5.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 177/32


RIALACHÁN (AE) 2020/741 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Bealtaine 2020

maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, go háirithe, Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá níos mó agus níos mó brú ag teacht ar acmhainní uisce an Aontais, rud a fhágann ganntanas uisce agus meathlú ar cháilíocht an uisce. Go háirithe, tá athrú aeráide, patrúin aimsire nach féidir a thuar agus triomach ag cur go suntasach leis an mbrú ar infhaighteacht fionnuisce, ar brú é a thagann as forbairt uirbeach agus talmhaíocht.

(2)

D’fhéadfaí feabhas a chur ar chumas an Aontais freagairt do bhrúnna méadaitheacha ar acmhainní uisce trí athúsáid níos leithne a bhaint as fuíolluisce cóireáilte, astarraingt ó dhobharlaigh dromchla agus ó dhobharlaigh screamhuisce a theorannú, tionchar scaoileadh fuíolluisce chóireáilte isteach i ndobharlaigh a laghdú, agus coigilteas uisce a chur chun cinn trí fhuíolluisce uirbeach a úsáid ar an iliomad bealach, agus ag an am céanna ardleibhéal cosanta don chomhshaol a áirithiú. Luaitear i dTreoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) athúsáid uisce, in éineacht le cur chun cinn úsáid teicneolaíochtaí atá éifeachtúil ó thaobh uisce de i dtionscail agus i dteicnící uiscithe atá coigilteach ar uisce, mar cheann de na bearta forlíontacha a fhéadfaidh na Ballstáit a roghnú a cur i bhfeidhm chun cuspóirí na Treorach sin maidir le dea-stádas uisce cáilíochtúil agus cainníochtúil le haghaidh dobharlaigh dromchla agus dobharlaigh screamhuisce a bhaint amach. Ceanglaítear le Treoir 91/271/CEE ón gComhairle (5) go ndéanfaí fuíolluisce cóireáilte a athúsáid cibé uair is iomchuí.

(3)

Leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Samhain 2012 dar teideal “A Blueprint to Safeguard Europe’s Water Resource s” [“Treoirphlean chun Acmhainní Uisce na hEorpa a Chosaint”], tarraingítear aird ar an ngá atá le hionstraim a chruthú chun caighdeáin a rialáil ar leibhéal an Aontais i ndáil le hathúsáid uisce,chun na bacainní ar úsáid fhorleathan rogha malartaí uisce den sórt sin a sholáthar, eadhon ionstraim lenar féidir rannchuidiú le ganntanas uisce agus leochaileacht córas soláthair uisce a laghdú.

(4)

Leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Iúil 2007 dar teideal “Addressing the challenge of water scarcity and droughts in the European Unio n” [“Ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin an ghanntanais uisce agus na dtriomach san Aontas Eorpach”], leagtar amach ordlathas na mbeart ba cheart do na Ballstáit a bhreithniú agus ganntanas uisce agus triomaigh á mbainistiú acu. Deirtear inti, maidir leis na réigiúin inar cuireadh chun feidhme na bearta coisctheacha go léir de réir an ordlathais uisce agus inar mó an t-éileamh ar uisce ná an infhaighteacht go fóill, gur féidir le bonneagar breise um sholáthar uisce, in imthosca áirithe, agus gné an chostais agus tairbhe á cur san áireamh go cuí, a bheith ina chur chuige malartach chun iarmhairtí triomaigh thromchúisigh a mhaolú.

(5)

Ina rún an 9 Deireadh Fómhair 2008 maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshlán an ghanntanais uisce agus na dtriomach san Aontas Eorpach (6), meabhraíonn Parlaimint na hEorpa di féin gur cheart tús áite a thabhairt do chur chuige atá dírithe ar an éileamh nuair a bheidh acmhainní uisce á mbainistiú, ach measann sí gur cheart don Aontas cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh nuair a bheidh acmhainní uisce á mbainistiú, ag cumasc bearta bainistithe éilimh, bearta chun barrfheabhsú a dhéanamh ar na hacmhainní atá ann cheana laistigh den timthriall uisce agus bearta chun acmhainní nua a chruthú, agus gur gá don chur chuige breithnithe comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a chomhtháthú.

(6)

Ina theachtaireacht an 2 Nollaig 2015 dar teideal “Closing the loop - An EU action plan for the Circular Econom y” [“An Bhearna á dúnadh - plean gníomhaíochta AE don Gheilleagar Ciorclach”], gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé sraith gníomhaíochtaí chun athúsáid fuíolluisce chóireáilte a chur chun cinn, lena n-áirítear togra reachtach a fhorbairt maidir leis na híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce. Ba cheart don Choimisiún uasdátú a dhéanamh ar a phlean gníomhaíochta agus ba cheart acmhainní uisce a bheith ina réimse tosaíochta aige a bhfuil gá le gníomhaíocht ina leith.

(7)

Is é is cuspóir leis an Rialachán seo glacadh athúsáide uisce a éascú nuair is iomchuí agus costéifeachtach, agus creat cumasúcháin á chruthú, leis sin, le haghaidh na mBallstát sin ar mian leo nó gur gá dóibh athúsáid uisce a dhéanamh. Is rogha a d’fhéadfadh a bheith fiúntach í athúsáid uisce do go leor Ballstát, ach go dtí seo níl athúsáid uisce á déanamh ná reachtaíocht nó caighdeáin náisiúnta glactha maidir leis sin ach ag líon beag díobh. Ba cheart don Rialachán seo a bheith solúbtha go leor chun go ligfí leanúint d’athúsáid uisce a dhéanamh agus, ag an am céanna, chun a áirithiú go mbeidh an deis ag Ballstáit eile na rialacha sin a chur i bhfeidhm nuair a chinneann siad an cleachtas sin a thabhairt isteach ag céim níos déanaí. Aon chinneadh a dhéanfaí gan athúsáid uisce a dhéanamh, ba cheart údar cuí a thabhairt leis ar bhonn na gcritéar a leagtar síos sa Rialachán seo agus ba cheart é a athbhreithniú ar bhonn rialta.

(8)

Le Treoir 2000/60/CE, tugtar an tsolúbthacht is gá do na Ballstáit chun bearta forlíontacha a áireamh sna cláir de bhearta a ghlacann siad chun tacú lena gcuid iarrachtaí chun na cuspóirí cáilíochta uisce a bhunaítear leis an Treoir sin a bhaint amach. Tá bearta athúsáide uisce, i measc nithe eile, sa liosta neamheisiach de bhearta forlíontacha dá bhforáiltear i gCuid B d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2000/60/CE. Sa chomhthéacs sin agus i gcomhréir le hordlathas beart a d’fhéadfadh na Ballstáit a bhreithniú agus ganntanas uisce agus triomach á mbainistiú acu agus lena spreagtar bearta atá sa raon idir coigiltis uisce agus lena dtugtar tosaíocht is ísle do bheartas praghsála uisce agus réitigh mhalartacha, agus aird chuí á tabhairt ar ghné an chostais agus tairbhe, ba cheart na híoscheanglais maidir le hathúsáid uisce, mar a bhunaítear leis an Rialachán seo, a bheith infheidhme aon uair a dhéantar fuíolluisce uirbeach cóireáilte ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a athúsáid, i gcomhréir le Treoir 91/271/CEE, le haghaidh uisciú talmhaíochta.

(9)

Meastar go bhfuil tionchar comhshaoil níos ísle ag baint le hathúsáid fuíolluisce atá cóireáilte mar is ceart, mar shampla ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh, ná modhanna malartacha eile soláthair uisce, amhail aistrithe uisce nó díshalannú. Mar sin féin, le hathúsáid den sórt sin uisce, rud a d’fhéadfadh cur amú uisce a laghdú agus uisce a spáráil, ní dhéantar í ach ar bhonn teoranta san Aontas. Dealraíonn sé go bhfuil sé sin mar thoradh go páirteach ar chostas suntasach na gcóras athúsáide fuíolluisce agus ar chaighdeáin chomhchoiteanna chomhshaoil agus sláinte an Aontais a bheith in easnamh le haghaidh athúsáid uisce, agus, go háirithe, maidir le táirgí talmhaíochta, i ngeall ar na rioscaí ionchasacha sláinte agus comhshaoil agus bacainní ionchasacha a d’fhéadfadh a bheith ann do shaorghluaiseacht na dtáirgí sin a ndearnadh iad a uisciú le huisce athshlánaithe.

(10)

Na caighdeáin sláinte maidir le sláinteachas bia le haghaidh táirgí talmhaíochta a uiscítear le huisce athshlánaithe, ní féidir iad a bhaint amach ach amháin más rud é nach bhfuil na ceanglais cháilíochta d’uisce athshlánaithe atá beartaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta éagsúil go suntasach sna Ballstáit. Rannchuideodh comhchuibhiú ceanglas freisin le feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh i ndáil leis na táirgí sin. Is iomchuí, dá bhrí sin, íosleibhéil chomhchuibhithe a thabhairt isteach trí íoscheanglais don cháilíocht uisce agus don fhaireachán uisce a leagan síos. Ba cheart a bheith sna híoscheanglais sin íospharaiméadair d’uisce athshlánaithe atá bunaithe ar na tuarascálacha teicniúla ó Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin agus a léiríonn na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le hathúsáid uisce, agus ceanglais eile níos déine nó ceanglais bhreise cháilíochta a fhorchuirfidh údaráis inniúla, más gá, mar aon le haon bhearta coisctheacha ábhartha.

(11)

Le hathúsáid uisce le haghaidh uisciú talmhaíochta, is féidir rannchuidiú freisin leis an ngeilleagar ciorclach a chur chun cinn trí chothaithigh a aisghabháil ón uisce athshlánaithe agus iad a chur ar bharra, trí bhíthin teicnící uiscithe leasaithigh. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí an gá le leasacháin mhianracha bhreise a laghdú trí athúsáid uisce. Ba cheart úsáideoirí deiridh a chur ar an eolas faoi chion cothaitheach an uisce athshlánaithe.

(12)

D’fhéadfadh athúsáid uisce rannchuidiú le cothaithigh i bhfuíolluisce uirbeach cóireáilte a athshlánú, agus d’fhéadfadh úsáid uisce athshlánaithe chun críoch uisciúcháin sa talmhaíocht nó san fhoraoiseacht a bheith ina bealach chun cothaithigh, amhail nítrigin, fosfar agus potaisiam, a chur ar ais i dtimthriallta bithgheoiceimiceacha nádúrtha.

(13)

Sainaithníodh an infheistíocht mhór a bhfuil gá léi chun gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a uasghrádú agus an easpa dreasachtaí airgeadais chun athúsáid uisce a dhéanamh sa talmhaíocht a bheith i measc na gcúiseanna nach nglactar go forleathan le hathúsáid uisce san Aontas. Ba cheart é a bheith indéanta aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin trí scéimeanna nuálacha agus dreasachtaí eacnamaíocha a chur chun cinn chun na costais agus na tairbhí socheacnamaíocha agus comhshaoil a bhaineann le hathúsáid uisce a chur san áireamh mar is iomchuí.

