30.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 149/2


CINNEADH (AE) 2021/689 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2021

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 217, i gcomhar le hAirteagal 218(6) agus an dara fomhír d’Airteagal 218(8) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint do thoiliú Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/2252 (2) maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (“an Comhaontú Trádála agus Comhair”) agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (“an Comhaontú maidir le Slándáil Faisnéise”). Síníodh an Comhaontú Trádála agus Comhair agus an Comhaontú maidir le Slándáil Faisnéise (“na Comhaontuithe”) an 30 Nollaig 2020, faoi réir a dtabhairt i gcrích tráth níos déanaí.

(2)

Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair bunaítear an bonn le haghaidh caidreamh leathan idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, lena mbaineann cearta agus oibleagáidí cómhalartacha, comhghníomhaíochtaí agus nósanna imeachta speisialta. Is comhaontú forlíontach ar an gComhaontú Trádála agus Comhair é an Comhaontú maidir le Slándáil Faisnéise agus tá dlúthcheangal idir é agus an comhaontú sin, go háirithe i ndáil leis na dátaí teacht i bhfeidhm agus foirceanta. Dá bhrí sin, ba cheart an cinneadh maidir le tabhairt i grcích na gComhaontuithe a bheith bunaithe ar an mbunús dlí lena bhforáiltear do chomhlachas a bhunú lena gceadaítear don Ríocht Aontaithe gealltanais a ghlacadh de láimh i ngach réimse a chumhdaítear faoi na Conarthaí.

(3)

I bhfianaise chineál eisceachtúil uathúil an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, ar comhaontú cuimsitheach é le tír a tharraing siar as an Aontas, tá sé á chinneadh leis seo ag an gComhairle go n-úsáidfidh sí an fhéidearthacht atá ann go bhfeidhmeodh an tAontas a inniúlacht sheachtrach maidir leis an Ríocht Aontaithe.

(4)

Is iomchuí na socruithe i dtaca le hionadaíocht an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta agus sna Coistí arna mbunú faoin gComhaontú Trádála agus Comhair a shainiú. Is é an Coimisiún, mar a fhoráiltear dó in Airteagal 17(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (TEU), a fheidhmeoidh ar son an Aontais agus le seasaimh an Aontais a chur in iúl, faoi mar a bhunaíonn an Chomhairle iad i gcomhréir leis na Conarthaí. Tá an Chomhairle chun a feidhmeanna sainithe beartas agus feidhmeanna comhordaitheacha a fheidhmiú, dá bhforáiltear in Airteagal 16(1) CAE, trí na seasaimh a bhunú atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta agus sna Coistí arna mbunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair. De bhreis air sin, i gcás ina n-iarrfar ar an gComhairle Comhpháirtíochta nó ar na Coistí arna mbunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo a ghlacadh, táthar chun na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais sna comhlachtaí sin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ar an gcaoi chéanna, i gcás ina ndéanann an Coimisiúin a chomhairliúcháin bhliantúla a bhaineann le hiascach, ba cheart dó na comhairliúcháin sin a dhéanamh ar bhonn na seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, seasaimh atá le bunú ag an gComhairle i gcomhréir leis na forálacha ábhartha sna Conarthaí.

(5)

Ba cheart a cheadú do gach Ballstát ionadaí amháin a chur i dteannta ionadaí an Choimisiúin, mar chuid de thoscaireacht an Aontais, i gcruinnithe den Chomhairle Comhpháirtíochta agus de chomh-chomhlachtaí eile arna mbunú faoin gComhaontú Trádála agus Comhair.

(6)

Cuirfear Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas láithreach, mar a fhoráiltear in Airteagal 218(10) CFAE, chun go mbeidh sí in ann a sainchumais a fheidhmiú go hiomlán i gcomhréir leis na Conarthaí.

