirtithe ionchasacha ar lú na deiseanna atá acu chun tacaíocht cháilíochtúil a thabhairt do chur chun feidhme beart maidir leis an gcuimsiú agus an éagsúlacht, agus chun feasacht a mhéadú maidir leis na deiseanna éagsúla atá ar fáil. Forbrófar na hábhair agus na treoirlínte i gcomhar le páirtithe leasmhara ábhartha sa réimse.

I gcás inarb ábhartha, déanfaidh an Coimisiún, le tacaíocht ó na struchtúir chur chun feidhme ábhartha, rochtain leathan ar na hábhair dá dtagraítear i bpointe 3 den dara fomhír a áirithiú. Déanfar sin trí bhíthin na suíomhanna gréasáin tiomnaithe, bealaí na meán sóisialta agus foirmeacha cumarsáide eile, de mheon infheictheacht agus feasacht a áirithiú i measc tairbhithe agus rannpháirtithe ionchasacha ar lú na deiseanna atá acu, agus le rannpháirtíocht ghníomhach na dtairbhithe agus rannpháirtithe ionchasacha sin, ar lú na deiseanna atá acu sa phróiseas comhchruthaithe, a chur chun cinn maidir le clár Erasmus+ agus clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh níos cuimsithí agus níos éagsúla a chruthú.


(1)  https://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/resources/implementation-guidelines-erasmus-and-european-solidarity-corps-inclusion-and-diversity_en