7.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 410/1


RIALACHÁN (AE) 2020/1998 ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Nollaig 2020

maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/1999 an 7 Nollaig 2020 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (1),

Ag féachaint do thogra comhpháirteach Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus an Choimisiúin Eorpaigh,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1999, lena mbunaítear creat le haghaidh bearta sriantacha spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine ar fud an domhain. Déantar foráil leis an gCinneadh sin maidir le reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha daoine, eintiteas nó comhlachtaí, toirmeasc ar chistí agus acmhainní a chur ar fáil do dhaoine, eintiteas nó comhlachtaí is cúis le sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, chomh maith leo siúd a bhaineann le daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a chumhdaítear, nó a thugann tacaíocht dóibh nó a mbíonn baint acu leo ar shlí eile. Liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach. Leis an gCinneadh sin, leagtar béim ar a thábhachtaí atá an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an idirghníomhaíocht idir an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta gach uair a bhíonn cur i bhfeidhm beart sriantach spriocdhírithe á mheas.

(2)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun leighis éifeachtaigh, ceart na cosanta agus an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint. Ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta sin.

(3)

Ba cheart don Chomhairle an chumhacht a fheidhmiú an liosta atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a bhunú agus a leasú chun comhsheasmhacht a áirithiú leis an bpróiseas chun an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 a bhunú, a leasú agus a athbhreithniú.

(4)

Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chun an deimhneacht dhlíthiúil is fearr laistigh den Aontas a áirithiú, ba cheart na hainmneacha agus na sonraí ábhartha eile a bhaineann le daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a bhfuil a gcistí agus a n-acmhainní eacnamaíocha le reo i gcomhréir leis an Rialachán sin a phoibliú. Ba cheart aon phróiseáil ar shonraí pearsanta a bheith i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 (2) agus (AE) 2018/1725 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(5)

Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún a chéile a chur ar an eolas faoi na bearta a ghlactar de bhun an Rialacháin seo agus faoi fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i dtaobh an Rialacháin seo.

(6)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “éileamh” aon éileamh, bíodh sé dearbhaithe le himeachtaí dlíthiúla nó ná bíodh, arna dhéanamh roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó dá éis, faoi chonradh nó idirbheart, nó i ndáil le conradh nó idirbheart, agus go háirithe:

(i)

éileamh ar chomhlíonadh aon oibleagáide a thiocfadh chun cinn faoi chonradh nó idirbheart nó i ndáil le conradh nó idirbheart;

(ii)

éileamh ar shíneadh a chur le banna, le ráthaíocht airgeadais nó le slánaíocht, i cibé foirm, nó éileamh ar iad a íoc;

(iii)

éileamh ar chúiteamh i leith conartha nó idirbhirt;

(iv)

frithéileamh;

(v)

éileamh ar bhreithiúnas, dámhachtain eadrána nó cinneadh coibhéiseach, gan beann ar an áit ina ndéantar nó ina dtugtar iad, a aithint nó a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear trí bhíthin an nós imeachta exequatur;

(b)

ciallaíonn “conradh nó idirbheart” aon idirbheart gan beann ar an bhfoirm agus gan beann ar an dlí is infheidhme, bíodh sé comhdhéanta de chonradh amháin nó níos mó nó oibleagáidí comhchosúla a rinneadh idir na páirtithe céanna nó idir páirtithe éagsúla; chun na críche sin áirítear le “conradh” banna, ráthaíocht nó slánaíocht, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, agus creidmheas, bíodh sé neamhspleách go dlíthiúil nó ná bíodh, chomh maith le haon fhoráil ábhartha a eascraíonn as an idirbheart nó a mbeadh baint aici leis an idirbheart;

(c)

le “húdaráis inniúla” tagraítear d’údaráis inniúla na mBallstát faoi mar a shainaithnítear iad ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(d)

ciallaíonn “acmhainní eacnamaíocha” sócmhainní de gach cineál, bídís inláimhsithe nó doláimhsithe, sochorraithe nó dochorraithe, arb acmhainní nach cistí iad, ach a fhéadfar a úsáid chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil;

