8.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 113/22


CINNEADH (CBES) 2020/512 ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Aibreán 2020

lena leasaítear Cinneadh 2011/235/CBES maidir le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/235/CBES (1).

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2011/235/CBES, measann an Chomhairle gur cheart na bearta sriantacha a leagtar amach ann a athnuachan go dtí an 13 Aibreán 2021.

(3)

Chinn an Chomhairle freisin gur cheart na hiontrálacha a bhaineann le 82 duine atá san áireamh san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES a nuashonrú.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2011/235/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2011/235/CBES mar seo a leanas:

(1)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 13 Aibreán 2021. Déanfar athbhreithniú leanúnach air. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.”;

(2)

leasaítear an Iarscríbhinn mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Aibreán 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Cinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 maidir le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (IO L 100, 14.4.2011, lch. 51).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n‐iontrálacha a bhaineann leis na daoine seo a leanas a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES:

Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“1.

AHMADI‐ MOQADDAM Esmail

Áit bhreithe: Tehran (Iran)

Dáta breithe: 1961

Inscne: fireann

Iar‐Chomhairleoir Sinsearach Gnóthaí Slándála do Cheannaire Armed Forces General Staff. Ceannaire Phóilíní Náisiúnta na hIaráine ó 2005 go dtí go luath in 2015. Chomh maith leis sin, bhí sé ina Cheann ar Chibearphóilíní na hIaráine (liostaithe) ó mhí Eanáir 2011 go dtí go luath in 2015. Spreag fórsaí faoina cheannas ionsaithe brúidiúla ar agóidí síochánta, agus ionsaí foréigneach oíche ar shuanliosanna Ollscoil Tehran an 15 Meitheamh 2009. Faoi láthair tá sé ina cheann ar Cheanncheathrú na hIaráine ag tacú le Muintir Éimin.

12.4.2011

2.

ALLAHKARAM Hossein

Áit bhreithe: Najafabad (Iran)

Dáta breithe: 1945

Inscne: fireann

Ceann Ansar‐e Hezbollah Coordination Council agus iarghinearál in IRGC. Chomhbhunaigh sé Ansar‐e Hezbollah. Ba é an fórsa paraimíleata seo ba chúis le foréigean as cuimse le linn cniogbheartaíocht i gcoinne mac léinn agus ollscoileanna in 1999, 2002 agus 2009.

Tá a ról sinsearach fós aige in eagraíocht atá réidh chun sáruithe ar chearta an duine a dhéanamh i gcoinne an phobail, lena n‐áirítear ionsaí in aghaidh na mban a chur chun cinn as a rogha éadaí.

12.4.2011

3.

ARAGHI (ERAGHI) Abdollah

Inscne: fireann

Teideal: Briogáidire‐Ghinearál

Briogáidire‐Ghinearál in IRGC. Ceann ar Security Department of the General Staff of the Armed Forces. Iar‐Leas‐Cheann Fhorsaí Talún IRGC. Bhí sé freagrach go díreach agus go pearsanta as cniogbheartaíocht a dhéanamh ar agóidí le linn an tsamhraidh in 2009.

12.4.2011

4.

FAZLI Ali

Inscne: fireann

Teideal: Briogáidire‐Ghinearál

Ceannaire Imam Hossein Cadet College (ó 2018 i leith). Iar‐Leas‐Cheannasaí Basij (2009‐2018), Ceann Seyyed al‐Shohada Corps de chuid IRGC, CúigeTehran (go dtí mí Feabhra 2010). Tá Seyyed al‐Shohada Corps i gceannas ar shlándáil igCúige Tehran agus bhí ról lárnach aige sa bhrú faoi chois brúidiúil a rinneadh ar agóideoirí in 2009.

12.4.2011

6.

JAFARI Mohammad‐Ali (dá ngairtear “Aziz Jafari” freisin)

Áit Bhreithe: Yazd (Iran)

Dáta breithe: 1.9.1957

Inscne: fireann

Stiúrthóir Hazrat‐e Baqiatollah Social and Cultural Base. Iar‐Cheannasaí IRGC (mí Mheán Fómhair 2007‐ mí Aibreáin 2019). Bhí príomhról ag IRGC agus Sarollah Base, faoi stiúir an Ghinearáil Mohammad‐Ali (Aziz) Jafari, maidir le cur isteach go mídhleathach ar thoghcháin uachtaránachta 2009, gníomhaithe polaitiúla a ghabháil agus a choinneáil, chomh maith le dul i ngleic le hagóideoirí sna sráideanna.

12.4.2011

7.

KHALILI Ali

Inscne: fireann

Ginearál IRGC, ról sinsearach Sarollah Base. Shínigh sé litir a seoladh chuig an Aireacht Sláinte an 26 Meitheamh, 2009 ag cur cosc ar dhoiciméid nó taifid leighis a chur faoi bhráid aon duine a gortaíodh nó a cuireadh san ospidéal le linn imeachtaí i ndiaidh na dtoghchán.

12.4.2011

8.

