31.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 444/2


CINNEADH (AE) 2020/2252 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Nollaig 2020

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh , agus go háirithe Airteagal 217, i gcomhar le hAirteagal 218(5) agus an dara fomhír d’Airteagal 218(8) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, thug Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’) fógra don Chomhairle Eorpach de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

(2)

An 30 Eanáir 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/135 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’). Tháinig an Comhaontú um Tharraingt Siar i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020.

(3)

An 25 Feabhra 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE, Euratom) 2020/266 (2) lena n-údaraítear an Coimisiún tús a chur le caibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe maidir le comhaontú nua comhpháirtíochta. Rinneadh an chaibidlíocht sin i bhfianaise threoracha caibidlíochta an 25 Feabhra 2020.

(4)

Is é an toradh a bhí ar an gcaibidlíocht Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (‘an Comhaontú maidir le Slándáil Faisnéise’) agus Comhaontú idir Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach le haghaidh Comhar i ndáil le hÚsáidí Sábháilte agus Síochánta an Fhuinnimh Núicléach (‘an Comhaontú maidir le Fuinneamh Núicléach’).

(5)

Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair bunaítear an bonn le haghaidh caidreamh leathan idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, lena mbaineann cearta agus oibleagáidí cómhalartacha, comhghníomhaíochtaí agus nósanna imeachta speisialta. Is comhaontú forlíontach ar an gComhaontú Trádála agus Comhair é an Comhaontú maidir le Slándáil Faisnéise agus tá dlúthcheangal idir é agus an comhaontú sin, go háirithe i ndáil leis na dátaí cur i bhfeidhm agus foirceanta. Dá bhrí sin, ba cheart an cinneadh maidir le síniú an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair agus an Chomhaontaithe maidir le Slándáil Faisnéise (‘na Comhaontuithe’) a bheith bunaithe ar an mbunús dlí lena bhforáiltear do chomhlachas a bhunú lena gceadaítear don Ríocht Aontaithe gealltanais a ghlacadh de láimh i ngach réimse a chumhdaítear faoi na Conarthaí.

(6)

I bhfianaise chineál eisceachtúil uathúil an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, ar comhaontú cuimsitheach é le tír atá tarraingthe siar as an Aontas, tá sé á chinneadh leis seo ag an gComhairle go n-úsáidfidh sí an fhéidearthacht atá ann go ndéanfadh an tAontas a inniúlacht sheachtrach a fheidhmiú maidir leis an Ríocht Aontaithe.

(7)

Is iomchuí na socruithe maidir le hionadaíocht an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta agus sna Coistí arna mbunú faoin gComhaontú Trádála agus Comhair a shainiú. Is é an Coimisiún, faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 17(1) CAE atá chun ionadaíocht a dhéanamh don Aontas agus chun seasaimh an Aontais a chur in iúl, faoi mar a bhunaíonn an Chomhairle iad i gcomhréir leis na Conarthaí. Tá an Chomhairle chun a feidhmeanna sainithe beartais agus comhordúcháin a fheidhmiú faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 16(1) CAE trí na seasaimh a bhunú atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta agus sna Coistí arna mbunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair. De bhreis air sin, i gcás ina n-iarrfar ar an gComhairle Comhpháirtíochta nó ar na Coistí arna mbunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo a ghlacadh, déanfar na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais sna comhlachtaí sin a bhunú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(8)

Ba cheart a cheadú do gach Ballstát ionadaí amháin a chur i dteannta ionadaí an Choimisiúin, mar chuid de thoscaireacht an Aontais, i gcruinnithe den Chomhairle Comhpháirtíochta agus de na comhchomhlachtaí eile arna mbunú faoin gComhaontú Trádála agus Comhair.

