7.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 410/13


CINNEADH (CBES) 2020/1999 ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Nollaig 2020

maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine agus tá sé tiomanta na luachanna sin a chosaint, ar luachanna iad a bhfuil ról lárnach acu chun an tsíocháin agus an tslándáil inbhuanaithe a áirithiú mar bhunchlocha a ghníomhaíochta seachtraí.

(2)

Is cearta iad na cearta daonna atá uilíoch, doroinnte, idirspleách agus idirghaolmhar. Is ar na Stáit atá an phríomhfhreagracht cearta an duine a urramú, a chosaint agus a chomhlíonadh, lena n-áirítear comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine a áirithiú. Is cúis mhór imní i gcónaí iad na sáruithe agus mí-úsáidí ar chearta an duine ar fud an domhain, lena n-áirítear rannpháirtíocht shuntasach na ngníomhaithe neamhstáit i sáruithe ar chearta an duine ar fud an domhain chomh maith le déine roinnt mhaith de na gníomhartha sin. Sáraíonn gníomhartha den sórt sin prionsabail ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus is bagairt iad ar chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21(1) agus (2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

(3)

An 9 Nollaig 2019, ba dhíol sásaimh don Chomhairle gur sheol Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) obair ullmhúcháin chun córas an Aontais a bhunú ina mbeidh raon feidhme ginearálta do bhearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine.

(4)

Bunaítear leis an gCinneadh seo creat le haghaidh bearta sriantacha spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine ar fud an domhain. I ndáil leis sin, leagann an Chomhairle béim ar a thábhachtaí atá an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an idirghníomhaíocht idir an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta gach uair a bhíonn cur i bhfeidhm beart sriantach spriocdhírithe faoin gCinneadh seo á mheas. Ní dhéanann an Cinneadh seo difear do chur chun feidhme cinntí eile ón gComhairle atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála lena mbunaítear bearta sriantacha i bhfianaise na staide i dtríú tíortha áirithe, agus lena dtéitear i ngleic le sáruithe nó mí-úsáidí chearta an duine.

(5)

Saothróidh bearta sriantacha spriocdhírithe den sórt sin cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 CAE iad, agus rannchuideoidh siad le gníomhaíocht an Aontais chun an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta a chomhdhlúthú agus tacú leo i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 21(2) CAE. Beidh cur chun feidhme na mbeart sriantach spriocdhírithe sin comhsheasmhach le straitéis fhoriomlán an Aontais sa réimse seo agus cuirfidh siad le cumas an Aontais urraim do chearta an duine a chur chun cinn.

(6)

Tá gníomhaíocht bhreise ón Aontas riachtanach chun bearta áirithe a chur chun feidhme,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Bunaítear leis an gCinneadh seo creat le haghaidh bearta sriantacha spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine ar fud an domhain. Tá feidhm aige maidir le:

(a)

cinedhíothú;

(b)

coireanna in aghaidh an chine dhaonna;

(c)

na sáruithe nó na mí-úsáidí tromchúiseacha seo a leanas:

(i)

céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach,

(ii)

sclábhaíocht,

(iii)

básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomair nó treallacha,

(iv)

daoine a fhuadaítear,

(v)

gabháil agus coinneáil threallach;

(d)

Sáruithe nó mí-úsáidí eile chearta an duine, lena n-áirítear iad seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh, a mhéid a bhíonn na sáruithe nó na mí-úsáidí sin forleathan, córasach nó ina gcúis imní thromchúiseach ar bhealach eile maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a leagtar amach in Airteagal 21 CAE:

(i)

gáinneáil ar dhaoine, chomh maith le sáruithe chearta an duine a dhéanann smuigléirí imirceach dá dtagraítear san Airteagal seo,

(ii)

foréigean gnéis agus inscnebhunaithe,

(iii)

sáruithe nó mí-úsáidí saoirse comhthionóil shíochánta agus comhlachais,

(iv)

sáruithe nó mí-úsáidí saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh,

(v)

sáruithe nó mí-úsáidí saoirse reiligiúin nó creidimh.