MOTLAGH Bahram Hosseini

Inscne: fireann

Iar‐cheann Army Command and General Staff College (DAFOOS). Iar‐Cheann Seyyed al‐Shohada Corps de chuid IRGC, Cúige Tehran. Bhí príomhról ag Seyyed Sal‐Shohada Corps maidir leis an mbrú faoi chois a rinneadh ar na hagóidí in 2009 a eagrú.

12.4.2011

9.

NAQDI Mohammad‐Reza

Áit Bhreithe: Najaf (Iraq)

Dáta breithe: Thart ar 1952

Inscne: fireann

Teideal: Briogáidire‐Ghinearál

Leas‐Chomhordaitheoir Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC). Iar‐Leas‐Cheannaire IRGC do ghnóthaí cultúrtha agus sóisialta. Iar‐Cheannasaí Basij (2009‐2016). Mar cheannasaí ar Basij Forces de chuid IRGC, bhí Naqdi freagrach as mí‐úsáidí Basij a tharla go déanach sa bhliain 2009 nó bhí sé comhpháirteach iontu, lena n‐áirítear an fhreagairt fhoréigneach ar agóidí Lá Ashura i mí na Nollag 2009, inar maraíodh suas le 15 duine agus inar gabhadh na céadta agóideoir. Sular ceapadh é mar cheannasaí ar Basij i mí Dheireadh Fómhair 2009, bhí Naqdi ina cheann ar aonad faisnéise Basij a bhí freagrach as na daoine sin a gabhadh le linn na cniogbheartaíochta iarthoghcháin a cheistiú.

12.4.2011

10.

RADAN Ahmad‐Reza

Áit Bhreithe: Isfahan (Iran)

Dáta breithe:1963

Inscne: fireann

Ceann ar Centre for Strategic Studies of the Iranian Law Enforcement Force, comhlacht atá nasctha leis na póilíní náisiúnta. Leas‐Cheannaire phóilíní náisiúnta na hIaráine go dtí mí an Mheithimh 2014. Mar Leas‐Cheannaire na bpóilíní náisiúnta ó 2008, bhí Radan freagrach as bascadh, dúnmharú, gabháil agus coinneáil threallach a rinne fórsaí na bpóilíní i gcoinne agóideoirí. Faoi láthair, is é an ceannasaí ar oiliúint fhórsaí 'frithsceimhlitheoireachta' na hIaráice.

12.4.2011

11.

RAJABZADEH Azizollah

Inscne: fireann

Comhairleoir do mhéara Tehran. Iar‐Cheann Tehran Disaster Mitigation Organisation (2010‐2013). Mar Cheann phóilíní Tehran go dtí mí Eanáir 2010 bhí sé freagrach as ionsaithe foréigneacha póilíní ar agóideoirí agus ar mhic léinn. Mar Cheannasaí Law Enforcement Forces in the Greater Tehran, ba é Azizollah Rajabzadeh an t‐ardoifigeach is tábhachtaí a bhí ina chúisí i gcás mí‐úsáidí in Kahrizak Detention Centre i mí na Nollag 2009.

12.4.2011

12.

SAJEDI‐NIA Hossein

Inscne: fireann

Leas‐Cheannasaí oibríochtaí póilíneachta. Iar‐Cheann phóilíní Tehran, iar‐Leas‐Cheannaire phóilíní náisiúnta na hIaráine atá freagrach as oibríochtaí póilíní. Tá sé i gceannas ar oibríochtaí brú faoi chois i bpríomhchathair na hIaráine a chomhordú don Aireacht Gnóthaí Baile.

12.4.2011

13.

TAEB Hossein

Áit Bhreithe: Tehran (Iran)

Dáta breithe: 1963

Inscne: fireann

Ceann eagraíocht faisnéise IRGC ó mhí Deireadh Fómhair 2009 i leith. Méadaíodh a chuid freagrachtaí i mí na Bealtaine 2019 nuair a cumascadh Office of the Deputy of Strategic Intelligence of the IRGC agus Intelligence Organization IRGC. Ceannasaí Basij go dtí mí Dheireadh Fómhair 2009. Ghlac fórsaí faoina cheannas páirt in oll‐léasadh, dúnmharuithe, coinneáil agus céastóireacht agóideoirí síochánta.

12.4.2011

14.

SHARIATI Seyeed Hassan

Inscne: fireann

Comhairleoir agus Comhalta den 28ú roinn de Supreme Court. Ceann Mashhad Judiciary go dtí mí Mheán Fómhair 2014. Rinneadh trialacha faoina mhaoirseacht go hachomair agus laistigh de sheisiúin dhúnta, gan cloí le cearta bunúsacha an chúisí, agus ag brath ar admhálacha a tógadh faoi bhrú agus faoi chéasadh. Ós rud é gur eisíodh rialuithe básuithe en masse, eisíodh pionóis an bháis gan nósanna imeachta maidir le héisteacht chóir a chomhlíonadh go cuí.

12.4.2011

15.

DORRI‐ NADJAFABADI Ghorban‐Ali

Áit Bhreithe: Najafabad (Iran) –

Dáta breithe: 1945

Inscne: fireann

Comhalta de Assembly of Experts agus ionadaí an Supreme Leader i gCúige Markazi ('Lár') agus Ceann Supreme Administrative Court. Ionchúisitheoir Ginearálta na hIaráine go dtí mí Mheán Fómhair 2009, chomh maith le hiar‐Aire Faisnéise faoi Uachtaránacht Khatami. Mar Ionchúisitheoir Ginearálta na hIaráine, d'ordaigh sé agus rinne sé maoirsiú ar na seóthrialacha tar éis na chéad agóidí i ndiaidh an toghcháin, inar diúltaíodh cearta agus aturnae do na cúisithe.