(7)

D’fhonn a chur ar chumas an Aontais gníomhú go tapa agus go héifeachtach chun a leasanna a chosaint i gcomhréir leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, agus go dtí go nglacfar gníomh reachtach sonrach lena rialáiltear glacadh beart feabhais faoin gComhaontú Trádála agus Comhair agus go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm san Aontas, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún bearta feabhais a dhéanamh, amhail oibleagáidí faoin gComhaontú Trádála agus Comhair nó faoi aon chomhaontú forlíontach a chur ar fionraí, i gcásanna ina sáraítear forálacha áirithe den Chomhaontú Trádála agus Comhair, nó i gcásanna nach gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe maidir le trádáil in earraí, cothrom na Féinne, iompar de bhóthar, sábháilteacht eitlíochta, iascaigh agus cláir an Aontais, mar a shonraítear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, agus bearta feabhais, bearta athchothromúcháin agus frithbhearta a dhéanamh. Ba cheart don Choimisiún an Chomhairle a chur go hiomlán ar an eolas go tráthúil go bhfuil sé ar intinn aige na bearta sin a ghlacadh, d’fhonn go mbeidh malartú tuairimí fóinteach sa Chomhairle. Ba cheart don Choimisiún na tuairimí a chuirtear in iúl a chur san áireamh go hiomlán. Féadfaidh Ballstát amháin nó níos mó a iarraidh ar an gCoimisiún bearta den sórt sin a ghlacadh. Mura dtabharfaidh an Coimisiún freagairt dhearfach ar iarraidh den sórt sin, ba cheart dó na cúiseanna atá aige a chur in iúl go tráthúil don Chomhairle.

(8)

Ionas go mbeidh an tAontas in ann freagairt go tráthúil i gcás nach mbeidh coinníollacha ábhartha á gcomhlíonadh a thuilleadh, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún cinntí áirithe a dhéanamh lena bhfionrófar sochair arna ndeonú don Ríocht Aontaithe faoin Iarscríbhinn maidir le Táirgí Orgánacha agus faoin Iarscríbhinn maidir le Táirgí Íocshláinte a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair. Ba cheart don Choimisiún an Chomhairle a chur go hiomlán ar an eolas go tráthúil go bhfuil sé ar intinn aige na bearta sin a ghlacadh, d’fhonn malartú tuairimí fóinteach sa Chomhairle a cheadú. Ba cheart don Choimisiún na tuairimí a chuirtear in iúl a chur san áireamh go hiomlán. Féadfaidh Ballstát amháin nó níos mó a iarraidh ar an gCoimisiún bearta den sórt sin a ghlacadh. Mura dtabharfaidh an Coimisiún freagairt dhearfach ar iarraidh den sórt sin, ba cheart dó in am trátha na cúiseanna atá aige a chur in iúl don Chomhairle.

(9)

Aon uair is gá don Aontas gníomhú chun na Comhaontuithe a chomhlíonadh, tá gníomhaíocht den sórt sin le déanamh i gcomhréir leis na Conarthaí, agus teorainneacha na gcumhachtaí a thugtar do gach institiúid de chuid an Aontais á n-urramú ag an am céanna. Dá bhrí sin, seachas i gcás ina dtagraíonn na Comhaontuithe d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí sonracha eile de chuid an Aontais, is faoin gCoimisiún atá sé an fhaisnéis nó na fógraí a cheanglaítear leis na Comhaontuithe a sholáthar don Ríocht Aontaithe, agus dul i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe maidir le hábhair shonracha. Is faoin gCoimisiún freisin atá sé feidhmiú ar son an Aontais os comhair an phainéil eadrána i gcás ina mbeifear tar éis díospóid a chur faoi eadráin i gcomhréir leis an gComhaontú Trádála agus Comhair. I gcomhlíonadh dhualgas an chomhair dhílis dá dtagraítear in Airteagal 4(3) CAE, tá an Coimisiún chun dul i gcomhairle leis an gComhairle roimh ré, mar shampla trí phríomhphointí na n-aighneachtaí de chuid an Aontais atá beartaithe a chur faoi bhráid an phainéil eadrána a chur faoi bhráid na Comhairle, agus trí na barúlacha a thugann an Chomhairle a chur san áireamh go hiomlán.

(10)

Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, ní eisiatar an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit socruithe nó comhaontuithe déthaobhacha a dhéanamh leis an Ríocht Aontaithe a bhaineann le hábhair shonracha a chumhdaítear faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, i réimsí an aeriompair, an chomhair riaracháin i réimse an chustaim agus CBL agus na slándála sóisialta faoi choinníollacha áirithe.

