28.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 437/102


RIALACHÁN (AE) 2020/2227 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Nollaig 2020

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2403 a mhéid a bhaineann le húdaruithe iascaireachta le haghaidh shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe agus oibríochtaí iascaireachta shoithí na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, chuir an Ríocht Aontaithe isteach fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

(2)

Sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (2) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”) tá socruithe chun forálacha dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe tar éis an dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe. Beidh feidhm ag an gComhbheartas Iascaigh (CBI) maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe le linn na hidirthréimhse i gcomhréir leis an gComhaontú um Tharraingt Siar agus scoirfidh sé d'fheidhm a bheith aige an 31 Nollaig 2020.

(3)

Nuair a scoirfidh feidhm de bheith ag CBI maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe, ní bheidh uiscí na Ríochta Aontaithe (an fharraige teorann agus an limistéar eacnamaíoch eisiach máguaird) mar chuid d'uiscí an Aontais a thuilleadh. Dá réir sin, in éagmais comhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ina bhfuil forálacha maidir le hiascaigh, tá an baol ann nach mbeidh na deiseanna iascaireachta a d'fhéadfadh a bheith ar fáil don bhliain 2021 ag soithí iascaireachta an Aontais ná soithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe.

(4)

Chun inbhuanaitheacht an iascaigh a áirithiú agus i bhfianaise thábhacht an iascaigh le haghaidh slí bheatha eacnamaíoch cuid mhór pobal san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe, ba cheart an deis a choinneáil ar bun socruithe a dhéanamh le go mbeidh rochtain chómhalartach ag soithí iascaireachta an Aontais agus ag soithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe ar uiscí a chéile tar éis an 31 Nollaig 2020. Is é cuspóir an Rialacháin seo an creat dlíthiúil iomchuí le haghaidh rochtain chómhalartach den sórt sin a chruthú.

(5)

Maidir le raon feidhme críochach an Rialacháin seo agus aon tagairt don Ríocht Aontaithe ann, ní áirítear Giobráltar ann.

(6)

Tá na deiseanna iascaireachta don bhliain 2021 le bunú ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 61 agus 62 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (3) á gcomhlíonadh go hiomlán. Chun saothrú inbhuanaithe ar bheo-acmhainní muirí agus cobhsaíocht laistigh d'uiscí an Aontais agus d'uiscí na Ríochta Aontaithe a áirithiú, socrófar na leithdháiltí agus na scaireanna cuótaí maidir leis na Ballstáit agus leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais agus na Ríochta Aontaithe faoi seach.

(7)

I bhfianaise phatrúin iascaireachta sheanbhunaithe shoithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais agus a mhalairt agus chun rochtain chómhalartach a fháil ar uiscí, ba cheart don Aontas foráil a dhéanamh maidir le sásra do shoithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe chun rochtain a fháil ar uiscí an Aontais trí bhíthin údaruithe, chun bheith in ann iascaireacht a dhéanamh ar na scaireanna cuóta a leithdháilfear ar an Ríocht Aontaithe, faoi na coinníollacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir le soithí iascaireachta an Aontais. Níor cheart údaruithe iascaireachta den sórt sin a dheonú ach amháin má leanann agus a mhéid a leanann an Ríocht Aontaithe de bheith ag cur údaruithe ar fáil do shoithí iascaireachta an Aontais chun leanúint d'iascaireacht a dhéanamh laistigh d'uiscí na Ríochta Aontaithe.

(8)

I Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) leagtar amach na rialacha maidir le húdaruithe iascaireachta a eisiúint do shoithí agus údaraithe a bhainistiú le haghaidh soithí iascaireachta in uiscí faoi cheannasacht nó faoi dhlínse tríú tír agus do shoithí iascaireachta tríú tír agus iad i mbun oibríochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais.

