15.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 424/1


CINNEADH (AE, Euratom) 2020/2053 ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Nollaig 2020

maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d’Airteagal 311 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ní mór a áirithiú le córas acmhainní dílse an Aontais go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ann chun beartais an Aontais a fhorbairt go hordúil, faoi réir an ghá le diansmacht buiséadach. Lena chois sin is féidir, agus ba cheart, le forbairt an chórais acmhainní dílse, páirt a ghlacadh, a mhéid is féidir, i bhforbairt bheartais an Aontais.

(2)

Le Conradh Liospóin, tugadh isteach athruithe ar na forálacha a bhaineann le córas acmhainní dílse an Aontais, lena gcumasaítear catagóir acmhainní dílse atá ann a dhíothú agus catagóir nua a chruthú.

(3)

D’iarr Comhairle Eorpach an 7 agus an 8 Feabhra 2013 ar an gComhairle leanúint de bheith ag obair ar an togra ón gCoimisiún maidir le hacmhainn dhílis nua bunaithe ar cháin bhreisluacha (CBL) ionas go mbeidh sí chomh simplí agus trédhearcach agus is féidir, ionas go neartóidh sí an nasc le beartas CBL an Aontais agus le fáltais iarbhír CBL agus ionas go n-áiritheofar go gcaithfear go cothrom le cáiníocóirí sna Ballstáit uile.

(4)

I mí an Mheithimh 2017, ghlac an Coimisiún páipéar machnaimh ar a bhfuil i ndán do bheartas airgeadais an Aontais Eorpaigh. Mhol an Coimisiún raon roghanna lena nasctar acmhainní dílse ar bhealach níos sofheicthe le beartais an Aontais, go háirithe leis an margadh aonair agus le fás inbhuanaithe. De réir an pháipéir, agus acmhainní dílse nua á dtabhairt isteach, is gá aird a thabhairt ar a dtrédhearcacht, a simplíocht agus a gcobhsaíocht, ar a gcomhsheasmhacht le cuspóirí beartais an Aontais, ar a dtionchar ar iomaíochas agus ar fhás inbhuanaithe, agus ar a miondealú cothrom i measc na mBallstát.

(5)

Tá cáineadh déanta arís agus arís eile ag an gCúirt Iniúchóirí, Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit ar an gcóras reatha chun an acmhainn dhílis atá bunaithe ar CBL a chinneadh mar chóras róchasta. Dá bhrí sin, tháinig Comhairle Eorpach an 17 go 21 Iúil 2020 ar an gconclúid gurb iomchuí ríomh na hacmhainne dílse sin a shimpliú.

(6)

Chun ionstraimí maoinithe an Aontais a ailíniú níos fearr lena thosaíochtaí beartais, chun léiriú níos fearr a thabhairt ar ról bhuiséad ginearálta an Aontais (“buiséad an Aontais”) i bhfeidhmiú an mhargaidh aonair, chun tacú níos fearr le cuspóirí bheartais an Aontais agus chun ranníocaíochtaí na mBallstát le buiséad bliantúil an Aontais a laghdú, ar ranníocaíochtaí iad atá bunaithe ar ollioncam náisiúnta (OIN), tháinig Comhairle Eorpach an 17 go 21 Iúil 2020 ar an gconclúid go n-oibreodh an tAontas sna blianta amach romhainn chun an córas acmhainní dílse a athchóiriú agus chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach.

(7)

Mar chéad chéim, ba cheart catagóir nua acmhainní dílse, bunaithe ar ranníocaíochtaí náisiúnta a ríomhtar ar bhonn dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte, a thabhairt isteach. I gcomhréir leis an straitéis Eorpach maidir le plaistigh, is féidir le buiséad an Aontais rannchuidiú le truailliú ó dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach a laghdú. Déanfaidh acmhainn dhílis atá bunaithe ar rannchuidithe náisiúnta atá comhréireach le cainníocht na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar a athchúrsáil i ngach Ballstát dreasacht a sholáthar chun tomhaltas plaisteach aon úsáide a laghdú, athchúrsáil a chothú agus borradh a chur faoin ngeilleagar ciorclach. Ag an am céanna, beidh sé de shaoirse ag na Ballstáit na bearta is oiriúnaí a dhéanamh chun na spriocanna sin a bhaint amach, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Ar mhaithe le tionchar ró-aischéimnitheach ar ranníocaíochtaí náisiúnta a sheachaint, ba cheart sásra coigeartaithe agus laghdú bliantúil ar chnapshuim a chur i bhfeidhm maidir le ranníocaíochtaí Ballstát ag a raibh OIN per capita in 2017 faoi bhun mheán an Aontais. Ba cheart go bhfreagródh an laghdú do 3,8 cileagram arna iolrú faoi dhaonra 2017 na mBallstát lena mbaineann.

(8)

Thug Comhairle Eorpach an 17 go 21 Iúil 2020 dá haire, mar bhonn d’acmhainní dílse breise, go gcuirfidh an Coimisiún tograí ar aghaidh sa chéad seimeastar de 2021 maidir le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha agus maidir le tobhach digiteach d’fhonn iad a thabhairt isteach faoin 1 Eanáir 2023 ar a dhéanaí. D’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún togra athbhreithnithe a chur ar aghaidh maidir le Córas Trádála Astaíochtaí AE, agus an fhéidearthacht é a leathnú chuig na hearnálacha eitlíochta agus muirí. Thángthas ar an gconclúid, gur le linn an chreata airgeadais ilbhliantúil don tréimhse ó 2021-2027 (“CAI 2021-2027”), go n-oibreoidh an tAontas chun acmhainní dílse eile a thabhairt isteach, lena bhféadfaí Cáin ar Idirbhearta Airgeadais a áireamh.

(9)

Tháinig Comhairle Eorpach an 17 go 21 Iúil 2020 ar an gconclúid gur cheart cuspóirí foriomlána na simplíochta, na trédhearcachta agus an chothromais, lena n-áirítear comhroinnt dualgas chóir, a úsáid mar threoir do shocruithe na n-acmhainní dílse. Tháinig sí ar an gconclúid freisin go bhfuil an Danmhairg, an Ísiltír, an Ostair agus an tSualainn, agus, i gcomhthéacs na tacaíochta don téarnamh agus don athléimneacht, chomh maith leis an nGearmáin, chun tairbhe a bhaint as ceartúcháin chnapshuime ar a ranníocaíochtaí bliantúla bunaithe ar OIN don tréimhse 2021-2027.