(9)

D’fhonn a chur ar chumas an Aontais gníomhú go tapa agus go héifeachtach chun a leasanna a chosaint i gcomhréir leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, agus go dtí go nglacfar gníomh reachtach sonrach lena rialaítear glacadh beart leighis faoin gComhaontú Trádála agus Comhair agus go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm san Aontas, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún bearta leighis a ghlacadh, amhail oibleagáidí faoin gComhaontú Trádála agus Comhair nó faoi aon chomhaontú forlíontach a chur ar fionraí, i gcásanna ina sáraítear forálacha áirithe den Chomhaontú Trádála agus Comhair, nó i gcásanna nach gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe i dtaca le trádáil in earraí, an chothroime iomaíochta, iompar de bhóthar, aeriompar, iascaigh agus cláir an Aontais, mar a shonraítear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, agus bearta leighis, bearta athchothromúcháin agus frithbhearta a ghlacadh. Ba cheart don Choimisiún an Chomhairle a chur go hiomlán ar an eolas in am trátha go bhfuil sé ar intinn aige na bearta sin a ghlacadh, d’fhonn malartú tuairimí fóinteach sa Chomhairle a cheadú. Ba cheart don Choimisiún na tuairimí a chuirtear in iúl a chur san áireamh go hiomlán. Féadfaidh Ballstát amháin nó níos mó a iarraidh ar an gCoimisiún bearta den sórt sin a ghlacadh. Mura dtabharfaidh an Coimisiún freagairt dhearfach ar iarraidh den sórt sin, ba cheart dó in am trátha na cúiseanna atá aige a chur in iúl don Chomhairle.

(10)

D'fhonn a cheadú don Aontas freagairt in am trátha i gcás nach mbeidh coinníollacha ábhartha á gcomhlíonadh a thuilleadh, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún cinntí áirithe a ghlacadh lena bhfionrófar sochair arna ndeonú don Ríocht Aontaithe faoin Iarscríbhinn maidir le Táirgí Orgánacha agus faoin Iarscríbhinn maidir le Táirgí Íocshláinte. Ba cheart don Choimisiún an Chomhairle a chur go hiomlán ar an eolas in am trátha go bhfuil sé ar intinn aige na bearta sin a ghlacadh, d’fhonn malartú tuairimí fóinteach sa Chomhairle a cheadú. Ba cheart don Choimisiún na tuairimí a chuirtear in iúl a chur san áireamh go hiomlán. Féadfaidh Ballstát amháin nó níos mó a iarraidh ar an gCoimisiún bearta den sórt sin a ghlacadh. Mura dtabharfaidh an Coimisiún freagairt dhearfach ar iarraidh den sórt sin, ba cheart dó in am trátha na cúiseanna atá aige a chur in iúl don Chomhairle.

(11)

Aon uair is gá don Aontas gníomhú chun na Comhaontuithe a chomhlíonadh, tá gníomhaíocht den sórt sin le déanamh i gcomhréir leis na Conarthaí agus, san am céanna, teorainneacha na gcumhachtaí a thugtar do gach institiúid de chuid an Aontais á n-urramú. Dá bhrí sin, seachas i gcás ina dtagraíonn na Comhaontuithe d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí sonracha eile de chuid an Aontais, is faoin gCoimisiún atá sé an fhaisnéis nó na fógraí a cheanglaítear leis na Comhaontuithe a sholáthar don Ríocht Aontaithe, agus dul i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe maidir le hábhair shonracha. Is faoin gCoimisiún freisin atá sé ionadaíocht a dhéanamh don Aontas os comhair an phainéil eadrána i gcás ina mbeifear tar éis díospóid a chur faoi eadráin i gcomhréir leis an gComhaontú Trádála agus Comhair. I gcomhlíonadh dhualgas an chomhair dhílis dá dtagraítear in Airteagal 4(3) CAE, tá an Coimisiún chun dul i gcomhairle leis an gComhairle roimh ré, mar shampla trí phríomhphointí na n-aighneachtaí de chuid an Aontais atá beartaithe a chur faoi bhráid an phainéil eadrána a chur faoi bhráid na Comhairle, agus trí na barúlacha a thugann an Chomhairle a chur san áireamh go hiomlán.

(12)

Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, ní eisiatar an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit socruithe nó comhaontuithe déthaobhacha a dhéanamh leis an Ríocht Aontaithe a bhaineann le hábhair shonracha a chumhdaítear faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, i réimsí an aeriompair, an chomhair riaracháin i réimse an chustaim agus CBL agus na slándála sóisialta faoi choinníollacha áirithe.

