7.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 36/1


RIALACHÁN (AE) 2020/169 ÓN GCOMHAIRLE

an 6 Feabhra 2020

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 147/2003 maidir le bearta sriantacha i dtaca leis an tSomáil

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2010/231/CBES ón gComhairle an 26 Aibreán 2010 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile agus lena n‐aisghairtear Comhsheasamh 2009/138/CBES (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 147/2003 ón gComhairle (2) maidir le bearta sriantacha áirithe i dtaca leis an tSomáil, forchuirtear toirmeasc ginearálta ar chomhairle theicniúil, cúnamh, oiliúint, maoiniú agus cúnamh airgeadais a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata a sholáthar d’aon duine, eintiteas nó comhlacht sa tSomáil, mar aon le toirmeasc ar fhioghual a allmhairiú, a cheannach agus a iompar ón tSomáil.

(2)

An 15 Samhain 2019, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) Rún 2498 (2019). Athdhearbhaítear leis an Rún sin an trádbhac arm ginearálta agus iomlán ar an tSomáil agus déantar leasú ann ar na díolúintí, na réamhfhormheasanna agus na fógraí maidir le hairm agus ábhair ghaolmhara a sheachadadh don tSomáil. Ina theannta sin, athdhearbhaítear leis an Rún sin an toirmeasc ar fhioghual na Somáile a allmhairiú agus a onnmhairiú agus tugtar isteach leis toirmeasc ar chomhpháirteanna gaireas pléascach seiftithe.

(3)

An 6 Feabhra 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/170 (3), lena leasaítear Cinneadh 2010/231/CBES i gcomhréir le Rún 2498 (2019) ó CSNA.

(4)

Tagann roinnt de na leasuithe sin faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha na leasuithe sin i bhfeidhm go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 147/2003 ón gComhairle a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 147/2003 ón gComhairle mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 2a mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad phointe (e):

“(e)

maoiniú, cúnamh airgeadais, comhairle theicniúil, cúnamh nó oiliúint a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata a sholáthar, má chomhlíontar na coinníollacha a leanas:

(i)

chinn an t‐údarás inniúil lena mbaineann go bhfuil an maoiniú, an cúnamh airgeadais, an chomhairle theicniúil, an cúnamh nó an oiliúint sin beartaithe d’Fhórsaí Slándála Náisiúnta na Somáile a fhorbairt chun slándáil a chur ar fáil do mhuintir na Somáile agus chuige sin amháin; agus

(ii)

tá fógra tugtha don Choiste arna bhunú le mír 11 de Rún 751 (1992) ón UNSCR ag Rialtas Cónaidhme na Somáile nó, mar mhalairt air sin, ag an mBallstát a bheidh ag cur maoiniú, cúnamh airgeadais, comhairle theicniúil, cúnamh nó oiliúint ar fáil, 5 lá ar a laghad sula gcuirfear an maoiniú, an cúnamh airgeadais, an chomhairle theicniúil, an cúnamh nó an oiliúint sin ar fáil, i gcomhréir le mír 11 de UNSCR 2498 (2019);”;

(b)

cuirtear na pointí a leanas isteach:

“(ea)

maoiniú, cúnamh airgeadais, comhairle theicniúil, cúnamh nó oiliúint a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata a sholáthar, má chomhlíontar na coinníollacha a leanas:

(i)

chinn an t‐údarás inniúil lena mbaineann go bhfuil an maoiniú, an cúnamh airgeadais, an chomhairle theicniúil, an cúnamh nó an oiliúint sin beartaithe d’Fhórsaí Slándála Náisiúnta na Somáile a fhorbairt chun slándáil a chur ar fáil do mhuintir na Somáile agus chuige sin amháin; agus

(ii)

tá fógra tugtha don Choiste arna bhunú le mír 11 de Rún 751 (1992) ón UNSCR ag Rialtas Cónaidhme na Somáile nó, mar mhalairt air sin, ag an mBallstát a bheidh ag cur maoiniú, cúnamh airgeadais, comhairle theicniúil, cúnamh nó oiliúint den sórt sin ar fáil, 5 lá ar a laghad sula gcuirfear aon mhaoiniú, aon chúnamh airgeadais, aon chomhairle theicniúil, aon chúnamh nó aon oiliúint den sórt sin ar fáil, i gcomhréir le míreanna 12 agus 15 de UNSCR 2498 (2019);

(iii)

níor ghlac an Coiste cinneadh diúltach ina leith laistigh de 5 lá oibre tar éis fógra a fháil;”

(2)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír:

“1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 1 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

maoiniú agus cúnamh airgeadais a chur ar fáil le haghaidh trealamh míleata neamh-mharfach a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú atá beartaithe don úsáid dhaonnúil nó chosantach amháin, nó le haghaidh ábhair atá beartaithe do chláir de chuid an Aontais nó na mBallstát maidir le tógáil institiúide, lena n‐áirítear i réimse na slándála, a dhéantar faoi chuimsiú an Phróisis Síochána agus Athmhuintearais; nó

(b)

comhairle theicniúil, cúnamh nó oiliúint a sholáthar a bhaineann leis an trealamh neamh-mharfach sin;

má tá na gníomhaíochtaí sin formheasta roimh ré, agus mar fhaisnéis dó amháin, ag an gCoiste arna bhunú le mír 11 de Rún 751 (1992) ón UNSCR ag an mBallstát, an eagraíocht idirnáisiúnta, réigiúnach nó foréigiúnach soláthair.”.

