22.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 352/1


RIALACHÁN (AE) 2020/1530 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Treoir (AE) 2016/798, a mhéid a bhaineann le rialacha sábháilteachta agus idir-inoibritheachta iarnróid a chur i bhfeidhm laistigh de Nasc Seasta Mhuir nIocht

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ceanglaítear ar gach Ballstát údarás náisiúnta sábháilteachta a bhunú a bhfuil cúraimí a shonraítear maidir le sábháilteacht iarnróid le cur de chúram air. I gcomhréir leis an Treoir sin, féadfaidh údarás náisiúnta sábháilteachta a bheith ina chomhlacht arna bhunú go haontaobhach ag an mBallstát lena mbaineann nó, de rogha air sin, ina chomhlacht a gcuireann roinnt Ballstát de chúram air na cúraimí sin a dhéanamh chun córas sábháilteachta aontaithe a áirithiú.

(2)

Leis an gConradh idir an Fhrainc agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le Tógáil agus Oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht a dhéanann Lamháltóirí Príobháideacha a síníodh in Canterbury an 12 Feabhra 1986 (“Conradh Canterbury”), bunaíodh Coimisiún Idir-Rialtasach chun maoirseacht a dhéanamh ar na hábhair uile a bhaineann le tógáil agus oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht (“an Coimisiún Idir-Rialtasach”).

(3)

Go dtí deireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (4) (“an idirthréimhse”), is é an Coimisiún Idir-Rialtasach an t‐údarás náisiúnta sábháilteachta de réir bhrí Threoir (AE) 2016/798 atá freagrach as Nasc Seasta Mhuir nIocht.

(4)

Ag deireadh na hidirthréimhse, tiocfaidh an Coimisiún Idir-Rialtasach chun bheith ina chomhlacht arna bhunú trí chomhaontú idirnáisiúnta idir Ballstát, eadhon an Fhrainc, agus tríú tír, eadhon Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”). Mura bhforálfar a mhalairt le comhaontú idirnáisiúnta a bheidh ina cheangal ar an Ríocht Aontaithe, ní bheidh sé ina údarás náisiúnta sábháilteachta a thuilleadh faoi dhlí an Aontais agus ní bheidh dlí an Aontais infheidhme a thuilleadh maidir leis an gcuid de Nasc Seasta Mhuir nIocht atá faoi dhlínse na Ríochta Aontaithe.

(5)

Chun oibriú sábháilte agus éifeachtúil Nasc Seasta Mhuir nIocht a áirithiú, is iomchuí an Coimisiún Idir-Rialtasach a choimeád mar an t‐údarás sábháilteachta aonair atá freagrach as an mbonneagar sin ina iomláine.

(6)

Chun na críche sin, le Cinneadh (AE) 2020/1531 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), cumhachtaítear an Fhrainc, faoi choinníollacha áirithe, comhaontú idirnáisiúnta, lena ndéantar forlíonadh ar Chonradh Canterbury, a chaibidliú, a shíniú agus a thabhairt i gcrích, faoina gcoinneofar an Coimisiún Idir-Rialtasach mar an t‐údarás sábháilteachta aonair atá inniúil chun dlí an Aontais a chur i bhfeidhm laistigh de Nasc Seasta Mhuir nIocht.

(7)

Chuige sin, ba cheart rialacha sonracha a bhunú maidir le húdaráis sábháilteachta shonracha, agus maidir le dualgais an Bhallstáit lena mbaineann na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfidh an t‐údarás sábháilteachta sonrach dlí an Aontais i bhfeidhm i gcónaí nó, ina éagmais sin, go gcuirfidh údarás sábháilteachta an Bhallstáit sin dlí an Aontais i bhfeidhm.

(8)

D’fhéadfadh sé, le réiteach díospóidí idir an Ballstát lena mbaineann agus an tríú tír i réimse na sábháilteachta iarnróid, go dtabharfaí ceisteanna ar aird maidir le léiriú dhlí an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a dhéanamh inniúil chun réamhrialuithe a thabhairt maidir leis na ceisteanna sin.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2016/798 a leasú dá réir.

