31.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

17


RIALACHÁN (AE) 2020/1055 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Iúil 2020

lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1071/2009, (CE) Uimh. 1072/2009 agus (AE) Uimh. 1024/2012 chun go n-oiriúnófar iad d’fhorbairtí in earnáil an iompair de bhóthar

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leis an taithí a fuarthas maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 (4) agus Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nochtadh go bhféadfaí feabhas a chur ar na rialacha dá bhforáiltear sna rialacháin sin i dtaca le roinnt pointí.

(2)

Go dtí seo, agus mura ndéantar foráil dóibh sa dlí náisiúnta, ní bhíonn feidhm ag na rialacha i dtaca le rochtain ar ghairm an oibreora iompair de bhóthar maidir le gnóthais atá ag gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar amháin trí bhíthin feithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 3,5 tonna nó cónaisc feithiclí nach dtéann thar sin. Tá méadú tagtha ar líon na ngnóthas sin atá gníomhach in oibríochtaí iompair náisiúnta agus idirnáisiúnta araon. De thoradh air sin, tá cinneadh déanta ag roinnt Ballstát na rialacha i dtaca le rochtain ar ghairm an oibreora iompair de bóthar, dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009, a chur i bhfeidhm maidir leis na gnóthais sin. Chun aon lúb ar lár a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint agus chun íosleibhéal gairmiúlachta a áirithiú in earnáil a úsáideann mótarfheithiclí atá ceaptha go heisiach chun earraí a iompar agus nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 3,5 tonna i bhfoirm rialacha comhchoiteanna, agus dá bhrí sin le gur cosúla lena chéile na coinníollacha iomaíochta idir na hoibreoirí ar fad, ba cheart an Rialachán sin a leasú. Ba cheart na ceanglais chun rochtain a fháil ar an ngairm a bheith éigeantach d’oibreoirí a úsáideann mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí atá ceaptha go heisiach chun earraí a iompar agus a bhfuil mais ualaithe ceadaithe acu atá níos mó ná 2,5 tonna agus nach mó ná 3,5 tonna agus atá rannpháirteach san iompar idirnáisiúnta.

(3)

Faoi Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009, tá gníomhaíochtaí áirithe tarlaithe idirnáisiúnta díolmhaithe ón ngá le ceadúnas Comhphobail chun dul isteach sa mhargadh Eorpach tarlaithe de bhóthar. Faoi chuimsiú eagrú an mhargaidh sin, gnóthais tarlaithe de bhóthar atá ag iompar earraí i mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 2,5 tonna, ba cheart na gnóthais sin a dhíolmhú ón ngá le ceadúnas Comhphobail nó údarú eile iompair a bheith acu.

(4)

Cé go bhfuil feithiclí a bhfuil a mais ualaithe ceadaithe faoi leibhéal áirithe díolmhaithe ó raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009, tugtar an fhéidearthacht do na Ballstáit, leis an Rialachán sin, cuid de na forálacha nó na forálacha uile atá ann a chur i bhfeidhm maidir le feithiclí den sórt sin.

(5)

Faoi láthair, tá na Ballstáit i dteideal ceanglais eile atá sa bhreis ar na ceanglais a shonraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 a chur ar rochtain ar ghairm an oibreora iompair de bhóthar. Níor léiríodh go raibh gá leis an bhféidearthacht seo chun freagairt do riachtanais ríthábhachtacha agus mar gheall air sin bhí éagsúlachtaí ann maidir le rochtain den sórt sin. Dá bhrí sin, ba cheart deireadh a chur léi.

(6)

Chun feiniméan na “cuideachtaí caocha”, mar a thugtar orthu, a chomhrac, agus iomaíocht chóir agus cothrom na Féinne sa mhargadh inmheánach a ráthú, ní mór a áirithiú go bhfuil fíorláithreacht leanúnach ag oibreoirí iompair de bhóthar atá bunaithe i mBallstát sa Bhallstát sin agus gur as an áit sin a dhéanann siad a gcuid gnó. Dá bhrí sin, agus i bhfianaise na taithí a fuarthas, is gá na forálacha maidir le bunaíocht éifeachtach agus chobhsaí a bheith ann a shoiléiriú agus a neartú, agus forchur ualach riaracháin díréireach a sheachaint san am céanna.

(7)

Ba cheart fíorláithreacht leanúnach sa Bhallstát bunaíochta a cheangal ar an ngnóthas, go háirithe, oibríochtaí iompair a dhéanamh leis an trealamh teicniúil iomchuí suite sa Bhallstát sin.

(8)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009, ceanglaítear ar ghnóthais a n-oibríochtaí a dhéanamh go héifeachtach agus go leanúnach leis an trealamh agus na saoráidí teicniúla iomchuí ag lárionad oibríochta atá suite sa Bhallstát bunaíochta, agus ceadaítear, leis an Rialachán sin, ceanglais bhreise ar an leibhéal náisiúnta, arb é an ceann is coitianta díobh spásanna páirceála a bheith ar fáil sa Bhallstát bunaíochta. Mar sin féin, níor leor na ceanglais sin a cuireadh i bhfeidhm go héagothrom chun fíornasc a áirithiú leis an mBallstát sin d’fhonn cuideachtaí caocha a chomhrac go héifeachtúil agus chun an baol an chabatáiste chórasaigh agus tiománaithe fáin a laghdú, ar tiománaithe iad a eagraítear ag gnóthas chuig nach bhfilleann na feithiclí. Ós rud é go bhféadfadh sé go dteastódh rialacha sonracha maidir leis an gceart bunaíochta agus soláthar seirbhísí chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh i réimse an iompair a áirithiú, is iomchuí na ceanglais bhunaíochta a chomhchuibhiú tuilleadh agus na ceanglais a bhaineann le láithreacht na bhfeithiclí a úsáideann an t-oibreoir iompair sa Bhallstát bunaíochta a neartú. Trí íostréimhse shoiléir a shainiú faoi nach mór don fheithicil teacht ar ais, rannchuidítear lena áirithiú gur féidir na feithiclí sin a chothabháil mar is ceart leis an trealamh teicniúil atá suite sa Bhallstát bunaíochta, agus éascaítear rialuithe.

Ba cheart an timthriall a leagtar síos don fhilleadh sin a shioncrónú le hoibleagáid an ghnóthais iompair faoi Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir le hoibríochtaí a eagrú ar bhealach a chuireann ar chumas an tiománaí filleadh abhaile gach 4 seachtaine, ar a laghad, ionas gur féidir an dá oibleagáid a chomhlíonadh má fhilleann an tiománaí leis an bhfeithicil gach dara timthriall dar fad 4 seachtaine ar a laghad. Leis an sioncronú sin, neartaítear ceart fillte an tiománaí agus laghdaítear an baol nach dtabharfar an fheithicil ar ais ach ar mhaithe leis an gceanglas bunaíochta nua sin a chomhlíonadh. Níor cheart, áfach, go bhfágfadh an ceanglas maidir le filleadh ar an mBallstát bunaíochta go gcaithfí líon sonrach oibríochtaí a dhéanamh sa Bhallstát bunaíochta ná go gcuirfí teorainn ar shlí eile leis an bhféidearthacht a bhíonn ag oibreoirí seirbhísí a sholáthar ar fud an mhargaidh inmheánaigh.

(9)

Sa mhéid go mbraitheann rochtain ar ghairm an oibreora iompair de bhóthar ar dea-cháil an ghnóthais lena mbaineann, is gá soléirithe a dhéanamh maidir leis na daoine nach mór a gcuid iompair a chur san áireamh, maidir leis na nósanna imeachta riaracháin nach mór iad a leanúint agus na tréimhsí feithimh maidir le hathshlánú i gcás ina gcailleann bainisteoir iompair a dhea-cháil.