(9)

I Rialachán (AE) 2017/2403 leagtar síos rialacha maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta an Aontais in uiscí tríú tír lasmuigh de chreat comhaontaithe, agus déantar foráil ann go bhféadfaidh Ballstát brataí údaruithe díreacha a dheonú agus bunaítear na coinníollacha agus na nósanna imeachta le haghaidh deonú údaruithe den sórt sin. Ag cur san áireamh líon shoithí iascaireachta an Aontais a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe, bheadh moilleanna nach beag ann mar gheall ar na coinníollacha agus na nósanna imeachta sin agus bheadh ualach breise riaracháin ann in éagmais comhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ina bhfuil forálacha maidir le hiascaigh. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha agus nósanna imeachta sonracha chun eisiúint na n-údaruithe do shoithí iascaireachta an Aontais ag an Ríocht Aontaithe a éascú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a oibriú in uiscí na Ríochta Aontaithe.

(10)

Is gá maolú ar na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le soithí iascaireachta tríú tír agus foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha agus nósanna imeachta sonracha lena dtugtar cead don Aontas údaruithe a eisiúint do shoithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe chun gníomhaíochtaí iascaireachta a oibriú in uiscí an Aontais.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2017/2403 a leasú dá réir.

(12)

Tiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar an 31 Nollaig 2020. In éagmais comhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe arna thabhairt i gcrích ina bhfuil forálacha maidir le hiascaigh, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm a bheith aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe de bhun Airteagail 126 agus 127 den Chomhaontú um Tharraingt Siar. Mar bheart teagmhasachta, ba cheart feidhm a bheith aige go dtí an dáta is luaithe de na dátaí seo a leanas: an 31 Nollaig 2021 nó an dáta a thiocfaidh comhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ina bhfuil forálacha maidir le hiascaigh i bhfeidhm nó a mbeidh feidhm shealadach aige.

(13)

I bhfianaise an ghá atá ann an Rialachán seo a ghlacadh roimh an lá a scoirfidh dlí an Aontais d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe de bhun Airteagail 126 agus 127 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, agus i bhfianaise an ghá atá ann foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta chun oibríochtaí iascaireachta inbhuanaithe a údarú in uiscí na Ríochta Aontaithe agus an Aontais ar bhonn na cómhalartachta faoin lá sin ar a dhéanaí, d'fhonn scor tobann oibríochtaí iascaireachta a sheachaint, measadh gurb iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(14)

Chun go mbeidh oibreoirí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe araon in ann leanúint de bheith ag iascaireacht, níor cheart údaruithe iascaireachta le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais a dheonú ar shoithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe ach amháin má mheasann an Coimisiún, agus ag brath ar a mhéid a mheasann sé, go ndéanfaidh an Ríocht Aontaithe cearta rochtana a dheonú do shoithí iascaireachta an Aontais chun dul i mbun oibríochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe ar bhonn na cómhalartachta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/2403

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/2403 mar a leanas:

(1)

i gCaibidil II de Theideal II, cuirtear isteach an Roinn seo a leanas:

Roinn 4

Oibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta an aontais in uiscí na ríochta aontaithe

Airteagal 18a

Raon feidhme

De mhaolú ar Roinn 3, beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe.

Airteagal 18b

Sainmhíniú

Chun críocha na Roinne seo, ciallaíonn ‘uiscí na Ríochta Aontaithe’ uiscí faoi cheannasacht nó faoi dhlínse na Ríochta Aontaithe arna mbunú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.

Airteagal 18c

An nós imeachta maidir le húdarú iascaireachta a fháil ón Ríocht Aontaithe

1.   Ballstát brataí a d'fhíoraigh go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5 á gcomhlíonadh, cuirfidh sé an t-iarratas comhfhreagrach nó liosta na n-iarratas ar údarú iascaireachta ón Ríocht Aontaithe chuig an gCoimisiún.

