18.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CI 58/1


Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le ceanglais tuairiscithe a bhunú chun eisiúint bannaí a rannchuidíonn le cuspóirí comhshaoil do NextGenerationEU a chumasú

(2021/C 58 I/01)

Meabhraíonn an Coimisiún uaillmhian pholaitiúil chomhroinnte an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Laistigh den chreat sin, cuireann sé i bhfios go láidir go bhfuil sé d’aidhm aige 30 % ar a laghad de na cistí atá le fáil ar iasacht sna margaí caipitil a thiomsú le haghaidh riachtanais NextGenerationEU trí bhannaí a eisiúint lena rannchuirtear le cuspóirí comhshaoil.

Comhaontaíonn na trí Institiúid a fhiosrú an bhféadfaí rialacha a thabhairt isteach lena mbunófar oibleagáidí tuairiscithe do na Ballstáit, chun a áirithiú go mbeidh faisnéis ar fáil d’fhonn meastóireacht a dhéanamh ar an rannchuidiú le cuspóirí comhshaoil na gcistí a fhaightear ar iasacht sna margaí caipitil. Chun na críche sin, féachfaidh an Coimisiún le togra reachtach a dhéanamh chuige sin sa chéad ráithe de 2021.