(10)

I bhfianaise an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar na coinníollacha maidir le hiomaíocht chóir sa mhargadh iompair de bhóthar, ba cheart sáruithe tromchúiseacha ar rialacha náisiúnta cánach a chur leis na gnéithe ábhartha maidir le measúnú a dhéanamh ar dhea-cháil.

(11)

I bhfianaise an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar an margadh iompair de bhóthar agus ar an gcosaint shóisialta oibreoirí, ba cheart sáruithe tromchúiseacha ar dhlí an Aontais maidir le hoibrithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar, cabatáiste agus ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha a chur leis na gnéithe ábhartha maidir le measúnú a dhéanamh ar dhea-cháil.

(12)

Mar gheall ar thábhacht na hiomaíochta córa sa mhargadh inmheánach, ba cheart sáruithe ar dhlí an Aontais atá ábhartha don cheist seo, lena n-áirítear rialacha maidir le rochtain ar an margadh amhail rialacha cabatáiste, a chur san áireamh sa mheasúnú ar dhea-cháil na mbainisteoirí iompair agus na ngnóthas iompair. Ba cheart téarmaí an chumhachtaithe a shoiléiriú dá réir sin, ar dá mbun a bhfuil an Choimisiúin chun leibhéal tromchúise na sáruithe ábhartha a shainiú.

(13)

Bhí deacrachtaí ag údaráis inniúla náisiúnta maidir le sainaithint na ndoiciméad a bhféadfaidh gnóthais a chur isteach chun a seasamh airgeadais a chruthú, go háirithe in éagmais cuntais dheimhnithe bhliantúla. Ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar na rialacha maidir leis an bhfianaise a theastaíonn chun seasamh airgeadais a chruthú.

(14)

Maidir le gnóthais atá ag gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthair trí bhíthin mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí atá ceaptha go heisiach chun earraí a iompair, atá rannpháirteach san iompar idirnáisiúnta agus ar mó ná 2,5 tonna a mais ualaithe ceadaithe ach nach mó ná 3,5 tonna í, ba cheart leibhéal íosta seasaimh airgeadais a bheith ag na gnóthais sin, chun a áirithiú go bhfuil na modhanna acu oibríochtaí a chur i gcrích ar bhonn cobhsaí agus fadtéarmach. Ós rud é, áfach, go mbíonn teorainn ar mhéid na n-oibríochtaí a dhéantar leis na feithiclí sin de ghnáth, níor cheart na ceanglais chomhfhreagracha maidir leis an seasamh airgeadais a bheith chomh crua céanna leis na ceanglais atá i bhfeidhm maidir le hoibreoirí a úsáideann feithiclí thar an teorainn sin. Ba cheart cónaisc feithiclí a chur san áireamh agus an seasamh airgeadais a cheanglaítear á chinneadh. Ba cheart don údarás inniúil an leibhéal níos airde den cheanglas airgeadais a chur i bhfeidhm i gcás gur mó mais ualaithe ceadaithe an chónaisc feithiclí ná 3,5 tonna.

(15)

Chun caighdeáin arda a choinneáil agus a chruthú do ghnóthais gan tionchair dhiúltacha a chruthú ar an margadh inmheánach san iompar de bhóthar, ba cheart a cheadú do na Ballstáit na ceanglais airgeadais lena dtagraítear d’úsáid feithiclí troma a cur i bhfeidhm maidir leis na gnóthais atá bunaithe ar a gcríocha i leith feithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 3,5 tonna.

(16)

Chun earnáil iontaofa an iompair de bhóthar a áirithiú agus chun feabhas a chur ar bhailiú fiach chuig comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit comhlíonadh a cheangal i ndáil le hoibleagáidí íocaíochta i gcás eintiteas poiblí, mar shampla fiachais chánach breisluacha agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta, agus a cheangal nach mbeidh gnóthais faoi réir imeachtaí a tugadh isteach chun a gcuid sócmhainní a chosaint.

(17)

Ba cheart an fhaisnéis faoi oibreoirí iompair atá sna cláir leictreonacha náisiúnta a bheith chomh hiomlán agus chomh cothrom le dáta agus is féidir d’fhonn léargas leordhóthanach a bheith ag na húdaráis náisiúnta atá i gceannas ar fhorfheidhmiú na rialacha ábhartha maidir leis na hoibreoirí atá faoi imscrúdú. Go háirithe, le faisnéis maidir le cláruimhir na bhfeithiclí atá ar fáil do na hoibreoirí agus grádú riosca na n-oibreoirí, ba cheart go mbeadh forfheidhmiú náisiúnta agus trasteorann níos fearr i gcás forálacha Rialacháin (CE) Uimh. 1071/2009 agus (CE) Uimh. 1072/2009. Ba cheart na rialacha ar an gclár leictreonach náisiúnta a leasú dá réir.

(18)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na nósanna imeachta teicniúla faoina gceadaítear go leictreonach cláir leictreonacha náisiúnta na mBallstát eile, inter alia, a ghlacadh. I measc na nósanna imeachta sin, d’fhéadfadh nósanna imeachta a bheith i gceist chun a áirithiú gur féidir leis na húdaráis inniúla rochtain a fháil, le linn seiceálacha cois bóthair, ar an rátáil chomhchuibhithe riosca atá ag gnóthas faoi Airteagal 9 de Threoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(19)

Ní théann an sainmhíniú maidir leis an sárú is tromchúisí a bhaineann le dul thar an teorainn tiomána laethúil, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009, leis an bhforáil ábhartha atá ann cheana a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 561/2006. Leis an neamhréireacht sin, cruthaítear éiginnteacht agus cleachtais éagsúla i measc údaráis náisiúnta agus, mar thoradh air sin, cruthaítear deacrachtaí maidir le forfheidhmiú na rialacha atá i gceist. Ba cheart an sainmhíniú sin a shoiléiriú dá bharr sin chun comhsheasmhacht a áirithiú idir an dá Rialachán.

(20)

I dtaca leis na rialacha maidir le hiompar náisiúnta a dhéanann tarlóirí neamhchónaitheacha ar bhonn sealadach i mBallstát óstach (“cabatáiste”), ba cheart go mbeidís soiléir, simplí agus éasca a fhorfheidhmiú, agus ag an am céanna an leibhéal léirscaoilte atá bainte amach go dtí seo á choimeád.

(21)

Ba cheart d’oibríochtaí cabatáiste cuidiú le lódfhachtóir feithiclí tromshaothair a mhéadú agus turais fholmha a laghdú, agus ba cheart iad a cheadú fad is nach dtéitear ina mbun ar shlí a chruthaíonn gníomhaíocht bhuan nó leanúnach laistigh den Bhallstát lena mbaineann. Chun a áirithiú nach ndéantar oibríochtaí cabatáiste ar shlí a chruthaíonn gníomhaíocht bhuan nó leanúnach, níor cheart cead a thabhairt do tharlóirí oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh sa Bhallstát céanna laistigh de thréimhse áirithe ama tar éis deireadh thréimhse oibríochtaí cabatáiste.

(22)

Cé gur baineadh tairbhe as an léirscaoileadh breise a bunaíodh in Airteagal 4 de Threoir 92/106/CEE ón gComhairle (9) i gcomparáid le cabatáiste faoi Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 maidir le hiompar comhcheangailte a chur chun cinn agus cé gur chóir, i bprionsabal, é sin a choinneáil ar bun, is gá a áirithiú nach mbaintear mí-úsáid as. Is léir ón taithí a fuarthas, i gcodanna áirithe den Aontas, go bhfuiltear tar éis úsáid chórasach a bhaint as an bhforáil sin chun dul timpeall ar chineál sealadach an chabatáiste agus mar bhonn le láithreacht leanúnach feithiclí i mBallstát seachas Ballstát bunaíochta an ghnóthais. Tá an baol ann gurb í an dumpáil shóisialta a bheidh mar thoradh ar chleachtais éagóracha den sórt sin agus go gcuirfear i mbaol an urraim nach mór a thabhairt don chreat dlíthiúil a bhaineann le cabatáiste. Ba cheart, dá bhrí sin, go bhféadfadh Ballstát maolú ó Airteagal 4 de Threoir 92/106/CEE agus na forálacha a bhaineann le cabatáiste i Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna den sórt sin, trí theorainn chomhréireach a thabhairt isteach maidir le láithreacht leanúnach feithiclí laistigh dá gcríoch.