(11)

Is gá dá bhrí sin creat a leagan amach a bheidh le leanúint ag na Ballstáit i gcás ina gcinnfidh siad socruithe nó comhaontuithe déthaobhacha a dhéanamh leis an Ríocht Aontaithe i réimsí an aeriompair, an chomhair riaracháin i réimse an chustaim agus CBL agus na slándála sóisialta, lena n-áirítear na coinníollacha agus an nós imeachta faoina ndéanfaidh na Ballstáit socruithe nó comhaontuithe déthaobhacha den sórt sin a chaibidil agus a thabhairt i gcrích, ar bhealach a áiritheoidh go mbeidh siad ag luí le cuspóir an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair agus le dlí an Aontais agus go gcuirfear san áireamh iontu an margadh inmheánach agus leasanna an Aontais ar leasanna is leithne iad. Ina theannta sin, na Ballstáit a bhfuil sé ar intinn acu comhaontuithe déthaobhacha a chaibidil agus a thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i réimsí nach bhfuil cumhdaithe faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, ba cheart dóibh, le lánurraim do phrionsabal an chomhair dhílis, an Coimisiún a chur ar an eolas faoina bhfuil ar intinn acu agus faoi dhul chun cinn na caibidlíochta.

(12)

Meabhraítear gurb amhlaidh, i gcomhréir le hAirteagal 774(3) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, agus i gcomhréir leis an dearbhú ón gComhairle Eorpach agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le raon feidhme críochach na gcomhaontuithe a bheidh ann sa todhchaí a áirítear i miontuairiscí chruinniú na Comhairle Eorpaí an 25 Samhain 2018, nach bhfuil feidhm ag an gComhaontú Trádála agus Comhair maidir le Giobráltar, agus nach bhfuil aon éifeachtaí aige sa chríoch sin. Mar a fhoráiltear dó sa dearbhú sin, “ní fhágfaidh sin nach bhféadfar comhaontuithe ar leith a bheith idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar” agus “gan dochar d’inniúlachtaí an Aontais agus urraim iomlán á tabhairt d'iomláine chríochach na mBallstát, mar a ráthaítear in Airteagal 4(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, beidh na comhaontuithe sin faoi réir comhaontú roimh ré ó Ríocht na Spáinne”.

(13)

Ní dochar feidhmiú inniúlacht an Aontais tríd an gComhaontú Trádála agus Comhair d’inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát faoi seach i ndáil le haon chaibidlíocht atá ar siúl nó a bheidh ar siúl sa todhchaí le haghaidh comhaontuithe idirnáisiúnta le haon tríú tír eile nó maidir lena síniú nó a dtabhairt i gcrích, nó i ndáil le aon chaibidlíocht a bheidh ar siúl sa todhchaí le haghaidh aon chomhaontuithe forlíontacha dá dtagraítear in Airteagal 2 den Chomhaontú Trádála agus Comhair nó maidir lena síniú nó a dtabhairt i gcrích.

(14)

Ós rud gur go fíordhéanach a tugadh chun críche an chaibidlíocht maidir leis na Comhaontuithe, ní rabhthas in ann dul ar aghaidh leis an athbhreithniú críochnaitheach dlí is teanga ar théacsanna na gComhaontuithe sular síníodh iad. Dá bhrí sin, díreach tar éis shíniú na gComhaontuithe, thosaigh na Páirtithe an t-athbhreithniú críochnaitheach dlí is teanga ar na Comhaontuithe sna 24 theanga bharántúla ar fad. Trí mhalartú nótaí taidhleoireachta, bhunaigh na Páirtithe téacsanna athbhreithnithe sin na gComhaontuithe sna teangacha ar fad mar théacsanna barántúla críochnaitheacha. Ba cheart na téacsanna barántúla críochnaitheacha sin a chur ab initio in ionad leaganacha sínithe na gComhaontuithe agus tá siad i gceangal leis an gCinneadh seo.

(15)

Is faoi réir nós imeachta ar leithligh atá tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoin inniúlacht an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (“Conradh Euratom”).

(16)

Ba cheart na Comhaontuithe a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais, a mhéid a bhaineann le hábhair seachas na cinn a thagann faoi inniúlacht Chonradh Euratom (3), an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile.

2.   Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais, an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (4).

3.   Cuireadh téacsanna barántúla críochnaitheacha na gComhaontuithe in ionad na leaganacha sínithe de na Comhaontuithe a ghabhann leis an gCinneadh seo ab initio.