(14)

Ba cheart comhlíonadh íoscheanglas le haghaidh athúsáid uisce a bheith comhsheasmhach le beartas uisce an Aontais agus ba cheart dó rannchuidiú le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, go háirithe Sprioc 6, a bhaint amach, chun a áirithiú go mbeadh rochtain do chách ar uisce agus ar shláintíocht agus go ndéanfaí bainistiú inbhuanaithe orthu a áirithiú chomh maith le méadú suntasach ar athchúrsáil uisce agus athúsáid shábháilte uisce ar fud an domhain d’fhonn rannchuidiú le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 12 de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le tomhaltas agus táirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach. Ina theannta sin, leis an Rialachán seo, ba cheart féachaint lena áirithiú go gcuirfear Airteagal 37 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh i ndáil le cosaint comhshaoil i bhfeidhm.

(15)

I roinnt cásanna, iompraíonn agus stórálann oibreoirí saoráidí athshlánaithe fós an t-uisce athshlánaithe níos faide ná asraon na saoráide athshlánaithe, sula ndéanann siad é a sheachadadh chuig na chéad ghníomhaithe eile sa slabhra, amhail oibreoir dáileacháin an uisce athshlánaithe, oibreoir stórála an uisce athshlánaithe nó an t-úsáideoir deiridh. Is gá an pointe comhlíonta a shainiú chun a shoiléiriú mar a bhfuil foirceann fhreagracht oibreoir saoráide athshlánaithe agus mar a thosaíonn freagracht an chéad ghníomhaí eile sa slabhra.

(16)

Ba cheart gurbh é a bheadh i mbainistiú riosca rioscaí a shainaithint agus a bhainistiú ar bhealach réamhghníomhach, agus ba cheart a ionchorprú ann an coincheap uisce athshlánaithe a tháirgeadh ar cháilíocht shonrach a cheanglaítear le haghaidh úsáidí ar leith. Ba cheart measúnú riosca a bheith bunaithe ar phríomheilimintí bainistithe riosca agus ba cheart go sainaithneofaí leis aon cheanglas cáilíochta uisce breise is gá chun cosaint leordhóthanach an chomhshaoil, shláinte an duine agus sláinte ainmhithe a áirithiú. Chun na críche sin, ba cheart do na pleananna bainistithe riosca um athúsáid uisce a áirithiú go n-úsáidfear agus go mbainisteofar uisce athshlánaithe go sábháilte agus nach bhfuil aon rioscaí ann don chomhshaol nó do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe. Chun pleananna bainistithe riosca den sórt sin a fhorbairt, d’fhéadfaí úsáid a bhaint as an treoir nó na caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana féin, amhail Treoirlínte ISO 20426:2018 maidir le measúnú riosca sláinte agus bainistiú sláinte le haghaidh athúsáid uisce neamh-inólta, Treoirlínte ISO 16075:2015 maidir le húsáid fuíolluisce chóireáilte le haghaidh tionscadail uiscithe, nó treoirlínte na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS).

(17)

Leagtar síos na ceanglais cháilíochta le haghaidh uisce a bheartaítear lena thomhailt ag an duine i dTreoir 98/83/CE ón gComhairle (7). Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach dtiocfaidh meathlú ar cháilíocht an uisce a bheartaítear lena thomhailt ag an duine mar thoradh ar ghníomhaíochtaí athúsáide uisce. Ar an gcúis sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt sa phlean bainistithe riosca um athúsáid uisce ar chosaint na ndobharlach a úsáidtear chun uisce a bheartaítear lena thomhailt ag an duine a aistarraingt agus ar chosaint na gcriosanna coimirce ábhartha.

(18)

Ba cheart comhar agus idirghníomhaíocht idir na páirtithe éagsúla a bhaineann le próiseas athshlánaithe an uisce a bheith ina réamhchoinníoll chun nósanna imeachta cóireála athshlánaithe a bhunú i gcomhréir leis na ceanglais is gá d’úsáidí sonracha, agus chun go mbeifí in ann soláthar an uisce athshlánaithe a bheartú de réir éileamh na n-úsáideoirí deiridh.

(19)

Chun an comhshaol agus sláinte an duine agus sláinte ainmhithe a chosaint ar bhealach éifeachtach, ba cheart gurbh iad na hoibreoirí saoráidí athshlánaithe go príomha a bheadh freagrach as cáilíocht an uisce arna athshlánú ag an bpointe comhlíonta. Chun na híoscheanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus aon choinníollacha breise a leagann an t-údarás inniúil síos a chomhlíonadh, ba cheart d’oibreoirí saoráidí athshlánaithe faireachán a dhéanamh ar cháilíocht an uisce athshlánaithe. Dá bhrí sin, is iomchuí na híoscheanglais maidir le faireachán a shuíomh, arb é a bheidh iontu minicíochtaí an fhaireacháin ghnáthrialta agus na spriocanna uainithe agus feidhmíochta le haghaidh faireachán ar bhailíochtú. Foráiltear do cheanglais áirithe le haghaidh faireachán gnáthrialta le Treoir 91/271/CEE.

(20)

Ba cheart a chumhdach sa Rialachán seo uisce athshlánaithe a fhaightear ó fhuíolluisce a bailíodh i gcórais bhailiúcháin, ar a ndearnadh cóireáil i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh i gcomhréir le Treoir 91/271/CEE agus ar a ndéantar tuilleadh cóireála sa ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh nó i saoráid athshlánaithe, chun na paraiméadair a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a bhaint amach. I gcomhréir le Treoir 91/271/CEE, ní gá córas bailiúcháin a sholáthar do cheirtleáin ar lú coibhéis a ndaonra (p.e.) ná 2 000. Mar sin féin, ba cheart d’fhuíolluisce uirbeach ó cheirtleáin ar lú coibhéis a ndaonra ná 2 000 p.e. a théann isteach i gcóras bailiúcháin a bheith faoi réir cóireáil iomchuí roimh don fhuíolluisce sin a scaoileadh isteach i bhfionnuisce nó inbhir, i gcomhréir le Treoir 91/271/CEE. Sa chomhthéacs sin, níor cheart d’fhuíolluisce ó cheirtleáin ar lú coibhéis a ndaonra ná 2 000 p.e. teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo ach amháin nuair a rachadh sé isteach i gcóras bailiúcháin agus nuair a bheadh sé faoi réir cóireáil i ngléasra cóireála fuíolluisce uirbigh. Ar an dóigh chéanna, níor cheart baint a bheith ag an Rialachán seo le fuíolluisce tionsclaíoch in-bhithdhíghrádaithe ó ghléasraí de chuid na n-earnálacha tionsclaíocha a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 91/271/CEE, ach amháin má théann an fuíolluisce ó na gléasraí sin isteach i gcóras bailiúcháin agus má tá sé faoi réir cóireáil i ngléasra cóireála fuíolluisce uirbigh.

(21)

Is gníomhaíocht faoi thionchar an mhargaidh í athúsáid fuíolluisce uirbigh chóireáilte le haghaidh uisciú talmhaíochta, atá bunaithe ar éilimh agus riachtanais na hearnála talmhaíochta, go háirithe i mBallstáit áirithe atá thíos le ganntanais acmhainní uisce. Ba cheart do na hoibreoirí saoráidí athshlánaithe agus na húsáideoirí deiridh obair i gcomhar lena chéile chun a áirithiú go bhfreastalóidh an t-uisce athshlánaithe a tháirgtear i gcomhréir leis na híoscheanglais cáilíochta arna mbunú leis an Rialachán seo ar riachtanais na n-úsáideoirí deiridh maidir leis na catagóirí barr. I gcásanna nach mbeidh na haicmí de cháilíocht uisce a tháirgeann na hoibreoirí saoráidí athshlánaithe comhoiriúnach don chatagóir barr agus don mhodh uiscithe atá i bhfeidhm cheana féin sa limistéar atá i gceist, mar shampla i gcóras soláthair chomhchoitinn), d’fhéadfaí ceanglais cáilíochta uisce a bhaint amach trí úsáid a bhaint, ag céim eile ina dhiaidh sin, as roinnt roghanna cóireála uisce astu féin nó i gcomhar le roghanna neamhchóireála le haghaidh an uisce athshlánaithe, i gcomhréir leis an gcur chuige ilbhacainne.

(22)

Chun athúsáid optamach acmhainní fuíolluisce uirbigh a áirithiú, ba cheart úsáideoirí deiridh oiliúint a fháil chun a áirithiú go n-úsáidfidh siad uisce den aicme iomchuí de cháilíocht uisce athshlánaithe. I gcás ina bhfuil ceann scríbe anaithnid nó cinn scríbe iomadúla ag cineál sonrach bairr, ba cheart uisce athshlánaithe den aicme cáilíochta is airde a úsáid, mura gcuirtear bacainní iomchuí i bhfeidhm lena gcumasaítear an cháilíocht is gá a bhaint amach.

(23)

Is gá a áirithiú go bhfuil úsáid uisce athshlánaithe sábháilte, agus ar an gcaoi sin athúsáid uisce ar leibhéal an Aontais a spreagadh agus muinín an phobail ann a fheabhsú. Níor cheart, dá bhrí sin, táirgeadh agus soláthar uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta a cheadú ach ar bhonn cead, arna dheonú ag údaráis inniúla na mBallstát. Chun cur chuige comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, inrianaitheacht uisce athshlánaithe agus trédhearcacht a áirithiú, ba cheart na rialacha substainteacha do ceadanna den sórt sin a leagan síos ar leibhéal an Aontais. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit mionsonraí na nósanna imeachta chun ceadanna a dheonú, amhail na húdaráis inniúla a ainmniú agus na sprioc-amanna, a chinneadh. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann na nósanna imeachta atá ann cheana a chur i bhfeidhm chun ceadanna a dheonú, agus ba cheart iad a oiriúnú chun na ceanglais a thugtar isteach leis an Rialachán seo a chur san áireamh. Nuair a bheidh na páirtithe atá freagrach as an bplean bainistithe riosca um athúsáid uisce a tharraingt suas agus an t-údarás inniúil chun an cead a dheonú i ndáil le táirgeadh agus soláthar uisce athshlánaithe á n-ainmniú acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann.

(24)

Má tá oibreoir dáileacháin uisce athshlánaithe agus oibreoir stórála uisce athshlánaithe de dhíth, ba cheart é a bheith indéanta a chur de cheangal ar oibreoirí den sórt sin cead a bheith acu. Má chomhlíontar gach ceanglas don chead, ba cheart don údarás inniúil sa Bhallstát cead a dheonú ina bhfuil na coinníollacha agus bearta riachtanacha uile atá bunaithe sa phlean bainistithe riosca um athúsáid uisce.

(25)

Chun críoch an Rialacháin seo, ba cheart é a bheith indéanta oibríochtaí cóireála agus oibríochtaí athshlánaithe i dtaca le fuíolluisce uirbeach a dhéanamh san aon láthair fhisiciúil amháin, ag baint feidhm as an tsaoráid chéanna, nó as saoráidí éagsúla ar leithligh. Ina theannta sin, ba cheart an t-oibreoir céanna a bheith in ann a bheith mar oibreoir gléasra cóireála agus oibreoir saoráide athshlánaithe araon.

