18.12.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 430/26 |
CINNEADH (CBES) 2020/2143 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Nollaig 2020
lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1). |
(2) |
An 19 Márta 2015, d'aontaigh an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí na bearta is gá chun fad na mbeart sriantach a nascadh go soiléir le cur chun feidhme iomlán chomhaontuithe Mhionsc, agus é á chur san áireamh gur beartaíodh an cur chun feidhme iomlán don 31 Nollaig 2015. |
(3) |
An 29 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/907 (2), lena ndéantar Cinneadh 2014/512/CBES a athnuachan go dtí an 31 Eanáir 2021 chun a chur ar a cumas measúnú breise a dhéanamh ar chur chun feidhme chomhaontuithe Mhionsc. |
(4) |
Tar éis di measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme chomhaontuithe Mhionsc, measann an Chomhairle gur cheart Cinneadh 2014/512/CBES a athnuachan go ceann 6 mhí eile chun a chur ar chumas na Comhairle measúnú breise a dhéanamh ar a gcur chun feidhme. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 9(1) de Chinneadh 2014/512/CBES:
“1. |
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Iúil 2021.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Nollaig 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. SCHULZE
(1) Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).
(2) Cinneadh (CBES) 2020/907 ón gComhairle an 29 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 207, 30.6.2020, lch. 37).