(10)

Ba cheart do na Ballstáit 25 % de mhéideanna na n-acmhainní dílse traidisiúnta arna mbailiú acu a choinneáil, mar chostais bhailiúcháin.

(11)

Ba cheart méadú ar na huasteorainneacha a bhunaítear sa Chinneadh seo maidir le hacmhainní dílse a bheith ag gabháil le comhtháthú an Chiste Eorpaigh Forbraíochta i mbuiséad an Aontais. Tá gá le corrlach leordhóthanach idir na híocaíochtaí agus uasteorainn na n-acmhainní dílse chun a áirithiú go mbeidh an tAontas in ann - i gcás ar bith - a oibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh, fiú le linn cúlú eacnamaíoch.

(12)

Ba cheart corrlach leordhóthanach a chaomhnú faoi uasteorainneacha acmhainní dílse chun gur féidir leis an Aontas a oibleagáidí airgeadais agus a dhliteanais theagmhasacha uile a chumhdach a thagann chun bheith dlite in aon bhliain ar leith. Méid iomlán na n-acmhainní dílse a leithdháilfear ar an Aontas chun leithreasuithe bliantúla faoi chomhair íocaíochtaí a chumhdach, níor cheart go rachadh sé thar 1,40 % de shuim OINanna na mBallstát uile. Méid iomlán bliantúil na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a iontrálfar i mbuiséad an Aontais, níor cheart go rachadh sé thar 1,46 % de shuim OINanna na mBallstát uile.

(13)

Chun méid na n-acmhainní airgeadais a chuirtear ar fail don Aontas a choimeád gan athrú, is iomchuí uasteorainn na n-acmhainní dílse a choigeartú do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas arna sloinneadh mar chéatadán de OIN i gcás leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a bhfuil athruithe suntasacha ar leibhéal OIN mar thoradh orthu.

(14)

Cuireann tionchar eacnamaíoch ghéarchéim COVID-19 i dtreis an tábhacht a bhaineann lena áirithiú go bhfuil acmhainn airgeadais leordhóthanach ag an Aontas i gcás suaitheadh eacnamaíoch. Ní mór don Aontas na hacmhainní a sholáthar dó féin chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Teastaíonn acmhainní airgeadais ar scála eisceachtúil chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí ghéarchéim COVID-19, gan tuilleadh brú a chur ar airgeadais na mBallstát tráth atá a mbuiséid faoi ábhalbhrú cheana chun bearta náisiúnta eacnamaíocha agus sóisialta a mhaoiniú i ndáil leis an ngéarchéim. Dá bhrí sin, ba cheart freagairt eisceachtúil a bheith ann ar leibhéal an Aontais. Ar an gcúis sin, is iomchuí an Coimisiún a chumhachtú, ar bhonn eisceachtúil, chun iasacht shealadach suas le EUR 750 000 milliún i bpraghsanna 2018 ar mhargaí caipitil a fháil thar ceann an Aontais. D’úsáidfí suas le EUR 360 000 milliún den mhéid seo le haghaidh iasachtaí a chur ar fáil agus d’úsáidfí suas le EUR 390 000 milliún i bpraghsanna 2018 de na cistí a fuarthas ar iasacht le haghaidh caiteachais chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí COVID-19 agus lena aghaidh sin amháin.

(15)

Ba cheart don fhreagairt eisceachtúil seo aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí ghéarchéim COVID-19 agus a áirithiú nach dtiocfaidh sí chun cinn arís. Mar sin, ba cheart teorainn ama a chur leis an tacaíocht agus ba cheart formhór an chistithe a sholáthar díreach tar éis na géarchéime, rud a chiallaíonn gur cheart gealltanais dhlíthiúla i leith cláir arna maoiniú leis na hacmhainní breise sin a thabhairt faoin 31 Nollaig 2023. Beidh formheas na n-íocaíochtaí faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta faoi réir chomhlíonadh sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta, ar nithe iad a ndéanfar measúnú orthu i gcomhréir leis an nós imeachta ábhartha a leagtar amach sa Rialachán lena mbunaítear Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ina léirítear conclúidí na Comhairle Eorpaí an 17 go 21 Iúil 2020.

(16)

Chun an dliteanas a sheasamh a bhaineann leis na cistí atá sé beartaithe a fháil ar an iasacht, is gá na huasteorainneacha d’acmhainní dílse a ardú go hurghnách agus go sealadach. Mar sin, chun dliteanais uile an Aontais de thoradh a iasachtaí chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí ghéarchéim COVID-19 a chumhdach, agus chun na críche sin amháin, ba cheart an uasteorainn do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus an uasteorainn do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas araon a mhéadú 0,6 pointe céatadáin. An cumhachtú a thugtar don Choimisiún cistí a fháil ar iasacht ar mhargaí caipitil thar ceann an Aontais chun bearta lena dtugtar aghaidh ar iarmhairtí ghéarchéim COVID-19 a mhaoiniú agus chun na críche sin amháin, baineann sí go dlúth leis an méadú a tháinig ar uasteorainn na n-acmhainní dílse dá bhforáiltear sa Chinneadh seo agus, i ndeireadh na dála, le feidhmiú chóras acmhainní dílse an Aontais. Dá réir sin, ba cheart an cumhachtú sin a áireamh sa Chinneadh seo. De bharr chineál na hoibríochta seo nach bhfacthas a leithéid riamh agus mhéid eisceachtúil na gcistí atá le fáil ar iasacht, teastaíonn cinnteacht maidir le méid foriomlán dhliteanas an Aontais agus maidir leis na gnéithe bunriachtanacha a bhaineann lena aisíoc, chomh maith le straitéis iasachtaíochta éagsúlaithe a chur chun feidhme.