(26)

Ba cheart do na húdaráis inniúla fíorú a dhéanamh ar na coinníollacha a leagtar amach sa chead ábhartha a bheith á gcomhlíonadh ag an uisce athshlánaithe. I gcásanna neamhchomhlíonta, ba cheart do na húdaráis sin a cheangal ar na páirtithe freagracha na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh an uisce athshlánaithe comhlíontach. Ba cheart soláthar an uisce a chur ar fionraí i gcás ina n-eascraíonn riosca suntasach don chomhshaol nó do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe ón neamhchomhlíonadh.

(27)

Tá Rialacháin seo beartaithe a bheith mar chomhlánú ceanglais reachtaíocht eile an Aontais, go háirithe maidir le rioscaí sláinte agus comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ann. Chun cur chuige iomlánaíoch a áirithiú maidir le haghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don chomhshaol agus do shláinte an duine agus sláinte ainmhithe, ba cheart do na hoibreoirí saoráidí athshlánaithe agus na húdaráis inniúla na ceanglais a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais a chur san áireamh, go háirithe Treoracha 86/278/CEE (8) agus 91/676/CEE (9) ón gComhairle, Treoracha 91/271/CEE, 98/83/CE agus 2000/60/CE, Rialacháin (CE) Uimh. 178/2002 (10), (CE) Uimh. 852/2004 (11), (CE) Uimh. 183/2005 (12), (CE) Uimh. 396/2005 (13) agus (CE) Uimh. 1069/2009 (14) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2006/7/CE (15), 2006/118/CE (16) , 2008/105/CE (17) agus 2011/92/AE (18) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialacháin (AE) Uimh. 2073/2005 (19), (CE) Uimh. 1881/2006 (20) agus (AE) Uimh. 142/2011 (21) ón gCoimisiún.

(28)

Le Rialachán Uimh. (CE) Uimh. 852/2004, leagtar síos rialacha ginearálta maidir le hoibreoirí gnólachtaí bia agus cumhdaítear bia a bheartaítear lena thomhailt ag an duine a tháirgeadh, a phróiseáil, a dháileadh agus a chur ar an margadh. Tugtar aghaidh sa Rialachán sin ar cháilíocht sláinte an bhia agus luaitear ar cheann de na prionsabail bhunúsacha gur ar an oibreoir gnólachta bia atá an phríomhfhreagracht as an tsábháilteacht bia. Tá treoir mhionsonraithe ina tacú leis an Rialachán sin freisin. Uime sin, tá tábhacht ar leith leis an bhfógra ón gCoimisiún maidir le treoir i ndáil le haghaidh a thabhairt ar rioscaí micribhitheolaíocha i dtorthaí agus glasraí úra sa táirgeadh príomhúil trí shláinteachas maith ábhartha go háirithe. Ní dhéanann na híoscheanglais le haghaidh uisce athshlánaithe a leagtar síos sa Rialachán seo cosc a chur ar oibreoirí gnólachtaí bia an cháilíocht uisce is gá chun cloí le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 a bhaint amach trí roinnt roghanna cóireála uisce a úsáid, ag céim ina dhiaidh sin, astu féin nó i gcomhar le roinnt roghanna neamhchóireála.

(29)

Is mór an fhéidearthacht atá ann fuíolluisce cóireáilte a athchúrsáil agus a athúsáid. D’fhonn athúsáid uisce a chur chun cinn agus a spreagadh, níor cheart, le léiriú úsáidí sonracha laistigh den Rialachán seo, cosc a chur ar na Ballstáit cead a thabhairt úsáid a bhaint as uisce athshlánaithe chun críoch eile, lena n-áirítear críocha tionsclaíochta, críocha a bhaineann le fóillíocht agus críocha comhshaoil, de réir mar a mheastar a bheith riachtanach i bhfianaise dálaí agus riachtanais náisiúnta, ar choinníoll go n-áiritheofaí ardleibhéal cosanta don chomhshaol, do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe.

(30)

Ba cheart d’údaráis inniúla comhoibriú le húdaráis ábhartha eile, trí fhaisnéis a mhalartú, chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais ábhartha Aontais agus náisiúnta.

(31)

Chun muinín a mhéadú in athúsáid uisce, ba cheart faisnéis a sholáthar don phobal. Trí fhaisnéis shoiléir, chuimsitheach agus uasdátaithe a chur ar fáil maidir le hathúsáid uisce, cheadófaí do thrédhearcacht agus inrianaitheacht mhéadaithe agus d’fhéadfadh sé freisin go mbainfeadh údaráis ábhartha eile a bhfuil impleachtaí ag an úsáid shonrach uisce ina leith úsáid ar leith as. Chun athúsáid uisce a spreagadh agus d’fhonn geallsealbhóirí a chur ar an eolas faoi na tairbhí a bhaineann leis an athúsáid uisce agus, ar an gcaoi sin, an glacadh atá ag na geallsealbhóirí le cleachtais athúsáide uisce a chur chun cinn, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar feachtais faisnéise agus ardaithe feasachta, atá curtha in oiriúint do scála na hathúsáide uisce, a fhorbairt.

(32)

Tá tábhacht thar na bearta le hoideachas agus oiliúint d’úsáideoirí deiridh mar chomhpháirteanna de bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm agus a choinneáil. Ba cheart bearta coisctheacha sonracha i gcoinne nochtadh don duine a bhreithniú sa phlean bainistithe riosca um athúsáid uisce, amhail úsáid trealaimh chosanta phearsanta, níochán lámh agus sláinteachas pearsanta.

(33)

Is é is aidhm do Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) an ceart rochtana ar fhaisnéis faoin gcomhshaol a ráthú sna Ballstáit i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (23) (Coinbhinsiún Aarhus). I dTreoir 2003/4/CE, leagtar síos oibleagáidí fairsinge a bhaineann le faisnéis faoin gcomhshaol a chur ar fáil, ach í a iarraidh, agus le faisnéis den sórt sin a scaipeadh ar bhealach gníomhach. Le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), cuimsítear faisnéis spásúil a bheith á roinnt, lena n-áirítear tacair sonraí maidir le hábhair éagsúla chomhshaoil. Tá sé tábhachtach go gcomhlánódh forálacha an Rialacháin seo a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis agus le socruithe malartaithe sonraí na Treoracha sin agus nach gcruthóidís córas dlí ar leith. Ba cheart, dá bhrí sin, nár dhochar forálacha an Rialacháin seo maidir le faisnéis don phobal agus maidir le faisnéis faoin bhfaireachán ar chur chun feidhme do Threoracha 2003/4/CE agus 2007/2/CE.

(34)

Tá na sonraí a sholáthraíonn na Ballstáit fíor-riachtanach chun go mbeidh an Coimisiún in ann faireachán agus measúnú a dhéanamh ar an Rialachán seo i gcoibhneas leis na cuspóirí atá á saothrú aige.

(35)

De bhun mhír 22 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (25), ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo. Ba cheart an mheastóireacht sin a bheith bunaithe ar chúig chritéar na héifeachtachta, na héifeachtúlachta, na hábharthachta, an chomhleanúnachais agus an bhreisluacha don Aontas agus ba cheart an bunús a sholáthar léi le haghaidh measúnuithe tionchair ar bhearta breise a d’fhéadfadh a bheith i gceist amach anseo. Ba cheart an dul chun cinn eolaíoch a chur san áireamh sa mheastóireacht, go háirithe maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag substaintí ar ábhar imní atá ag teacht chun cinn iad.

(36)

Leis na híoscheanglais d’athúsáid shábháilte fuíolluisce uirbigh chóireáilte, léirítear an t-eolas eolaíoch atá ar fáil agus caighdeáin agus cleachtais athúsáide uisce a aithnítear go hidirnáisiúnta agus ráthaítear leis na ceanglais sin gur féidir an t-uisce sin a úsáid go sábháilte le haghaidh uisciú talmhaíochta, agus ar an gcaoi sin áirítear ardleibhéal cosanta don chomhshaol, do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe. I bhfianaise thorthaí na meastóireachta ar an Rialachán sin nó aon uair a cheanglaíonn forbairtí nua eolaíocha agus dul chun cinn teicniúil é, ba cheart don Coimisiún a bheith in ann scrúdú a dhéanamh ar an ngá le hathbhreithniú a dhéanamh ar na híoscheanglais a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart dó togra reachtach a thíolacadh chun an Rialachán seo a leasú.

(37)

Chun príomheilimintí an bhainistithe riosca a chur in oiriúint do dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun príomheilimintí an bhainistithe riosca dá bhforáiltear sa Rialachán seo a leasú. Anuas air sin, chun ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe a áirithiú, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar príomheilimintí an bhainistithe riosca dá bhforáiltear sa Rialachán seo trí shonraíochtaí teicniúla a leagan síos freisin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(38)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le formáid agus cur i láthair na faisnéise a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo atá le soláthar ag na Ballstáit agus maidir le formáid agus cur i láthair an fhorléargais uile-Aontais arna tharraingt suas ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26).

(39)

Is é is aidhm leis an Rialachán seo, inter alia, an comhshaol, sláinte an duine agus sláinte ainmhithe a chosaint. Mar a chinn an Chúirt Bhreithiúnais go mion minic, ní bheadh sé i gcomhréir leis an éifeacht cheangailteach a thugtar do Threoir leis an tríú mír d’Airteagal 288 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a eisiamh, i bprionsabal, go bhféadfadh daoine lena mbaineann brath ar oibleagáid a fhorchuirtear le Treoir. Tá feidhm ag an mbreithniú sin freisin maidir le Rialachán arb é an cuspóir atá leis sábháilteacht uisce athshlánaithe a ráthú le haghaidh uisciú talmhaíochta.

(40)

Ba cheart do na Ballstáit na rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás sáruithe ar an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh na bearta uile a dhéanamh is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(41)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon an comhshaol agus sláinte an duine agus sláinte ainmhithe a chosaint, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(42)

Is gá foráil a dhéanamh do dhóthain ama do na Ballstáit chun an bonneagar riaracháin atá riachtanach chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm a chur ar bun, agus do na hoibreoirí chun ullmhú chun na rialacha nua a chur i bhfeidhm.

(43)

D’fhonn athúsáid fuíolluisce cóirithe i gceart a fhorbairt agus a chur chun cinn a mhéid is féidir agus chun feabhas suntasach a bhaint amach in iontaofacht fuíolluisce atá cóirithe i gceart agus i modhanna úsáide atá inmharthana, ba cheart don Aontas tacú le taighde agus le forbairt sa réimse seo tríd an gclár arb é an Fhís Eorpach.

