20.5.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 159/1


RIALACHÁN (AE) 2020/672 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Bealtaine 2020

maidir le bunú ionstraime Eorpaí le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) ag eascairt as ráig COVID-19

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 122 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 122(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) ceadaítear don Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus de mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta iomchuí chun freagairt ar an staid shocheacnamaíoch ag eascairt as ráig COVID-19.

(2)

Le hAirteagal 122(2) CFAE cumasaítear don Chomhairle cúnamh airgeadais ón Aontas a dheonú do Bhallstát a bhfuil deacrachtaí aige nó atá faoi dhianbhagairt de dheasca tarluithe eisceachtúla nach bhfuil neart aige orthu.

(3)

Is é atá i ngéarshiondróm trom riospráide, choróinvíreas-2 (SARS-CoV-2), arb é is cúis leis an ngalar coróinvíris, ar thug an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) COVID-19 air, tréithchineál nua coróinvíris nár aithníodh cheana sa duine. Tá forbairt thapa ag teacht ar ráig dhomhanda an víris sin agus tá sé fógartha ag EDS gur paindéim í. Ón uair a thosaigh ráig COVID-19 san Aontas go dtí an 30 Márta 2020, tuairiscíodh 334 396 chás agus bás 22 209 nduine sna Ballstáit.

(4)

Tá bearta urghnácha curtha chun feidhme ag na Ballstáit chun ráig COVID-19 agus tionchar na ráige sin a shrianadh. Meastar gur ard an dóchúlacht go ndéanfar COVID-19 a tharchur a thuilleadh san Aontas. Anuas ar na tionchair atá ag ráig COVID-19 ar an tsláinte phoiblí, le líon mór básanna, tá ráig COVID-19 tar éis tionchar ollmhór suaiteach a bheith aige ar chórais eacnamaíocha na mBallstát, is é is cúis le suaitheadh sochaíoch agus le méadú ar chaiteachas poiblí i líon méadaitheach Ballstát.

(5)

Leis an staid eisceachtúil sin, nach bhfuil aon neart ag na Ballstáit uirthi, agus nach bhfuil cuid shuntasach dá bhfórsa saothair in ann dul ag obair dá deasca, tá mórmhéadú tobann tagtha ar chaiteachas poiblí na mBallstát ar scéimeanna oibre gearr-ama d'fhostaithe agus ar bhearta comhchosúla, go háirithe do dhaoine féinfhostaithe, chomh maith le caiteachas a ghabhann le roinnt beart a bhaineann leis an tsláinte, go háirithe san áit oibre. Chun fócas láidir na hionstraime dá bhforáiltear sa Rialachán seo, agus leis sin a héifeachtacht, a choinneáil, féadfaidh bearta a bhfuil sé d'aidhm acu priacail cheirde a laghdú agus cosaint oibrithe agus daoine féinfhostaithe san áit oibre á áirithiú, agus, i gcás inarb iomchuí, le roinnt beart eile a bhaineann leis an tsláinte a bheith sna bearta a bhaineann leis an tsláinte chun críche na hionstraime sin. Is gá iarrachtaí na mBallstát aghaidh a thabhairt ar an mórmhéadú tobann ar an gcaiteachas poiblí a éascú go dtí go mbeidh smacht acu ar ráig COVID-19 agus ar an tionchar atá aici ar an bhfórsa saothair.

(6)

Le cruthú ionstraime Eorpaí le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) (an “ionstraim”) ag eascairt as ráig COVID-19, ba cheart an tAontas a bheith in ann freagairt ar an ngéarchéim sa mhargadh saothair ar bhealach comhordaithe, mear agus éifeachtach agus de mheon dlúthpháirtíochta i measc na mBallstát, agus, ar an gcaoi sin, an tionchar ar an bhfostaíocht a laghdú le haghaidh daoine aonair agus le haghaidh na n-earnálacha eacnamaíocha is mó a bhfuil tionchar orthu agus éifeachtaí díreacha na staide eisceachtúla seo ar chaiteachas poiblí na mBallstát a mhaolú.