(3)

Cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 3a, mír 2:

“2.   Is mar a chinnfear iad sna forálacha ábhartha maidir le dearbhuithe iontrála agus imeachta achoimre chomh maith le dearbhuithe custaim sa reachtaíocht chustaim a bheidh na rialacha lena rialaítear an oibleagáid faisnéis réamhtheachta nó réamhimeachta a sholáthar, go háirithe i dtaca leis an duine a sholáthraíonn an fhaisnéis sin, na teorainneacha ama atá le hurramú agus na sonraí is gá (*1).

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1); Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12. 2015, lch. 1); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).”."

(4)

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 3c

1.   Beidh toirmeasc ar chomhpháirteanna gaireas pléascach seiftithe, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III, a dhíol go díreach nó go hindíreach leis an tSomáil, nó a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú chuici, ó chríocha na mBallstát nó ag náisiúnaigh de chuid na mBallstát lasmuigh dá gcríocha, nó a soithí brataí nó a n‐aerárthaí á n-úsáid, murar dheonaigh údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha, faoi mar a shainaithnítear é ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscribhinn I, réamhúdarú.

2.   Ní dheonóidh údaráis inniúla na mBallstát aon údarú faoi mhír 1 má tá fianaise leordhóthanach ann lena léiriú go n-úsáidfear an t-earra nó na hearraí, nó go bhfuil riosca suntasach ann go n-úsáidfear é nó iad, chun gairis phléascacha seiftithe a mhonarú sa tSomáil.”.

(5)

Cuirtear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn III.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  IO L 105, 27.4.2010, lch. 17.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 147/2003 ón gComhairle an 27 Eanáir 2013 maidir le bearta sriantacha áirithe i leith na Somáile (IO L 24, 29.1.2003, lch. 2).

(3)  Cinneadh (CBES) 2020/170 an 6 Feabhra 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2010/231 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile (féach leathanach 2020/170 den Iris Oifigiúil seo).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN III

LIOSTA NA nEARRAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3C

1.   

Trealamh agus gairis, nach bhfuil sonraithe i mír 2 in Iarscríbhinn IV de Chinneadh 2010/231/CBES (1) ón gComhairle, atá saindeartha chun pléascáin a thionscnamh ar mhodhanna leictreacha nó neamhleictreacha (e.g. gairis lámhachta, maidhmitheoirí, adhainteoirí, corda maidhmitheach).

2.   

‘Teicneolaíocht’ atá ‘riachtanach’ chun na nithe atá liostaithe i mír 1 a ‘tháirgeadh’ nó a ‘úsáid’. (Is as liosta comhchoiteann míleata an Aontais Eorpaigh a thógtar na sainmhínithe ar na téarmaí atá idir ‘comharthaí dúbailte athfhriotail’ (2).)

3.   

Na hábhair phléascacha a leanas agus meascáin ina bhfuil ceann amháin nó níos mó díobh:

Ainm na substainte

Uimhir Chláraithe Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS RN)

Cód Ainmníochta Comhcheangailte (CN)  (3)

Ola Bhreosla Níotráite Amóiniam (ANFO)

6484-52-2 (níotráit amóiniam)

3102 30

3102 40

Nítriceallalós (ina bhfuil níos mó ná 12.5 % nítrigin w/w)

9004-70-0

 

Nítrighliocól

55-63-0

ex 2920 90 70

Teitriníotráit pheinteiritríotóil (PETN)

78-11-5

ex 2920 90 70

Clóiríd phicrile

88-88-0

ex 2904 99 00

2,4,6-Trínítreatolúéin (TNT)

118-96-7

2904 20 00

4.   

Réamhtheachtaithe pléascán:

Ainm na substainte

Uimhir Chláraithe Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS RN)

Cód Ainmníochta Comhcheangailte (CN)

Níotráit amóiniam

6484-52-2

3102 30

Níotráit photaisiam

7757-79-1

28342100

Clóráit sóidiam

7775-09-9

2829 11 00

Aigéad nítreach

7697-37-2

ex 2808

Aigéad sulfarach

7664-93-9

ex 2807


(1)  Cinneadh 2010/231/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile agus lena n‐aisghairtear Comhsheasamh 2009/138/CBES (IO L 105, 27.4.2010, lch. 17).

(2)  IO C 98, 15.3.2018, lch. 1.

(3)  Is as Ainmníocht Chomhcheangailte mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim, agus mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn I a ghabhann leis, a thógtar na cóid ainmníochta, atá bailí tráth a bhfoilseofar an Rialachán seo agus mutatis mutandis arna leasú le reachtaíochta ina dhiaidh sin.”