30.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 246/4


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1125 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Iúil 2020

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/796 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/796 an 17 Bealtaine 2019 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit (1), agus go háirithe Airteagal 13(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Bealtaine 2019, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2019/796.

(2)

Tá bearta sriantacha spriocdhírithe i gcoinne cibirionsaithe a bhfuil éifeacht shuntasach acu agus atá ina mbagairt sheachtrach ar an Aontas nó ar a Bhallstáit ar cheann de na bearta a áirítear i gcreat an Aontais le haghaidh freagairt chomhpháirteach taidhleoireachta ar chibirghníomhaíochtaí mailíseacha (bosca uirlisí na cibearthaidhleoireachta) agus is uirlis ríthábhachtach iad chun gníomhaíochtaí den sórt sin a dhíspreagadh agus chun freagairt orthu. Is féidir bearta sriantacha a chur i bhfeidhm freisin mar fhreagairt ar chibirionsaithe a bhfuil éifeacht shuntasach acu i gcoinne tríú Stáit nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, i gcás ina meastar gur gá sin chun cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála i bhforálacha ábhartha Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a bhaint amach.

(3)

An 16 Aibreán 2018, ghlac an Chomhairle conclúidí inar cháin sí go géar úsáid mhailíseach teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear sna cibirionsaithe ar a dtugtar go poiblí “WannaCry” agus “NotPetya”, arbh iad ba chúis le damáiste suntasach agus caillteanas eacnamaíoch san Aontas agus níos faide i gcéin. An 4 Deireadh Fómhair 2018, chuir Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an “tArdionadaí”) ábhair imní thromchúiseacha in iúl i ráiteas comhpháirteach faoi iarracht ar chibirionsaí chun dochar a dhéanamh d’iomláine na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) san Ísiltír, gníomh ionsaitheach inar léiríodh go raibh dímheas á thaispeáint do chríoch shollúnta OPCW. I ndearbhú a rinneadh thar ceann an Aontais an 12 Aibreán 2019, d’áitigh an tArdionadaí ar ghníomhaithe stop a chur le cibirghníomhaíochtaí mailíseacha a dhéanamh arb é is aidhm dóibh an bonn a bhaint d’iomláine, slándáil agus iomaíochas eacnamaíoch an Aontais, lena n‐áirítear gníomhaíochtaí gadaíochta cibearchumasaithe maoine intleachtúla. I measc na gadaíochta cibearchumasaithe sin, áirítear gadaíocht a dhéanann an gníomhaí ar a dtugtar “APT10” (“Ardbhagairt Sheasmhach 10”).

(4)

Sa chomhthéacs sin, agus chun iompar mailíseach leanúnach sa chibearspás atá ag dul i méid a chosc, a dhíspreagadh, agus chun freagairt air, ba cheart seisear daoine nádúrtha agus trí eintiteas nó trí chomhlacht a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/796. Tá na daoine agus na heintitis nó na comhlachtaí sin freagrach as cibirionsaithe nó iarrachtaí ar chibirionsaithe, nó thug siad tacaíocht dóibh nó bhí siad páirteach iontu, nó d’éascaigh siad iad, lena n‐áirítear an iarracht ar chibirionsaí i gcoinne OPCW agus na cibirionsaithe ar a dtugtar “WannaCry” agus “NotPetya” go poiblí, chomh maith le “Operation Cloud Hopper”.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/796 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/796 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  IO L 129I, 17.5.2019, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine agus na heintitis nó na comhlachtaí seo a leanas ar an liosta de dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, d’eintitis agus de chomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/796:

“A.   Daoine nádúrtha

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

1.

GAO Qiang

Áit bhreithe: Cúige Shandong, an tSín

Seoladh: Seomra 1102, Guanfu Mansion, 46 Xinkai Road, Ceantar Hedong, Tianjin, an tSín

Náisiúntacht: Sínis

Inscne: fireann

Tá Gao Qiang páirteach in ‘Operation Cloud Hopper’, sraith cibirionsaithe a dhéanann mórdhíobháil agus a tháinig ó fhoinse lasmuigh den Aontas, agus ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit agus cibirionsaithe a dhéanann mórdhíobháil freisin do thríú Stáit.