(17)

Tá gá leis an méadú ar uasteorainneacha na n-acmhainní dílse toisc nach mbeadh na huasteorainneacha leordhóthanach murach sin chun a áirithiú go mbeadh fáil ar acmhainní leordhóthanacha a theastaíonn ón Aontas chun na dliteanais a eascraíonn as an gcumhachtú eisceachtúil sealadach chun cistí a fháil ar iasacht a chumhdach. Is ar bhonn sealadach freisin a bheidh gá le dul ar iontaoibh an leithdháilte bhreise seo ós rud é go laghdófar na hoibleagáidí airgeadais ábhartha agus na dliteanais theagmhasacha ábhartha thar thréimhse ama de réir mar a aisíoctar na cistí a fhaightear ar iasacht agus de réir mar a théann na hiasachtaí in aibíocht. Dá bhrí sin, ba cheart go rachadh an méadú in éag nuair a bheidh na cistí uile a fuarthas ar iasacht aisíoctha agus nuair a bheidh deireadh leis na dliteanais theagmhasacha uile a bhaineann le hiasachtaí arna dtabhairt ar bhonn na gcistí sin, ar cheart gur faoin 31 Nollaig 2058 ar a dhéanaí a scoirfeadh sé.

(18)

Maidir le gníomhaíochtaí an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí ghéarchéim COVID-19, caithfidh siad a bheith suntasach agus ní mór iad a dhéanamh thar thréimhse measartha gearr. Caithfidh iasacht na gcistí teacht leis an uainiú sin. Mar sin, ba cheart deireadh a chur le gníomhaíocht nua ghlaniasachtaíochta ar a dhéanaí ag deireadh 2026. Tar éis 2026, ba cheart oibríochtaí chun iasacht a fháil a theorannú go docht d’oibríochtaí athmhaoinithe chun bainistiú éifeachtach fiachais a áirithiú. Nuair atá na hoibríochtaí á gcur chun feidhme ag an gCoimisiún trí straitéis cistiúcháin éagsúlaithe ba cheart dó an úsáid is fearr a bhaint as acmhainn na margaí chun méideanna cistí suntasacha den sórt sin a fhaightear ar iasacht agus a bhfuil aibíochtaí difriúla ag gabháil leo, lena n-áirítear maoiniú gearrthéarmach chun críche bainistithe airgid thirim, a iompar agus na coinníollacha aisíocaíochta is buntáistí a áirithiú. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas go tráthrialta agus go cuimsitheach maidir le gach gné dá bhainistiú fiachais. A luaithe a bheidh na sceidil íocaíochta do na beartais a bheidh le maoiniú leis an iasachtaíocht ar eolas, cuirfidh an Coimisiún féilire eisiúna in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina mbeidh na dátaí eisiúna agus na méideanna a bhfuiltear ag súil leo don bhliain atá le teacht chomh maith le plean ina leagfar amach na híocaíochtaí príomhshuime agus úis a bhfuiltear ag súil leo. Ba cheart don Choimisiún an féilire sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta.

(19)

Maidir le haisíoc a dhéanamh ar chistí a fhaightear ar iasacht chun tacaíocht neamh-inaisíoctha a thabhairt nó chun tacaíocht inaisíoctha trí bhíthin ionstraimí airgeadais a sholáthar nó trí sholáthar a dhéanamh do ráthaíochtaí buiséadacha, chomh maith leis an ús dlite a íoc, ba cheart an t-aisíoc sin a chistiú trí bhuiséad an Aontais. Na cistí a fhaightear ar iasacht a úsáidtear chun iasachtaí a thabhairt do Bhallstáit, ba cheart iad a aisíoc trí na suimeanna a fhaightear ó na Ballstáit is tairbhithe. Is gá na hacmhainní a leithdháileadh agus a chur ar fáil don Aontas chun gur féidir leis a oibleagáidí airgeadais agus a dhliteanais theagmhasacha uile a eascraíonn as an gcumhachtú eisceachtúil agus sealadach chun cistí a fháil ar iasacht in aon bhliain ar leith agus faoi aon imthosca, i gcomhréir le hAirteagal 310(4) agus le hAirteagal 323 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(20)

Méideanna nach n-úsáidtear le haghaidh íocaíochtaí úis mar a fhoráiltear, úsáidfear iad le haghaidh aisíocaíochtaí luatha roimh dheireadh CAI 2021-2027, le híosmhéid, agus is féidir iad a mhéadú os cionn an leibhéil sin ar choinníoll gur tugadh isteach acmhainní dílse nua tar éis 2021 i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa tríú mír d’Airteagal 311 CFAE. Ba cheart na dliteanais uile a thabhaítear de bharr an chumhachtaithe eisceachtúil agus shealadaigh sin chun cistí a fháil ar iasacht a bheith aisíoctha go hiomlán faoin 31 Nollaig 2058. Chun a áirithiú go ndéanfar bainistiú buiséadach éifeachtúil ar na leithreasuithe is gá chun aisíocaíochtaí i leith na gcistí a fhaightear ar iasacht a chumhdach, is iomchuí foráil a dhéanamh go bhféadfaí gealltanais bhuiséadacha bhunúsacha a mhiondealú i dtráthchodanna bliantúla.

(21)

Ba cheart do sceideal na n-aisíocaíochtaí prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a urramú agus méid iomlán na gcistí arna bhfáil ar iasacht ag an gCoimisiún a fháil faoin gcumhachtú a chumhdach d’fhonn laghdú seasta intuartha ar dhliteanais a bhaint amach le linn na tréimhse foriomláine. Chun na críche sin, na méideanna atá dlite ag an Aontas i mbliain ar leith chun an phríomhshuim a aisíoc, níor cheart go rachadh siad thar 7,5 % den uasmhéid EUR 390 000 milliún le haghaidh caiteachais.

(22)

De bharr ghnéithe chumhachtú an Choimisiúin ar cumhachtú é atá eisceachtúil, sealadach agus teoranta, chun cistí a fháil ar iasacht le haghaidh a thabhairt ar iarmhairtí ghéarchéim COVID-19, ba cheart a shoiléiriú nár cheart don Aontas, de ghnáth, úsáid a bhaint as cistí a fhaightear ar iasacht ar na margaí caipitil chun caiteachas oibríochtúil a mhaoiniú.

