27.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 267/17


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1220 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Iúil 2021

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/76 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le rialacha sábháilteachta i ndáil le tógáil agus suiteáil ardaitheoirí lucht comhraic dóiteán agus an chaoi a n-oibríonn ardaitheoirí i gcás tine

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le Caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ardaitheoirí agus comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó le codanna de na caighdeáin chomhchuibhithe sin, glactar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, ceanglais a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó na codanna sin díobh.

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2016) 5884 ón gCoimisiún (3), d'iarr an Coimisiún ar CEN caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir 2014/33/AE ionas gur cinnte go mbeidh siad fós ag teacht leis an úrscothacht a nglactar léi i gcoitinne, chun go gcomhlíonfaidh siad na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/33/AE, sin agus, i gcás inarb ábhartha, na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) faoi mar a leagtar amach i bpointe 1.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/33/AE.

(3)

Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2016) 5884, rinne CEN athbhreithniú ar na caighdeáin chomhchuibhithe EN 81-72:2015 agus EN 81-73:2016, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/76 ón gCoimisiún (5). Rinneadh an t-athbhreithniú chun na caighdeáin sin a chur in oiriúint do chreat dlíthiúil Threoir 2014/33/AE agus chun cur leis an deimhneacht dhlíthiúil agus an tsoiléireacht, lena n-áirítear trí Iarscríbhinn ZA níos beaichte a dhréachtú agus tagairtí normatacha dátaithe a thabhairt isteach. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeán comhchuibhithe EN 81-72:2020 maidir le rialacha sábháilteachta i ndáil le tógáil agus suiteáil ardaitheoirí lucht comhraic dóiteán, sin agus caighdeán comhchuibhithe EN 81-73:2020 maidir leis an gcaoi a n-oibríonn ardaitheoirí i gcás tine. Ní dhearnadh aon athrú teicniúil substainteach ar chaighdeáin chomhchuibhithe EN 81-72:2015 agus EN 81-73:2016.

(4)

Tá measúnú déanta ag an gCoimisiún, i gcomhar le CEN, féachaint an gcomhlíonann caighdeáin chomhchuibhithe EN 81-72:2020 agus EN 81-73:2020 an iarraidh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2016) 5884.

(5)

Caighdeáin chomhchuibhithe EN 81-72:2020 agus EN 81-73:2020, is caighdeáin iad a chomhlíonann na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta is aidhm dóibh a chumhdach, buncheanglais a leagtar amach i dTreoir 2014/33/AE. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(6)

Cuirtear caighdeáin chomhchuibhithe EN 81-72:2020 agus EN 81-73:2020 in ionad chaighdeáin chomhchuibhithe EN 81-72:2015 agus EN 81-73:2016. Dá bhrí sin, na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 81-72:2015 agus EN 81-73:2016, is tagairtí iad is gá a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(7)

Tarraingt siar chaighdeáin chomhchuibhithe EN 81-72:2015 agus EN 81-73:2016, is gá í a chur siar ionas go mbeidh a ndóthain ama ag monaróirí ullmhú do chur i bhfeidhm chaighdeáin chomhchuibhithe EN 81-72:2020 agus EN 81-73:2020.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/76 a leasú dá réir sin.

(9)

Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na buncheanglais chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/76 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointe (1) agus pointe (3) den Iarscríbhinn ón 27 Eanáir 2023.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(2)  Treoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát i dtaca le hardaitheoirí agus le comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí (IO L 96, 29.3.2014, lch. 251).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2016) 5884 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2016 maidir leis an iarraidh um chaighdeánú chuig an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú i ndáil le hardaitheoirí agus le comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí chun tacú le Treoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(4)  Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (IO L 157, 9.6.2006, lch. 24).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/76 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2021 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i dtaca le hardaitheoirí agus le comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí mar thacú le Treoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 27, 27.1.2021, lch. 20).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/76 mar a leanas:

(1)

scriostar iontráil 9;

(2)

cuirtear isteach iontráil 9a seo a leanas:

“9a.

EN 81-72:2020

Rialacha sábháilteachta maidir le tógáil agus suiteáil ardaitheoirí - Feidhmeanna áirithe le haghaidh ardaitheoirí paisinéirí agus ardaitheoirí paisinéirí agus earraí - Cuid 72: Ardaitheoirí lucht comhraic dóiteán”;

(3)

scriostar iontráil 10;

(4)

cuirtear isteach iontráil 10a seo a leanas:

“10a.

EN 81-73:2020

Rialacha sábháilteachta maidir le tógáil agus suiteáil ardaitheoirí - Feidhmeanna áirithe ardaitheoirí paisinéirí agus ardaitheoirí paisinéirí agus earraí - Cuid 73: An chaoi a n-oibríonn ardaitheoirí i gcás tine”.