28.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 437/1


RIALACHÁN (AE) 2020/2220 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Nollaig 2020

lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe le haghaidh tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sna blianta 2021 agus 2022 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus cur i bhfeidhm sna blianta 2021 agus 2022 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le leithdháileadh tacaíocht den sórt sin i leith na mblianta 2021 agus 2022

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bhí sé d’aidhm ag na tograí reachtacha ón gCoimisiún maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) tar éis 2020 an creat Aontais láidir a bhunú a bheadh fíor-riachtanach lena áirithiú gurbh é a bheadh in CBT, anois agus feasta, comhbheartas lena ngabhfadh cothrom na Féinne do chách, agus go dtabharfadh sé tuilleadh freagrachta, ag an am céanna, do na Ballstáit, a mhéid a bhaineann leis an dóigh a gcomhlíonfaidh siad na cuspóirí agus a mbainfidh siad amach na spriocanna a socraíodh. Dá réir sin, tá ar na Ballstáit pleananna straitéiseacha faoi CBT a dhréachtú agus na pleananna sin a chur chun feidhme tar éis don Choimisiún iad a fhaomhadh.

(2)

Níor cuireadh an nós imeachta reachtach maidir leis na tograí reachtacha ón gCoimisiún maidir le CBT tar éis 2020 i gcrích in am chun ligean do na Ballstáit agus don Choimisiún na gnéithe uile is gá a ullmhú chun an creat dlíthiúil nua agus na pleananna straitéiseacha faoi CBT a fheidhmiú amhail ón 1 Eanáir 2021, faoi mar a mhol an Coimisiún i dtús báire. Tá éiginnteacht agus rioscaí d’fheirmeoirí san Aontas agus d’earnáil talmhaíochta iomlán an Aontais cruthaithe ag an moill sin. Chun an éiginnteacht sin a mhaolú agus chun beogacht na limistéar agus na réigiún tuaithe a choimeád, agus chun rannchuidiú le hinbhuanaitheacht chomhshaoil chomh maith, ba cheart, leis an Rialachán seo, foráil a dhéanamh do chur i bhfeidhm leanúnach na rialacha i gcreat CBT reatha, creat lena gcumhdaítear an tréimhse ó 2014 go 2020 (“creat CBT reatha”) agus d’íocaíochtaí gan bhriseadh d’fheirmeoirí agus do thairbhithe eile, agus ar an gcaoi sin intuarthacht agus cobhsaíocht a chur ar fáil le linn na hidirthréimhse, is é sin sna blianta 2021 agus 2022 (“an idirthréimhse”) go dtí dáta chur i bhfeidhm an chreata dhlíthiúil nua lena gcumhdaítear an tréimhse dar tús an 1 Eanáir 2023 (“an creat dlíthiúil nua”).

(3)

Ós rud é gur gá fós an nós imeachta reachtach maidir leis na tograí reachtacha ón gCoimisiúin maidir le CBT tar éis 2020 a thabhairt chun críche agus go bhfuil na pleananna straitéiseacha faoi CBT fós le forbairt ag na Ballstáit, agus gur gá fós dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí, ba cheart do chreat CBT reatha leanúint d’fheidhm a bheith aige ar feadh na tréimhse breise 2 bhliain. Is é is aidhm don idirthréimhse aistriú rianúil a éascú do thairbhithe go dtí clárthréimhse nua agus foráil a dhéanamh don fhéidearthacht Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (“an Comhaontú Glas don Eoraip”) a chur san áireamh.

(4)

Chun a áirithiú gur féidir tacaíocht a dheonú d’fheirmeoirí agus do thairbhithe eile ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) sna blianta 2021 agus 2022, ba cheart don Aontas leanúint de bheith ag deonú na tacaíochta sin le linn na hidirthréimhse faoi choinníollacha chreat CBT reatha. Bunaíodh creat CBT reatha, go háirithe, le Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 (4), (AE) Uimh. 1305/2013 (5), (AE) Uimh. 1306/2013 (6), (AE) Uimh. 1307/2013 (7) agus (AE) Uimh. 1308/2013 (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(5)

Ba cheart don Rialachán seo a ndóthain ama a thabhairt do na Ballstáit chun a bpleananna straitéiseacha faoi CBT faoi seach a ullmhú, chomh maith le héascú a dhéanamh ar chruthú na struchtúr riaracháin is gá chun an creat dlíthiúil nua a chur chun feidhme go rathúil, go háirithe trí mhéadú ar chúnamh teicniúil a cheadú. Ba cheart gach plean straitéiseach faoi CBT a bheith réidh le teacht i bhfeidhm ach a dtiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse chun cobhsaíocht agus cinnteacht, a bhfuil géarghá leo, a chur ar fáil d’earnáil na feirmeoireachta.

(6)

Ós rud é gur léir gur cheart don Aontas leanúint de thacú leis an bhforbairt tuaithe ar feadh na hidirthréimhse, ba cheart an deis a bheith ag Ballstáit a gcláir forbartha tuaithe fadaithe a mhaoiniú ón leithdháileadh buiséid comhfhreagrach le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022. Ba cheart a áirithiú leis na cláir fhadaithe go ndéanfar an sciar foriomlán céanna ar a laghad de ranníocaíocht CETFT a fhorchoimeád do na bearta dá dtagraítear in Airteagal 59(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 i gcomhréir leis na huaillmhianta nua a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip.

(7)

Leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 na rialacha coiteanna is infheidhme maidir le CETFT agus le cistí eile a oibríonn faoi chomhchreat. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán sin maidir le cláir a fhaigheann tacaíocht ó CETFT don chlárthréimhse 2014–2020 agus do na blianta clárthréimhse 2021 agus 2022.

(8)

Na spriocdhátaí a leagtar síos in Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le tuarascálacha ar chur chun feidhme, le cruinnithe athbhreithnithe bliantúla, le meastóireachtaí ex-post agus tuarascálacha sintéise, le hincháilitheacht an chaiteachais agus an dídhílsithe chomh maith le gealltanais bhuiséadacha, tá siad teoranta don chlárthréimhse 2014-2020. Ba cheart na spriocdhátaí sin a oiriúnú chun fad sínte na tréimhse a chur san áireamh ar lena linn ba cheart cláir a bhaineann le tacaíocht ó CETFT a chur chun feidhme.

(9)

Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1310/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 807/2014 ón gCoimisiún (10) gur cheart do CETFT leanúint, faoi choinníollacha áirithe, de bheith ag íoc as an gcaiteachas le haghaidh gealltanais fhadtéarmacha áirithe sa chlárthréimhse 2014-2020, ar gealltanais iad ar gabhadh faoina gceangal de bhun rialacháin áirithe a dheonaigh tacaíocht d’fhorbairt tuaithe sula raibh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013. Ba cheart an caiteachas sin a bheith incháilithe fós, faoi na coinníollacha céanna, ar feadh thréimhse a ngealltanais dhlíthiúil faoi seach sna blianta clárthréimhse 2021 agus 2022. Ar mhaithe le deimhneacht agus soiléire dhlíthiúil, ba cheart a shoiléiriú freisin gur cheart na gealltanais dhlíthiúla arna ndéanamh faoi bhearta níos luaithe a chomhfhreagraíonn do bhearta Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, lena mbaineann an córas riaracháin agus rialaithe comhtháite, a bheith faoi réir an chórais riaracháin agus rialaithe chomhtháite sin agus gur cheart na híocaíochtaí a bhaineann leis na gealltanais dhlíthiúla sin a dhéanamh laistigh den tréimhse ón 1 Nollaig go dtí 30 Meitheamh sa bhliain féilire dár gcionn.

(10)

Ba cheart go mbeadh CETFT in ann tacú le costais fothú acmhainní agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin lena dtacaítear le straitéisí áitiúla faoi stiúir an phobail a cheapadh agus a chur chun feidhme amach anseo faoin gcreat dlíthiúil nua.

(11)

In 2015, nuair a leithdháileadh na teidlíochtaí íocaíochta nó nuair a athríomhadh na teidlíochtaí íocaíochta i gcás na mBallstát a choimeád na teidlíochtaí a bhí ann cheana faoi Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, rinne roinnt Ballstát earráidí agus líon nó luach na dteidlíochtaí íocaíochta á dhéanamh amach acu. D’imir go leor de na hearráidí sin tionchar ar luach teidlíochtaí íocaíochta le haghaidh na bhfeirmeoirí go léir agus le haghaidh na mblianta go léir, fiú na hearráidí a tharla i leith feirmeoir aonair. Rinne roinnt Ballstát earráidí freisin tar éis 2015, agus teidlíochtaí á leithdháileadh ón gcúlchiste acu, i ríomh an mheánluacha mar shampla. De ghnáth bíonn neamhchomhlíonadh den sórt sin faoi réir ag ceartú airgeadais go dtí go ndéanann an Ballstát lena mbaineann bearta ceartaitheacha. I bhfianaise an ama atá caite ón gcéad leithdháileadh, ba cheart a mheas gur dlíthiúil agus rialta le héifeacht iad, ó dháta áirithe, na hiarrachtaí arna ndéanamh ag Ballstáit chun teidlíochtaí a chinneadh, agus i gcás inarb ábhartha, iad a cheartú, agus ina theannta sin ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, líon agus luach teidlíochtaí íocaíochta.

(12)

Agus na teidlíochtaí íocaíochta á leithdháileadh acu, tugadh an rogha do na Ballstáit, faoi Airteagal 24(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, comhéifeacht laghdaithe a chur i bhfeidhm maidir le heicteáir incháilithe ar féarthailte buana iad atá lonnaithe i limistéir a bhfuil dálaí deacra aeráide acu. Is minic a chomhbhainistítear féarach na nAlp agus sanntar limistéir ar bhonn bliantúil dá bhrí sin, rud a chruthaíonn leibhéal suntasach éiginnteachta i measc feirmeoirí sna Ballstáit lena mbaineann. Is léir anois go bhfuil sé thar a bheith casta an córas sin a chur chun feidhme go háirithe maidir le sainiú beacht na limistéar lena mbaineann. Ós rud é go mbraitheann luach na dteidlíochtaí íocaíochta, sna limistéir nach gcuirtear an chomhéifeacht laghdaithe i bhfeidhm iontu, ar shuim na dteidlíochtaí íocaíochta sna limistéir ainmnithe, déanann an éiginnteacht sin difear ina dhiaidh sin do gach feirmeoir sna Ballstáit lena mbaineann. Chun an córas atá i bhfeidhm faoi láthair sna Ballstáit sin a chobhsú, agus d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do gach feirmeoir sna Ballstáit lena mbaineann a luaithe is féidir, ba cheart na Ballstáit lena mbaineann a bheith in ann a mheas gur dlíthiúil agus rialta iad luach agus líon na dteidlíochtaí ar fad a leithdháiltear ar gach feirmeoir roimh an 1 Eanáir 2020. Gan dochar d’aon leigheas dlí atá ar fáil do thairbhithe aonair, ba cheart an luach le haghaidh na bliana féilire 2019 atá bailí an 31 Nollaig 2019 a bheith ag na teidlíochtaí sin.

(13)

Ní hionann dearbhú na dteidlíochtaí íocaíochta agus díolúine ó fhreagracht na mBallstát faoi bhainistíocht chomhpháirteach CERT cosaint a áirithiú ar bhuiséad an Aontais ó chaiteachas neamhrialta. Dá réir sin, níor cheart dearbhú na dteidlíochtaí arna leithdháileadh d’fheirmeoirí roimh an 1 Eanáir 2021 nó, de mhaolú air sin, roimh an 1 Eanáir 2020 dochar a dhéanamh do chumhacht an Choimisiúin cinntí dá dtagraítear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a ghlacadh maidir le híocaíochtaí neamhrialta arna ndeonú i ndáil le haon bhliain féilire suas le 2020, an bhliain sin féin san áireamh nó, de mhaolú air sin, suas le 2019, an bhliain sin féin san áireamh, mar thoradh ar earráidí i líon nó i luach na dteidlíochtaí íocaíochta sin.

(14)

I bhfianaise na fírice go bhfuil creat dlíthiúil nua maidir le CBT nár glacadh go fóill, ba cheart a shoiléiriú gur cheart socruithe idirthréimhseacha a leagan síos chun an trasdul ó na scéimeanna tacaíochta atá ann cheana a dheonaítear ar bhonn ilbhliantúil chuig an gcreat dlíthiúil nua a rialú.

(15)

Chun tabhairt anonn suntasach gealltanas ón gclárthréimhse reatha maidir le forbairt tuaithe chuig pleananna straitéiseacha faoi CBT a theorannú, ba cheart, mar riail ghinearálta, an tréimhse de ghealltanais ilbhliantúla nua maidir le hagra-chomhshaoil-aeráid, feirmeoireacht orgánach agus leas ainmhithe a theorannú d’uastréimhse trí bliana. Ó 2022 ar aghaidh, ba cheart an síneadh a cuireadh leis na gealltanais atá ann cheana a bheith teoranta do bhliain amháin.