Airteagal 2

1.   Feidhmeoidh an Coimisiún ar son an Aontais laistigh den Chomhairle Comhpháirtíochta, de na Coistí Speisialaithe Trádála agus de na Coistí Speisialaithe arna mbunú de bhun Airteagail 7 agus 8 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, agus in aon Choiste Speisialaithe Trádála nó Coiste Speisialaithe breise a bhunaítear i gcomhréir le pointe (g) d’Airteagal 7(4) nó le pointe (g) d’Airteagal 8(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair.

Ceadófar do gach Ballstát ionadaí amháin a chur i dteannta ionadaí an Choimisiúin, mar chuid de thoscaireacht an Aontais, i gcruinnithe den Chomhairle Comhpháirtíochta agus de na comhchomhlachtaí eile arna mbunú faoin gComhaontú Trádála agus Comhair.

2.   Ionas go mbeidh an Chomhairle in inmhe a cuid feidhmeanna ceaptha beartais, comhordúcháin agus cinnteoireachta a fheidhmiú go hiomlán i gcomhréir leis na Conarthaí, go háirithe trí na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Chomhairle Comhpháirtíochta, den Choiste Comhpháirtíochta Trádála, de na Coistí Speisialaithe Trádála agus de na Coistí Speisialaithe a bhunú, áiritheoidh an Coimisiún go bhfaighidh an Chomhairle an fhaisnéis agus na doiciméid uile a bhaineann le haon chruinniú de na comhchomhlachtaí sin nó le haon ghníomhartha atá le glacadh tríd an nós imeachta i scríbhinn in am trátha roimh an gcruinniú sin nó roimh úsáid an nós imeachta i scríbhinn sin, agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná ocht lá oibre roimh an gcruinniú sin nó roimh úsáid sin an nós imeachta i scríbhinn.

Cuirfear an Chomhairle ar an eolas go tráthúil freisin faoi na plé a rinneadh ag na cruinnithe den Chomhairle Comhpháirtíochta, den Choiste Comhpháirtíochta Trádála, de na Coistí Speisialaithe Trádála agus de na Coistí Speisialaithe agus faoin toradh a bhí ar na cruinnithe sin, agus faoi úsáid an nós imeachta i scríbhinn, agus gheobhaidh sí dréacht-mhiontuairiscí agus gach doiciméad a bhaineann le cruinnithe nó le húsáid nós imeachta den sórt sin.

3.   Áiritheofar go mbeidh Parlaimint na hEorpa in inmhe a sainphribhléidí institiúideacha a fheidhmiú go hiomlán i rith an phróisis i gcomhréir leis na Conarthaí.

4.   Go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 1 Eanáir 2021, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Sa tuarascáil bhliantúil sin, de réir mar is iomchuí, luafar inti aon éabhlóid ábhartha i ndlí na Ríochta Aontaithe a bhaineann leis na réimsí um rialú fóirdheontais agus cánachas a chumhdaítear faoi Theideal XI de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó den Chomhaontú Trádála agus Comhair, chomh maith le leibhéil cosanta saothair agus caighdeán sóisialta, comhshaoil agus aeráide a chumhdaítear faoin Teideal sin. I ndiaidh dheireadh na tréimhse tosaigh 5 bliana sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach 2 bhliain ar a laghad.

Airteagal 3

1.   Go dtí go dtiocfaidh gníomh reachtach sonrach lena rialáiltear glacadh na mbeart a liostaítear i bpointí (a) go (k) den mhír seo i bhfeidhm san Aontas, is é an Coimisiún a dhéanfaidh aon chinneadh ón Aontas na bearta sin a dhéanamh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i bhforálacha comhfhreagracha an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

cóir fhabhrach ábhartha an táirge/na dtáirgí lena mbaineann a chur ar fionraí mar a leagtar amach in Airteagal 34 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(b)

bearta feabhais a chur i bhfeidhm agus oibleagáidí a chur ar fionraí mar a leagtar amach in Airteagal 374 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(c)

bearta athchothromúcháin agus frithbhearta a chur i bhfeidhm mar a leagtar amach in Airteagal 411 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(d)

bearta feabhais a chur i bhfeidhm mar a leagtar amach in Airteagal 469 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(e)

bearta cúitimh agus oibleagáidí a chur ar fionraí mar a leagtar amach in Airteagal 501 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(f)

bearta feabhais agus oibleagáidí a chur ar fionraí a chur i bhfeidhm mar a leagtar amach in Airteagal 506 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(g)

rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gcláir de chuid an Aontais a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, mar a leagtar amach in Airteagail 718 agus 719 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(h)

cúiteamh sealadach a thairiscint nó glacadh leis nó oibleagáidí a chur ar fionraí i gcomhthéacs comhlíonadh tar éis nós imeachta eadrána nó painéil saineolaithe faoi Airteagal 749 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, seachas mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5);