(7)

In Airteagal 220(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), luaitear go bhféadfaidh an cúnamh airgeadais a fhaigheann na Ballstáit ón Aontas a bheith i bhfoirm iasachta. Ba cheart na hiasachtaí sin a dheonú ar na Ballstáit i gcás inarb é toradh a bhí ar ráig COVID-19 mórmhéadú tobann, amhail ón 1 Feabhra 2020, ar chaiteachas iarbhír, agus ar chaiteachas a d'fhéadfadh a bheith pleanáilte freisin, i ngeall ar bhearta náisiúnta. Áirithítear leis an dáta sin cóir chomhionann do na Ballstáit uile, agus cuirtear cumhdach ar fáil leis le haghaidh a gcaiteachais iarbhír agus le haghaidh méaduithe a d'fhéadfadh a bheith pleanáilte freisin ar a gcaiteachas a bhaineann leis na héifeachtaí ar mhargaí saothair na mBallstát gan beann ar an uair a tharla ráig COVID-19 i ngach Ballstát ar leith. Ba cheart go mbeadh baint dhíreach ag na bearta náisiúnta, a thuigtear a bheith i gcomhréir le prionsabail ábhartha na gceart bunúsach, le scéimeanna oibre gearr-ama a chruthú nó síneadh ama a chur leo agus le bearta comhchosúla, lena n-áirítear bearta do dhaoine féinfhostaithe, nó le roinnt bearta a bhaineann leis an tsláinte. Is éard atá i scéimeanna oibre gearr-ama cláir phoiblí lena gcuirtear ar chumas gnóthaí, in imthosca áirithe, a bhfuil deacrachtaí eacnamaíocha acu, uaireanta oibre a bhfostaithe a laghdú, a gcuirtear tacaíocht ioncaim phoiblí ar fáil dóibh i leith na n-uaireanta nár oibríodh.

Tá scéimeanna den chineál céanna ann d'athsholáthar ioncaim le haghaidh daoine féinfhostaithe. An Ballstát a iarrann cúnamh airgeadais, ba cheart dó fianaise a sholáthar maidir le mórmhéadú tobann ar chaiteachas poiblí iarbhír agus ar chaiteachas poiblí a d'fhéadfadh a bheith pleanáilte freisin le haghaidh scéimeanna oibre gearr-ama nó bearta comhchosúla eile. Má dheonaítear cúnamh airgeadais ar bhearta a bhaineann leis an tsláinte, ba cheart don Bhallstát a iarrann cúnamh airgeadais fianaise a chur ar fáil freisin maidir le caiteachas iarbhír nó caiteachas pleanáilte, a bhaineann leis na bearta ábhartha a bhaineann leis an tsláinte.

(8)

Ionas go gcuirfear acmhainní airgeadais leordhóthanacha ar fáil faoi théarmaí fabhracha do na Ballstáit atá buailte le go mbeidh siad in ann déileáil le tionchar ráig COVID-19 ar a margadh saothair, ba cheart oibríochtaí de chuid an Aontais trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí faoin Ionstraim a bheith sách mór. Dá bharr sin ba cheart an cúnamh airgeadais arna dheonú ag an Aontas i bhfoirm iasachtaí a mhaoiniú trí dhul ar iontaoibh margaí caipitil idirnáisiúnta.

(9)