12.4.2011

16.

HADDAD Hassan (dá ngairtear Hassan ZAREH DEHNAVI freisin)

Inscne: fireann

Iar‐Leas‐Oifigeach Sábháilteachta Chúirt Réabhlóideach Teheran. Iar‐Bhreitheamh, Cúirt Réabhlóideach Teheran, brainse 26. Bhí sé i gceannas ar na cásanna cimí a bhain leis na géarchéimeanna iarthoghcháin agus rinne sé bagairt rialta ar theaghlaigh na gcimí chun iad a thost. Bhí ról lárnach aige in orduithe coinneála a eisiúint chuig Ionad Coinneála Kahrizak in 2009. I mí na Samhna 2014, d'aithin údaráis na hIaráine go hoifigiúil an ról a bhí aige i mbás cimí.

12.4.2011

17.

SOLTANI Hodjatoleslam Seyed Mohammad

Inscne: fireann

Ceann Organisation for Islamic Propaganda i gcúige Khorasan‐Razavi. Breitheamh, Cúirt Réabhlóideach Mashhad go dtí 2013. Rinneadh trialacha faoina dhlínse go hachomair agus laistigh de sheisiún dúnta, gan cloí le cearta bunúsacha an chúisí. Ós rud é gur eisíodh rialuithe básuithe en masse, eisíodh pionóis an bháis gan nósanna imeachta maidir le héisteacht chóir a chomhlíonadh go cuí.

12.4.2011

18.

HEYDARIFAR Ali‐Akbar

Inscne: fireann

Iarbhreitheamh, Cúirt Réabhlóideach Tehran. Ghlac sé páirt i dtrialacha agóideoirí. Cheistigh na breithiúna é faoi mhí‐úsáidí in Kahrizak. Bhí ról lárnach aige in orduithe coinneála a eisiúint chun cimí a chur chuig Ionad Coinneála Kahrizak in 2009. I mí na Samhna 2014, d'aithin údaráis na hIaráine go hoifigiúil an ról a bhí aige i mbás cimí.

12.4.2011

19.

JAFARI‐ DOLATABADI Abbas

Áit Bhreithe: Yazd (Iran)

Dáta breithe: 1953

Inscne: fireann

Iarionchúisitheoir ginearálta Tehran (mí Lúnasa 2009‐mí Aibreáin 2019). Chúisigh oifig Dolatabadi líon mór agóideoirí, lena n‐áirítear daoine a ghlac páirt in agóidí Lá Ashura i mí na Nollag 2009. D'ordaigh sé go ndúnfaí oifig Karroubi i mí Mheán Fómhair 2009 agus go ngabhfaí roinnt polaiteoirí leasaitheacha, agus chuir sé cosc ar dhá pháirtípholaitiúla leasaitheacha i mí an Mheithimh 2010. Rinne a oifig agóideoirí a chúiseamh i leith Muharebeh, nó naimhdeas i gcoinne Dé, lena ngabhann pionós an bháis, agus dhiúltaigh sé próis chuí dóibh siúd a raibh pionós an bháis os a gcomhair amach. Chomh maith leis sin, dhírigh a oifig ar leasaitheoirí, ar ghníomhaithe ar son chearta an duine, agus ar bhaill na meán, mar chuid de chniogbheartaíocht leathan ar an bhfreasúra polaitiúil.

I mí Dheireadh Fómhair 2018 d'fhógair sé do na meáin go ndéanfaí ceathrar gníomhaithe ar son an chomhshaoil ón Iaráin a coinníodh a chúiseamh i leith 'an t‐éilliú a chur chun cinn ar domhan', ar cúiseamh é lena ghabhann pionós an bháis.

12.4.2011

20.

MOGHISSEH Mohammad (dá ngairtear NASSERIAN freisin)

Inscne: fireann

Breitheamh, Ceann Chúirt Réabhlóideach Tehran, brainse 28. Meastar freisin go raibh sé freagrach as baill de phobal Baha'i a cháineadh. Dhéileáil sé le cásanna iarthoghcháin. D'eisigh sé téarmaí fada príosúnachta le linn trialacha éagóracha do ghníomhaithe sóisialta, polaitiúla agus d'iriseoirí agus roinnt pionóis an bháis d'agóideoirí agus do ghníomhaithe sóisialta agus polaitiúla.

12.4.2011

21.

