19.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 196/12 |
CINNEADH (CBES) 2020/850 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Meitheamh 2020
lena leasaítear Cinneadh 2014/386/CBES maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 23 Meitheamh 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/386/CBES (1). |
(2) |
Ní thugann an Chomhairle Eorpach aitheantas don ionghabháil neamhdhleathach a rinne Cónaidhm na Rúise ar an gCrimé agus Sevastopol agus leanann sí den ionghabháil sin a cháineadh agus beidh sí tiomanta i gcónaí dá beartas neamhaitheantais a chur chun feidhme ina iomláine. |
(3) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2014/386/CBES, ba cheart na bearta sriantacha a athnuachan go dtí an 23 Meitheamh 2021. |
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2014/386/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 5 de Chinneadh 2014/386/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:
“Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 23 Meitheamh 2021.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Meitheamh 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A.METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Cinneadh 2014/386/CBES ón gComhairle an 23 Meitheamh 2014 maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol (IO L 183, 24.6.2014, lch. 70).