(e)

ciallaíonn “reo acmhainní eacnamaíocha” cosc a chur le húsáid acmhainní eacnamaíocha chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil ar aon bhealach, lena n-áirítear iad a dhíol, a chur ar cíos nó a mhorgáistiú, ach gan bheith teoranta don mhéid sin;

(f)

ciallaíonn “reo cistí” cosc a chur le haon bhogadh, aistriú, athrú, úsáid, nó láimhseáil cistí nó le haon rochtain ar chistí ar aon bhealach a bheadh faoi deara aon athrú ar a dtoirt, a méid, a suíomh, a n-úinéireacht, a seilbh, a dtréith, a gceann scríbe, nó aon athrú eile a d’fhágfadh go bhféadfaí na cistí a úsáid, lena n-áirítear bainistiú punainne;

(g)

ciallaíonn “cistí” sócmhainní airgeadais agus leasanna de gach cineál, lena n-áirítear ach gan bheith teoranta don mhéid seo a leanas:

(i)

airgead tirim, seiceanna, éilimh ar airgead, dréachtaí, orduithe airgid agus ionstraimí íocaíochta eile;

(ii)

taiscí le hinstitiúidí airgeadais nó le heintitis eile, iarmhéideanna ar chuntais, fiachais agus oibleagáidí fiachais;

(iii)

urrúis agus ionstraimí fiachais a thrádáiltear go poiblí nó príobháideach, lena n-áirítear stoic agus scaireanna, deimhnithe in ionannas urrús, bannaí, nótaí, barántais, bintiúir agus conarthaí díorthach;

(iv)

ús, díbhinní nó ioncam eile ar shócmhainní nó luach a fhabhraíonn uathu nó arna nginiúint astu;

(v)

creidmheas, ceart fritháirimh, ráthaíochtaí, bannaí feidhmíochta nó ceangaltais airgeadais eile;

(vi)

litreacha creidmheasa, billí luchta, billí díola;

(vii)

doiciméid atá ina bhfuil cruthúnas ar leas i gcistí nó in acmhainní airgeadais;

(h)

ciallaíonn “críoch an Aontais” críocha na mBallstát a bhfuil an Conradh ar an Aontas Eorpach (CAE) infheidhme maidir leo, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa CAE, lena n-áirítear a n-aerspás.

Airteagal 2

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le:

(a)

cinedhíothú;

(b)

coireanna in aghaidh an chine dhaonna;

(c)

Na sáruithe nó na mí-úsáidí tromchúiseacha seo a leanas:

(i)

céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach,

(ii)

sclábhaíocht,

(iii)

básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomair nó treallacha,

(iv)

daoine a fhuadaítear,

(v)

gabháil agus coinneáil threallach,

(d)

sáruithe nó mí-úsáidí eile chearta an duine, lena n-áirítear iad seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh, a mhéid a bhíonn na sáruithe nó na mí-úsáidí sin forleathan, córasach nó ina gcúis imní thromchúiseach ar bhealach eile maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a leagtar amach in Airteagal 21 CAE:

(i)

gáinneáil ar dhaoine, chomh maith le sáruithe chearta an duine a dhéanann smuigléirí imirceach dá dtagraítear san Airteagal seo,

(ii)

foréigean gnéis agus inscnebhunaithe,

(iii)

sáruithe nó mí-úsáidí saoirse comhthionóil shíochánta agus comhlachais,

(iv)

sáruithe nó mí-úsáidí saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh,

(v)

sáruithe nó mí-úsáidí saoirse reiligiúin nó creidimh.

2.   Chun críocha mhír 1 a chur i bhfeidhm, ba cheart aird a thabhairt ar dhlí idirnáisiúnta an ghnáis agus ar ionstraimí dlí idirnáisiúnta a bhfuil glacadh leo go forleathan, amhail:

(a)

an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla;

(b)

an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha;

(c)

an Coinbhinsiún maidir le Coir an Chinedhíothaithe a Chosc agus a Phionósú,

(d)

an Coinbhinsiún in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach;

(e)

an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú;

(f)

an Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh Ban a Dhíothú;

(g)

an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh;

(h)

an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir leis an Uile Dhuine a Chosaint ón bhFuadach;