(i)

na bearta coimirce agus na bearta athchothromúcháin a leagtar amach in Airteagal 773 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(j)

na bearta coimirce a leagtar amach in Airteagal 448 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(k)

oibleagáidí maidir le glacadh a chur ar fionraí mar a leagtar amach in Airteagal 457 den Chomhaontú Trádála agus Comhair.

2.   Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle go hiomlán ar an eolas go tráthúil go bhfuil sé ar intinn aige na bearta dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, d’fhonn go mbeidh malartú tuairimí fóinteach sa Chomhairle. Déanfaidh an Coimisiún na tuairimí a chuirtear in iúl a chur san áireamh go hiomlán. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas freisin, de réir mar is iomchuí.

3.   I gcás ina mbeidh ábhar imní ar leith ann do Bhallstát amháin nó níos mó, féadfaidh an Ballstát sin nó na Ballstáit sin a iarraidh ar an gCoimisiún na bearta dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh. Mura dtabharfaidh an Coimisiún freagairt dhearfach ar iarraidh den sórt sin, cuirfidh sé na cúiseanna atá aige in iúl don Chomhairle go tráthúil.

4.   Féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh freisin lena gcuirfear ar ais na cearta agus na hoibleagáidí faoin gComhaontú Trádála agus Comhair mar a bhí siad ann sular glacadh na bearta dá dtagraítear i mír 1. Beidh feidhm ag míreanna 2 agus 3 mutatis mutandis.

5.   I gcás, de bharr éagsúlachtaí suntasacha seasta, ina maireann bearta athchothromúcháin dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 ar feadh níos mó ná bliain amháin, féadfaidh Ballstát amháin nó níos mó a iarraidh ar an gCoimisiún an clásal athbhreithnithe dá bhforáiltear in Airteagal 411 den Chomhaontú Trádála agus Comhair a ghníomhachtú. Scrúdóidh an Coimisiún an iarraidh sin go tráthúil agus breithneoidh sé an t-ábhar sin a chur os comhair na Comhairle Comhpháirtíochta de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach sa Chomhaontú Trádála agus Comhair. Mura dtabharfaidh an Coimisiún freagairt dhearfach ar iarraidh den sórt sin, ba cheart dó in am trátha na cúiseanna atá aige a chur in iúl don Chomhairle.

6.   Sula nglacfar gníomh reachtach sonrach lena rialáiltear glacadh na mbeart dá dtagraítear i mír 1, agus I gcás ar bith tráth nach déanaí ná 1 Eanáir 2022, déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar na socruithe a leagtar amach san Airteagal seo.

Airteagal 4

I gcás ina n-ardaíonn Ballstát amháin nó níos mó deacracht shubstainteach a thiocfaidh as cur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, go háirithe maidir le hiascaigh, scrúdóidh an Coimisiún an iarraidh mar ábhar tosaíochta agus cuirfidh sé an t-ábhar faoi bhráid na Comhairle Comhpháirtíochta, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach sa Chomhaontú Trádála agus Comhair. I gcás nach bhfuarthas aon réiteach sásúil, tabharfar aghaidh ar an ábhar sin laistigh den tréimhse ama is luaithe is féidir, i gcomhthéacs na n-athbhreithnithe dá bhforáiltear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair. I gcás ina leanfaidh an deacracht sin ar aghaidh, déanfar na bearta is gá d’fhonn comhaontú lena ndéantar na leasuithe is gá ar an gComhaontú Trádála agus Comhair a chaibidil agus a thabhairt i gcrích.

