30.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 207/15


CINNEADH (CBES) 2020/901 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Meitheamh 2020

maidir le tacaíocht an Aontais do ghníomhaíochtaí Choimisiún Ullmhúcháin Eagraíocht an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBTO) chun a chumas faireacháin agus fíoraithe a neartú agus faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an AE I gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Nollaig 2003, ghlac an Chomhairle Eorpach Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (“an Straitéis”), ina bhfuil, i gCaibidil III, liosta de na bearta is gá a dhéanamh laistigh den Aontas agus i dtríú tíortha chun an leathadh sin a chomhrac.

(2)

Tá an Straitéis á cur chun feidhme go gníomhach ag an Aontas agus tá éifeacht á tabhairt aige do na bearta atá liostaithe i gCaibidil III di, go háirithe trí acmhainní airgeadais a scaoileadh chun tacú le tionscadail shonracha arna seoladh ag institiúidí iltaobhacha, amhail Rúnaíocht Theicniúil Shealadach Eagraíocht an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBTO).

(3)

An 17 Samhain 2003, ghlac an Chomhairle Comhsheasamh 2003/805/CBES (1) maidir le huiliú agus le comhaontuithe iltaobhacha a neartú i réimse neamhleathadh arm ollscriosta agus a modh seachadta. Leis an gcomhsheasamh sin, iarrtar, inter alia, go ndéanfaí síniú agus daingniú an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBT) a chur chun cinn.

(4)

Tá cinneadh déanta ag na Stáit is Sínitheoirí le CTBT Coimisiún Ullmhúcháin a bhunú, dá dtabharfar inniúlacht dhlítheanach agus a bheidh ina eagraíocht idirnáisiúnta chun cur chun feidhme éifeachtach CTBT a chur i gcrích, go dtí go mbunófar CTBTO.

(5)

Cuspóirí tábhachtacha den Straitéis is ea teacht i bhfeidhm luath agus uiliú CTBT agus córas faireacháin agus fíoraithe Choimisiún Ullmhúcháin CTBTO a neartú. Sa chomhthéacs sin, leis na trialacha núicléacha a rinne Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré, leagadh béim bhreise ar a thábhachtaí atá teacht i bhfeidhm luath CTBT agus an gá atá le córas faireacháin agus fíoraithe CTBT a choimeád agus a neartú.

(6)

In “Securing our Common Future: an Agenda for Disarmament” [Ár dTodhchaí Chomhchoiteann a Dhaingniú: Clár Oibre um Dhí-Armáil], luaigh Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe tríd an gConradh um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha, gur cuireadh moill ar rás na n-arm trí shrian a chur le hardchineálacha arm núicléach a fhorbairt agus ina theannta sin, go bhfuil sé ina bhacainn normatach chumhachtach ar Stáit a d’fhéadfadh iarracht a dhéanamh airm núicléacha a fhorbairt, a mhonarú agus a fháil ina dhiaidh sin de shárú ar a ngealltanais maidir le neamhleathadh.

(7)

Faoi chuimsiú chur chun feidhme na Straitéise, ghlac an Chomhairle trí Ghníomhaíocht Chomhpháirteacha agus ceithre Chinneadh maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí Choimisiún Ullmhúcháin CTBTO, eadhon Gníomhaíochtaí Chomhpháirteacha 2006/243/CBES (2), 2007/468/CBES (3) agus 2008/588/CBES (4), agus Cinntí 2010/461/CBES (5), 2012/699/CBES (6), (CBES) 2015/1837 (7) agus (CBES) 2018/298 ón gComhairle (8).

(8)

Ba cheart leanúint den tacaíocht sin a thugann an tAontas.

(9)

Ba cheart cur chun feidhme teicniúil an Chinnidh seo a chur ar iontaoibh Choimisiún Ullmhúcháin CTBO arb é an t-aon eagraíocht idirnáisiúnta a bhfuil sé de chumas aige agus a bhfuil an dlisteanacht aige an Cinneadh seo a chur chun feidhme ar bhonn a chuid saineolais agus a chuid cumas uathúil trí líonra an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta (IMS), lena gcuimsítear níos mó ná 337 saoráid ar fud an domhain agus tríd an Ionad Sonraí Idirnáisiúnta (IDC). Ní féidir na tionscadail a fhaigheann tacaíocht ón Aontas a mhaoiniú ach amháin trí ranníocaíocht sheachbhuiséadach le Coimisiún Ullmhúcháin CTBTO,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Chun leanúint den Straitéis a chur chun feidhme go héifeachtach, tabharfaidh an t-Aontas tacaíocht do ghníomhaíochtaí Choimisiún Ullmhúcháin an CTBTO, arb é is aidhm dóibh:

(a)

cumais chóras faireacháin agus fíoraithe an CTBT a neartú, lena n-áirítear brath radanúiclíde;

(b)

cumais na Stát is Sínitheoirí le CTBT a neartú chun a bhfreagrachtaí maidir le fíorú faoi CTBT a chomhlíonadh agus chun cur ar a gcumas tairbhe iomlán a bhaint as a rannpháirtíocht i gcóras CTBT.

2.   Leis na tionscadail atá le maoiniú ag an Aontas, tabharfar tacaíocht don mhéid seo a leanas:

(a)

cothabháil na stáisiún seismeach cúnta deimhnithe, atá mar chuid de IMS CTBTO;

(b)

rannpháirtíocht leis na Stáit is Sínitheoirí, lena n-áirítear córais theicniúla a bhailíochtú agus a thástáil trí úsáid a bhaint as an Néalteicneolaíocht le haghaidh chéim 3 d’Athstruchtúrú an IDC;

(c)

an tsamhail Fheabhsaithe Ardthaifeach um Iompar Atmaisféarach a fhorbairt;

(d)

staidéar a dhéanamh ar fheabhsuithe feidhmíochta a d’fhéadfaí a dhéanamh ar ionsamhlúcháin FLEXPART trí dhlús a chur leis an Aonad Próiseála Grafaice;

(e)

uirlis meastóra cúlra a fhorbairt chun an sciar de radaixeanón i mbraith ag stáisiúin IMS a chainníochtú;

(f)

uirlis meastóra téarma foinse a fhorbairt;

(g)

deasc chabhrach agus tacaíocht níos fearr a chur ar fáil d’ardán an lárionaid fhíorúil um shaothrú sonraí;

(h)

leanúint de na feachtais shoghluaiste tomhaiste radaixeanóin i réigiúin éagsúla ar fud an domhain;

(i)

cúnamh teicniúil a sholáthar lena n-áirítear fothú acmhainneachta comhtháite agus for-rochtain amhail feabhas a chur ar chumais uathphróiseála seismeach, hidreafhuaimiúil, infreafhuaime (SHI) maidir le NDC-in-a-Box mar aon le rochtain do na Lárionaid Náisiúnta Sonraí (NDCanna) ar tháirgí agus seirbhísí IDC caighdeán-chomhlíontacha de;

(j)

tacaíocht a thabhairt don oiliúint, do cheardlanna agus don obair leantach maidir le NDCanna i dtíortha atá i mbéal forbartha ar fud an domhain, agus córais forbairt acmhainní do NDCanna a fháil agus a chothabháil;

(k)

tacú le héabhlóid agus le homaiginiú na próiseála teicneolaíochta il-tonnchrutha agus an chórais idirghníomhaigh il-tonnchrutha;

(l)

bunchúrsaí réigiúnacha foinse oscailte ar an tionchar seismeach a eagrú do dhá réigiún gheografacha CTBT;

(m)

for-rochtain a dhéanamh ar na tíortha nár shínigh ná nár dhaingnigh CTBT lena n-áirítear Stáit a n-éilítear a síniú agus a ndaingniú chun go dtiocfaidh CTBT i bhfeidhm, agus chun go ndéanfar acmhainní don óige, do na parlaiminteoirí, do na hiriseoirí agus do na heolaithe a fhorbairt i dtíortha atá i mbéal forbartha nó atá ag teacht chun cinn.

3.   Áiritheofar infheictheacht an Aontais chomh maith le bainistiú cuí an chláir maidir leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, agus na tionscadail dá dtagraítear i mír 2 á gcur chun feidhme.

4.   Déanfar na tionscadail a chur i gcrích chun leas na Stát is Sínitheoirí uile le CTBT.

5.   Tabharfar tacaíocht do gach comhpháirt de na tionscadail le gníomhaíochtaí for-rochtana poiblí atá réamhghníomhach agus nuálach agus leithdháilfear acmhainní dá réir sin.

6.   Leagtar síos tuairisc mhionsonraithe ar na tionscadail sin san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

1.   Beidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdrúnaí”) freagrach as an gCinneadh seo a chur chun feidhme.

2.   Is é Coimisiún Ullmhúcháin CTBTO a dhéanfaidh cur chun feidhme teicniúil na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a chur i gcrích. Is faoi rialú an Ardrúnaí a chuirfear an cúram sin i gcrích. Chun na críche sin, rachaidh an tArdionadaí i mbun na socruithe is gá le Coimisiún Ullmhúcháin CTBTO.

Airteagal 3

1.   Is é EUR 6 288 892,37 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun na tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a chur chun feidhme.

