10.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 46/40


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/157 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Feabhra 2021

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616 maidir le comhlaí tionsclaíocha, modhanna táthaithe, trealamh do chórais chuisniúcháin agus do chaidéil teasa, coirí scealla, píopaí miotalacha tionsclaíocha, copar agus cóimhiotail chopair, trealamh agus oiriúintí Gáis Peitriliam Leachtaithe (GPL) agus feistí sábháilteachta le haghaidh cosaint ar bhrú iomarcach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), maidir le brú-threalamh nó cóimeálacha dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2) den Treoir sin atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó codanna de na caighdeáin chomhchuibhithe sin agus a bhfuil a sonraí tagartha foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glacfar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha sábháilteachta a chumhdaítear faoi na caighdeáin sin nó faoi chodanna de na caighdeáin sin dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

I litir M/071 dar dáta an 1 Lúnasa 1994, d’iarr an Coimisiún ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) na caighdeáin a bhaineann le táirgí agus na caighdeáin de chineál cothrománach a tharraingt suas i ndáil leis an mbrú-threalamh chun tacú le Treoir 97/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Cuireadh Treoir 2014/68/AE in ionad na Treorach sin gan athrú a dhéanamh ar na ceanglais riachtanacha sábháilteachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 97/23/CE.

(3)

Ar bhonn iarraidh M/071 agus chun úrscothacht a léiriú, rinne CEN athbhreithniú agus leasú ar chuid de na caighdeáin chomhchuibhithe a bhí ann cheana. Go sonrach, rinne CEN athbhreithniú ar chaighdeáin chomhchuibhithe EN ISO 4126-3:2006, EN 12542:2010 agus EN 13175:2014 agus dá thoradh sin, glacadh caighdeán chomhchuibhithe EN ISO 4126-3:2020 maidir le feistí sábháilteachta, caighdeán EN 12542:2020 agus caighdeán EN 13175:2019+A1:2020 maidir le trealamh agus oiriúintí GPL; caighdeán comhchuibhithe EN 12735-1:2016 a raibh glacadh chaighdeán comhchuibhithe EN 12735-1:2020 maidir le copar agus cóimhiotail chopair ina thoradh air; agus caighdeán comhchuibhithe EN 12953-5:2002 a raibh glacadh chaighdeán comhchuibhithe EN 12953-5:2020 maidir le coirí scealla mar thoradh air. Rinne CEN athbhreithniú freisin ar chaighdeáin chomhchuibhithe EN 14276-1:2006+A1:2011 agus EN 14276-2:2007+A1:2011 agus dá thoradh sin, glacadh caighdeáin chomhchuibhithe EN 14276-1:2020 agus EN 14276-2:2020 maidir le brú-threalamh do chórais chuisniúcháin agus do chaidéil teasa mar aon le caighdeán comhchuibhithe EN ISO 15620:2000 a raibh glacadh chaighdeán comhchuibhithe EN ISO 15620:2019 maidir le táthú ina thoradh air.

(4)

Sa bhreis air sin rinne CEN athbhreithniú agus leasú ar shraith caighdeán comhchuibhithe maidir le comhlaí tionsclaíocha. Is é sin, rinne CEN leasú ar chaighdeáin chomhchuibhithe EN ISO 16135:2006, EN ISO 16136:2006, EN ISO 16137:2006, EN ISO 16138:2006, EN ISO 16139:2006 agus EN ISO 21787:2006. Rinne CEN athbhreithniú freisin ar chaighdeán comhchuibhithe EN 16767:2016 a raibh glacadh chaighdeán comhchuibhithe EN 16767:2020 maidir le comhlaí tionsclaíocha ina thoradh air.

(5)

Rinne CEN athbhreithniú freisin ar chaighdeáin chomhchuibhithe EN 13480-2:2017 agus EN 13480-3:2017 maidir le píopaí miotalacha tionsclaíocha.

(6)

I dteannta le CEN, rinne an Coimisiún measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na caighdeáin maidir le brú-threalamh arna leasú nó arna n-athbhreithniú ag CEN iarraidh M/071.