(16)

Le hAirteagal 31(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, rinneadh foráil do shocruithe idirthréimhseacha lena n-éascófar céimniú amach íocaíochtaí i limistéir nach measfaí a thuilleadh, mar thoradh ar chur i bhfeidhm critéar teorannaithe nua, gur limistéir iad a bhfuil srianta nádúrtha orthu. Bhí íocaíochtaí den sórt sin le híoc go dtí 2020 agus go ceann uastréimhse ceithre bliana. Le Rialachán (AE) 2017/2393 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), cuireadh síneadh leis an spriocdháta tosaigh le haghaidh teorannú nua na limistéar sin go dtí 2019. Níorbh fhéidir leis na híocaíochtaí d’fheirmeoirí sna Ballstáit a rinne an teorannú in 2018 agus 2019 an uastréimhse ceithre bliana a bhaint amach. Chun leanúint de bheith ag céimniú amach íocaíochtaí, ba cheart ceadú do na Ballstáit leanúint de bheith á n-íoc sna blianta 2021 agus 2022, i gcás inarb infheidhme. Chun leibhéal leordhóthanach íocaíochtaí in aghaidh an heicteáir a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 31(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, ba cheart leibhéal na n-íocaíochtaí sna blianta 2021 agus 2022 a shocrú ag EUR 25 in aghaidh an heicteáir.

(17)

Ós rud é nach bhfuil cosaint ag feirmeoirí ar rioscaí eacnamaíocha agus comhshaoil, rioscaí atá ag dul i méid mar thoradh ar athrú aeráide agus ar mhéadú ar luaineacht praghsanna, foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 do bheart bainistithe riosca chun cabhrú le feirmeoirí dul i ngleic leis na rioscaí sin. Áirítear sa bheart sin ranníocaíochtaí airgeadais le cistí frithpháirteacha agus uirlis um chobhsú ioncaim. Rinneadh foráil maidir le coinníollacha sonracha maidir le tacaíocht a dheonú faoin mbeart sin chun a áirithiú go bhfaighidh feirmeoirí cóir chomhionann ar fud an Aontais, nach saobhtar iomaíocht agus go gcomhlíontar oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais. Chun úsáid an bhirt sin d’fheirmeoirí i ngach earnáil a chur chun cinn tuilleadh, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit an tairseach dar méid 30 % lena spreagtar cúiteamh d’fheirmeoirí as an titim i dtáirgeadh nó in ioncam is infheidhme maidir leis an uirlis lena mbaineann a laghdú, ach gan é a laghdú go dtí méid níos lú ná 20 %, áfach.

(18)

Tá feirmeoirí agus gnólachtaí tuaithe buailte go trom le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar bhealach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe. Le fadú na mórshrianta maidir le gluaiseacht a cuireadh i bhfeidhm sna Ballstáit, chomh maith le siopaí, margaí faoin aer, bialanna agus gnólachtaí fáilteachais eile a bheith á ndúnadh ar bhonn riachtanach, cruthaíodh míshocracht eacnamaíoch san earnáil talmhaíochta agus sna pobail tuaithe agus d’eascair fadhbanna leachtacha agus sreafa airgid d’fheirmeoirí agus do ghnólachtaí beaga tuaithe a dhéanann próiseáil, margaíocht nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta astu. Chun freagairt do thionchar na géarchéime ag eascairt as ráig COVID-19, ba cheart síneadh a chur le fad an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 39b de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna leachtacha a chuireann leanúnachas i ngníomhaíochtaí feirmeoireachta agus ghnólachtaí beaga i mbaol, gnólachtaí a dhéanann próiseáil, margaíocht nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta. Ba cheart tacaíocht don bheart sin a mhaoiniú le suas go 2 % de chistí CETFT a leaithdháiltear ar na Ballstáit le linn chlárthréimhse 2014-2020.

(19)

Chun cás a sheachaint nach gcaithfí cistí d’fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail sna blianta clársceidealaithe 2021 agus 2022, níor cheart do na Ballstáit a bhaineann úsáid as an bhféidearthacht méideanna ó íocaíochtaí díreacha a aistriú chuig forbairt tuaithe a bheith in ann an leithdháileadh íosta 5 % d’fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, agus i gcás na Cróite 2,5 %, a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás ranníocaíocht CETFT leis an bhforbairt tuaithe arna fadú go dtí an 31 Nollaig 2022 a ríomhfar sula ndéanfar na méideanna ó íocaíocht dhíreach a aistriú.

(20)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle (12) lena mbunaítear Ionstraim Théarnamh de chuid an Aontais Eorpaigh (“EURI”) chun tacú leis an téarnamh tar éis ghéarchéim COVID-19 (“Rialachán EURI”), ba cheart acmhainní breise a chur ar fáil do na blianta 2021 agus 2022 chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19 agus ar a hiarmhairtí d’earnáil talmhaíochta an Aontais agus ar limistéir thuaithe.

(21)

I bhfianaise na ndúshlán gan fasach atá os comhair earnáil talmhaíochta agus limistéir thuaithe an Aontais mar gheall ar ghéarchéim COVID-19, ba cheart na hacmhainní breise a sholáthraíonn EURI a úsáid chun bearta a chistiú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, lena réiteofaí bealach do théarnamh eacnamaíoch athléimneach inbhuanaithe digiteach i gcomhréir le cuspóirí ghealltanais chomhshaoil agus aeráide an Aontais agus leis na huaillmhianta nua a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip.

(22)

Níor cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, uaillmhian chomhshaoil na gclár forbartha tuaithe atá acu cheana a laghdú. Ba cheart dóibh an sciar foriomlán céanna de na hacmhainní breise a áirithiú is an sciar a d’fhorchoimeád siad ina gcláir forbartha tuaithe le haghaidh bearta atá an-tairbheach don chomhshaol agus don aeráid faoin ranníocaíocht ó CETFT (“prionsabal an neamh-chúlchéimnithe”). Ina theannta sin, ba cheart ar a laghad 37 % de na hacmhainní breise arna soláthar ag an EURI a thiomnú do bhearta atá an-tairbheach don chomhshaol agus don aeráid, agus do leas ainmhithe agus do LEADER. Thairis sin, ba cheart ar a laghad 55 % de na hacmhainní breise sin a dhíriú ar bhearta a chuireann forbairt eacnamaíoch agus shóisialta chun cinn i limistéir thuaithe, eadhon: infheistíochtaí i sócmhainní fisiciúla, forbairt feirme agus gnó, tacaíocht do sheirbhísí bunúsacha agus athnuachan sráidbhailte i limistéir thuaithe agus comhar.

(23)

I gcás nach bhfuil na Ballstáit in ann ar shlí eile prionsabal an neamh-chúlchéimnithe a chomhlíonadh, ba cheart an deis a bheith acu maolú ón oibleagáid 55 % ar a laghad de na hacmhainní breise ó EURI a leithdháileadh do bhearta atá dírithe ar fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta i limistéir thuaithe, agus b’fhearr go dtacóidís le bearta atá an-tairbheach don chomhshaol agus don aeráid. Mar sin féin, chun dóthain solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit maolú ón bprionsabal sin an neamh-chúlchéimnithe freisin i ndáil leis na hacmhainní breise sin a mhéid is gá chun an oibleagáid 55 % sin a chomhlíonadh.

(24)

Tá na hacmhainní breise a thagann ó EURI faoi réir coinníollacha sonracha. Ba cheart, dá bhrí sin, na hacmhainní breise sin a chlársceidealú agus a fhaireachán ar leithligh ó thacaíocht an Aontais don fhorbairt tuaithe, agus na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 á gcur i bhfeidhm, mar riail ghineárálta, ag an am céanna. Dá bhrí sin, ba cheart na hacmhainní breise sin a chur chun feidhme trí Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus ba cheart iad a mheas faoi chuimsiú an Rialacháin sin mar mhéideanna lena maoinítear bearta faoi CETFT. Dá réir sin, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, lena n-áirítear na rialacha maidir le leasuithe ar chláir forbartha tuaithe, i Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, lena n-áirítear na rialacha maidir le saoradh uathoibríoch, agus i Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo

(25)

Ba cheart uasráta cómhaoinithe sonrach ón Aontas, chomh maith le ráta tacaíochta méadaithe d’infheistíochtaí lena rannchuidítear le téarnamh eacnamaíoch athléimneach inbhuanaithe digiteach, agus cabhair thacaíochta d’fheirmeoirí óga a bhunú chun éifeacht ghiarála leordhóthanach na n-acmhainní breise a sholáthraíonn an EURI a áirithiú.

(26)

Chun leanúnachas a áirithiú le linn na hidirthréimhse, ba cheart an cúlchiste le haghaidh géarchéimeanna san earnáil talmhaíochta a choimeád do na blianta 2021 agus 2022. Ba cheart méid ábhartha an chúlchiste do na blianta 2021 agus 2022 a chur san áireamh sa chúlchiste sin.

(27)

Maidir le socruithe réamh-mhaoinithe ó CETFT, ba cheart a shoiléiriú nár cheart go dtarlódh sé, mar thoradh ar an síneadh go dtí an 31 Nollaig 2022 a cuireadh leis na cláir a dtacaíonn CETFT leo i gcomhréir leis an Rialachán seo nó mar thoradh na n-acmhainní breise a chuirtear ar fáil ar bhonn Rialachán EURI, go ndeonófaí aon réamh-mhaoiniú breise do na cláir lena mbaineann.

(28)

Ní fhoráiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 faoi láthair ach maidir le hoibleagáid fógra do Bhallstáit i dtaobh a gcinntí arna ndéanamh i gcomhréir leis an Airteagal sin agus an toradh measta a bhaineann leis an laghdú ar an gcuid de mhéid na n-íocaíochtaí díreacha atá le deonú d’fheirmeoir ar feadh bliana féilire áirithe atá níos mó ná EUR 150 000 do na blianta 2015 go 2020. D’fhonn a áirithiú go leanfar den chóras atá ann cheana, ba cheart do na Ballstáit a gcinntí arna ndéanamh i gcomhréir leis an Airteagal sin a fhógairt freisin agus maidir leis an toradh measta a bhaineann leis an laghdú do na blianta féilire 2021 agus 2022.

(29)

Cuireann Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ar chumas na mBallstát cistí a aistriú idir íocaíochtaí díreacha agus forbairt tuaithe maidir leis na blianta féilire 2014 go 2020. Chun a áirithiú go bhféadfaidh na Ballstáit leanúint lena straitéis féin, ba cheart an tsolúbthacht idir colúin a chur ar fáil don bhliain féilire 2021 (bliain airgeadais 2022) agus don bhliain féilire 2022 (bliain airgeadais 2023).

(30)

Chun gur féidir leis an gCoimisiún uasteorainneacha buiséadacha a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 22(1), le hAirteagal 36(4), le hAirteagal 42(2), le hAirteagal 49(2), le hAirteagal 51(4) agus le hAirteagal 53(7) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, is gá go ndéanfadh Ballstáit a gcinntí maidir le leithdháiltí a fhógairt de réir scéime don bhliain féilire 2021 faoin 19 Feabhra 2021 agus don bhliain féilire 2022 faoin 1 Lúnasa 2021.

(31)

Foráiltear le hAirteagal 22(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 maidir le coigeartú líneach ar luach teidlíochtaí íocaíochta i gcás ina n-athraítear an uasteorainn do scéim na híocaíochta bunúsaí ó bhliain amháin go dtí an bhliain dár gcionn mar gheall ar chinntí áirithe a ghlac Ballstáit, cinntí a imríonn tionchar ar an uasteorainn do scéim na híocaíochta bunúsaí. D’fhéadfadh an síneadh ar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin maidir le huasteorainneacha náisiúnta tar éis na bliana féilire 2020 agus na hathruithe bliantúla féideartha ón dáta sin tionchar a imirt ar an uasteorainn do scéim na híocaíochta bunúsaí. Dá bhrí sin, ionas go mbeidh Ballstáit in ann cloí leis an oibleagáid go mbeidh cothromaíocht idir shuim luach na dteidlíochtaí íocaíochta agus na gcúlchistí leis an uasteorainn don scéim íocaíochta bunúsaí a leagtar síos in Airteagal 22(4) den Rialachán sin, is cuí foráil a dhéanamh maidir le coigeartú líneach chun oiriúnú do shíneadh na leasuithe nó do na leasuithe ar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin le linn na hidirthréimhse. Ina theannta sin, chun tuilleadh solúbthachta a sholáthar do na Ballstáit, is dealraitheach gur iomchuí ligean dóibh luach na dteidlíochtaí íocaíochta nó an chúlchiste a oiriúnú, agus rátaí difriúla coigeartaithe i gceist b’fhéidir.

(32)

I gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair, d’fhógair na Ballstáit in 2014 a gcinntí suas go dtí an bhliain féilire 2020 maidir le roinnt na huasteorann náisiúnta bliantúla le haghaidh scéim na híocaíochta bunúsaí idir na réigiúin agus na modhnuithe bliantúla de réir a chéile a d’fhéadfadh a bheith ann don tréimhse a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013. Is gá go ndéanfaidh Ballstáit na cinntí sin do na blianta féilire 2021 agus 2022 a fhógairt freisin.