Dhírigh ‘Operation Cloud Hopper’ ar chórais faisnéise chuideachtaí ilnáisiúnta i sé mhór-roinn, lena n‐áirítear cuideachtaí atá lonnaithe san Aontas, agus d’éirigh leis rochtain neamhúdaraithe a fháil ar shonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus caillteanas suntasach eacnamaíoch ann dá dheasca.

30.7.2020

Is é an gníomhaí ‘APT10’ (‘Ardbhagairt Sheasmhach 10’), mar a thugtar air go poiblí, (dá ngairtear Red Apollo, CVNX, Stone Panda, MenuPass agus Potassium freisin), a chuir ‘Operation Cloud Hopper’ i gcrích.

Tá fianaise ann go bhfuil ceangal idir Gao Qiang agus APT10, lena n‐áirítear tríd an mbaint atá aige le ceannasaíocht agus bonneagar rialaithe APT10. Thairis sin, bhí Gao Qiang fostaithe ag Huaying Haitai, eintiteas atá ainmnithe i dtaobh tacaíocht a thabhairt do ‘Operation Cloud Hopper’ agus é a éascú. Tá ceangail idir é agus Zhang Shilong, fear atá ainmnithe agus luaite le ‘Operation Cloud Hopper’. Tá Gao Qiang bainteach, dá bhrí sin, le Huaying Haitai agus Zhang Shilong araon.

2.

ZHANG Shilong

Seoladh: Hedong, Yuyang Road No 121, Tianjin, an tSín

Náisiúntacht: Sínis

Inscne: fireann

Tá Zhang Shilong páirteach in ‘Operation Cloud Hopper’, sraith cibirionsaithe a dhéanann mórdhíobháil agus a tháinig ó fhoinse lasmuigh den Aontas, agus ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit agus cibirionsaithe a dhéanann mórdhíobháil freisin do thríú Stáit.

Dhírigh ‘Operation Cloud Hopper’ ar chórais faisnéise chuideachtaí ilnáisiúnta i sé mhór-roinn, lena n‐áirítear cuideachtaí atá lonnaithe san Aontas, agus d’éirigh leis rochtain neamhúdaraithe a fháil ar shonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus caillteanas suntasach eacnamaíoch ann dá dheasca.

Is é an gníomhaí ‘APT10’ (‘Ardbhagairt Sheasmhach 10’), mar a thugtar air go poiblí, (dá ngairtear Red Apollo, CVNX, Stone Panda, MenuPass agus Potassium freisin), a chuir ‘Operation Cloud Hopper’ i gcrích’.

30.7.2020

Tá fianaise ann go bhfuil ceangal idir Zhang Shilong agus APT10, lena n‐áirítear trí na bogearraí mailíseacha a d’fhorbair sé agus a thástáil sé i ndáil leis na cibirionsaithe a rinne APT10. Thairis sin, bhí Zhang Shilong fostaithe ag Huaying Haitai, eintiteas atá ainmnithe i dtaobh tacaíocht a thabhairt do ‘Operation Cloud Hopper’ agus é a éascú. Tá ceangail idir é agus Gao Qiang, fear atá ainmnithe agus luaite le ‘Operation Cloud Hopper’. Tá Zhang Shilong bainteach, dá bhrí sin, le Huaying Haitai agus Gao Qiang araon.

3.

Alexey Valeryevich MININ

Алексей Валерьевич МИНИН

Dáta breithe: an 27 Bealtaine 1972

Áit bhreithe: Perm Oblast, PCSS na Rúise (dá ngairtear Cónaidhm na Rúise anois)

Uimhir an phas: 120017582 Arna eisiúint ag: Aireacht Gnóthaí Eachtracha Chónaidhm na Rúise

Bailíocht: ón 17 Aibreán 2017 go dtí an 17 Aibreán 2022

Suíomh: Moscó, Cónaidhm na Rúise

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Bhí Alexey Minin páirteach in iarracht cibirionsaithe i gcoinne na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) san Ísiltír, cibirionsaí ar baol dó an-díobháil go deo a dhéanamh.