MOHSENI‐EJEI Gholam‐Hossein

Áit Bhreithe: Ejiyeh –

Dáta breithe: thart ar 1956

Inscne: fireann

Comhalta den Expediency Council. Ionchúisitheoir Ginearálta na hIaráine ó mhí Mheán Fómhair 2009 agus Leas‐Cheann agus urlabhraí na mBreithiúna. Iar‐Aire Faisnéise le linn thoghcháin 2009. Fad a bhí sé ina Aire Faisnéise le linn an toghcháin in 2009, bhí gníomhairí faisnéise faoina cheannas freagrach as coinneáil, céasadh agus admhálacha bréagacha faoi bhrú a fháil ó na céadta gníomhaithe, iriseoirí, easaontacha agus polaiteoirí leasaitheacha. Ina theannta sin, cuireadh iallach ar fhigiúirí polaitiúla admhálacha bréagacha a dhéanamh faoi cheistiúcháin dhofhulaingthe lenar áiríodh céasadh, mí‐úsáid, dúmhál agus bagairt a chur ar a muintir.

12.4.2011

22.

MORTAZAVI Said

Áit Bhreithe: Meybod, Yazd (Iran)

Dáta breithe: 1967

Inscne: fireann

Ionchúisitheaoir Ginearálta Tehran go dtí mí Lúnasa 2009. Mar Ionchúisitheoir Ginearálta Tehran, d'eisigh sé ordú ginearálta a úsáideadh chun na céadta gníomhaithe, iriseoirí agus mac léinn a choinneáil. I mí Eanáir 2010, cuireadh an fhreagracht dhíreach air, in imscrúdú parlaiminteach, as triúr príosúnach a choinneáil a fuair bás i gcoimeád ina dhiaidh sin. Cuireadh ar fionraí óna oifig é i mí Lúnasa 2010 tar éis imscrúdú ag breithiúna na hIaráine ar an ról a bhí aige maidir le bás an triúr fear a bhí á gcoinneáil ar a orduithe tar éis an toghcháin. I mí na Samhna 2014, d'aithin údaráis na hIaráine go hoifigiúil an ról a bhí aige i mbás cimí. Fuair cúirt na hIaráine neamhchiontach é an 19 Lúnasa 2015, sna cúisimh a bhain le céasadh agus bás triúr fear óg in Kahrizak Detention Centre in 2009.

12.4.2011

23.

PIR‐ABASSI Abbas

Inscne: fireann

Giúistís dlísheomra coiriúil. Iar‐Bhreitheamh, Cúirt Réabhlóideach Teheran, brainse 26. Bhí sé i gceannas ar chásanna iarthoghcháin. D'eisigh sé téarmaí fada príosúnachta le linn trialacha éagóracha in aghaidh gníomhaithe ar chearta an duine agus d'eisigh sé roinnt pionóis an bháis d'agóideoirí.

12.4.2011

24.

MORTAZAVI Amir

Inscne: fireann

Leas‐Cheann Unit for Social Affairs and Crime Prevention at the judiciary i gcúige Khorasan‐Razavi. Leas‐Ionchúisitheoir Mashhad go dtí 2015 ar a laghad. Rinneadh trialacha faoina ionchúiseamh go hachomair agus laistigh de sheisiún dúnta, gan cloí le cearta bunúsacha an chúisí. Ós rud é gur eisíodh rialuithe básuithe en masse, eisíodh pionóis an bháis gan nósanna imeachta maidir le héisteacht chóir a chomhlíonadh go cuí.

12.4.2011

25.

SALAVATI Abdolghassem

Inscne: fireann

Breitheamh, Ceann Chúirt Réabhlóideach Tehran, brainse 15. Breitheamh Cimithe i Tehran Tribunal. Bhí sé i gceannas ar na cásanna iarthoghcháin, agus ba é an Breitheamh a bhí i gceannas ar na 'seóthrialacha' le linn an tsamhraidh in 2009, ghearr sé pionós an bháis ar bheirt mhonarcaithe a bhí i láthair sna seóthrialacha. Tá níos mó ná céad príosúnach polaitiúil, gníomhaithe chearta an duine agus léiritheoirí curtha faoi théarmaí fada príosúnachta aige.

In 2018, léirigh tuarascálacha gur lean sé air ag tabhairt téarmaí príosúnachta comhchosúla gan nósanna imeachta maidir le héisteacht chóir a chomhlíonadh go cuí.

12.4.2011

26.

SHARIFI Malek Adjar (dá ngairtear SHARIFI Malek Ajdar freisin)

Inscne: fireann

Breitheamh ag Supreme Court, ceann na 43ú rannóige. Iarcheann East Azerbaidjan Judiciary. Bhí sé freagrach as triail Sakineh Mohammadi‐Ashtiani.

12.4.2011

27.

ZARGAR Ahmad

Inscne: fireann

Breitheamh ag an 2ú brainse de Special Economic Corruption Court. Ceann Organization for the Preservation of Morality. Iar‐bhreitheamh, Tehran Appeals Court, brainse 36.

Dheimhnigh sé barántais príosúnachta fhadtéarmacha agus barántais bháis i gcoinne agóideoirí.

12.4.2011

28.

YASAGHI Ali‐Akbar

Inscne: fireann

Breitheamh ag Supreme Court, ceann na 44ú rannóige. Leas‐Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Setad‐e Dieh Foundation. Príomhbhreitheamh, Cúirt Réabhlóideach Mashhad (2001‐2011). Rinneadh trialacha faoina dhlínse go hachomair agus laistigh de sheisiún dúnta, gan cloí le cearta bunúsacha an chúisí. Ós rud é gur eisíodh rialuithe básuithe en masse (suas le 550 idir samhradh na bliana 2009 agus samhradh na bliana 2011), eisíodh pionóis an bháis gan nósanna imeachta maidir le héisteacht chóir a chomhlíonadh go cuí.