(13)

Is gá dá bhrí sin creat a leagan amach a bheidh le leanúint ag na Ballstáit i gcás ina gcinnfidh siad socruithe nó comhaontuithe déthaobhacha a dhéanamh leis an Ríocht Aontaithe i réimsí an aeriompair, an chomhair riaracháin i réimse an chustaim agus CBL agus na slándála sóisialta, lena n-áirítear na coinníollacha agus an nós imeachta faoina ndéanfaidh na Ballstáit socruithe nó comhaontuithe déthaobhacha den sórt sin a chaibidil agus a thabhairt i gcrích, ar bhealach a áiritheoidh go mbeidh siad ag luí le cuspóir an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair agus le dlí an Aontais agus go gcuirfear san áireamh iontu an margadh inmheánach agus leasanna an Aontais ar leasanna is leithne iad. Ina theannta sin, na Ballstáit a bhfuil sé ar intinn acu comhaontuithe déthaobhacha a chaibidil agus a thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i réimsí nach bhfuil cumhdaithe faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, ba cheart dóibh, le lánurraim do phrionsabal an chomhair dhílis, an Coimisiún a chur ar an eolas faoina bhfuil ar intinn acu agus faoi dhul chun cinn na caibidlíochta.

(14)

Meabhraítear gurb amhlaidh, i gcomhréir le hAirteagal FINPROV.1(3) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, agus i gcomhréir leis an dearbhú ón gComhairle Eorpach agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le raon feidhme críochach na socruithe a bheidh ann sa todhchaí a áirítear i miontuairiscí chruinniú na Comhairle Eorpaí an 25 Samhain 2018, nach bhfuil feidhm ag an gComhaontú Trádála agus Comhair maidir le Giobráltar, agus nach bhfuil aon éifeachtaí aige sa chríoch sin. Mar a fhoráiltear sa dearbhú sin, ‘ní fhágfaidh sin nach bhféadfar comhaontuithe ar leith a bheith idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar’ agus ‘gan dochar d'inniúlachtaí an Aontais agus urraim iomlán á tabhairt d'iomláine chríochach na mBallstát, mar a ráthaítear in Airteagal 4(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, beidh na comhaontuithe sin faoi réir comhaontú roimh ré ó Ríocht na Spáinne’.

(15)

Ní dochar feidhmiú inniúlacht an Aontais tríd an gComhaontú Trádála agus Comhair d'inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát faoi seach i ndáil le haon chaibidlíocht atá ar siúl nó a bheidh ar siúl sa todhchaí le haghaidh comhaontuithe idirnáisiúnta le haon tríú tír eile nó maidir lena síniú nó a dtabhairt i gcrích, nó i ndáil le aon chaibidlíocht a bheidh ar siúl sa todhchaí le haghaidh aon chomhaontuithe forlíontacha dá dtagraítear in Airteagal COMPROV.2 [Comhaontuithe forlíontacha] den Chomhaontú Trádála agus Comhair nó maidir lena síniú nó a dtabhairt i gcrích.

(16)

Ós tír í a tharraing siar as an Aontas, ní hionann staid eisceachtúil na Ríochta Aontaithe i ndáil leis an Aontas agus staid tríú tíortha eile a bhfuil comhaontuithe caibidlithe agus tugtha i gcrích ag an Aontas leo. Faoin gComhaontú um Tharraingt Siar, tá feidhm ag dlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe le linn na hidirthréimhse agus, i ndeireadh na tréimhse sin, is ar leibhéal an-ard, dá bhrí sin, atá an bonn don chomhar le Ballstáit an Aontais, go háirithe i réimsí an mhargaidh inmheánaigh, an chomhbheartais iascaigh, agus na saoirse, na slándála agus an cheartais. Tiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse an 31 Nollaig 2020, agus i ndiaidh an dáta sin, leis na forálacha maidir le saincheisteanna eile a bhaineann leis an scaradh, dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, socrófar go gcuirfear clabhsúr rianúil ar an gcomhar sin i roinnt réimsí. Mura dtiocfaidh na Comhaontuithe i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021, titfidh an comhar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe go dtí leibhéal nach inmhianaithe ná chun leasa an Aontais, rud a shuaithfidh an caidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Is féidir suaitheadh den sórt sin a theorannú trí na Comhaontuithe a chur i bhfeidhm go sealadach.