Is ollmhór suaiteach an tionchar atá ag ráig COVID-19 ar chórais eacnamaíocha na mBallstát uile. Dá dheasca sin tá ranníocaíochtaí comhchoiteanna ó na Ballstáit, i bhfoirm ráthaíochtaí lena dtacaítear leis na hiasachtaí ó bhuiséad an Aontais, de dhíth. Tá na ráthaíochtaí sin riachtanach le go mbeidh an tAontas in ann iasachtaí mór a ndóthain a thabhairt do na Ballstáit d'fhonn tacú leis na beartais i dtaca le margaí saothair is mó a bhfuil brú orthu. Lena áirithiú go mbeidh an dliteanas teagmhasach a eascraíonn as na hiasachtaí sin comhoiriúnach leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (“CAI”) is infheidhme agus le huasteorainneacha na n-acmhainní dílse, ba cheart na ráthaíochtaí a thugann na Ballstáit a bheith neamh-inchúlghairthe, neamhchoinníollach, ba cheart iad a bheith ar éileamh, agus an tráth céanna, ba cheart do choimircí breise cur le stóinseacht an chórais. I gcomhréir le ról comhlántach na ráthaíochtaí sin, agus gan dochar dá gcineál neamh-inchúlghairthe, neamhchoinníollach agus ar éileamh, meastar go mbainfidh an Coimisiún leas as an gcorrlach a bheidh ar fáil faoi uasteorainn na n-acmhainní dílse le haghaidh leithreasuithe íocaíochta a mhéid a mheasfaidh an Coimisiún sin a bheith inbhuanaithe, ag féachaint inter alia do theagmhasacha iomlána an Aontais, lena n-áirítear faoin tsaoráid um chomhardú na híocaíochta arna bunú ag Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle (2) sula nglaofaidh sé isteach na ráthaíochtaí sin arna dtabhairt ag na Ballstáit. Sa ghlao ábhartha ar ráthaíochtaí, ba cheart don Choimisiún na Ballstáit a chur ar an eolas faoin méid ar baineadh leas as an gcorrlach atá ar fáil. Féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar an ngá atá le ráthaíochtaí atá dtabhairt ag na Ballstáit má thagtar ar chomhaontú maidir le huasteorainn athbhreithnithe acmhainní dílse.

(10)

Is éard is ceart a bheith sna coimircí breise chun cur le stóinseacht an chórais, beartas coimeádach bainistíochta airgeadais, neamhchosaint bhliantúil uasta agus éagsúlú leordhóthanach ar an bpunann iasachta.

(11)

Ba cheart gurb éard a bheadh sna hiasachtaí a dheonófar faoin Ionstraim cúnamh airgeadais de réir bhrí Airteagal 220 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. I gcomhréir le pointe (g) d'Airteagal 282(3) den Rialachán sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 220 den Rialachán sin maidir leis na hiasachtaí arna ndeonú faoin Ionstraim ach amháin ó dháta chur i bhfeidhm an CAI le haghaidh na tréimhse tar éis 2020. Mar sin féin, is iomchuí go bhfuil feidhm ag na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 220(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir le hoibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí faoin Ionstraim ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(12)

Chun an dliteanas teagmhasach a eascraíonn ó iasachtaí arna ndeonú faoin Ionstraim a chur i gcomhoiriúint leis an CAI is infheidhme agus le huasteorainneacha na n-acmhainní dílse ní mór rialacha stuamachta a leagan síos, lena n‐áirítear maidir leis an deis na hiasachtaí a ndearna an tAontas conradh ina leith a thar-rolladh.

(13)

I bhfianaise a n-impleachtaí airgeadais ar leith, is gá cumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú le haghaidh cinntí cúnamh airgeadais a dheonú de bhun an Rialacháin seo, cumhachtaí ba cheart a thabhairt don Chomhairle. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na hiasachta, ba cheart don Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, riachtanais reatha agus riachtanais ionchasacha an Bhallstáit iarrthaigh a mheas, chomh maith le hiarrataí ar chúnamh airgeadais de bhun an Rialacháin seo a chuir Ballstáit eile isteach cheana nó a bheartaíonn Ballstáit eile a chur isteach, ag féachaint do phrionsabail na córa comhionainne, na dlúthpháirtíochta, na comhréireachta agus na trédhearcachta agus ar bhealach lena dtugtar lánurraim d'inniúlacht na mBallstát.

(14)

Teorannaítear le hAirteagal 143(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (3) (an “Comhaontú um Tharraingt Siar”) dliteanas na Ríochta Aontaithe as a sciar de dhliteanais theagmhasacha airgeadais an Aontais i leith na ndliteanas teagmhasach airgeadais de chuid an Aontais a eascraíonn ó oibríochtaí airgeadais a rinne an tAontas roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Um Tharraingt Siar. Aon dliteanas teagmhasach airgeadais don Aontas a thagann as cúnamh airgeadais faoin Rialachán seo, ní bheadh feidhm aige go dtí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar. Dá bhrí sin, níor cheart don Ríocht Aontaithe páirt a ghlacadh sa chúnamh airgeadais faoin Rialachán seo.