(33)

Is é an sásra cóineasaithe inmheánach an próiseas lárnach le haghaidh leithdháileadh níos cothroime ar thacaíocht ioncaim dhíreach i measc feirmeoirí. Tá sé ag éirí níos deacra i gcónaí difríochtaí suntasacha aonair bunaithe ar sheantagairtí stairiúla a chosaint. I Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, is é atá i gceist le samhail bhunúsach an chóineasaithe inmheánaigh go ndéanfadh na Ballstáit ráta comhréidh aonfhoirmeach a fheidhmiú le haghaidh na dteidlíochtaí íocaíochta go léir, ag leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, ó 2015 ar aghaidh. Chun trasdul níos réidhe go luach aonfhoirmeach a áirithiú, áfach, leagadh amach maolú ag ligean do Bhallstáit éagsúlú a dhéanamh ar luachanna na dteidlíochtaí íocaíochta trí chóineasú páirteach a chur i bhfeidhm, ar a dtugtar an “tsamhail tolláin” freisin, idir 2015 agus 2019. Bhain roinnt Ballstát leas as an maolú sin. Chun leanúint leis an bpróiseas i dtreo leithdháileadh níos cothroime ar íocaíochtaí díreacha, ba cheart do Bhallstáit a bheith in ann cóineasú breise a dhéanamh i dtreo meán náisiúnta nó réigiúnach tar éis 2019 seachas leas a bhaint as ráta comhréidh aonfhoirmeach nó luach na dteidlíochtaí a choimeád ar leibhéal 2019. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an bhféidearthacht sin do Bhallstáit ón 1 Eanáir 2021. Ba cheart do Bhallstáit fógra a thabhairt don Choimisiún ar bhonn bliantúil, faoina gcinneadh i leith na bliana dár gcionn.

(34)

Ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag forálacha Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 maidir le coigeartú na dteidlíochtaí íocaíochta uile arna leasú leis an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2020, ionas go bhfuil soiléirithe go raibh Ballstáit in ann cóineasú i ndiaidh 2019.

(35)

Foráiltear in Airteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 maidir le modhnuithe bliantúla de réir a chéile ar luach na dteidlíochtaí íocaíochta arna leithdháileadh ón gcúlchiste le bheith i gcomhréir le céimeanna bliantúla na huasteorann náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, atá i gcomhréir le bainistiú ilbhliantúil ar an gcúlchiste. Ba cheart na rialacha sin a oiriúnú chun a léiriú go bhfuil sé indéanta luach na dteidlíochtaí íocaíochta uile arna leithdháileadh agus luach an chúlchiste araon a leasú chun oiriúnú d’athrú ar an méid in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin idir dhá bhliain. I mBallstáit a chineann leanúint le cóineasú inmheánach, déantar an cóineasú inmheánach sin a chur chun feidhme ar bhonn bliantúil. I gcás na mblianta féilire 2020, 2021 agus 2022, ní gá ach luach theidlíocht íocaíochta na bliana reatha a chinneadh i mbliain an leithdháilte. Ba cheart luach aonaid na dteidlíochtaí íocaíochta atá le leithdháileadh ón gcúlchiste i mbliain áirithe a ríomh tar éis coigeartú féideartha an chúlchiste i gcomhréir le hAirteagal 22(5) den Rialachán sin. In aon bhliain ina dhiaidh sin, ba cheart luach na dteidlíochtaí íocaíochta arna leithdháileadh ón gcúlchiste a oiriúnú i gcomhréir le hAirteagal 22(5) den Rialachán sin.

(36)

Foráiltear le hAirteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 maidir le feidhmiú na scéime íocaíochta aonair limistéir go dtí 31 Nollaig 2020. Is iomchuí fadú ar an scéim íocaíochta aonair limistéir sna blianta 2021 agus 2022 a cheadú.

(37)

Ós rud é go dtiocfaidh an leasú, a leagtar amach sa Rialachán seo, ar Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 i bhfeidhm ródhéanach chun deis a thabhairt do na Ballstáit an spriocdháta bunaidh d’oibleagáid cheanglais áirithe in 2020 a urramú, is gá an spriocdháta faoina ndéanfaidh Ballstáit cinneadh an íocaíocht athdháilte a thabhairt isteach den chéad uair ó 2021 nó 2022 a chur siar, agus fógra faoin gcinneadh sin a thabhairt don Choimisiún. Is iomchuí an spriocdháta sin a shocrú ag an am céanna leis an spriocdháta le haghaidh na gcinntí maidir le solúbthacht idir colúin.

(38)

Faoi Airteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, na Ballstáit a bhfuil an scéim íocaíochta aonair limistéir á cur i bhfeidhm acu, féadfaidh siad a chinneadh cabhair idirthréimhseach náisiúnta a dheonú sa tréimhse 2015-2020 chun laghdú tobann suntasach ar thacaíocht sna hearnálacha sin a bhain tairbhe as cabhair idirthréimhseach náisiúnta go dtí 2014 a sheachaint. Chun a áirithiú, le linn na hidirthréimhse, go leanfaidh cabhair den sórt sin dá ról a imirt maidir le tacú le hioncam feirmeoirí sna hearnálacha sonracha sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le leanúint den chabhair sin faoi na coinníollacha agus na teorainneacha céanna a bhí ann sa tréimhse 2015-2020.

(39)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart a shoiléiriú go ligtear le hAirteagail 41 agus 42 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 do Bhallstáit athbhreithniú a dhéanamh, ar bhonn bliantúil, ar a gcinntí maidir le híocaíocht athdháilte. Ba cheart an spriocdháta don athbhreithniú is infheidhme in 2021 agus in 2022 a shocrú ag an am céanna leis an spriocdháta do na cinntí a bhaineann le solúbthacht idir na colúin.

(40)

Tugtar de chumhacht don Choimisiún, le hAirteagal 52(10) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena gceadaítear do Bhallstáit a chinneadh gur féidir leanúint de thacaíocht chúpláilte dheonach a íoc go dtí 2020 ar bhonn na n-aonad táirgthe dár deonaíodh an tacaíocht sin le linn tréimhse thagartha roimhe sin. Is é is aidhm don chumhachtú sin an chomhsheasmhacht is mó is féidir a áirithiú idir scéimeanna de chuid an Aontais atá dírithe ar earnálacha ar féidir míchothromaíochtaí struchtúracha margaidh a bheith iontu. Is iomchuí, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an gcumhachtú sin chun go gcumhdófar na blianta 2021 agus 2022 leis.

(41)

Ós rud é go dtiocfaidh an leasú, a leagtar amach sa Rialachán seo, ar Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 i bhfeidhm ródhéanach chun deis a thabhairt do na Ballstáit an spriocdháta bunaidh d’oibleagáid cheanglais áirithe in 2020 a urramú, is gá an spriocdháta faoina ndéanfaidh Ballstáit cinneadh an tacaíocht chúpláilte dheonach a thabhairt isteach den chéad uair ó 2021 nó 2022 a chur siar, agus an fógra faoin gcinneadh sin a thabhairt don Choimisiún. Is iomchuí an spriocdháta sin a shocrú ag an am céanna leis an spriocdháta le haghaidh na gcinntí maidir le solúbthacht idir colúin. Ar an gcuma chéanna, ba cheart spriocdháta do chinneadh ó na Ballstáit leanúint ar aghaidh nó scor de thacaíocht chúpláilte dheonach a dheonú sna blianta 2021 agus 2022, agus an fógra faoin gcinneadh sin a thabhairt don Choimisiún, a chur siar go dtí an dáta céanna.

(42)

Le hAirteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, leagtar síos na heilimintí d’fhógraí na mBallstát a bhaineann le tacaíocht chúpláilte dheonach. Is iomchuí a shoiléiriú gur cheart a áireamh sna fógraí sin do na blianta féilire 2021 agus 2022 an céatadán den uasteorainn náisiúnta a úsáidtear chun an tacaíocht sin a mhaoiniú do na blianta 2021 agus 2022.

(43)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, leagtar síos rialacha maidir le comheagraíocht margaí talmhaíochta agus áirítear leis scéimeanna cabhrach áirithe. Rinneadh foráil sna tograí reachtacha ón gCoimisiún maidir le CBT tar éis 2020 go bhfuil na scéimeanna cabhrach sin le bheith comhtháthaithe i bpleananna straitéiseacha faoi CBT de chuid na mBallstát amach anseo. Chun a áirithiú go ndéanfar na scéimeanna cabhrach sin a chomhtháthú go rianúil in CBT amach anseo, ba cheart rialacha a leagan síos maidir le fad gach ceann de na scéimeanna cabhrach sin tráth a ndéanfar iad a athnuachan le linn na hidirthréimhse. Dá bhrí sin, a mhéid a bhaineann leis an scéim cabhrach in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird, ba cheart na gcláir oibre atá ann cheana a tarraingíodh suas don tréimhse idir an 1 Aibreán 2018 go dtí an 31 Márta 2021 a leanúint le cláir oibre nua ar feadh tréimhse ón 1 Aibreán 2021 go dtí an 31 Nollaig 2022. Maidir le cláir oibriúcháin atá ann cheana in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí nach bhfuil a n-uastréimhse cúig bliana sroichte acu, ní fhéadfar iad a shíneadh ach go dtí an 31 Nollaig 2022. Níor cheart cláir oibríochtúla nua in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí a fhormheas ach ar feadh uastréimhse trí bliana. Maidir leis na cláir náisiúnta atá ann cheana d’earnáil na beachadóireachta arna dtarraingt suas ar feadh tréimhse ón 1 Lúnasa 2019 go dtí an 31 Iúil 2022, ba cheart síneadh a chur leo go dtí an 31 Nollaig 2022.

(44)

Mar thoradh ar an ngéarchéim a tharla de bharr phaindéim COVID-19, i gcás saothraithe fíona a bhfuil údaruithe um plandú acu le haghaidh planduithe nua, nó le haghaidh athphlandaithe, a rachaidh in éag in 2020, cuireadh cosc orthu den chuid is mó, ar úsáid bheartaithe a bhaint as na húdaruithe sin le linn na bliana deiridh dá mbailíocht. Chun cailliúint na n-údaruithe sin a sheachaint agus chun an baol a laghdú go dtiocfadh meath ar na dálaí faoina gcaithfí an plandú a dhéanamh, is gá bailíocht na n-údaruithe um plandú le haghaidh planduithe nua, nó le haghaidh athphlandaithe, a rachaidh in éag in 2020, a fhadú. Ba cheart, dá bhrí sin, na húdaruithe plandaithe uile le haghaidh planduithe nua, nó le haghaidh athphlandaithe, a rachaidh in éag in 2020 a fhadú go dtí an 31 Nollaig 2021. Chomh maith leis sin, agus athruithe ó thaobh an mhargaidh de á gcur san áireamh, ba cheart an deis a bheith ag sealbhóirí údaruithe um plandú a rachaidh in éag in 2020 gan a n-údaruithe a úsáid gan a bheith faoi réir na bpionós riaracháin.

(45)

I dtaca leis an bhforáil i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 maidir le húdaruithe plandaithe do phlanduithe nua nó maidir le hathphlandú a bhí le dul in éag in 2020, arna leasú leis an Rialachán seo, ba cheart feidhm chúlghabhálach ón 1 Eanáir 2020 a bheith ag an bhforáil sin, mar gheall ar shuaitheadh mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus na deacrachtaí a chúisigh paindéim COVID-19 a mhéid a bhaineann leis na húdaruithe plandaithe sin.

(46)

In 2013, leagadh síos forálacha idirthréimhseacha chun trasdul rianúil a áirithiú ón gcóras a bhí ann roimhe sin do chearta um plandú fíonchaor go dtí an scéim nua d’údaruithe um plandú, go háirithe chun planduithe iomarcacha a sheachaint roimh thús na scéime nua sin. An 31 Nollaig 2020, tiocfaidh deireadh leis an spriocdháta is déanaí chun iarrataí a chur isteach ar chearta um plandú a thiontú ina n-údaruithe. Ní mór don iarratasóir údaruithe a úsáid, áfach, agus níl siad intrádála mar a bhíodh na cearta um plandú roimhe seo. Thairis sin, d’fhéadfaí a iarraidh ar na hiarratasóirí ar údaruithe go mbeadh limistéar comhfhreagrach fíonghort acu, a bhféadfadh cásanna a bheith mar thoradh air nár éirigh le sealbhóirí ceart um plandú na limistéir chomhfhreagracha fíonghort a fháil fós chun na húdaruithe a úsáid a bheadh mar thoradh ar a gcearta um plandú a thiontú. Mar thoradh ar an tionchar eacnamaíoch tromchúiseach atá ag paindéim COVID-19 ar earnáil an fhíona, tá fadhbanna ann maidir le sreabhadh airgid do shaothraithe fíona agus, ina theannta sin, tá éiginnteacht ann maidir leis an éileamh a bheidh ann amach anseo ar fhíon. Níor cheart iallach a chur ar shaothraithe fíona a bhfuil cearta um plandú acu fós a chinneadh an mian leo a gcearta um plandú a athrú ina n-údaruithe agus deacrachtaí eisceachtúla a bheith acu i ngeall ar an ngéarchéim de bharr phaindéim COVID-19, go háirithe ós rud é go mbeidís faoi réir pionós riaracháin mura n-úsáidfidh siad a n-údaruithe um plandú de thoradh an tiontaithe. Na Ballstáit sin a cheadaigh do shaothraithe fíona a n-iarrataí ar thiontú ceart um plandú a chur isteach go dtí an 31 Nollaig 2020, ba cheart go mbeidís in ann síneadh ama a chur leis an spriocdháta chun iarrataí den chineál sin a chur isteach go dtí an 31 Nollaig 2022. Dá bharr sin, ba cheart an dáta is déanaí le haghaidh bailíocht údaruithe tiontaithe den chineál sin a oiriúnú agus ba cheart deireadh teacht leis an 31 Nollaig 2025.

