12.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 333/1


RIALACHÁN (AE) 2020/1429 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Deireadh Fómhair 2020

lena mbunaítear bearta le haghaidh margadh iarnróid inbhuanaithe i bhfianaise ráig COVID-19

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Mar thoradh ar ráig COVID-19, tá laghdú géar tagtha ar an éileamh ar sheribhísí iompair d’iarnród. Bhí tionchar mór aige sin ar ghnóthais iarnróid. Bhí an tionchar le sonrú chomh luath leis an 1 Márta 2020, agus is dócha go mairfidh sé go dtí an 31 Nollaig 2020 ar a laghad. Níl neart ag gnóthais iarnróid ar na cúinsí atá nasctha le ráig COVID-19 agus a bhfuil fadhbanna leachtachta suntasacha, agus caillteanais ollmhóra le sárú acu, mar aon le riosca na dócmhainneachta i gcásanna áirithe.

(2)

Chun gníomhú in aghaidh éifeachtaí eacnamaíocha diúltacha ráig COVID-19, d’fhéadfadh sé go mbeadh tacaíocht airgeadais ag teastáil ó ghnóthais iarnróid. D’fhéadfadh sé nach bhféadfadh gnóthais iarnróid muirir a íoc i leith úsáid an bhonneagar iarnróid le linn ráig COVID-19, agus, chuige sin, ba cheart a chur ar a gcumas do bhainisteoirí bonneagair muirir den chineál sin a laghdú, a tharscaoileadh nó a iarchur. Ba cheart an deis seo a dheonú go ceann tréimhse ina bhfuil éifeachtaí ráig COVID-19 le sonrú cheana féin ar an margadh iarnróid agus go ceann na tréimhse a mheastar a mhairfidh na héifeachtaí sin, is é sin ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020 (an “tréimhse tagartha”).

(3)

Faoi Airteagal 31(3) de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), níl na muirir rianrochtana, atá le híoc leis an mbainisteoir bonneagair, le dul faoi bhun an chostais a thabhófar go díreach de thoradh an tseirbhís traenach a oibriú. Tarscaoileadh muirear, bíodh sé páirteach nó iomlán, nó iarchur muirear, a dhéanfaí amhlaidh, agus a chuirfí i bhfeidhm ar mhodh trédhearcach oibiachtúil neamh-idirdhealaitheach maidir le gach gnóthas iarnróid, atá gníomhach san earnáil iarnróid lastais agus/nó paisinéirí, laghdódh sé tionchar ráig COVID-19 le linn na tréimhse tagartha. Ba cheart, dá bhrí sin, an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit a údarú do na bainisteoirí bonneagair bearta chun na críche sin a ghlacadh.

(4)

Le hAirteagal 32(1) de Threoir 2012/34/AE, ceadaítear do na Ballstáit uasmharcálacha a thobhach, i gcás inar féidir leis an margadh iad a sheasamh. De dheasca thionchair ráig COVID-19, d’fhéadfadh sé go bhfuil laghdú tagtha ar chumas na ndeighleog margaidh uasmharcálacha a sheasamh. Ba cheart, dá bhrí sin, an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit a údarú do na bainisteoirí bonneagair athmheasúnú a dhéanamh ar chumas na ndeighleog margaidh uasmharcálacha a sheasamh, chun críocha laghdú féideartha ar na suimeanna atá le híoc i leith na tréimhse tagartha.

(5)

Le hAirteagal 36 de Threoir 2012/34/AE, déantar foráil maidir le córas um muirir áirithinte, rud a bhfuil sé beartaithe leis úsáid éifeachtúil an toillte a dhreasú. De réir an Airteagail sin, tá sé sainordaitheach na muirir sin a thobhach i gcás ina mainníonn iarratasóir, lena n‐áirítear gnóthais iarnróid, go tráthrialta, na conairí traenach leithdháilte, nó codanna díobh, a úsáid. Tá bainisteoirí bonneagair chun na critéir atá le húsáid chun neamhúsáid den chineál sin a chinneadh a fhoilsiú ina gcuid ráiteas gréasáin. De dheasca ráig COVID-19, cuireadh as don trácht iarnróid chomh dona sin gur cuireadh conairí traenach ar ceal go forleathan. Níl, agus ní raibh, neart ag gnóthais iarnróid ar na heachtraí ba chúis leis an méid a thit amach. Thairis sin, bhí ró-thoilleadh sealadach ann mar gheall ar an méid a thit amach. Dá bhrí sin, i dtaca leis an éifeacht dreasachta a bhí beartaithe leis na muirir áirithinte i gcomhréir le hAirteagal 36 de Threoir 2012/34/AE, is féidir glacadh leis nach bhfuil an éifeacht dreasachta sin ábhartha a mhéid a bhaineann leis an tréimhse thagartha. Dá bhrí sin, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit a údarú do bhainisteoirí bonneagair gan muirir áirithinte a thobhach i leith toilleadh a leithdháileadh ach nár úsáideadh le linn na tréimhse tagartha, fiú i gcás ina measfaí gur mainneachtain thráthrialta na conairí traenach, nó codanna díobh a úsáid, í an neamh-úsáid sin faoi na critéir is infheidhme faoi láthair.