12.4.2011

29.

BOZORGNIA Mostafa

Inscne: fireann

Ceann bharda 350 de Phríosún Evin. Nocht sé foréigean díréireach ar phríosúnaigh roinnt uaireanta.

12.4.2011

30.

ESMAILI Gholam‐Hossein

Inscne: fireann

Urlabhraí na mbreithiúna ó mhí Aibreáin 2019 i leith. Iarcheann na mbreithiúna in Tehran. Iar‐Cheann eagraíocht príosún na hIaráine. Sa cháil sin, bhí sé comhpháirteach i líon mór agóideoirí polaitiúla a choinneáil agus i mí‐úsáidí a rinneadh sa chóras príosúnachta a chlúdach.

12.4.2011

31.

SEDAQAT (dá ngairtear Sedaghat freisin) Farajollah

Inscne: fireann

Rúnaí Cúnta General Prison Administration in Tehran. Ceann Phríosún Evin, Tehran go dtí mí Dheireadh Fómhair 2010, tréimhse ina ndearnadh céasadh lena linn. Bhí sé ina bhardach agus rinne sé bagairt agus chuir sé brú ar phríosúnaigh go mion minic.

12.4.2011

32.

ZANJIREI Mohammad‐Ali

Inscne: fireann

Mar chomhairleoir sinsearach do Cheann agus Leas‐Cheann Eagraíocht Príosún na hIaráine, a bhí freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gcoinne príosúnach. Córas a riaradh inar fhulaing príosúnaigh mí‐úsáid, céasadh agus íde atá mídhaonna/táireach agus inar tugadh cóiríocht dóibh i ndálaí maireachtála an‐easnamhach.

12.4.2011

33.

ABBASZADEH‐ MESHKINI, Mahmoud

Inscne: fireann

Comhairleoir d'Ardchomhairle na hIaráine um Chearta an Duine. Iar‐rúnaí na hArdchomhairle um Chearta an Duine. Iarghobharnóir i gCúige Ilam. Stiúrthóir polaitiúil na hiar‐Aireachta Gnóthaí Baile. Mar Cheann ar Article 10 Committee of the Law on Activities of Political Parties and Groups, bhí sé i gceannas ar léirsithe agus imeachtaí poiblí eile a údarú agus páirtithe polaitiúla a chlárú.

Sa bhliain 2010, chuir sé gníomhaíochtaí dhá pháirtí pholaitiúla leasaitheacha a bhí nasctha le Mousavi – Islamic Iran Participation Front agus Islamic Revolution Mujahedeen Organisation ‐ ar fionraí. Ó 2009 ar aghaidh, tá toirmeasc comhsheasmhach, leanúnach á chur aige ar na cruinnithe neamhrialtasacha go léir, rud a shéanann ceart bunreachtúil chun agóid a dhéanamh agus gabhadh go leor léirsitheoirí síochánta dá bharr sin, de shárú ar an gceart chun saoirse comhthionóil.

In 2009, dhiúltaigh sé freisin cead don fhreasúra searmanas a eagrú chun brón a dhéanamh ar dhaoine a maraíodh le linn agóidí de bharr thoghcháin an Uachtaráin.

10.10.2011

34.

AKBARSHAHI Ali‐Reza

Inscne: fireann

Iar‐Ard‐Stiúrthóir Cheanncheathrú na hIaráine um Rialú Drugaí (ar a dtugtar freisin: An Ceanncheathrú um an gcomhrac i gcoinne drugaí). Iar‐Cheannasaí ar Phóilíní Tehran. Faoina cheannaireacht, bhí an fórsa póilíneachta freagrach as fórsa seachbhreithiúnach a úsáid ar amhrastaigh le linn gabhála agus coinneála réamhthrialach. Bhí póilíní Tehran luaite le ruathair ar shuanliosanna ollscoil Tehran i mí an Mheithimh 2009 freisin, tráth a raibh breis agus 100 mac léinn gortaithe ag na póilíní agus Basiji de réir Choimisiún Majlis na hIaráine. Ceann na bpóilíní iarnróid faoi láthair.

10.10.2011

35.

AKHARIAN Hassan

Inscne: fireann

Coimeádaí Bárda 1, príosún Radjaishahr, Karadj, go dtí Iúil 2010. Cháin roinnt iarchimí an úsáid a bhain sé as an gcéasadh, chomh maith le horduithe a thug sé gan cúnamh leighis a thabhairt do phríosúnaigh. De réir tras‐scríbhinn ó chime éigin i bpríosún Radjaishahr, thug gardaí príosúin léasadh fíordhona dó, agus Akharian go hiomlán ar an eolas faoi. Tuairiscítear cás amháin ar a laghad de dhrochíde agus bás cime, Mohsen Beikvand, faoi choimircíocht Akharian. Fuair Beikvand bás i mí Mheán Fómhair 2010. Maíonn príosúnaigh eile ar bhealach inchreidte gur maraíodh é le treoracha ó Hassan Akharian.