Airteagal 5

1.   Údarófar don Choimisiún aon chinneadh a dhéanamh, thar ceann an Aontais, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

aitheantas coibhéise a dhaingniú nó a chur ar fionraí tar éis athmheasúnú na coibhéise atá le déanamh faoin 31 Nollaig 2023 i gcomhréir le hAirteagal 3(3) d’Iarscríbhinn 14 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair;

(b)

aitheantas coibhéise a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagail 3(5) agus (6) d’Iarscríbhinn 14 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair;

(c)

glacadh le doiciméid oifigiúla Dea-Chleachtais Monaraíochta arna n-eisiúint ag údarás de chuid na Ríochta Aontaithe le haghaidh saoráidí monaraíochta atá lonnaithe lasmuigh de chríoch an údaráis eisiúna agus cinneadh a dhéanamh maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha faoina nglacann an tAontas leis na doiciméid oifigiúla Dea-Chleachtais Mhonaraíochta sin i gcomhréir le hAirteagal 5(3) agus (4) d’Iarscríbhinn 12 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair;

(d)

aon socruithe cur chun feidhme is gá a ghlacadh chun doiciméid oifigiúla Dea-Chleachtais Monaraíochta a mhalartú le húdarás de chuid na Ríochta Aontaithe faoi Airteagal 6 d’Iarscríbhinn 12 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair agus chun faisnéis a mhalartú le húdarás de chuid na Ríochta Aontaithe i ndáil le cigireachtaí ar shaoráidí monaraíochta faoi Airteagal 7 den Iarscríbhinn sin;

(e)

aitheantas cigireachtaí nó glacadh le doiciméid oifigiúla Dea-Chleachtais Monaraíochta arna n-eisiúint ag an Ríocht Aontaithe a chur ar fionraí agus fógra a thabhairt don Ríocht Aontaithe go bhfuil sé ar intinn aige Airteagal 9 d’Iarscríbhinn 12 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a chur i bhfeidhm agus dul i mbun comhairliúchán leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 8(3) den Iarscríbhinn sin;

(f)

aitheantas cigireachtaí nó glacadh le doiciméid oifigiúla Dea-Chleachtais Monaraíochta an Pháirtí eile a chur ar fionraí go hiomlán nó i bpáirt, i gcás na dtáirgí uile nó cuid de na táirgí a liostaítear i bhFoscríbhinn C a ghabhann le hIarscríbhinn 12 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, i gcomhréir le mír 1 d’Airteagal 9(1) den Iarscríbhinn sin.

2.   Beidh feidhm ag míreanna 2, 3 agus 4 d’Airteagal 3.

Airteagal 6

1.   Tugtar de chumhacht do na Ballstáit na socruithe dá dtagraítear i mír d’Airteagal 419(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair a chaibidil, a shíniú agus a thabhairt i gcrích, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

déanfar na socruithe sin chun na críche a leagtar síos in Airteagal 419(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair agus chun na críche sin amháin agus i gcomhréir lena théarmaí, agus ní rialóidh siad aon ábhair eile cibé acu a thagann nó nach dtagann na hábhair sin faoi raon feidhme Theideal I de Cheannteideal a Dó de Chuid a Dó den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(b)

ní dhéanfaidh na socruithe sin idirdhealú idir aeriompróirí de chuid an Aontais.

Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 8 den Chinneadh seo.

2.   Tugtar de chumhacht do na Ballstáit na húdaruithe dá dtagraítear in Airteagal 419(9) den Chomhaontú Trádála agus Comhair a dheonú faoi réir théarmaí an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair agus i gcomhréir le forálacha infheidhme dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta. Agus na húdaruithe sin á ndeonú acu, ní dhéanfaidh na Ballstáit idirdhealú idir aeriompróirí de chuid an Aontais.

3.   Tugtar de chumhacht do na Ballstáit na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 419(9) den Chomhaontú Trádála agus Comhair a chaibidil, a shíniú agus a thabhairt i gcrích, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

déanfar na socruithe sin chun na críche a leagtar síos in Airteagal 419(9) den Chomhaontú Trádála agus Comhair agus chun na críche sin amháin agus i gcomhréir lena théarmaí, agus ní rialóidh siad aon ábhair eile cibé acu a thagann nó nach dtagann na hábhair sin faoi raon feidhme Theideal I de Cheannteideal a Dó de Chuid a Dó den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(b)

ní dhéanfaidh na socruithe sin idirdhealú idir aeriompróirí de chuid an Aontais.

Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 8 den Chinneadh seo.