(15)

De bhrí gur de chineál sealadach í an Ionstraim d'fhonn aghaidh a thabhairt ar ráig COVID-19, ba cheart don Choimisiún a mheas an ann fós, gach sé mhí, do na himthosca eisceachtúla is cúis leis an suaitheadh tromchúiseach sna Ballstáit agus tuairisciú don Chomhairle ina leith sin. I gcomhréir leis an mbunús dlí chun an Rialachán seo a ghlacadh, níor cheart aon chúnamh airgeadais a chur ar fáil faoin Rialachán seo nuair a bheidh éigeandáil COVID-19 thart. Chuige sin, is iomchuí teorainn a chur le hinfhaighteacht na hIonstraime in am agus i dtráth. Ba cheart an Chomhairle a chumhachtú, ar thogra ón gCoimisiún, chun síneadh a chur le tréimhse infhaighteachta na hIonstraime i gcás ina leanfaidh na tarluithe eisceachtúla a thugann bonn cirt do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar aghaidh.

(16)

Thug Banc Ceannais na hEorpa an tuairim uaidh an 8 Bealtaine 2020.

(17)

I bhfianaise thionchar ráig COVID-19, agus an gá atá ann le freagairt phráinneach ar iarmhairtí na ráige sin, ba cheart don an Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   D'fhonn dul i ngleic le tionchar ráig COVID-19 agus freagairt do na hiarmhairtí socheacnamaíocha a bhaineann léi, bunaítear leis an Rialachán seo, an Ionstraim Eorpach le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) (an “Ionstraim”).

2.   Leagtar síos leis an Rialachán seo na coinníollacha agus na nósanna imeachta lena gcuirfear ar chumas an Aontais cúnamh airgeadais a chur ar fáil do Bhallstát, atá faoi shuaitheadh eacnamaíoch tromchúiseach nó a bhfuil dianbhagairt air de bharr ráig COVID‐19, go príomha maidir le scéimeanna oibre gearr-ama a mhaoiniú nó bearta comhchosúla atá dírithe ar fhostaithe agus daoine féinfhostaithe a chosaint agus ar an gcaoi sin an dífhostaíocht agus an caillteanas ioncaim a laghdú, chomh maith le roinnt beart a bhaineann leis an tsláinte, go háirithe san áit oibre a mhaoiniú, mar chuid choimhdeach.

Airteagal 2

Cineál comhlántach na hIonstraime

Comhlánófar leis an Ionstraim na bearta náisiúnta atá glactha ag na Ballstáit lena mbaineann trí chúnamh airgeadais a chur ar fáil chun cabhrú leis na Ballstáit sin déileáil leis an mórmhéadú tobann ar chaiteachas poiblí iarbhír agus ar chaiteachas poiblí a d'fhéadfadh a bheith pleanáilte freisin atá ceaptha éifeachtaí díreacha eacnamaíocha, sóisialta agus a bhaineann leis an tsláinte de dheasca an tarlaithe eisceachtúil mar thoradh ar ráig COVID-19 a mhaolú.

Airteagal 3

Coinníollacha maidir le húsáid na hIonstraime

1.   Féadfaidh Ballstát cúnamh airgeadais faoin Ionstraim (“cúnamh airgeadais”) a iarraidh ón Aontas i gcás ina bhfuil mórmheadú tobann tagtha ar a chaiteachas poiblí pleanáilte iarbhír agus ar a chaiteachas poiblí a d'fhéadfadh a bheith pleanáilte freisin amhail ón 1 Feabhra 2020 de bharr bearta náisiúnta a bhaineann go díreach le scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla chun dul i ngleic leis na héifeachtaí socheacnamaíocha atá ann de dheasca an tarlaithe eisceachtúil mar thoradh ar ráig COVID-19.

2.   Úsáidfidh na Ballstáit is tairbhithe cúnamh airgeadais go príomha chun tacú lena scéimeanna náisiúnta oibre gearr-ama nó bearta comhchosúla, agus, i gcás inarb infheidhme, chun tacú le bearta ábhartha a bhaineann leis an tsláinte.

Airteagal 4

Foirm an chúnaimh airgeadais

Beidh an cúnamh airgeadais i bhfoirm iasachta arna deonú ag an Aontas leis an mBallstát lena mbaineann. Chun na críche sin, agus i gcomhréir le cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle arna ghlacadh de bhun Airteagal 6(1), tabharfar de chumhacht don Choimisiún iasachtaí a fháil ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais thar ceann an Aontais an tráth is iomchuí chun costas an chistithe a bharrfheabhsú agus a chlú féin mar eisitheoir an Aontais sna margaí a chaomhnú.