(44)

Féachann an Rialachán seo le húsáid inbhuanaithe uisce a spreagadh. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún tabhairt air féin úsáid a bhaint as cláir de chuid an Aontais, lena n-áirítear clár LIFE, chun tacú le tionscnaimh áitiúla ina bhfuil athúsáid fuíolluisce atá cóirithe i gceart mar chuid dóibh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóir

1.   Leagtar síos sa Rialachán seo na híoscheanglais don cháilíocht uisce agus don fhaireachán uisce agus forálacha maidir le bainistiú riosca, chun uisce athshlánaithe a úsáid go sábháilte i gcomhthéacs bainistiú comhtháite uisce.

2.   Is é cuspóir an Rialacháin seo a ráthú go bhfuil an t-uisce athshlánaithe sábháilte le haghaidh uisciú talmhaíochta, rud a fhágfaidh go n-áiritheofar ardleibhéal cosanta don chomhshaol, do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe, go gcuirfear an geilleagar ciorclach chun cinn, go dtacófar le hoiriúnú don athrú aeráide, agus go gcuirfear le cuspóirí Threoir 2000/60/CE trí aghaidh a thabhairt, ar bhealach comhordaithe ar fud an Aontais, ar ghanntanas uisce agus ar an mbrú mar thoradh air sin ar acmhainní uisce, rud a chuirfidh freisin le feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo aon uair a dhéantar fuíolluisce uirbeach cóireáilte a athúsáid, i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Threoir 91/271/CEE, le haghaidh uisciú talmhaíochta mar a shonraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Féadfaidh Ballstát a chinneadh nach iomchuí uisce a athúsáid le haghaidh uisciú talmhaíochta i gceann amháin nó níos mó dá cheantair abhantracha nó i gcodanna de nó díobh, agus na critéir seo a leanas á gcur san áireamh:

(a)

dálaí geografacha agus aeráide an cheantair nó codanna de;

(b)

na brúnna atá ar acmhainní eile uisce agus an stádas atá acu, lena n-áirítear stádas cainníochtúil na ndobharlach screamhuisce dá dtagraítear i dTreoir 2000/60/CE;

(c)

na brúnna atá ar dhobharlaigh dhromchla, agus an stádas atá acu, ar dobharlaigh iad ina scaoiltear fuíolluisce uirbeach cóireáilte;

(d)

costais chomhshaoil agus acmhainní an uisce athshlánaithe agus acmhainní uisce eile.

Tabharfar údar cuí le haon chinneadh a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear san fhomhír sin agus cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin é. Déanfar é a athbhreithniú de réir mar is gá, lena gcuirfear san áireamh go háirithe réamh-mheastacháin maidir leis an athrú aeráide agus straitéisí náisiúnta maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, agus déanfar é a athbhreithniú gach sé bliana ar a laghad agus pleananna bainistithe abhantracha a bhunaítear de bhun Threoir 2000/60/CE á gcur san áireamh.

3.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar tionscadail taighde nó tionscadail phíolótacha maidir le saoráidí athshlánaithe a dhíolmhú ón Rialachán seo i gcás ina suíonn an t-údarás inniúil go gcomhlíontar na critéir seo a leanas:

(a)

ní dhéanfar an tionscadal taighde nó an tionscadal píolótach laistigh de dhobharlach a úsáidtear chun uisce a bheartaítear lena thomhailt ag an duine a astarraingt nó i gcrios coimirce ábhartha arna hainmniú de bhun Threoir 2000/60/CE;

(b)

beidh an tionscadal taighde nó an tionscadal píolótach faoi réir faireachán iomchuí.

Déanfar aon díolúine de bhun na míre seo a theorannú d’uastréimhse cúig bliana.

Na barra go léir a thiocfaidh as tionscadal taighde nó tionscadal píolótach atá díolmhaithe de bhun na míre seo, ní chuirfear ar an margadh iad.

4.   Tá feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 agus ní fhágann sé go gcuirtear cosc ar oibreoirí gnólachtaí bia an cháilíocht uisce is gá chun an Rialachán sin a chomhlíonadh a bhaint amach trí roinnt roghanna cóireála uisce a úsáid, ag céim eile ina dhiaidh sin, astu féin nó i gcomhar le roghanna neamhchóireála, ag céim eile ina dhiaidh sin, nó go gcuirtear cosc orthu foinsí malartacha uisce a úsáid le haghaidh uisciú talmhaíochta.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “údarás inniúil” údarás nó comhlacht atá ainmnithe ag Ballstát chun a chuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh i dtaca le ceadanna a dheonú i ndáil le táirgeadh agus/nó soláthar uisce athshlánaithe, i dtaca le díolúintí do thionscadail taighde nó tionscadail phíolótacha, agus i dtaca le seiceálacha ar chomhlíonadh;

(2)

ciallaíonn “úsáideoir deiridh” duine nádúrtha nó dlítheanach, cibé an eintiteas poiblí nó príobháideach é, a úsáideann uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta;

(3)

ciallaíonn “fuíolluisce uirbeach” fuíolluisce uirbeach mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Threoir 91/271/CEE;

(4)

ciallaíonn “uisce athshlánaithe” fuíolluisce uirbeach a cóireáladh i gcomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i dTreoir 91/271/CEE agus a eascraíonn as cóireáil bhreise i saoráid athshlánaithe i gcomhréir le Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(5)

ciallaíonn “saoráid athshlánaithe” gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh nó saoráid eile a dhéanann cóireáil bhreise ar fhuíolluisce uirbeach ar cóireáil í a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 91/271/CEE chun uisce a tháirgeadh atá oiriúnach le haghaidh úsáid a shonraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(6)

ciallaíonn “oibreoir saoráide athshlánaithe” duine nádúrtha nó dlítheanach, a dhéanann ionadaíocht ar eintiteas príobháideach nó ar údarás poiblí, a oibríonn nó a rialaíonn saoráid athshlánaithe;

(7)

ciallaíonn “guais” oibreán bitheolaíoch, cheimiceach, fhisiceach nó raideolaíoch a bhfuil d’acmhainn aici dochar a dhéanamh do dhaoine, d’ainmhithe, do bharra nó do phlandaí, do bhithraí talún eile, do bhithraí uisceacha, d’ithreacha nó don chomhshaol i gcoitinne;

(8)

ciallaíonn “riosca” an dóchúlacht go ndéanfaidh guaiseacha sainaitheanta dochar i dtréimhse shonraithe, lena n-áirítear déine na n-iarmhairtí;

(9)

ciallaíonn “bainistiú riosca” cineál córasach bainistithe a áirithíonn go comhsheasmhach go bhfuil athúsáid uisce sábháilte i gcomhthéacs sonrach;

(10)

ciallaíonn “beart coisctheach” gníomhaíocht iomchuí is féidir riosca sláinte nó comhshaoil a chosc nó a dhíchur, nó ar féidir léi riosca den sórt sin a laghdú go leibhéal inghlactha;

(11)

ciallaíonn “pointe comhlíonta” an pointe mar a sheachadann oibreoir saoráide athshlánaithe uisce athshlánaithe chuig an gcéad ghníomhaí eile sa slabhra;

(12)

ciallaíonn “bacainn” aon mheán, lena n-áirítear céimeanna fisiciúla nó céimeanna a bhaineann le próiseas nó coinníollacha úsáide, lena ndéantar riosca ionfhabhtaithe don duine a laghdú nó a chosc trí theagmháil a chosc idir uisce athshlánaithe agus táirge atá le hionghabháil agus na daoine atá nochta go díreach, nó meáin eile lena laghdaítear, mar shampla, dlús na miocrorgánach san uisce athshlánaithe nó lena gcuirtear cosc orthu maireachtáil den táirge atá le hionghabháil;

(13)

ciallaíonn “cead” údarú i scríbhinn arna eisiúint ag údarás inniúil chun uisce athshlánaithe a tháirgeadh nó a sholáthar le haghaidh uisciú talmhaíochta i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(14)

ciallaíonn “páirtí freagrach” páirtí a dhéanann ról nó gníomhaíocht sa chóras athúsáide uisce, lena n-áirítear an t-oibreoir saoráide athshlánaithe, an t-oibreoir gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh i gcás nach ionann é agus an t-oibreoir saoráide athshlánaithe, an t-údarás ábhartha seachas an t-údarás inniúil ainmnithe, an t-oibreoir dáileacháin uisce athshlánaithe nó an t-oibreoir stórála uisce athshlánaithe;

(15)

ciallaíonn “córas athúsáide uisce” an bonneagar agus na heilimintí teicniúla eile atá riachtanach chun uisce athshlánaithe a tháirgeadh, a sholáthar agus a úsáid; is é atá ann na heilimintí go léir ó phointe iontrála an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh go dtí an pointe a bhaintear úsáid as uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta, lena n-áirítear an bonneagar dáilte agus stórála, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 4

Oibleagáidí ar an oibreoir saoráide athshlánaithe agus oibleagáidí maidir le cáilíocht uisce athshlánaithe

1.   Áiritheoidh an t-oibreoir saoráide athshlánaithe go ndéanfaidh uisce athshlánaithe atá beartaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta mar a shonraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I an méid seo a leanas a chomhlíonadh ag an bpointe comhlíonta:

(a)

na híoscheanglais don cháilíocht uisce a leagtar síos i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I;

(b)

aon choinníollacha breise a leagann an t-údarás inniúil síos sa chead ábhartha de bhun phointí (c) agus (d) d’Airteagal 6(3), a mhéid a bhaineann le cáilíocht uisce.

Thar an bpointe comhlíonta, ní bheidh an t-oibreoir saoráide athshlánaithe freagrach a thuilleadh as cáilíocht an uisce.

2.   Chun comhlíontacht a áirithiú i gcomhréir le mír 1, déanfaidh an t-oibreoir saoráide athshlánaithe faireachán ar cháilíocht an uisce i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)

Roinn 2 d’Iarscríbhinn I;

(b)

aon choinníollacha breise a leagann an t-údarás inniúil síos sa chead ábhartha de bhun phointí (c) agus (d) d’Airteagal 6(3), maidir le faireachán.

Airteagal 5

Bainistiú riosca

1.   Chun uisce athshlánaithe a tháirgeadh, a sholáthar agus a úsáid, áiritheoidh an t-údarás inniúil go mbunófar plean bainistithe riosca um athúsáid uisce.

Féadfaidh plean bainistithe riosca um athúsáid uisce córas athúsáide uisce amháin nó níos mó a chumhdach.

2.   Is é an t-oibreoir saoráide athshlánaithe, na páirtithe freagracha eile agus na húsáideoirí deiridh, de réir mar is iomchuí, a ullmhóidh an plean bainistithe riosca um athúsáid uisce. Rachaidh na páirtithe freagracha atá ag ullmhú an phlean bainistithe riosca um athúsáid uisce i gcomhairle le gach páirtí freagrach ábhartha eile agus le húsáideoirí deiridh, de réir mar is iomchuí.

3.   Beidh an plean bainistithe riosca um athúsáid uisce bunaithe ar phríomheilimintí uile an bhainistithe riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus sainaithneofar ann freagrachtaí bainistithe riosca an oibreora saoráide athshlánaithe agus na bpáirtithe freagracha eile.

