26.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 356/5


CINNEADH (AE) 2020/1544. Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Cinneadh 2003/17/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coibhéis cigireachtaí allamuigh arna ndéanamh san Úcráin ar bharra táirgthe síolta agus ar choibhéis síolta gránach arna dtáirgeadh san Úcráin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Cinneadh 2003/17/CE (3) ón gComhairle go ndéanfar, faoi imthosca áirithe, cigireachtaí allamuigh arna ndéanamh ar bharra áirithe táirgthe síolta sna tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gCinneadh sin a mheas mar chigireachtaí is coibhéiseach leo siúd arna ndéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais agus go ndéanfar, faoi imthosca áirithe, an síol arna tháirgeadh ag speicis áirithe ghránach, arna tháirgeadh sna tríú tíortha sin, a mheas mar shíol is coibhéiseach le síol arna tháirgeadh i gcomhréir le dlí an Aontais.

(2)

Chuir an Úcráin iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin chun go ndeonófaí coibhéis dá córas cigireachtaí allamuigh ar bharra táirgthe síolta gránach agus ar shíolta gránach arna dtáirgeadh agus arna ndeimhniú san Úcráin.

(3)

Scrúdaigh an Coimisiún reachtaíocht ábhartha na hÚcráine agus, ar bhonn iniúchadh a rinneadh in 2015 ar chóras na rialuithe oifigiúla agus an deimhnithe ar shíolta gránach san Úcráin, agus ar choibhéis na reachtaíochta sin le ceanglais an Aontais, d’fhoilsigh sé a chuid torthaí i dtuarascáil dar teideal “An tuarascáil chríochnaitheach maidir le hiniúchadh a rinneadh san Úcráin idir 26 Bealtaine 2015 agus 4 Meitheamh 2015 d’fhonn meastóireacht a dhéanamh ar chóras na rialuithe oifigiúla agus an deimhnithe ar shíolta gránach, mar aon lena gcoibhéis le ceanglais an Aontais Eorpaigh”.

(4)

Tar éis an iniúchta sin, thángthas ar an dtátal go ndéantar cigireachtaí allamuigh ar bharra táirgthe síolta, mar aon le sampláil, tástáil agus iar-rialuithe oifigiúla ar shíol gránach go hiomchuí, agus go sásaíonn an méid sin na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2003/17/CE mar aon leis na ceanglais faoi seach a leagtar amach i dTreoir 66/402/CEE ón gComhairle (4). Anuas air sin, thángthas ar an dtátal go bhfuil na húdaráis náisiúnta atá freagrach as deimhniú síolta a chur chun feidhme san Úcráin inniúil agus ag cuí-fheidhmiú.

(5)

Dá bhrí sin, is iomchuí coibhéis a dheonú a mhéid a bhaineann le cigireachtaí allamuigh arna ndéanamh i ndáil le barra táirgthe síolta gránach san Úcráin, agus i ndáil le síol gránach arna tháirgeadh san Úcráin agus arna dheimhniú go hoifigiúil ag a cuid údarás.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2003/17/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Chinneadh 2003/17/CE

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2003/17/CE mar a leanas:

(a)

cuirtear an tsraith seo a leanas idir “TR” agus “US” sa tábla:

“UA

Aireacht Beartais Talúntais agus Bia na hÚcráine

Khreshchatyk str., 24, 01001, KYIV

66/402/EEC”;

(b)

san fhonóta a ghabhann leis an tábla, cuirtear na téarmaí seo a leanas isteach idir “TR — an Tuirc” agus “US — Stáit Aontaithe Mheiriceá”:

“UA – an Úcráin,”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Tuairim an 18 Meán Fómhair 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2020.

(3)  Cinneadh 2003/17/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le coibhéis cigireachtaí allamuigh arna ndéanamh i dtríú tíortha ar bharra táirgthe síolta agus maidir le coibhéis síolta arna dtáirgeadh i dtríú tíortha (IO L 8, 14.1.2003, lch. 10).

(4)  Treoir 66/402/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síol gránach farae a mhargú (IO 125, 11.7.1966, lch. 2309).