(7)

Na caighdeáin maidir le brú-threalamh arna leasú nó arna n-athbhreithniú ag CEN, comhlíonann siad na ceanglais a bhfuil sé d’aidhm leo iad a chumhdach agus a dtagraítear dóibh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/68/AE. Dá bhrí sin, is iomchuí sonraí tagartha na gcaighdeán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(8)

Foilseofar sonraí tagartha leaganacha leasaithe nó athbhreithnithe chaighdeáin EN 12542:2010, EN 12735-1:2016, EN 12953-5:2002, EN 13175:2014, EN 13480-2:2017, EN 13480-3:2017, EN 14276-1:2006+A1:2011, EN 14276-2:2007+A1:2011, EN 16767:2016, EN ISO 15620:2000, EN ISO 16135:2006, EN ISO 16136:2006, EN ISO 16137:2006, EN ISO 16138:2006, EN ISO 16139:2006, EN ISO 21787:2006 agus EN ISO 4126-3:2006. Dá bhrí sin, is gá tarraingt siar as Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (4) sonraí tagartha chaighdeáin EN 12542:2010, EN 12735-1:2016, EN 12953-5:2002, EN 13175:2014, EN 13480-3:2017, EN 14276-1:2006+A1:2011, EN 14276-2:2007+A1:2011, EN 16767:2016, EN ISO 15620:2000, EN ISO 16135:2006, EN ISO 16136:2006, EN ISO 16137:2006, EN ISO 16138:2006, EN ISO 16139:2006, EN ISO 21787:2006 agus EN ISO 4126-3:2006.

(9)

Chun a ndóthain ama a thabhairt do mhonaróirí chun a dtáirgí a chur in oiriúint do leaganacha leasaithe nó athbhreithnithe na gcaighdeán comhchuibhithe maidir le comhlaí tionsclaíocha, modhanna táthaithe, trealamh do chórais chuisniúcháin agus do chaidéil teasa, coirí scealla, píopaí miotalacha tionsclaíocha, copar agus cóimhiotail chopair, trealamh agus oiriúintí GPL agus feistí sábháilteachta le haghaidh cosaint ar bhrú iomarcach, is gá tarraingt siar shonraí tagartha na gcaighdeán sin a chur ar athló.

(10)

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616 ón gCoimisiún (5), liostaítear sonraí tagartha na gcaighdeán comhchuibhithe arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2014/68/AE. Ba cheart sonraí tagartha chaighdeáin chomhchuibhithe EN ISO 4126-3:2020, EN 12542:2020, EN 12735-1:2020, EN 12953-5:2020, EN 13175:2019+A1:2020, EN 13480-3:2017, EN 13480-3:2017/A2:2020, EN 13480-3:2017/A3:2020, EN 14276-1:2020, EN 14276-2:2020, EN ISO 15620:2019, EN ISO 16135:2006, EN ISO 16135:2006/A1:2019, EN ISO 16136:2006, EN ISO 16136:2006/A1:2019, EN ISO 16137:2006, EN ISO 16137:2006/A1:2019, EN ISO 16138:2006, EN ISO 16138:2006/A1:2019, EN ISO 16139:2006, EN ISO 16139:2006/A1:2019, EN 16767:2020, EN ISO 21787:2006 agus EN ISO 21787:2006/A1:2019 a chuimsiú san Iarscríbhinn sin.

(11)

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616, liostaítear sonraí tagartha na gcaighdeán comhchuibhithe arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2014/68/AE agus atá le tarraingt siar as Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ba cheart sonraí tagartha chaighdeáin chomhchuibhithe EN 12542:2010, EN 12735-1:2016, EN 12953-5:2002, EN 13175:2014, EN 13480-3:2017, EN 14276-1:2006+A1:2011, EN 14276-2:2007+A1:2011, EN 16767:2016, EN ISO 15620:2000, EN ISO 16135:2006, EN ISO 16136:2006, EN ISO 16137:2006, EN ISO 16138:2006, EN ISO 16139:2006, EN ISO 21787:2006 agus EN ISO 4126-3:2006 a chuimsiú san Iarscríbhinn sin.