10.10.2011

36.

AVAEE Seyyed Ali‐Reza (dá ngairtear AVAEE Seyyed Alireza freisin)

Inscne: fireann

An tAire Dlí agus Cirt. Iar‐Stiúrthóir na hoifige imscrúduithe speisialta. Go dtí Iúil 2016, Leas‐Aire Gnóthaí Baile agus Ceann an Chláir Phoiblí. Comhairleoir don Chúirt Araíonachta do Bhreithiúna ó Aibreán 2014. Iar‐Uachtarán na mBreithiúna in Tehran. Ina cháil mar Uachtarán na mBreithiúna in Tehran, bhí sé freagrach as sáruithe ar chearta an duine, as gabhálacha treallacha, as diúltú do chearta na bpríosúnach agus as líon ard básuithe.

10.10.2011

37.

BANESHI Jaber

Inscne: fireann

Ceann Brainse 22 ó Chúirt Achomhairc Shiraz ó Shamhain 2011. Ionchúisitheoir in Shiraz go dtí Deireadh Fómhair 2011. Ionchúisitheoir i rith chás buamála Shiraz in 2008, arna úsáid ag an réimeas chun pionós an bháis a ghearradh ar dhaoine neamhbhainteacha eile. Thionscain sé cúisimh i gcionta báis agus pionóis ghéara eile ar mhionlaigh amhail, inter alia, sárú ar chearta an duine chun triail chóir a fháil agus saoirse ó choinneáil threallach.

10.10.2011

38.

FIRUZABADI Maj‐Gen Dr Seyyed Hasan (dá ngairtear FIRUZABADI Maj‐Gen Dr Seyed Hassan; FIROUZABADI Maj‐Gen Dr Seyyed Hasan; FIROUZABADI Maj‐Gen Dr Seyed Hassan freisin)

Áit bhreithe:: Mashad.

Dáta Breithe: 3.2.1951

Inscne: fireann

Ina cháil mar Cheann Foirne Fhórsaí Armtha na hIaráine (1989 go 2016), bhí sé ar an gceannasaí míleata ba mhó a bhí freagrach as gach rannán agus beartas míleata a stiúradh, lena n‐áirítear Islamic Revolutionary Guards Corps (IRGC) agus póilíní. In 2009, chuir fórsaí faoina shlabhra ceannais foirmiúil agóideoirí síochánta faoi chois go brúidiúil agus rinneadh ollchoinneáil orthu.

Comhairleoir míleata, faoi láthair, don Cheannaire Uachtarach agus comhalta den Supreme National Security Council (SNSC) agus den Expediency Council.

10.10.2011

39.

GANJI Mostafa Barzegar

Inscne: fireann

Ionchúisitheoir Ginearálta Qom (2008‐2017), atá anois ina cheann ar ard‐stiúrthóireacht na bpríosún. Bhí sé freagrach as na dosaenacha ciontóirí a choinneáil go treallach agus as drochíde a thabhairt dóibh i Qom. Bhí sé deacair sárú tromchúiseach a dhéanamh ar an gceart chun próise cuí, ag cur le húsáid iomarcach agus mhéadaitheach phionós an bháis agus méadú mór ar líon na ndaoine a cuireadh chun báis in 2009/2010.

10.10.2011

40.

HABIBI Mohammad Reza

Inscne: fireann

Ard‐Aighne Isfahan. Iarcheann Oifig Aireacht Dlí agus Cirt in Yazd. Iar‐Leas‐Ionchúisitheoir Isfahan. Comhpháirteach in imeachtaí ina ndiúltaítear triail chóir do chosantóirí – amhail Abdollah Fathi, a cuireadh chun báis i mí na Bealtaine 2011 tar éis do Habibi neamhaird a thabhairt ar a cheart chun éisteacht a fháil agus ar shaincheisteanna meabhairshláinte le linn a thrialach i mí an Mhárta 2010. Bhí sé, dá bhrí sin, comhpháirteach i sárú tromchúiseach ar an gceart chun próise cuí, ag cur leis an méadú ard básuithe in 2011.

10.10.2011

41.

HEJAZI Mohammad

Áit Bhreithe: Ispahan

Dáta breithe: 1956

Inscne: fireann

Ginearál‐IRGC, bhí ról lárnach aige in imeaglú agus i mbagairt a dhéanamh ar 'naimhde' na hIaráine. Iar‐Cheann ar IRGC Sarollah Corps IRGC in Tehran agus ina iar‐Cheann ar Basij Forces, ról lárnach aige i gcniogbheartaíocht iarthoghcháin na n‐agóideoirí in 2009.

10.10.2011

43.

JAVANI Yadollah

Inscne: fireann

Leas‐Cheannasaí IRGC do ghnóthaí polaitiúla. Tá go leor iarrachtaí déanta aige deireadh a chur le saoirse cainte agus dioscúrsa trína ráitis phoiblí lena dtacaítear le hagóideoirí agus easaontóirí a ghabháil agus a phionósú. Duine de na chéad oifigigh ardchéime a d'éiligh Moussavi, Karroubi agus Khatami a ghabháil in 2009. Thacaigh sé le húsáid a bhaint as teicnící a sháraíonn an ceart chun triail a fháil, lena n‐áirítear admhálacha poiblí agus scaoil sé ábhar ceistiúchán roimh an triail. Léiríonn an fhianaise freisin gur ghlac sé le foréigean a úsáid in aghaidh agóideoirí agus mar bhall lárnach den IRGC is rídhócha go raibh sé ar an eolas faoi theicnící diancheistithe a úsáideadh chun brú a chur admhálacha a fháil.