(i)

an Coinbhinsiún ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas;

(j)

Prótacal chun Gáinneáil ar Dhaoine, go háirithe ar Mhná agus ar Leanaí, a Chosc, a Chur faoi chois agus Pionós a ghearradh ina leith, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta;

(k)

Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta;

(l)

an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh na páirtithe seo a leanas a áireamh mar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí:

(a)

Gníomhaithe stáit;

(b)

gníomhaithe eile a bhfuil rialú nó údarás éifeachtach á fheidhmiú ar chríoch acu;

(c)

gníomhaithe neamhstáit eile faoi réir Airteagal 1(4) de Chinneadh (CFSP) 2020/1999.

Airteagal 3

1.   Na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha go léir ar le duine nádúrtha nó dlítheanach iad, nó le heintiteas, comhlacht nó grúpa a liostaítear in Iarscríbhinn I agus atá ina seilbh, faoina gcoimeád nó á rialú acu, déanfar iad a reo.

2.   Ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis, nó do chomhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, ná ní chuirfear chun sochair dóibh iad.

3.   Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh in Iarscríbhinn I, faoi mar a shainaithníonn an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1999:

(a)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, atá freagrach as gníomhartha a leagtar amach in Airteagal 2(1);

(b)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais, theicniúil, nó ábhartha nó a bhfuil baint acu ar bhealach eile leis na gníomhartha a dtugtar tuairisc a leagtar amach in Airteagal 2(1), lena n-áirítear trí na gníomhartha sin a phleanáil, a threorú, a ullmhú, a éascú, a spreagadh nó cúnamh a thabhairt ina leith;

(c)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, a bhaineann leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a chumhdaítear le pointí (a) agus (b);

Airteagal 4

1.   De mhaolú ar Airteagal 3, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur mar a leanas atá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:

(a)

go bhfuil gá leo chun bunriachtanais daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh, agus baill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

(b)

go bhfuil siad ceaptha chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc nó costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

(c)

go bhfuil siad ceaptha chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;

(d)

gur riachtanach iad i gcás costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil ábhartha d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais a mheasann sé ar ar cheart údarú sonrach a dheonú, dhá sheachtain ar a laghad roimh an údarú; nó

(e)

go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas misin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta nó ón gcuntas sin a bhfuil díolúintí aige i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de dhá sheachtain ón údarú.

Airteagal 5

1.   De mhaolú ar Airteagal 3, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát a údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun críoch daonnúil, amhail seachadadh an chúnaimh a chur ar fáil nó a éascú, lena n-áirítear soláthairtí leighis, bia, nó aistriú na n-oibrithe daonnúla agus cúnamh gaolmhar nó le haghaidh aslonnuithe.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de cheithre seachtaine ón údarú.

Airteagal 6

1.   De mhaolú ar Airteagal 3(1), féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 3 a liostú in Iarscríbhinn I, nó go bhfuil sé faoi réir cinneadh dlí nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;

(b)

ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh den sórt sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

(c)

ní chun leas duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear in Iarscríbhinn I é an cinneadh; agus

(d)

níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de dhá sheachtain ón údarú.

Airteagal 7

1.   De mhaolú ar Airteagal 3(1), agus ar choinníoll gurb íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I í atá dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a thug an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann i gcrích nó arb oibleagáid í a tháinig chun cinn dóibh, roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin a áireamh in Iarscríbhinn I, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt, faoi na coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, ar choinníoll gur chinn an t-údarás inniúil mar a leanas:

(a)

go mbainfear leas as na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha le haghaidh íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I; agus

(b)

nach sárú ar Airteagal 3(2) í an íocaíocht sin.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de dhá sheachtain ón údarú.

Airteagal 8

1.   Le hAirteagal 3(2) ní chuirfear cosc ar chreidiúnú cuntas reoite ag institiúidí airgeadais nó creidmheasa a fhaigheann cistí arna n-aistriú ag tríú páirtithe ar chuntas duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintiteas nó comhlacht liostaithe, ar choinníoll go reofar aon bhreis a chuirfear leis na cuntais freisin. Cuirfidh an institiúid airgeadais nó creidmheasa an t-údarás inniúil iomchuí ar an eolas faoi aon idirbheart den sórt sin gan mhoill.