2.   Déanfar an caiteachas a mhaoineofar leis an méid a leagtar amach i mír 1 a bhainistiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad an Aontais.

3.   Déanfaidh an Coimisiún Eorpach maoirseacht ar bhainistiú cuí an mhéid tagartha airgeadais dá dtagraítear i mír 1. Chun na críche sin, tabharfaidh sé comhaontú maoiniúcháin le Coimisiún Ullmhúcháin CTBTO i gcrích. Leagfar síos sa chomhaontú maoiniúcháin go n-áiritheoidh Coimisiún Ullmhúcháin CTBTO infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, i gcomhréir lena mhéid.

4.   Déanfaidh an Coimisiún Eorpach iarracht an comhaontú airgeadais dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt chun críche a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas maidir le haon deacrachtaí sa phróiseas sin agus maidir leis an dáta a dtabharfar an comhaontú airgeadais i gcrích.

Airteagal 4

1.   Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn thuarascálacha rialta arna n-ullmhú ag Coimisiún Ullmhúcháin CTBTO. Beidh na tuarascálacha sin mar bhonn don mheastóireacht a dhéanfaidh an Chomhairle.

2.   Soláthróidh an Coimisiún Eorpach faisnéis faoi ghnéithe airgeadais de chur chun feidhme na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Airteagal 5

1.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag 36 mhí tar éis an dáta a dtabharfar an comhaontú maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích nó sé mhí tar éis an dáta a nglacfar é mura mbeidh aon chomhaontú maoiniúcháin tugtha i gcrích laistigh den tréimhse sin.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Comhsheasamh 2003/805/CBES ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le huiliú agus le comhaontuithe iltaobhacha a neartú i réimse neamhleathadh arm ollscriosta agus a modh seachadta (IO L 302, 20.11.2003, lch. 34).

(2)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2006/243/CBES ón gComhairle an 20 Márta 2006 maidir le tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí Choimisiún Ullmhúcháin Eagraíocht an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBTO) i réimse na hoiliúna agus an fhothaithe acmhainneachta maidir le fíorú agus faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais i gcoinne leathadh arm ollscriosta (IO L 88, 25.3.2006, lch. 68).

(3)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2007/468/CBES ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí Choimisiún Ullmhúcháin Eagraíocht an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBTO) chun a chumais faireacháin agus fíoraithe a neartú agus faoi chuimsiú chur chun feidhme straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne leathadh arm ollscriosta (IO L 176, 6.7.2007, lch. 31).

(4)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/588/CBES ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí Choimisiún Ullmhúcháin Eagraíocht an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBTO) chun a chumais faireacháin agus fíoraithe a neartú agus faoi chuimsiú chur chun feidhme straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne leathadh arm ollscriosta (IO L 189, 17.7.2008, lch. 28).

(5)  Cinneadh 2010/461/CBES ón gComhairle an 26 Iúil 2010 maidir le tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí Choimisiún Ullmhúcháin Eagraíocht an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBTO) chun a chumais faireacháin agus fíoraithe a neartú agus faoi chuimsiú chur chun feidhme straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne leathadh arm ollscriosta (IO L 219, 20.8.2010, lch. 7).

(6)  Cinneadh 2012/699/CBES ón gComhairle an 13 Samhain 2012 maidir le tacaíocht an Aontais do ghníomhaíochtaí Choimisiún Ullmhúcháin Eagraíocht an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBTO) chun a chumais faireacháin agus fíoraithe a neartú agus faoi chuimsiú chur chun feidhme straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne leathadh arm ollscriosta (IO L 314, 14.11.2012, lch. 27).

(7)  Cinneadh (CBES) 2015/1837 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2015 maidir le tacaíocht an Aontais do ghníomhaíochtaí Choimisiún Ullmhúcháin in Eagraíocht an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBTO) chun a chumais faireacháin agus fíoraithe a neartú faoi chuimsiú chur chun feidhme straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne leathadh arm ollscriosta (IO L 266, 13.10.2015, lch. 83).

(8)  Cinneadh (CBES) 2018/298 ón gComhairle an 26 Feabhra 2018 maidir le tacaíocht an Aontais do ghníomhaíochtaí Choimisiún Ullmhúcháin Eagraíocht an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBTO) chun a chumais faireacháin agus fíoraithe a neartú agus faoi chuimsiú chur chun feidhme straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne leathadh arm ollscriosta (IO L 56, 28.2.2018, lch. 34).


IARSCRÍBHINN

Ceannteideal 1: Tacú le Teicneolaíochtaí Fíorúcháin agus leis an gCóras Faireacháin

Comhpháirt 1: Tionscadal 1: Stáisiúin Sheismeacha chúnta IMS dheimhnithe a Chothabháil ar Bhonn Leanúnach

Tionscadal 1: Stáisiúin Sheismeacha Chúnta Dheimhnithe IMS a Chothabháil ar Bhonn Leanúnach

Cúlra

Is é príomhfhócas an tionscadail seo leanúint d’aghaidh a thabhairt ar stáisiúin chúnta atá ag cliseadh agus a bhfuil gníomhaíocht phráinneach chothabhála ag teastáil uathu, agus a lonnaítear más féidir i dtíortha a bhfuil deacrachtaí airgeadais rompu, agus ag an am céanna leanúint de chothabháil choisctheach a dhéanamh. Déanfar é sin trí aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le trealamh atá imithe i léig agus na huasghráduithe dá bharr sin, agus trí fheabhas a chur ar an bhfáil ar pháirteanna spártha.

Cuspóirí agus Spriocanna Insoláthartha

Is é an príomhchuspóir stáisiúin spriocdhírithe a thabhairt go dtí leibhéal teicniúil a bheadh comhoiriúnach le ceanglais IMS ar bhealach inbhuanaithe. Cuideofar leis an gcuspóir sin a bhaint amach trí chothabháil choisctheach leordhóthanach agus tríd an trealamh gaolmhar a spáráil. Ar an gcaoi chéanna, laghdófar aga neamhfhónaimh agus cuideofar le stáisiú(i)n a chothabháil trí thacú leis na stáisiúin agus lena n-oibreoir(í) i gcás cothabháil cheartaitheach phráinneach, lena n-áirítear cuairteanna ar an stáisiún ar an láthair, nuair is gá. Tugtar ar aird go mbainfear é sin amach i gcomhar le cúraimí eile amhail oiliúint a chur ar oibreoirí stáisiúin agus ceardlanna chun an inbhuanaitheacht a uasmhéadú. Fostófar foireann shealadach lánaimseartha chun tionscadail oibre a phleanáil agus a chur i gcrích ag na stáisiúin ábhartha, mar a bhí amhlaidh le tionscadail roimhe seo faoi chistiú an Aontais.

Méadú ar infhaighteacht agus cáilíocht na sonraí i ngréasán Stáisiún Chúnta de bharr struchtúr neartaithe cothabhála rud a fhágann go mbeidh infheictheacht mhéadaithe ann don AE.

Comhpháirt 2: Tionscadal 2-8

Tionscadal 2: Rannpháirtíocht leis na Stáit is Sínitheoirí, lena n-áirítear córais theicniúla a bhailíochtú agus a thástáil trí úsáid a bhaint as an Néalteicneolaíocht le haghaidh Céim 3 d’Aathstruchtúrú an IDC

Cúlra

Chuir IDC tús le Céim 3 den Tionscadal maidir le hAthstruchtúrú an IDC (RP3) arb is aidhm di córas cuimsitheach bogearraí a fhorbairt le haghaidh phróiseáil SHI sna deich mbliana atá le teacht.

Leis an tionscadal sin, déanfar córas SHI atá ann cheana a fheabhsú go suntasach, amhail:

feabhas a chur ar sholúbthacht an chomhéadain úsáideora d’uirlisí anailísí, ar shreabhadh oibre na n-anailísithe, ar bhainistiú imeachtaí, ar thras-chomhghaolú na n-imeachtaí agus comparáid a dhéanamh eatarthu, ar uirlisí léarscáilithe agus ar chomhtháthú léarscáileanna, ar eagarthóireacht ar mhaisc thonnchrutha um rialú cáilíochta agus ar a léirshamhlú, ar thaispeáint na minicíochta tonnuimhreach agus ar an tacaíocht don oiliúint d’anailísithe;

foinse sonraí a ghabháil go cuimsitheach chun tuiscint a fháil ar an gcaoi ar thángthas ar thorthaí próiseála agus imscrúdú a dhéanamh ar theacht chun cinn na dtorthaí de réir mar a thagann athrú ar an bhfaisnéis atá ar fáil;

inbhreisitheacht mar phríomhghné ionsuite i ngach comhpháirt;

cumraíocht sholúbtha chomhtháite i dtaca le píblíne SHI le tacaíocht ó uirlisí grafaice;

éascú a dhéanamh ar shamhail nua d’fhorbairt chomhoibríoch bogearraí de réir na gcleachtas is fearr maidir le forbairt bogearraí foinse oscailte;

cumais faireacháin agus tástála feabhsaithe — Aithris Tacar Sonraí Tástála.