(23)

Is réamhriachtanas é d’iomaíocht chóir sa mhargadh inmheánach go ndéanfaí na rialacha a fhorfheidhmiú go héifeachtach agus go héifeachtúil. Tá sé riachtanach tuilleadh digitithe a dhéanamh ar an bhforfheidhmiú chun an acmhainn forfheidhmithe a mhéadú, chun laghdú a dhéanamh ar ualaigh riaracháin neamhriachtanacha ar oibreoirí iompair idirnáisiúnta agus, go háirithe, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, chun díriú ar bhealach níos fearr ar oibreoirí iompair ardriosca agus chun cleachtais chalaoiseacha a bhrath. Ba cheart na modhanna a shoiléiriú lenar féidir le hoibreoirí iompair de bhóthar a chruthú go bhfuil siad ag comhlíonadh na gceanglas maidir le hoibríochtaí cabatáiste. Ba cheart seiceálacha cois bóthair a bheith bunaithe ar dhoiciméid iompair agus ar thaifid tacagraif, má tá fáil orthu. Chun go mbeadh sé níos simplí do na húdaráis inniúla faisnéis ábhartha agus a láimhseáil a chur ar fáil dá réir, ba cheart úsáid agus tarchur faisnéis leictreonach maidir le hiompar a aithint mar mhodh chun comhlíonadh a chruthú. Ba cheart go ndéanfaí an fhormáidiú a úsáidfear chun na críche sin iontaofacht agus barántúlacht a áirithiú. Agus breithniú á dhéanamh ar mhalartú éifeachtach leictreonach faisnéise a bheith ag tarlú níos minice i gcúrsaí iompair agus lóistíochta, tá sé tábhachtach comhleanúnachas a áirithiú sna creata rialála agus forálacha a bhunú lena dtugtar aghaidh ar shimpliú na nósanna imeachta rialacháin.

(24)

Is iad gnóthais iompair seolaithe na rialacha ar iompar idirnáisiúnta agus mar sin, tá siad faoi réir iarmhairtí aon sáruithe a dhéanann siad. Chun mí-úsáid a dhéanfadh gnóthais a dhéanann conarthaí le hoibreoirí tarlaithe maidir le seirbhísí iompair de bhóthar a chosc, áfach, ba cheart do Bhallstáit foráil a dhéanamh do rialacha soiléire agus intuartha maidir le smachtbhannaí i gcoinne coinsíneoirí, seoltóirí lasta, conraitheoirí agus fochonraitheoirí i gcás ina raibh a fhios acu, nó, i bhfianaise na n-imthosca ábhartha uile gur cheart a fhios a bheith acu, go mbaineann sáruithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 leis na seirbhísí a choimisiúnaigh siad.

(25)

Beidh ról tábhachtach maidir le cuidiú leis na Ballstáit rialacha an Rialacháin seo a fhorfheidhmiú go leordhóthanach ag an Údarás Eorpach Saothair, Údarás a chumhdaíonn Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 faoina raon feidhme gníomhaíochtaí mar a leagtar amach in Airteagal 1(4) de Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Bainfidh an ról seo go háirithe le seiceálacha comhbheartaithe, le héascú an chomhair agus an mhalartaithe faisnéise idir na Ballstáit, le cur chun cinn agus comhroinnt an dea-chleachtais, le tacú le fothú acmhainní, le hoiliúint agus le feachtais ardaithe feasachta.

(26)

Chun forbairtí ar an margadh agus dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 agus chun Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (11). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(27)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon leibhéal comhchuibhiúcháin a thabhairt isteach i gcásanna áirithe nach bhfuil comhchuibhithe go fóill le dlí an Aontais, go háirithe maidir le hiompar le feithiclí tráchtála éadroma agus cleachtais forfheidhmiúcháin, agus chun coinníollacha iomaíochta a mheas agus chun forfheidhmiú a fheabhsú, a ghnóthú go leordhóthanach ach mar gheall ar nádúr na gcuspóirí arna saothrú in éineacht le cineál trasteorann an iompair de bhóthar, gur fearr is féidir na cuspóirí a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí arna saothrú a ghnóthú.

(28)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 1071/2009, (CE) Uimh. 1072/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, leasaítear mír 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

gnóthais nach mbíonn ag gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar ach amháin trí bhíthin mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí nach mó a mais ualaithe incheadaithe ná 3,5 tonna agus a bhíonn ag gabháil go heisiach d’oibríochtaí iompair náisiúnta ina mBallstát bunaíochta;”;

(b)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(aa)

gnóthais nach mbíonn ag gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar ach amháin trí bhíthin mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí nach mó a mais ualaithe incheadaithe ná 2,5 tonna;”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

gnóthais a bhíonn ag gabháil do sheirbhísí iompair paisinéirí de bhóthar chun críoch neamhthráchtála go heisiach, nó a bhfuil príomhghairm acu seachas gairm an oibreora iompair phaisinéirí de bhóthar;”;

(d)

cuirtear an fomhír seo a leanas leis:

“Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, déanfar aon iompar de bhóthar, seachas iompar ar fruiliú nó ar airgead nó iompar ar a chuntas féin, nach bhfaightear aon luach saothair díreach nó indíreach ar a shon agus nach ngineann aon ioncam díreach nó indíreach do thiománaí na feithicle ná do dhaoine eile agus gan aon nasc ann le gníomhaíocht iompair ghairmiúil, measfar sin mar iompar chun críoch neamhthráchtála.”;

(2)

in Airteagal 3, scriostar mír 2;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas bunaíochta

1.   Chun an ceanglas a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 3(1) a chomhlíonadh, déanfaidh an ghnóthas, sa Bhallstát bunaíochta, an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

beidh áitreabh ag an ngnóthas ag a mbeidh rochtain aige ar chóipeanna bunaidh a phríomhdhoiciméad gnó, bídís i bhfoirm leictreonach nó in aon fhoirm eile, go háirithe a chonarthaí iompair, doiciméid maidir leis na feithiclí atá ar fáil don ghnóthas, a dhoiciméid chuntasaíochta, a dhoiciméid uile maidir le bainistíocht foirne, a chonarthaí fostaíochta, a dhoiciméid slándála sóisialta, doiciméid a bhfuil sonraí iontu maidir le seoladh agus postú tiománaithe, a dhoiciméid uile ina bhfuil sonraí maidir le cabatáiste, am tiomána agus tréimhsí sosa agus aon doiciméad eile a gcaithfidh rochtain a bheith ag an údarás inniúil air chun a fhíorú go gcomhlíonfaidh na gnóthais na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo;

(b)

eagróidh an gnóthas gníomhaíocht a fhlít feithiclí ar bhealach lena n-áiritheofaí go bhfillfidh feithiclí atá ar fáil don ghnóthas agus a úsáidtear in iompar idirnáisiúnta ar cheann de na lárionaid oibríochtúla sa Bhallstát sin laistigh de 8 seachtaine, ar a laghad, tar éis di é a fhágáil;

(c)

beidh an gnóthas cláraithe ar chlár na gcuideachtaí tráchtála sa Bhallstát sin nó ar chlár atá comhchosúil leis nuair is gá sin faoin dlí náisiúnta;

(d)

beidh an gnóthas faoi réir cáin ar ioncaim agus, nuair is gá sin faoin dlí náisiúnta, beidh uimhir chláraithe bhailí cáin bhreisluacha aige;