4.   Leis an bplean bainistithe riosca um athúsáid uisce, déanfar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

aon cheanglais is gá don oibreoir saoráide athshlánaithe a leagan amach, de bhreis ar na ceanglais a shonraítear in Iarscríbhinn I, i gcomhréir le pointe (B) d’Iarscríbhinn II chun aon rioscaí a mhaolú tuilleadh roimh an bpointe comhlíonta;

(b)

guaiseacha, rioscaí agus bearta coisctheacha iomchuí agus/nó bearta ceartaitheacha féideartha a shainaithint i gcomhréir le pointe (C) d’Iarscríbhinn II;

(c)

bacainní breise sa chóras athúsáide uisce a shainaithint agus aon cheanglais bhreise a leagan amach, a bhfuil gá leo tar éis an phointe chomhlíonta chun a áirithiú go mbeidh an córas athúsáide uisce sábháilte, lena n-áirítear coinníollacha a bhaineann le dáileadh, stóráil agus úsáid i gcás inarb iomchuí, agus na páirtithe atá freagrach as na ceanglais sin a chomhlíonadh a shainaithint.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 lena leasaítear an Rialachán seo chun príomheilimintí an bhainistithe riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn II a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 lena bhforlíontar an Rialachán seo chun sonraíochtaí teicniúla phríomheilimintí an bhainistithe riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn II a leagan síos.

Airteagal 6

Oibleagáidí maidir le cead uisce athshlánaithe

1.   Beidh táirgeadh agus soláthar uisce athshlánaithe a bheartaítear le haghaidh uisciú talmhaíochta mar a shonraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I faoi réir ceada.

2.   Déanfaidh na páirtithe freagracha sa chóras athúsáide uisce, lena n-áirítear an t-úsáideoir deiridh i gcás inarb ábhartha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, iarratas ar chead, nó iarratas ar chead atá ann cheana a mhodhnú, a chur chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina n-oibríonn an tsaoráid athshlánaithe nó ina bhfuil sí beartaithe oibriú.

3.   Leagfar amach sa chead oibleagáidí an oibreora saoráide athshlánaithe agus, i gcás inarb ábhartha, aon pháirtithe freagracha eile. Beidh an cead bunaithe ar an bplean bainistithe riosca um athúsáid uisce agus sonrófar ann, inter alia, an méid seo a leanas:

(a)

an aicme de cháilíocht uisce athshlánaithe, nó na haicmí de cháilíocht uisce athshlánaithe, agus an úsáid talmhaíochta dá gceadaítear an t-uisce athshlánaithe, i gcomhréir le hIarscríbhinn I, an t-ionad úsáide, na saoráidí athshlánaithe agus méid bliantúil measta an uisce athshlánaithe atá le táirgeadh;

(b)

na coinníollacha i ndáil leis na híoscheanglais don cháilíocht uisce agus don fhaireachán uisce a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I;

(c)

aon choinníollacha i ndáil le ceanglais bhreise don oibreoir saoráide athshlánaithe a leagtar amach sa phlean bainistithe riosca um athúsáid uisce;

(d)

aon choinníollacha eile is gá chun aon rioscaí neamh-inghlactha don chomhshaol, do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe a dhíothú chun go bhfuil aon rioscaí ar leibhéal inghlactha;

(e)

tréimhse bhailíochta an cheada;

(f)

an pointe comhlíonta.

4.   Chun iarratas a mheasúnú, rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle le húdaráis ábhartha eile, go háirithe na húdaráis uisce agus sláinte murab ionann iad agus an t-údarás inniúil, agus aon pháirtí eile a mheasann an t-údarás inniúil a bheith ábhartha, agus malartóidh sé faisnéis ábhartha leo.

5.   Déanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh gan mhoill i dtaobh cead a dheonú. I gcás ina bhfuil gá ag an údarás inniúil, de bharr chastacht an iarratais, le breis agus 12 mhí ó iarratas comhlánaithe a fháil chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh cead a dheonú, déanfaidh sé dáta measta a chinnidh a chur in iúl don iarratasóir.

6.   Déanfar ceadanna a athbhreithniú go rialta, agus déanfar iad a uasdátú i gcás inar is gá, sna cásanna seo a leanas ar a laghad:

(a)

tháinig athrú substaintiúil ar an dtoilleadh;

(b)

rinneadh trealamh a uasghrádú;

(c)

cuireadh trealamh nó próisis nua leo; nó

(d)

tháinig athruithe i ndálaí aeráide nó i ndálaí eile a dhéanann difear suntasach do stádas éiceolaíochta dobharlach dromchla.

7.   Féadfaidh na Ballstáit a chur de cheangal go mbeidh stóráil, dáileadh agus úsáid an uisce athshlánaithe faoi réir cead sonrach chun na ceanglais bhreise agus na bacainní a shainaithnítear sa phlean bainistithe riosca um athúsáid uisce a chur i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagal 5(4).

Airteagal 7

Seiceáil ar chomhlíonadh

1.   Déanfaidh an t-údarás inniúil fíorú chun a fháil amach an bhfuil na coinníollacha a leagtar amach sa chead á gcomhlíonadh. Déanfar seiceálacha ar chomhlíonadh trí bhíthin na modhanna seo a leanas:

(a)

seiceálacha ar an láthair;

(b)

faireachán a dhéanamh ar na sonraí a fuarthas go háirithe de bhun an Rialacháin seo;

(c)

aon mhodh leormhaith eile.

2.   I gcás neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach sa chead, ceanglóidh an t-údarás inniúil ar an oibreoir saoráide athshlánaithe agus, i gcás inarb ábhartha, ar na páirtithe freagracha eile aon bhearta is gá a dhéanamh chun an comhlíonadh a athbhunú gan mhoill agus na húsáideoirí deiridh dá ndéantar difear a chur ar an eolas láithreach.

3.   I gcás inarb ionann neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach sa chead agus riosca suntasach don chomhshaol, do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe, déanfaidh an t-oibreoir saoráide athshlánaithe nó aon pháirtithe freagracha eile soláthar an uisce athshlánaithe a chur ar fionraí láithreach go dtí go gcinnfidh an t-údarás inniúil go ndearnadh an comhlíonadh a athbhunú, de réir nósanna imeachta a shainítear sa phlean bainistithe riosca um athúsáid uisce, i gcomhréir le pointe (a) de Roinn 2 d’Iarscríbhinn I.

4.   Má tharlaíonn teagmhas a dhéanann difear do chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach sa chead, cuirfidh an t-oibreoir saoráide athshlánaithe nó aon pháirtithe freagracha eile an t-údarás inniúil agus páirtithe eile a bhféadfadh sé go ndéanfaí difear dóibh ar an eolas láithreach, agus cuirfidh siad in iúl don údarás inniúil an t-eolas is gá chun tionchar an teagmhais sin a mheasúnú.

5.   Déanfaidh an t-údarás inniúil a fhíorú go rialta go bhfuil na bearta agus na cúraimí a leagtar amach sa phlean bainistithe riosca um athúsáid uisce á gcomhlíonadh ag na páirtithe freagracha.

Airteagal 8

Comhar idir na Ballstáit

1.   I gcás ina bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint le hathúsáid uisce, ainmneoidh na Ballstáit pointe teagmhála chun críoch comhair le pointí teagmhála agus údaráis inniúla na mBallstát eile, de réir mar is iomchuí, nó úsáidfidh siad struchtúir atá ann cheana a eascraíonn ó chomhaontuithe idirnáisiúnta chun críoch comhair.

Is é an ról a bheidh ag na pointí teagmhála nó na struchtúir atá ann cheana:

(a)

iarratais ar chúnamh a fháil agus a tharchur;

(b)

cúnamh a thabhairt nuair a iarrtar é; agus

(c)

an chumarsáid a chomhordú idir na húdaráis inniúla.

Sula ndéanfaidh siad cead a dheonú, malartóidh na húdaráis inniúla faisnéis maidir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 6(3) leis an bpointe teagmhála sa Bhallstát ina mbeartaítear uisce athshlánaithe a úsáid.

2.   Freagróidh na Ballstáit iarrataí ar chúnamh gan moill mhíchuí.

Airteagal 9

Faisnéis agus ardú feasachta

Sna Ballstáit ina n-úsáidtear uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta, déanfar feachtais ghinearálta ardaithe feasachta ag díriú ar an gcoigilteas acmhainní uisce a thagann mar thoradh ar athúsáid uisce. Féadfar a áireamh i bhfeachtais den sórt sin tairbhí athúsáid sábháilte uisce a chur chun cinn.

Féadfaidh na Ballstáit sin feachtais faisnéise a chur ar bun d’úsáideoirí deiridh freisin chun úsáid optamach shábháilte an uisce athshlánaithe a áirithiú, agus, ar an gcaoi sin, ardleibhéal cosanta don chomhshaol, do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe a áirithiú.

Féadfaidh na Ballstáit na feachtais faisnéise agus ardaithe feasachta sin a oiriúnú do scála na hathúsáide uisce.

Airteagal 10

Faisnéis don phobal

1.   Gan dochar do Threoracha 2003/4/CE agus 2007/2/CE, i gcás na mBallstát ina n-úsáidtear uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta mar a shonraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, áiritheoidh siad go mbeidh faisnéis leormhaith agus cothrom le dáta maidir le hathúsáid uisce ar fáil don phobal, ar líne nó ar mhodh eile. Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis sin:

(a)

cainníocht agus cáilíocht an uisce athshlánaithe a sholáthraítear i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(b)

céatadán an uisce athshlánaithe sa Bhallstát a sholáthraítear i gcomhréir leis an Rialachán seo i gcomparáid le méid iomlán an fhuíolluisce uirbigh chóireáilte, i gcás ina bhfuil sonraí den sórt sin ar fáil;

(c)

na ceadanna arna ndeonú nó arna modhnú i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n-áirítear na coinníollacha arna leagan síos ag údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 6(3) den Rialachán seo;

(d)

torthaí aon seiceálacha ar chomhlíonadh a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 7(1) den Rialachán seo;

(e)

na pointí teagmhála arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Rialachán seo.

2.   Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a uasdátú gach dhá bhliain.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear aon chinneadh arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 2(2) ar fáil don phobal, ar líne nó ar mhodh eile.

Airteagal 11

Faisnéis a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme

1.   Gan dochar do Threoracha 2003/4/CE agus 2007/2/CE, i gcás na mBallstát ina n-úsáidtear uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta mar a shonraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfaidh siad an méid seo a leanas le cabhair ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil:

(a)

faoin 26 Meitheamh 2026, tacar sonraí a chur ar bun agus a fhoilsiú, agus uasdátú a dhéanamh air gach sé bliana ina dhiaidh sin, ina bhfuil faisnéis maidir le toradh na seiceála ar chomhlíonadh arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 7(1) den Rialachán seo agus faisnéis eile atá le cur ar fáil don phobal, ar líne nó ar mhodh eile, i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán seo;

(b)

tacar sonraí a chur ar bun, a fhoilsiú agus a uasdátú ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin ina bhfuil faisnéis faoi chásanna nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa chead agus a bailíodh i gcomhréir le hAirteagal 7(1) den Rialachán seo, agus faisnéis faoi na bearta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 7(2) agus (3) den Rialachán seo.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ar na tacair sonraí dá dtagraítear i mír 1 ag an gCoimisiún, ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú.