Cuireadh Tionscadal maidir le hAthchóiriú 2 (RP2) i gcrích trí Ranníocaíochtaí Comhchineáil ó na Stáit Aontaithe agus trí chistiú faoi Chinneadh (CBES) 2015/1837. Baineadh úsáid as an gcistiú, go háirithe, chun cruinnithe teicniúla le saineolaithe ó Bhallstáit a choimeád ag imeacht chun rannpháirtiú forleathan in RP2 a áirithiú. Ina theannta sin, tugadh tacaíocht do ghníomhaíochtaí fréamhshamhaltaithe leis na cistí sin chun a léiriú conas is féidir na bogearraí arna gcur ar fáil ag NDCanna a chomhtháthú san ailtireacht athchóirithe.

Mar ullmhúchán do RP3, baineadh úsáid as cistí faoi Chinneadh (CBES) 2018/298 chun na leibhéil ullmhachta teicneolaíochta a mhéadú i gcás roinnt algartaim, a d’fhéadfaí a áireamh sna bogearraí athchóirithe, go háirithe chun bealaí níos fearr a sholáthar chun seichimh iarmharta sheismeacha a phróiseáil i mód uathoibríoch nó leath-uathoibríoch.

Cuspóirí

Tacú le forbairt an chórais athchóirithe chun riachtanais NDC ón tús a chomhlíonadh, trí thacaíocht a thabhairt d’iarrataí NDC ar bhogearraí agus ar nuashonruithe gaolmhara agus d’fheidhmiúlachtaí chun gníomhaíochtaí NDC a fheidhmiú.

Rochtain íseal-bhacainne a thabhairt do Stáit is Sínitheoirí chun tacú le dul chun cinn an Tionscadail maidir le hAthstruchtúrú an IDC, an dul chun cinn sin a mheas agus a bhailíochtú.

Rannpháirtiú phobal NDC i gCéim 3 de thionscadal maidir le hAthstruchtúrú an IDC a fheabhsú

Meastóireacht a dhéanamh ar a indéanta a bheadh sé “NDC-as-a-service” a thairgeadh amach anseo, ag baint úsáid as an néalteicneolaíocht.

Spriocanna inghnóthaithe

ardán meastóireachta agus tástála atá néalbhunaithe do NDCanna chun athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiúlacht chóras athchóirithe SHI agus ar na ceanglais neamhfheidhmiúla a bhaineann leis.

Áisc iolracha faoi ostaíocht den ardán chun nach gcuirfear isteach ar NDCanna éagsúla.

Córas fréamhshamhaltaithe “NDC-as-a-service”, arna óstáil sa néal.

Toradh

Is é an príomhbhuntáiste a bhaineann leis an tionscadal ná rochtain íseal-bhacainne ar an gcóras athchóirithe mar atá faoi láthair a cheadú do Stáit is Sínitheoirí agus do NDCanna, go háirithe do na NDCanna nach bhfuil cumas fairsing ríomhaireachta ná eolas ar an gcóras tacaíochta acu. Bunaithe ar an obair sin, soláthrófar staidéar ar na himpleachtaí costais a bheadh ag baint le “NDC-as-a-service” a tháirgeadh amach anseo agus ar a indéanta atá sé.

Tionscadal 3: An tSamhail Ardthaifeach um Iompar Atmaisféarach a Fheabhsú

Cúlra

Chun iompar fadraoin a shamhaltú, úsáidtear ardchóras um Shamhaltú an Iompair Atmaisféaraigh (ATM) in CTBTO bunaithe ar an tSamhail Lagrange d’Easrú Cáithníní FLEXPART. Leis an gcóras seo, is féidir samhaltú a dhéanamh ar scála domhanda. Mar sin féin, i gcás imeachtaí speisialta, tá gá ann freisin le hionsamhlúcháin a dhéanamh ar scála áitiúil (ardtaifeach). Forbraíodh an bunleagan den Samhail Fheabhsaithe Ardthaifeach um Iompar Atmaisféarach (HRATM) bunaithe ar FLEXPART-WRF le cistiú ag an Aontas faoi na Cinntí ón gComhairle a bhí ann roimhe seo. Léiríodh sna tástálacha tosaigh na gnéithe is gá a fheabhsú nó a chur chun feidhme ar bhealach éagsúil chun go mbeidh córas ann atá go hiomlán iontaofa.

Cuspóirí

Samhail Ardtaifeach um Iompar Atmaisféarach (EHRAT) a fheabhsú agus comhéadan a fhorbairt dá seoladh.

Taithí a fháil ar an leagan reatha den HRATM atá suiteáilte in CTBTO agus ar liosta na bhfeabhsuithe a mholtar.

Taithí a fháil ar phíblíne ATM, go háirithe ó thaobh fhormáid na sonraí meitéareolaíocha de.

Réitigh a mholadh, a fhorbairt agus a thástáil chun dul in ngleic leis na feabhsuithe sin;

I bhfianaise go n-oibríonn an leagan reatha le sonraí na n-ionad náisiúnta um réamhchúram comhshaoil (NCEP) amháin, athruithe a mholadh agus a chur chun feidhme lena gcumasófaí HRATM a rith in éineacht le sonraí ón Lárionad Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin (ECMWF).

Cásanna éagsúla a thástáil.

Comhéadan a fhorbairt chun EHRAT a sheoladh i bpíblíne ATM atá ann cheana; dá gcomhaontófaí amhlaidh, d’féadfadh sé a bheith ina chuid den chomhéadan lainseála reatha a úsáidtear chun ionsamhlúcháin ATM a rith ar mhaithe le hanailís ó shaineolaithe in CTBTO.

Toradh

Beidh EHRAT ar cheann de na huirlisí ATM a úsáidfidh saineolaithe ATM agus a úsáidfear in NDCanna chun hipitéisí a bhaineann le meastachán faoi shuíomh théarma an fhoinse, mar shampla, a thástáil agus a bhailíochtú.

Tionscadal 4: Staidéar ar luathú an Aonaid Próiseála Grafaice (GPU) i dtaca le FLEXPART (FLEX-GPU)

Cúlra

Chun iompar fadraoin a shamhaltú, úsáidtear ardchóras um Shamhaltú an Iompair Atmaisféaraigh (ATM) in CTBTO bunaithe ar an tSamhail Lagrange d’Easrú Cáithníní FLEXPART.

Agus é á chur san áireamh go bhféadfadh samhaltú ensemble a bheith mar chuid de na rití oibríochtúla arna ndéanamh ag píblíne ATM sa todhchaí, tá fiosrú á dhéanamh ar bhealach nua chun na hionsamhlúcháin a luathú.

Tá CTBTO tar éis NVIDIA DGX STATION a fháil a bhfuil GPUnna 4X Tesla V100 ag gabháil leis lena soláthraítear 500 TFLOPS (beachtas measctha). Ritear Linux leis agus tá tiomsaitheoir FORTRAN ó PGI ar fáil leis, a thacaíonn le OpenACC, a úsáidtear chun comhuainíocht a dhéanamh ar algartaim oiriúnacha amhail lúba agus ríomhanna maitríse arna gceapadh le haghaidh chórais GPU.

Cuspóirí

Staidéar a dhéanamh chun a fháil amach cad iad na feabhsuithe feidhmíochta féideartha in ionsamhlúcháin FLEXPART a d’fhéadfaí a dhéanamh tríd an t-aonad próiseála grafaice a luathú agus trí phacáiste cóid FLEXPART a mbeadh tacaíocht OpenACC ag gabháil leis a sholáthar.

Eolas a chur ar an leagan reatha de FLEXPART (9.3.2.) arna shuiteáil in CTBTO agus meastóireacht a dhéanamh an féidir é a thiomsú le tiomsóir Fortran PGI; meastóireacht a dhéanamh ar an mbuntáiste a bhaineann le FLEXPART 10 a úsáid in ionad FLEXPART 9.3.2.

Próifíliú a dhéanamh ar rith FLEXPART chun a fháil amach cé na halgartaim/lúba is oiriúnaí maidir le hiarracht thosaigh a dhéanamh ar chomhuainíocht agus leis na GPUnna a úsáid.

Meastóireacht a dhéanamh ar an bhfeabhas feidhmíochta.

Pacáiste cóid FLEXPART atá réidh agus doiciméadaithe, a bhfuil tacaíocht OpenACC ag gabháil leis, ar cheart a bheith éasca a chomhtháthú le píblíne ATM, a sholáthar.

Toradh

Má tá toradh dearfach ar an staidéar seo, d’fhéadfaí bealach nua a chur ar fáil le FLEXPART modhnaithe chun ionsamhlúcháin ATM a luathú. Sa chéad chéim eile, d’fhéadfaí é sin a chomhtháthú le píblíne ATM agus d’fhéadfaí na torthaí a chur ar fáil do NDCanna.

Tionscadal 5: Uirlis Meastóra Cúlra Xeanóin (XeBET)

Cúlra

Fágtar go bhfuil sé dúshlánach sainaithint dhearfach a dhéanamh ar shampla a bhaineann le triail núicléach mar gheall ar an iliomad triathghás atá de shíor ag éabhlóidiú san atmaisféar. Le hUirlis Meastóra Cúlra Xeanóin, ginfear meastachán ar an sciar de radaixeanóin ó fhoinsí aitheanta atá i ngach sampla arna bhailiú ag córais triathgháis ag stáisiúin IMS. Beidh an meastachán seo ina chabhair chun a chinneadh an féidir an brath a mhíniú le foinsí aitheanta.

