29.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 108/4


CINNEADH (AE) 2021/537 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Márta 2021

lena leasaítear Cinntí 2003/17/CE agus 2005/834/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coibhéis na gcigireachtaí allamuigh agus le coibhéis na seiceálacha ar chleachtais maidir le cineálacha speicis phlandaí talmhaíochta a chothabháil a dhéantar sa Ríocht Aontaithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Cinneadh 2003/17/CE ón gComhairle (3) go ndéanfar, faoi imthosca áirithe, cigireachtaí allamuigh a dhéantar ar bharra áirithe táirgthe síolta sna tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh sin a mheas mar chigireachtaí is coibhéiseach le cigireachtaí allamuigh a dhéantar i gcomhréir le dlí an Aontais, agus go ndéanfar, faoi imthosca áirithe, an síol a tháirgeann speicis áirithe a tháirgtear sna tríú tíortha sin a mheas mar shíol is coibhéiseach le síol a tháirgtear i gcomhréir le dlí an Aontais.

(2)

Bunaítear le Cinneadh 2005/834/CE ón gComhairle (4) rialacha maidir le coibhéis na seiceálacha ar chleachtais maidir le cineálacha a chothabháil a dhéantar i dtíortha tríú tír áirithe. Foráiltear leis, maidir leis na seiceálacha oifigiúla ar chleachtais maidir le cineálacha a chothabháil a dhéantar sna tríú tíortha sin agus arb iad na húdaráis a dhéanann iad, a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin, le haghaidh na speiceas a chumhdaítear leis na Treoracha dá dtagraítear i gcás gach ceann de na triú tíortha sin, go mbeidh na ráthaíochtaí céanna ag gabháil leo agus a ghabhann leis na seiceálacha a dhéanann Ballstáit.

(3)

Tá Treoracha 66/401/CEE (5), 66/402/CEE (6), 2002/53/CE (7), 2002/54/CE (8), 2002/55/CE (9) agus 2002/57/CE (10) ón gComhairle, mar aon leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun na dTreoracha sin, trasuite agus curtha chun feidhme go héifeachtach ag an Ríocht Aontaithe. Leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, leagtar amach na rialacha ar a mbunaíonn na Treoracha sin aithint na coibhéise lena mbaineann.

(4)

Bhí feidhm ag dlí an Aontais, lena n-áirítear Cinntí 2003/17/CE agus 2005/834/CE, maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i rith na hidirthréimhse ar tháinig deireadh léi an 31 Nollaig 2020, i gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (11) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), agus go háirithe le hAirteagal 126 agus le hAirteagal 127(1) de.

(5)

I bhfianaise dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, chuir an Ríocht Aontaithe iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin aitheantas a thabhairt, ón 1 Eanáir 2021, go bhfuil síol plandaí farae, síol gránach, síol biatais, síol glasra agus síol plandaí ola agus síol plandaí snáithín a tháirgtear sa Ríocht Aontaithe coibhéiseach le síol plandaí farae, síol gránach, síol biatais, síol glasra agus síol plandaí ola agus síol plandaí snáithín a tháirgtear san Aontas agus i gcomhréir le Treoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 2002/54/CE, 2002/55/CE agus 2002/57/CE.

(6)

D’iarr an Ríocht Aontaithe freisin aitheantas a thabhairt do choibhéis a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha ar chleachtais maidir le cineálacha a chothabháil a dhéantar sa Ríocht Aontaithe de bhun Threoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 2002/54/CE, 2002/55/CE agus 2002/57/CE, agus de bhun Threoir 2002/53/CE freisin.

(7)

Chuir an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas nach n-athrófar a reachtaíocht lena ndearnadh Treoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 2002/53/CE, 2002/54/CE, 2002/55/CE agus 2002/57/CE a thrasuí agus go leanfadh siad d’feidhm a bheith acu ón 1 Eanáir 2021.

(8)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar reachtaíocht ábhartha na Ríochta Aontaithe agus a coibhéis le ceanglais an Aontais, agus chinn sé go ndéantar na cigireachtaí allamuigh ar bharraí táirgthe síolta go sásúil agus go gcomhlíontar leo na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2003/17/CE mar aon le ceanglais iomchuí Threoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 2002/54/CE agus 2002/57/CE.