3.   Ar bhonn na dtacar sonraí dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, i gcomhairle leis na Ballstáit, ar bhonn rialta nó tar éis iarraidh a fháil ón gCoimisiún, forléargas uile-Aontais a tharraingt suas, a fhoilsiú agus a uasdátú. Áireofar san fhorléargas sin, de réir mar is iomchuí, táscairí d’aschuir, do thorthaí agus do thionchair an Rialacháin seo, léarscáileanna, agus tuarascálacha Ballstát.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le formáid agus cur i láthair na faisnéise atá le soláthar i gcomhréir le mír 1 chomh maith leis na rialacha mionsonraithe maidir le formáid agus cur i láthair an fhorléargais uile-Aontais dá dtagraítear i mír 3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14.

5.   Faoin 26 Meitheamh 2022, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit, treoirlínte a bhunú chun tacú le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 12

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 26 Meitheamh 2028, meastóireacht ar an Rialachán seo. Beidh an mheastóireacht bunaithe ar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

an taithí a fuarthas ón Rialachán seo a chur chun feidhme;

(b)

na tacair sonraí arna gcur ar bun ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 11(1) agus an forléargas uile-Aontais arna tharraingt suas ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil i gcomhréir le hAirteagal 11(3);

(c)

sonraí eolaíocha, anailíseacha agus eipidéimeolaíocha ábhartha;

(d)

eolas teicniúil agus eolaíochta;

(e)

moltaí ó EDS, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, nó treoraíocht idirnáisiúnta eile nó caighdeáin ISO.

2.   Agus an mheastóireacht á déanamh aige, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar na gnéithe seo a leanas:

(a)

na híoscheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(b)

príomheilimintí an bhainistithe riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

(c)

na ceanglais bhreise arna leagan síos ag na húdaráis inniúla de bhun phointí (c) agus (d) d’Airteagal 6(3);

(d)

tionchar na hathúsáide uisce ar an gcomhshaol, ar shláinte an duine agus ar shláinte ainmhithe, lena n-áirítear tionchar na substaintí ar ábhar imní atá ag teacht chun cinn iad.

3.   Mar chuid den mheastóireacht, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an indéantacht maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig uisce athshlánaithe a bheartaítear le húsáidí sonracha eile, lena n-áirítear é a athúsáid chun críoch tionsclaíoch;

(b)

ceanglais an Rialacháin seo a leathnú chun úsáid indíreach fuíolluisce chóireáilte a chumhdach.

4.   Bunaithe ar thorthaí na meastóireachta nó aon uair a éilítear é le heolas nua teicneolaíoch agus eolaíoch, féadfaidh an Coimisiún scrúdú a dhéanamh ar an ngá le hathbhreithniú a dhéanamh ar na híoscheanglais a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I.

5.   I gcás inarb iomchuí, tíolacfaidh an Coimisiún togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú.

Airteagal 13

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(5) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana ón 25 Meitheamh 2020. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(5) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar aon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 14

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste a bunaíodh le Treoir 2000/60/CE cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 15

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin faoin 26 Meitheamh 2024 agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 26 Meitheamh 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Bealtaine 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  IO C 110, 22.3.2019, lch. 94.

(2)  IO C 86, 7.3.2019, lch. 353.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 7 Aibreán 2020 (IO C 147, 4.5.2020, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Bealtaine 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(5)  Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40).

(6)  IO C 9 E, 15.1.2010, lch. 33.

(7)  Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht an uisce a bheartaítear lena thomhailt ag an duine (IO L 330, 5.12.1998, lch. 32).

(8)  Treoir 86/278/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1986 maidir le cosaint an chomhshaoil, agus na hithreach go háirithe, nuair a úsáidtear sloda san fheirmeoireacht (IO L 181, 4.7.1986, lch. 6).

(9)  Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 lena leagtar síos na ceanglais i ndáil le sláinteachas beatha ainmhithe (IO L 35, 8.2.2005, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1)

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe) (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1).

(15)  Treoir 2006/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cáilíocht uisce snámha a bhainistiú agus lena leasaítear Treoir 76/160/CEE (IO L 64, 4.3.2006, lch. 37).

(16)  Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheathlú (IO L 372, 27.12.2006, lch. 19).

(17)  Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 348, 24.12.2008, lch. 84).

(18)  Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe i ndáil leis an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2005 maidir le critéir mhicribhitheolaíocha le haghaidh earraí bia (IO L 338, 22.12.2005, lch. 1).

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2006 lena socraítear leibhéil uasta le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia (IO L 364, 20.12.2006, lch. 5).

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle maidir le samplaí agus míreanna áirithe atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin Treoir sin (IO L 54, 26.2.2011, lch. 1).

(22)  Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).

(23)  IO L 124, 17.5.2005, lch. 4.

(24)  Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).

(25)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(26)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

ÚSÁIDÍ AGUS ÍOSCHEANGLAIS

Roinn 1.

Úsáidí an uisce athshlánaithe

Uisciú talmhaíochta

Ciallaíonn uisciú talmhaíochta na cineálacha barr seo a leanas a uisciú:

barra bia a thomhlaítear amh, a chiallaíonn barra a bheartaítear lena dtomhailt ag an duine agus iad amh nó i riocht neamhphróiseáilte;

barra bia próiseáilte, a chiallaíonn barra a bheartaítear lena dtomhailt ag an duine, tar éis próiseas cóireála (i.e. cócaráilte nó próiseáilte go tionsclaíoch);

barra neamhbhia, a chiallaíonn barra nach mbeartaítear lena dtomhailt ag an duine (e.g. féaraigh agus barra foráiste, snáithín, ornáideacha, síl, fuinnimh agus scraithe).

Gan dochar do dhlí ábhartha eile an Aontais i réimsí an chomhshaoil agus na sláinte, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as uisce athshlánaithe i gcomhair tuilleadh úsáidí, amhail na cinn seo a leanas:

athúsáid uisce thionsclaíoch; agus

críocha a bhaineann le taitneamhacht agus críocha comhshaoil.

Roinn 2.

Na híoscheanglais

Na híoscheanglais is infheidhme maidir le huisce athshlánaithe a bheartaítear lena úsáid le haghaidh uisciú talmhaíochta

Leagtar amach i dTábla 1 na haicmí de cháilíocht uisce athshlánaithe agus na húsáidí a cheadaítear agus na modhanna uisciúcháin le haghaidh gach aicme. Leagtar amach i dTábla 2 de phointe (a) na híoscheanglais don cháilíocht uisce. Leagtar amach i dTábla 3 (faireachán gnáthrialta) agus Tábla 4 (faireachán ar bhailíochtú) de phointe (b) na minicíochtaí íosta agus na spriocanna feidhmíochta chun faireachán a dhéanamh ar uisce athshlánaithe.

Déanfar na barraí a bhaineann le catagóir áirithe a uisciú le huisce athshlánaithe den aicme chomhfhreagrach de cháilíocht íosta uisce athshlánaithe mar a leagtar amach i dTábla 1, ach amháin má úsáidtear bacainní breise iomchuí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(4), a bhfuil sé mar thoradh orthu go mbaintear amach na ceanglais cháilíochta a leagtar amach i dTábla 2 de phointe (a). Féadfaidh bacainní breise den sórt sin a bheith bunaithe ar liosta táscach na mbeart coisctheach dá dtagraítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn II nó in aon chaighdeáin choibhéiseacha náisiúnta nó idirnáisiúnta eile, e.g. caighdeán ISO 16075-2.

Tábla 1 — Aicmí de cháilíocht uisce athshlánaithe agus an úsáid talmhaíochta cheadaithe agus an modh uiscithe

Aicme de cháilíocht íosta uisce athshlánaithe

Catagóir barr (*1)

Modh uisciúcháin

A

Na barra bia ar fad a thomhlaítear amh a bhfuil an chuid inite díobh i dteagmháil dhíreach le huisce athshlánaithe agus barra fréimhe a thomhlaítear amh

Gach modh uisciúcháin

B

Barra bia a thomhlaítear amh a dtáirgtear an chuid inite díobh os cionn talún agus nach bhfuil i dteagmháil dhíreach le huisce athshlánaithe, barra bia próiseáilte agus barra neamhbhia, lena n-áirítear barra a úsáidtear chun ainmhithe a tháirgeann bainne nó feoil a bheathú

Gach modh uisciúcháin

C

Barra bia a thomhlaítear amh a dtáirgtear an chuid inite díobh os cionn talún agus nach bhfuil i dteagmháil dhíreach le huisce athshlánaithe, barra bia próiseáilte agus barra neamhbhia, lena n-áirítear barra a úsáidtear chun ainmhithe a tháirgeann bainne nó feoil a bheathú

Uisciú silte (*2) nó modh uisciúcháin eile a sheachnaíonn teagmháil dhíreach leis an gcuid inite den bharra

D

Barra tionsclaíocha, fuinnimh agus síl

Gach modh uisciúcháin (*3)

(a)   Na híoscheanglais le haghaidh cáilíocht uisce

Tábla 2 — Ceanglais maidir le cáilíocht an uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta

Aicme de cháilíocht uisce athshlánaithe

Sprioc tháscach teicneolaíochta

Ceanglais cháilíochta

E. coli

(líon/100 ml)

BOD5

(mg/l)

TSS

(mg/l)g/l)

Moirtiúlacht

(NTU)U)

Eile

A

Cóireáil thánaisteach, scagachán, agus dífhabhtú

≤ 10

≤ 10

≤ 10

≤ 5

Legionella spp.: < 1 000 cfu/l i gcás ina bhfuil riosca aerasólaithe

Néimeatóidí stéigeacha (uibheacha heilminte): ≤ 1 ubh/l chun féaraigh nó foráiste a uisciú

B

Cóireáil thánaisteach, agus dífhabhtú

≤ 100

I gcomhréir le Treoir 91/271/CEE

(Iarscríbhinn I, Tábla 1)

I gcomhréir le Treoir 91/271/CEE

(Iarscríbhinn I, Tábla 1)

-

C

Cóireáil thánaisteach, agus dífhabhtú

≤ 1 000

-

D

Cóireáil thánaisteach, agus dífhabhtú

≤ 10 000

-

Measfar go bhfuil uisce athshlánaithe ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i dTábla 2 i gcás ina gcomhlíonann na bearta le haghaidh an uisce athshlánaithe sin na critéir seo a leanas ar fad:

tá na luachanna a léirítear do E. coli, Legionella spp. agus néimeatóidí stéigeacha comhlíonta in 90 % nó níos mó de na samplaí; ní bhíonn aon cheann de na luachanna os cionn na teorann uasta diallais d’aon aonad loga amháin ón luach a léirítear do E. coli agus Legionella spp. agus 100 % den luach a léirítear do néimeatóidí stéigeacha;

déantar na luachanna a léirítear do BOD5, TSS, agus moirtiúlacht in Aicme A a chomhlíonadh in 90 % nó níos mó de na samplaí; ní bhíonn aon cheann de na luachanna os cionn na teorann uasta diallais de 100 % den luach a léirítear.