2.   Ní bheidh Airteagal 3(2) infheidhme maidir le breiseanna mar a leanas a chuirtear le cuntais reoite:

(a)

ús nó tuillimh eile ar na cuntais sin;

(b)

íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 3 a áireamh in Iarscríbhinn I; nó

(c)

íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh sa Bhallstát nó atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann,

ar choinníoll gur faoi réir na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 3(1) fós atá aon ús den sórt sin, agus tuillimh agus íocaíochtaí eile.

Airteagal 9

1.   Gan dochar do na rialacha infheidhme a bhaineann le tuairisciú, rúndacht agus sicréideacht ghairmiúil, déanfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí an méid seo a leanas:

(a)

soláthróidh siad láithreach aon fhaisnéis a d’éascódh comhlíonadh an Rialacháin seo, amhail faisnéis faoi chuntais agus méideanna arna reo i gcomhréir le hAirteagal 3(1), d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad ina gcónaí nó lonnaithe, agus an fhaisnéis sin a tharchur, go díreach nó trí bhíthin an Bhallstáit, chuig an gCoimisiún; agus

(b)

rachaidh siad i gcomhar leis an údarás inniúil chun an faisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a fhíorú.

2.   Aon fhaisnéis bhreise a gheobhaidh an Coimisiún go díreach cuirfear ar fáil do na Ballstáit í.

3.   Ní bhainfear úsáid as aon fhaisnéis a sholáthrófar nó a gheofar i gcomhréir leis an Airteagal seo ach amháin chun na gcríoch dár soláthraíodh nó dá bhfuarthas an fhaisnéis sin.

Airteagal 10

Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon turas, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta sin dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 11

1.   Má dhéantar cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo nó má dhiúltaítear cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, agus é sin a dhéanamh de mheon macánta ar an mbonn go bhfuil sé i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní bheidh de thoradh ar an mbeart sin go mbeidh dliteanas d’aon sórt ar an duine nádúrtha nó dlítheanach, ná ar an eintiteas nó comhlacht a chuireann an Rialachán chun feidhme, nó ar a stiúrthóirí nó a fhostaithe, mura gcruthaítear go ndearnadh na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha a reo nó a choinneáil siar de dheasca faillí.

2.   Ní bheidh aon dliteanas d’aon sórt ar dhaoine nádúrtha ná dlítheanacha, ar eintitis ná comhlachtaí de thoradh gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad mura raibh a fhios acu, nó nach raibh cúis réasúnach acu amhras a bheith orthu go sáródh a ngníomhaíochtaí na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo.

Airteagal 12

1.   Ní shásófar aon éileamh i ndáil le haon chonradh ná idirbheart a ndearnadh dochar dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile den sórt sin, amhail éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna nó ar ráthaíocht nó ar shlánaíocht nó iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t-éileamh:

(a)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(b)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó ceann amháin de na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a).

2.   In aon imeacht chun éileamh a fhorfheidhmiú, is faoin duine nádúrtha nó dlítheanach, faoin eintiteas nó faoin gcomhlacht atá ag iarraidh an t-éileamh sin a fhorfheidhmiú, a bheidh sé a chruthú nach dtoirmeasctar an t-éileamh a shásamh le mír 1.

3.   Tá an tAirteagal seo gan dochar don cheart atá ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 chun athbhreithniú breithiúnach ar dhlíthiúlacht neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí conarthacha i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 13

1.   Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit a chéile ar an eolas faoi na bearta a dhéantar faoin Rialachán seo agus roinnfidh siad aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i ndáil leis an Rialachán seo, go háirithe faisnéis faoin méid seo a leanas:

(a)

cistí arna reo faoi Airteagal 3 agus údaruithe arna ndeonú faoi Airteagail 4, 5, 6 agus 7;

(b)

sárú agus fadhbanna forfheidhmiúcháin agus breithiúnais arna dtabhairt ag cúirteanna náisiúnta.

