11.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 222/1 |
Ráiteas ón gCoimisiún
(2021/C 222 I/01)
Aithníonn an Coimisiún a thábhachtaí atá clár comhchoiteann fothaithe acmhainneachta agus oiliúna le haghaidh ceadúnaithe agus forfheidhmithe, chun go mbeidh córas rialaithe onnmhairiúcháin an Aontais éifeachtach. Glacann an Coimisiún mar chúram air féin, i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordúcháin Dé-Úsáide, féachaint ar na himpleachtaí acmhainní daonna agus airgeadais a d‘fhéadfadh a bheith ag gabháil le clár den chineál sin, d’fhonn roghanna a shainaithint maidir le ceapadh, módúlachtaí agus imscaradh cláir fothaithe acmhainneachta agus oiliúna.