(e)

a luaithe a dheonófar údarú don ghnóthas, beidh feithicil amháin nó níos mó ná feithicil amháin ar fáil don ghnóthas a bheidh cláraithe nó a chuirfear i gcúrsaíocht agus a bheidh údaraithe lena n-úsáid i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann ar fáil aige sa Bhallstát sin, is cuma cé acu atá de na feithiclí sin atá faoi lánúinéireacht nó, mar shampla, faoi chonradh fruilcheannaigh, faoi chonradh fruilithe nó faoi chonradh léasúcháin;

(f)

déanfaidh an gnóthas a ghníomhaíochtaí riaracháin agus tráchtála ar mhodh éifeachtach agus leanúnach leis an trealamh agus na saoráidí iomchuí, dá dtagraítear i bpointe (a), ag áitreabh atá lonnaithe sa Bhallstát sin, agus déanfaidh sé bainistiú éifeachtach leanúnach ar a oibríochtaí iompair leis na feithiclí dá dtagraítear i bpointe (g) leis an trealamh riaracháin iomchuí, sa Bhallstát sin;

(g)

beidh líon feithiclí ar fáil don ghnóthas, ar bhonn leanúnach, a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (e), agus tiománaithe a bhíonn bunaithe de ghnáth ag ionad oibríochtúil sa Bhallstát sin, sa dá chás i gcomhréir le líon na n-oibríochtaí iompair a dhéanann an gnóthas.

2.   De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i mír 1, féadfaidh Ballstáit a cheangal ar ghnóthas an méid seo a leanas a bheith aige sa Bhallstát bunaíochta:

(a)

i gcomhréir le méid gníomhaíochta an ghnóthais, foireann riaracháin atá cáilithe go cuí ag áitreabh an ghnóthais nó an bainisteoir iompair a bheith insroichte le linn gnáthuaireanta gnó;

(b)

i gcomhréir le méid gníomhaíochta an ghnóthais, bonneagar oibríochtúil seachas an trealamh riaracháin dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 1 ar chríoch an Bhallstáit sin, lena n-áirítear oifig atá oscailte le linn gnáthuaireanta gnó.”;

(4)

Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Agus cinneadh á dhéanamh acu an bhfuil an ceanglas sin maidir le dea-cháil comhlíonta ag an ngnóthas sin, cuirfidh na Ballstáit iompraíocht an ghnóthais, a bhainisteoirí iompair, a stiúrthóirí feidhmiúcháin agus aon duine ábhartha eile san áireamh, de réir mar a fhéadfaidh an Ballstát a chinneadh. Aon tagairt atá san Airteagal seo do chiontuithe, pionóis nó sáruithe, cuimseoidh sí ciontuithe, pionóis nó sáruithe an ghnóthais féin, a bhainisteoirí iompair, a stiúrthóirí feidhmiúcháin agus aon duine ábhartha eile de réir mar a fhéadfaidh an Ballstát a chinneadh.”;

(ii)

i bpointe (vi) de phointe (a) den tríú fomhír, scriostar an focal “agus”;

(iii)

i bpointe (a) den tríú fomhír cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(vii)

an dlí cánach; agus”;

(iv)

i bpointe (b) den tríú fomhír cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“(xi)

oibrithe a phostú san iompar de bhóthar;

(xii)

an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha;

(xiii)

cabatáiste.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Chun críocha phointe (b) den tríú fomhír de mhír 1, i gcás inar ciontaíodh an bainisteoir iompair nó an gnóthas iompair i gcion coiriúil tromchúiseach nó i gcás inar tabhaíodh an bainisteoir iompair nó an gnóthas iompair pionós i mBallstát amháin nó i níos mó ná Ballstát amháin mar gheall ar cheann de na sáruithe is tromchúisí ar rialacha an Aontais, faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhunaíochta faoi nós imeachta riaracháin a dhéanamh agus a chur i gcrích ar dhóigh atá iomchuí agus tráthúil, lena n-áireofar, más iomchuí, seiceáil a dhéanamh ar áitreabh an ghnóthais lena mbaineann.

Le linn an nós imeachta riaracháin, tabharfar an ceart do bhainisteoir iompair an ghnóthais iompair nó ionadaithe dlí eile an ghnóthais iompair, de réir an cháis, chun a gcuid argóintí agus mínithe a chur i láthair.

Le linn an nós imeachta riaracháin, déanfaidh an t-údarás inniúil a mheas an freagairt dhíréireach a bheadh ann, de bharr imthosca sonracha, dea-cháil a chailliúint sa chás sin ar leith. Sa mheasúnú sin, cuirfidh an t-údarás inniúil san áireamh an líon sáruithe tromchúiseacha ar rialacha náisiúnta agus ar rialacha an Aontais dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 1, mar aon le líon na sáruithe is tromchúisí ar rialacha an Aontais, faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad, a ndearnadh an bainisteoir iompair nó an gnóthas iompair a chiontú i gcion nó ar gearradh pionóis orthu ina leith. Beidh réasúnú cuí ag aon chinneadh den sórt sin agus bonn cirt leis.

I gcás ina gcinnfeadh an t-údarás inniúil go mbeadh sé díréireach dea-cháil a chailliúint, cinnfidh sé go leanann dea-cháil de bheith ar an ngnóthas lena mbaineann. Déanfar na cúiseanna leis an gcinneadh sin a thaifeadadh sa chlár náisiúnta. Sonrófar líon na gcinntí sin sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 26(1).

Má mheasann an t-údarás inniúil nach mbeadh sé díréireach dea-cháil a chailliúint, caillfear dea-cháil de thoradh an chiontaithe nó an phionóis.”;

(c)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“2a.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos liosta de chatagóirí, cineálacha agus leibhéil tromchúise maidir le sáruithe tromchúiseacha ar rialacha an Aontais dá dtagraítear i bpointe (b) den tríú fomhír de mhír 1, sáruithe, mar aon leo sin a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, lena bhféadfaí dea-cháil a chailleadh dá mbarr. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh faisnéis faoi na sáruithe sin, lena n-áirítear faisnéis a gheofar ó Bhallstáit eile, nuair a bheidh siad ag socrú na dtosaíochtaí le haghaidh seiceálacha de bhun Airteagal 12(1).

Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún:

(a)

na catagóirí agus na cineálacha sáruithe is minice a gcastar orthu a leagan síos;

(b)

leibhéal tromchúise na sáruithe a shainiú de réir a gcumais chun baol báis nó baol maidir le gortú tromchúiseach a chruthú agus a gcumais chun iomaíocht a shaobhadh sa mhargadh iompair de bhóthair, lena n-áirítear tríd an mbonn a bhaint ó dhálaí oibre oibrithe iompair;

(c)

an mhinicíocht a sholáthar lena bhféachfar ar shraith sáruithe a théann thar an minicíocht sin mar sháruithe níos tromchúisí, ag cur san áireamh an líon feithiclí a úsáidfear le haghaidh na ngníomhaíochtaí iompair a bhainisteoidh bainisteoir iompair.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(3).”;

(5)

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.   D’fhonn an ceanglas a leagtar síos i bpointe (c) d’Airteagal 3(1) a chomhlíonadh, beidh gnóthas in ann a chuid oibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh i gcónaí i rith na bliana cuntasaíochta bliantúla. Taispeánfaidh an gnóthas, ar bhonn na gcuntas bliantúil arna ndeimhniú ag iniúchóir nó ag duine atá creidiúnaithe mar is iomchuí, go bhfuil aige gach bliain caipiteal agus cúlchistí caipitil arb ionann iad agus na suimeanna seo a leanas ar a laghad:

(a)

EUR 9 000, don chéad mhótarfheithicil a úsáidtear;

(b)

EUR 5 000 do gach mótarfheithicil bhreise nó cónasc feithiclí a úsáidtear ar mó a mhais ualaithe incheadaithe agus 3,5 tonna; agus

(c)

EUR 900 do gach mótarfheithicil bhreise nó cónasc feithiclí a úsáidtear ar mó a mhais ualaithe incheadaithe agus 2,5 tonna ach nach mó ná 3,5 tonna í.