2.   I ngach iarratas nó liosta iarratas, beidh an fhaisnéis arna hiarraidh ag an Ríocht Aontaithe le haghaidh údarú iascaireachta a eisiúint, agus í leagtha amach san fhormáid is gá, arna cur in iúl ag an Ríocht Aontaithe don Choimisiún.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis agus an fhormáid dá dtagraítear i mír 2 ar fáil do na Ballstáit. Féadfaidh an Coimisiún iarraidh a chur chuig an mBallstát brataí chun aon fhaisnéis bhreise is gá a fháil chun a fhíorú go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 á gcomhlíonadh.

4.   Má chinneann an Coimisiún, ar an iarratas nó ar aon fhaisnéis bhreise a iarrtar de bhun mhír 3 a fháil, go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 á gcomhlíonadh, cuirfidh sé an t-iarratas ar aghaidh chuig an Ríocht Aontaithe gan mhoill.

5.   A luaithe a chuireann an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas go bhfuil cinneadh déanta aici údarú iascaireachta do shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais a eisiúint nó a dhiúltú, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát brataí ar an eolas láithreach dá réir sin.

6.   Ní fhéadfaidh Ballstát brataí údarú iascaireachta a eisiúint ach amháin d'oibríochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe tar éis é a chur ar an eolas gur chinn an Ríocht Aontaithe údarú a eisiúint don soitheach iascaireachta ábhartha Aontais.

7.   Ní chuirfear tús le hoibríochtaí iascaireachta go dtí go mbeidh údarú iascaireachta eisithe ag an mBallstát brataí agus ag an Ríocht Aontaithe araon.

8.   I gcás ina gcuireann an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas go bhfuil cinneadh déanta aici údarú iascaireachta i leith soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát brataí ar an eolas láithreach dá réir sin. Déanfaidh an Ballstát sin a údarú iascaireachta a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i dtaca le hoibríochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe dá réir sin.

9.   I gcás ina gcuireann an Ríocht Aontaithe an Ballstát brataí ar an eolas ar bhonn díreach go bhfuil cinneadh déanta aici údarú iascaireachta do shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais a eisiúint, a dhiúltú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, cuirfidh an Ballstát brataí an Coimisiún ar an eolas dá réir sin láithreach. Déanfaidh an Ballstát sin a údarú iascaireachta a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i dtaca le hoibríochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe dá réir sin.

Airteagal 18d

Faireachán

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar eisiúint na n-údaruithe iascaireachta ón Ríocht Aontaithe d'oibreoirí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe.”;

(2)

cuirtear isteach an Teideal seo a leanas:

“TEIDEAL IIIa

OIBRÍOCHTAÍ IASCAIREACHTA A DHÉANANN SOITHÍ IASCAIREACHTA NA RÍOCHTA AONTAITHE IN UISCÍ AN AONTAIS

Airteagal 38a

Raon feidhme

De mhaolú ar Theideal III, beidh feidhm ag an Teideal seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais.

Airteagal 38b

Oibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe

Féadfaidh soithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh in uiscí an Aontais, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i reachtaíocht infheidhme de chuid an Aontais, ar choinníoll go ndeonaítear rochtain do shoithí an Aontais chun oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh in uiscí na Ríochta Aontaithe ar bhonn na cómhalartachta.

Airteagal 38c

Prionsabail ghinearálta

1.   Ní dhéanfaidh soitheach iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe oibríochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais murar eisigh an Coimisiún údarú iascaireachta don soitheach sin. Ní eiseofar an t-údarú sin dó ach amháin má chomhlíonann sé na critéir incháilitheachta a leagtar amach i mír 2.

