4.8.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 253/1 |
CINNEADH (AE) 2020/1076 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Meitheamh 2020
maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Phortaingéil, don Spáinn, don Iodáil agus don Ostair
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (1), agus go háirithe Airteagal 4(3) de,
Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséid agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (2), agus go háirithe pointe 11 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is é is aidhm do Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (“an Ciste”) cur ar chumas an Aontais freagairt ar bhealach tapa éifeachtúil solúbtha do staideanna éigeandála chun dlúthpháirtíocht a léiriú le pobail réigiún a mbuaileann tubaistí nádúrtha iad. |
(2) |
Ní fhéadfaidh a bheith sa Chiste níos mó ná méid uasta bliantúil EUR 500 000 000 (praghsanna 2011), de réir mar a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (3). |
(3) |
An 8 Samhain 2019, tar éis eachtraí adhaimsire sna hAsóir, chuir an Phortaingéil iarratas isteach go slógfaí an Ciste. |
(4) |
An 28 Samhain 2019, tar éis báisteach thar na bearta a bhí ina chúis le tuilte i réigiúin Valencia, Murcia, Castilla-La Mancha agus na hAndalúise, chuir an Spáinn iarratas isteach go slógfaí an Ciste. |
(5) |
An 10 Eanáir 2020, tar éis eachtraí adhaimsire i 17 réigiún i bhfómhar 2019, chuir an Iodáil iarratas isteach go slógfaí an Ciste. |
(6) |
An 29 Eanáir 2020, tar éis eachtraí adhaimsire a tharla i mí na Samhna 2019, chuir an Ostair iarratas isteach go slógfaí an Ciste. |
(7) |
Comhlíonann na hiarratais ón bPortaingéil, ón Spáinn, ón Iodáil agus ón Ostair na coinníollacha i dtaca le ranníocaíocht airgeadais a thabhairt ón gCiste, mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002. |
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Ciste a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don Phortaingéil, don Spáinn, don Iodáil agus don Ostair. |
(9) |
Chun giorrú a oiread agus is féidir ar an am a thógfaidh sé an Ciste a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2020, déanfar Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh mar a leanas faoi chomhair leithreasuithe, idir ghealltanais agus íocaíochtaí:
(a) |
tabharfar an méid EUR 8 212 697 don Phortaingéil; |
(b) |
tabharfar an méid EUR 56 743 358 don Spáinn; |
(c) |
tabharfar an méid EUR 211 707 982 don Iodáil; |
(d) |
tabharfar an méid EUR 2 329 777 don Ostair. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 18 Meitheamh 2020.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Meitheamh 2020.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
N. BRNJAC
(1) IO L 311, 14.11.2002, lch. 3.
(2) IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(3) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).