Cuspóirí

Uirlis meastóra cúlra (BET) a fhorbairt chun an sciar de radaixeanón i mbraite ó fhoinsí aitheanta ag stáisiúin IMS a chainníochtú. Beidh an uirlis sin bunaithe ar bhraite IMS, ar eolas ar fhoinsí aitheanta agus ar SRS CTBTO. Caithfidh an uirlis nua a bheith iontaofa, tráthúil agus éasca a thástáil, a chothabháil agus a uasghrádú. Beidh sí á rith ar dtús ar Development-LAN.

Athbhreithniú litríochta a dhéanamh chun an cur chuige is fearr a shainaithint chun braite xeanóin sibhialta a chatagóiriú agus a chainníochtú ag stáisiúin IMS agus chun plean tionscadail a ullmhú maidir le forbairt fréamhshamhlacha.

Faisnéis a bhailiú ó fhoinsí aitheanta agus í a chur ar fáil trí SWP.

Bunachar ar líne a fhorbairt chun faisnéis a bhailiú ó fhoinsí aitheanta.

Fréamhshamhail a fhorbairt agus a thástáil i bhfothacar stáisiúin IMS. Ní mór an fhréamhshamhail a fhorbairt le go mbeifear in ann í a aistriú go héasca chuig Development-LAN IDC in CTBTO agus í a chur ar fáil do NDCanna.

An fhréamhshamhail a rith ar bhraite áirithe dúshlánacha (mar shampla tástálacha Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré nó cásanna eile) agus roghanna léirshamhlaithe a mholadh.

An uirlis meastóra cúlra a choigeartú agus a rith i líon mór stáisiún IMS.

Rannchuidiú le haistriú TF chuig CTBTO.

Déanfar cur síos sa doiciméadacht ar na toimhdí uile a dhéanfar chun an uirlis a fhorbairt agus a rith.

Toradh

Le BET cuirfear faisnéis oibiachtúil ar fáil faoi gach sampla de thriathghás ó IMS chun cabhrú le cinneadh a dhéanamh faoina dhóichí atá sé go raibh baint ag brath sonrach le triail núicléach nó le foinsí aitheanta. Úsáidfear an fhaisnéis sin, ar a uain, mar ionchur in uirlis atógála téarma foinse. D’fhéadfaí torthaí agus conclúidí na staidéar a rinneadh a bhunú ar phobal WOSMIP (Saotharlann um Shínithe Táirgthe Iseatóp de Dhéantús an Duine) nó iad a chomhroinnt leo.

Tionscadal 6: Meastóir Téarma Foinse

Cúlra

Le blianta beaga anuas tá roinnt cur chuige tréitheach tagtha ar an bhfód chun paraiméadair an téarma foinse (suíomh, próifíl ama scaoilte agus an méid iomlán radaighníomhaíochta arna scaoileadh) a mheas ó bhraith. Tá an fhaisnéis seo faoi pharaiméadair fhoinse an-tábhachtach do CTBTO i gcás teagmhas atá ábhartha don Chonradh. Is é atá á mholadh go ndéanfaí ceann de na cuir chuige sin a chur in oiriúint do riachtanais CTBTO. Caithfidh an uirlis nua a bheith iontaofa, tráthúil agus éasca a thástáil, a chothabháil agus a uasghrádú. Beidh sí á rith ar dtús ar IDC Development-LAN.

Cuspóirí

Ginfidh an Meastóir Téarma Foinse (STE) an chéad mheastachán uathoibríoch ar pharaiméadair téarma foinse ag úsáid brath agus neamhbhrath ó stáisiúin IMS. Déanfar comhéadan a fhorbairt do shaineolaithe IDC agus NDC chun tacair éagsúla hipitéisí a thástáil go hidirghníomhach.

Spriocanna inghnóthaithe

Athbhreithniú a dhéanamh ar an litríocht chun an cur chuige is fearr a aithint le haghaidh logánú agus cainníochtú téarma foinse, agus plean tionscadail a ullmhú chun an STE a fhorbairt agus a thástáil.

Fréamhshamhail a fhorbairt agus a thástáil do chásanna éagsúla, roghanna léirshamhlaithe agus comhéadain a mholadh agus a fhorbairt. Ní mór an fhréamhshamhail a fhorbairt le go mbeifear in ann í a aistriú go héasca chuig uirlisí IDC CTBTO agus í a chur ar fáil do NDCanna.

Rannchuidiú le haistriú TF chuig CTBTO.

Déanfar cur síos sa doiciméadacht ar na toimhdí uile a dhéanfar chun an uirlis a fhorbairt agus a rith.

Toradh

Leis an STE cuirfear faisnéis oibiachtúil ar fáil chun cuidiú le suíomh tástála féideartha a aimsiú agus a neart a mheas. D’fhéadfadh uirlis den sórt sin limistéar níos teoranta a léiriú ina bhféadfadh an fhoinse a bheith, agus d’fhéadfadh an uirlis cabhrú le meastachán a dhéanamh ar an dóchúlacht maidir le radanúiclídí a bhrath le himeacht ama, ar buntáiste suntasach é má tá gá le cigireacht ar an láthair (OSI).

Tionscadal 7: Tacaíocht ón deasc chabhrach don Lárionad Fíorúil um Shaothrú Sonraí (vDEC)

Cúlra

Le hardán vDEC ceadaítear rochtain ar shonraí atá i gcartlann CTBTO le haghaidh taighde agus d’institiúidí acadúla atá ag obair ar thionscadail eolaíocha. Tá an rochtain sin teoranta do shonraí atá ag teastáil go sonrach chun críoch an tionscadail agus sainítear sa chreat conarthach an comhaontú frithpháirteach idir CTBTO agus úsáideoirí vDEC. Go háirithe ceadaítear obair eolaíoch a fhoilsiú, ar choinníoll go n-aithnítear CTBTO mar fhoinse na sonraí san fhoilseachán.

Tá an t-ardán ann le hocht mbliana anuas agus tá go leor páipéir phiarmheasúnaithe foilsithe in irisí clúiteacha ag úsáideoirí vDEC.

Cé gur tugadh a lán de ghnéithe teicniúla na tacaíochta d’ardán vDEC isteach i ngníomhaíochtaí tacaíochta ginearálta fhoireann IDC, tá gá le tacaíocht bhreise a bheidh níos sonraí. Áirítear leis seo feidhm deisce cabhrach a chlúdóidh ní hamháin rochtain ar an ardán ríomhaireachta ar a bhfuil an chartlann suiteáilte, agus rochtain ar an mbunachar sonraí ina bhfuil na sonraí, ach na gnéithe atá níos sonraí d’fhearann freisin, mar shampla, cabhrú leis an tsamhail sonraí, sonraíochtaí na stáisiún, calabrú na stáisiún, agus nithe den chineál sin a thuiscint. Áirítear leis an tacaíocht sin freisin nuashonrú a dhéanamh ar chumraíocht ardán vDEC agus ar na bogearraí a suiteáladh ar an ardán.

Ós rud é go mbíonn úsáideoirí ag súil go dtiocfaidh éabhlóid ar an ardán le himeacht ama, agus go bhfuil na sonraí sa chartlann ag dul i méid, tá gá le feidhm phleanála lena ndéanfaí fís a fhorbairt maidir le héabhlóid ghearrthéarmach an ardáin. Ar deireadh, leis an tacaíocht sin déanfar cothabháil ar bhunachar sonraí poiblí na bhfoilseachán bunaithe ar shonraí CTBTO arna bhfáil trí rochtain vDEC.

Cuspóirí

Tacú le gníomhaíochtaí laethúla úsáideoirí vDEC trí fheidhm deisce cabhrach.

Pleanáil le haghaidh uasghráduithe agus feidhmiúlachtaí nua atá le suiteáil.

Cothabháil a dhéanamh ar bhunachar sonraí poiblí d’fhoilseacháin bunaithe ar shonraí CTBTO a fhaightear trí rochtain ar vDEC.

Spriocanna inghnóthaithe

Tuarascáil ráithiúil maidir le gníomhaíochtaí tacaíochta.

Pleananna le haghaidh uasghráduithe agus feabhsuithe.

Bunachar sonraí poiblí bunaithe ar shonraí CTBTO a fhaightear trí rochtain vDEC.

Toradh

Tacaíocht fheabhsaithe d’úsáideoirí vDEC, chun cur lena sástacht.

Ardán feabhsaithe vDEC.

Doiciméadacht maidir le toradh eolaíoch vDEC.

