20.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 297/35


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1380 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Lúnasa 2021

lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an Úcráin leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/953, leagtar síos creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (“Deimhniú Digiteach COVID AE”) a eisiúint agus a fhíorú agus chun go nglacfaí leo, ionas go n-éascófar do na sealbhóirí a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú le linn phaindéim COVID-19. Leis an Rialachán sin, rannchuideofar freisin le héascú a dhéanamh ar dheireadh a chur de réir a chéile agus ar mhodh comhordaithe le srianta ar an tsaorghluaiseacht a chuir na Ballstáit i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leathadh SARS-CoV-2 a theorannú.

(2)

Le Rialachán (AE) 2021/953, ceadaítear glacadh le deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag tríú tíortha do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur i gcomhréir le caighdeáin a mheastar a bheith coibhéiseach leis na caighdeáin arna mbunú de bhun an Rialacháin sin a eisítear na deimhnithe COVID-19. Thairis sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ní mór do na Ballstáit na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/953 a chur i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, ach atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ina gcríoch agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, aon fhionnachtain choibhéise a leagtar síos sa Chinneadh seo, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le deimhnithe vacsaínithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an Úcráin do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh. Mar an gcéanna, ar bhonn Rialachán (AE) 2021/954, ba cheart feidhm a bheith ag na fionnachtana coibhéise sin freisin maidir le deimhnithe vacsaínithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an Úcráin do náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach i gcríoch na mBallstát faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin.

(3)

An 16 Iúil 2021, chuir an Úcráin faisnéis mhionsonraithe ar fáil don Choimisiún maidir le heisiúint deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh faoin gcóras dar teideal “Single State portal of electronic services” (Tairseach agus feidhmchlár móibíleach Diia). Chuir an Úcráin in iúl don Choimisiún go measann sí go bhfuil a deimhnithe COVID-19 á n-eisiúint i gcomhréir le caighdeán agus córas teicneolaíochta atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, agus ar caighdeán agus córas teicneolaíochta iad lena bhfágtar gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. I ndáil leis sin, chuir an Úcráin in iúl don Choimisiún go bhfuil na sonraí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 ar áireamh sna deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir leis an gcóras “Single State portal of electronic services” (Tairseach agus feidhmchlár móibíleach Diia).

(4)

An 4 Lúnasa 2021, i ndiaidh iarraidh a fháil ón Úcráin, rinne an Coimisiún tástálacha teicniúla a léirigh go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir leis an gcóras “Single State portal of electronic services” (Tairseach agus feidhmchlár móibíleach Diia), ar córas é atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, rud a fhágann gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. Dheimhnigh an Coimisiún freisin go bhfuil na sonraí is gá ar áireamh sna deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir leis an gcóras “Single State portal of electronic services” (Tairseach agus feidhmchlár móibíleach Diia).

(5)

Ina theannta sin, chuir an Úcráin in iúl don Choimisiún go n-eiseodh sí deimhnithe vacsaínithe idir-inoibritheacha le haghaidh vacsaíní COVID-19. Ar na vacsaíní sin faoi láthair tá Vaxzevria, Comirnaty, Spikevax, vacsaín Janssen i gcoinne COVID-19, vacsaín Coronavac (Vero Cell) Díghníomhaithe i gcoinne COVID-19, Covishield, agus NVX-CoV2373.

(6)

Chuir an Úcráin in iúl don Choimisiún freisin nach n-eiseoidh sí deimhnithe tástála idir-inoibritheacha ach amháin i ndáil le tástálacha aimpliúcháin aigéid núicléasaigh nó i ndáil le mearthástálacha antaiginí a liostaítear sa liosta coiteann cothrom le dáta de mhearthástálacha antaigíní COVID-19 arna gcomhaontú ag an gCoiste Slándála Sláinte ar bhonn Mholadh ón gComhairle an 21 Eanáir 2021 (3), ar Coiste é a bunaíodh le hAirteagal 17 de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(7)

Thairis sin, chuir an Úcráin in iúl don Choimisiún go n-eisíonn sí deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le téarnamh ar a luaithe 14 lá tar éis tástáil dhearfach. Tá na deimhnithe sin bailí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá tar éis dháta na chéad tástála dearfaí.

(8)

Chuir an Úcráin in iúl don Choimisiún freisin go nglacann sí le deimhnithe i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag na Ballstáit, tíortha LEE, agus tíortha eile a nglactar cinneadh cur chun feidhme ina leith de bhun Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953. Maidir le daoine a bhfuil Deimhniú Digiteach COVID AE acu lena ndearbhaítear tástáil dhiúltach NAAT agus Deimhniú Digiteach COVID AE lena ndearbhaítear tástáil dhiúltach RAT, chuir an Úcráin in iúl don Choimisiún go bhfuil cead ag na daoine sin dul isteach san Úcráin, ach go gceanglaítear orthu tástáil bhreise NAAT\RAT a dhéanamh laistigh de 72 uair an chloig, rud a cheanglaítear ar shaoránaigh na hÚcráine freisin.

(9)

Ina theannta sin, chuir an Úcráin in iúl don Choimisiún go bpróiseálfaí na sonraí pearsanta atá san áireamh sna deimhnithe chun stádas vacsaínithe, stádas tástála agus stádas téarnaimh an tsealbhóra a fhíorú agus a dheimhniú agus chuige sin amháin nuair a bheidh deimhnithe á bhfíorú ag fíoraitheoirí san Úcráin, agus nach gcoinneofar na sonraí pearsanta ina dhiaidh sin.

(10)

Dá réir sin, comhlíontar na heilimintí is gá chun a shuí go bhfuil na deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir leis an gcóras “Single State portal of electronic services” (Tairseach agus feidhmchlár móibíleach Diia) le meas mar dheimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

(11)

Dá bhrí sin, na deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir leis an gcóras “Single State portal of electronic services” (Tairseach agus feidhmchlár móibíleach Diia), ba cheart glacadh leis na deimhnithe sin faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(5), Airteagal 6(5) agus Airteagal 7(8) de Rialachán (AE) 2021/953.

(12)

Chun go mbeidh an Cinneadh seo oibríochtúil, ba cheart an Úcráin a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953.

(13)

Ar mhaithe le leas an Aontais a chosaint, go háirithe i réimse na sláinte poiblí, féadfaidh an Coimisiún a chumhachtaí a úsáid chun an Cinneadh seo a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh i gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953 a thuilleadh.

(14)

I bhfianaise an ghá atá ann an Úcráin a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a luaithe is féidir, an creat iontaoibhe arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(15)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/953,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas, measfar go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir leis an gcóras “Single State portal of electronic services” (Tairseach agus feidhmchlár móibíleach Diia) ina ndeimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

Airteagal 2

Déanfar an Úcráin a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (IO L 211, 15.6.2021, lch. 24).

(3)  Moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2021 maidir le creat comhchoiteann i ndáil le húsáid agus bailíochtú mearthástálacha antaiginí agus le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do thorthaí tástála COVID-19 san Aontas (IO C 24, 22.1.2021, lch. 1).

(4)  Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le mórbhagairtí trasteorann ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).