(17)

Dá bhrí sin, i bhfianaise staid eisceachtúil na Ríochta Aontaithe i ndáil leis an Aontas, i bhfianaise na práinne a bhaineann leis an staid agus deireadh ag teacht leis an idirthréimhse an 31 Nollaig 2020, chomh maith leis an ngá atá ann dóthain ama a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle chun grinnscrúdú iomchuí a dhéanamh ar an gcinneadh atá beartaithe maidir le tabhairt i gcrích na gComhaontuithe agus ar théacsanna na gComhaontuithe, ba cheart na Comhaontuithe a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, go dtí go dtabharfar chun críche na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh siad i bhfeidhm.

(18)

Ós rud gur go fíordhéanach, díreach 7 lá roimh dheireadh na hidirthréimhse, a tugadh chun críche an chaibidlíocht maidir leis na Comhaontuithe, ní rabhthas in ann dul ar aghaidh leis an athbhreithniú dlítheangeolaíoch críochnaitheach ar théacsanna na gComhaontuithe sular síníodh iad. Dá bhrí sin, ag tosú díreach tar éis shíniú na gComhaontuithe, ba cheart do na Páirtithe dul ar aghaidh leis an athbhreithniú dlítheangeolaíoch críochnaitheach ar na Comhaontuithe sna 24 theanga bharántúla ar fad. Ba cheart an t-athbhreithniú dlítheangeolaíoch sin a thabhairt chun críche in am trátha. Ba cheart do na Páirtithe, ansin, trí mhalartú nótaí taidhleoireachta, téacsanna na gComhaontuithe sin sna teangacha sin ar fad, agus athbhreithniú déanta orthu, a bhunú mar théacsanna barántúla críochnaitheacha. Ba cheart na téacsanna athbhreithnithe sin a chur ab initio in ionad na leaganacha sínithe de na Comhaontuithe.

(19)

Ba cheart na Comhaontuithe a shíniú, agus na Dearbhuithe agus an Fógra a ghabhann leis seo a fhormheas, thar ceann an Aontais.

(20)

Is faoi réir nós imeachta ar leithligh atá síniú an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (‘Conradh Euratom’),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, údaraítear síniú, thar ceann an Aontais, a mhéid a bhaineann le hábhair seachas na cinn a thagann faoi Chonradh Euratom, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin.

2.   Leis seo, údaraítear síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin.

3.   Tá téacs na gComhaontuithe i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

1.   Déanfaidh an Coimisiún ionadaíocht thar ceann an Aontais laistigh den Chomhairle Comhpháirtíochta, de na Coistí Speisialaithe Trádála agus de na Coistí Speisialaithe arna mbunú de bhun Airteagail INST.1 [an Chomhairle Comhpháirtíochta] agus INST.2 [Coistí] den Chomhaontú Trádála agus Comhair, agus in aon Choiste Speisialaithe Trádála nó Coiste Speisialaithe breise a bhunaítear i gcomhréir le pointe (g) de mhír 4 d’Airteagal INST.1 [an Chomhairle Comhpháirtíochta] nó pointe (g) de mhír 2 d’Airteagal INST.2 [Coistí] den Chomhaontú Trádála agus Comhair.

Ceadófar do gach Ballstát ionadaí amháin a chur i dteannta ionadaí an Choimisiúin, mar chuid de thoscaireacht an Aontais, i gcruinnithe den Chomhairle Comhpháirtíochta agus de na comhchomhlachtaí eile arna mbunú faoin gComhaontú Trádála agus Comhair.

2.   Ionas go mbeidh an Chomhairle in inmhe a cuid feidhmeanna sainithe beartais, comhordúcháin agus cinnteoireachta a fheidhmiú go hiomlán i gcomhréir leis na Conarthaí, go háirithe trí na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Chomhairle Comhpháirtíochta, den Choiste Comhpháirtíochta Trádála, de na Coistí Speisialaithe Trádála agus de na Coistí Speisialaithe a bhunú, áiritheoidh an Coimisiún go bhfaighidh an Chomhairle an fhaisnéis agus na doiciméid uile a bhaineann le haon chruinniú de na comhchomhlachtaí sin nó le haon ghníomhartha atá le glacadh tríd an nós imeachta i scríbhinn in am trátha roimh an gcruinniú sin nó roimh úsáid an nós imeachta i scríbhinn sin, agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná ocht lá oibre roimh an gcruinniú sin nó roimh úsáid sin an nós imeachta i scríbhinn.