2.   Chun críocha mhír 1 a chur i bhfeidhm, ba cheart aird a thabhairt ar dhlí idirnáisiúnta an ghnáis agus ar ionstraimí dlí idirnáisiúnta a bhfuil glacadh leo go forleathan, amhail:

(a)

an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla;

(b)

an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha;

(c)

an Coinbhinsiún maidir le Coir an Chinedhíothaithe a Chosc agus a Phionósú,

(d)

an Coinbhinsiún in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach;

(e)

an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú;

(f)

an Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh Ban a Dhíothú;

(g)

an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh;

(h)

an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir leis an Uile Dhuine a Chosaint ón bhFuadach;

(i)

an Coinbhinsiún ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas;

(j)

Prótacal chun Gáinneáil ar Dhaoine, go háirithe ar Mhná agus ar Leanaí, a Chosc, a Chur faoi chois agus Pionós a ghearradh ina leith, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta;

(k)

Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta;

(l)

an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.

3.   Chun críocha an Chinnidh seo, féadfar na páirtithe seo a leanas a áireamh mar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí:

(a)

Gníomhaithe stáit;

(b)

gníomhaithe eile a bhfuil rialú nó údarás éifeachtach á fheidhmiú ar chríoch acu;

(c)

gníomhaithe neamhstáit eile.

4.   Agus an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn maidir le gníomhaithe neamhstáit eile á bhunú nó á leasú faoi phointe (c) de mhír 3, cuirfidh an Chomhairle na gnéithe sonracha seo a leanas go háirithe san áireamh:

(a)

cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 CAE; agus

(b)

tromchúis agus/nó tionchar na mí-úsáidí.

Airteagal 2

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun teacht isteach ina gcríocha, nó idirthuras trína gcríocha, a chosc i leith na ndaoine seo a leanas:

(a)

daoine nádúrtha atá freagrach as gníomhartha a leagtar amach in Airteagal 1(1);

(b)

daoine nádúrtha a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais, theicniúil, nó ábhartha nó a bhfuil baint acu ar bhealach eile leis na gníomhartha a leagtar amach in Airteagal 1(1), lena n-áirítear trí na gníomhartha sin a phleanáil, a threorú, a ullmhú, a éascú, a spreagadh nó cúnamh a thabhairt ina leith;

(c)

daoine nádúrtha a bhfuil baint acu leis na daoine a chumhdaítear faoi pointí (a) agus

mar a liostaítear san Iarscríbhinn.

2.   Ní chuirfear de cheangal le mír 1 ar aon Bhallstát teacht isteach chuig a chríoch féin a dhiúltú dá náisiúnaigh féin.

3.   I gcás ina mbeidh Ballstát faoi cheangal ag oibleagáid faoin dlí idirnáisiúnta, beidh mír 1 gan dochar don chás sin, eadhon:

(a)

mar thír óstach ar eagraíocht idir-rialtasach idirnáisiúnta;

(b)

mar thír óstach ar chomhdháil idirnáisiúnta a bheidh á tionól ag na Náisiúin Aontaithe nó atá faoina gcoimirce;

(c)

faoi chomhaontú iltaobhach lena dtugtar pribhléidí agus díolúintí; nó

(d)

de bhun Chonradh Idir-réitigh 1929 (Comhaontú na Lataráine) a tugadh i gcrích idir an Suí Naofa (Stát Chathair na Vatacáine) agus an Iodáil.

4.   Measfar go mbeidh feidhm ag mír 3 freisin i gcásanna ina bhfuil an Ballstát ina thír óstach de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE).

5.   Cuirfear an Chomhairle ar an eolas go cuí faoi gach cás ina dtugann an Ballstát díolúine de bhun mhír 3 nó 4.

6.   Féadfaidh na Ballstáit díolúintí ó na bearta a forchuireadh a dheonú faoi mhír 1 i gcás ina bhfuil údar leis ar fhorais an riachtanais dhaonnachtúil phráinnigh, nó ar fhorais go bhfuiltear ag freastal ar chruinnithe idir-rialtasacha nó ar chruinnithe atá á gcur chun cinn ag an Aontas nó á n-óstáil aige, nó atá á n-óstáil ag Ballstát a bhfuil Cathaoirleacht aige ar oifig ESCE, i gcás ina reáchtáiltear idirphlé polaitiúil a chuireann cuspóirí beartais na mbeart sriantach chun cinn go díreach, lena n-áirítear deireadh a chur le sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine agus ar chearta an duine a chur chun cinn.