Tionscadal 8: Leanúint d’fheachtais tomhaiste soghluaiste radaixeanóin i réigiúin éagsúla ar fud an domhain

Cúlra

Tá Coimisiún Ullmhúcháin CTBTO i mbun tomhas a dhéanamh ar radaixeanón le córais thar a bheith íogair. Leis an ranníocaíocht a fuarthas ón Aontas faoi chuimsiú Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/588/CBES, d’fhorbair agus cheannaigh an Coimisiún dhá chóras iniompartha: SAUNA TXL-2 agus SPALAX-DR chun 133Xe, 135Xe, 133mXe agus 131mXe a thomhas. Faoi chuimsiú Chinntí 2012/699/CBES, (CBES) 2015/1837 agus (CBES) 2018/298, ritheadh roinnt feachtais tomhaiste soghluaiste radaixeanóin ar fud an domhain.

Leis an ranníocaíocht a fuarthas ó Rialtas na Seapáine in 2017, cheannaigh an Coimisiún tríú córas iniompartha. Tá an córas seo imlonnaithe faoi láthair in Horonobe na Seapáine. Tá deireadh le teacht leis an tréimhse oibríochta dhá bhliain faoi chistiú na Seapáine i mí Eanáir 2020.

Faoi chuimsiú Chinneadh (CBES) 2018/298, tá feachtas amháin tomhaiste á reáchtáil in Mutsu na Seapáine. Tá athchóiriú déanta ar an dara córas agus imlonnófar in Fukuoka na Seapáine é.

Cuspóirí

Leis an tríú córas soghluaiste imlonnaithe in Fukuoka, tá an chumraíocht ard-dlúis timpeall ar chóras triathgháis JPX38 IMS in Takasaki curtha i gcrích. Tá sé beartaithe ag CTBTO leanúint de na córais a oibriú ar an suíomh ina bhfuil siad faoi láthair, arna chomhaontú sin leis an óstach áitiúil, go dtí go measfaidh an pobal saineolaithe agus na NDCanna go bhfuil sa tacar sonraí a bhaileofar brabús eolaíoch agus staidrimh le haghaidh staidéir a dhéanfar amach anseo. Beidh na trí chóras shoghluaiste á n-oibriú sa chumraíocht seo ar feadh bliain amháin ar a laghad. Déanfar na córais shoghluaiste a athshuíomh ansin, de réir straitéis imlonnaithe shoiléir. Déanfar suíomh féideartha nua a bhreithniú le haghaidh gach ceann de na trí chóras seo bunaithe ar cibé aschur eolaíoch a bhféadfaí a bheith ag súil leis a bhfuil gá leis le haghaidh chalabrú agus fheidhmíocht chórais triathgháis IMS mar a thuairiscítear sa CTBT.

Déanfar aon uasghráduithe nó athchóirithe ag deireadh an fheachtais de réir mar is gá. Tá comhaontuithe comhair le tíortha óstacha féideartha á bplé faoi láthair.

Chun leanúint de na feachtais tomhaiste seo, tá gá leis na córais shoghluaiste triathgháis a sheoladh go dtí suíomhanna nua, agus na trí chóras a rith agus a chothabháil ar feadh dhá bhliain. Beidh cistí ar fáil freisin chun cruinnithe saineolaithe a eagrú chun athbhreithniú a dhéanamh ar na torthaí. Déanfar iarracht ar leith na cruinnithe saineolaithe sin a úsáid mar dheis chun acmhainneacht a fhothú agus chun staidéir a dhéanfar amach anseo a phlé bunaithe ar shonraí ón bhfeachtas tomhaiste. Arna iarraidh sin ag an tír óstach, tacóidh an tionscadal freisin le fothú acmhainneachta maidir le faireachán ar thriathghás, lena n-áirítear úsáidí gaolmhara sibhialta agus eolaíocha.

Toradh

Is iad na príomhbhuntáistí a ghabhann le feachtais shealadacha tomhaiste le córais shoghluaiste radaixeanóin ná modhanna eolaíocha a fhorbairt agus a chur chun cinn atá dírithe ar chalabrú agus ar fheidhmíocht an chórais fíoraithe mar a thuairiscítear sa CTBT agus, i gcás inarb iomchuí, fothú acmhainneachta gaolmhar.

Ceannteideal 2: Cúnamh teicniúil lena n-áirítear fothú acmhainneachta comhtháite agus for-rochtain

I gcás na dtionscadal uile faoin gceannteideal seo, moltar don rúnaíocht theicniúil shealadach (PTS) tosaíocht a thabhairt do shaineolaithe ó Bhallstáit CTBTO a íocann, i bpáirt ar a laghad, a ranníocaíochtaí measúnaithe.

CUID 1: Cúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta

Tionscadal 1: Feabhas a chur ar cumais uathphróiseála SHI in NDC-in-a-Box [SeisComp3 SEEDLink agus comhpáirteanna NET-VISA] agus táirgí simplithe, caighdeán-chomhlíontacha IDC agus rochtain ar sheirbhísí do NDCanna

Cúlra

Tá cumais uathphróiseála tugtha isteach ag IDC in SHI NDC-in-a-Box SeisComp3 bunaithe ar an gcomhcheangaltóir NET-VISA. Leis an gcumas nua seo, atá á thástáil faoi láthair ag NDCanna, beidh úsáideoirí in ann torthaí fheasacháin VSEL a bhaintear amach in IDC a atáirgeadh. Le cur lena bhfuil bainte amach, tá sé beartaithe ag IDC an chomhpháirt NET-VISA SeisComp3 a fheabhsú le go dtacófar freisin le húsáid stáisiúin shonracha agus líonraí réigiúnacha NDC.

Anuas air sin, tá cumas nua á thógáil ag IDC chun feabhas a chur leis an tacaíocht do phacáistí anailíse seismí foinse oscailte, amhail SEISAN, trí tharchur sonraí tonnchrutha fíor-ama a thairiscint do NDCanna ag baint úsáid as prótacal SEEDLink. Ní bheidh an tseirbhís seo ar fáil ach amháin do NDCanna atá ceangailte trí líonra Innéacs Iomaíochais Dhomhanda. Tá an teorainn sin á forchur ag easnaimh theicniúla i gcomhpháirt fhreastalaí SeisComp3 SEEDLink. Tá sé i gceist ag IDC feabhas a chur ar fhreastalaí SesiComp3 SEEDLink trí shásraí láidre fíordheimhniúcháin agus criptiúcháin ionas gur féidir an tseirbhís a thairiscint d’úsáideoirí údaraithe chomh maith trí nasc slán idirlín.

Chun feabhas a chur ar an tacaíocht a thugtar le rochtain a fháil ar tháirgí agus ar sheirbhísí IDC, tá sé i gceist ag IDC seirbhísí gréasáin atá comhlíontach le Cónaidhm na Líonraí Seismeagraf Digiteach (FDSN) a chur chun feidhme. Leis an modh rochtana nua caighdeán-chomhlíontach seo beidh a lán úsáideoirí in ann pacáistí anailíse seismí foinse oscailte, amhail SEISAN, chun táirgí agus sonraí a aisghabháil go héasca ó IDC ón taobh istigh d’fheidhmchláir lena dtacaítear leis an gcaighdeán seo. Cuirfidh sé le Córas Fíorúil um Chur Teachtaireachtaí Sonraí (VDMS), ach ní thiocfaidh sé ina ionad, ós rud é nach sainítear a lán teachtaireachtaí VDMS i gcaighdeán seirbhísí gréasáin FDSN. Cuirfear chun feidhme gach seirbhís gréasáin de réir chaighdeán FDSN (fdsnws-station, fdsnws-dataselect, fdsnws-event agus fdsnws-availability).

Cuspóirí

Ábhar ar líne a sholáthar do NDCanna chun sonraí IMS a chomhtháthú le pacáistí anailíse seismí foinse oscailte a úsáidtear go háitiúil amhail SEISAN

Feabhas a chur ar chumas uathphróiseála SHI NDC-in-a-Box trí thacaíocht a thabhairt do stáisiúin áitiúla atá sonrach do NDC agus do líonraí réigiúnacha in NET-VISA.

Rochtain ar shonraí tonnchrutha IMS fíor-ama a shimpliú agus a nuachóiriú d’úsáideoirí údaraithe.

Spriocanna inghnóthaithe

Na spriocanna inghnóthaithe uile don tionscadal seo is feabhsuithe iad ar mhódúil bogearraí ar cuid iad de NDC-in-a-Box (lena n-áirítear módúil bhogearraí do leaganacha de NDC-in-a-Box sa todhchaí).

Toradh

Leanúint de na hiarrachtaí maidir le bogearraí NDC-in-a-Box a tionscnaíodh faoi Chinneadh 2012/699/CBES agus a leanadh díobh faoi Chinntí (CBES) 2015/1837 and (CBES) 2018/298 chun ligean do NDCanna na sonraí atá ar fáil ó IMS agus ó stáisiúin áitiúla araon, agus ó ghréasáin réigiúnacha, a phróiseáil.

Comhoibriú le NDCanna chun rochtain údaraithe agus shlán ar shonraí tonnchrutha IMS fíor-ama a shimpliú.

Tionscadal 2: Oiliúint, ceardlanna agus obair leantach do NDCanna atá ag teacht chun cinn (tíortha atá i mbéal forbartha ar fud an domhain) agus Córais Fothaithe Acmhainneachta (CBS) a fháil agus a chothabháil do NDCanna

Cúlra

Tá sé léirithe go bhfuil an fothú acmhainneachta bunriachtanach chun córas fíoraithe CTBT a neartú.