(23)

Chun a áirithiú gur féidir leis an Aontas a oibleagáidí dlíthiúla i leith tríú páirtithe a chomhlíonadh in am trátha i gcónaí, ba cheart rialacha ar leith a chur ar fáil leis an gCinneadh seo lena n-údarófar an Coimisiún, le linn na tréimhse méadaithe shealadaigh sin, ar na huasteorainneacha acmhainní dílse chun iarraidh ar na Ballstáit na hacmhainní airgid ábhartha a chur ar fáil go sealadach i gcás nach leor na leithreasuithe údaraithe a iontráiltear i mbuiséad an Aontais chun dliteanais a eascraíonn as an iasachtaíocht a bhaineann leis an méadú sealadach sin a chumhdach. Níor cheart don Choimisiún a bheith in ann glao ar acmhainní airgid thirim ach amháin, mar an rogha dheireanach atá aige, mura féidir leis an leachtacht is gá a ghiniúint trí bhearta eile bainistíochta airgid thirim gníomhaí a chur i ngníomh, lena n-áirítear, más gá, trí dhul ar iontaoibh maoinithe ghearrthéarmaigh ar mhargaí caipitil, chun a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáidí an Aontais i leith iasachtóirí in am trátha. Is iomchuí a fhoráil gur cheart don Choimisiún glaonna den sórt sin a fhógairt do na Ballstáit roimh ré mar is cuí agus gur cheart iad a dhéanamh pro rata go docht le hioncam buiséid measta gach Ballstáit, agus i gcás ar bith, agus iad a bheith teoranta don sciar atá acu den uasteorainn acmhainní dílse atá méadaithe go sealadach, arb ionann í agus 0,6 % de OIN na mBallstát. Mar sin féin, má mhainníonn Ballstát, go hiomlán nó i bpáirt, glao a chomhlíonadh in am, nó má thugann sé fógra don Choimisiún nach mbeidh sé in ann glao a chomhlíonadh, ba cheart an Coimisiún a údarú mar sin féin, ar bhonn sealadach, glaonna breise a dhéanamh ar Bhallstáit eile ar bhonn pro rata. Is iomchuí foráil a dhéanamh d’uasmhéid a fhéadfaidh an Coimisiún a ghlao go bliantúil ar Bhallstát. Táthar ag súil go gcuirfidh an Coimisiún na tograí is gá isteach chun go ndéanfar an caiteachas atá cumhdaithe ag méideanna na n-acmhainní airgid thirim a chuir na Ballstáit ar fáil go sealadach a iontráil i mbuiséad an Aontais chun a áirithiú go gcuirfear na hacmhainní sin san áireamh a luaithe is féidir chun acmhainní dílse ó na Ballstáit a chreidiúnú i gcuntais, i.e. i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme agus ar an gcaoi sin ar bhonn na n-eochracha OIN faoi seach, agus gan dochar d’acmhainní dílse eile ná d’ioncam eile.

(24)

Faoin gceathrú mír d’Airteagal 311 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh glacfar Rialachán ón gComhairle lena leagfar síos bearta cur chun feidhme do chóras acmhainní dílse an Aontais. Ba cheart forálacha de chineál ginearálta agus teicniúil a áireamh i mbearta den sórt sin, atá infheidhme maidir le gach catagóir d’acmhainní dílse. Ba cheart a áireamh ar na bearta sin rialacha mionsonraithe chun an comhardú a ríomh agus a bhuiséadú, chomh maith leis na forálacha agus na socruithe is gá chun bailiú acmhainní dílse a rialú agus a mhaoirsiú.

(25)

Níor cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm go dtí go bhformheasfaidh gach Ballstát é i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla féin, sa chaoi go n-urramófar go hiomlán an cheannasacht náisiúnta. Thug Comhairle Eorpach an 17 go 21 Iúil 2020 dá haire go bhfuil sé ar intinn ag na Ballstáit bogadh ar aghaidh le formheas an Chinnidh seo a luaithe is féidir.

(26)

Chun críocha comhsheasmhachta, leanúnachais agus deimhneachta dlíthiúla, is gá forálacha a leagan síos chun aistriú rianúil ón gcóras a tugadh isteach le Cinneadh 2014/335/AE, Euratom ón gComhairle (3) go dtí an ceann dá bhforáiltear leis an gCinneadh seo.

(27)

Ba cheart Cinneadh 2014/335/AE, Euratom a aisghairm.

(28)

Chun críocha an Chinnidh seo, ba cheart gach suim airgid a shloinneadh in euro.

(29)

De bharr an ghá atá ann iasachtaíocht a chumasú go práinneach d’fhonn bearta airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí ghéarchéim COVID-19 a mhaoiniú, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm an chéad lá den chéad mhí tar éis an ceann is déanaí de na fógraí maidir leis na nósanna imeachta a ghlacadh a bheith tugtha chun críche chun an Cinneadh seo.

(30)

Chun an t-aistriú go dtí an córas leasaithe acmhainní dílse a áirithiú agus chun go mbeidh an Cinneadh seo i gcomhthráth leis an mbliain airgeadais, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an gCinneadh seo rialacha maidir le leithdháileadh acmhainní dílse don Aontas chun maoiniú bhuiséad bliantúil an Aontais a áirithiú.