7.   Féadfaidh na Ballstáit díolúintí ó na bearta a forchuireadh a dheonú faoi mhír 1 más amhlaidh go bhfuil gá le teacht isteach nó le hidirthuras chun próiseas breithiúnach a chomhlíonadh.

8.   Tabharfaidh aon Bhallstát ar mian leis díolúintí a dheonú dá dtagraítear i mír 6 nó 7 fógra don Chomhairle i scríbhinn ina leith. Measfar an díolúine sin a bheith deonaithe mura ndéanfaidh comhalta amháin nó níos mó de chomhaltaí na Comhairle agóid i scríbhinn laistigh de 2 lá oibre tar éis fógra a fháil faoin díolúine atá beartaithe. Má dhéanann comhalta amháin den Chomhairle nó níos mó agóid, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh an díolúine atá beartaithe a dheonú.

9.   I gcás, de bhun mhír 3, 4, 6, 7 nó 8, ina n-údaraíonn Ballstát teacht isteach ina gcríocha, nó idirthuras trína gcríocha do dhaoine a liostaítear san Iarscríbhinn, beidh an t-údarú teoranta go docht don chuspóir ar chuige sin a thugtar é agus do na daoine lena mbaineann sin go díreach.

Airteagal 3

1.   Cistí agus acmhainní eacnamaíocha ar leis, ar i seilbh nó ar faoi rialú iad seo a leanas iad:

(a)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, atá freagrach as gníomhartha a leagtar amach in Airteagal 1(1);

(b)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais, theicniúil, nó ábhartha nó a bhfuil baint acu ar bhealach eile leis na gníomhartha a leagtar amach in Airteagal 1(1), lena n-áirítear trí na gníomhartha sin a phleanáil, a threorú, a ullmhú, a éascú, a spreagadh nó cúnamh a thabhairt ina leith;

(c)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, a bhaineann leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a chumhdaítear faoi phointí (a) agus (b);

mar a liostaítear san Iarscríbhinn, déanfar iad a reo.

2.   Ní chuirfear aon chistí ná acmhainní eacnamaíocha ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis, ná do chomhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn, ná ní chuirfear ar fáil iad do thairbhe iad sin.

3.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur mar a leanas atá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:

(a)

go bhfuil gá leo chun bunriachtanais na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn a chomhlíonadh, agus baill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

(b)

go bhfuil siad ceaptha chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc nó costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

(c)

go bhfuil siad ceaptha chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;

(d)

gur riachtanach iad i gcás costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil ábhartha d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún maidir leis an bhforas ar a measann sé gur cheart údarú sonrach a dheonú, 2 sheachtain, ar a laghad, roimh an údarú; nó

(e)

go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas misin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta nó ón gcuntas sin a bhfuil díolúintí aige i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo.

4.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 a liostú san Iarscríbhinn, nó go bhfuil sé faoi réir cinneadh dlí nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;

(b)

ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh den sórt sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

(c)

ní chun leas duine nádúrtha ná dlítheanach, eintitis ná comhlachta a liostaítear san Iarscríbhinn é an cinneadh; agus

(d)

níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo.

5.   Ní chuirfidh de chosc le mír 1 ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ar eintiteas nó ar chomhlacht atá liostaithe san Iarscríbhinn, íocaíocht a dhéanamh atá dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a rinneadh, nó faoi oibleagáid a tháinig chun cinn, roimh an dáta a liostaíodh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin san Iarscríbhinn sin, ar choinníoll gur chinn an Ballstát lena mbaineann nach bhfaighidh duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht, go díreach nó go hindíreach.