2.   Cuirfidh na Ballstáit a chéile agus an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo.

Airteagal 14

1.   I gcás ina gcinnfidh an Chomhairle duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a chur faoi réir na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 3, leasóidh sí Iarscríbhinn I dá réir sin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear na forais leis an liostú, a chur in iúl go díreach don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht lena mbaineann más eol an seoladh, nó murab eol an seoladh, trí fhógra a fhoilsiú, rud a thabharfaidh deis don duine nádúrtha nó dlítheanach sin, don eintiteas nó don chomhlacht sin barúlacha a chur isteach.

3.   I gcás ina gcuirfear barúlacha isteach nó ina gcuirfear fianaise nua shubstaintiúil isteach, athbhreithneoidh an Coimisiún an cinneadh dá dtagraítear i mír 1, agus cuirfidh sé an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht ar an eolas dá réir sin.

4.   Athbhreithneofar an liosta in Iarscríbhinn I go tráthrialta agus gach 12 mhí ar a laghad.

5.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinn II a leasú ar bhonn faisnéis arna soláthar ag na Ballstáit.

Airteagal 15

1.   Beidh in Iarscríbhinn I na forais atá le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí lena mbaineann a liostú.

2.   Beidh in Iarscríbhinn I, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha agus ailiasanna; dáta breithe agus áit bhreithe; náisiúntacht; uimhreacha pas agus cárta aitheantais; inscne; seoladh, más eol; agus feidhm nó gairm. Maidir le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, féadfaidh an méid seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha; áit agus dáta clárúcháin; uimhir chlárúcháin agus áit ghnó.

Airteagal 16

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill don Choimisiún faoi na rialacha sin dá dtagraítear i mír 1 tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin.

Airteagal 17

1.   Déanfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”), sonraí pearsanta a phróiseáil chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a thabhairt i gcrích. Airítear ar na cúraimí sin:

(a)

maidir leis an gComhairle, leasuithe ar Iarscríbhinn I a ullmhú agus a dhéanamh;

(b)

maidir leis an Ardionadaí, leasuithe ar Iarscríbhinn I a ullmhú;

(c)

maidir leis an gCoimisiún:

(i)

inneachar Iarscríbhinn I a chur leis an liosta comhdhlúite leictreonach de dhaoine, grúpaí agus eintitis atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais an Aontais agus a chur leis an léarscáil smachtbhannaí idirghníomhach, iad ar fáil go poiblí;

(ii)

próiseáil faisnéise faoi thionchar na mbearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo amhail fiúntas na gcistí reoite agus próiseáil faisnéise faoi údaruithe arna ndeonú ag na húdaráis inniúla.

2.   Ní fhéadfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus an tArdionadaí sonraí ábhartha a phróiseáil, nuair is infheidhme, ar sonraí iad a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe, le ciontuithe coiriúla na ndaoine nó le bearta slándála i ndáil leis na daoine sin, ach a mhéid is gá an phróiseáil sin a dhéanamh chun Iarscríbhinn I a ullmhú.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, déantar an Chomhairle, an tseirbhís de chuid an Choimisiúin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus an tArdionadaí a shannadh mar “rialaitheoir” de réir bhrí phointe (8) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1725, chun a áirithiú gur féidir leis na daoine nádúrtha lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 18

1.   Sannfaidh na Ballstáit na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa Rialachán seo agus sonróidh siad ar na suíomhanna gréasáin in Iarscríbhinn II iad. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon athrú ar sheoltaí a suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill don Choimisiún faoina n-údaráis inniúla, lena n-áirítear sonraí teagmhála na n-údarás inniúil sin, tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin.

3.   I gcás ina leagtar amach leis an Rialachán seo ceanglas maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún, an Coimisiún a chur ar an eolas nó cumarsáid a dhéanamh leis ar shlí eile, is iad an seoladh agus na sonraí teagmhála eile a shonraítear in Iarscríbhinn II an seoladh agus na sonraí teagmhála atá le húsáid le haghaidh na cumarsáide sin.

Airteagal 19

Beidh feidhm ag an Rialachán seo:

(a)

laistigh de chríoch an Aontais, lena n-áirítear a aerspás;

(b)

ar bord aon aerárthaigh nó soithigh faoi dhlínse Bhallstáit;

(c)

maidir le haon duine nádúrtha, laistigh de chríoch an Aontais nó lasmuigh di, ar náisiúnach Ballstáit é;

(d)

maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, laistigh de chríoch an Aontais nó lasmuigh di, atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit;

(e)

maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht i leith aon ghnó a dhéantar go hiomlán nó go páirteach laistigh den Aontas.

Airteagal 20

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Féach leathanach 13 den Iris Oifigiúil seo.

(2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L119, 4.5.2016, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN I

Liosta de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3

A.

Daoine nádúrtha

B.

Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí


IARSCRÍBHINN II

Suíomhanna gréasáin le haghaidh faisnéis maidir leis na húdaráis inniúla agus an seoladh chun fógraí a chur chuig an gCoimisiún

AN BHEILG

https://diplomatie.belgium.be/nl/Beleid/beleidsthemas/vrede_en_veiligheid/sancties

https://diplomatie.belgium.be/fr/politique/themes_politiques/paix_et_securite/sanctions

https://diplomatie.belgium.be/en/policy/policy_areas/peace_and_security/sanctions

AN BHULGÁIR

https://www.mfa.bg/en/101

AN tSEICIA

www.financnianalytickyurad.cz/mezinarodni-sankce.html

AN DANMHAIRG

http://um.dk/da/Udenrigspolitik/folkeretten/sanktioner/

AN GHEARMÁIN

http://www.bmwi.de/DE/Themen/Aussenwirtschaft/aussenwirtschaftsrecht,did=404888.html

AN EASTÓIN

http://www.vm.ee/est/kat_622/

ÉIRE

http://www.dfa.ie/home/index.aspx?id=28519

AN GHRÉIG

http://www.mfa.gr/en/foreign-policy/global-issues/international-sanctions.html

AN SPÁINN

http://www.exteriores.gob.es/Portal/en/PoliticaExteriorCooperacion/GlobalizacionOportunidadesRiesgos/Paginas/SancionesInternacionales.aspx

AN FHRAINC

http://www.diplomatie.gouv.fr/fr/autorites-sanctions/

AN CHRÓIT

http://www.mvep.hr/sankcije

AN IODÁIL

https://www.esteri.it/mae/it/politica_estera/politica_europea/misure_deroghe

AN CHIPIR

http://www.mfa.gov.cy/mfa/mfa2016.nsf/mfa35_en/mfa35_en?OpenDocument

AN LAITVIA

http://www.mfa.gov.lv/en/security/4539

AN LIOTUÁIN

http://www.urm.lt/sanctions

LUCSAMBURG

https://maee.gouvernement.lu/fr/directions-du-ministere/affaires-europeennes/mesures-restrictives.html

AN UNGÁIR

https://kormany.hu/kulgazdasagi-es-kulugyminiszterium/ensz-eu-szankcios-tajekoztato

MÁLTA

https://foreignandeu.gov.mt/en/Government/SMB/Pages/SMB-Home.aspx

AN ÍSILTÍR

https://www.rijksoverheid.nl/onderwerpen/internationale-sancties

AN OSTAIR

http://www.bmeia.gv.at/view.php3?f_id=12750&LNG=en&version=

AN PHOLAINN

https://www.gov.pl/web/dyplomacja

AN PHORTAINGÉIL

http://www.portugal.gov.pt/pt/ministerios/mne/quero-saber-mais/sobre-o-ministerio/medidas-restritivas/medidas-restritivas.aspx

AN RÓMÁIN

http://www.mae.ro/node/1548

AN tSLÓIVÉIN

http://www.mzz.gov.si/si/omejevalni_ukrepi

AN tSLÓVAIC

https://www.mzv.sk/europske_zalezitosti/europske_politiky-sankcie_eu

AN FHIONLAINN

http://formin.finland.fi/kvyhteistyo/pakotteet

AN tSUALAINN

http://www.ud.se/sanktioner

Seoladh chun fógraí a chur chuig an gCoimisiún:

An Coimisiún Eorpach

An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil (AS FISMA)

2 Rue de Spa/Spastraat 2

B-1049 Bruxelles/Brussel, Belgique/België

Ríomhphost: relex-sanctions@ec.europa.eu