13.10.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 335/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1463 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Deireadh Fómhair 2020
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1542 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2018 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 15 Deireadh Fómhair 2018, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2018/1542. |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2018/1542, d’athbhreithnigh an Chomhairle liosta na ndaoine agus na n‐eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. Ba cheart nuashonrú a dhéanamh ar iontráil amháin ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 12 Deireadh Fómhair 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an iontráil seo a leanas in ionad iontráil Uimh. 5 i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2 faoin bhfocheannteideal “A. Daoine nádúrtha” mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542:
Ainm |
Faisnéis sainaitheantais |
Na forais atá leis an ainmniú |
Dáta na liostála |
“5. Said SAID |
dá ngairtear freisin: Saeed, Sa’id Sa’id Teideal: Dochtúir, ball de Institute 3000 (dá ngairtear freisin Institute 6000) de SSRC; Inscne: fireann; Dáta breithe: 11 Nollaig 1955 |
Pearsa shuntasach é Said Said in Institute 3000 dá ngairtear freisin Institute 6000, an rannán den Ionad Staidéir Eolaíochta agus Taighde (SSRC) atá freagrach as airm cheimiceacha na Siria a fhorbairt agus a tháirgeadh. |
21.1.2019”. |