15.5.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 153/1


CINNEADH (AE) 2020/649 ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Bealtaine 2020

maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh le linn an 56ú seisiún den Choiste Saineolaithe um Iompar Earraí Contúirteacha de chuid na hEagraíochta Idir-Rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród i ndáil le leasuithe áirithe ar Aguisín C a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is trí bhíthin Chinneadh 2013/103/AE (1) a d’aontaigh an tAontas don Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród an 9 Bealtaine 1980 (“COTIF”), arna leasú le Prótacal Vilnias an 3 Meitheamh 1999.

(2)

Is Páirtithe in COTIF iad gach Ballstát seachas an Chipir agus Málta.

(3)

In Airteagal 6 COTIF, luaitear go bhfuil trácht iarnróid idirnáisiúnta agus cead d’ábhar iarnróid sa trácht idirnáisiúnta le rialú le rialacha a liostaítear san Airteagal sin, go háirithe na Rialacháin maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), is é sin Aguisín C a ghabhann le COTIF.

(4)

Le Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leagtar síos riachtanais le haghaidh iompar earraí contúirteacha de bhóthar, d’iarnród nó ar uiscebhealaí intíre laistigh de na Ballstáit nó eatarthu ar bhonn na RID.

(5)

De bhun litir d) d’Airteagal 13 § 1 agus Airteagal 33 § 5 COTIF, is féidir leis an gCoiste Saineolaithe um Iompar Earraí Contúirteacha (“Coiste Saineolaithe RID”) de chuid na hEagraíochta Idir-Rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (OTIF) an Iarscríbhinn a ghabhann le RID a leasú.

(6)

Ag an 56ú seisiún de Choiste Saineolaithe RID an 27 Bealtaine 2020, glacfaidh siad leasuithe leis an Iarscríbhinn a ghabhann le RID a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.

(7)

Baineann na leasuithe atá beartaithe le caighdeáin theicniúla agus is é is aidhm dóibh a áirithiú gur go sábháilte éifeachtúil a iomprófar earraí contúirteacha, agus dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil san earnáil, chomh maith le forbairt substaintí agus earraí nua a d’fhéadfadh a bheith ina mbaol le linn a n-iompartha, á gcur san áireamh.

(8)

Meastar gurb iomchuí na leasuithe atá beartaithe ó thaobh iompar sábháilte earraí contúirteacha ar bhealach atá costéifeachtach de agus féadfar tacú leo dá bhrí sin.

(9)

Is iomchuí an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gCoiste Saineolaithe RID a leagan síos mar beidh na leasuithe ar RID ceangailteach ar an Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais le linn an 56ú seisiún den Choiste Saineolaithe um Iompar Earraí Contúirteacha de chuid na hEagraíochta Idir-Rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród faoi chuimsiú an Choinbhinsiúin maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród an 9 Bealtaine 1980, mar a leasaítear é le Prótacal Vilnias an 3 Meitheamh 1999, mar a leagtar amach é sa tábla de leasuithe i ndoiciméad ST 7049/20 (3).

Féadfaidh ionadaithe an Aontais i gCoiste Saineolaithe RID mionathruithe a shocrú ar na doiciméid dá dtagraítear sa tábla sin de leasuithe gan cinneadh dá éis sin ón gComhairle.

Airteagal 2

A luaithe a ghlacfar na cinntí ó Choiste Saineolaithe RID, foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart dáta a dteacht i bhfeidhm a bheith luaite leo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Bealtaine 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Cinneadh 2013/103/AE ón gComhairle an 16 Meitheamh 2011 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Idir-rialtasach um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród maidir le hAontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF) an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnias an 3 Meitheamh 1999, IO L 51, 23.2.2013, lch. 1.

(2)  Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).

(3)  Tá doiciméad ST 7049/20 ar fáil ag http://register.consilium.europa.eu.