Mar oifigeach tacaíochta faisnéise daonna do Phríomh-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise (GU/GRU), bhí Alexey Minin ar dhuine d’fhoireann de cheathrar oifigeach faisnéise míleata Rúiseacha a rinne iarracht rochtain neamhúdaraithe a fháil ar líonra WiFi OPCW sa Háig, an Ísiltír, i mí Aibreáin 2018. Is é a bhí beartaithe leis an iarracht sin ar chibirionsaí, briseadh isteach i líonra WiFi OPCW, rud a chuirfeadh slándáil an líonra agus an obair imscrúdaitheach atá ar bun ag OPCW faoi láthair i mbaol, dá mba rud é gur éirigh leis. Bhain Seirbhís Faisnéise Cosanta agus Slándála na hÍsiltíre (DISS) (Militaire Inlichtingen- en Veiligheidsdienst – MIVD) na cosa den iarracht sin ar chibirionsaí, agus ar an gcaoi sin, d’éirigh léi aon mhórdhíobháil a dhéanfaí do OPCW a chosc.

30.7.2020

4.

Aleksei Sergeyvich MORENETS

Алексей Сергеевич МОРЕНЕЦ

Dáta breithe: an 31 Iúil 1977

Áit bhreithe: Murmanskaya Oblast, PCSS na Rúise (dá ngairtear Cónaidhm na Rúise anois)

Uimhir an phas: 100135556 Arna eisiúint ag: Aireacht Gnóthaí Eachtracha Chónaidhm na Rúise

Bailíocht: ón 17 Aibreán 2017 go dtí an 17 Aibreán 2022

Suíomh: Moscó, Cónaidhm na Rúise

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Bhí Aleksei Morenets páirteach in iarracht cibearionsaithe i gcoinne na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) san Ísiltír, cibirionsaí ar baol dó an-díobháil go deo a dhéanamh.

Mar chibearoibreoir do Phríomh-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise (GU/GRU), bhí Aleksei Morenets ar dhuine d’fhoireann de cheathrar oifigeach faisnéise míleata Rúiseacha a rinne iarracht rochtain neamhúdaraithe a fháil ar líonra WiFi OPCW sa Háig, an Ísiltír, i mí Aibreáin 2018. Is é a bhí beartaithe leis an iarracht sin ar chibirionsaí, briseadh isteach i líonra WiFi OPCW, rud a chuirfeadh slándáil an líonra agus an obair imscrúdaitheach atá ar bun ag OPCW faoi láthair i mbaol, dá mba rud é gur éirigh leis. Bhain Seirbhís Faisnéise Cosanta agus Slándála na hÍsiltíre (DISS) (Militaire Inlichtingen- en Veiligheidsdienst – MIVD) na cosa den iarracht sin ar chibirionsaí, agus ar an gcaoi sin, d’éirigh léi aon mhórdhíobháil a dhéanfaí do OPCW a chosc.

30.7.2020

5.

Evgenii Mikhaylovich SEREBRIAKOV

Евгений Михайлович СЕРЕБРЯКОВ

Dáta breithe: an 26 Iúil 1981

Áit bhreithe: Kursk, PCSS na Rúise (dá ngairtear Cónaidhm na Rúise anois)

Uimhir an phas: 100135555 Arna eisiúint ag: Aireacht Gnóthaí Eachtracha Chónaidhm na Rúise

Bailíocht: ón 17 Aibreán 2017 go dtí an 17 Aibreán 2022

Suíomh: Moscó, Cónaidhm na Rúise

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Bhí Evgenii Serebriakov páirteach in iarracht cibirionsaithe i gcoinne na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) san Ísiltír, cibirionsaí ar baol dó an-díobháil go deo a dhéanamh.

Mar chibearoibreoir do Phríomh-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise (GU/GRU), bhí Evgenii Serebriakov ar dhuine d’fhoireann de cheathrar oifigeach faisnéise míleata Rúiseacha a rinne iarracht rochtain neamhúdaraithe a fháil ar líonra WiFi OPCW sa Háig, an Ísiltír, i mí Aibreáin 2018. Is é a bhí beartaithe leis an iarracht sin ar chibirionsaí, briseadh isteach i líonra WiFi OPCW, rud a chuirfeadh slándáil an líonra agus an obair imscrúdaitheach atá ar bun ag OPCW faoi láthair i mbaol, dá mba rud é gur éirigh leis. Bhain Seirbhís Faisnéise Cosanta agus Slándála na hÍsiltíre (DISS) (Militaire Inlichtingen- en Veiligheidsdienst – MIVD) na cosa den iarracht sin ar chibirionsaí, agus ar an gcaoi sin, d’éirigh léi aon mhórdhíobháil a dhéanfaí do OPCW a chosc.