Airteagal 5

Uasmhéid an chúnaimh airgeadais

Ní rachaidh uasmhéid an chúnaimh airgeadais thar EUR 100 000 000 000 le haghaidh na mBallstát go léir.

Airteagal 6

Nós imeachta maidir le cúnamh airgeadais a iarraidh

1.   Cuirfear cúnamh airgeadais ar fáil trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle arna ghlacadh ar bhonn togra ón gCoimisiún.

2.   Sula gcuirfear togra faoi bhráid na Comhairle, rachaidh an Coimisiún i gComhairle leis an mBallstát lena mbaineann gan moill mhíchuí chun fíorú a dhéanamh maidir leis an mórmhéadú tobann ar chaiteachas poiblí iarbhír agus ar chaiteachas poiblí a d'fhéadfadh a bheith pleanáilte freisin a bhaineann go díreach le scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla, chomh maith le, i gcás inarb iomchuí, le bearta a bhaineann leis an tsláinte, sa Bhallstát a iarrann an cúnamh airgeadais, agus a bhfuil baint acu leis an tarlú eisceachtúil atá ann mar thoradh ar ráig COVID-19. Chun na críche sin, cuirfidh an Ballstát fianaise iomchuí ar fáil don Choimisiún. Ina theannta sin déanfaidh an Coimisiún fíorú maidir le comhlíonadh na rialacha stuamachta i leagtar síos in Airteagal 9.

3.   Áireofar na nithe seo a leanas sa chinneadh chur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1:

(a)

méid na hiasachta, a huas-mheántréimhse aibíochta, a foirmle phraghsála, líon uasta na dtráthchodanna, a tréimhse infhaighteachta agus na rialacha mionsonraithe eile is gá le haghaidh cúnamh airgeadais a dheonú;

(b)

measúnú ar chomhlíontacht an Bhallstáit leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3; agus

(c)

tuairisc ar na scéimeanna náisiúnta oibre gearr-ama nó bearta comhchosúla, chomh maith leis na bearta iomchuí a bhaineann leis an tsláinte, i gcás inarb iomchuí, a fhéadfar a mhaoiniú.

4.   Agus cinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 á ghlacadh aici, déanfaidh an Chomhairle riachtanais reatha agus riachtanais ionchasacha an Bhallstáit iarrthaigh, chomh maith leis na hiarrataí ar chúnamh airgeadais de bhun an Rialacháin seo a bheidh curtha isteach cheana nó atá pleanáilte ag Ballstáit eile a chur isteach a mheas, agus prionsabail na córa comhionainne, na dlúthpháirtíochta, na comhréireachta agus na trédhearcachta á gcur i bhfeidhm ag an am céanna.

Airteagal 7

An iasacht arna deonú faoin Ionstraim a íoc amach

Íocfar amach, an iasacht arna deonú faoin Ionstraim (“iasacht”) ina tráthchodanna.

Airteagal 8

Oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí

1.   Is in euro a dhéanfar na hoibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí faoin Ionstraim.

2.   Déanfaidh an Ballstát is tairbhí agus an Coimisiún saintréithe na hiasachta a chomhaontú i gcomhaontú iasachta (an “comhaontú iasachta”). Áireofar leis na comhaontuithe sin na forálacha a leagtar amach in Airteagal 220(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

3.   Arna iarraidh sin don Bhallstát is tairbhí, agus in imthosca ina bhféadfadh ráta úis na hiasachta a bheith níos fabhraí, féadfaidh an Coimisiún a iasachtaí tosaigh a athmhaoiniú ina n-iomláine nó i bpáirt nó na coinníollacha airgeadais comhfhreagracha a athstruchtúrú.

4.   Coinneofar an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais ar an eolas maidir leis an athmhaoiniú agus athstruchtúrú dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 9

Na rialacha stuamachta is infheidhme don phunann iasachtaí

1.   Ní rachaidh sciar na n-iasachtaí arna ndeonú do na trí Bhallstát a chuimsíonn an sciar is mó de na hiasachtaí, thar 60 faoin gcéad den uasmhéid dá dtagraítear in Airteagal 5.