10.10.2011

44.

JAZAYERI Massoud

Inscne: fireann

Teideal: Briogáidire‐Ghinearál

Mar chuid d'fhoireann chomhpháirteach mhíleata Fhórsaí Armtha na hIaráine, ba é Briogáidire‐Ghinearál Massoud Jazayeri an leas‐cheann foirne i ngnóthaí cultúrtha agus na meán (ar a dtugtar freisin Ceanncheathrú Poiblíochta agus Cosanta Stáit). Chomhoibrigh sé go gníomhach leis an mbrú faoi chois a rinneadh ar agóideoirí in 2009 mar leas‐cheannaire foirne. Thug sé rabhadh in agallamh Kayhan gur aithníodh go leor agóideoirí laistigh agus lasmuigh den Iaráin agus go ndéileálfaí leo ag an am ceart.

D'iarr sé go hoscailte go gcuirfí deireadh leis na mórmheáin chumarsáide eachtracha agus le freasúra na hIaráine. In 2010, d'iarr sé ar an rialtas dlíthe níos déine a rith i gcoinne mhuintir na hIaráine a chomhoibríonn le foinsí na meán cumarsáide eachtracha.

10.10.2011

45.

JOKAR Mohammad Saleh

Inscne: fireann

Ionadaí do Ghnóthaí Parlaiminteacha na nGardaí Réabhlóideacha. Ón mbliain 2011 go 2016, bhí sé ina ionadaí parlaiminteach le haghaidh Cúige Yazd agus ina Chomhalta den Choiste parlaiminteach um Shlándáil Náisiúnta agus Beartas Eachtrach. Iar‐Cheannasaí ar Student Basij Forces.

Bhí sé gníomhach ina cháil sa ról sin chun agóidí a chosc agus leanaí agus daoine óga a shíolteagasc d'fhonn deireadh a chur le saoirse cainte agus easaontú. Mar chomhalta den Choiste Parlaiminteach um Shlándáil Náisiúnta agus Beartas Eachtrach, thacaigh sé go poiblí le cur in aghaidh an rialtais a chur faoi chois.

10.10.2011

46.

KAMALIAN Behrouz

(dá ngairtear Hackers Brain, Behrooz_Ice freisin)

Áit Bhreithe: Tehran (Iran)

Dáta breithe: 1983

Inscne: fireann

Ceannaire ar an gcibearghrúpa 'Ashiyaneh' atá nasctha le réimeas na hIaráine. Tá an tSlándáil Dhigiteach 'Ashiyaneh', arna bunú ag Behrouz Kamalian, freagrach as dian‐chibirionsaithe ar an lucht freasúra intíre, ar leasaitheoirí intíre agus ar institiúidí eachtracha araon. Chuidigh obair eagraíocht Ashiyaneh Kamalian le cniogbheartaíocht an réimis i gcoinne an fhreasúra a raibh go leor sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gceist leo.

10.10.2011

47.

KHALILOLLAHI Moussa (dá ngairtear KHALILOLLAHI Mousa, ELAHI Mousa Khalil freisin)

Inscne: fireann

Ionchúisitheoir Tabriz. Bhí baint aige le cás Sakineh Mohammadi‐Ashtiani agus bhí sé comhpháirteach i sáruithe tromchúiseacha ar an gceart chun próise cuí.

10.10.2011

48.

MAHSOULI Sadeq (dá ngairtear MAHSULI, Sadeq freisin)

Áit Bhreithe: Oroumieh (Iran)

Dáta breithe: 1959/60

Inscne: fireann

Comhairleoir don Iar‐Uachtarán Mahmoud Ahmadinejad agus comhalta reatha den Expediency Council agus Leas‐Cheann an Perseverance Front. An tAire Leasa agus Slándála Sóisialta idir 2009 agus 2011. An tAire Gnóthaí Baile go dtí mí Lúnasa 2009. Mar Aire Gnóthaí Baile, bhí údarás ag Mahsouli ar na fórsaí póilíneachta, ar ghníomhairí slándála na haireachta inmheánaí agus ar na gníomhairí i ngnáthéadaí. Bhí na fórsaí a bhí faoina stiúir freagrach as ionsaithe ar shuanliosanna in Ollscoil Tehran an 14 Meitheamh 2009 agus céasadh mac léinn in íoslach na hAireachta (leibhéal 4 den íoslach iomráiteach). Rinneadh mí‐úsáid thromchúiseach ar agóideoirí eile in Ionad Coinneála Kahrizak, a bhí á fheidhniú ag póilíní faoi rialú Mahsouli.

10.10.2011

49.