(6)

I leith na muirear rianrochtana, i leith na huasmharcálacha a thobhach agus i leith na muirear áirithinte, thiocfadh caillteanas ioncaim do na bainisteoirí bonneagair as aon laghdú ar mhuirir a d’údaródh Ballstáit i gcomhréir leis an Rialachán seo. Chúiteofaí na caillteanais ioncaim sin, i bprionsabal, i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Threoir 2012/34/AE. I bhfianaise chineál neamhghnáiche na gcaillteanas sin, ba cheart na bainisteoirí bonneagair a chúiteamh laistigh de thréimhse níos giorra ná an tréimhse dá bhforáiltear san Airteagal sin, is é sin faoin 31 Nollaig den bhliain tar éis na bliana inar tabhaíodh an caillteanas.

(7)

Ba cheart coigeartuithe sealadacha a dhéanamh ar na coinníollacha a ghabhann le húsáid an bhonneagar iarnróid agus ba cheart na ráitis ghréasáin a choinneáil cothrom le dáta agus iad a leasú de réir mar is gá.

(8)

De dheasca chineál neamh-intuartha agus tobann ráig COVID-19, fágadh nárbh fhéidir bearta ábhartha a ghlacadh in am. Ar an gcúis sin, ba cheart a chumhdach freisin leis an Rialachán seo tréimhse sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm. I bhfianaise chineál na mbeart dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, níl sárú ar ionchais dhlisteanacha na ndaoine lena mbaineann mar thoradh ar chur chuige den sórt sin.

(8a)

Is deacair an fhorbairt a thiocfaidh ar ráig COVID-19 amach anseo agus an tionchar a bheidh aici ar earnáil an iompair d’iarnród amach anseo a thuar. Ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh go leanúnach ar thionchar eacnamaíoch ráig COVID-19 ar an earnáil sin agus ba cheart é a bheith ar chumas an Aontais síneadh a chur leis an tréimhse ar lena linn a bhfuil feidhm ag na bearta dá bhforáiltear leis an Rialachán seo má leanann na himthosca diúltacha de bheith ann gan moill míchuí.

(9)

Chun go bhféadfar síneadh a chur le bailíocht na mbeart dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, más gá agus má bhíonn bonn cirt leis sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le síneadh a chur leis an tréimhse ar lena linn a mbeidh feidhm ag na bearta dá bhforáiltear leis an Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‐áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (4). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna a fhaigheann na saineolaithe iad sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(10)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialacha sealadacha a leagan síos maidir le muirir a thobhach i leith úsáid bonneagair iarnróid mar fhreagairt ar an gcás práinne atá cruthaithe ag ráig COVID-19, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(11)

Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha sealadacha maidir le muirir a thobhach i leith úsáid bonneagair iarnróid mar a leagtar amach i gCaibidil IV de Threoir 2012/34/AE. Tá feidhm aige maidir le bonneagar iarnróid a úsáid le haghaidh na seirbhísí iarnróid intíre agus idirnáisiúnta a chumhdaítear leis an Treoir sin, le linn na tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020 (“an tréimhse thagartha”).

Airteagal 2

Laghdú, tarscaoileadh nó iarchur muirear le haghaidh an phacáiste íosrochtana, agus laghdú, tarscaoileadh nó iarchur muirear áirithinte

1.   D’ainneoin Airteagail 27 agus 31(3) de Threoir 2012/34/AE, agus faoi réir na rialacha maidir leis an Státchabhair a chomhlíonadh, féadfaidh na Ballstáit a údarú do na bainisteoirí bonneagair íocaíocht na muirear i leith an phacáiste íosrochtana, agus i leith rochtain ar bhonneagar lena nasctar saoráidí seirbhíse, a laghdú, a tharscaoileadh no a iarchur, i gcás inarb iomchuí de réir na ndeighleog margaidh a shainaithnítear ina ráitis ghréasáin ar bhealach trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach, i gcás ina bhfuil íocaíocht den sórt sin tagtha chun bheith dlite, nó ina dtiocfaidh sí chun bheith dlite, le linn na tréimhse tagartha.

2.   D’ainneoin Airteagal 27 de Threoir 2012/34/AE, agus faoi réir na rialacha maidir leis an Státchabhair a chomhlíonadh, féadfaidh na Ballstáit a údarú do na bainisteoirí bonneagair athmheasúnú a dhéanamh ar chumas na ndeighleog margaidh uasmharcálacha a sheasamh de réir bhrí Airteagal 32(1) de Threoir 2012/34/AE, chun críocha laghdú féideartha ar na suimeanna atá le híoc i leith na tréimhse tagartha.

