18.12.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 430/21 |
CINNEADH (AE) 2020/2140 ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Nollaig 2020
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhchoiste a bhunaítear leis an gComhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus rialtas Stát Iosrael, den pháirt eile, i ndáil le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste a ghlacadh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) i gcomhar le hAirteagal 218(9), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Thug an tAontas i gcrích an Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus rialtas Stát Iosrael, den pháirt eile (1) (“an Comhaontú”) trí bhíthin Chinneadh (AE) 2020/952 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 2 Lúnasa 2020. |
(2) |
Le hAirteagal 22 den Chomhaontú bunaítear coiste atá comhdhéanta d’ionadaithe de chuid na bPáirtithe Conarthacha (“an Comhchoiste”) chun riar agus cur chun feidhme cuí an Chomhaontaithe a áirithiú. |
(3) |
Le hAirteagal 22(3) den Chomhaontú foráiltear go bhfuil an Comhchoiste chun a rialacha nós imeachta a ghlacadh. |
(4) |
Chun cur chun feidhme cuí an Chomhaontaithe a áirithiú, ba cheart rialacha nós imeachta an Chomhchoiste a ghlacadh. |
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa chéad chruinniú den Chomhchoiste a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlí ag an gcinneadh ón gComhchoiste lena nglactar a rialacha nós imeachta ar an Aontas. Ba cheart seasamh an Aontais laistigh den Chomhchoiste a bheith bunaithe ar an Dréachtchinneadh ón gComhchoiste, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Is ar an Dréachtchinneadh ón gComhchoiste (3) a bhunófar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa chéad chruinniú den Chomhchoiste a chuirtear ar bun le hAirteagal 22 den Chomhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus rialtas Stát Iosrael, den pháirt eile, i ndáil le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste a ghlacadh.
2. Féadfaidh ionadaithe an Aontais laistigh den Chomhchoiste mionathruithe ar an Dréachtchinneadh ón gComhchoiste a aontú gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Nollaig 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. KLOECKNER
(1) IO L 208, 2.8.2013, lch. 3.
(2) Cinneadh (AE) 2020/952 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2020 maidir leis an gComhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus rialtas Stát Iosrael, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais (IO L 212, 3.7.2020, lch. 10).
(3) Féach doiciméad ST 13483/20 ar http://register.consilium.europa.eu