(10)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon oibiriú sábháilte agus éifeachtúil Nasc Seasta Mhuir nIocht ag deireadh na hidirthréimhse a áirithiú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(11)

Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir (AE) 2016/798

Leasaítear Treoir (AE) 2016/798 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (7):

“7.

ciallaíonn ‘údarás náisiúnta sábháilteachta’:

(a)

an comhlacht náisiúnta a gcuirtear de chúram air na cúraimí a bhaineann le sábháilteacht iarnróid i gcomhréir leis an Treoir seo;

(b)

aon chomhlacht a gcuireann roinnt Ballstát de chúram air na cúraimí dá dtagraítear i bpointe (a) chun córas sábháilteachta aontaithe a áirithiú;

(c)

aon chomhlacht a gcuireann Ballstát agus tríú tír de chúram air na cúraimí dá dtagaraítear i bpointe (a) chun córas sábháilteacht aontaithe a áirithiú, ar choinníoll go mbeidh comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas chuige sin leis an tríú tír lena mbaineann nó go mbeidh comhaontú den sórt sin tugtha i gcrích ag an mBallstát sin i gcomhréir le cumhachtú arna dheonú ag an Aontas chuige sin;”;

(2)

in Airteagal 16, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“4.

I gcás ina mbeidh píosa aonair de struchtúr innealtóireachta suite i bpáirt i dtríú tír agus i bpáirt i mBallstát, féadfaidh an Ballstát sin, de bhreis ar an údarás náisiúnta sábháilteachta atá inniúil dá chríoch ar shlí eile, agus i gcomhréir le hAirteagal 3, pointe (7), pointe (c), agus le comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag an Aontas nó a bhfuil a thabhairt i gcrích údaraithe ag an Aontas, údarás sábháilteachta a ainmniú a bheidh inniúil go sonrach don struchtúr innealtóireachta sin agus gach aon ghné eile de chuid an bhonneagair iarnróid atá nasctha leis (‘an t‐údarás sábháilteachta sonrach’). I gcomhréir leis an gcomhaontú idirnáisiúnta sin, féadfaidh an t‐údarás náisiúnta sábháilteachta inniúlacht a ghlacadh go sealadach as an gcuid sin den struchtúr innealtóireachta atá suite sa Bhallstát sin.

I gcomhthéacs aon chomhaontaithe idirnáisiúnta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, glacfaidh an Ballstát lena mbaineann na bearta ar fad atá ar fáil dó faoin gcomhaontú idirnáisiúnta sin chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an t‐údarás sábháilteachta sonrach dlí an Aontais. Chuige sin, agus i gcás inar gá, ar chúiseanna a bhaineann le sábháilteacht iarnróid, bainfidh an Ballstát lena mbaineann úsáid gan mhoill as an gceart a thugtar leis an gcomhaontú idirnáisiúnta sin, ar trína bhíthin a bheidh an t‐údarás náisiúnta sábháilteachta i dteideal inniúlacht eisiach a ghlacadh air féin i dtaobh na coda den struchtúr innealtóireachta atá suite sa Bhallstát sin.

5.

I gcás díospóid a chuirfear chun eadrána i gcomhréir le comhaontú idirnáisiúnta ina dtugtar ceist ar aird faoi léiriú dhlí an Aontais, beidh an dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt Bhreithiúnais’) réamhrialú a thabhairt maidir leis an gceist sin arna iarraidh sin ag an mbinse eadrána arna chur ar bun chun díospóidí a réiteach faoin gcomhaontú idirnáisiúnta sin.

Na forálacha i ndlí an Aontais lena rialaítear imeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir le hAirteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontas Eorpaigh, beidh feidhm mutatis mutandis acu maidir le hiarrataí ar réamhrialú ón gCúirt Bhreithiúnais arna ndéanamh de bhun na chéad fhomhíre.

I gcás ina mainníonn an binse eadrána aon rialú ón gCúirt Bhreithiúnais arna thabhairt i gcomhréir leis an gcéad fhomhír a chomhlíonadh, bainfidh an Ballstát lena mbaineann úsáid gan mhoill as an gceart a thugtar leis an gcomhaontú idirnáisiúnta, ar trína bhíthin a bheidh an t‐údarás náisiúnta sábháilteachta i dteideal inniúlacht eisiach a ghlacadh air féin i dtaobh na coda den struchtúr innealtóireachta atá suite sa Bhallstát sin.”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Tuairim an 16 Meán Fómhair 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2020.

(3)  Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le sábháilteacht iarnróid (IO L 138, 26.5.2016, lch. 102).

(4)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

(5)  Cinneadh (AE) 2020/1531 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2020 lena gcumhachtaítear an Fhrainc chun comhaontú idirnáisiúnta lena ndéantar forlíonadh ar an gConradh idir an Fhrainc agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le Tógáil agus Oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht a dhéanann Lamháltóirí Príobháideacha a chaibidliú, a shíniú agus a thabhairt i gcrích (féach leathanach 4 den Iris Oifigiúil seo)