Taispeánfaidh gnóthais a bhíonn ag gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar amháin trí bhíthin mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí ar mó ná 2,5 tonna a mais ualaithe incheadaithe ach nach mó ná 3,5 tonna í, ar bhonn na gcuntas bliantúil arna ndeimhniú ag iniúchóir nó ag duine atá creidiúnaithe faoi mar is iomchuí, go bhfuil caipiteal agus cúlchistí caipitil ar fáil acu arb ionann iad agus na suimeanna seo a leanas ar a laghad:

(a)

EUR 1 800, don chéad fheithicil a úsáidtear; agus

(b)

EUR 900 do gach feithicil bhreise a úsáidtear.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar na gnóthais atá bunaithe ar a gcríocha go mbeidh na méideanna céanna caipitil agus cúlchistí caipitil ar fáil acu do na feithiclí seo agus do na feithiclí dá dtagraítear sa chéad fhomhír. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas dá réir, agus cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil don phobal.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“1a.   Anuas ar na ceanglais a leagtar amach i mír 1, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar an ngnóthas, ar an mbainisteoir iompair nó ar aon duine ábhartha eile, de réir mar a fhéadfaidh na Ballstáit a chinneadh, nach mbeidh fiachais neamhphearsanta gan íoc atá dlite do chomhlachtaí atá faoi rialú an dlí phoiblí, agus nach mbeidh an gnóthas, an bainisteoir iompair nó an duine ábhartha eile féimheach nó faoi réir imeachtaí dócmhainneachta nó imeachtaí foirceanta.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil a aontú nó a cheangal go léireodh gnóthas a sheasamh airgeadais trí bhíthin teastas arna chinneadh ag an údarás inniúil, amhail ráthaíocht bainc nó árachas, lena n-áirítear árachas slánaíochta gairmiúla ó bhanc amháin nó níos mó ná banc amháin nó ó institiúidí airgeadais eile lena n-áirítear cuideachtaí árachais nó doiciméad eile atá ceangailteach, lena gcuirtear ráthaíocht chomhpháirteach agus leithleach ar fáil don ghnóthas maidir leis na méideanna a shonraítear i mír 1.”;

(d)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“2a.   De mhaolú ar mhír 1, in éagmais cuntais bhliantúla dheimhnithe do bhliain cláraithe an ghnóthais, aontóidh an t-údarás inniúil go léireoidh gnóthas a sheasamh airgeadais trí mheán deimhnithe amhail ráthaíocht bhainc, doiciméad arna eisiúint ó institiúid airgeadais lena mbunaítear rochtain ar chreidmheas in ainm an ghnóthais, nó doiciméad eile atá ceangailteach arna chinneadh ag an údarás inniúil lena gcruthaítear go bhfuil na méideanna a shonraítear i mír 1 ar fáil aige.”;

(6)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Féadfaidh na Ballstát oiliúint thréimhsiúil ar na hábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I a chur chun cinn ag eatraimh 3 bliana chun a áirithiú go mbeidh a ndóthain eolais ag an duine nó na daoine dá dtagraítear i mír 1 ar fhorbairtí san earnáil.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

“9.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24a lena leasaítear Iarscríbhinní I, II agus III d’fhonn iad a oiriúnú d’fhorbairtí margaidh agus don dul chun cinn teicniúil.”;

(7)

in Airteagal 9, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Chun ceadúnas a dheonú do ghnóthas tarlaithe de bhóthar nach n-úsáideann ach mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí nach mó ná 3,5 tonna a mais ualaithe incheadaithe, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh daoine a chuireann fianaise ar fáil gur bhainistigh siad gnóthas den chineál céanna, go comhleanúnach, don tréimhse 10 mbliana roimh an 20 Lúnasa 2020, a dhíolmhú ó na scrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1).”;

(8)

in Airteagal 11(4), scriostar an tríú fomhír;

(9)

leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla faireachán rialta lena sheiceáil go leanfaidh na gnóthais a údaraíonn siad chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh de bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 3 den Rialachán seo. Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit seiceálacha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cigireachtaí ar an láthair ag áitreabh an ghnóthais lena mbaineann, lena ndíreofar ar na gnóthais sin a aicmítear mar ghnóthais a bhfuil riosca breise ag baint leo. Chun na críche sin, leathnóidh na Ballstáit an córas rátála rioscaí arna bhunú acu de bhun Airteagal 9 de Threoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) a chur chun feidhme chun na sáruithe uile a shonraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo a chumhdach.

(*1)  Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh. 165/2014 agus Treoir 2002/15/CE maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar, agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 35).”;"

(b)

i mír 2, scriostar an dara fomhír;

(10)

in Airteagal 13(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

teorainn ama nach faide ná 6 mhí i gcás nach raibh an ceanglas maidir le seasamh airgeadais comhlíonta, d’fhonn a thaispeáint go gcomhlíonfar an ceanglas sin arís ar bhonn buan.”;

(11)

leasaítear Airteagal 14 mar seo a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Ní athshlánóidh an t-údarás inniúil an bainisteoir iompair tráth níos luaithe ná 1 bhliain ón dáta a gcailltear an dea-cháil agus, i gcás ar bith, sula dtaispeánfaidh an bainisteoir iompair gur lean sé nó sí an oiliúint iomchuí ar feadh tréimhse 3 mhí ar a laghad nó sula n-éireoidh leis nó léi i scrúdú ar na hábhair a liostaítear i gcuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Mura ndéanfar agus go dtí go ndéanfar beart athshlánúcháin i gcomhréir le forálacha ábhartha an dlí náisiúnta agus le mír 1 den Airteagal seo, ní bheidh deimhniú inniúlachta gairmiúla an bhainisteora iompair a dearbhaíodh a bheith mí-oiriúnach, dá dtagraítear in Airteagal 8(8), bailí a thuilleadh i mBallstát ar bith.”;

(12)

leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c)

“(c)

ainmneacha na mbainisteoirí iompair a ainmneofar chun na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3 a bhaineann le dea-cháil agus inniúlacht ghairmiúil a chomhlíonadh nó, de réir mar is iomchuí, ainm ionadaí dlíthiúil;”;

(ii)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“(g)

cláruimhreacha na bhfeithiclí atá ar fáil don ghnóthas de bhun phointe (g) d’Airteagal 5(1);

(h)

an líon daoine a bhí fostaithe sa ghnóthas ar an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin, agus déanfar é a thaifeadadh sa chlár náisiúnta faoin 31 Márta gach bliain;

(i)

grádú riosca an ghnóthais de bhun Airteagal 9(1) de Threoir 2006/22/CE.”;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír, an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír:

“Beidh rochtain phoiblí ar na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den chéad fhomhír, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

Féadfaidh na Ballstáit a roghnú an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (e) go (i) den chéad fhomhír a choimeád i gcláir ar leithligh. I gcásanna den sórt sin, cuirfear ar fáil na sonraí dá dtagraítear i bpointí (e) agus (f) arna n-iarraidh sin nó beidh siad inrochtana go díreach ag údaráis inniúla uile an Bhallstáit a bheidh i gceist. Cuirfear an fhaisnéis a iarrfar ar fáil laistigh de 5 lá oibre ón iarraidh a fháil.

Beidh na sonraí dá dtagraítear i bpointí (g), (h) agus (i) den chéad fhomhír ar fáil do na húdaráis inniúla le linn seiceálacha cois bóthair tráth nach déanaí ná 12 mhí ó theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme, arna ghlacadh de bhun mhír 6, lena sonraítear na feidhmiúlachtaí lenar féidir na sonraí a sholáthar do na húdaráis inniúla le linn seiceálacha cois bóthair.