(47)

Le hAirteagal 214a de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ceadaíodh don Fhionlainn cabhair náisiúnta a dheonú i nDeisceart na Fionlainne go dtí 2020, faoi choinníollacha áirithe, faoi réir údarú ón gCoimisiún. Chun leanúnachas íocaíochtaí na cabhrach sin a áirithiú le linn na hidirthréimhse, caithfear deonú na cabhrach náisiúnta sin a cheadú faoi na coinníollacha céanna agus na méideanna céanna a bhí ann in 2020.

(48)

Chun feidhmiú mhargadh na hola olóige a fheabhsú, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann cinntí a dhéanamh maidir le rialacha margaidh a chur chun feidhme chun an soláthar a rialú. Ba cheart cleachtais a d’fhéadfadh an iomaíocht a shaobhadh a bheith ar eisiamh ó raon feidhme na gcinntí sin, áfach.

(49)

Léirigh imeachtaí le déanaí gur minic anois a bhíonn ar fheirmeoirí aghaidh a thabhairt ar rioscaí luaineachta ioncaim, de dheasca neamhchosaint ar an margadh i bpáirt agus, de dheasca eachtraí adhaimsire agus minicíocht géarchéimeanna sláintíochta agus fíteashláintíochta i bpáirt a mbíonn tionchar acu ar bheostoic agus sócmhainní agranamaíocha san Aontas. Chun éifeachtaí na luaineachta ioncaim a mhaolú trí fheirmeoirí a spreagadh chun coigilteas a dhéanamh sna blianta maithe ionas go mbeidh siad in ann déileáil leis na drochbhlianta, ba cheart na bearta cánach náisiúnta lena ríomhtar an bonn cánach is infheidhme maidir le feirmeoirí ar bhonn tréimhse ilbhliantúil a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm na rialacha maidir le státchabhair.

(50)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon foráil a dhéanamh do chur i bhfeidhm leanúnach na rialacha i gcreat CBT reatha agus d’íocaíochtaí gan bhriseadh d’fheirmeoirí agus do thairbhithe eile, agus ar an gcaoi sin intuarthacht agus cobhsaíocht a chur ar fáil le linn na hidirthréimhse, a ghnóthú go leordhóthanach agus de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(51)

Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha ar fhreagracht gníomhaithe airgeadais. I gcás rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE, áirítear iontu freisin córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(52)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013, (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 a leasú dá réir.

(53)

Chun a áirithiú go mbeidh na hacmhainní breise a chuirtear ar fáil ar bhonn Rialachán EURI ar fáil ón 1 Eanáir 2021, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag na forálacha maidir le tacaíocht EURI sa Rialachán seo, ón dáta sin.

(54)

I bhfianaise an ghá atá ann, thar aon ní eile, deimhneacht dhlíthiúil don earnáil talmhaíochta a áirithiú sna cúinsí atá ann faoi láthair, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm ar bhonn práinne ar an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

CAIBIDIL I

Síneadh ama a chur le tréimhsí áirithe faoi Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 1310/2013 agus leanúint de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a chur i bhfeidhm do na blianta clárthréimhse 2021 agus 2022

Airteagal 1

Síneadh leis an tréimhse le haghaidh ré na gclár a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe

1.   Maidir le cláir a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), an tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 a leagtar síos in Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 leis seo, cuirtear síneadh leis go dtí an 31 Nollaig 2022.

2.   An síneadh leis an tréimhse le haghaidh ré na gclár a fhaigheann tacaíocht ó CETFT, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh sé gan dochar don riachtanas iarratas a chur isteach leasú a dhéanamh ar chláir forbartha tuaithe don idirthréimhse dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013. Le leasú den chineál sin áiritheofar go ndéanfar an sciar foriomlán céanna ar a laghad de ranníocaíocht CETFT a fhorchoimeád do na bearta dá dtagraítear in Airteagal 59(6) den Rialachán sin.

Airteagal 2

Leanúint d’fheidhm a bheith ag Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le cláir a fhaigheann tacaíocht ó CE TFT

1.   Leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 d’fheidhm a bheith aige maidir le cláir a fhaigheann tacaíocht ó CETFT faoi chlárthréimhse 2014-2020 agus a gcuirtear síneadh ama leo i gcomhréir le hAirteagal 1 den Rialachán seo.

2.   Maidir le cláir a gcuirtear síneadh ama leo i gcomhréir le hAirteagal 1 den Rialachán seo, cuirfear síneadh ama dhá bhliain leis na tagairtí do thréimhsí nó sprioc-amanna in Airteagal 50(1), Airteagal 51(1), Airteagal 57(2) agus Airteagal 65(2) agus (4) agus sa chéad mhír d’Airteagal 76 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

3.   Maidir le cláir a gcuirtear síneadh ama leo i gcomhréir le hAirteagal 1 den Rialachán seo, leasóidh na Ballstáit na spriocanna sin dá gcuid a bunaíodh i gcomhthéacs an chreata feidhmíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, chun spriocanna a bhunú do 2025. I gcás na gclár sin, is mar thagairtí do spriocanna na bliana 2025 a thuigfear tagairtí do spriocanna na bliana 2023 a leagtar amach i ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 22(7) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 nó le hAirteagal 8(3), Airteagal 67, Airteagal 75(5) nó Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.

4.   Is é an 31 Nollaig 2027, an dáta is déanaí faoina n-ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil sintéise ina mbeidh príomhchonclúidí na meastóireachtaí ex-post ar CETFT dá bhforáiltear in Airteagal 57(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Airteagal 3

Incháilitheacht cineálacha áirithe caiteachais le linn na hidirthréimhse

Gan dochar d’Airteagal 2(2) den Rialachán seo, d’Airteagal 65(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, agus d’Airteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, beidh an caiteachas dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1310/2013 agus in Airteagal 16 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 807/2014, incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó CETFT as leithdháileadh 2021 agus 2022 i gcomhair cláir a fhaigheann tacaíocht CETFT ar cuireadh síneadh ama leo i gcomhréir le hAirteagal 1 den Rialachán seo, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

déantar foráil do chaiteachas den sórt sin sa chlár forbartha tuaithe faoi seach do na blianta a chumhdaítear leis an idirthréimhse;

(b)

tá feidhm ag ráta ranníocaíochta CETFT a ghabhann leis an mbeart comhfhreagrach faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1310/2013 agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 807/2014;

(c)

an córas dá dtagraítear in Airteagal 67(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, tá sé infheidhme maidir leis na gealltanais dhlíthiúla ar gabhadh faoina gceangal faoi bhearta a chomhfhreagraíonn do thacaíocht a deonaíodh i gcomhréir le pointí (a) agus (b) d’Airteagal 21(1) agus le hAirteagail 28 go 31, 33, 34 agus 40 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus sainaithnítear go soiléir na hoibríochtaí is ábhartha; agus

(d)

déantar na híocaíochtaí i leith na ngealltanas dlíthiúil dá dtagraítear i bpointe (c) den Airteagal seo laistigh den tréimhse a leagtar síos in Airteagal 75 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

CAIBIDIL II

Straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail amach anseo a ullmhú sna blianta clárthréimhse 2021 agus 2022

Airteagal 4

Forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

Maidir le cláir a gcuirtear síneadh ama leo i gcomhréir le hAirteagal 1 den Rialachán seo, féadfaidh CETFT tacaíocht a thabhairt do chostais fothú acmhainní agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin lena dtacaítear le straitéis forbartha áitiúil faoi stiúir an phobail a cheapadh agus a chur chun feidhme amach anseo faoin gcreat dlíthiúil nua.

CAIBIDIL III

Teidlíochtaí íocaíochta i gcás íocaíochtaí díreach le feirmeoirí

Airteagal 5

Teidlíochtaí íocaíochta cinntitheacha

1.   Amhail ón 1 Eanáir 2021, measfar gur dlíthiúil rialta iad na teidlíochtaí íocaíochta a leithdháileadh ar fheirmeoirí roimh an 1 Eanáir 2020. An luach le haghaidh na bliana féilire 2020 atá bailí an 31 Nollaig 2020, is é sin an luach a bheidh ar na teidlíochtaí sin a bhfuiltear lena meas mar theidlíochtaí dlíthiúla rialta.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh Ballstát a d’úsáid an rogha dá bhforáiltear in Airteagal 24(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, agus ionchais dhlisteanacha feirmeoirí á n-urramú aige, a chinneadh go measfar na teidlíochtaí íocaíochta ar fad a leithdháileadh roimh an 1 Eanáir 2020 a bheith dlíthiúil agus rialta ón dáta sin. Sa chás sin, an luach le haghaidh na bliana féilire 2019 atá bailí an 31 Nollaig 2019, is é sin an luach a bheidh ar na teidlíochtaí sin a bhfuiltear lena meas mar theidlíochtaí dlíthiúla agus rialta.

3.   Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo gan dochar do na forálacha ábhartha de dhlí an Aontais, go háirithe Airteagal 22(5) agus Airteagal 25(12) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, a mhéid a bhaineann le luach na dteidlíochtaí íocaíochta do bhliain féilire 2020 agus ina dhiaidh sin.

4.   Ní chuirfear míreanna 1 agus 2 i bhfeidhm maidir leis na teidlíochtaí íocaíochta a leithdháileadh ar fheirmeoirí ar bhonn iarratais a bhí míchruinn ó thaobh fíricí, ach amháin i gcásanna nach bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnta go n-aimseodh an feirmeoir an earráid.

5.   Beidh míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo gan dochar don chumhacht atá ag an gCoimisiún cinntí dá dtagraítear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a ghlacadh maidir le caiteachas a thabhaítear i gcás íocaíochtaí a deonaíodh i leith blianta féilire suas go 2020, agus an bhliain sin san áireamh, i gcás ina bhfuil feidhm ag mír 1 den Airteagal seo, nó suas go dtí 2019, agus an bhliain sin san áireamh, i gcás ina bhfuil feidhm ag mír 2 den Airteagal seo.

CAIBIDIL IV

Forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le forbairt tuaithe

Airteagal 6

Incháilitheacht an chaiteachais arna thabhú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, agus cineálacha áirithe caiteachais arna dtabhú faoi Rialacháin (CE) Uimh. 1698/2005 agus (CE) Uimh. 1257/1999

I gcás aon chaiteachas a bhaineann le gealltanais dhlíthiúla, arna dtabhairt do thairbhithe, arna thabhú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, agus cineálacha áirithe caiteachais arna dtabhú faoi Rialacháin (CE) Uimh. 1698/2005 (14) agus (CE) Uimh. 1257/1999 (15) ón gComhairle, is féidir gurb incháilithe a leithéid le haghaidh ranníocaíocht ó CETFT don tréimhse 2023-2027 ón 1 Eanáir 2023, faoi réir na gcoinníollacha a chinnfear i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil CBT is infheidhme le linn na tréimhse 2023-2027.

TEIDEAL II

LEASUITHE

Airteagal 7

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 mar a leanas:

(1)

leasaítear pointe (h) d’Airteagal 8(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i)

tábla ina leagtar amach, i gcomhréir le hAirteagal 58(4) agus le hAirteagal 58a(2) den Rialachán seo, ranníocaíocht iomlán CETFT atá beartaithe do gach bliain. Léireofar ar leithligh sa tábla sin na hacmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 58a(2) den Rialachán seo. Nuair is infheidhme, léireofar freisin sa tábla sin ar leithligh, laistigh de ranníocaíocht iomlán CETFT, na leithreasaí dá bhforáiltear do na réigiúin thearcfhorbartha agus na cistí arna n-aistriú chuig CETFT de bhun Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013. Beidh ranníocaíocht bheartaithe bhliantúil CETFT comhoiriúnach leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil;”;

(b)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (ii):

“(ii)

tábla ina leagtar amach, do gach beart, do gach cineál oibríochta le ráta sonrach ranníocaíochta CETFT, don chineál oibríochta dá dtagraítear in Airteagal 37(1) agus in Airteagal 39a, don chineál oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 38(3) agus in Airteagal 39(1) i gcás go gcuireann Ballstát céatadán is lú ná 30 % i bhfeidhm, agus do chúnamh teicniúil, ranníocaíocht bheartaithe iomlán an Aontais agus ráta infheidhme ranníocaíochta CETFT. I gcás inarb infheidhme, léireofar ar leithligh sa tábla sin ráta ranníocaíochta CETFT do réigiúin thearcfhorbartha agus do réigiúin eile;”;

(2)

in Airteagal 28(5), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“Maidir le gealltanais nua a rachfar faoina gceangal ó 2021 amach, cinnfidh na Ballstáit ar thréimhse is giorra, is é sin tréimhse aon bhliain amháin go trí bliana ar fad, ina gcláir forbartha tuaithe.

Má dhéanann na Ballstáit soláthar chun síneadh ama bliantúil a chur leis na gealltanais tar éis dheireadh na tréimhse tosaigh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, ó 2022 amach, ní rachaidh an síneadh ama sin thar aon bhliain amháin.