Cuirfear an Chomhairle ar an eolas in am trátha freisin faoi na pléití a rinneadh ag na cruinnithe den Chomhairle Comhpháirtíochta, den Choiste Comhpháirtíochta Trádála, de na Coistí Speisialaithe Trádála agus de na Coistí Speisialaithe agus faoin toradh a bhí ar na cruinnithe sin, agus faoi úsáid an nós imeachta i scríbhinn, agus gheobhaidh sí dréachtmhiontuairiscí agus gach doiciméad a bhaineann le cruinnithe nó nós imeachta den sórt sin.

3.   Cuirfear Parlaimint na hEorpa in inmhe a sainchumais institiúideacha a fheidhmiú go hiomlán i rith an phróisis i gcomhréir leis na Conarthaí.

4.   Go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 1 Eanáir 2021, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 3

1.   Go dtí go dtiocfaidh gníomh reachtach sonrach lena rialófar glacadh na mbeart a liostaítear i bpointí (a) go (i) thíos i bhfeidhm san Aontas, is é an Coimisiún a dhéanfaidh aon chinneadh ón Aontas na bearta sin a dhéanamh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i bhforálacha comhfhreagracha an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

cóir fhabhrach ábhartha an táirge/na dtáirgí lena mbaineann a chur ar fionraí mar a leagtar amach in Airteagal GOODS.19 [Bearta i gcás sárú nó imchéimniú na reachtaíochta custaim] den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(b)

bearta leighis a chur i bhfeidhm agus oibleagáidí a chur ar fionraí mar a leagtar amach in Airteagal LPFOFCSD.3.12 [Bearta leighis] den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(c)

bearta athchrothromúcháin agus frithbhearta a chur i bhfeidhm mar a leagtar amach in Airteagal LPFOFCSD.9.4 [Athchothromú] den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(d)

bearta leighis a chur i bhfeidhm mar a leagtar amach in Airteagal ROAD.11 [Bearta leighis] den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(e)

bearta cúitimh mar a leagtar amach in Airteagal FISH.9 [Bearta cúitimh i gcás rochtain a tharraingt siar nó a laghdú] den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(f)

bearta leighis a chur i bhfeidhm mar a leagtar amach in Airteagal FISH.14 [Bearta leighis agus réiteach díospóidí] den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(g)

rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gcláir de chuid an Aontais a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, mar a leagtar amach in Airteagal UNPRO.3.1 [ Rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gclár de chuid an Aontais á foirceannadh ag an Aontas Eorpach] agus Airteagal UNPRO.3.20 [Foirceannadh á dhéanamh ag an Aontas Eorpach ar rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gclár de chuid an Aontais] den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(h)

cúiteamh sealadach a thairiscint nó a ghlacadh nó oibleagáidí a chur ar fionraí i gcomhthéacs comhlíonadh ag eascairt as nós imeachta eadrána nó painéil saineolaithe faoi Airteagal INST.24 [Leigheasanna Sealadacha] den Chomhaontú Trádála agus Comhair, seachas mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3);

(i)

na bearta coimirce agus na bearta athchothromúcháin a leagtar amach in Airteagal INST.36 [Bearta coimirce] den Chomhaontú Trádála agus Comhair.

2.   Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle go hiomlán ar an eolas in am trátha go bhfuil sé ar intinn aige na bearta dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, d’fhonn malartú tuairimí fóinteach sa Chomhairle a cheadú. Déanfaidh an Coimisiún na tuairimí a chuirtear in iúl a chur san áireamh go hiomlán. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas freisin, de réir mar is iomchuí.

3.   I gcás ina mbeidh ábhar imní ar leith ann do Bhallstát amháin nó níos mó, féadfaidh an Ballstát sin nó na Ballstáit sin a iarraidh ar an gCoimisiún na bearta dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh. Mura dtabharfaidh an Coimisiún freagairt dhearfach ar iarraidh den sórt sin, cuirfidh sé na cúiseanna atá aige in iúl don Chomhairle in am trátha.

4.   Féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh freisin lena gcuirfear ar ais na cearta agus na hoibleagáidí faoin gComhaontú Trádála agus Comhair mar a bhí siad ann sular glacadh na bearta dá dá dtagraítear i mír 1. Beidh feidhm ag míreanna 2 agus 3 mutatis mutandis.