(b)   Na híoscheanglais le haghaidh faireacháin

Déanfaidh oibreoirí saoráide athshlánaithe faireachán gnáthrialta chun a fhíorú go bhfuil an t-uisce athshlánaithe ag comhlíonadh na n-íoscheanglas maidir le cáilíocht uisce a leagtar amach i bpointe (a). Cuirfear an faireachán gnáthrialta san áireamh i nósanna imeachta fíoraithe an chórais athúsáide uisce.

Maidir leis na samplaí atá le húsáid chun comhlíonadh na bparaiméadar micribhitheolaíochta a fhíorú ag an bpointe comhlíonta, glacfar iad i gcomhréir le caighdeán EN ISO 19458 nó aon chaighdeáin náisiúnta nó idirnáisiúnta eile lena n-áirithítear cáilíocht choibhéiseach.

Tábla 3 — Na minicíochtaí íosta le haghaidh faireachán gnáthrialta ar uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta

 

Na minicíochtaí íosta le haghaidh faireachán

Aicme de cháilíocht uisce athshlánaithe

E. coli

BOD5

TSS

Moirtiúlacht

Legionella spp.

(nuair is infheidhme)

Néimeatóidí stéigeacha

(nuair is infheidhme)

A

Uair sa tseachtain

Uair sa tseachtain

Uair sa tseachtain

Leanúnach

Faoi dhó sa mhí

Faoi dhó sa mhí nó ar mhinicíocht a chinneann an t-oibreoir saoráide athshlánaithe de réir líon na n uibheacha i bhfuíolluisce a thagann isteach go dtí an tsaoráid athshlánaithe

B

Uair sa tseachtain

I gcomhréir le Treoir 91/271/CEE

(Iarscríbhinn I, Roinn D)

I gcomhréir le Treoir 91/271/CEE

(Iarscríbhinn I, Roinn D)

-

C

Faoi dhó sa mhí

-

D

Faoi dhó sa mhí

-

Déanfar an faireachán ar bhailíochtú sula gcuirfear saoráid athshlánaithe nua i bhfeidhm.

Na saoráidí athshlánaithe atá i bhfeidhm cheana agus a chomhlíonann na ceanglais cáilíochta uisce a leagtar amach i dTábla 2 de phointe (a) an 25 Meitheamh 2020, beidh siad díolmhaithe ón oibleagáid sin faireachán a dhéanamh ar bhailíochtú.

Déanfar an faireachán ar bhailíochtú i ngach cás ina ndéantar uasghrádú ar threalamh, agus nuair a thugtar trealamh nó próisis nua isteach, áfach.

Déanfar an faireachán ar bhailíochtú don aicme de cháilíocht uisce athshlánaithe a bhfuil na ceanglais is déine aici, Aicme A, chun a mheasúnú an bhfuil na spriocanna feidhmíochta (laghdú logartaim10) comhlíonta. Is é atá i gceist le faireachán ar bhailíochtú ná faireachán ar na miocrorgánaigh tháscacha a bhaineann le gach grúpa pataigíní, eadhon baictéir, víris agus protozoa. Is iad na miocrorgánaigh tháscacha atá roghnaithe ná E. coli le haghaidh baictéir phataigineacha, baictéarafagaigh dhrólannacha F-shonracha, baictéarafagaigh shómatacha dhrólannacha nó baictéarafagaigh dhrólannacha le haghaidh víris phataigineacha, agus spóir de Clostridium perfringens nó baictéir sulfáitlaghdaithe spórdhéanta le haghaidh protozoa. Tá na spriocanna feidhmíochta (laghdú logartaim10) le haghaidh an fhaireacháin ar bhailíochtú ar na miocrorgánaigh tháscacha roghnaithe leagtha amach i dTábla 4 agus comhlíonfar iad ag an bpointe comhlíonta, agus dlús an fhuíolluisce amh atá ag teacht isteach go dtí an gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh á bhreithniú. Bainfidh amach nó sáróidh ar a laghad 90 % de na samplaí bailíochtaithe an sprioc feidhmíochta.

Murab ann do chainníocht leordhóthanach de tháscaire bitheolaíoch san fhuíolluisce amh chun laghdú logartaim10 a bhaint amach, ciallóidh neamhláithreacht an táscaire bhitheolaíoch sin san uisce athshlánaithe go bhfuil na ceanglais maidir le bailíochtú á gcomhlíonadh. Féadfar baint amach na sprice feidhmíochta a dheimhniú trí rialú anailíseach, trí shuimiú na bhfeidhmíochta a cheadaítear do chéimeanna cóireála aonair arna bunú ar fhianaise eolaíoch do phróisis chaighdeánacha sheanbhunaithe, amhail sonraí foilsithe ó thuarascálacha tástála nó ó chás-staidéir, nó sonraí a tástáladh i saotharlann faoi dhálaí rialaithe i gcomhair cóireáil nuálach.

Tábla 4 — Faireachán ar bhailíochtú á dhéanamh ar uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta

Aicme de cháilíocht uisce athshlánaithe

Miocrorgánaigh tháscacha  (*4)

Spriocanna feidhmíochta don slabhra cóireála

(laghdú logartaim10)

A

E. coli

≥ 5,0

Iomlán na mbaictéarafagach drólannach/baictéarafagaigh dhrólannacha F shonracha/baictéarafagaigh shómatacha dhrólannacha/baictéarafagaigh dhrólannacha  (*5)

≥ 6,0

Spóir de Clostridium perfringens/baictéir sulfáitlaghdaithe spórdhéanta  (*6)

≥ 4,0 (i gcás spóir de Clostridium perfringens)

≥ 5,0 (i gcás baictéir sulfáitlaghdaithe spórdhéanta)

Déanfar na modhanna anailíse don fhaireachán a bhailíochtú agus a dhoiciméadú i gcomhréir le EN ISO/IEC-17025 nó caighdeáin náisiúnta nó idirnáisiúnta eile lena n-áirithítear cáilíocht choibhéiseach.


(*1)  Má thagann an cineál céanna bairr uiscithe faoi chatagóirí iolracha de Thábla 1, beidh feidhm ag ceanglais na catagóire is déine.

(*2)  Is é is uisciú silte ann (ar a dtugtar sil-uisciú freisin) ná córas miocruiscithe ar féidir leis braonta uisce nó srutháin bheaga a sheachadadh go dtí na plandaí trí uisce a shileadh ar an ithir nó go díreach faoina dromchla ar rátaí fíorísle (2-20 lítear san uair) ó chóras píopaí plaisteacha ag a bhfuil trastomhas beag atá feistithe le hasraonta ar a dtugtar astairí nó sileáin.

(*3)  I gcás modhanna uisciúcháin lena ndéantar aithris ar bháisteach, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar shláinte oibrithe nó daoine ar an láthair a chosaint. Chun na críche sin, déanfar bearta coisctheacha iomchuí a chur i bhfeidhm.

(*4)  Féadfar úsáid a bhaint freisin as na pataigíní tagartha Campylobacter, Rótavíreas agus Cryptosporidium, seachas na miocrorgánaigh tháscacha atá molta a úsáid, chun faireachán a dhéanamh ar bhailíochtú. Ba cheart, sa chás sin, go mbeadh feidhm ag na spriocanna feidhmíochta seo a leanas atá sloinnte mar laghdú logartaim10: Campylobacter (≥ 5,0), Rótavíreas (≥ 6,0) agus Cryptosporidium (≥ 5,0).

(*5)  Roghnaítear iomlán na mbaictéarafagach drólannach mar an táscaire víreasach is iomchuí. Mura féidir anailís a dhéanamh ar iomlán na mbaictéarafagach drólannach, áfach, déanfar ceann amháin acu (baictéarafagaigh dhrólannacha F-shonracha nó baictéarafagaigh shómatacha dhrólannacha) ar a laghad a anailísiú.

(*6)  Roghnaítear spóir de Clostridium perfringens mar an táscaire protozoa is iomchuí. Is rogha mhalartach iad baictéir sulfáitlaghdaithe spórdhéanta, áfach, mura féidir baint logartaim10 arna iarraidh a bhailíochtú de dheasca dhlús na spór de Clostridium perfringens.


IARSCRÍBHINN II

(A)

Príomheilimintí bainistithe riosca

Le bainistiú riosca, cuimseofar rioscaí a shainaithint agus a bhainistiú ar bhealach réamhghníomhach chun a áirithiú go n-úsáidtear agus go mbainistítear uisce athshlánaithe go sábháilte agus nach ann do riosca don chomhshaol, do shláinte an duine ná do shláinte ainmhithe. Chun na gcríoch sin, bunófar plean bainistíochta riosca um athúsáid uisce ar bhonn na n-eilimintí seo a leanas:

1.

Tuairisc ar an gcóras athúsáide uisce iomlán, ón bpointe a dtagann fuíolluisce isteach go dtí an gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh go dtí an pointe úsáide, lena n-áirítear na foinsí fuíolluisce, na céimeanna cóireála agus na teicneolaíochtaí arna n-úsáid ag an tsaoráid athshlánaithe, an bonneagar soláthair, dáilte agus stórála, an úsáid bheartaithe, an t-ionad agus an tréimhse úsáide (e.g. úsáid shealadach nó ad hoc), na modhanna uisciúcháin, an cineál barra, foinsí eile uisce má bheartaítear meascán a úsáid agus cainníochtaí an uisce athshlánaithe atá le soláthar.

2.

Na páirtithe freagracha uile a mbaineann leis an gcóras athúsáide uisce a shainaithint agus tuairisc shoiléir a thabhairt ar a róil agus a bhfreagrachtaí.

3.

Na guaiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint, go háirithe truailleáin agus pataiginí, agus an baol go dtarlódh eachtraí guaiseacha, amhail teip chóireála nó sceitheadh de thimpiste nó éilliú sa chóras athúsáide uisce.

4.

Na comhshaoil agus na daonraí a bhfuil baol ann ina leith a shainaithint mar aon leis na bealaí go nochtfar iad do na guaiseacha sainaitheanta a d’fhéadfadh a bheith ann, agus aird á tabhairt ar na himthosca comhshaoil sonracha, amhail an hidrigeolaíocht, toipeolaíocht, cineál ithreach agus éiceolaíocht áitiúil, agus imthosca a bhaineann le cineál na mbarr agus na cleachtais feirmeoireachta agus uisciúcháin. Éifeachtaí diúltacha fadtéarmacha nó do-athraithe don chomhshaol agus don tsláinte a d’fhéadfadh a bheith ag an oibríocht athshlánaithe uisce, arna tacú le fianaise eolaíoch, a bhreithniú.

5.

