12.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 187/10 |
CINNEADH (AE) 2020/768 ÓN GCOMHAIRLE
an 9 Meitheamh 2020
lena leasaítear Cinneadh (AE) 2016/915 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an tréimhse thagartha atá beartaithe a úsáid chun an méadú ar astaíochtaí CO2 a thomhas, chun iarmhairtí phaindéim COVID-19 a chur san áireamh i gcomhthéacs CORSIA
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
In 2016, i Rún A39-3 (“Rún A39-3”) uaidh, chinn an 39ú Comhthionól den Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), arna bunú le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (“an Coinbhinsiún”) beart domhanda margadhbhunaithe a fhorbairt chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ón eitlíocht idirnáisiúnta a theorannú do leibhéil 2020. Le Cinneadh (AE) 2016/915 ón gComhairle (1), bunaíodh seasamh an Aontais i leith mhionsaothrú agus ghlacadh an tsásra sin agus a eilimintí mionsonraithe éagsúla. |
(2) |
An 27 Meitheamh 2018, ag an deichiú cruinniú dá 214ú seisiún, ghlac Comhairle ICAO an chéad eagrán d’Imleabhar IV d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún: na Caighdeáin Idirnáisiúnta agus na Cleachtais Mholta maidir le Cosaint an Chomhshaoil – an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (“CORSIA”). I gcomhréir le Rún A39-3, ar ghabh Rún A40-19, arna ghlacadh ag Comhthionól ICAO le linn an 40ú seisiún dá chuid (“Rún A40-19”) a ionad, bunaítear leis an gCéad Eagrán sin inter alia na luachanna astaíochtaí atá le húsáid chun tosca fáis a ríomh (Toisc Fáis Earnála agus Tosca Fáis na nOibreoirí Aerárthaí araon). Cinntear na luachanna sin mar mheán na n-astaíochtaí CO2 eitlíochta idirnáisiúnta a chumhdaítear ag CORSIA le linn 2019 agus 2020 (ar leibhéal na hearnála agus ar leibhéal na n-oibreoirí aerárthaí aonair). |
(3) |
Beidh laghdú substaintiúil ar astaíochtaí CO2 ón eitlíocht idirnáisiúnta in 2020 mar thoradh ar phaindéim COVID-19 atá ag dul ar aghaidh go fóill. Dá bhrí sin, beidh mar thoradh uirthi freisin go mbeidh luachanna astaíochtaí CORSIA i bhfad níos lú á n-úsáid chun tosca fáis a ríomh. Mura leasaítear na luachanna sin, d’fhéadfadh sé a bheith mar thoradh ar luachanna astaíochtaí CORSIA i bhfad níos lú a bheith á n-úsáid go mbeadh ceanglais fritháirithe i bhfad níos airde ann, ag brath ar ráta téarnaimh an aerthráchta idirnáisiúnta agus ar fhorbairt astaíochtaí CO2 ón aerthrácht idirnáisiúnta. |
(4) |
Is dóigh go nglacfaidh, agus go deimhin tá sé tábhachtach go nglacfadh Comhairle ICAO cinneadh ag an 220ú Seisiún a bheidh aici an 8-26 Meitheamh 2020, i ndáil le leasú na luachanna astaíochtaí a úsáidtear chun tosca fáis a ríomh faoi CORSIA, agus chun a bheith níos cruinne, i ndáil leis an tréimhse thagartha atá le cur san áireamh (“an tréimhse bhonnlíne”). |
(5) |
Ba é a bheadh in aon leasú ar Chaighdeáin Idirnáisiúnta agus ar Chleachtais Mholta CORSIA cinneadh arna dhéanamh ag comhlacht arna chur ar bun le comhaontú agus a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis de réir bhrí Airteagal 218(9) CFAE. |
(6) |
Cé go bhfuil tacaíocht chomhsheasmhach tugtha ag an Aontas agus na Ballstáit do sprioc laghdaithe dhomhanda, i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón eitlíocht idirnáisiúnta, ar leibhéal nach airde ná leibhéil 2020, is cosúil, agus cúinsí mar atá faoi láthair, gurb é an tagairt do 2019 mar an tréimhse bhonnlíne an tagairt ionadaíoch is cóngaraí is féidir a bheith ann bunaithe ar fhíorshonraí chun aithris a dhéanamh ar sprioc fhadtéarmach ICAO, fás atá neodrach ó thaobh carbóin de a bhaint amach ó 2020 ar aghaidh, mar a bhunaítear i Rún A 39-3. I bhfianaise an mhéid sin, agus d’fhonn tacaíocht leordhóthanach a chaomhnú, chun príomheilimintí dearaidh CORSIA a chaomhnú agus bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil faoi láthair, ba cheart glacadh le bliain féilire 2019 mar an tréimhse bhonnlíne. |