Ní bheidh rochtain ag údaráis seachas na húdaráis inniúla ar na sonraí dá dtagraítear i bpointí (e) go (i) den chéad fhomhír ach i gcás ina mbeidh cumhachtaí bronnta go cuí ar na húdaráis sin a bhaineann le maoirseacht agus le forchur pionós in earnáil an iompair de bhóthar agus má tá a gcuid feidhmeannach faoi mhionn rúndachta nó faoi oibleagáid fhoirmiúil rúndachta.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta go léir is gá chun a áirithiú go gcoimeádfar na sonraí go léir sa chlár náisiúnta leictreonach cothrom le dáta agus cruinn.”;

(c)

i mír 6, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“Faoi cheann 14 mhí tar éis gníomh cur chun feidhme a ghlacadh maidir le foirmle choiteann chun an rátáil riosca dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Treoir 2006/22/CE a ríomh, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, lena sonraítear na feidhmiúlachtaí lenar féidir na sonraí dá dtagraítear i bpointí (g), (h) agus (i) den chéad fhomhír de mhír 2 a chur ar fáil do na húdaráis inniúla le linn seiceálacha cois bóthair.

Glacfar leis na gníomhartha chur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).”;

(d)

scriostar mír 7.

(13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

“Airteagal 18

Comhar riaracháin idir Ballstáit

1.   Déanfaidh na Ballstáit pointe teagmhála náisiúnta a ainmniú a bheidh freagrach as malartú faisnéise leis na Ballstáit eile i dtaca le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfaidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí a bpointí teagmhála náisiúnta a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún faoin 4 Nollaig 2011. Déanfaidh an Coimisiún liosta de na pointí teagmhála go léir a chur le chéile agus cuirfidh sé an liosta sin ar aghaidh chuig na Ballstáit.

2.   Comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát i ndlúthchomhar le chéile agus tabharfaidh siad cúnamh frithpháirteach agus aon fhaisnéis ábhartha eile dá chéile gan mhoill chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a éascú.

3.   Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát faisnéis a mhalartú faoi chiontuithe agus pionóis maidir le sáruithe tromchúiseacha dá dtagraítear in Airteagal 6(2). Ballstát a gheobhaidh fógra faoi shárú tromchúiseach dá dtagraítear in Airteagal 6(2) ar tháinig ciontú nó pionós i mBallstát eile dá thoradh le linn an 2 bhliain roimhe sin, déanfaidh sé an sárú sin a thaifeadadh ina chlár náisiúnta leictreonach.

4.   Freagróidh na Ballstáit na hiarrataí ar fhaisnéis ó údaráis inniúla uile Bhallstáit eile agus déanfaidh siad seiceálacha, cigireachtaí agus imscrúduithe a bhaineann le comhlíonadh an cheanglais a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 3(1) ag oibreoirí iompair de bhóthar atá bunaithe ina gcríoch. Féadfar a áireamh sna hiarrataí sin ar fhaisnéis rochtain ar dhoiciméid a cheanglaítear chun a chruthú gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5. Aon iarrataí ar fhaisnéis a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát, beidh údar cuí leo agus beidh siad réasúnaithe. Chun na críche sin, áireofar le hiarrataí léirithe inchreidte ar sháruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar phointe (a) d’Airteagal 3(1), cuirfear cuspóir na hiarrata in iúl, agus léireofar le mionsonraí leordhóthanacha an fhaisnéis agus na doiciméid atá á n-iarraidh acu.

5.   Tíolacfaidh na Ballstáit an fhaisnéis arna hiarraidh ag Ballstáit eile de bhun mhír 4 laistigh de 30 lá oibre tar éis dóibh an iarraidh a fháil. Féadfar teorainn ama níos giorra a chomhaontú go frithpháirteach idir na Ballstáit.

6.   I gcás ina measfaidh an Ballstát iarrtha nach bhfuil an iarraidh réasúnaithe go leor, cuirfidh sé an Ballstát iarrthach ar an eolas dá réir laistigh de 10 lá oibre tar éis dó an iarraidh a fháil. Tabharfaidh an Ballstát iarrthach bunús breise leis an iarraidh. I gcás nach féidir leis an mBallstát iarrthach bunús breise a thabhairt leis an iarraidh, féadfaidh an Ballstát iarrtha an iarraidh sin a dhiúltú.

7.   I gcás inar deacair iarraidh ar fhaisnéis a chomhlíonadh nó seiceálacha, cigireachtaí nó imscrúduithe a dhéanamh, cuirfidh an Ballstát iarrtha an Ballstát iarrthach ar an eolas dá réir laistigh de 10 lá oibre tar éis dó an iarraidh a fháil, agus tabharfaidh sé cúiseanna ina thaobh. Beidh plé ag na Ballstáit lena mbaineann d’fhonn réiteach a fháil maidir le haon deacracht a thagann chun cinn. I gcás ina mbeidh moill leanúnach ann agus faisnéis á cur ar fáil don Bhallstát iarrthach, cuirfear an Coimisiún ar an eolas agus déanfaidh sé na bearta iomchuí.

8.   Déanfar an malartú faisnéise dá dtagraítear i mír 3 tríd an gcóras malartaithe teachtaireachtaí, eadhon an Clár Eorpach de Ghnóthais Iompair de Bhóthar (ERRU) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1213/2010 ón gCoimsiúin (*2). Déanfar an comhar riaracháin agus an cúnamh frithpháirteach idir údaráis inniúla na mBallstát dá bhforáiltear i míreanna 4 go 7 a chur chun feidhme trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI), a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3). Chun na críche sin, féadfaidh gach Ballstát an pointe teagmhála dá dtagraítear i mír 1 a ainmniú mar an t-údarás inniúil agus cuirfidh siad sin in iúl don Choimisiún trí IMI.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit nach n-úsáidfear an fhaisnéis a chuirfear ar fáil dóibh de bhun an Airteagail seo ach maidir leis an ábhar/na hábhair ar iarradh í ina leith. Aon phróiseáil a dhéanfar ar shonraí pearsanta, is chun críoch choinníollacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh amháin a dhéanfar í agus beidh an phróiseáil sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4).

10.   Cuirfear comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach ar fáil saor in aisce.

11.   Ní chuirfidh iarraidh ar fhaisnéis bac ar na húdaráis inniúla beartais a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ábhartha agus le dlí ábhartha an Aontais chun sáruithe líomhainte ar an Rialachán seo a imscrúdú agus a chosc.

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 1213/2010 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2010 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le hidirnascadh na gclár náisiúnta leictreonach ar ghnóthais iompair de bhóthar (IO L 335, 18.12.2010, lch. 21)."

(*3)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (‘Rialachán IMI’) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1)."

(*4)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).”;"

(14)

in Airteagal 23, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“De mhaolú ar Airteagal 1(2), go dtí an 21 Bealtaine 2022, aon ghnóthas tarlaithe de bhóthar atá rannpháirteach in oibríochtaí iompair idirnáisiúnta amháin trí bhíthin mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí nach mó a mais ualaithe incheadaithe ná 3,5 tonna, agus beidh na gnóthais sin díolmhaithe ó fhorálacha an Rialacháin seo mura bhforáiltear a mhalairt i ndlí an Bhallstáit bhunaíochta.

De mhaolú ar Airteagal 16(2), beidh feidhm ag an gceanglas chun grádú riosca na ngnóthas a áireamh sna cláir náisiúnta leictreonacha ó 14 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme maidir le foirmle choiteann chun an rátáil riosca dá dtagraítear dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Threoir 2006/22/CE a ríomh.”;

(15)

scriostar Airteagal 24;

(16)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 24a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(9) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 20 Lúnasa 2020.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(9) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*5).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar faoi Airteagal 8(9) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a bheith tugtha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*5)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(17)

leasaítear Airteagal 25 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6).