2.   Ní rachaidh na méideanna a bheidh le híoc ag an Aontas i mbliain áirithe thar 10 faoin gcéad den uasmhéid dá dtagraítear in Airteagal 5.

3.   I gcás inar gá, féadfaidh an Coimisiún na hiasachtaí a ndearna an tAontas conradh ina leith a thar-rolladh.

Airteagal 10

Riar na n-iasachtaí

1.   Cuirfidh an Coimisiún na socruithe riachtanacha ar bun le haghaidh riar na n-iasachtaí le Banc Ceannais na hEorpa.

2.   Osclóidh an Ballstát is tairbhí cuntas speisialta lena bhanc ceannais náisiúnta le haghaidh bainistíocht a dhéanamh ar an gcúnamh airgeadais a bhfaighfear. Ar a bharr sin, aistreoidh sé an prionsabal agus an t-ús atá dlite faoin gcomhaontú iasachta chuig cuntas leis an gCóras Eorpach Banc Ceannais 20 lá oibre TARGET2 roimh an dáta dlite comhfhreagrach.

Airteagal 11

Ranníocaíochtaí leis an Ionstraim i bhfoirm ráthaíochtaí ó na Ballstáit

1.   Féadfaidh Ballstáit rannchuidiú leis an Ionstraim trí fhrithráthaíocht a thabhairt maidir leis an riosca a iompróidh an tAontas.

2.   Is i bhfoirm ráthaíochtaí neamh-inchúlghairthe neamhchoinníollacha ar éileamh a chuirfear ranníocaíochtaí ó na Ballstáit ar fáil.

3.   Tabharfaidh an Coimisiún comhaontú i gcrích leis an mBallstát is ranníocóir maidir leis na ráthaíochtaí neamh-inchúlghairthe neamhchoinníollacha ar éileamh dá dtagraítear i mír 2. Leagfar amach leis na comhaontuithe sin na coinníollacha íocaíochta.

4.   Déanfar glaonna ar ráthaíochtaí arna soláthar ag na Ballstáit pro rata le sciar coibhneasta gach Ballstáit in ollioncam náisiúnta an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12(1). I gcás ina dteipfidh ar Bhallstát, go hiomlán nó i bpáirt, glao a chomhlíonadh in am, beidh sé de cheart ag an gCoimisiún, d'fhonn an chuid a fhreagraíonn don Bhallstát lena mbaineann a chumhdach, glaonna breise a dhéanamh ar ráthaíochtaí chuig Ballstáit eile. Déanfar na glaonna sin pro rata le sciar coibhneasta gach ceann eile de na Ballstáit in ollioncam náisiúnta an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12(1) arna oiriúnú gan sciar coibhneasta an Bhallstáit lena mbaineann a chur san áireamh. Ballstát ar theip air an glao a chomhlíonadh, leanfaidh sé de bheith faoi dhliteanas é a chomhlíonadh. Déanfar ranníocaíochtaí breise as na méideanna a aisghabhfaidh an Coimisiún ón mBallstát lena mbaineann a aisíoc leis na Ballstáit eile. Beidh an ráthaíocht a ghlaofar ó Bhallstát teoranta, i ngach cás, do mhéid foriomlán na ráthaíochta a ranníocfaidh an Ballstát sin faoin gcomhaontú dá dtagraítear i mír 3.

5.   Sula nglaofaidh sé ar na ráthaíochtaí arna dtabhairt ag na Ballstáit, meastar go mbainfidh an Coimisiún, de réir a lánrogha féin agus a fhreagracht mar an institiúid sin de chuid an Aontais ar a chuirtear de chúram buiséad ginearálta an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 317 CFAE, go mbainfidh sé leas as an gcorrlach a bheidh ar fáil faoi uasteorainn na n-acmhainní dílse le haghaidh leithreasuithe íocaíochta a mhéid a mheasfaidh an Coimisiún sin a bheith inbhuanaithe, ag féachaint, inter alia, do dhliteanais theagmhála iomlána an Aontais, lena n-áirítear faoin tsaoráid um chomhardú na híocaíochta arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002, agus d'inbhuanaitheacht bhuiséad ghinearálta an Aontais. Ní dhéanfaidh an scrúdú sin dochar do chineál neamh-inchúlghairthe, neamhchoinníollach agus ar éileamh na ráthaíochtaí arna dtabhairt de bhun mhír 2. Sa ghlao ar ráthaíochtaí, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoin méid ar baineadh leas as an gcorrlach.