5.   Sula nglacfar gníomh reachtach sonrach lena rialaítear glacadh na mbeart dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar na socruithe a leagtar amach san Airteagal seo.

Airteagal 4

I gcás ina n-ardaíonn Ballstát amháin nó níos mó deacracht shubstainteach a thiocfaidh as cur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, go háirithe maidir le hiascaigh, scrúdóidh an Coimisiún an iarraidh sin mar ábhar tosaíochta agus cuirfidh sé an t-ábhar faoi bhráid na Comhairle Comhpháirtíochta, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach sa Chomhaontú Trádála agus Comhair. I gcás nach bhfuarthas aon réiteach sásúil, tabharfar aghaidh ar an ábhar sin laistigh den tréimhse ama is luaithe is féidir, i gcomhthéacs na n-athbhreithnithe dá bhforáiltear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair. I gcás ina leanann an deacracht sin ar aghaidh, déanfar na bearta is gá d'fhonn comhaontú lena ndéantar na leasuithe is gá ar an gComhaontú Trádála agus Comhair a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích.

Airteagal 5

1.   Údarófar don Choimisiún aon chinneadh a ghlacadh, thar ceann an Aontais, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

aitheantas coibhéise a dheimhniú nó a chur ar fionraí tar éis athmheasúnú na coibhéise atá le déanamh faoin 31 Nollaig 2023 i gcomhréir le mír 3 d’Airteagal 3 [Coibhéis a aithint] d’Iarscríbhinn TBT-4 [Táirgí Orgánacha] a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair;

(b)

aitheantas coibhéise a chur ar fionraí i gcomhréir le míreanna 5 agus 6 d’Airteagal 3 [Coibhéis a aithint] d’Iarscríbhinn TBT-4 [Táirgí Orgánacha] a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair;

(c)

glacadh le doiciméid oifigiúla Dea-Chleachtais Mhonaraíochta arna n-eisiúint ag údarás de chuid na Ríochta Aontaithe le haghaidh saoráidí monaraíochta atá lonnaithe lasmuigh de chríoch an údaráis eisiúna agus cinneadh a dhéanamh maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha faoina nglacann an tAontas leis na doiciméid oifigiúla Dea-Chleachtais Mhonaraíochta i gcomhréir le míreanna 3 agus 4 d’Airteagal 5 [Cigireachtaí a aithint] d’Iarscríbhinn TBT-2 [Táirgí Íocshláinte] a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair;

(d)

aon socruithe cur chun feidhme is gá a ghlacadh chun doiciméid oifigiúla Dea-Chleachtais Mhonaraíochta a mhalartú le húdarás de chuid na Ríochta Aontaithe faoi Airteagal 6 [Doiciméid oifigiúla GMP a mhalartú] d’Iarscríbhinn TBT-2 [Táirgí Íocshláinte] a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair agus chun faisnéis a mhalartú le húdarás de chuid na Ríochta Aontaithe i ndáil le cigireachtaí ar shaoráidí monaraíochta faoi Airteagal 7 [Coimircí] den Iarscríbhinn sin;

(e)

aitheantas cigireachtaí nó glacadh doiciméad oifigiúil Dea-Chleachtais Mhonaraíochta arna n-eisiúint ag an Ríocht Aontaithe a chur ar fionraí agus fógra a thabhairt don Ríocht Aontaithe go bhfuil sé ar intinn aige Airteagal 9 [Fionraí] d’Iarscríbhinn TBT-2 [Táirgí Íocshláinte] a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a chur i bhfeidhm agus dul i mbun comhairliúchán leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le mír 3 d’Airteagal 8 [Athruithe ar an reachtaíocht is infheidhme] den Iarscríbhinn sin;

(f)

aitheantas cigireachtaí nó glacadh doiciméad oifigiúil Dea-Chleachtais Mhonaraíochta an Pháirtí eile a chur ar fionraí go hiomlán nó i bpáirt, i gcás na dtáirgí uile nó cuid de na táirgí atá liostaithe i bhFoscríbhinn C a ghabhann le hIarscríbhinn TBT-2 [Táirgí Íocshláinte] a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, i gcomhréir le mír 1 d’Airteagal 9 [Fionraí] den Iarscríbhinn sin.