D’éirigh leis an gCoimisiún leanúint de thacaíocht a thabhairt do Stáit is Sínitheoirí maidir le modhanna a chur ar fáil chun cumais a fhorbairt chun páirt ghníomhach a ghlacadh i bhfíorú CTBT. Tá tíortha i mbéal forbartha as ilchríocha éagsúla tosaithe ar bhuntáiste a bhaint as an soláthar sonraí agus táirgí ag an Lárionad Sonraí Idirnáisiúnta toisc go bhfuil siad úsáideach ní hamháin chun fíorú a dhéanamh ach le haghaidh feidhmeanna sibhialta, eolaíocha agus tionsclaíocha freisin.

Tá straitéis an Choimisiúin maidir le fothú acmhainneachta aitheanta ag Meitheal B (WGB). I gcaitheamh thréimhse an chistithe ón Aontas chuaigh an fhoireann eolaíoch agus theicniúil (na céadta díobh) faoi oiliúint speisialaithe maidir le pacáiste bogearraí NDC-in-a-Box, chomh maith le heolas a bhaineann le CTBT a théann go díreach chun sochair do na húdaráis náisiúnta ionchasacha i ngach Stát.

Tá tairbhe á baint freisin ag institiúidí i dtíortha atá i mbéal forbartha, a bhfuil Lárionaid Sonraí Idirnáisiúnta á n-óstáil acu, as an soláthar trealaimh bhunúsaigh chun a saotharlanna a bhunú nó a fhorbairt a thuilleadh ar mhaithe le próiseáil sonraí.

Cuspóirí

Is iad cuspóirí ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta an Choimisiúin:

forbairt bogearraí agus bonneagair;

ceardlanna teicniúla;

oiliúint do NDCanna atá ag teacht chun cinn maidir le rochtain ar shonraí IMS agus maidir le huirlisí IMS agus IDC;

oiliúint a chur ar shaineolaithe ó NDCanna atá ag teacht chun cinn trí chuairteanna a thabhairt ar NDCanna an Aontais;

oiliúint chórasach le haghaidh bhogearraí Extended NDC-in-a-Box (eNIAB);

tacaíocht chun próiseáil sonraí IMS a chomhtháthú leis na líonraí seismeacha náisiúnta agus réigiúnacha;

tacaíocht a thabhairt do NDCanna chun sonraí IMS a chomhtháthú le pacáistí anailíse seismí foinse oscailte a úsáidtear go háitiúil amhail SEISAN;

cúnamh teicniúil feabhais a sholáthar i bhfoirm threalamh CBS agus an chothabháil agus an t-athsholáthar a bhaineann leis sin.

Toradh

Cuirfear feabhas ar chumais na Stát is Sínitheoirí, go háirithe i dtíortha atá i mbéal forbartha, rannpháirt a ghlacadh i gcóras fíoraithe CTBT.

Tionscadal 3: Éabhlóid agus aonchineálú na próiseála teicneolaíochta il-tonnchrutha agus an chórais idirghníomhaigh il-tonnchrutha

Cúlra

Tá athdhearadh déanta ag IDC ar an uathchóras infreafhuaime agus tá tionscadail Extended-NDC-in-a-Box forbartha aige agus eisíodh na bogearraí ar dtús in 2016 agus rinneadh nuashonrú mór orthu in 2018 agus 2019. Is é a bhí sna hiarrachtaí maidir leis an gcóras próiseála infreafhuaime ná córas uathphróiseála de stáisiúin eagair agus bogearraí athbhreithnithe idirghníomhaí a fhorbairt. Rinneadh na huirlisí a forbraíodh a chomhtháthú in NDC-in-a-Box (lena n-áirítear leagan 5.0, an leagan is déanaí a eisíodh in 2019) agus i dtimpeallacht phróiseála IDC. Ina theannta sin, tá an poitéinseal ann leis an gcóras próiseála hidreafhuaimiúla giaráil mhór a dhéanamh ag éirí as na hiarrachtaí arna ndéanamh maidir leis an teicneolaíocht infreafhuaime a fhorbairt, ós rud é go bhfuil a lán de chomhpháirteanna an dá theicneolaíocht comhoiriúnach dá chéile ar mhórscála. Is gá, áfach, iarracht a dhéanamh comhpháirteanna agus próisis na mbogearraí a aonchineálú agus roinnt riachtanais teicneolaíochta neamhspleácha agus sonracha á gcur san áireamh ag an am céanna.

A bhuí le NDC-in-Box agus oiliúint thiomnaithe infreafhuaime a cuireadh ar fáil ag baint úsáid as cistiú a fuarthas roimhe seo ón Aontas, tá cumais anois ag na NDCanna maidir le teicneolaíochtaí infreafhuaime agus tá siad ag baint dianúsáid as uirlisí NDC-in-a-Box. Faigheann an IDC, ar bhonn leanúnach, iarrataí ar shainoiliúint thiomnaithe sa teicneolaíocht tonnchrutha, lena n-áirítear teicneolaíochtaí infreafhuaime agus hidreafhuaimiúla, chomh maith le héilimh ar bhogearraí speisialaithe nua nó feabhsaithe.

Molann IDC go leanfar de na hiarrachtaí chun na córais próiseála infreafhuaime agus hidreafhuaimiúla a chomhlánú chun tacú le riachtanais IDC agus IMS agus chun aghaidh a thabhairt ar iarrataí NDC ar bhogearraí úrscothacha. Is é is aidhm don tionscadal an córas próiseála hidreafhuaimiúil a chur ar chomhchéim leis an gcóras infreafhuaime athdhearaithe agus comhpháirteanna na mbogearraí a aonchineálú agus spleáchais theicneolaíochta sonracha aonair a bheachtú, agus leanúint ag an am céanna den phróiseáil a chur ar aghaidh chun coinneáil suas leis na forbairtí teicneolaíochta is déanaí. Leis an tionscadal seo ba cheart do IDC a bheith in ann comhtháthú rianúil uirlisí sonracha IDC i gcóras athchóirithe IDC atá á fhorbairt faoi láthair a phleanáil.

Cuspóirí

Tacú le héabhlóid chóras próiseála an stáisiúin chun riachtanais inbhuanaitheachta oibríocht IMS agus IDC a chomhlíonadh ar bhonn leanúnach.

Tacú le hiarrataí NDC ar bhogearraí, uasdátú bogearraí agus feidhmiúlachtaí le gníomhaíochtaí NDC a dhéanamh.

Leanúint d’fheidhmiúlachtaí úrscothacha a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar anailísí léirmhíniú ar chomharthaí infreafhuaime agus hidreafhuaimiúla don aithint foinse, chun inchreidteacht eolaíoch na dteicneolaíochtaí hidreafhuaimiúla agus infreafhuaime ag CTBTO a choinneáil.

Iarrachtaí a shaothrú ar shamhlacha forleata tonnta ag a bhfuil cainníochtú neamhchinnteachta a áireamh, go háirithe don teicneolaíocht infreafhuaime trí shonraíochtaí atmaisféaracha ardtaifeacha a chur san áireamh do phróiseáil líonraí agus don mhionanailís ar eachtraí chun cuspóirí na Straitéise Meántéarmaí a chomhlíonadh.

Spriocanna inghnóthaithe

Na spriocanna inghnóthaithe uile don tionscadal seo is feabhsuithe iad ar mhódúil bogearraí ar cuid iad de chóras próiseála IDC agus NDC-in-a-Box (lena n-áirítear módúil bogearraí do leaganacha de NDC-in-a-Box sa todhchaí).

Toradh

Leanúint d’inchreidteacht theicniúil agus eolaíoch chóras infreafhuaime agus hidreafhuaimiúil IDC a fhorbairt agus inbhuanaitheacht oibríochtaí IDC agus IMS a áirithiú, de réir mar a leagtar amach iad i sprioc straitéiseach 1 de Straitéis Mheántéarmach 2018-2021.

Leanúint de na hiarrachtaí i leith bhogearraí NDC-in-a-Box a tionscnaíodh agus a forbraíodh ó chistiú a fuarthas ón Aontas roimhe, lena gceadaítear do NDCanna na sonraí atá ar fáil ó IMS a phróiseáil chun faireachán a dhéanamh ar CTBT agus chun críoch náisiúnta. Chruthaigh na hiarrachtaí sin bonn úsáideora láidir NDC agus leis an tionscadal a beartaíodh mhéadófaí a thuilleadh iontaobhas na NDCanna in inchreidteacht an chórais fíorúcháin. Leis seo tugtar cumais bhreise do NDCanna chun go mbeidh siad in ann sonraí IDC a phróiseáil go huathoibríoch, sonraí ó stáisiúin IMS agus neamh-IMS a mheascadh in NDC-in-a-Box agus torthaí IDC a atáirgeadh i bpróiseáil uathoibríoch NDC-in-a-Box.

Comhoibriú le NDCanna chun córais infreafhuaime agus hidreafhuaimiúla úrscothacha a thógáil mar chuid d’iarrachtaí Athstruchtúrú an IDC.