6.   Cumhdófar le méideanna a eascraíonn as glaonna ar ráthaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 ioncam sannta seachtrach don Ionstraim i gcomhréir le Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

Airteagal 12

Infhaighteacht na hIonstraime

1.   Ní bheidh an Ionstraim ar fáil ach amháin tar éis do na Ballstáit uile ranníocaíochtaí a dhéanamh leis an Ionstraim i gcomhréir le hAirteagal 11 méid arb é 25 faoin gcéad ar a laghad den uasmhéid dá dtagraítear in Airteagal 5, ar choinníoll go gcomhfhreagróidh sciartha coibhneasta ranníocaíochtaí gach Ballstáit de mhéid iomlán ranníocaíochtaí na mBallstát le sciartha coibhneasta na mBallstát i dtaca le hollioncam náisiúnta an Aontais, de réir cholún (1) de Thábla 3 de Chuid A (“Tabhairt isteach agus maoiniú an bhuiséid ghinearálta”), de chuid an bhuiséid a bhaineann le hioncam le haghaidh 2020 a leagtar amach i mbuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2020, arna ghlacadh an 27 Samhain 2019 (4).

2.   Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas nuair a bheidh an Ionstraim ar fáil.

3.   Tiocfaidh deireadh le tréimhse infhaighteachta na hIonstraime ar lena linn a fhéadfar cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 6(1) a ghlacadh an 31 Nollaig 2022.

4.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 14 go leanann an suaitheadh tromchúiseach eacnamaíoch a tharla de bharr ráig COVID-19 a dhéanann difear do mhaoiniú na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 1 ar aghaidh, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, a chinneadh tréimhse infhaighteachta na hIonstraime a shíneadh gach uair ar feadh tréimhse bhreise de 6 mhí.

Airteagal 13

Rialú agus iniúchóireacht

1.   Áireofar leis an gcomhaontú iasachta na forálacha is gá maidir le rialuithe agus iniúchtaí mar a cheanglaítear le hAirteagal 220(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

2.   I gcás ina bhfuil iarraidh ar chúnamh airgeadais a thíoclactar i gcomhréir le hAirteagal 3(1) bunaithe, go hiomlán nó i bpáirt, ar chaiteachas poiblí atá beartaithe, cuirfidh an Ballstát is tairbhí an Coimisiún ar an eolas, gach 6 mhí, maidir le cur chun feidhme na gcaiteachas poiblí sin atá beartaithe.

Airteagal 14

Tuairisciú

1.   Laistigh de sé mhí tar éis an lae a mbeidh an Ionstraim ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 12 agus gach sé mhí ina dhiaidh sin i gcomhthéacs Airteagal 250 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais agus chuig an gCoiste Fostaíochta maidir le húsáid an chúnaimh airgeadais, lena n-áirítear na méideanna atá gan íoc agus an sceideal aisíocaíochta is infheidhme faoin Ionstraim, agus maidir le leanúint ar aghaidh na dtarluithe eisceachtúla is údar cuí le feidhmiú an Rialacháin sin,

2.   I gcás inarb iomchuí, beidh togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena gcuirfear síneadh le tréimhse infhaighteachta na hIonstraime ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 15

Infheidhmeacht

1.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an Ríocht Aontaithe ná sa Ríocht Aontaithe.

2.   Ní thuigfear ó thagairtí do Bhallstáit sa Rialachán seo gur tagairtí don Ríocht Aontaithe iad.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Bealtaine 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid a sholáthraíonn cúnamh airgeadais meántéarmach faoi chomhair chomhardú íocaíochtaí na mBallstát.(IO L 53, 23.2.2002, lch. 1).

(3)  IO L 29, 2020.1 31, lch. 7.

(4)  Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2020/227 bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh le haghaidh na bliana airgeadais 2020, (IO L 57, 27.2.2020. lch.1).