Airteagal 2

Catagóirí acmhainní dílse agus modhanna sonracha chun iad a ríomh

1.   Is acmhainní dílse, a iontrálfar i mbuiséad an Aontais, an t-ioncam astu seo a leanas:

(a)

acmhainní dílse traidisiúnta a chuimsíonn tobhaigh, préimheanna, suimeanna breise nó cúiteacha, suimeanna nó eilimintí breise, dleachtanna Comhtharaife Custaim agus dleachtanna eile atá bunaithe nó atá le bunú ag institiúidí an Aontais maidir le trádáil le tríú tíortha, dleachtanna custaim ar tháirgí faoin gConradh ag Bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach atá dulta in éag, mar aon le ranníocaíochtaí agus dleachtanna eile dá bhforáiltear faoi chreat chomheagrú na margaí siúcra;

(b)

glaoráta aonfhoirmeach 0,30 % a chur i bhfeidhm i gcás gach Ballstáit ar mhéid iomlán fháltais CBL a bhailítear i leith na soláthairtí inchánach uile roinnte ar mheánráta CBL ualaithe arna ríomh don bhliain féilire ábhartha mar a shonraítear é i Rialachán (CEE, Euratom) Uimh 1553/89 ón gComhairle (4). I gcás gach Ballstáit, ní bheidh bonn CBL a chuirfear san áireamh chun na críche sin os cionn 50 % de OIN;

(c)

glaoráta aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm ar mheáchan na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach a chruthaítear i ngach Ballstát nach ndéantar athchúrsáil uirthi. EUR 0,80 in aghaidh an chileagraim a bheidh sa ghlaoráta aonfhoirmeach. Beidh feidhm ag laghdú bliantúil ar chnapshuim do Bhallstáit áirithe faoi mar a shainítear é sa tríú fomhír de mhír 2;

(d)

glaoráta aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm, atá le cinneadh de bhun an nós imeachta bhuiséadaigh i bhfianaise iomlán na n-ioncam eile go léir, ar shuim OIN na mBallstát uile.

2.   Chun críocha phointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo, ciallóidh “plaisteach” polaiméir de réir bhrí phointe (5) d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), a bhféadfadh breiseáin nó substaintí eile a bheith curtha leis; beidh le “dramhaíl ó phacáistíocht” agus “athchúrsáil” an bhrí a shanntar do na téarmaí sin i bpointí (2) agus (2)(c) d’Airteagal 3 de Threoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) faoi seach, agus mar a úsáidtear iad i gCinneadh 2005/270/CE ón gCoimisiún (7).

Déanfar meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi a ríomh mar an difríocht idir meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach a ghintear i mBallstát in aon bhliain ar leith agus meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach a ndéantar athchúrsáil uirthi sa bhliain sin a chinneadh de bhun Threoir 94/62/CE.

Beidh na Ballstáit seo a leanas i dteideal laghduithe bliantúla ar chnapshuimeanna, arna sloinneadh i bpraghsanna reatha, a bheidh le cur i bhfeidhm ar a ranníocaíochtaí faoi seach faoi phointe (c) de mhír 1 arb éard atá iontu méid EUR 22 milliún don Bhulgáir, EUR 32,1876 milliún don tSeicia, EUR 4 mhilliún don Eastóin, EUR 33 milliún don Ghréig, EUR 142 milliún don Spáinn, EUR 13 mhilliún don Chróit, EUR 184,0480 milliún don Iodáil, EUR 3 mhilliún don Chipir, EUR 6 mhilliún don Laitvia, EUR 9 milliún don Liotuáin, EUR 30 milliún don Ungáir, EUR 1,4159 milliún do Mhálta, EUR 117 milliún don Pholainn, EUR 31,3220 milliún don Phortaingéil, EUR 60 milliún don Rómáin, EUR 6,2797 milliún don tSlóivéin agus EUR 17 milliún don tSlóvaic.

3.   Chun críocha phointe (d) de mhír 1, beidh feidhm ag an nglaoráta aonfhoirmeach maidir le OIN gach Ballstát.

Ciallaíonn OIN dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1, OIN bliantúil ag praghsanna an mhargaidh, de réir mar a sholáthraíonn an Coimisiún iad i gcur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 549/2013.

4.   Don tréimhse 2021-2027, bainfidh na Ballstáit seo a leanas leas as oll-laghdú ar a ranníocaíochtaí bliantúla bunaithe ar OIN faoi phointe (d) de mhír 1 arb é EUR 565 milliún don Ostair, EUR 377 milliún don Danmhairg, EUR 3 671 milliún don Ghearmáin, EUR 1 921 milliún don Ísiltír agus EUR 1 069 milliún don tSualainn, faoi seach. Déanfar na suimeanna sin a thomhas de réir phraghsanna 2020 agus déanfar iad a choigeartú do phraghsanna reatha trí chur i bhfeidhm díbhoilsceoir reatha OTI don Aontas a shloinntear in euro, mar a fhorálann an Coimisiún, agus a chuirtear ar fáil nuair a dhréachtaítear an dréachtbhuiséad. Maoineoidh gach Ballstát na holl-laghduithe sin.

5.   Mura nglacfar buiséad an Aontais ag tús na bliana airgeadais, beidh feidhm fós ag na sean-ghlaorátaí aonfhoirmeacha bunaithe ar OIN go dtí go dtiocfaidh na rátaí nua i bhfeidhm.

Airteagal 3

Uasteorainneacha na n-acmhainní dílse

1.   Maidir le méid iomlán na n-acmhainní dílse a leithdháiltear don Aontas chun leithreasuithe bliantúla faoi chomhair íocaíochtaí a chumhdach, ní sháróidh sé 1,40 % de shuim OIN na mBallstát uile.

2.   Maidir le méid iomlán bliantúil na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a iontráiltear i mbuiséad an Aontais, ní sháróidh sé 1,46 % de shuim OIN na mBallstát uile.

3.   Coinneofar cóimheas ordúil idir leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí chun a áirithiú go bhfuil siad ag teacht le chéile agus chun gur féidir an uasteorainn a leagtar amach i mír 1 a urramú sna blianta ina dhiaidh sin.

4.   I gcás ina mbeidh athruithe suntasacha ar leibhéal OIN mar thoradh ar leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 549/2013, déanfaidh an Coimisiún athríomh ar na huasteorainneacha a leagtar amach i mír 1 agus mír 2, mar a méadaíodh go sealadach iad i gcomhréir le hAirteagal 6, ar bhonn na foirmle seo a leanas:

Image 1

i gcás inar fíor an méid seo a leanas:

tagraíonn “x %” d’uasteorainn na n-acmhainní dílse le haghaidh leithreasuithe íocaíochta,

tagraíonn “y %” d’uasteorainn na n-acmhainní dílse le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas,

is é “t” an bhliain iomlán is déanaí dá bhfuil na sonraí arna sainiú i Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) ar fáil,

is é “ESA” an córas Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach.