De mhaolú ar an dara fomhír, maidir le gealltanais nua a rachfar faoina gceangal in 2021 agus 2022, féadfaidh na Ballstáit tréimhse is faide ná trí bliana a chinneadh ina gcláir forbartha tuaithe, agus sin bunaithe ar chineál na ngealltanas agus ar na cuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid atáthar a iarraidh.”;

(3)

in Airteagal 29(3), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“Maidir le gealltanais nua a rachfar faoina gceangal ó 2021 amach, cinnfidh na Ballstáit ar thréimhse is giorra, is é sin tréimhse aon bhliain amháin go trí bliana ar fad, ina gcláir forbartha tuaithe.

Má dhéanann na Ballstáit soláthar le haghaidh síneadh ama bliantúil i gcomhair feirmeoireacht orgánach tar éis dheireadh na tréimhse tosaigh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, ní rachaidh, ó 2022 amach, an síneadh ama sin thar aon bhliain amháin.

De mhaolú ar an dara fomhír, maidir le gealltanais nua a rachfar faoina gceangal in 2021 agus 2022, i gcás ina ndeonaítear tacaíocht don aistriú go feirmeoireacht orgánach, féadfaidh na Ballstáit tréimhse is faide na trí bliana a chinneadh ina gcláir forbartha tuaithe.”;

(4)

in Airteagal 31(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Sna blianta 2021 agus 2022, maidir le cláir ar cuireadh síneadh ama leo i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), i gcás nár dheonaigh na Ballstáit íocaíochtaí céimlaghdaitheacha ar feadh uastréimhse ceithre bliana suas go 2020, féadfaidh na Ballstáit sin cinneadh a dhéanamh leanúint de na híocaíochtaí sin go dtí deireadh 2022, ach sin ar feadh tréimhse nach faide ná ceithre bliana san iomlán. Sa chás sin, ní rachaidh na híocaíochtaí sna blianta 2021agus 2022 thar EUR 25 in aghaidh an heicteáir.

(*)  Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe le haghaidh tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sna blianta 2021 agus 2022 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus cur i bhfeidhm sna blianta 2021 agus 2022 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le leithdháileadh tacaíocht den sórt sin i leith na mblianta 2021 agus 2022 (IO L 437, 28.12.2020, lch. 1).”;"

(5)

in Airteagal 33(2), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“Maidir le gealltanais nua a rachfar faoina gceangal amhail ó 2021, cinnfidh na Ballstáit ar thréimhse is giorra, is é sin tréimhse aon bhliain amháin go 3 bliana ar fad, ina gcláir forbartha tuaithe.

Má dhéanann na Ballstáit foráil do shíneadh ama bliantúil a chur leis na gealltanais tar éis dheireadh na tréimhse tosaigh i gcomhréir leis an dara fomhír, amhail ó 2022, ní rachaidh an síneadh ama sin thar aon bhliain amháin.

De mhaolú ar an tríú fomhír, maidir le gealltanais nua a rachfar faoina gceangal in 2021 agus 2022, féadfaidh na Ballstáit tréimhse níos faide ná trí bliana ina gcláir forbartha tuaithe a chinneadh, agus sin bunaithe ar chineál na ngealltanas agus ar na tairbhí leasa ainmhithe atáthar a iarraidh.”;

(6)

in Airteagal 38(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Ní dheonófar tacaíocht faoi phointe (b) d’Airteagal 36(1) ach amháin chun caillteanas a chumhdach a tharla mar thoradh ar ráig de theagmhas dhíobhálach aeráide, galar ainmhithe nó plandaí, foirgeacht le lotnaidí, nó bearta a glacadh i gcomhréir le Treoir 2000/29/CE maidir le díothú nó rialú a dhéanamh ar ghalar plandaí nó ar theagmhas lotnaidí nó comhshaoil, a scriosann níos mó ná 30 % de mheántáirgeacht bhliantúil an fheirmeora sa tréimhse trí bliana roimhe sin, nó meán trí bliana bunaithe ar an tréimhse cúig bliana roimhe sin, ag fágáil an iontráil is airde agus an iontráil is ísle ar lár. Féadfar innéacsanna a úsáid chun táirgiúlacht bhliantúil an fheirmeora a ríomh. Beifear in ann caillteanas iarbhír feirmeora aonair in aon bhliain ar leith a chinneadh tríd an modh ríofa a úsáidtear. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an céatadán 30 % sin a laghdú áfach, go leibhéal nach lú ná 20 %.”;

(7)

in Airteagal 39, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Ní dheonófar tacaíocht faoi phointe (c) d’Airteagal 36(1) ach amháin má tá an titim san ioncam níos mó ná 30 % de mheán-ioncam bliantúil an fheirmeora aonair sa tréimhse trí bliana roimhe sin nó meán trí bliana bunaithe ar an tréimhse cúig bliana roimhe sin, gan an iontráil is airde agus an iontráil is ísle san áireamh. Chun críocha phointe (c) d’Airteagal 36(1), tagróidh ioncam do shuim an ioncaim a fhaigheann an feirmeoir ón margadh, lena n-áirítear tacaíocht phoiblí de chineál ar bith, lúide costais ionchuir. Le híocaíochtaí ón gciste frithpháirteach le feirmeoirí, tabharfar cúiteamh as níos lú ná 70 % den ioncam a chailltear le linn na bliana a mbeidh an táirgeoir incháilithe an cúnamh sin a fháil. Féadfar innéacsanna a úsáid chun caillteanas bliantúil ioncaim an fheirmeora a ríomh. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an céatadán 30 % sin a laghdú, áfach, go leibhéal nach lú ná 20 %.”;

(8)

in Airteagal 39b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Beidh an tacaíocht i bhfoirm íocaíochta cnapshuime a íocfar faoin 31 Nollaig 2021, bunaithe ar iarratais ar thacaíocht arna gceadú ag an údarás inniúil faoin 30 Meitheamh 2021. Déanfar an aisíocaíocht ina dhiaidh sin ón gCoimisiúin i gcomhréir le leithreasuithe buiséid agus faoi réir an chistithe atá ar fáil. Féadfar leibhéal na híocaíochta a idirdhealú de réir catagóirí tairbhithe, i gcomhréir le critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha.”

(9)

in Airteagal 42, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   De bhreis ar na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2020/2220, féadfaidh grúpaí áitiúla gníomhaíochta cúraimí breise arna dtarmligean chucu ag an Údarás Bainistíochta agus/nó ag an ngníomhaireacht íocaíochta a chomhlíonadh.”;

(10)

in Airteagal 51(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“De mhaolú ar an gcéad fhomhír, maidir leis na Ballstáit ar lú ná EUR 1 800 milliún an tacaíocht iomlán dóibh ón Aontas le haghaidh forbairt tuaithe do na blianta 2014-2020 mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo tar éis síneadh ama a chur lena gcuid clár i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán (AE) 2020/2220, féadfaidh siad a chinneadh 5 % den mhéid iomlán do gach aon chlár forbartha tuaithe a dhíriú ar chúraimí dá dtagraítear in Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.”;

(11)

leasaítear Airteagal 58 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Gan dochar do mhíreanna 5, 6 agus 7, is é EUR 26 896 831 880, ar a mhéad, i bpraghsanna reatha, méid iomlán na tacaíochta ón Aontas a bheidh ann don fhorbairt tuaithe faoin Rialachán seo, i gcomhair na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2022 agus, i gcomhréir leis an gcreat ilbhliantúil airgeadais le haghaidh na mblianta 2021 go dtí 2027.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7.   Chun na forbairtí a bhaineann leis an miondealú bliantúil dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a chur san áireamh, lena n-áirítear na haistrithe dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6 den Airteagal seo, agus na haistrithe a thiocfaidh de chur i bhfeidhm Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2020/2220, chun coigeartuithe teicniúla a dhéanamh gan na leithdháiltí foriomlána a athrú, nó chun aon athrú eile a chur san áireamh a ndéanfar foráil lena aghaidh le gníomh reachtach tar éis an Rialachán seo a ghlacadh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 83 den Rialachán seo, chun na huasteorainneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo a athbhreithniú.”;

(12)

Cuirtear isteach an t-airteagal a leanas:

“Airteagal 58a

Acmhainní le haghaidh théarnaimh earnáil talmhaíochta agus limistéir thuaithe an Aontais

1.   Déanfar pointe (g) d’Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle (an Rialachán EURI) (*) a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Airteagal seo trí bhearta atá incháilithe faoi CETFT agus atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19, le méid EUR 8 070 486 840 i bpraghsanna reatha den mhéid dá dtagraítear i bpointe (vi) d’Airteagal 2(2)(a) den Rialachán sin, faoi réir Airteagal 3(3),(4) agus (8) de.

Is é a bheidh sa mhéid EUR 8 070 486 840 sin i bpraghsanna reatha, ioncaim shannta sheachtracha i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**).

Cuirfear ar fáil é mar acmhainní breise le haghaidh gealltanas buiséadach faoi CETFT do na blianta 2021 agus 2022, de bhreis ar na hacmhainní foriomlána a leagtar amach in Airteagal 58 den Rialachán seo mar a leanas:

2021: EUR 2 387 718 000;

2022: EUR 5 682 768 840

Chun críoch an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013, measfar na hacmhainní breise sin mar mhéideanna lena maoinítear bearta faoi CETFT. Measfar gur cuid de mhéid iomlán thacaíocht an Aontais don fhorbairt tuaithe iad, dá dtagraítear in Airteagal 58(1) den Rialachán seo, agus cuirfear leis an méid sin iad nuair a dhéantar tagairt do mhéid iomlán thacaíocht an Aontais don fhorbairt tuaithe. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 maidir leis na hacmhainní breise dá dtagraítear sa mhír seo agus i mír 2 den Airteagal seo.

2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn Ia an miondealú do gach Ballstát ar na hacmhainní breise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tar éis an méid dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a asbhaint.

3.   Na tairseacha céatadáin de ranníocaíocht iomlán CETFT leis an gclár forbartha tuaithe dá dtagraítear in Airteagal 59(5) agus (6) den Rialachán seo, ní bheidh feidhm ag na tairseacha sin maidir leis na hacmhainní breise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Mar sin féin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar ar a laghad an sciar foriomlán céanna de ranníocaíocht CETFT, lena n-áirítear na hacmhainní breise dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, a fhorchoimeád i ngach clár forbartha tuaithe do na bearta dá dtagraítear in Airteagal 59(6) den Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2020/2220.

4.   Déanfar 37 % ar a laghad de na hacmhainní breise dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a fhorchoimeád i ngach clár forbartha tuaithe do bhearta dá dtagraítear in Airteagal 33 agus in Airteagal 59(5) agus (6), agus go háirithe don mhéid seo a leanas:

(a)

an fheirmeoireacht orgánach;

(b)

an t-athrú aeráide a mhaolú, agus oiriúnú dó, lena n-áirítear astaíochtaí gás ceaptha teasa ón talmhaíocht a laghdú;

(c)

an ithir a chaomhnú, lena n-áirítear torthúlacht na hithreach a fheabhsú trí cheapadh carbóin;

(d)

úsáid agus bainistiú uisce a fheabhsú, lena n-áirítear caomhnú uisce;

(e)

gnáthóga a chruthú, a chaomhnú agus a athbhunú atá fabhrach don bhithéagsúlacht;

(f)

laghdú ar na rioscaí agus ar an tionchar a bhaineann le lotnaidicídí agus ábhar frithmhiocróbach a úsáid;

(g)

leas ainmhithe;

(h)

gníomhaíochtaí comhair LEADER.

5.   Déanfar 55 % ar a laghad de na hacmhainní breise dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a fhorchoimeád i ngach clár forbartha tuaithe do bhearta dá dtagraítear in Airteagail 17, 19, 20 agus 35, ar choinníoll go gcuirfidh úsáid ainmnithe na mbeart sin sna cláir forbartha tuaithe forbairt eacnamaíoch agus shóisialta i limistéir thuaithe chun cinn, agus go rannchuideoidh an úsáid sin le téarnamh eacnamaíoch athléimneach inbhuanaithe digiteach i gcomhréir, inter alia, leis na cuspóirí talmhaíochta, comhshaoil agus aeráide arna saothrú faoin Rialachán seo, agus go háirithe:

(a)

slabhraí soláthair gairide agus margaí áitiúla;

(b)

éifeachtúlacht acmhainní, lena n-áirítear feirmeoireacht bheacht agus chliste, nuálaíocht, digitú agus nuachóiriú innealra agus trealaimh táirgthe;

(c)

dálaí sábháilteachta ag an obair;

(d)

fuinneamh in-athnuaite, geilleagar ciorclach agus bithgheilleagar;

(e)

rochtain i limistéir thuaithe ar ardcháilíocht TFC.

Agus na hacmhainní breise dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo á leithdháileadh, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh maolú ón tairseach céatadáin a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo a mhéid is gá chun prionsabal an neamh-chúlchéimnithe a leagtar amach in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2020/2220 a chomhlíonadh. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh maolú ó phrionsabal an neamh-chúlchéimnithe sin a mhéid is gá chun an tairseach céatadáin a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo a chomhlíonadh.

6.   Féadfar suas le 4 % de na hacmhainní breise iomlána dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a leithdháileadh do chúnamh teicniúil, ar thionscnamh na mBallstát, do na cláir forbartha tuaithe i gcomhréir le hAirteagal 51(2). Féadfaidh an tairseach céatadáin sin a bheith cothrom le 5 % i gcás na mBallstát sin a bhfuil feidhm ag an gceathrú fomhír d’Airteagal 51(2) maidir leo.