(9)

Dá bhrí sin, agus chun aon chur isteach neamhriachtanach ar thrádáil a sheachaint tar éis dheireadh na hidirthréimhse, is iomchuí aitheantas a thabhairt do choibhéis na gcigireachtaí allamuigh a dhéantar i leith na síolta sin a tháirgtear sa Ríocht Aontaithe agus arb iad a húdaráis a dheimhníonn go hoifigiúil iad.

(10)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar reachtaíocht ábhartha na Ríochta Aontaithe agus a coibhéis leis na forálacha a bhaineann leis na cleachtais maidir le cineálacha a chothabháil de bhun Threoracha 2002/53/CE agus 2002/55/CE. Chinn an Coimisiún go bhfuil na ráthaíochtaí céanna ag gabháil leis na seiceálacha ar chleachtais maidir leis na cineálacha sin a chothabháil a dhéantar sa Ríocht Aontaithe agus na seiceálacha a dhéanann Ballstáit.

(11)

Dá bhrí sin, is iomchuí aitheantas a thabhairt do choibhéis na seiceálacha ar chleachtais maidir le cineálacha a chothabháil, dá bhforáiltear i dTreoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 2002/53/CE, 2002/54/CE, 2002/55/CE agus 2002/57/CE, a dhéantar sa Ríocht Aontaithe.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Ríocht Aontaithe a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2003/17/CE agus san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2005/834/CE, gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin.

(13)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinntí 2003/17/CE agus 2005/834/CE a leasú dá réir sin.

(14)

Ós rud é gur tháinig deireadh leis an idirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar an 31 Nollaig 2020, chun leanúnachas a áirithiú, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Chinntí 2003/17/CE agus 2005/834/CE

1.   Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2003/17/CE i gcomhréir le pointe 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

2.   Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2005/834/CE i gcomhréir le pointe 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus dáta chur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Márta 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  Tuairim an 27 Eanáir 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Márta 2021.

(3)  Cinneadh 2003/17/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le coibhéis cigireachtaí allamuigh arna ndéanamh i dtríú tíortha ar bharra táirgthe síolta agus maidir le coibhéis síolta arna dtáirgeadh i dtríú tíortha (IO L 8, 14.1.2003, lch. 10).

(4)  Cinneadh 2005/834/CE ón gComhairle an 8 Samhain 2005 maidir le coibhéis na seiceálacha ar chleachtais maidir le cineálacha a chothabháil i dtríú tíortha áirithe agus lena leasaítear Cinneadh 2003/17/CE (IO L 312, 29.11.2005, lch. 51).

(5)  Treoir 66/401/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síol plandaí farae a mhargú (IO L 125, 11.7.1966, lch. 2298).

(6)  Treoir 66/402/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síol gránach a mhargú (IO L 125, 11.7.1966, lch. 2309).

(7)  Treoir 2002/53/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an gcatalóg choiteann de chineálacha de speicis phlandaí talmhaíochta speicis phlandaí (IO L 193, 20.7.2002, lch. 1).

(8)  Treoir 2002/54/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol biatais a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 12).

(9)  Treoir 2002/55/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol glasraí a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 33).

(10)  Treoir 2002/57/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol plandaí ola agus plandaí snáithín a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 74).

(11)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.


IARSCRÍBHINN

1.   

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2003/17/CE, leasaítear an tábla mar a leanas:

(1)

cuirtear an tsraith seo a leanas isteach idir sraitheanna “CL” agus “IL”:

“GB (**)

Department for Environment, Food & Rural Affairs (DEFRA)

Eastbrook

Shaftesbury Road

Cambridge

CB2 8DU

66/401/CEE 66/402/CEE 2002/54/CE

2002/57/CE

(2)

i bhfonóta (*), cuirtear an méid seo a leanas idir “CL — An tSile” agus “IL — Iosrael,”:

“GB — An Ríocht Aontaithe,”.

2.   

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2005/834/CE, leasaítear an tábla mar a leanas:

(1)

cuirtear an tsraith seo a leanas isteach idir sraitheanna “CL” agus “IL”:

“GB (**)

Department for Environment, Food & Rural Affairs (DEFRA)

Eastbrook

Shaftesbury Road

Cambridge

CB2 8DU

66/401/CEE 66/402/CEE 2002/54/CE

2002/55/CE

2002/57/CE

(2)

i bhfonóta (*), cuirtear an méid seo a leanas idir “CS — an tSeirbia agus Montainéagró,” agus “IL — Iosrael,”.

“GB — An Ríocht Aontaithe,”.