Airteagal 4

Úsáid cistí a fhaightear ar iasacht ar mhargaí caipitil

Ní úsáidfidh an tAontas cistí a fhaightear ar iasacht ar mhargaí caipitil chun caiteachas oibríochtúil a mhaoiniú.

Airteagal 5

Meáin bhreise urghnácha shealadacha chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí ghéarchéim COVID-19

1.   Chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí ghéarchéim COVID-19 tríd an Rialachán ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim de chuid an Aontais Eorpaigh um Théarnamh agus tríd an reachtaíocht earnála dá dtagraítear inti, agus chun na críche sin amháin:

(a)

tabharfar de chumhacht don Choimisiún cistí a fháil ar iasacht ar mhargaí caipitil thar ceann an Aontais suas go dtí méid EUR 750 000 milliún i bpraghsanna 2018. Is in euro a dhéanfar na hoibríochtaí chun iasacht a fháil;

(b)

suas go dtí méid EUR 360 000 milliún i bpraghsanna 2018 de na cistí a fhaightear ar iasacht, féadfar iad a úsáid le haghaidh iasachtaí a chur ar fáil agus, de mhaolú ar Airteagal 4, suas go dtí méid EUR 390 000 milliún i bpraghsanna 2018 de na cistí a fhaightear ar iasacht, féadfar iad a úsáid le haghaidh caiteachais.

Déanfar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír a choigeartú ar bhonn díbhoilsceora sheasta 2 % in aghaidh na bliana. Gach bliain, cuirfidh an Coimisiún in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an méid arna choigeartú amhlaidh.

Déanfaidh an Coimisiún an iasacht dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír a bhainistiú ionas nach ndéanfar aon ghlaniasachtaíocht nua tar éis 2026.

2.   Is as buiséad an Aontais a aisíocfar príomhshuim na gcistí a fhaightear ar iasacht atá le húsáid le haghaidh caiteachais dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo agus le haghaidh an úis ghaolmhair dhlite. Féadfar na gealltanais bhuiséadacha thar roinnt blianta a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla i gcomhréir le hAirteagal 112(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

Leagfar amach sceideal aisíocaíochta na gcistí dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, chun laghdú seasta intuartha ar dhliteanais a áirithiú. Tosóidh aisíocaíochtaí phríomhshuim na gcistí roimh dheireadh thréimhse CAI 2021-2027, le méid íosta, a mhéid a cheadaítear é le méideanna nár úsáideadh in íocaíochtaí úis atá dlite faoin iasacht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ag féachaint go cuí don nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 314 CFAE. Déanfar na dliteanais uile a thabhaítear de bharr chumhachtú eisceachtúil agus sealadach an Choimisiúin cistí a fháil ar iasacht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a aisíoc go hiomlán faoin 31 Nollaig 2058 ar a dhéanaí.

Na méideanna atá dlite don Aontas i mbliain ar leith chun príomhshuim na gcístí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a aisíoc, ní rachaidh siad thar 7,5 % den uasmhéid a úsáidfear do chaiteachas, dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1.

3.   Bunóidh an Coimisiún na socruithe is gá ar mhaithe leis na hoibríochtaí chun iasacht a fháil a riar. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta agus go cuimsitheach faoi gach gné dá straitéis bainistithe fiachais. Bunóidh an Coimisiún féilire eisiúna ina mbeidh na dátaí eisiúna agus na méideanna a bhfuiltear ag súil leo don bhliain atá le teacht chomh maith le plean ina leagfar amach na híocaíochtaí príomhshuime agus úis a bhfuiltear ag súil leo agus cuirfidh sé sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Tabharfaidh an Coimisiún an féilire sin cothrom le dáta go rialta.

Airteagal 6

Méadú urghnách sealadach ar uasteorainneacha na n-acmhainní dílse chun na hacmhainní is gá chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí ghéarchéim COVID-19 a leithdháileadh

Na huasmhéideanna a leagtar amach in Airteagal 3(1) agus (2), déanfar gach ceann díobh a mhéadú 0,6 pointe céatadáin go sealadach chun dliteanais uile an Aontais a eascraíonn as an iasacht dá dtagraítear in Airteagal 5 a chumhdach, agus chuige sin amháin, go dtí go scoirfidh na dliteanais uile den sórt sin de bheith ann, agus faoin 31 Nollaig 2058 ar a dhéanaí.

Ní úsáidfear an méadú ar uasteorainneacha na n-acmhainní dílse chun aon dliteanas eile de chuid an Aontais a chumhdach.

Airteagal 7

Prionsabal na huilíochta

Úsáidfear an t-ioncam dá dtagraítear in Airteagal 2 chun an caiteachas ar fad a iontráiltear i mbuiséad bliantúil an Aontais a mhaoiniú, gan idirdhealú.

Airteagal 8

Barrachas a thabhairt anonn

Déanfar aon bharrachas in ioncam an Aontais de bhreis ar an gcaiteachas iomlán iarbhír le linn bliain airgeadais a thabhairt anonn go dtí an bhliain airgeadais ina diaidh sin.

Airteagal 9

Acmhainní dílse a bhailiú agus a chur ar fáil don Choimisiún

1.   Baileoidh na Ballstáit na hacmhainní dílse dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta a fhorchuirtear le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh na Ballstáit na forálacha sin a oiriúnú chun na ceanglais a bhaineann le rialacha an Aontais a chomhlíonadh.

Scrúdóidh an Coimisiún na forálacha náisiúnta ábhartha a bheidh curtha in iúl dó ag na Ballstáit, cuirfidh sé ar aghaidh chuig na Ballstáit na coigeartuithe a mheasfaidh sé a bheidh riachtanach d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad rialacha an Aontais agus tuairisceoidh sé, nuair is iomchuí, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Coinneoidh na Ballstáit 25 % de na méideanna, dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(1), mar chostais bhailiúcháin.

3.   Cuirfidh na Ballstáit na hacmhainní dílse dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) den Chinneadh seo ar fáil don Choimisiún, i gcomhréir le rialacháin arna nglacadh faoi Airteagal 322(2) CFAE.