6.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir le breiseanna mar a leanas arna gcur le cuntais reoite:

(a)

ús nó tuillimh eile ar na cuntais sin;

(b)

íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta ar tháinig na cuntais sin le bheith faoi réir na mbearta dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2; nó

(c)

íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh san Aontas nó is infhorghníomhaithe sa Bhallstát lena mbaineann, ar choinníoll go bhfanfaidh aon ús, tuilleamh agus íocaíochtaí den sórt sin faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i mír 1.

Airteagal 4

1.   De mhaolú ar Airteagal 3(1) agus (2), féadfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun críoch daonnúil, amhail seachadadh an chúnaimh a chur ar fáil nó a éascú, lena n-áirítear soláthairtí leighis, bia, nó aistriú na n-oibrithe daonnúla agus cúnamh gaolmhar nó le haghaidh aslonnuithe.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údaruithe arna ndeonú faoin Airteagal seo laistigh de 4 seachtaine ón údarú.

Airteagal 5

1.   Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aontoil ar thogra ó Bhallstát nó ón Ardionadaí, an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a bhunú agus a leasú.

2.   Déanfaidh an Chomhairle na cinntí dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear na forais leis an liostú, a chur in iúl go díreach don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht lena mbaineann más eol an seoladh, nó trí fhógra a fhoilsiú, trína dtabharfar deis don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlachta sin barúlacha a thíolacadh.

3.   I gcás ina dtíolacfar barúlacha, nó i gcás ina dtíolacfar fianaise shubstaintiúil nua, athbhreithneoidh an Chomhairle na cinntí dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfidh sí an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann ar an eolas dá réir sin.

Airteagal 6

1.   Áireofar san Iarscríbhinn na forais chun na daoine nádúrtha agus dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 a liostú.

2.   Beidh san Iarscríbhinn, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha agus ailiasanna; dáta breithe agus áit bhreithe; náisiúntacht; uimhreacha pas agus cárta aitheantais; inscne; seoladh, más eol; agus feidhm nó gairm. Maidir le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, féadfaidh an méid a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha; áit agus dáta clárúcháin; uimhir chlárúcháin; agus áit ghnó.

Airteagal 7

1.   Próiseálfaidh an Chomhairle agus an tArdionadaí sonraí pearsanta chun a gcúraimí faoin gCinneadh seo a chur i gcrích, go háirithe:

(a)

maidir leis an gComhairle, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú agus a dhéanamh;

(b)

maidir leis an Ardionadaí, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú.

2.   Maidir le sonraí ábhartha a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe agus le ciontuithe coiriúla nó bearta slándála a bhaineann leis na daoine sin, ní fhéadfaidh an Chomhairle ná an tArdionadaí iad a phróiseáil, i gcás inarb infheidhme, ach amháin a mhéid is gá an phróiseáil sin chun an Iarscríbhinn a ullmhú.

3.   Chun críocha an Chinnidh seo, ainmnítear an Chomhairle agus an tArdionadaí mar “rialaitheoir” de réir bhrí phointe (8) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), chun a áirithiú gur féidir leis na daoine nádúrtha lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 8

Ní shásófar aon éileamh i ndáil le haon chonradh ná idirbheart a ndearnadh difear dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin gCinneadh seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht ná aon éileamh eile den sórt sin, amhail éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna nó ar ráthaíocht nó ar shlánaíocht nó iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é gur ceann de na páirtithe seo a leanas a dhéanann an t-éileamh:

(a)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí arna n-ainmniú, a liostaítear san Iarscríbhinn;

(b)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó ceann amháin de na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a).

Airteagal 9

D’fhonn tionchar na mbeart a leagtar amach sa Chinneadh seo a uasmhéadú, spreagfaidh an tAontas tríú Stáit chun bearta sriantacha a ghlacadh cosúil leis na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo.

Airteagal 10

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 8 Nollaig 2023 agus coinneofar faoi shíor-athbhreithniú é. Beidh feidhm ag na bearta a leagtar amach in Airteagail 2 agus 3 a mhéid a bhaineann le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis, agus comhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn go dtí 8 Nollaig 2021.

Airteagal 11

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

Liosta de na daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3

A.

Daoine nádúrtha

B.

Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí