13.11.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 381/1


RIALACHÁN (AE) 2020/1693 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Samhain 2020

lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/848 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha a mhéid a bhaineann le dáta a chur i bhfeidhm agus dátaí áirithe eile dá dtagraítear sa Rialachán sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), a tháinig i bhfeidhm an 17 Meitheamh 2018, bunaítear córas nua rialála don táirgeacht orgánach. Chun a áirithiú go ndéanfar aistriú go rianúil ón seanchreat rialála go dtí an creat rialála nua, foráiltear sa Rialachán sin gurb é an 1 Eanáir 2021 an dáta cur i bhfeidhm.

(2)

An 30 Eanáir 2020, dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur “éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní ar an leibhéal idirnáisiúnta” í ráig COVID-!9 agus, an 11 Márta 2020, shainigh sí COVID-19 mar phaindéim. Chruthaigh paindéim COVID-19 dálaí suaithinseacha, dálaí nárbh fhéidir a thuar go réasúnta nuair a glacadh Rialachán (AE) 2018/848, a dteastaíonn iarrachtaí substainteacha ón earnáil orgánach dá mbarr.

(3)

Paindéim COVID-19 agus an ghéarchéim sláinte poiblí a bhaineann léi, is dúshlán do na Ballstáit iad, dúshlán nach bhfacthas a leithéid riamh, agus is ualach trom iad ar oibreoirí orgánacha (“oibreoirí”). Dá réir sin, díríonn oibreoirí a gcuid iarrachtaí ar an táirgeacht orgánach agus sreabha trádála a choinneáil ar bun agus ní féidir leo an tráth céanna iad féin a ullmhú do theacht i bhfeidhm an chreata rialála nua faoi Rialachán (AE) 2018/848. Dá bhrí sin, tá dóchúlacht mhór ann nach mbeidh na Ballstáit agus na hoibreoirí in ann cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Rialacháin sin a áirithiú ón 1 Eanáir 2021, faoi mar a bhí ceaptha an chéad lá.

(4)

Chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an earnáil orgánach go rianúil, chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar, agus chun go seachnófar an cur isteach is féidir a bheith ar an margadh, tá sé riachtanach dáta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848 agus dátaí áirithe eile dá dtagraítear sa Rialachán sin a dhíorthaítear ón dáta sin a chur siar.

(5)

I bhfianaise scála phaindéim COVID-19 agus na géarchéime sláinte poiblí a bhaineann léi, fhorbairt eipidéimeolaíoch an víris agus na n‐acmhainní breise a theastaíonn sna Ballstáit agus ó na hoibreoirí, is iomchuí dáta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848 a chur siar bliain amháin.

(6)

Roinnt dátaí a bhaineann le maoluithe, tuarascálacha, nó cumhachtuithe arna dtabhairt don Choimisiún deireadh a chur le maoluithe nó síneadh a chur leo, díorthaíonn siad go díreach ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848. Dá bhrí sin, is iomchuí na dátaí sin a chur siar bliain amháin freisin. Leagadh síos na dátaí faoi seach agus aird á tabhairt ar an achar ama atá riachtanach chun go n‐oiriúnóidh oibreoirí iad féin do dheireadh a bheith á chur leis na maoluithe, nó chun go mbaileoidh na Ballstáit agus an Coimisiún faisnéis leordhóthanach ar infhaighteacht roinnt ionchur ar tugadh maoluithe ina leith, nó chun go dtíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, agus chun go ndéanfadh sé togra reachtach nó gníomhartha tarmligthe a ullmhú.

(7)

Paindéim COVID-19 agus an ghéarchéim sláinte poiblí a bhaineann léi, is dúshlán do thríú tíortha agus d’oibreoirí i dtríú tíortha iad freisin, dúshlán nach bhfacthas a leithéid riamh. Dá thoradh sin, i gcás tríú tíortha a aithníodh a bheith cóibhéiseach faoi Airteagal 33(2) Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (3), is iomchuí síneadh bliana a chur le dáta éagtha a n‐aitheantais go dtí 31 Nollaig 2026 ionas go mbeidh a ndóthain ama ag tríú tíortha den sórt sin a stádas a athrú bíodh sé sin trí chomhaontú trádála a thabhairt i gcrích leis an Aontas nó trí Rialachán (AE) 2018/848 a bheith á chomhlíonadh go hiomlán ag a n‐oibreoirí, gan cur isteach neamhriachtanach a dhéanamh ar thrádáil táirgí orgánacha.