(12)

Cuimsítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616 sonraí tagartha chaighdeán comhchuibhithe EN 13480-2:2017 agus sonraí tagartha leasuithe EN 13480- 2:2017/A1:2018, EN 13480-2:2017/A2:2018 agus EN 13480-2:2017/A3:2018. Rinneadh leasú breise ar chaighdeán EN 13480-2:2017. Is iomchuí an iontráil ábhartha san Iarscríbhinn sin a ionadú agus sonraí tagartha leasú EN 13480-2:2017/A7:2020 a chur isteach.

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616 a leasú dá réir.

(14)

Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear sonraí tagartha caighdeáin den chineál sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(2)  Treoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le brú-threalamh a chur ar fáil ar an margadh (IO L 189, 27.6.2014, lch. 164).

(3)  Treoir 97/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Bealtaine 1997 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le brú-threalamh (IO L 181, 9.7.1997, lch. 1).

(4)   IO C 326, 14.9.2018, lch. 94.

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616 ón gCoimisiún an 27 Meán Fómhair 2019 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i dtaca le brú-threalamh arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 250, 30.9.2019, lch. 95).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil Uimh 11:

Uimh.

Sonraí tagartha an chaighdeáin

“11.

EN 13480-2:2017

Píopaí miotalacha tionsclaíocha – Cuid 2: Ábhair

EN 13480-2:2017/A1:2018

EN 13480-2:2017/A2:2018

EN 13480-2:2017/A3:2018

EN 13480-2:2017/A7:2020”

(2)

cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

Uimh.

Sonraí tagartha an chaighdeáin

“24.

EN ISO 4126-3:2020

Feistí sábháilteachta le haghaidh cosaint ar bhrú iomarcach – Cuid 3: Comhlaí sábháilteachta agus feistí sábháilteachta dioscaí pléasctha le chéile (ISO 4126-3:2020)

25.

EN 12542:2020

Trealamh agus oiriúintí GPL - Árthaí brú sorcóireacha seasta déanta de chruach tháite, a tháirgtear go sraitheach chun Gás Peitriliam Leachtaithe (GPL) a stóráil iontu agus nach bhfuil toirt níos mó ná 13 m3 acu - Dearadh agus déantúsaíocht

26.

EN 12735-1:2020

Copar agus cóimhiotail chopair - Feadáin chopair, cruinne gan uaim le haghaidh aerchóirithe agus cuisnithe – Cuid 1: Feadáin do chórais píobánra

27.

EN 12953-5:2020

Coirí scealla – Cuid 5: Cigireacht le linn thógáil, dhoiciméadú agus mharcáil brúpháirteanna na coire

28.

EN 13175:2019+A1:2020

Trealamh agus oiriúintí GPL - Sonraíocht agus tástáil maidir le comhlaí agus fearais do shoitheach brú Gás Peitriliam Leachtaithe (GPL)

29.

EN 13480-3:2017

Píopaí miotalacha tionsclaíocha – Cuid 3: Dearadh agus ríomh

EN 13480-3:2017/A2:2020

EN 13480-3:2017/A3:2020

30.

EN 14276-1:2020

Brú-threalamh do chórais chuisniúcháin agus do chaidéil teasa – Cuid 1: Árthaí - Ceanglais ghinearálta

31.

EN 14276-2:2020

Brú-threalamh do chórais chuisniúcháin agus do chaidéil teasa – Cuid 2: Píopaí - Ceanglais ghinearálta

32.

EN ISO 15620:2019

Táthú - Táthú frithchuimilte ábhar miotalach (ISO 15620:2019)

33.

EN ISO 16135:2006

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí liathróid d’ábhair theirmeaplaistigh (ISO 16135:2006)

EN ISO 16135:2006/A1:2019

34.

EN ISO 16136:2006

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí féileacán d’ábhair theirmeaplaistigh (ISO 16136:2006)

EN ISO 16136:2006/A1:2019

35.

