27.5.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 165/38


CINNEADH (AE) 2020/702 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2020

lena gcuirtear síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430 agus arna shíneadh le Cinneadh (AE) 2020/556, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 240(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (AE) 2020/430 (1) ón gComhairle, tugadh isteach maolú míosa amháin ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 12(1) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (2) a mhéid a bhaineann le cinntí an gnáthnós imeachta i scríbhinn a úsáid, i gcás ina ndéanfaidh Coiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát (Coreper) na cinntí sin. Rinneadh foráil don mhaolú sin go dtí an 23 Aibreán 2020.

(2)

Le Cinneadh (AE) 2020/430 foráiltear, más rud é go dtugann na himthosca eisceachtúla leanúnacha bonn cirt dó, go bhféadfaidh an Chomhairle an Cinneadh sin a athnuachan. An 21 Aibreán 2020, le Cinneadh (AE) 2020/556 (3), chuir an Chomhairle síneadh leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2020/430 go ceann tréimhse eile míosa ón 23 Aibreán 2020. Téann an síneadh a cuireadh leis an maolú sin in éag an 23 Bealtaine 2020.

(3)

Ós rud é gur ann fós do na himthosca eisceachtúla a chruthaigh paindéim COVID-19, agus roinnt bearta urghnácha coisctheacha agus srianta arna ndéanamh ag na Ballstáit fós i bhfeidhm, is gá síneadh a chur leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2020/430, arna shíneadh le Cinneadh (AE) 2020/556, go ceann tréimhse theoranta eile go dtí 10 Iúil 2020,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, cuirtear síneadh leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Cinneadh (AE) 2020/430, arna shíneadh le Cinneadh (AE) 2020/556, go dtí 10 Iúil 2020.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a nglacfar é.

Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Cinneadh (AE) 2020/430 ón gComhairle an 23 Márta 2020 maidir le maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 88 I, 24.3.2020, lch. 1).

(2)  Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).

(3)  Cinneadh (AE) 2020/556 ón gComhairle an 21 Aibreán 2020 lena gcuirtear síneadh leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430 i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 128 I, 23.4.2020, lch. 1).