30.7.2020

6.

Oleg Mikhaylovich SOTNIKOV

Олег Михайлович СОТНИКОВ

Dáta breithe: an 24 Lúnasa 1972

Áit bhreithe: Ulyanovsk, PCSS na Rúise (dá ngairtear Cónaidhm na Rúise anois)

Uimhir an phas: 120018866 Arna eisiúint ag: Aireacht Gnóthaí Eachtracha Chónaidhm na Rúise

Bailíocht: ón 17 Aibreán 2017 go dtí an 17 Aibreán 2022

Suíomh: Moscó, Cónaidhm na Rúise

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Bhí Oleg Sotnikov páirteach in iarracht cibirionsaithe i gcoinne na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) san Ísiltír, cibirionsaí ar baol dó an-díobháil go deo a dhéanamh.

Mar oifigeach tacaíochta faisnéise daonna do Phríomh-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise (GU/GRU), bhí Oleg Sotnikov ar dhuine d’fhoireann de cheathrar oifigeach faisnéise míleata Rúiseacha a rinne iarracht rochtain neamhúdaraithe a fháil ar líonra WiFi OPCW sa Háig, an Ísiltír, i mí Aibreáin 2018. Is é a bhí beartaithe leis an iarracht sin ar chibirionsaí, briseadh isteach i líonra WiFi OPCW, rud a chuirfeadh slándáil an líonra agus an obair imscrúdaitheach atá ar bun ag OPCW faoi láthair i mbaol, dá mba rud é gur éirigh leis. Bhain Seirbhís Faisnéise Cosanta agus Slándála na hÍsiltíre (DISS) (Militaire Inlichtingen- en Veiligheidsdienst – MIVD) na cosa den iarracht sin ar chibirionsaí, agus ar an gcaoi sin, d’éirigh léi aon mhórdhíobháil a dhéanfaí do OPCW a chosc.

30.7.2020

B.   Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

1.

Tianjin Huaying Haitai Science and Technology Development Co Ltd (Huaying Haitai

dá ngairtear freisin: Haitai Technology Development Co. Ltd

Suíomh: Tianjin, an tSín

Thug Huaying Haitai tacaíocht airgeadais, theicniúil nó ábhartha do ‘Operation Cloud Hopper’, agus rinne éascaíocht don oibríocht sin, arb é a bhí ann sraith cibirionsaithe a rinne mórdhíobháil agus a tháinig ó fhoinse lasmuigh den Aontas, agus ar bhagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit, agus a rinne mórdhíobháil freisin do thríú Stáit.

Dhírigh ‘Operation Cloud Hopper’ ar chórais faisnéise chuideachtaí ilnáisiúnta i sé mhór-roinn, lena n‐áirítear cuideachtaí atá lonnaithe san Aontas, agus d’éirigh leis rochtain neamhúdaraithe a fháil ar shonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus caillteanas suntasach eacnamaíoch ann dá dheasca.

Is é an gníomhaí ‘APT10’ (‘Ardbhagairt Sheasmhach 10’) (a.k.a. ‘Red Apollo’, ‘CVNX’, ‘Stone Panda’, ‘MenuPass’ agus ‘Potassium’), mar a thugtar air go poiblí, a chuir ‘Operation Cloud Hopper’ i gcrích.

Tá fianaise ann go bhfuil ceangal idir Huaying Haitai agus APT10. Thairis sin, d’fhostaigh Huaying Haitai Gao Qiang agus Zhang Shilong, beirt atá luaite le ‘Operation Cloud Hopper’. Tá ceangal, dá bhrí sin, idir Huaying Haitai agus Gao Qiang agus Zhang Shilong.

30.7.2020

2.