EN ISO 16137:2006

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí seiceála d’ábhair theirmeaplaistigh (ISO 16137:2006)

EN ISO 16137:2006/A1:2019

36.

EN ISO 16138:2006

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí scairte d’ábhair theirmeaplaistigh (ISO 16138:2006)

EN ISO 16138:2006/A1:2019

37.

EN ISO 16139:2006

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí geata d’ábhair theirmeaplaistigh (ISO 16139:2006)

EN ISO 16139:2006/A1:2019

38.

EN 16767:2020

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí seiceála miotalacha

39.

EN ISO 21787:2006

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí cruinne d’ábhair theirmeaplaistigh (ISO 21787:2006)

EN ISO 21787:2006/A1:2019”


IARSCRÍBHINN II

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

Uimh.

Sonraí tagartha an chaighdeáin

Dáta tarraingt siar

“22.

EN 12542:2010

Trealamh agus oiriúintí GPL - Umair shorcóireacha seasta déanta de chruach tháite, a tháirgtear go sraitheach chun Gás Peitriliam Leachtaithe (GPL) a stóráil iontu agus nach bhfuil toirt níos mó ná 13 m3 aige - Dearadh agus déantúsaíocht

10 Lúnasa 2022

23.

EN 12735-1:2016

Copar agus cóimhiotail chopair - Feadáin chopair, cruinne gan uaim le haghaidh aerchóirithe agus cuisnithe – Cuid 1: Feadáin do chórais píobánra

10 Lúnasa 2022

24.

EN 12953-5:2002

Coirí scealla – Cuid 5: Cigireacht le linn thógáil, dhoiciméadú agus mharcáil brúpháirteanna na coire

10 Lúnasa 2022

25.

EN 13175:2014

Trealamh agus oiriúintí GPL - Sonraíocht agus tástáil maidir le comhlaí agus fearais do shoitheach brú Gás Peitriliam Leachtaithe (GPL)

10 Lúnasa 2022

26.

EN 13480-3:2017

Píopaí miotalacha tionsclaíocha – Cuid 3: Dearadh agus ríomh

10 Lúnasa 2022

27.

EN 14276-1:2006+A1:2011

Trealamh brú le haghaidh córais chuisnithe agus teaschaidéal – Cuid 1: Soithí - Riachtanais ghinearálta

10 Lúnasa 2022

28.

EN 14276-2:2007+A1:2011

Trealamh brú le haghaidh córais chuisnithe agus teaschaidéal – Cuid 2: Píopaí - Riachtanais ghinearálta

10 Lúnasa 2022

29.

EN 16767:2016

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí coiscthe cruach agus iarainn theilgthe

10 Lúnasa 2022

30.

EN ISO 15620:2000

Táthú - Táthú frithchuimilte ábhar miotalach (ISO 15620:2000)

10 Lúnasa 2022

31.

EN ISO 16135:2006

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí liathróid d’ábhair theirmeaplaistigh (ISO 16135:2006)

10 Lúnasa 2022

32.

EN ISO 16136:2006

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí féileacán d’ábhair theirmeaplaistigh (ISO 16136:2006)

10 Lúnasa 2022

33.

EN ISO 16137:2006

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí seiceála d’ábhair theirmeaplaistigh (ISO 16137:2006)

10 Lúnasa 2022

34.

EN ISO 16138:2006

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí scairte d’ábhair theirmeaplaistigh (ISO 16138:2006)

10 Lúnasa 2022

35.

EN ISO 16139:2006

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí geata d’ábhair theirmeaplaistigh (ISO 16139:2006)

10 Lúnasa 2022

36.

EN ISO 21787:2006

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí cruinne d’ábhair theirmeaplaistigh (ISO 21787:2006)

10 Lúnasa 2022

37.

EN ISO 4126-3:2006

Feistí sábháilteachta le haghaidh cosaint ar bhrú iomarcach – Cuid 3: Comhlaí sábháilteachta agus feistí sábháilteachta dioscaí pléasctha le chéile (ISO 4126-3:2006)

10 Lúnasa 2022”