2.   Féadfaidh an Coimisiún údarú iascaireachta a eisiúint do shoitheach iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe más amhlaidh an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil ceadúnas iascaireachta bailí ag an soitheach iascaireachta arna eisiúint ag údarás inniúil na Ríochta Aontaithe;

(b)

go bhfuil an soitheach iascaireachta liostaithe ag an Ríocht Aontaithe ar chlár cabhlaigh a bhfuil rochtain ag an gCoimisiún air;

(c)

go ndéanann an soitheach iascaireachta agus aon soitheach tacaíochta gaolmhar an scéim ábhartha uimhreach aitheantais long de chuid EMI a chur i bhfeidhm a mhéid a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais;

(d)

nach n-áirítear an soitheach iascaireachta ar liosta de shoithí NNN, ar liosta é a ghlac RFMO agus/nó an tAontas de bhun Rialachán NNN;

(e)

nach bhfuil an Ríocht Aontaithe liostaithe mar thír neamh-chomhoibríoch de bhun Rialachán NNN ná mar thír a cheadaíonn deiseanna iascaireachta neamh-inbhuanaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1026/2012; agus

(f)

go bhfuil deiseanna iascaireachta ar fáil don Ríocht Aontaithe.

3.   Soitheach iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe atá údaraithe oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh in uiscí an Aontais, comhlíonfaidh sé na rialacha faoina rialaítear na hoibríochtaí iascaireachta atá á ndéanamh ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais sa limistéar iascaireachta ina bhfuil sé ag oibriú.

Airteagal 38d

Nós imeachta maidir le húdaruithe iascaireachta a fháil

1.   Cuirfidh an Ríocht Aontaithe chuig an Coimisiún an t-iarratas nó liosta na n-iarratas ar údaruithe le haghaidh a cuid soitheach iascaireachta.

2.   Féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar an Ríocht Aontaithe, ar faisnéis í atá riachtanach chun a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 38c(2).

3.   Nuair a shuitear go bhfuil na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 38b agus Airteagal 38c(2) á gcomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún údarú iascaireachta a eisiúint agus cuirfidh sé an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir gan mhoill.

Airteagal 38e

Údaruithe iascaireachta a bhainistiú

1.   I gcás nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 38b agus Airteagal 38c(2) a thuilleadh, déanfaidh an Coimisiún gníomhaíocht iomchuí, lena n-áirítear chun an t-údarú a leasú nó a tharraingt siar agus cuirfidh sé an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir.

2.   Féadfaidh an Coimisiún eisiúint údaruithe a dhiúltú nó a chur ar fionraí nó féadfaidh sé aon údarú arna eisiúint do shoitheach iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe a tharraingt siar in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás inar tháinig athrú ó bhonn ar chúinsí, go háirithe maidir le rochtain chómhalartach ar uiscí na Ríochta Aontaithe ag soithí iascaireachta an Aontais;

(b)

i gcás ina bhfuil bagairt thromchúiseach ann do shaothrú, do bhainistiú agus do chaomhnú inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha muirí;

(c)

i gcás ina bhfuil sé bunriachtanach chun iascaireacht NNN a chosc nó a shochtadh;

(d)

i gcás ina measann an Coimisiún gurb iomchuí ar bhonn thorthaí a chuid gníomhaíochtaí faireacháin de bhun Airteagal 18d;

(e)

i gcás ina ndiúltaíonn an Ríocht Aontaithe go míchuí an t-údarú do shoithí iascaireachta an Aontais oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh in uiscí na Ríochta Aontaithe nó i gcás ina ndéanann sí an t-údarú sin a chur ar fionraí nó a tharraingt siar go míchuí.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an Ríocht Aontaithe ar an eolas láithreach i gcás ina ndéanann sé údarú a dhiúltú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, i gcomhréir le mír 2.

Airteagal 38f

Deireadh a chur le hoibríochtaí iascaireachta

1.   I gcás ina meastar go bhfuil na deiseanna iascaireachta a deonaíodh don Ríocht Aontaithe ídithe, tabharfaidh an Coimisiún fógra láithreach faoin méid sin don Ríocht Aontaithe agus d'údaráis chigireachta inniúla na mBallstát. D'fhonn a áirithiú go leanfar d'oibríochtaí iascaireachta na ndeiseanna iascaireachta neamhídithe, oibríochtaí lena bhféadfaí difear a dhéanamh do na deiseanna iascaireachta ídithe freisin, iarrfaidh an Coimisiún ar an Ríocht Aontaithe bearta teicniúla a chur in iúl dó, bearta lena gcuirtear cosc ar aon tionchar diúltach ar na deiseanna iascaireachta ídithe.