4.   Gan dochar d’Airteagal 14(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle (10), i gcás nach leor na leithreasuithe údaraithe a iontráiltear i mbuiséad an Aontais chun gur féidir leis an Aontas a oibleagáidí a eascraíonn as iasacht a fháil dá dtagraítear in Airteagal 5 den Chinneadh seo a chomhlíonadh, agus nach féidir leis an gCoimisiún an leachtacht is gá a ghiniúint trí bhearta eile dá bhforáiltear sna socruithe airgeadais is infheidhme maidir leis an iasacht sin a chur i ngníomh in am chun comhlíonadh oibleagáidí an Aontais a áirithiú, lena n-áirítear trí bhainistiú gníomhach airgid thirim, agus más gá, trí dhul ar iontaoibh maoiniú gearrthéarmach ar na margaí caipitil a bheidh comhsheasmhach leis na coinníollacha agus na teorainneacha a leagtar amach i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 5(1) agus Airteagal 5(2) den Chinneadh seo, déanfaidh na Ballstáit, mar rogha dheireanach an Choimisiúin, na hacmhainní is gá chun na críche sin a chur ar fáil don Choimisiún. Sna cásanna sin, beidh feidhm ag míreanna 5 go 9 den Airteagal seo de mhaolú ar Airteagal 14(3) agus ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 14(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.

5.   Faoi réir an dara fomhír d’Airteagal 14(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar na Ballstáit, i gcomhréir (“pro rata”) leis an ioncam buiséid measta ó gach ceann acu, an difear idir na sócmhainní foriomlána agus na ceanglais acmhainní airgid a chur ar fáil go sealadach. Fógróidh an Coimisiún na glaonna sin do na Ballstáit go cuí roimh ré. Bunóidh an Coimisiún idirphlé struchtúrtha le hoifigí náisiúnta um bainistíocht fiachais agus le státchistí náisiúnta maidir lena sceidil eisiúna agus aisíocaíochta.

I gcás ina dteipfidh ar Bhallstát, go hiomlán nó i bpáirt, glao a chomhlíonadh in am, nó i gcás ina gcuirfidh sé in iúl don Choimisiún nach mbeidh sé in ann an glao sin a chomhlíonadh, beidh sé de cheart ag an gCoimisiún go sealadach glaonna breise a dhéanamh ar na Ballstáit eile chun an chuid a fhreagraíonn don Bhallstát lena mbaineann a chumhdach. Déanfar na glaonna sin pro rata leis an ioncam buiséid measta ó gach ceann de na Ballstáit eile. An Ballstát ar theip air an glao a chomhlíonadh, leanfaidh sé de bheith faoi dhliteanas é a chomhlíonadh.

6.   Beidh uasmhéid iomlán bliantúil na n-acmhainní airgid a fhéadfar a ghlao ar Bhallstát faoi mhír 5 teoranta, i ngach imthoisc, dá sciar coibhneasta bunaithe ar OIN sa mhéadú urghnách sealadach ar uasteorainn na n-acmhainní dílse dá dtagraítear in Airteagal 6. Chun na críche sin, déanfar an sciar coibhneasta bunaithe ar OIN a ríomh mar sciar iomlán OIN an Aontais, de réir an cholúin ar leith sa chuid ioncaim de bhuiséad bliantúil an Aontais a is déanaí a glacadh.

7.   Cúiteofar aon soláthar d’acmhainní airgid thirim de bhun mhíreanna 5 agus 6 gan mhoill i gcomhréir leis an gcreat dlí is infheidhme do bhuiséad an Aontais.

8.   Déanfar an caiteachas a chumhdaítear leis na méideanna acmhainní airgid arna dtarraingt anuas i gcomhréir le mír 5 a iontráil i mbuiséad an Aontais gan mhoill chun a áirithiú go gcuirfear an t-ioncam gaolmhar san áireamh a luaithe is féidir chun acmhainní dílse na mBallstát a chur do shochar na gcuntas i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.

9.   Ar bhonn bliantúil, ní bheidh mar thoradh ar chur i bhfeidhm mhír 5 go ndéanfar glaonna ar acmhainní airgid thirim sa bhreis ar na huasteorainneacha le haghaidh acmhainní dílse dá dtagraítear in Airteagal 3, faoi mar a mhéadaítear iad i gcomhréir le hAirteagal 6.

Airteagal 10

Bearta cur chun feidhme

Leagfaidh an Chomhairle síos bearta cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa cheathrú mír d’Airteagal 311 CFAE a mhéid a bhaineann leis na gnéithe seo a leanas de chóras acmhainní dílse an Aontais:

(a)

an nós imeachta le haghaidh ríomh agus bhuiséadú an chomhardaithe bhuiséadaigh bhliantúil faoi mar a leagtar amach in Airteagal 8 é;

(b)

na forálacha agus na socruithe is gá chun rialú agus maoirseacht a dhéanamh ar bhailiú na n-acmhainní dílse dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus aon cheanglais tuairiscithe ábhartha.

Airteagal 11

Forálacha críochnaitheacha agus idirthréimhseacha

1.   Faoi réir mhír 2, aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom. Maidir le haon tagairtí do Chinneadh 70/243/CEGC, CEE, Euratom ón gComhairle (11), do Chinneadh 85/257/CEE, Euratom ón gComhairle (12), do Chinneadh 88/376/CEE, Euratom ón gComhairle (13) , do Chinneadh 94/728/CE, Euratom ón gComhairle (14)„ do Chinneadh 2000/597/CE, Euratom ón gComhairle (15), do Chinneadh 2007/436/CE, Euratom (16) ón gComhairle nó do Chinneadh 2014/335/AE, Euratom, déanfar iad a fhorléiriú mar thagairtí don Chinneadh seo; léifear tagairtí don Chinneadh aisghairthe i gcomhréir leis an tábla comhghaoil san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

2.   Leanfaidh Airteagail 2, 4 agus 5 de Chinneadh 94/728/CE, Euratom, ag Airteagail 2, 4 agus 5 de Chinneadh 2000/597/CE, Euratom, ag Airteagail 2, 4 agus 5 de Chinneadh 2007/436/CE, Euratom agus ag Airteagail 2, 4, agus 5 de Chinneadh 2014/335/AE, Euratom d’fheidhm a bheith acu maidir le ríomh agus coigeartú ioncaim a fhabhraíonn ón nglaoráta a chur i bhfeidhm ar bhonn CBL a chinnfear ar bhealach aonfhoirmeach agus a theorannófar ag idir 50 % agus 55 % de OTN nó OIN gach Ballstáit, ag brath ar an mbliain ábhartha, agus maidir le ríomh cheartúchán na míchothromaíochtaí buiséadacha a deonaíodh don Ríocht Aontaithe sna blianta 1995 go 2020 agus le ríomh mhaoiniú na gceartúchán a dheonaigh na Ballstáit eile don Ríocht Aontaithe.