(*6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí lenar féidir le Ballstáit feidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin a rialú (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.”;

(18)

leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

Tuairisciú agus athbhreithniú”;

(b)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

líon na n-údaruithe a deonaíodh faoin Rialachán seo, de réir bliana agus de réir cineáil, líon na n-údaruithe a fionraíodh, líon na n-údaruithe a tarraingíodh siar, líon na ndearbhuithe mí-oiriúnachta mar aon leis na cúiseanna a bhí leis na cinntí sin. Áireofar i dtuarascálacha a bhaineann leis an tréimhse tar éis an 21 Bealtaine 2022 miondealú ar na gnéithe sin de réir:

(i)

oibreoirí iompair paisinéirí de bhóthar;

(ii)

oibreoirí tarlaithe de bhóthar a úsáideann go heisiach mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí nach mó a mais ualaithe incheadaithe ná 3,5 tonna; agus

(iii)

gach oibreoir tarlaithe de bhóthar eile;”;

(c)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“3.   Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin gach dara bliain maidir leis na hiarrataí atá déanta acu faoi Airteagal 18(4) go (9), na freagraí a fuair siad ó Bhallstáit eile agus na gníomhaíochtaí atá déanta acu ar bhonn na faisnéise a soláthraíodh.

4.   Faoin 21 Lúnasa 2023, ar bhonn na faisnéise arna bailiú ag an gCoimisiún faoi mhír 3 agus ar bhonn tuilleadh fianaise, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mhionsonraithe faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar mhéid an chomhair riaracháin idir na Ballstáit, ar aon easnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis sin agus ar bhealaí a d’fhéadfaí an comhar a fheabhsú. Ar bhonn na tuarascála sin, déanfaidh sé measúnú arís an gá bearta breise a mholadh.

5.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo faoin 21 Lúnasa 2023 agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

6.   Mar thoradh ar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 5, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht rialta ar an Treoir seo agus cuirfidh sé na torthaí meastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

7.   I gcás inarb iomchuí, beidh tograí ábhartha ag gabháil leis na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6.”;

(19)

leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(a)

cuiretar an méid seo a leanas in ionad an teidil:

Sáruithe is tromchúisí chun críoch airteagal 6(2)”;

(b)

i bpointe 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

dul 50 % nó níos mó thar an uasteorainn tiomána laethúil le linn tréimhse laethúla oibre.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

“2.

Gan tacagraf agus/nó sriantóir luais a bheith feistithe nó gaireas calaoiseach lena ndéantar taifid an trealaimh taifeadta agus/nó an tsriantóra luais a mhodhnú a bheith san fheithicil agus/nó úsáid a bhaint as, nó bileoga taifeadta nó sonraí a íoslódáiltear ón tacagraf agus/nó an cárta tiomána a fhalsú.”.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, leasaítear mír 5 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

go dtí an 20 Bealtaine 2022: iompar earraí i bhfeithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 3,5 tonna;”;

(b)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(ca)

ón 21 Bealtaine 2022: iompar earraí i bhfeithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 2,5 tonna;”;

(2)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

i mír 2, scriostar an tríú fomhír;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Beidh an ceadúnas Comhphobail agus na fíorchóipeanna deimhnithe i gcomhréir leis an múnla a leagtar amach in Iarscríbhinn II, ina leagtar síos freisin na coinníollacha lena rialaítear a úsáid. Beidh ar a laghad dhá cheann de na gnéithe slándála a liostaítear in Iarscríbhinn I iontu.

I gcás feithiclí a úsáidtear chun earraí a iompar, nach mó ná 3,5 tonna a mais ualaithe ceadaithe agus a gcuirtear na ceanglais airgeadais níos ísle arna mbunú sa dara fomhír d’Airteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 i bhfeidhm ina leith, scríobhfaidh an t-údarás eisiúna sa roinn ‘nótaí sonracha’ den cheadúnas Comhphobail, nó den chóip dhílis dheimhnithe de: ‘≤ 3,5 t’.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14b chun Iarscríbhinní I agus II a leasú chun go n-oiriúnófar iad don dul chun cinn teicniúil.”;

(3)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14b chun Iarscríbhinn III a leasú d’fhonn í a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil.”;

(4)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“2a.   Ní cheadaítear do tharlóirí oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh sa Bhallstát céanna leis an bhfeithicil chéanna, nó más de chónasc cúpláilte í an fheithicil, leis an mótarfheithicil den fheithicil chéanna sin, laistigh de 4 lá ó dheireadh na hoibríochta cabatáiste sa Bhallstát sin.”;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“3.   Ní mheastar seirbhísí tarlaithe de bhóthar náisiúnta arna ndéanamh sa Bhallstát óstach ag tarlóir neamhchónaitheach a bheith ag cloí leis an Rialachán seo ach amháin má tá an tarlóir in ann fianaise shoiléir a thabhairt faoin iompar idirnáisiúnta a rinneadh roimhe agus faoi gach oibríocht chabatáiste a rinneadh as a chéile. Más rud é go raibh an fheithicil ar chríoch an Bhallstáit óstaigh laistigh de thréimhse 4 lá roimh an iompar idirnáisiúnta, cuirfidh an tarlóir fianaise shoiléir ar fáil maidir leis na hoibríochtaí ar fad a rinneadh le linn na tréimhse sin.”;

(c)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“4a.   Déanfar an fhianaise dá dtagraítear i mír 3 a chuir faoi bhráid oifigeach údaraithe cigireachta an Bhallstáit óstaigh nó a tharchur chuige arna iarraidh sin agus le linn na seiceála cois bóthair. Féadfar í a chuir faoina bhráid nó a tharchur chuige go leictreonach, trí úsáid formáid struchtúrtha is féidir a athbhreithniú agus is féidir a úsáid go díreach le haghaidh stórála agus próiseála ar ríomhairí, amhail nóta coinsíneachta leictreonach (e-CMR) faoi Phrótacal Breise na Ginéive a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an gConradh maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar (CMR) a bhaineann le Nóta Coinsíneachta Leictreonach an 20 Feabhra 2008. Le linn na seiceála cois bóthair, ceadófar don tiománaí dul i dteagmháil leis an gceannoifig, leis an mbainisteoir iompair nó le haon duine nó eintiteas eile chun fianaise ar bith dá dtagraítear i mír 3 a chur ar fáil roimh dheireadh na seiceála cois bóthair.”;

(d)

leasaítear mír 5 mar a leanas:

“5.   Maidir le haon tarlóir atá i dteideal, sa Bhallstát bunaíochta, na hoibríochtaí tarlú de bhóthar a dhéanamh ar fruiliú nó ar luaíocht, arna sonrú i bpointí (a) go (ca) d’Airteagal 1(5) i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit sin, ceadaítear dóibh, faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Chaibidil seo, oibríochtaí cabatáiste den chineál céanna nó oibríochtaí cabatáiste le feithiclí sa chatagóir chéanna, de réir mar a bheidh, a chur i gcrích.”;

(5)

leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“3.   Scrúdóidh an Coimisiún an staid, ar bhonn na sonraí ábhartha go háirithe agus, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste arna bhunú de bhun Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7) cinnfidh sé laistigh de mhí ón iarratas a fháil ón mBallstát cé acu an bhfuil nó nach bhfuil gá le bearta coimirce agus, más gá leo, glacfaidh sé iad.