7.   Féadfar suas le 0,25 % de na hacmhainní breise iomlána dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leithdháileadh do chúnamh teicniúil i gcomhréir le hAirteagal 51(1).

8.   Na gealltanais bhuiséadacha a bhaineann leis na hacmhainní breise dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i ngach clár forbartha tuaithe, déanfar iad ar leithligh ón leithdháileadh dá dtagraítear in Airteagal 58(4).

9.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 20, 21 agus 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 maidir leis na hacmhainní breise dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.

(*)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnamh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433, 22.12.2020, lch. 23)."

(**)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).”;"

(13)

leasaítear Airteagal 59 mar a leanas:

(a)

(i mír 4), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(ea)

100 % i gcás oibríochtaí a fhaigheann cistiú ó acmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 58a(1). Féadfaidh na Ballstáit ráta aonair sonrach, a bheidh infheidhme maidir leis na hoibríochtaí sin go léir, a bhunú do ranníocaíocht CETFT;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Forchoimeádfar 5 % ar a laghad agus 2,5 % i gcás na Cróite den ranníocaíocht iomlán ó CETFT chuig an gclár forbartha tuaithe d’fhorbairt áitiúil LEADER agus d’fhorbairt faoi stiúir an phobail dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2020/2220.

I gcás ina mbainfidh na Ballstáit úsáid as an bhféidearthacht dá bhforáiltear sa séú nó seachtú fomhír d’Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, beidh feidhm ag na céatadáin a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo maidir le ranníocaíocht iomlán CETFT i gcomhair an chláir forbartha tuaithe gan an tacaíocht bhreise a chuirtear ar fáil i gcomhréir leis an séú nó seachtú fomhír d’Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6a:

“6a.   Ní rachaidh tacaíocht CETFT arna soláthar faoi Airteagal 39b thar 2 % de ranníocaíocht iomlán CETFT leis na gclár forbartha tuaithe do na blianta 2014-2020 dá bhforáiltear i gCuid a hAon d’Iarscríbhinn I.”

(14)

in Airteagal 75, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Faoin 30 Meitheamh 2016 agus faoin 30 Meitheamh gach bliain ina dhiaidh sin go dtí 2026, agus an bhliain sin san áireamh, cuirfidh an Ballstát tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin, ar tuarascáil í ar chur chun feidhme an chláir forbartha tuaithe sa bhliain féilire roimhe sin. Cumhdófar na blianta féilire 2014 agus 2015 sa tuarascáil a chuirfear isteach in 2016.”;

(15)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 78:

“Sa bhliain 2026, ullmhóidh na Ballstáit tuarascáil mheastóireachta ex-post le haghaidh gach ceann dá gcláir forbartha tuaithe. Cuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2026.”;

(16)

leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(17)

cuirtear Iarscríbhinn Ia nua isteach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

(18)

leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

Leasaítear Airteagal 17(3) Infheistíocht i sócmhainní fisiceacha, an cheathrú colún mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró 6:

“De mhéid na hinfheistíochta incháilithe i réigiúin eile

Féadfar na rátaí thuas a mhéadú 35 phointe céatadáin de bhreis, ar a mhéad, i gcás oibríochtaí maoiniúcháin ó chistí dá dtagraítear in Airteagal 58a(1) lena rannchuidítear le téarnamh eacnamaíoch athléimneach inbhuanaithe digiteach ar choinníoll nach mó ná 75 % an tacaíocht sin, agus a mhéadú 20 pointe céatadáin de bhreis, ar choinníoll nach mó ná 90 % an t-uasmhéid tacaíochta comhcheangailte, le haghaidh na nithe seo a leanas:

Feirmeoirí óga mar a shainítear sa Rialachán seo, nó a thosaigh amach cheana féin le linn na cúig bliana roimh an iarratas ar thacaíocht;

Infheistíochtaí comhchoiteanna agus tionscadal comhtháite, lena n-áirítear iad sin atá nasctha le cumasc eagraíochtaí táirgeoirí;

Limistéir a bhfuil srianta nádúrtha agus srianta sonracha eile ag bagairt orthu, srianta dá dtagraítear in Airteagal 32;

Oibríochtaí a dtugtar tacú dóibh laistigh de chreat CEN;

Infheistíochtaí atá nasctha le hoibríochtaí faoi Airteagal 28 agus Airteagal 29”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró 11:

“De mhéid na hinfheistíochta incháilithe i réigiúin eile

Féadfar na rátaí thuas a mhéadú 35 phointe céatadáin de bhreis, ar a mhéad, i gcás oibríochtaí maoiniúcháin ó chistí dá dtagraítear in Airteagal 58a(1) lena rannchuidítear le téarnamh eacnamaíoch athléimneach inbhuanaithe digiteach ar choinníoll nach mó ná 75 % an tacaíocht sin, agus a mhéadú 20 pointe céatadáin de bhreis, ar choinníoll nach mó ná 90 % an t-uasmhéid tacaíochta comhcheangailte, i gcás oibríochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh laistigh de chreat CEN nó le haghaidh na n-oibríochtaí sin a bhfuil baint acu le cumasc d’eagraíochtaí tháirgeoirí.”;

(b)

Airteagal 19(6), Forbairt feirme agus gnó, an cheathrú colún, cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró 1:

“In aghaidh an fheirmeora óig faoi Airteagal 19(1)(a)(i)

Féadfar an méid sin a mhéadú EUR 30 000 de bhreis ar a mhéad i gcás oibríochtaí maoiniúcháin ó chistí dá dtagraítear in Airteagal 58a(1).”.

Airteagal 8

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 25, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Maidir le gach ceann de na blianta 2021 agus 2022, is é EUR 400 milliún (ag praghsanna 2011) an méid a bheidh sa chúlchiste, agus áireofar é faoi Cheannteideal 3 den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/2093 ón gComhairle (*) [CAI].

(*)  Rialachán (AE) 2020/2093 an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an Creat Airgeadais Ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2021 go 2027 (IO L 433, 22.12.2020, lch. 11).”;"

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:

“Airteagal 33

Ceangaltais bhuiséadacha

A mhéid a bhaineann le gealltanais bhuiséadacha an Aontais i gcomhair cláir forbartha tuaithe, beidh feidhm ag Airteagal 76 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, agus i gcás inarb infheidhme, i gcomhar le hAirteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*) .

(*)  Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe le haghaidh tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sna blianta 2021 agus 2022 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le cur i bhfeidhm sna blianta 2021 agus 2022 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le leithdháileadh tacaíocht den sórt sin i leith na mblianta 2021 agus 2022 (IO L 437, 28.12.2020, lch. 1).”;"

(3)

in Airteagal 35, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5.   Maidir le cláir a gcuirfear síneadh leo i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán (AE) 2020/2220, ní dheonófar aon réamh-mhaoiniú i gcomhair leithdháileadh 2021 agus 2022 nó i gcomhair acmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 58a(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.”;

(4)

in Airteagal 36(3), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Beidh feidhm ag pointe (b) den chéad fhomhír, mutatis mutandis, maidir leis na hacmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 58a de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.”;

(5)

in Airteagal 37, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Tar éis don Choimisiún an tuarascáil bhliantúil deiridh faoin dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme cláir fhorbartha tuaithe a fháil, íocfaidh an Coimisiún an t-iarmhéid, ag brath ar na hacmhainní atá ar fáil, ar bhonn an phlean airgeadais atá i bhfeidhm, ar bhonn na gcuntas bliantúil le haghaidh na bliana deireanaí de chur i gcrích an chláir ábhartha forbartha tuaithe agus ar bhonn an chinnidh chomhfhreagraigh maidir le himréiteach. Cuirfear na cuntais sin faoi bhráid an Choimisiúin tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an dáta deiridh incháilitheachta maidir le caiteachas dá dtagraítear in Airteagal 65(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhar le hAirteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2020/2220, agus cumhdóidh siad an caiteachas a dhéanfaidh an ghníomhaireacht íocaíochta suas go dtí an dáta deiridh incháilitheachta maidir le caiteachas.”;

(6)

in Airteagal 38, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   An chuid sin de na gealltanais bhuiséadacha atá fós oscailte ar an dáta deiridh incháilitheachta maidir le caiteachas dá dtagraítear in Airteagal 65(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhar le hAirteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2020/2220, agus nach ndearnadh dearbhú caiteachais ina leith laistigh de shé mhí ón dáta sin, déanfar an chuid sin a shaoradh go huathoibríoch.”.

Airteagal 9

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 11(6), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na cinntí a dhéanfar i gcomhréir leis an Airteagal seo agus faoi aon táirgeadh measta laghduithe don bhliain 2021 faoin 19 Feabhra 2021 agus don bhliain 2022 faoin 1 Lúnasa 2021.”;

(2)

leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, mar thacaíocht bhreise arna maoiniú faoi CETFT sna blianta airgeadais 2022 agus 2023, suas le 15 % dá n-uasteorainneacha náisiúnta bliantúla i gcomhair na blianta féilire 2021 agus 2022 a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, a chur ar fáil. Mar thoradh air sin, ní bheidh an méid comhfhreagrach ar fáil a thuilleadh chun íocaíochtaí díreacha a dheonú. Tabharfar fógra faoin gcinneadh sin don Choimisiún don bhliain féilire 2021 faoin 19 Feabhra 2021 agus don bhliain féilire 2022 faoin 1 Lúnasa 2021 agus leagfar amach ann an céatadán a roghnaíodh.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Féadfaidh na Ballstáit nach mbeidh an cinneadh dá dtagraítear sa seachtú fomhír de mhír 1 déanta acu do na blianta airgeadais 2022 agus 2023, a chinneadh suas go 15 % a chur ar fáil mar íocaíochtaí díreacha, nó i gcás na dtíortha seo: an Bhulgáir, an Eastóin, an Spáinn, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an Fhionlainn, agus an tSualainn, suas go 25 % den mhéid a leithdháilfear mar thacaíocht arna mhaoiniú faoi CETFT sa bhliain airgeadais 2022 trí Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus sa bhliain airgeadais 2023 trí reachtaíocht de chuid an Aontais a glacadh tar éis Rialachán (AE) 2020/2093 ón gComhairle (*) [CAI] a bheith glactha. Mar thoradh air sin, ní bheidh an méid comhfhreagrach ar fáil a thuilleadh le haghaidh tacaíocht a mhaoineofar faoi CETFT. Tabharfar fógra faoin gcinneadh sin don Choimisiún don bhliain airgeadais 2022 faoin 19 Feabhra 2021 agus don bhliain airgeadais 2023 faoin 1 Lúnasa 2021 agus leagfar amach ann an céatadán a roghnaíodh.

(*)  Rialachán (AE) 2020/2093 an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2021 go 2027 (IO L 433, 22.12.2020, lch. 11)”;"

(3)

Leasaítear Airteagal 22 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   I gcás gach Ballstát, féadfaidh an méid a ríomhtar i gcomhréir le fomhír 1 den Airteagal seo a ardú céatadán d’uasmhéid 3 % den uasteorainn bhliantúil náisiúnta ábhartha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II í tar éis an méid atá mar thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 47(1) don bhliain ábhartha a bhaint. I gcás ina gcuirfidh Ballstát méadú den sórt sin i bhfeidhm, cuirfidh an Coimisiún méadú den chineál sin san áireamh agus an uasteorainn náisiúnta bhliantúil á socrú le haghaidh scéim na híocaíochta bunúsaí de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Chun na críche sin, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin 1 Lúnasa 2014 faoi na céatadáin bhliantúla faoina n-ardófar an méid a ríomhadh de bhun mhír 1 den Rialachán seo. Faoin 19 Feabhra 2021, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin gcéatadán bliantúil faoina méadófar an méid arna ríomh de bhun mhír 1 den Airteagal seo maidir le blianta féilire 2021 agus 2022.”;

(b)

i mír 5, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Maidir le blianta féilire 2021 agus 2022, agus maidir leis an uasteorainn a shocróidh an Coimisiún i leith Ballstáit de bhun mhír 1 den Airteagal seo, má bhíonn difríocht idir an uasteorainn sin agus uasteorainn na bliana roimhe sin de thoradh athrú ar an méid a leagtar amach in Iarscríbhinn II nó de thoradh aon chinneadh a ghlac an Ballstát sin i gcomhréir leis an Airteagal seo, Airteagal 14(1) nó (2), Airteagal 42(1), Airteagal 49(1), Airteagal 51(1), nó Airteagal 53, déanfaidh an Ballstát sin laghdú líneach nó méadú líneach ar luach na dteidlíochtaí íocaíochta uile agus/nó laghdú nó méadú ar an gcúlchiste náisiúnta nó ar na cúlchistí réigiúnacha chun a áirithiú go gcomhlíonfar mír 4 den Airteagal seo.”;

(4)

in Airteagal 23(6), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Maidir le bliain féilire 2021, na Ballstáit a chuirfidh an chéad fhomhír de mhír 1 i bhfeidhm, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún, faoin 19 Feabhra 2021 agus maidir le bliain féilire 2022 faoin 1 Lúnasa 2021 faoi na cinntí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3.”;

(5)

in Airteagal 25, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“11.   Tar éis dóibh na coigeartuithe dá dtagraítear in Airteagal 22(5) a chur i bhfeidhm, na Ballstáit sin a mbeidh úsáid bainte acu as an maolú dá bhforáiltear i mír 4 den Airteagal seo, féadfaidh siad a chinneadh, maidir le teidlíochtaí íocaíochta a bhí ag feirmeoirí an 31 Nollaig 2019 arb ísle a luach ná an luach aonaid náisiúnta nó réigiúnach in 2020 arna ríomh i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo, go méadófar an luach aonaid ionsar an luach aonaid náisiúnta nó réigiúnach in 2020. Ríomhfar an méadú faoi réir na gcoinníollacha a leanas:

(a)

is ar chritéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha a bhunaítear an modh lena ríomhtar an méadú a chinneann an Ballstát lena mbaineann;

(b)

chun an méadú a mhaoiniú, laghdófar teidlíochtaí íocaíochta nó sciar de na teidlíochtaí íocaíochta a bhí i seilbh feirmeoirí nó faoi léas acu an 31 Nollaig 2019 arb airde a luach ná an luach aonaid náisiúnta nó réigiúnach in 2020 arna ríomh i gcomhréir leis an dara fomhír; beidh feidhm ag an laghdú sin maidir leis an difríocht idir luach na dteidlíochtaí sin agus an luach aonaid náisiúnta nó réigiúnach in 2020; déanfar cur i bhfeidhm an laghdaithe sin a bhunú ar chritéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha, lena bhféadfaí a áireamh uaslaghdú a shocrú.