3.   Leanfaidh na Ballstáit de 10 % de na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) a choinneáil, mar chostais bhailiúcháin, méideanna ar cheart a bheith curtha ar fáil ag na Ballstáit roimh an 28 Feabhra 2001 i gcomhréir le rialacha is infheidhme an Aontais.

4.   Leanfaidh na Ballstáit de 25 % de na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) a choinneáil, mar chostais bhailiúcháin, méideanna ar cheart a bheith curtha ar fáil ag na Ballstáit idir an 1 Márta 2001 agus an 28 Feabhra 2014 i gcomhréir le rialacha is infheidhme an Aontais.

5.   Leanfaidh na Ballstáit de 20 % de na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) a choinneáil, mar chostais bhailiúcháin, méideanna ar cheart a bheith curtha ar fáil ag na Ballstáit idir an 1 Márta 2014 agus an 28 Feabhra 2021 i gcomhréir le rialacha is infheidhme an Aontais.

6.   Chun críocha an Chinnidh seo, sloinnfear gach méid airgid i bhfoirm euro.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

Tabharfaidh Ardrúnaí na Comhairle fógra do na Ballstáit maidir leis an gCinneadh seo.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill d’Ardrúnaí na Comhairle faoi chur i gcrích na nósanna imeachta maidir leis an gCinneadh seo a ghlacadh i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla féin.

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an chéad lá den chéad mhí tar éis an ceann deiridh de na fógraí dá dtagraítear sa dara mír a fháil.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 13

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Tuairim an 16 Meán Fómhair 2020 nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le córas Eorpach na gcuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO L 174, 26.6.2013, lch. 1).

(3)  Cinneadh 2014/335/AE, Euratom ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (IO L 168, 7.6.2014, lch. 105).

(4)  Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 an 29 Bealtaine 1989 maidir le socruithe aonfhoirmeacha cinntitheacha chun acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a bhailiú (IO L 155, 7.6.1989, lch. 9).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch, 1).

(6)  Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 365, 31.12.1994, lch. 10).

(7)  Cinneadh 2005/270/CE ón gCoimisiún an 22 Márta 2005 lena mbunaítear na formáidí a bhaineann leis an gcóras bunachair sonraí de bhun Threoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 86, 5.4.2005, lch. 6).

(8)  Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh agus lena n-aisghairtear Treoir 89/130/CEE, Euratom ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003 ón gComhairle (Rialachán OIN) (IO L 91, 29.3.2019, lch. 19).

(9)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun acmhainní dílse traidisiúnta, CBL agus OTI-bhunaithe a chur ar fáil agus maidir leis na bearta chun riachtanais airgid thirim a chomhlíonadh (IO L 168, 7.6.2014, lch. 39).

(11)  Cinneadh 70/243/CEGC, CEE, Euratom ón gComhairle an 21 Aibreán 1970 maidir le hacmhainní dílse na gComhphobal a chur in ionad ranníocaíochtaí airgeadais ó na Ballstáit (IO L 94, 28.4.1970, lch. 19).

(12)  Cinneadh 85/257/CEE, Euratom ón gComhairle an 7 Bealtaine 1985 maidir le córas acmhainní dílse na gComhphobal (IO L 128, 14.5.1985, lch. 15).

(13)  Cinneadh 88/376/CEE, Euratom ón gComhairle an 24 Meitheamh 1988 maidir le córas acmhainní dílse na gComhphobal (IO L 185, 15.7.1988, lch. 24).

(14)  Cinneadh 94/728/CE, Euratom ón gComhairle an 31 Deireadh Fómhair 1994 maidir le córas acmhainní dílse na gComhphobal Eorpach (IO L 293, 12.11.1994, lch. 9).

(15)  Cinneadh 2000/597/CE, Euratom ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2000 maidir le córas acmhainní dílse na gComhphobal Eorpach (IO L 253, 7.10.2000, lch. 42).

(16)  Cinneadh 2007/436/CE, Euratom ón gComhairle an 7 Meitheamh 2007 maidir le córas acmhainní dílse na gComhphobal Eorpach (IO L 163, 23.6.2007, lch. 17).


IARSCRÍBHINN

TÁBLA COMHGHAOIL

Cinneadh 2014/335/AE, Euratom

An Cinneadh seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2(1)(a)

Airteagal 2(1)(a)

Airteagal 2(1)(b)

Airteagal 2(1)(b)

-

Airteagal 2(1)(c)

Airteagal 2(1)(c)

Airteagal 2(1)(d)

Airteagal 2(2)

-

-

Airteagal 2(2)

Airteagal 2(3)

Airteagal 9(2)

Airteagal 2(4)

Airteagal 2(1)(b)

Airteagal 2(5)

Airteagal 2(3), an chéad fhomhír agus Airteagal 2(4)

Airteagal 2(6)

Airteagal 2(5)

Airteagal 2(7)

Airteagal 2(3), an dara fomhír agus Airteagal 3(4)

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(2) agus (3)

Airteagal 3(3)

-

Airteagal 3(4)

Airteagal 3(4)

Airteagal 4

-

-

Airteagal 4

Airteagal 5

-

-

Airteagal 5

-

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 8(1)

Airteagal 9(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 9(3)

-

Airteagal 9(4) go (9)

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 10(1)

Airteagal 11(1)

Airteagal 10(2)

Airteagal 11(2)

Airteagal 10(3)

Airteagal 11(3)

Airteagal 10(3) an dara fomhír

Airteagal 11(4)

-

Airteagal 11(5)

Airteagal 10(4)

Airteagal 11(6)

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 12

-

-

Airteagal 13