(*7)  Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).”;"

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“7.   Féadfaidh na Ballstáit, sa bhreis ar an méid a fhoráiltear i míreanna 1 go 6 den Airteagal seo agus de mhaolú ar Airteagal 4 de Threoir 92/106/CEE, i gcás inar gá chun mí-úsáid na forála deireanaí sin a sheachaint trí sheirbhísí neamhtheoranta agus leanúnacha a sholáthar arb é atá iontu céimeanna bóthair tosaigh nó deiridh laistigh de Bhallstát óstach atá mar chuid d’oibríochtaí iompair chomhcheangailte idir na Ballstáit, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh feidhm ag Airteagal 8 den Rialachán seo maidir le tarlóirí i gcás ina ndéanann siad céimeanna bóthair tosaigh agus/nó deiridh den sórt sin laistigh den Bhallstát sin. Maidir le céimeanna tarlaithe de bhóthar den sórt sin, féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh do thréimhse atá níos faide ná an tréimhse 7 lá dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) den Rialachán seo agus féadfaidh siad foráil a dhéanamh do thréimhse níos giorra ná an tréimhse 4 lá dá dtagraítear in Airteagal 8(2a) den Rialachán seo. Beidh cur i bhfeidhm Airteagal 8(4) den Rialachán seo maidir le hoibríochtaí iompair den sórt sin gan dochar do na ceanglais a eascraíonn as Treoir 92/106/CEE. Tabharfaidh na Ballstáit a bhaineann úsáid as an maolú dá bhforáiltear sa mhír seo fógra ina leith don Choimisiún sula gcuirfidh siad a mbearta náisiúnta ábhartha i bhfeidhm. Déanfaidh siad athbhreithniú ar na bearta sin gach 5 bliana agus tabharfaidh siad fógra faoi thorthaí an athbhreithnithe sin don Choimisiún. Déanfaidh siad na rialacha, lena n-áirítear fad na dtréimhsí faoi seach, a chur ar fáil go poiblí ar bhealach trédhearcach.”;

(6)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 10a

Seiceálacha

1.   Chun na hoibleagáidí a leagtar síos sa Chaibidil seo a fhorfheidhmiú tuilleadh, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear straitéis forfheidhmithe náisiúnta chomhleanúnach i bhfeidhm ar a gcríoch. Sa straitéis sin díreofar ar ghnóthais lena mbaineann rátáil ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 9 de Threoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8).

2.   Áiritheoidh gach Ballstát go n-áireofar seiceáil ar oibríochtaí cabatáiste, i gcás inarb ábhartha, ar na seiceálacha dá bhforáiltear in Airteagal 2 de Threoir 2006/22/CE.

3.   Ar a laghad dhá uair sa bhliain, déanfaidh na Ballstáit seiceálacha comhbheartaithe cois bóthair ar oibríochtaí cabatáiste. Déanfar na seiceálacha ag an am céanna ag na húdaráis náisiúnta atá i gceannas ar rialacha i réimse iompar de bhóthar a fhorfheidhmiú i dhá Bhallstát nó níos mó, gach údarás náisiúnta acu ag feidhmiú ar a gcríoch féin. Féadfaidh Ballstáit na gníomhaíochtaí sin a chomhcheangal leis na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Threoir 2006/22/CE. Maidir leis na pointí teagmhála náisiúnta arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009, déanfaidh siad faisnéis a mhalartú maidir le líon agus cineál na sáruithe arna mbrath i ndiaidh na seiceálacha comhbheartaithe cois bóthair.

(*8)  Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh. 165/2014 agus Threoir 2002/15/CE maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 35).”;"

(7)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 14a

Dliteanas

Déanfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le smachtbhannaí i gcoinne coinsíneoirí, seoltóirí lasta, conraitheoirí agus fochonraitheoirí mura gcomhlíonann siad Caibidlí II agus III, i gcás inarbh eol dóibh, nó, i bhfianaise na gcúinsí ábhartha uile inar cheart gurbh eol dóibh, go mbaineann sáruithe ar an Rialachán seo leis na seirbhísí iompair atá coimisiúnaithe acu.

Airteagal 14b

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(4) agus Airteagal 5(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 20 Lúnasa 2020.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(4) agus Airteagal 5(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*9).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar faoi Airteagail 4(4) agus 5(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*9)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(8)

scriostar Airteagal 15;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

“Airteagal 17

Tuairisciú agus athbhreithniú

1.   Faoin 31 Márta gach dara bliain, ar a dhéanaí, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún líon na dtarlóirí a raibh ceadúnais Chomhphobail ina seilbh acu an 31 Nollaig an 2 bhliain roimhe sin agus líon na bhfíorchóipeanna deimhnithe a fhreagraíonn do na feithiclí a bhí i gcúrsaíocht an dáta sin. Áiritheofar i dtuarascálacha a thagraíonn don tréimhse tar éis an 20 Bealtaine 2022 miondealú ar na gnéithe sin de réir na n-oibreoirí tarlaithe de bhóthar atá ag gabháil d’oibríochtaí iompair idirnáisiúnta amháin trí bhíthin feithiclí nach mó ná 3,5 tonna a mais ualaithe ceadaithe agus de réir na n-oibreoirí tarlaithe de bhóthar eile.

2.   Faoin 31 Márta gach dara bliain, ar a dhéanaí, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún líon na bhfianuithe tiománaithe arna n-eisiúint chuig tiománaithe an 2 bhliain féilire roimhe sin maille le líon iomlán na bhfianuithe tiománaithe a bhí i gcúrsaíocht an 31 Nollaig an 2 bhliain roimhe sin. Áiritheofar i dtuarascálacha a thagraíonn don tréimhse tar éis an 20 Bealtaine 2022 miondealú ar na gnéithe sin de réir na n-oibreoirí tarlaithe de bhóthar atá ag gabháil d’oibríochtaí iompair idirnáisiúnta amháin trí bhíthin feithiclí nach mó ná 3,5 tonna a mais ualaithe ceadaithe, agus de réir na n-oibreoirí tarlaithe de bhóthar eile.

3.   Faoin 21 Lúnasa 2022, ar a dhéanaí, cuirfidh na Ballstáit a straitéis forfheidhmithe náisiúnta arna glacadh de bhun Airteagal 10a ar aghaidh chuig an gCoimisiúin. Faoin 31 Márta gach bliain, ar a dhéanaí, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na hoibríochtaí forfheidhmithe a rinneadh sa bhliain féilire roimhe sin de bhun Airteagal 10a, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, líon na seiceálacha a rinneadh. Beidh líon na bhfeithiclí a ndearnadh seiceáil orthu san fhaisnéis sin.

4.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le staid mhargadh iompar de bhóthar an Aontais roimh an 21 Lúnasa 2024. Sa tuarascáil sin beidh anailís ar staid an mhargaidh, lena n-áirítear meastóireacht ar éifeachtacht rialuithe agus ar éabhlóid coinníollacha fostaíochta sa ghairm.

5.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, go háirithe tionchar na leasuithe ar Airteagal 8 a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2020/1055 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10), faoin 21 Lúnasa 2023 agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

6.   Mar thoradh ar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 5, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht rialta ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé na torthaí meastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

7.   I gcás inarb iomchuí, beidh tograí reachtacha ábhartha ag gabháil leis na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6.

(*10)  Rialachán (AE) 2020/1055 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1071/2009, (CE) Uimh. 1072/2009 agus (AE) Uimh. 1024/2012 d’fhonn iad a oiriúnú d’fhorbairtí in earnáil an iompair de bhóthar (IO L 249, 31.7.2020, lch 17).”."

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“15.

Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (*11): Airteagal 18(8).

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 21 Feabhra 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Iúil 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. KLOECKNER


(1)  IO C 197, 8.6.2018, lch. 38.

(2)  IO C 176, 23.5.2018, lch. 57.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 7 Aibreán 2020 (IO C 153, 7.5.2020, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 3821/85 agus (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).

(7)  Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh. 165/2014 agus Treoir 2002/15/CE maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar, agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 35).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(9)  Treoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú do chineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí idir na Ballstáit (IO L 368, 17.12.1992, lch. 38).

(10)  Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (AE) Uimh. 492/2011, agus (AE) 2016/589 agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 21).

(11)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (“Rialachán IMI”) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1).