CUID 2: Tionscadal 1 Fothú acmhainneachta do theicneolaíochtaí OSI

Tionscadal: Réamhchúrsaí Réigiúnacha OSI do 2 Réigiún Gheografacha CTBT

Cúlra

Léiríodh go bhfuil Réamhchúrsaí Réigiúnacha (RIC) OSI tábhachtach ó thaobh córas fíorúcháin CTBT a neartú, go háirithe ó thaobh Clár Oiliúna Cigirí OSI a fhorbairt agus ó thaobh iarrthóirí do chigirí ionadacha faoi oiliúint a ainmniú don chlár sin ó Stáit is Sínitheoir.

Tá an Coimisiún sna céimeanna deiridh den 3ú Timthriall Oiliúna Chigirí Ionadacha OSI. Ó thaobh dháileadh geografach agus inscne an timthrialla oiliúna reatha de, is é an daonra oiliúnaithe is éagsúlaí de réir na staitisticí, i gcomparáid leis an 1ú agus an 2ú timthriall oiliúna.

Taispeánann na taifid go bhfuil comhchoibhneas idir uimhreacha méadaithe na n-ainmniúchán ó réigiún geografach tar éis sheoladh RIC. Leis an 2 RIC is déanaí (a seoladh san Airgintín sa bhliain 2019 agus san Afraic Theas sa bhliain 2016) léiríodh méadú suntasach ar ainmniúcháin saineolaithe ó réigiún Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib agus ón Afraic, faoi seach, ar dhá réigiún iad a bhí tearcionadaithe i ngníomhaíochtaí oiliúna OSI. Níorbh ionann céatadán na hionadaíochta ar réigiún Mheiriceá Laidineach agus Muir Chairib, áfach, agus ionadaíocht na hAfraice toisc gur seoladh an RIC san Afraic díreach roimh thús an 3ú Timthriall Oiliúna, cé gur seoladh an RIC san Airgintín 2 bhliain ina dhiaidh sin i lár an timthrialla oiliúna.

Cé gur seoladh RICanna go débhliantúil san aimsir chaite, molann an tionscadal seo 2 RIC a sheoladh in 2 réigiún gheografacha CTBT éagsúla laistigh de 12 mhí dá chéile, chun go mbeidh an comhthiomsú geografach agus inscne is leithne d’oiliúnaithe ann sula dtosóidh an 4ú Clár Oiliúna Chigirí Ionadacha OSI.

Cuspóirí

Tá dhá chuspóir ag réamhchúrsaí réigiúnacha OSI:

córas OSI a chur in aithne do shaineolaithe teicniúla náisiúnta agus foireann ó Stáit is Sínitheoirí an réigiúin;

líon na saineolaithe ó Stáit is Sínitheoirí an réigiúin atá ar fáil chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a bhaineann le OSI a leathnú agus iarrthóirí a d’fhéadfadh a bheith ann d’uainchlár Rúnaíocht Theicniúil Shealadach de chigirí ionadacha a shainaithint.

Toradh

Eolas bunúsach faoin CTBT agus a fhorálacha a bhaineann le OSI a sholáthar mar aon le forléiriú ar ghníomhaíochtaí agus trealamh OSI, lena n-úsáidtear oiliúint phraiticiúil do shaineolaithe ó Stát is Sínitheoirí, go háirithe tíortha i mbéal forbartha, a mbeidh méadú ar ainmniúcháin agus rannpháirtíocht i gcláir oiliúna OIS a bheidh ann amach anseo mar thoradh orthu.

CUID 3: For-Rochtain Do Thíortha Nár Shínigh Agus Nár Dhaininigh An Conradh Lena nÁirítear Stáit Iarscríbhinn 2 & Fothú Acmhainneachta Na N-Óg, Na Bparlaiminteoirí, Na N-Iriseoirí Agus Na N-Eolaithe I Dtíortha Atá I Mbéal Forbartha Nó Atá Ag Teacht Chun Cinn

Tionscadal 1: For-rochtain d’eolaithe, an lucht acadúil, an tsochaí shibhialta, na heagraíochtaí idirnáisiúnta agus neamhrialtasacha, na parlaiminteoirí agus lucht ceaptha beartais, i dtreo theacht i bhfeidhm CTBT

Cúlra

Is bealach ríthábhachtach é idirghníomhú leis an gCoimisiún Ullmhúcháin ar leibhéal na saineolaithe chun tacaíocht pholaitiúil do ghnéithe uile CTBT agus do thús cadhnaíochta teicniúil agus fadbhreathnacht theicniúil sna gnéithe sin a choinneáil.

Le blianta beaga anuas, ba ríthábhachtach iad sraith comhdhálacha agus ócáidí for-rochtana acadúla, taidhleoireachta agus eolaíochta (mar shampla Comhdháil Eolaíochta agus Teicneolaíochta CTBT, Ceardlanna agus Comhdhálacha Réigiúnacha CTBT, Siompóisiaim) chun córas fíorúcháin CTBTO a fhothú agus a choinneáil agus muinín as a leathnú. Chuir siad le feasacht an phobail i dtaobh ról CTBTO freisin agus chuir siad béim ar a thábhachtaí atá an CTBT mar bhunchloch don chóras domhanda maidir le neamhleathadh agus dí-armáil.

Leis an tionscadal thíos baintear tairbhe as gníomhaíochtaí a rinneadh roimhe seo, a mhaoinigh an tAontas faoi Chinntí ón gComhairle roimhe seo agus le Gníomhaíochtaí Comhpháirteacha agus déanann sé rochtain PTS ar eolas straitéiseach agus ar inniúlachtaí a neartú a thuilleadh.

Bainfidh an tionscadal leas as sineirgí agus naisc thraseagrúcháin le straitéis for-rochtana níos leithne PTS.

Cuspóirí

Mír (i)

An próiseas SnT a neartú trí rannpháirtiú le lárionaid eolaíochta agus teicneolaíochta cheannasacha ar fud an domhain

Tá rochtain leanúnach ar eolas eolaíoch agus teicniúil ríthábhachtach do PTS chun tús cadhnaíochta teicniúil a choinneáil agus chun bheith ullamh ar bhealach cuí le haghaidh aon dúshlán teicneolaíoch a d’fhéadfadh a theacht chun cinn. Ina theannta sin, agus an comhar le lárionaid cheannasacha á chothú cheadófaí do CTBTO feasacht an CTBT a ardú mar aon leis an ról atá aige i measc glúin thrasnáisiúnta d’eolaithe agus saineolaithe teicniúla nua atá ag teacht chun cinn.

Spriocanna inghnóthaithe

Molann an tionscadal seo suas le ceithre chúrsa agus chlár oiliúna de mhéideanna éagsúla a sheoladh maidir le saincheisteanna CTBT, go háirithe i leith gnéithe eolaíocha agus teicniúla an CTBT.

Díreofar go sonrach ar thíortha i mbéal forbartha agus ar Stáit Iarscríbhinn 2, i gcomhréir le teacht i bhfeidhm PTS agus lena straitéisí uilithe. Ag eascairt as Siompóisiam 2020 ar Eolaíocht agus Taidhleoireacht a bhí pleanáilte agus a bhí le cistiú faoi Chinneadh (CBES) 2018/298, soláthróidh an tionscadal síolchistiú don chéad cheann eile sa tsraith Siompóisiam agus do Chomhdháil 2021 ar Eolaíocht agus Teicneolaíocht, agus leagfar béim ar leith ar rannpháirtíocht na mban agus na ndaoine ó thíortha i mbéal forbartha, mar aon le Stáit Iarscríbhinn 2 nár dhaingnigh an conradh, lena n-áirítear comhaltaí óga Grúpa CTBTO na nÓg agus Grúpa na nDaoine Uaisle.

Mír (ii)

Uiliú an Chonartha trí Cheardlanna Réigiúnacha agus Foréigiúnacha:

Freagracht don chomhphobal idirnáisiúnta iomlán is ea domhain a bhaint amach atá saor ó thrialacha núicléacha trí chóras infhorfheidhmithe atá ceangailteach ó thaobh an dlí de.

Chun an sprioc sin a bhaint amach, ní mór straitéis réamhghníomhach i leith ardú feasachta, fothú muiníne agus comhar réigiúnach a chur i bhfeidhm.

Mar shampla, Ceardlann Réigiúnach Stáit an Aigéin Chiúin a reáchtáladh in 2018 agus Ceardlann Réigiúnach na hÁise Thoir Theas a reachtáladh in 2014, d’éirigh go han-mhaith leo i dtéarmaí sínithe agus daingnithe breise an Chonartha amhail an Téalainn agus Tuvalu a áirithiú.

Spriocanna inghnóthaithe

Beidh an chuid shonrach seo den tionscadal ag díriú ar cheithre chomhdháil fhoréigiúnacha ar a laghad a chomóradh. Reáchtálfar dhá cheann acu ar mhór-roinn na hAfraice agus é mar raon feidhme acu tíortha na hAfraice a bhfuil an CTBT fós le síniú acu a dhaingniú a spreagadh chun sin a dhéanamh. Déanfar ceardlann amháin a chomóradh i measc náisiúin na hAfraice a bhfuil an Béarla acu. Díreoidh an dara ceardlann ar na comhaltaí a bhfuil an Fhraincis acu.