Measúnú ar rioscaí don chomhshaol, do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe, agus aird á tabhairt ar chineál na nguaiseacha sainaitheanta a d’fhéadfadh a bheith ann, fad na n-úsáidí beartaithe, na comhshaoil agus daonraí a sainaithníodh go bhfuil baol ann go nochtfar iad do na guaiseacha sin agus déine na n-éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag na guaiseacha, agus prionsabal an réamhchúraim á bhreithniú, mar aon le reachtaíocht ábhartha uile an Aontais agus an reachtaíocht náisiúnta ábhartha uile, na treoirdhoiciméid uile agus na híoscheanglais uile a bhaineann le sábháilteacht bia agus beatha agus sábháilteacht oibrithe. D’fhéadfadh an measúnú riosca a bheith bunaithe ar athbhreithniú ar na staidéir agus na sonraí eolaíocha atá ar fáil.

Is iad na heilimintí seo a leanas a bheidh sa mheasúnú riosca:

(a)

measúnú ar na rioscaí don chomhshaol, lena n-áirítear iad seo uile a leanas:

(i)

deimhniú ar chineál na nguaiseacha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an leibhéal tuartha neamhéifeachta;

(ii)

measúnú ar raon féideartha an nochta;

(iii)

saintréithiú na rioscaí.

(b)

measúnú ar na rioscaí do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe, lena n-áirítear iad seo uile a leanas:

(i)

deimhniú ar chineál na nguaiseacha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an caidreamh atá bainteach le dáileogacht;

(ii)

measúnú ar raon féideartha an nochta nó na dáileogachta;

(iii)

saintréithiú na rioscaí.

Féadfar an measúnú riosca a dhéanamh trí mheasúnú riosca cáilíochtúil nó leath-chainníochtúil a úsáid. Úsáidfear measúnú riosca cainníochtúil i gcás ina mbeidh go leor sonraí tacaíochta ann nó i dtionscadail a d’fhéadfadh riosca ard a bheith ag baint leo ó thaobh an chomhshaoil nó na sláinte poiblí de.

Cuirfear na ceanglais agus na hoibleagáidí seo a leanas, ar a laghad, san áireamh sa mheasúnú riosca:

(a)

an ceanglas go laghdófaí agus go gcoiscfí truailliú uisce ó níotráití i gcomhréir le Treoir 91/676/CEE;

(b)

an oibleagáid go gcomhlíonfadh limistéir chosanta le haghaidh uisce a bheartaítear lena thomhailt ag an duine na ceanglais i dTreoir 98/83/CE;

(c)

an ceanglas go gcomhlíonfaí na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach i dTreoir 2000/60/CE;

(d)

an ceanglas cosc a chur ar thruailliú screamhuisce i gcomhréir le Treoir 2006/118/CE;

(e)

an ceanglas go gcomhlíonfaí na caighdeáin cháilíochta chomhshaoil le haghaidh substaintí tosaíochta agus truailleáin áirithe eile a leagtar síos i dTreoir 2008/105/CE;

(f)

an ceanglas go gcomhlíonfaí na caighdeáin cháilíochta chomhshaoil le haghaidh truailleán ar ábhar imní náisiúnta iad, eadhon, truailleáin shonracha in abhantracha, a leagtar síos i dTreoir 2000/60/CE;

(g)

an ceanglas go gcomhlíonfaí na caighdeáin cháilíochta uisce a leagtar síos i dTreoir 2006/7/CE;

(h)

na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil, agus go háirithe cosaint na hithreach, nuair a úsáidtear sloda séarachais sa talmhaíocht faoi Threoir 86/278/CEE;

(i)

na ceanglais maidir le sláinteachas earraí bia a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 agus an treoir a thugtar san fhógra ón gCoimisiún maidir leis an treoirdhoiciméad i ndáil le haghaidh a thabhairt ar rioscaí micribhitheolaíocha i dtorthaí agus glasraí úra sa táirgeadh príomhúil trí shláinteachas maith;

(j)

na ceanglais maidir le sláinteachas beatha ainmhithe a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 183/2005;

(k)

an ceanglas go gcomhlíonfaí na critéir mhicribhitheolaíocha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005;

(l)

na ceanglais maidir le leibhéil uasta le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006;

(m)

na ceanglais maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha nó ar bhia agus ar bheatha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005;

(n)

na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe a leagtar amach i Rialacháin (CE) Uimh. 1069/2009 agus (AE) Uimh. 142/2011.

(B)

Coinníollacha i ndáil leis na ceanglais bhreise

6.

Ceanglais maidir le cáilíocht uisce agus faireachán atá sa bhreis ar na ceanglais nó atá níos déine ná na ceanglais a shonraítear i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, nó an dá rud, a bhreithniú, i gcás inar gá agus inarb iomchuí sin chun cosaint leordhóthanach don chomhshaol, do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe a áirithiú, go háirithe nuair a bheidh fianaise shoiléir eolaíoch ann gur de thionscnamh uisce athshlánaithe seachas ó fhoinsí eile é an riosca.

Ag brath ar thoradh an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear i bpointe 5, d’fhéadfadh sé go mbainfeadh na ceanglais bhreise sin leis na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

miotail throma;

(b)

lotnaidicídí;

(c)

seachtháirgí dífhabhtaithe;

(d)

earraí cógaisaíochta;

(e)

substaintí eile ar ábhar imní atá ag teacht chun cinn iad, lena n-áirítear micreathruailleáin agus micreaphlaistigh;

(f)

frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach.

(C)

Bearta coisctheacha

7.

Bearta coisctheacha a shainaithint atá i bhfeidhm cheana féin nó ar cheart iad a dhéanamh chun srian a chur le rioscaí sa chaoi gur féidir na rioscaí sainaitheanta ar fad a bhainistiú go leordhóthanach. Déanfar aird ar leith a thabhairt ar na dobharlaigh a úsáidtear chun uisce a bheartaítear lena thomhailt ag an duine a aistarraingt agus ar na criosanna coimircí ábhartha.

Féadfar a áireamh ar na bearta coisctheacha sin:

(a)

rialú rochtana;

(b)

dífhabhtú breise nó bearta bainte truailleán;

(c)

teicneolaíocht shonrach uiscithe lena maolaítear an riosca aerasólaithe (e.g. uisciú silte);

(d)

ceanglais shonracha le haghaidh uisciú aisréadóra (e.g. uasluas gaoithe, na hachair idir an t-aisréadóir agus limistéir íogaire);

(e)

ceanglais shonracha do pháirceanna talmhaíochta (e.g. claonadh fána, sáithiúchán uisce páirce agus limistéir charstacha);

(f)

tacaíocht básaithe pataiginí roimh an mbuaint;

(g)

Achair íosta shábháilteachta a bhunú (e.g. uisce dromchla, lena n-áirítear foinsí le haghaidh beostoic, nó gníomhaíochtaí amhail dobharshaothrú, feirmeoireacht éisc, dobharshaothrú sliogéisc, snámh agus gníomhaíochtaí eile uisce);

(h)

comharthaíocht ag láithreáin uisciúcháin, lena léirítear go bhfuil uisce athshlánaithe á úsáid agus nach bhfuil sé oiriúnach lena ól.

Leagtar amach i dTábla 1 bearta coisctheacha sonracha a d’fhéadfadh a bheith ábhartha.

Tábla 1 — Bearta coisctheacha sonracha

Aicme de cháilíocht uisce athshlánaithe

Bearta coisctheacha sonracha

A

Ní mór nach nochtfar muca d’fharae a uiscítear le huisce athshlánaithe ach amháin más ann do shonraí leordhóthanacha a léireodh gur féidir na rioscaí do chás sonrach a bhainistiú.

B

Toirmeasc ar tháirgí uiscithe nó faoi shileadh a bhuain agus iad fós fliuch.

Eallach déiríochta atá ag lachtadh a choinneáil amach ó fhéarach go dtí go bhfuil sé tirim.

Ní mór farae a thriomú nó sadhlas a dhéanamh de sula ndéanfar é a phacáistiú.

Ní mór nach nochtfar muca d’fharae a uiscítear le huisce athshlánaithe ach amháin más ann do shonraí leordhóthanacha a léireodh gur féidir na rioscaí do chás sonrach a bhainistiú.

C

Toirmeasc ar tháirgí uiscithe nó faoi shileadh a bhuain agus iad fós fliuch.

Ainmhithe féaraigh a choinneáil amach ó fhéarach ar feadh cúig lá tar éis an uiscithe deiridh.

Ní mór farae a thriomú nó sadhlas a dhéanamh de sula ndéanfar é a phacáistiú.

Ní mór nach nochtfar muca d’fharae a uiscítear le huisce athshlánaithe ach amháin más ann do shonraí leordhóthanacha a léireodh gur féidir na rioscaí do chás sonrach a bhainistiú.

D

Toirmeasc ar tháirgí uiscithe nó faoi shileadh a bhuain agus iad fós fliuch.

8.

Córais agus nósanna imeachta rialála cáilíochta leordhóthanacha, lena n-áirítear faireachán ar an uisce athshlánaithe le haghaidh paraiméadair ábhartha, agus cláir chothabhála leordhóthanacha do threalamh.

Moltar go mbunódh agus go gcoinneodh an t-oibreoir saoráide athshlánaithe córas bainistithe cáilíochta atá deimhnithe faoi ISO 9001 nó a choibhéis.

9.

Córais faireacháin comhshaoil chun a áirithiú go soláthraítear aiseolas ón bhfaireachán agus go ndéantar gach próiseas agus nós imeachta a bhailíochtú agus a dhoiciméadú ar bhealach iomchuí.

10.

Córas iomchuí chun teagmhais agus éigeandálacha a bhainistiú, lena n-áirítear nósanna imeachta chun na páirtithe ábhartha ar fad a chur ar an eolas faoi theagmhais nó éigeandálacha den sórt sin ar bhealach iomchuí, agus uasdátuithe rialta ar phlean freagartha éigeandála.

D’fhéadfadh na Ballstáit úsáid a bhaint as na caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana, amhail Treoirlínte ISO 20426:2018 maidir le measúnú riosca sláinte agus bainistiú sláinte le haghaidh uisce neamh-inólta, Treoirlínte ISO 16075:2015 maidir le húsáid fuíolluisce chóireáilte le haghaidh tionscadail uisciúcháin nó caighdeáin choibhéiseacha eile a nglactar leo ar an leibhéal idirnáisiúnta, nó treoirlínte EDS, mar ionstraimí chun guaiseacha a shainaithint go córasach, rioscaí a mheas agus a bhainistiú, bunaithe ar chur chuige tosaíochta a chuirtear i bhfeidhm ar an slabhra ar fad (ó chóireáil an fhuíolluisce uirbigh le hathúsáid, go dáileadh agus úsáid le haghaidh uisciú talmhaíochta, go rialú na n-éifeachtaí) agus measúnú sonrach riosca ar an láthair.

11.

A áirithiú go mbunófar sásraí comhordúcháin i measc gníomhaithe éagsúla chun táirgeadh sábháilte agus úsáid shábháilte an uisce athshlánaithe a áirithiú.