An luach aonaid náisiúnta nó réigiúnach in 2020 dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, ríomhfar é mar a leanas: roinnfear an uasteorainn náisiúnta nó réigiúnach i gcomhair scéim na híocaíochta bunúsaí a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 22(1) nó Airteagal 23(2) le haghaidh 2020, gan méid na gcúlchistí náisiúnta nó réigiúnacha a áireamh, ar an líon teidlíochtaí íocaíochta a bhí i seilbh feirmeoirí nó faoi léas acu an 31 Nollaig 2019.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, na Ballstáit a mbeidh úsáid bainte acu as an maolú dá bhforáiltear i mír 4 den Airteagal seo, féadfaidh siad a chinneadh go gcoimeádfar luach na dteidlíochtaí íocaíochta arna ríomh i gcomhréir leis an mír sin agus faoi réir an choigeartaithe dá dtagraítear in Airteagal 22(5).

Cuirfidh na Ballstáit feirmeoirí ar an eolas in am trátha faoi luach a gcuid teidlíochtaí íocaíochta mar a ríomhadh i gcomhréir leis an mír seo.

12.   Maidir leis na blianta féilire 2021 agus 2022, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go gcuirfear cóineasú inmheánach breise i bhfeidhm trí mhír 11 a chur i bhfeidhm maidir leis an mbliain lena mbaineann.”;

(6)

in Airteagal 29, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Maidir le blianta féilire 2020 agus 2021, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, faoin 19 Feabhra 2021 faoina gcinntí dá dtagraítear in Airteagal 25(11) agus (12).

Maidir le bliain féilire 2022, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, faoin 1 Lúnasa 2021, faoina gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 25(12).”;

(7)

in Airteagal 30(8), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Maidir le leithdháiltí ón gcúlchiste náisiúnta nó na cúlchistí réigiúnacha in 2021 agus 2022, an méid den chúlchiste náisiúnta nó de na cúlchistí réigiúnacha atá le heisiamh i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo, déanfar é a choigeartú i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 22(5). Maidir le leithdháiltí ón gcúlchiste náisiúnta nó na cúlchistí réigiúnacha in 2021 agus 2022, ní bheidh feidhm ag an tríú fomhír den mhír seo.”;

(8)

leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Ballstáit a mbeidh an scéim íocaíochta aonair limistéir á cur i bhfeidhm acu in 2020, leanfaidh siad de sin a dhéanamh tar éis an 31 Nollaig 2020.”.

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“I gcás gach Ballstát, féadfaidh an méid a ríomhtar i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo a ardú céatadán d’uasmhéid 3 % den uasteorainn bhliantúil náisiúnta ábhartha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II í tar éis an méid atá mar thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 47(1) don bhliain ábhartha a bhaint. I gcás ina gcuirfidh Ballstát méadú den sórt sin i bhfeidhm, cuirfidh an Coimisiún ardú den chineál sin san áireamh agus an uasteorainn náisiúnta bhliantúil á socrú le haghaidh scéim na híocaíochta bunúsaí de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo. Chun na críche sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 31 Eanáir 2018 faoi na céatadáin bhliantúla faoina méadófar an méid arna ríomh de bhun mhír 1 den Airteagal seo gach bliain féilire ó 2018. Faoin 19 Feabhra 2021, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin gcéatadán bliantúil faoina méadófar an méid arna ríomh de bhun mhír 1 den Airteagal seo maidir le blianta féilire 2021 agus 2022.”;

(9)

leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Féadfaidh Ballstáit a dheonaíonn cabhair idirthréimhseach náisiúnta sa tréimhse 2015-2020 a chinneadh cabhair idirthréimhseach náisiúnta a dheonú in 2021 agus 2022.”;

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an séú fleasc:

“—

50 % in 2020, 2021 agus 2022.”;

(10)

in Airteagal 41, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Féadfaidh Ballstáit a chinneadh faoin 1 Lúnasa in aon bhliain faoi leith íocaíocht bhliantúil a dheonú sa chéad bhliain eile ar fheirmeoirí atá i dteideal íocaíocht faoi scéim na híocaíochta bunúsaí dá dtagraítear i Ranna 1, 2, 3 agus 5 de Chaibidil 1 nó faoin scéim íocaíochta aonair limistéir dá dtagraítear in Roinn 4 de Chaibidil 1 (‘an íocaíocht athdháilte’). Féadfaidh Ballstáit cinneadh den sórt sin a ghlacadh faoin 19 Feabhra 2021 maidir le bliain féilire 2021 agus faoin 1 Lúnasa 2021 maidir le bliain féilire 2022. Ballstáit a bhfuil an íocaíocht athdháilte á cur i bhfeidhm acu cheana féin, féadfaidh siad a gcinneadh íocaíochtaí den sórt sin a dheonú nó sonraí na scéime a athbhreithniú faoin 19 Feabhra 2021 maidir le bliain féilire 2021 agus faoin 1 Lúnasa 2021 maidir le bliain féilire 2022.

Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon chinneadh den sórt sin faoin dáta ábhartha dá dtagraítear sa chéad fhomhír.”;

(11)

in Airteagal 42(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún faoin gcéatadán dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoin 19 Feabhra 2021 maidir le bliain féilire 2021 agus faoin 1 Lúnasa 2021 maidir le bliain féilire 2022.”;

(12)

in Airteagal 49(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Tabharfaidh Ballstáit a dheonaíonn íocaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 48 i mbliain féilire 2020 fógra don Choimisiún faoin gcéatadán dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoin 19 Feabhra 2021 maidir le bliain féilire 2021 agus faoin 1 Lúnasa 2021 maidir le bliain féilire 2022.”;

(13)

in Airteagal 51(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.   Chun an íocaíocht d’fheirmeoirí óga a mhaoiniú, úsáidfidh na Ballstáit céatadán, nach mó é ná 2 %, den uasteorainn náisiúnta bhliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, faoin 1 Lúnasa 2014, faoin gcéatadán a mheastar is gá chun an íocaíocht sin a mhaoiniú. Faoin 19 Feabhra 2021, tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na céatadáin mheasta is gá chun an caiteachas sin a mhaoiniú maidir le blianta féilire 2021 agus 2022.”;

(14)

in Airteagal 52, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

“10.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 lena bhforlíontar an Rialachán seo, a mhéid a bhaineann le bearta darb aidhm a sheachaint go mbeidh tairbhithe dá dtugtar tacaíocht chúpláilte dheonach siar le míchothromaíochtaí struchtúracha margaidh in earnáil ar leith. Leis na gníomhartha tarmligthe sin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go leanfar den tacaíocht sin a íoc go dtí 2022 ar bhonn na n-aonad táirgthe dar deonaíodh tacaíocht chúpláilte dheonach le linn tréimhse thagartha a tháinig roimhe sin.”;

(15)

leasaítear Airteagal 53 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Féadfaidh Ballstáit nach bhfuil tacaíocht chúpláilte dheonach deonaithe acu go dtí bliain éilimh 2020 cinneadh a dhéanamh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír do bhliain féilire 2021 faoin 19 Feabhra 2021.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Féadfaidh Ballstáit, faoin 1 Lúnasa in aon bhliain ar leith, athbhreithniú a dhéanamh ar a gcinneadh de bhun na Caibidle seo.

Faoin 8 Feabhra 2020, féadfaidh Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh freisin ar a gcinneadh de bhun na Caibidle seo a mhéid is gá chun coigeartú a dhéanamh ar an gcinneadh faoin tsolúbthacht idir colúin don bhliain féilire 2020 a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 14.

Déanfaidh na Ballstáit a chinneadh faoin 19 Feabhra 2021 do bhliain féilire 2021, agus faoin 1 Lúnasa 2021 do bhliain féilire 2022, cé acu a leanfar ar aghaidh nó a chuirfear deireadh le tacaíocht chúpláilte dheonach a dheonú don bhliain éilimh faoi seach.

Trí bhíthin athbhreithniú de bhun na chéad fhomhíre agus an dara fomhír den mhír seo, nó trí fhógra de bhun an tríú fomhír den mhír seo, féadfaidh Ballstáit a chinneadh le héifeacht ón mbliain dár gcionn agus maidir le blianta féilire 2020 agus 2021, le héifeacht ón mbliain féilire chéanna:

(a)

an céatadán a shocrófar de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3 a fhágáil gan athrú, a mhéadú nó a laghdú, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos sna míreanna sin i gcás inarb infheidhme, nó an céatadán a shocrófar a fhágáil gan athrú nó a laghdú de bhun mhír 4,

(b)

na coinníollacha maidir le deonú na tacaíochta a mhodhnú;

(c)

deireadh a chur le deonú na tacaíochta faoin gCaibidil seo.

Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le haon chinneadh a bhaineann leis an gcéad, dara agus tríú fomhír den mhír seo faoi na dátaí faoi seach dá dtagraítear sna fomhíreanna sin. Míneofar san fhógra faoin gcinneadh maidir le hathbhreithniú de bhun an dara fomhír den mhír seo an nasc idir an t-athbhreithniú agus an cinneadh faoin tsolúbthacht idir colúin don bhliain féilire 2020 a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 14.”;

(16)

in Airteagal 54, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír (1):

“1.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 53 faoi na dátaí dá dtagraítear san Airteagal sin. Ach amháin i gcás an chinnidh dá dtagraítear i bpointe (c) den cheathrú fomhír d’Airteagal 53(6), áireofar leis an bhfógra sin faisnéis maidir leis na réigiúin a mbeifear ag díriú orthu, leis na cineálacha feirmeoireachta nó earnálacha a roghnaíodh agus leis an leibhéal tacaíochta a bheidh le deonú. Áireofar freisin sna fógraí maidir leis na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 53(1) agus maidir leis an gcinneadh dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 53(6) céatadán na huasteorann náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 53 maidir leis an mbliain féilire ábhartha.”;

(17)

in Airteagal 58, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Déanfar méid na híocaíochta i leith barr sonrach do chadás in aghaidh an heicteáir de limistéar incháilithe a ríomh, maidir le 2020, tríd an táirgeacht a bhunaítear i mír 2 a iolrú faoi na méideanna tagartha seo a leanas:

An Bhulgáir: EUR 649,45,

An Ghréig: EUR 234,18,

An Spáinn: EUR 362,15,

An Phortaingéil: EUR 228,00.

Déanfar méid na híocaíochta i leith barr sonrach do chadás in aghaidh an heicteáir de limistéar incháilithe a ríomh, maidir le 2021 agus 2022 tríd na táirgeachtaí a bhunaítear i mír 2 a iolrú faoi na méideanna tagartha seo a leanas:

An Bhulgáir: EUR 636,13,

An Ghréig: EUR 229,37,

An Spáinn: EUR 354,73,

An Phortaingéil: EUR 223,32.”;

(18)

Leasaítear Iarscríbhinní II agus III i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 10

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Cláir oibre arna dtarraingt suas don tréimhse dár tús 1 Aibreán 2021, tiocfaidh deireadh leo an 31 Nollaig 2022.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Is mar a leanas a bheidh maoiniú an Aontais do na cláir oibre i gcomhair 2020 dá dtagraítear i mír 1:

(a)

EUR 11 098 000 i gcomhair na Gréige;

(b)

EUR 576 000 i gcomhair na Fraince;

(c)

EUR 35 991 000 i gcomhair na hIodáile.