Beidh eolaithe óga páirteach sa dá cheardlann eile agus déanfar iarracht sna ceardlanna sin tús cadhnaíochta a léiriú i dtaobh an idirphlé eolaíoch réigiúnaigh san Áise agus san Eoraip faoi seach.

Mír (iii)

An Spéis Acadúil in CTBT a athbheochan:

Le linn na 80idí agus na 90idí bhí díospóireacht go mór i mbéal an lucht acadúil faoin gcaoi a bhféadfaí deireadh a chur le trialacha núicléacha. Ba iad gluaiseachtaí sóisialta na ngníomhaithe comhshaoil óga a raibh spéis acu i gcomhar domhanda níos láidre a bhaint amach ar mhaithe le slí maireachtála níos inbhuanaithe a thug inspioráid don ugach intleachtúil agus a choinnigh ar siúl é. Sa lá atá inniu ann, tá easpa oibre acadúil ann i dtaobh an CTBT agus is fánach gur é an caighdeán a bheith i gcoinne trialacha núicléacha. Mar thoradh air sin, is annamh a phléitear ról an CTBT agus an fheidhm thábhachtach atá aige i gcuraclaim oideachais. Féadann an tionscadal an cás seo a réiteach trí líon beag síolchistithe a sholáthar chun an méid a leanas a chumhdach:

Spriocanna inghnóthaithe

trí cheardlann acadúla a sheoladh: i Londain, Páras, Moscó, Washington, Beirlín nó i gCathair na hAilgéire.

Ar a laghad cúig pháipéar a choimisiúnú ina bpléitear an chaoi a bhfuil an CTBT ríthábhachtach chun iontaobhas agus muinín straitéiseach a fhothú ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal domhanda.

For-rochtain chuig 10 n-ollscoil ar a laghad ina múintear faoi shaincheisteanna a bhaineann le rialú arm agus neamhleathadh chun iad a spreagadh an CTBT a áireamh ina gcuraclam oideachais ar leibhéal an fhochéimí agus ar leibhéal an chéimí.

Mír (iv)

Foilseachán CTBT a bhunú do scoláirí óga

Ó bunaíodh a Ghrúpa na nÓg in 2016, thug CTBTO faoi thréaniarrachtaí chun a áirithiú go bhfuil daoine óga i láthair i ngach ceann dá cheardlanna agus ag gach ócáid. Ina theannta sin, le linn Chomhdháil 2017 agus 2019 ar Eolaíocht agus Teicneolaíocht, eisíodh irisleabhar darbh ainm Newsroom Project chun béim a chur ar dhearcadh na scoláirí óga faoin gcaoi a bhféadfaí CTBT a thabhairt i bhfeidhm.

Spriocanna inghnóthaithe

De bhun an aiseolais dhearfaigh a fuarthas, d’áiritheodh an tionscadal seo go n-eiseofaí an t-irisleabhar ar bhonn comhsheasmhach tréimhsiúil (dhá uair sa bhliain go hidéalach). Agus an rud is tábhachtaí, leis an gcistiú ón tionscadal seo d’fheabhsófaí cáilíocht an fhoilseacháin agus dhéanfaí é a thiontú ina acmhainn inar féidir le scoláirí óga smaointe a mhalartú faoi CTBT agus é a phlé.

Toradh

I dteannta leis an tslándáil domhanda níos fearr, le tacaíocht an Aontais don tionscadal seo cuirfear go mór le Straitéis an Aontais i gcoinne leathadh arm ollscriosta agus leis an gComhsheasamh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le huilíochas agus le comhaontuithe iltaobhacha a neartú i réimse neamhleathadh arm ollscriosta agus a mhodh seachadta. Beidh pobal leathan de gheallsealbhóirí rannpháirteach i saincheisteanna a bhaineann le CTBT mar thoradh ar na tionscadail; agus déanfaidh siad sineirgí intra-eagraíocht, éifeachtúlacht agus éifeachtacht a chur chun cinn laistigh de PTS; agus déanfaidh siad an for-rochtain chuig príomh-gheallsealbhóirí i Stáit nár shínigh agus/nó nár dhaingnigh an CTBT go fóill, lena n-áirítear Stáit Iarscríbhinn II, a threisiú chun teacht i bhfeidhm agus uilíochas CTBT a bhaint amach.

Tionscadal 2: Tionscadal le haghaidh rannpháirtíocht saineolaithe teicniúla ó Thíortha i mBéal Forbartha i gcruinnithe teicniúla oifigiúla den Choimisiún Ullmhúcháin (tagairt neamhfhoirmiúil “Treoirthionscadal”)

Rannpháirtíocht mhéadaithe na saineolaithe ó thíortha i mbéal forbartha agus i mbéal a dtionsclaithe i gcruinnithe teicniúla oifigiúla an Choimisiúin agus i gcruinnithe eolaíocha agus teicniúla arna reáchtáil ag PTS. Tugtar an deis do na saineolaithe a bhfaisnéis eolaíóch agus theicniúil agus a scileanna eolaíocha agus teicniúla a fheabhsú i ndáil leis na teicneolaíochtaí fíorúcháin (seismeach, hidreafhuaimiúil, infreafhuaime agus radanúiclíde).

Cúlra

Tá easpa acmhainní airgeadais in an-chuid tíortha i mbéal forbartha agus i mbéal a dtionsclaithe agus mar sin níl a saineolaithe i ann páirt a ghlacadh san obair eolaíoch agus teicniúil atá ar siúl i gcruinnithe teicniúla oifigiúla an Choimisiúin Ullmhúcháin. Ciallaíonn sé sin go bhfuil easnamh soiléir ann i dtaobh rannpháirtíocht ionadaithe ó thíortha i mbéal forbartha sna moltaí agus sna cinntí a dhéantar maidir leis na saincheisteanna teicniúla atá ábhartha ó thaobh réimeas fíorúcháin an CTBT de. Is fadhb é an t-easnamh sin ó tharla go bhfuil, nó go mbeidh, go leor stáisiún de chuid Chóras Faireacháin Idirnáisiúnta an CTBT lonnaithe ar chríoch tíortha i mbéal forbartha nó i mbéal a dtionsclaithe agus go ndéantar nó go ndéanfaidh institiúidí na tíre iad a bhainistiú. Ina theannta sin, tá an-chuid tíortha i mbéal forbartha i mbun a Lárionaid Sonraí Náisiúnta a bhunú agus a fheabhsú chun go mbeidh siad in ann tairbhe a bhaint as na sonraí agus na táirgí a ghintear leis an gcóras fíorúcháin.

Ciallaíonn an easpa rannpháirtíochta sin go n-eisítear an-chuid tíortha ó mhodh tábhachtach lena bhféadfaidís a n-acmhainneacht, faisnéis agus scileanna a bhaineann le teicneolaíochtaí fíorúcháin an CTBT a fheabhsú. Tá na teicneolaíochtaí sin ábhartha ní hamháin do chuspóirí an CTBT a bhaineann le díarmú agus neamhleathadh, ach freisin do chur i bhfeidhm sibhialta agus eolaíoch tábhachtach lena dtugtar buntáiste níos leithne do phobail sna tíortha sin, amhail rabhadh tubaiste do shúnámaithe, creathanna talún agus brúchtaí bolcánacha.

Mar sin, le linn Cuid II dá 27ú Seisiún (13-17 Samhain 2006), chomhaontaigh an Coimisiún treoirthionscadal a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin. Ag a 51ú Sheisiún (7-9 Samhain 2018), chinn an Coimisiún leanúint den tionscadal ar feadh trí bliana eile ó 2019 go dtí 2021.

Go dtí seo, bhíothas in ann an cistiú a choinneáil i gcomhair suas le 12 shaineolaí. Leis an gcistiú breise seo, d’fhéadfaí tuilleadh saineolaithe a roghnú ó líon níos mó d’ainmniúchán iarrthóirí.

Cuspóirí

Carachtar uilíoch an Choimisiúin Ullmhúcháin do CTBTO agus fothú acmhainneachta i dtíortha i mbéal forbartha agus i mbéal a dtionsclaithe a neartú trí rannpháirtíocht mhéadaithe shaineolaithe na dtíortha sin i bpróisis cinnteoireachta CTBTO agus a n-acmhainneacht fheabhsaithe i ndáil le teicneolaíochtaí fíorúcháin CTBTO agus le cur i bhfeidhm sibhialta agus eolaíoch níos leithne na dteicneolaíochtaí.

Toradh

Rannpháirtíocht mhéadaithe na saineolaithe ó thíortha i mbéal forbartha agus i mbéal a dtionsclaithe i gcruinnithe teicniúla oifigiúla an Choimisiúin agus i gcruinnithe eolaíocha agus teicniúla arna reáchtáil ag PTS. Tugtar an deis do na saineolaithe a bhfaisnéis eolaíoch agus teicniúil agus a scileanna eolaíocha agus teicniúla a fheabhsú i ndáil leis na teicneolaíochtaí fíorúcháin (seismeach, hidreafhuaimiúil, infreafhuaime agus radanúiclíde).