Chosun Expo

dá ngairtear freisin: Chosen Expo; Korea Export Joint Venture

Suíomh: DPDC

Thug Chosun Expo tacaíocht airgeadais, theicniúil nó ábhartha do shraith cibirionsaithe, agus rinne sé éascaíocht dóibh, sraith cibirionsaithe a rinne mórdhíobháil agus a tháinig ó fhoinse lasmuigh den Aontas agus ar bhagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit agus cibirionsaithe a rinne mórdhíobháil freisin do thríú Stáit, lena n‐áirítear cibirionsaithe ‘WannaCry’, mar a thugtar orthu go poiblí, agus cibirionsaithe i gcoinne Údarás Maoirseachta Airgeadais na Polainne agus Sony Pictures Entertainment, chomh maith le cibearghadaíocht ó Bhanc na Banglaidéise agus iarracht ar ghadaíocht ó Bhanc Tien Phong i Vítneam.

Chuir ‘WannaCry’ córais faisnéise in aimhréidh mórthimpeall an domhain trí bhogearraí éirice a chur i bhfeidhm ar chórais faisnéise agus trí rochtain ar shonraí a bhlocáil. Chuir sé as do chórais faisnéise chuideachtaí an Aontais, lena n‐áirítear córais faisnéise atá bainteach le seirbhísí atá riachtanach chun seirbhísí bunriachtanacha agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chothabháil sna Ballstáit.

Is é an gníomhaí ‘APT38’ (‘Ardbhagairt Sheasmhach 38’), mar a thugtar air go poiblí, nó Lazarus Group a chuir ‘WannaCry’ i gcrích.

Tá fianaise ann go bhfuil ceangal idir Chosun Expo agus APT38/Lazarus Group, lena n‐áirítear trí na cuntais a úsáideadh le haghaidh na gcibirionsaithe.

30.7.2020

3.

Príomh-Lárionad le haghaidh Teicneolaíochtaí Speisialta (GTsST) Phríomh-Ard-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise (GU/GRU)

Seoladh: 22 Sráid Kirova, Moscó, Cónaidhm na Rúise

Is é Príomhionad Teicneolaíochtaí Speisialta (GTsST) Phríomh-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise (GU/GRU), nó 74455, mar a thugtar air óna uimhir phoist allamuigh, atá freagrach as cibirionsaithe a dhéanann mórdhíobháil agus a tháinig ó fhoinse lasmuigh den Aontas agus ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit agus as cibirionsaithe a dhéanann mórdhíobháil freisin do thríú Stáit, lena n‐áirítear cibirionsaithe ‘NotPetya’ nó ‘EternalPetya’, mar a thugtar orthu go poiblí, i mí an Mheithimh 2017, agus cibirionsaithe ar eangach fuinnimh na hÚcráine i ngeimhreadh na bliana 2015 agus 2016.

De dheasca ‘NotPetya’ nó ‘EternalPetya’, fágadh cuideachtaí éagsúla san Aontas, san Eoraip i gcoitinne agus mórthimpeall na cruinne, gan rochtain ar shonraí nuair a cuireadh bogearraí éirice i bhfeidhm ar ríomhairí agus nuair a rinneadh rochtain ar shonraí a bhlocáil, agus caillteanas suntasach eacnamaíoch ann dá dheasca, i measc rudaí eile. Leis an gcibirionsaí ar eangach fuinnimh na hÚcráine, fágadh gur múchadh codanna de i gcaitheamh an gheimhridh.

30.7.2020”

Is é an gníomhaí ‘Sandworm’ (a.k.a. ‘Sandworm Team’, ‘BlackEnergy Group’, ‘Voodoo Bear’, ‘Quedagh’, ‘Olympic Destroyer’ agus ‘Telebots’), mar a thugtar air go poiblí, a chuir ‘NotPetya’ nó ‘EternalPetya’ i gcrích, agus is é freisin ba chúis leis an ionsaí ar eangach fuinnimh na hÚcráine.

Tá ról gníomhach ag Príomhionad Teicneolaíochtaí Speisialta (GTsST) Phríomh-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise sna cibirghníomhaíochtaí a rinne Sandworm agus tá fianaise ann go bhfuil ceangal idir é agus Sandworm.