(8)

Mar an gcéanna, ba cheart síneadh bliana go dtí 31 Nollaig 2024 a chur le dáta éaga an aitheantais a tugadh d’údaráis rialaithe agus do chomhlachtaí rialaithe i dtríú tíortha faoi Airteagal 33(3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 chun dóthain ama a thabhairt do na húdaráis rialaithe agus do na comhlachtaí rialaithe sin agus dá n‐oibreoirí deimhnithe i dtríú tíortha chun iarmhairtí phaindéim COVID-19 a shárú agus chun ullmhúcháin a dhéanamh don chreat rialála nua arna bhunú le Rialachán (AE) 2018/848.

(9)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, go sonrach chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an earnáil orgánach go rianúil, chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar agus chun go seachnófar an cur isteach is féidir a bheith ar an margadh mar gheall ar na dálaí suaithinseacha a chruthaigh paindéim COVID-19 a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(10)

I bhfianaise phaindéim COVID-19 a chruthaigh dálaí suaithinseacha i leith táirgeadh orgánach a dteastaíonn gníomhaíocht láithreach dá mbarr, meastar gurb iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(11)

I bhfianaise an ghá atá ann, thar aon ní eile, deimhneacht dhlíthiúil don earnáil orgánach a áirithiú sna cúinsí atá ann faoi láthair, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm ar bhonn práinne ar an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/848 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 29(4), cuirtear “31 Nollaig 2025” in ionad an dáta “31 Nollaig 2024”;

(2)

sa dara fomhír d’Airteagal 48(1), cuirtear “31 Nollaig 2026” in ionad an dáta “31 Nollaig 2025”;

(3)

in Airteagal 49, cuirtear “31 Nollaig 2022” in ionad an dáta “31 Nollaig 2021”;

(4)

Leasaítear Airteagal 53 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear “31 Nollaig 2036” in ionad an dáta “31 Nollaig 2035”;

(b)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

sa chuid tosaigh, cuirtear “1 Eanáir 2029” in ionad an dáta “1 Eanáir 2028”;

(ii)

i bpointe (a), cuirtear “31 Nollaig 2036” in ionad an dáta “31 Nollaig 2035”;

(c)

i mír 3, cuirtear “1 Eanáir 2027” in ionad an dáta “1 Eanáir 2026”;

(d)

i mír 4, cuirtear “1 Eanáir 2026” in ionad an dáta “1 Eanáir 2025” agus cuirtear “31 Nollaig 2026” in ionad an dáta “31 Nollaig 2025”;

(e)

sa chuid tosaigh den chéad fhomhír de mhír 7, cuirtear “31 Nollaig 2026” in ionad an dáta “31 Nollaig 2025”;

(5)

in Airteagal 57(1), cuirtear “31 Nollaig 2024” in ionad an dáta “31 Nollaig 2023”;

(6)

in Airteagal 60, cuirtear “1 Eanáir 2022” in ionad an dáta “1 Eanáir 2021”;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d’Airteagal 61:

“Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.”;

(8)

Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

i gCuid I, leasaítear pointe 1.5 mar a leanas:

(i)

sa dara mír, cuirtear “31 Nollaig 2031” in ionad an dáta “31 Nollaig 2030”;

(ii)

sa tríú mír, cuirtear “31 Nollaig 2026” in ionad an dáta “31 Nollaig 2025”;

(b)

Leasaítear Cuid II mar a leanas:

(i)

i bpointe (a) de phointe 1.9.1.1, cuirtear “1 Eanáir 2024” in ionad an dáta “1 Eanáir 2023”;

(ii)

i bpointe (a) de phointe 1.9.2.1, cuirtear “1 Eanáir 2024” in ionad an dáta “1 Eanáir 2023”;

(iii)

sa chuid tosaigh de phointe (c) de phointe 1.9.3.1, cuirtear “31 Nollaig 2026” in ionad an dáta “31 Nollaig 2025”;

(iv)

sa chuid tosaigh de phointe (c) de phointe 1.9.4.2, cuirtear “31 Nollaig 2026” in ionad an dáta “31 Nollaig 2025”;

(c)

i gCuid III, sa dara mír de phointe 3.1.2.1, cuirtear “1 Eanáir 2022” in ionad an dáta “1 Eanáir 2021”;

(d)

i gCuid VII, i bpointe 1.1, cuirtear “31 Nollaig 2024” in ionad an dáta “31 Nollaig 2023”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Samhain 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2020.

(2)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1).