23.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 62/51


CINNEADH (CBES) 2021/285 ÓN GCOMHAIRLE

an 22 Feabhra 2021

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/907 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 13 Samhain 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/2071 (1) lena gceaptar Toivo KLAAR mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia.

(2)

An 25 Meitheamh 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/907 (2) lena gcuirtear síneadh le sainordú ISAE, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2020/254 ón gComhairle (3). Tá sainordú an Ionadaí Speisialta le dul in éag an 28 Feabhra 2021.

(3)

Ba cheart síneadh 12 mhí breise a chur le sainordú ISAE don Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia agus ba cheart méid tagartha airgeadais nua a bhunú don tréimhse ón 1 Márta 2021 go dtí an 28 Feabhra 2022.

(4)

Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/907 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh

Cuirtear síneadh le sainordú Toivo KLAAR mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia go dtí an 28 Feabhra 2022. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar sainordú ISAE a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an tArdionadaí).”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

Sainordú

Chun na cuspóirí beartais a bhaint amach, is é an méid seo a leanas a bheidh mar shainordú ag ISAE:

(a)

teagmhálacha a fhorbairt le rialtais, le parlaimintí, le príomhghníomhaithe polaitiúla eile, leis na breithiúna agus leis an tsochaí shibhialta sa réigiún;

(b)

na tíortha sa réigiún a spreagadh chun comhoibriú agus comhar den sórt sin a éascú ar théamaí réigiúnacha comhleasa, amhail bagairtí comhchoiteanna slándála, an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, na gáinneála aindleathaí agus na coireachta eagraithe; comhar trasteorann a spreagadh agus a éascú nuair is féidir chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais áitiúla agus chun muinín agus athmhuintearas a chothú;

(c)

cuidiú le réiteach síochánta ar choinbhleachtaí i gcomhréir le prionsabail an dlí idirnáisiúnta agus cur chun feidhme an réitigh sin a éascú i ndlúthchomhar leis na Náisiúin Aontaithe agus ESCE; agus chun tacú le Grúpa ESCE Mhionsc agus a chomhchathaoirligh;

(d)

maidir leis an ngéarchéim sa tSeoirsia:

(i)

cuidiú leis an ullmhúchán do na cainteanna idirnáisiúnta a reáchtálfar faoi phointe 6 de phlean réitigh an 12 Lúnasa 2008, d’Idirphlé Idirnáisiúnta na Ginéive, agus dá bhearta cur chun feidhme an 8 Meán Fómhair 2008, lena n-áirítear maidir le socruithe le haghaidh slándála agus cobhsaíochta sa réigiún, saincheist na ndídeanaithe agus na ndaoine atá easáitithe ina dtír féin, ar bhonn prionsabal a aithnítear go hidirnáisiúnta, agus aon ábhar eile, trí chomhaontú frithpháirteach idir na páirtithe;

(ii)

cuidiú le seasamh an Aontais a bhunú agus ionadaíocht a dhéanamh air, ar leibhéal ISAE, sna cainteanna dá dtagraítear i bpointe (i); agus

(iii)

cur chun feidhme phlean réitigh an 12 Lúnasa 2008 agus a bhearta cur chun feidhme an 8 Meán Fómhair 2008 a éascú;

(e)

forbairt agus cur chun feidhme beart cothaithe muiníne a éascú, ag comhordú le saineolas na mBallstát i gcás ina mbeidh sin ar fáil agus inarb iomchuí;

(f)

iarrachtaí cuimsitheacha chun síocháin a chothú laistigh de na sochaithe a éascú agus cuidiú leo d’fhonn na coinbhleachtaí a shárú agus an tsíocháin a chomhdhlúthú;

(g)

cúnamh a thabhairt maidir le hionchur ón Aontais a ullmhú, de réir mar is iomchuí, maidir le socrú ionchasach coinbhleachta;

(h)

idirphlé an Aontais leis na príomhghníomhaithe lena mbaineann a threisiú maidir leis an réigiún;

(i)

cabhrú leis an Aontas forbairt bhreise a dhéanamh ar bheartas cuimsitheach i dtaobh an Chugais Theas;

(j)

faoi chuimsiú na ngníomhaíochtaí a leagtar amach san Airteagal seo, rannchuidiú le cur chun feidhme bheartas an Aontais um chearta an duine agus Threoirlínte an Aontais maidir le Cearta an Duine, go háirithe a mhéid a bhaineann le leanaí agus mná i limistéir ina bhfuil coinbhleachtaí, go háirithe trí fhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ina leith sin agus trí aghaidh a thabhairt orthu.”;

(3)

in Airteagal 5(1), cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

“Is é EUR 2 940 000 an méid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú an Ionadaí Speisialta don tréimhse ón 1 Márta 2021 go dtí an 28 Feabhra 2022 a chumhdach.”;

(4)

in Airteagal 14, an chéad mhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

“Cuirfidh ISAE tuarascálacha rialta ar an dul chun cinn faoi bhráid na Comhairle, an Ardionadaí agus an Choimisiúin agus cuirfidh sé tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe faoina mbráid faoin 30 Samhain 2021.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Feabhra 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2017/2071 ón gComhairle an 13 Samhain 2017 lenar gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia (IO L 295, 14.11.2017, lch. 55).

(2)  Cinneadh (CBES) 2018/907 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia (IO L 161, 26.6.2018, lch. 27).

(3)  Cinneadh (CBES) 2020/254 ón gComhairle an 25 Feabhra 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/907 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia (IO L 54 I, 26.2.2020, lch. 11).