3.   D’ainneoin Airteagal 27 agus an tríú habairt d’Airteagal 36 de Threoir 2012/34/AE, agus faoi réir na rialacha maidir leis an Státchabhair a chomhlíonadh, féadfaidh na Ballstáit a údarú do na bainisteoirí bonneagair gan muirir áirithinte a thobhach ar aon iarratasóir, lena n‐áirítear gnóthais iarnróid, i leith toilleadh a leithdháileadh ach nár úsáideadh le linn na tréimhse tagartha. Le linn dóibh déanamh amhlaidh, gníomhóidh na Ballstáit agus na bainisteoirí bonneagair ar bhealach trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach.

4.   D’ainneoin Airteagal 8(4) de Threoir 2012/34/AE, agus faoi réir na rialacha maidir leis an Státchabhair a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit na bainisteoirí bonneagair a chúiteamh, faoin 31 Nollaig den bhliain tar éis na bliana inar tabhaíodh an caillteanas, as an gcaillteanas sonrach airgeadais a fulaingíodh de thoradh míreanna 1, 2 agus 3 a chur i bhfeidhm. Ní dochar an cúiteamh sin d’oibleagáid na mBallstát faoi Airteagal 8(4) de Threoir 2012/34/AE a áirithiú, thar thréimhse réasúnta, nach rachaidh thar tréimhse cúig bliana, go leanfaidh cuntas brabúis agus caillteanais bainisteora bonneagair de bheith ar comhardú.

4a.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta a glacadh faoin Airteagal seo tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi bhearta dá éis sin nó athruithe a dhéanfar orthu dá éis sin. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí.

Airteagal 3

Coigeartuithe na gcoinníollacha maidir le húsáid bonneagar iarnróid

D’ainneoin Airteagal 27 de Threoir 2012/34/AE, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair, de réir mar is iomchuí agus gan aon mhoill, an ráiteas gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2012/34/AE a leasú chun na coinníollacha a chuireann siad i bhfeidhm a léiriú, i bhfianaise na mbeart arna nglacadh ag an mBallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán seo.

Airteagal 4

Comhlacht rialála

Beidh feidhm ag Airteagal 56 de Threoir 2012/34/CE maidir le laghdú, tarscaoileadh nó iarchur muirear le haghaidh an phacáiste íosrochtana, agus laghdú, tarscaoileadh nó iarchur muirear áirithinte dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo agus maidir le coigeartuithe na gcoinníollacha maidir le húsáid bonneagar iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo i leith na gcritéar a leagtar amach in Airteagail 2 agus 3 den Rialachán seo atá infheidhme maidir le bainisteoirí bonneagair.

Airteagal 5

Síneadh a chur leis an tréimhse thagartha

1.   Faoin 1 Samhain 2020, soláthróidh na bainisteoirí bonneagair sonraí don Choimisiún, sonraí faoi úsáid a gcuid líonraí arna rangú de réir deighleoga margaidh, i gcomhréir le hAirteagal 32(1) de Threoir 2012/34/AE, maidir leis na tréimhsí ón 1 Márta 2019 go dtí an 30 Meán Fómhair 2019 agus ón 1 Márta 2020 go dtí an 30 Meán Fómhair 2020.

I gcás ina gcuirtear síneadh leis an tréimhse tagartha, soláthróidh na bainisteoirí bonneagair tacar nua sonraí don Choimisiún nuair a bheidh leath den síneadh arna chur leis an tréimhse tagartha caite, d’fhonn ligean don Choimisiún an fhorbairt atá ag teacht ar an gcás le linn an síneadh a chuirtear leis an tréimhse thagartha a mheasúnú.

2.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún, ar bhonn na sonraí dá dtagraítear i mír 1, go bhfuil laghdú ar leibhéal an tráchta iarnróid, i gcomparáid leis an leibhéal le linn thréimhse chomhfhreagrach na mblianta roimhe ag leanúint ar aghaidh, agus gur dócha go leanfaidh sé de bheith amhlaidh, agus go gcinneann an Coimisiún freisin, ar bhonn na sonraí eolaíochta is fearr atá ar fáil, gur de thoradh thionchar ráig COVID-19 atá an cás seo amhlaidh, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6 chun an tréimhse thagartha a shonraítear in Airteagal 1 a leasú dá réir. Le haon leasú den sórt sin, ní fhéadfar ach síneadh suas chomh fada le sé mhí a chur leis an tréimhse thagartha, agus ní fhéadfar síneadh go dtí dáta níos faide amach ná an 14 Aibreán 2022 a chur leis an tréimhse thagartha.

3.   Más rud é, sa chás go leanfaidh ráig COVID-19 ag imirt tionchar ar an earnáil iompair d’iarnród san Aontas, ar feadh tamall fada, go mbeidh riachtanas leis ar mhórfhorais práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 6

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 13 Deireadh Fómhair 2020.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‐ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 7

An nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar aon agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomh tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 6(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLIM.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Tuairim an 16 Iúil 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meán Fómhair 2020 (nár foilsíódh go fóill san Iris Oifigiúil agus cinneadh ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2020.

(3)  Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).

(4)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.