2.   Na húdaruithe iascaireachta a eisíodh do na soithí iascaireachta atá faoi bhratach na Ríochta Aontaithe, measfar go bhfuil siad ar fionraí, ó dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 1, le haghaidh na n-oibríochtaí iascaireachta lena mbaineann agus ní bheidh cead ag na soithí iascaireachta na hoibríochtaí iascaireachta sin a dhéanamh a thuilleadh.

3.   Measfar gur tarraingíodh údaruithe iascaireachta siar más rud é go mbaineann fionraí údaruithe iascaireachta i gcomhréir le mír 2 leis na hoibríochtaí iascaireachta uile ar deonaíodh na húdaruithe ina leith.

Airteagal 38g

-iascaireacht cuótaí in uiscí an Aontais

I gcás ina suífidh an Coimisiún gur sháraigh an Ríocht Aontaithe na cuótaí stoic nó na cuótaí do ghrúpa stoc a leithdháileadh uirthi, déanfaidh an Coimisiún asbhaintí ó chuótaí eile a leithdháileadh ar an Ríocht Aontaithe. Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall a áirithiú go mbeidh méid na hasbhainte comhsheasmhach le méid na n-asbhaintí a forchuireadh ar Bhallstáit i gcúinsí comhchosúla.

Airteagal 38h

Rialú agus forfheidhmiú

1.   Soitheach iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe atá údaraithe oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh in uiscí an Aontais, comhlíonfaidh sé na rialacha rialúcháin faoina rialaítear oibríochtaí iascaireachta atá á ndéanamh ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais sa limistéar iascaireachta ina n-oibríonn sé.

2.   Soitheach iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe atá údaraithe oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh in uiscí an Aontais, soláthróidh sé don Choimisiún nó don chomhlacht a d'ainmnigh an Coimisiún agus, más ábhartha, don Bhallstát cósta, na sonraí sin a cheanglaítear ar shoithí iascaireachta an Aontais a chur chuig an mBallstát brataí faoin Rialachán um Rialú.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, nó an comhlacht a d'ainmnigh sé, na sonraí arna bhfáil i gcomhréir le mír 2 a chur chuig an mBallstát cósta.

4.   Soitheach iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe atá údaraithe oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh in uiscí an Aontais, soláthróidh sé, arna iarraidh sin, don Choimisiún nó don chomhlacht a d'ainmnigh an Coimisiún, tuarascálacha na mbreathnóirí a táirgeadh faoi na cláir bhreathnóirí is infheidhme.

5.   Déanfaidh Ballstát cósta aon sárú a rinne soithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe, lena n-áirítear na smachtbhannaí gaolmhara, a thaifeadadh sa chlár náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 93 den Rialachán um Rialú.”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh dlí an Aontais d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe de bhun Airteagail 126 agus 127 den Chomhaontú um Tharraingt Siar go dtí an dáta is luaithe de na dátaí seo a leanas:

(a)

31 Nollaig 2021;

(b)

an dáta a thiocfaidh comhaontú lena rialaítear iascach idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ina bhfuil forálacha maidir le hiascaigh i bhfeidhm nó a bheidh feidhm shealadach aige.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo, áfach, má thagann an comhaontú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 i bhfeidhm nó má chuirtear i bhfeidhm go sealadach é faoi dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Nollaig 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Nollaig 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Nollaig 2020.

(2)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

(3)  Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige agus Comhaontú an 28 Iúil 1994 maidir le cur chun feidhme Chuid XI de (IO L 179, 23.6.1998, lch. 3).

(4)  Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).