2.   Beidh feidhm ag míreanna 2, 3 agus 4 d’Airteagal 3.

Airteagal 6

1.   Tugtar de chumhacht do na Ballstáit na socruithe dá dtagraítear i mír 4 d’Airteagal AIRTRN.3 [Cearta tráchta] den Chomhaontú Trádála agus Comhair a chaibidil, a shíniú agus a thabhairt i gcrích, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

déanfar na socruithe sin chun na críche a leagtar síos i mír 4 d’Airteagal AIRTRN.3 [Cearta tráchta] den Chomhaontú Trádála agus Comhair agus chun na críche sin amháin agus i gcomhréir lena théarmaí, agus ní rialóidh siad aon ábhair eile cibé acu a thagann nó nach dtagann na hábhair sin faoi raon feidhme Theideal I de Cheannteideal a Dó de Chuid a Dó [Aeriompar] den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(b)

ní dhéanfaidh na socruithe sin idirdhealú idir aeriompróirí de chuid an Aontais.

Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 8 den Chinneadh seo.

2.   Tugtar de chumhacht do na Ballstáit na húdaruithe dá dtagraítear i mír 9 d’Airteagal AIRTRN.3 [Cearta tráchta] den Chomhaontú Trádála agus Comhair a dheonú faoi réir théarmaí an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair agus i gcomhréir le forálacha infheidhme an Aontais agus an dlí náisiúnta. Agus na húdaruithe sin á ndeonú acu, ní dhéanfaidh na Ballstáit idirdhealú idir aeriompróirí de chuid an Aontais.

3.   Tugtar de chumhacht do na Ballstáit na socruithe dá dtagraítear i mír 9 d’Airteagal AIRTRN.3 [Cearta tráchta] den Chomhaontú Trádála agus Comhair a chaibidil, a shíniú agus a thabhairt i gcrích, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

déanfar na socruithe sin chun na críche a leagtar síos i mír 9 d’Airteagal AIRTRN.3 [Cearta tráchta] den Chomhaontú Trádála agus Comhair agus chun na críche sin amháin agus i gcomhréir lena théarmaí, agus ní rialóidh siad aon ábhair eile cibé acu a thagann nó nach dtagann na hábhair sin faoi raon feidhme Theideal I de Cheannteideal a Dó de Chuid a Dó [Aeriompar] den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(b)

ní dhéanfaidh na socruithe sin idirdhealú idir aeriompróirí de chuid an Aontais.

Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 8 den Chinneadh seo.

Airteagal 7

Tugtar de chumhacht do na Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha a chaibidil, a shíniú agus a thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 41 den Phrótacal maidir le comhar riaracháin agus an comhrac in aghaidh na calaoise i réimse na Cánach Breisluacha agus maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna a ghnóthú nó i réimse chomhordú na slándála sóisialta a mhéid a bhaineann le hábhair nach gcumhdaítear leis an bPrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

beidh an comhaontú a bheartaítear ag luí le feidhmiú an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair nó an mhargaidh inmheánaigh, agus ní bhainfidh sé an bonn díobh;

(b)

beidh an comhaontú a bheartaítear ag luí le dlí an Aontais, agus ní chuirfear gnóthú cuspóra de chuid ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais i mbaol sa réimse lena mbaineann leis ná ní dhéanfar dochar leis ar dhóigh eile do leasanna an Aontais;

(c)

comhlíonfaidh an comhaontú a bheartaítear prionsabal an neamh-idirdhealaithe de bhíthin náisiúntachta a chumhdaítear in CFAE.

Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 8 den Chinneadh seo.

Airteagal 8

1.   Gach Ballstát a bhfuil sé ar intinn aige socrú déthaobhach mar a thagraítear don mhéid sin in Airteagal 6(1) agus (3) nó comhaontú déthaobhach mar a thagraítear don mhéid sin in Airteagal 7 a chaibidil, coinneoidh sé an Coimisiún ar an eolas faoin gcaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe maidir leis na socruithe nó na comhaontuithe sin agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé ar an gCoimisiún páirt a ghlacadh sa chaibidlíocht mar bhreathnóir.

2.   Ar an gcaibidlíocht a thabhairt chun críche, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an dréachtshocrú nó an dréachtchomhaontú a eascraíonn aisti faoi bhráid an Choimisiúin. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi sin gan mhoill.