Is mar a leanas a bheidh maoiniú an Aontais do na cláir oibre i gcomhair gach ceann de na blianta 2021 agus 2022 dá dtagraítear i mír 1:

(a)

EUR 10 666 000 i gcomhair na Gréige;

(b)

EUR 554 000 i gcomhair na Fraince;

(c)

EUR 34 590 000 i gcomhair na hIodáile.”;

(2)

in Airteagal 33(1), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“Maidir le cláir oibríochtúla a bhfuil síneadh i gcomhréir leis an uastréimhse de chúig bliana dá dtagraítear sa chéad fhomhír le formheas ina leith tar éis an 29 Nollaig 2020, ní fhéadfar iad a shíneadh ach amháin go dtí an 31 Nollaig 2022.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, cláir oibríochtúla nua a fhormheasfar tar éis an 29 Nollaig 2020, ní mhairfidh siad ar feadh tréimhse is faide ná 3 bliana.”;

(3)

in Airteagal 55(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“De mhaolú ar an gcéad fhomhír, cuirfear síneadh go dtí an 31 Nollaig 2022 le cláir náisiúnta arna dtarraingt suas don tréimhse ón 1 Lúnasa 2019 go dtí an 31 Iúil 2022. Modhnóidh na Ballstáit a gcláir náisiúnta chun an síneadh sin a chur san áireamh agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi na cláir mhodhnaithe lena bhformheas.”;

(4)

in Airteagal 58, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   I gcás na Gearmáine, deonófar EUR 2 277 000 i gcomhair 2020 mar mhaoiniú ón Aontas don chabhair d’eagraíochtaí táirgeoirí dá bhforáiltear i mír 1.

I gcás na Gearmáine, deonófar EUR 2 188 000 i gcomhair gach ceann de na blianta 2021 agus 2022 mar mhaoiniú ón Aontas don chabhair d’eagraíochtaí táirgeoirí dá bhforáiltear i mír 1.”;

(5)

in Airteagal 62(3), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“De mhaolú ar an gcéad fhomhír, cuirfear síneadh ama le bailíocht na n-údaruithe a deonaíodh i gcomhréir le hAirteagal 64 agus Airteagal 66(1), a rachaidh in éag sa bhliain 2020 go dtí an 31 Nollaig 2021.

Táirgeoirí a bhfuil údaruithe ina seilbh acu i gcomhréir le hAirteagal 64 agus Airteagal 66(1) den Rialachán seo, a rachaidh in éag in 2020, ní bheidh siad, de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, faoi réir an phionóis riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 89(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ar choinníoll go gcuirfidh siad na húdaráis inniúla ar an eolas faoin 28 Feabhra 2021 nach bhfuil rún acu úsáid a bhaint as a n-údarú agus nach mian leo leas a bhaint as síneadh a mbailíochta dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo.”;

(6)

leasaítear Airteagal 68 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Tarlóidh tiontú den sórt sin arna iarraidh sin do na táirgeoirí sin roimh an 31 Nollaig 2015. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh cead a thabhairt do tháirgeoirí an iarraidh sin a chur isteach ar chearta a thiontú ina n-údaruithe go dtí an 31 Nollaig 2022.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Na húdaruithe a dheonaítear de bhun mhír 1, beidh an tréimhse bailíochta chéanna acu is atá ag na cearta um plandú dá dtagraítear i mír 1. Mura mbaintear leas as na húdaruithe sin, rachaidh siad in éag ar a dhéanaí faoin 31 Nollaig 2018, nó, más rud é go mbeidh an cinneadh dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 glactha ag Ballstát, ar a dhéanaí faoin 31 Nollaig 2025.”;

(7)

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach ag deireadh Theideal II, Caibidil III, Roinn 4:

“Airteagal 167a

Rialacha margaíochta chun feidhmiú an chómhargaidh in olaí olóige a fheabhsú agus a chobhsú

1.   Chun feidhmiú an chómhargaidh in olaí olóige, lena n-áirítear na hológa óna ndéantar iad, a fheabhsú agus a chobhsú, féadfaidh Ballstáit ar táirgeoirí iad rialacha margaíochta a leagan síos chun an soláthar a rialú.

Beidh na rialacha sin i gcomhréir leis an gcuspóir atá á shaothrú agus:

(a)

ní bhainfidh siad le haon idirbheart tar éis chéadmhargaíocht an táirge lena mbaineann;

(b)

ní cheadóidh siad socrú praghsanna, lena n-áirítear socrú praghsanna mar threoir nó mar mholadh;

(c)

ní áiritheoidh siad nach mbeidh fáil ar sciar rómhór de tháirgeadh na bliana margaíochta a bheadh ar fáil murach iad.

2.   Déanfar na hoibreoirí a chur ar an eolas faoi na rialacha dá bhforáiltear i mír 1 trína bhfoilsiú ina n-iomláine i bhfoilseachán oifigiúil de chuid an Bhallstáit lena mbaineann.

3.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon chinneadh a ghlacfar faoin Airteagal seo.”;

(8)

in Airteagal 211, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag Airteagail 107, 108 agus 109 CFAE maidir le bearta fioscacha náisiúnta lena gcinneann na Ballstáit diall ó rialacha ginearálta cánach trí lamháil a fhágáil go ndéantar an bonn cánach a chuirtear i bhfeidhm maidir le feirmeoirí a ríomh ar bhonn tréimhse ilbhliantúil d’fhonn an bonn cánach a chothromú thar thréimhse áirithe blianta.”;

(9)

in Airteagal 214a, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“In 2021 agus 2022, féadfaidh an Fhionlainn leanúint de na cabhracha náisiúnta dá dtagraítear sa chéad mhír a dheonú faoi réir na gcoinníollacha agus na méideanna céanna arna n-údarú ag an gCoimisiún don bhliain 2020.”;

(10)

Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn VI.

TEIDEAL III

FORÁLACHA DEIRIDH

Airteagal 11

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointe (5) d’Airteagal 9 (lena mbaineann Airteagal 25(11) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013) agus pointe 5 d’Airteagal 10 (a bhaineann le hAirteagal 62(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013) ón 1 Eanáir 2020.

De mhaolú ar an gcéad mhír den Airteagal seo, tiocfaidh pointe 12, pointe (a) de phointe 13 agus pointí 17 agus 18 d’Airteagal 7 i bhfeidhm ar dháta theacht i bhfeidhm Rialachán EURI. Beidh feidhm ag pointe 12, pointe (a) de phointe 13 agus pointí 17 agus 18 d’Airteagal 7 ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Nollaig 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  IO C 232, 14.7.2020, lch. 29.

(2)  IO C 109, 1.4.2020, lch. 1.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Nollaig 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Nollaig 2020.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013, lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1310/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hacmhainní agus a ndáileadh i dtaca leis an mbliain 2014 agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1307/2013, (AE) Uimh. 1306/2013, agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann lena gcur i bhfeidhm sa bhliain 2014 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 865).

(10)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 807/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht don fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena dtugtar isteach forálacha idirthréimhseacha (IO L 227, 31.7.2014, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) 2017/2393 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), (AE) Uimh. 1306/2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air, (AE) Uimh. 1307/2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta, (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus (AE) Uimh. 652/2014 lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí (IO L 350, 29.12.2017, lch. 15).

(12)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnamh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh tar éis ghéarchéim COVID-19 (IO L 433, 22.12.2020, lch. 23).

(13)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO L 277, 21.10.2005, lch. 1).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999 ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta (CETRT) agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialacháin áirithe (IO L 160, 26.6.1999, lch. 80).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

CUID A HAON: MIONDEALÚ AR THACAÍOCHT AN AONTAIS DON FHORBAIRT TUAITHE (2014 GO 2020)”;

(2)

cuirtear an teideal agus an tábla seo a leanas léi:

CUID A DÓ: MIONDEALÚ AR THACAÍOCHT AN AONTAIS DON FHORBAIRT TUAITHE (2021 AGUS 2022)

(praghsanna reatha in EUR)

 

2021

2022

An Bheilg

101 120 350

82 800 894

An Bhulgáir

344 590 304

282 162 644

An tSeicia

316 532 230

259 187 708

An Danmhairg

92 734 249

75 934 060

An Ghearmáin

1 334 041 136

1 092 359 738

An Eastóin

107 490 074

88 016 648

Éire

380 590 206

311 640 628

An Ghréig

680 177 956

556 953 600

An Spáinn

1 319 414 366

1 080 382 825

An Fhrainc

1 782 336 917

1 459 440 070

An Chróit

363 085 794

297 307 401

An Iodáil

1 648 587 531

1 349 921 375

An Chipir

29 029 670

23 770 514

An Laitvia

143 490 636

117 495 173

An Liotuáin

238 747 895

195 495 162

Lucsamburg

15 034 338

12 310 644

An Ungáir

509 100 229

416 869 149

Málta

24 406 009

19 984 497

An Ísiltír

89 478 781

73 268 369

An Ostair

635 078 708

520 024 752

An Pholainn

1 612 048 020

1 320 001 539

An Phortaingéil

660 145 863

540 550 620

An Rómáin

1 181 006 852

967 049 892

An tSlóivéin

134 545 025

110 170 192

An tSlóvaic

316 398 138

259 077 909

An Fhionlainn

432 993 097

354 549 956

An tSualainn

258 769 726

211 889 741

Iomlán AE-27

14 750 974 100

12 078 615 700

Cúnamh Teicniúil

36 969 860

30 272 220

Iomlán

14 787 943 960

12 108 887 920 ”


IARSCRÍBHINN II

Cuirtear isteach Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 mar a leanas:

“IARSCRÍBHINN Ia

MIONDEALÚ AR NA HACMHAINNÍ BREISE DE RÉIR AN BHALLSTÁIT DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 58a

(praghsanna reatha in EUR)

 

2021

2022

An Bheilg

14 246 948

33 907 737

An Bhulgáir

59 744 633

142 192 228

An tSeicia

54 879 960

130 614 305

An Danmhairg

16 078 147

38 265 991

An Ghearmáin

209 940 765

499 659 020

An Eastóin

18 636 494

44 354 855

Éire

56 130 739

133 591 159

An Ghréig

108 072 886

257 213 470

An Spáinn

212 332 550

505 351 469

An Fhrainc

256 456 603

610 366 714

An Chróit

59 666 188

142 005 526

An Iodáil

269 404 179

641 181 947

An Chipir

3 390 542

8 069 491

An Laitvia

24 878 226

59 210 178

An Liotuáin

41 393 810

98 517 267

Lucsamburg

2 606 635

6 203 790

An Ungáir

88 267 157

210 075 834

Málta

2 588 898

6 161 577

An Ísiltír

15 513 719

36 922 650

An Ostair

101 896 221

242 513 006

An Pholainn

279 494 858

665 197 761

An Phortaingéil

104 599 747

248 947 399

An Rómáin

204 761 482

487 332 328

An tSlóivéin

21 684 662

51 609 495

An tSlóvaic

48 286 370

114 921 561

An Fhionlainn

61 931 116

147 396 056

An tSualainn

44 865 170

106 779 104

Iomlán AE-27

2 381 748 705

5 668 561 918

Cúnamh Teicniúil (0,25 %)

5 969 295

14 206 922

Iomlán

2 387 718 000

5 682 768 840


IARSCRÍBHINN III

Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn II, cuirtear na colúin seo a leanas léí:

“2021

2022

494 926

494 926

788 626

797 255

854 947

854 947

862 367

862 367

4 915 695

4 915 695

190 715

193 576

1 186 282

1 186 282

1 891 660

1 890 730

4 800 590

4 797 439

7 285 001

7 274 171

344 340

374 770

3 628 529

3 628 529

47 648

47 648

339 055

344 140

569 965

578 515

32 748

32 748

1 243 185

1 243 185

4 594

4 594

717 382

717 382

677 582

677 582

3 030 049

3 061 233

595 873

600 528

1 891 805

1 919 363

131 530

131 530

391 174

396 034

515 713

517 532

685 676

685 904

(2)

in Iarscríbhinn III, cuirtear na colúin seo a leanas léi:

2021

2022

494,9

494,9

791,2

799,8

854,9

854,9

862,4

862,4

4 915,7

4 915,7

190,7

193,6

1 186,3

1 186,3

2 075,7

2 074,7

4 860,3

4 857,14

7 285,0

7 274,2

344,3

374,8

3 628,5

3 628,5

47,6

47,6

339,1

344,1

570,0

578,5

32,7

32,7

1 243,2

1 243,2

4,6

4,6

717,4

717,4

677,6

677,6

3 030,0

3 061,2

596,1

600,7

1 891,8

1 919,4

131,5

131,5

391,2

396,0

515,7

517,5

685,7

685,9”


IARSCRÍBHINN IV

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013:

“IARSCRÍBHINN VI

SRIANTA BUISÉID I dTACA LE CLÁIR TACAÍOCHTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 44(1)

in EUR 1 000 in aghaidh na bliana buiséid

 

2014

2015

2016

2017 -2020

2021 ar aghaidh

An Bhulgáir

26 762

26 762

26 762

26 762

25 721

An tSeicia

5 155

5 155

5 155

5 155

4 954

An Ghearmáin

38 895

38 895

38 895

38 895

37 381

An Ghréig

23 963

23 963

23 963

23 963

23 030

An Spáinn

353 081

210 332

210 332

210 332

202 147

An Fhrainc

280 545

280 545

280 545

280 545

269 628

An Chróit

11 885

11 885

11 885

10 832

10 410

An Iodáil

336 997

336 997

336 997

336 997

323 883

An Chipir

4 646

4 646

4 646

4 646

4 465

An Liotuáin

45

45

45

45

43

Lucsamburg

588

An Ungáir

29 103

29 103

29 103

29 103

27 970

Málta

402

An Ostair

13 688

13 688

13 688

13 688

13 155

An Phortaingéil

65 208

65 208

65 208

65 208

62 670

An Rómáin

47 700

47 700

47 700

47 700

45 844

An tSlóivéin

5 045

5 045

5 045

5 045

4 849

An tSlóvaic

5 085

5 085

5 085

5 085

4 887

An Ríocht Aontaithe

120

”.