(7) |
Níor cheart tacú leis an rogha mhalartach a tarraingíodh anuas sa díospóireacht reatha, eadhon tréimhsí bhonnlíne éagsúla a bhunú le haghaidh tíortha éagsúla, ag brath ar leibhéal forbartha na dtíortha sin, ar an mbliain a chuaigh siad isteach in CORSIA nó ar chritéir eile. Ba shárú é sin ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe, mar a luaitear é i Rún A40-19 agus d’fhéadfadh sé láithreacht leanúnach CORSIA san fhoirm ina bhfuil sé faoi láthair a chur i mbaol. |
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (AE) 2016/915 a leasú chun a chur ar chumas an Aontais agus a Bhallstát glacadh le bliain féilire 2019 mar an tréimhse bhonnlíne. |
(9) |
Ba cheart do phrionsabal an athbhreithnithe rialta leanúint d’fheidhm a bheith aige. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a mheabhrú go bhforáiltear i Rún A40-19 d’athbhreithniú ar CORSIA gach trí bliana. Tá an chéad athbhreithniú le bheith ann in 2022. Dá fhad a thógann sé ar an earnáil na leibhéil tráchta agus astaíochtaí ghaolmhara a bhaint amach a bhí ann roimh an ngéarchéim, is ea is mó ábharthacht an athbhreithnithe sin a mhéid a bhaineann leis na luachanna astaíochtaí a úsáidtear chun tosca fáis a ríomh. I gcás téarnamh mall ar an earnáil eitlíochta, is éard is dóigh a bheidh mar thoradh ar bhonnlíne astaíochtaí 2019 nach mbeidh aon cheanglais fritháirithe ann nó go mbeidh íoscheanglais fritháirithe ann le linn “céim phíolótach” CORSIA (2021-2023). Cuirtear béim ar ábharthacht an athbhreithnithe sin leis an ngá atá le comhsheasmhacht a áirithiú le sprioc mhianaidhme fhadtéarmach i ndáil le laghdú astaíochtaí CO2, ar comhchuí le spriocanna teochta Chomhaontú Pháras, agus beidh an ábharthacht sin le breithniú ag Comhthionól ICAO. D’fhéadfaí a áireamh san athbhreithniú sin, dá mb’ábhartha, sainiú ar an tréimhse bhonnlíne. |
(10) |
De réir Airteagal 28b(2) agus (3) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), laistigh de 12 mhí tar éis do ICAO na hionstraimí ábhartha a ghlacadh agus sula dtiocfaidh an beart margadhbhunaithe domhanda i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbreithneoidh sé bealaí chun na hionstraimí sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais trí athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir sin agus ba cheart dó togra a thíolacadh maidir le CORSIA a chur chun feidhme, de réir mar is iomchuí, comhchuí le rannchuidiú na hearnála heitlíochta a áirithiú maidir le gealltanas an Aontais gáis ceaptha teasa a laghdú ar fud an gheilleagair faoi 2030, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (AE) 2016/915, cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i ndiaidh an dara fleasc:
“— |
d’fhonn tionchar phaindéim COVID-19 ar astaíochtaí 2020 a chur san áireamh, glacann an tAontas go ndéanfar leasú ar na luachanna astaíochtaí atá le húsáid chun tosca fáis arna mbunú in CORSIA a ríomh chun tagairt do leibhéil na n-astaíochtaí in 2019;”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Meitheamh 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A.METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Cinneadh (AE) 2016/915 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2016 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i ndáil leis an ionstraim idirnáisiúnta atá le tarraingt suas laistigh de chomhlachtaí ICAO agus a bhfuil sé beartaithe gurb é a thiocfadh aisti cur chun feidhme birt dhomhanda mhargadhbhunaithe aonair le haghaidh astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta ó 2020 ar aghaidh (IO L 153, 10.6.2016, lch. 32).
(2) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).