Airteagal 7

Tugtar de chumhacht do na Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha a chaibidil, a shíniú agus a thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 41 den Phrótacal maidir le comhar riaracháin agus an comhrac in aghaidh na calaoise i réimse na Cánach Breisluacha agus maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna a ghnóthú nó i réimse chomhordú na slándála sóisialta a mhéid a bhaineann le hábhair nach gcumhdaítear leis an bPrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

beidh an comhaontú a bheartaítear ag luí le feidhmiú an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair nó an mhargaidh inmheánaigh, agus ní bhainfidh sé an bonn díobh;

(b)

beidh an comhaontú a bheartaítear ag luí le dlí an Aontais, agus ní chuirfear gnóthú cuspóra de chuid ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais i mbaol sa réimse lena mbaineann leis ná ní dhéanfar dochar leis ar dhóigh eile do leasanna an Aontais;

(c)

comhlíonfaidh an comhaontú a bheartaítear prionsabal an neamh-idirdhealaithe de bhíthin náisiúntachta a chumhdaítear in CFAE.

Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 8 den Chinneadh seo.

Airteagal 8

1.   Gach Ballstát a bhfuil sé ar intinn aige socrú déthaobhach dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (3) nó comhaontú déthaobhach dá dtagraítear in Airteagal 7 a chaibidil, coinneoidh sé an Coimisiún ar an eolas faoin gcaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe maidir leis na socruithe nó na comhaontuithe sin agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé ar an gCoimisiún páirt a ghlacadh sa chaibidlíocht mar bhreathnóir.

2.   Ar thabhairt chun críche na caibidlíochta, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an dréachtshocrú nó an dréachtchomhaontú a eascróidh aisti faoi bhráid an Choimisiúin. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi sin gan mhoill.

3.   Tráth nach déanaí ná 3 mhí ón dréachtsocrú nó an dréachtchomhaontú a fháil, déanfaidh an Coimisiún cinneadh faoi cibé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, faoi seach, d’Airteagal 6(1) nó (3) nó sa chéad fhomhír d’Airteagal 7, á gcomhlíonadh. Má chinneann an Coimisiún go bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann an socrú nó an comhaontú lena mbaineann a shíniú agus a thabhairt i gcrích.

4.   Soláthróidh an Ballstát lena mbaineann cóip den socrú nó den chomhaontú don Choimisiún laistigh d’aon mhí amháin tar éis a theacht i bhfeidhm nó, i gcás ina mbeidh an socrú nó an comhaontú le cur i bhfeidhm go sealadach, laistigh d’aon mhí amháin ó thosach a chur i bhfeidhm shealadaigh.

Airteagal 9

Na Ballstáit a bhfuil sé ar intinn acu comhaontuithe déthaobhacha a chaibidil agus a thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i réimsí nach gcumhdaítear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, déanfaidh siad, le lánurraim do phrionsabal an chomhair dhílis, an Coimisiún a chur ar an eolas in am trátha faoina bhfuil ar intinn acu agus faoi dhul chun cinn na caibidlíochta.

Airteagal 10

Ní dochar feidhmiú inniúlacht an Aontais tríd an gComhaontú Trádála agus Comhair d’inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát faoi seach i ndáil le haon chaibidlíocht atá ar siúl nó a bheidh ar siúl sa todhchaí le haghaidh comhaontuithe idirnáisiúnta le haon tríú tír eile nó maidir lena síniú nó a dtabhairt i gcrích, nó i ndáil le aon chaibidlíocht a bheidh ar siúl sa todhchaí le haghaidh aon chomhaontuithe forlíontacha dá dtagraítear in Airteagal 2 den Chomhaontú Trádála agus Comhair nó maidir lena síniú nó a dtabhairt i gcrích.

Airteagal 11

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra nó na fógraí dá bhforáiltear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, lena n-áirítear an fógra a thugtar ar thabhairt chun críche na gceanglas agus na nósanna imeachta inmheánacha lena mbunaítear a dtoiliú a bheith faoi cheangal, agus in Airteagal 19(1) den Chomhaontú maidir le Slándáil Faisnéise.

Airteagal 12

Na Dearbhuithe atá i gceangal leis an gCinneadh seo, déanfar iad a fhormheas thar ceann an Aontais.

Airteagal 13

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Aibreán 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  Toiliú an 27 Aibreán 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2020/2252 ón gComhairle an 29 Nollaig 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 444, 31.12.2020, lch. 2).

(3)  Féach leathanach 10 den Iris Oifigiúil seo.

(4)  Féach leathanach 2540 den Iris Oifigiúil seo.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála chun feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (IO L 189, 27.6.2014, lch. 50).