3.   Tráth nach déanaí ná 3 mhí ón dréachtsocrú nó an dréachtchomhaontú a fháil, déanfaidh an Coimisiún cinneadh faoi cibé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) nó (3) nó sa chéad fhomhír d'Airteagal 7, á gcomhlíonadh. Má chinneann an Coimisiún go bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann an socrú nó an comhaontú lena mbaineann a shíniú agus a thabhairt i gcrích.

4.   Soláthróidh an Ballstát lena mbaineann cóip den socrú nó den chomhaontú don Choimisiún laistigh d’aon mhí amháin tar éis a theacht i bhfeidhm nó, i gcás ina mbeidh an socrú nó an comhaontú le cur i bhfeidhm go sealadach, laistigh d’aon mhí amháin ó thosach a chur i bhfeidhm shealadaigh.

Airteagal 9

Na Ballstáit a bhfuil sé ar intinn acu comhaontuithe déthaobhacha a chaibidil agus a thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i réimsí nach gcumhdaítear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, déanfaidh siad, le lánurraim do phrionsabal an chomhair dhílis, an Coimisiún a chur ar an eolas in am trátha faoina bhfuil ar intinn acu agus faoi dhul chun cinn na caibidlíochta.

Airteagal 10

Ní dochar feidhmiú inniúlacht an Aontais tríd an gComhaontú Trádála agus Comhair d'inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát faoi seach i ndáil le haon chaibidlíocht atá ar siúl nó a bheidh ar siúl sa todhchaí le haghaidh comhaontuithe idirnáisiúnta le haon tríú tír eile nó maidir lena síniú nó a dtabhairt i gcrích, nó i ndáil le aon chaibidlíocht a bheidh ar siúl sa todhchaí le haghaidh aon chomhaontuithe forlíontacha dá dtagraítear in Airteagal COMPROV.2 [Comhaontuithe forlíontacha] den Chomhaontú Trádála agus Comhair nó maidir lena síniú nó a dtabhairt i gcrích.

Airteagal 11

Leis seo údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine nó na daoine a ainmniú a dtabharfar de chumhacht dó nó dóibh na Comhaontuithe a shíniú thar ceann an Aontais.

Airteagal 12

1.   Faoi réir na cómhalartachta, déanfar na Comhaontuithe a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach amhail ón 1 Eanáir 2021, go dtí go dtabharfar chun críche na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh siad i bhfeidhm.

2.   Tabharfaidh an tAontas fógra don Ríocht Aontaithe gur tugadh chun críche na ceanglais agus na nósanna imeachta inmheánacha de chuid an Aontais is gá don chur i bhfeidhm sealadach sin, ar choinníoll go mbeidh fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe don Aontas, roimh an dáta dá dtagraítear i mír 1, gur tugadh chun críche na ceanglais agus na nósanna imeachta inmheánacha dá cuid is gá don chur i bhfeidhm sealadach.

3.   Beidh na leaganacha de na Comhaontuithe sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris faoi réir athbhreithniú dlítheangeolaíoch críochnaitheach.

Déanfar na leaganacha teanga ar toradh iad ar an athbhreithniú dlítheangeolaíoch dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhunú mar leaganacha barántúla críochnaitheacha trí mhalartú nótaí taidhleoireachta leis an Ríocht Aontaithe.

Cuirfear na téacsanna barántúla críochnaitheacha dá dtagraítear sa dara fomhír in ionad na leaganacha sínithe de na Comhaontuithe ab initio.

4.   Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear i mír 2 agus tíolacfaidh sé an nóta taidhleoireachta dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 3.

Airteagal 13

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra nó na fógraí dá bhforáiltear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair agus in Airteagal 19 den Chomhaontú maidir le Slándáil Faisnéise.

Airteagal 14

Na Dearbhuithe agus na Fógraí atá i gceangal leis an gCinneadh seo, déanfar iad a fhormheas thar ceann an Aontais.

Airteagal 15

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Nollaig 2020

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 1).

(2)  Cinneadh (AE, Euratom) 2020/266 ón gComhairle an 25 Feabhra 2020 lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le comhaontú nua comhpháirtíochta (IO L 58, 27.2.2020, lch. 53).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d'fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (IO L 189 27.6.2014, lch. 50).