MALEKI Mojtaba

Inscne: fireann

Leas‐Cheann na hAireachta Dlí agus Cirt i gCúige Khorasan Razavi. Iar‐ionchúisitheoir Kermanshah. Bhí ról aige sa líon ard pionóis an bháis a ceadaíodh san Iaráin, lena n‐áirítear cásanna de sheachtar príosúnach a ciontaíodh i ngáinneáil ar dhrugaí a ionchúiseamh, a crochadh ar an lá céanna an 3 Eanáir 2010 i bpríosún lárnach Kermanshah.

10.10.2011

50.

OMIDI Mehrdad (dá ngairtear: Reza; OMIDI Reza freisin)

Inscne: fireann

Ceann Roinn VI na bpóilíní, rannán imscrúdaithe. Iar‐Cheann Seirbhísí Faisnéise do Phóilíní na hIaráine. Iar‐Cheann Aonad na gCoireanna Ríomhaireachta de chuid Phóilíní na hIaráine. Bhí sé freagrach as na mílte imscrúdú agus díotáil leasaitheoirí agus lucht freasúra polaitiúil a bhain úsáid as an Idirlíon. Dá bhrí sin, bhí sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus brú faoi chois daoine a labhraíonn amach chun a gcearta dlisteanacha a chosaint, lena n‐áirítear an tsaoirse tuairimí a nochtadh le linn Ghluaiseacht Ghlas 2009 agus ina diaidh.

10.10.2011

51.

SALARKIA Mahmoud

Inscne: fireann

Iar‐stiúrthóir Chlub Sacair Tehran 'Persepolis'

Iar‐Cheann Petrol and Transport commission i gcathair Tehran. Ionadaí d'Ard‐Ionchúisitheoir Tehran do Ghnóthaí Príosún le linn chniogbheartaíocht 2009. Mar Ionadaí d'Ard‐Ionchúisitheoir Tehran do Ghnóthaí Príosúin, bhí sé freagrach go díreach as go leor de na barántais ghabhála i gcoinne agóideoirí agus gníomhaithe neamhurchóideacha, síochánta. Léiríonn go leor tuarascálacha ó chosantóirí chearta an duine gur coimeádadh beagnach gach duine a gabhadh i ngéibheann incommunicado, ar ordú uaidh, gan rochtain ar a ndlíodóirí ná ar a dteaghlaigh, agus gan chúiseamh, ar feadh tréimhsí éagsúla ama, go minic i gcoinníollacha arb ionann iad agus fuadach forfheidhmithe. Is minic nár cuireadh a dteaghlaigh ar an eolas faoin ngabháil. Tá sé ag obair mar dhlíodóir faoi láthair.

10.10.2011

52.

KHODAEI SOURI Hojatollah

Áit Bhreithe: Selseleh (Iran)

Dáta breithe: 1964

Inscne: fireann

Comhalta den Choiste Náisiúnta Slándála agus Beartais Eachtraigh. Ionadaí parlaiminteach do Chúige Lorestan. Comhalta den Choimisiún Parlaiminteach um an mBeartas Eachtrach agus Slándála. Ceann Phríosún Evin go dtí 2012. Gnáthchleachtas i bpríosún Evin ab ea an chéastóireacht agus bhí Souri ina cheannaire air. I mBarda 209, coimeádadh go leor gníomhaithe as ucht a ngníomhaíochtaí síochánta i gcoinne an rialtais a bhí a rialú.

10.10.2011

53.

TALA Hossein (dá ngairtear TALA Hosseyn freisin)

Inscne: fireann

Méara Eslamshahr. Iar‐MP na hIaráine. Iar‐Ard‐Ghobharnóir ('Farmandar') i gCúige Tehran go dtí mí Mheán Fómhair 2010, bhí sé freagrach as idirghabháil na bhfórsaí póilíneachta agus dá bhrí sin as léirsithe a chur faoi chois. Fuair sé duais i mí na Nollag 2010 mar gheall ar a ról sa chos ar bolg iarthoghcháin.

10.10.2011

54.

TAMADDON Morteza (dá ngairtear TAMADON Morteza freisin)

Áit Bhreithe: Shahr Kord‐Isfahan

Dáta breithe: 1959

Inscne: fireann

Iar‐Cheann ar Tehran provincial Public Security Council. Iar‐Ard‐Ghobharnóir IRGC i gCúige Tehran. Ina cháil mar ghobharnóir agus mar cheannaire ar Tehran provincial Public Security Council, bhí sé freagrach go foriomlán as na gníomhaíochtaí diansmachtúla go léir a rinne IRGC i gCúige Tehran, lena n‐áirítear cniogbheartaíocht a dhéanamh ar agóidí polaitiúla ó mhí an Mheithimh 2009 i leith. Comhalta boird faoi láthair in Ollscoil Teicneolaíochta Khajeh Nasireddin Tusi.

10.10.2011

55.

ZEBHI Hossein

Inscne: fireann

Céad Leas‐Chomhairleoir do Bhreithiúna agus Breitheamh na Cúirte Uachtaraí. Ionadaí d'Ard‐Ionchúisitheoir na hIaráine (2007‐2015). Ina cháil sa ról sin, bhí sé freagrach as cásanna breithiúnacha a tugadh tar éis agóidí iarthoghcháin in 2009 a rinneadh de shárú ar chearta an duine. Ina cháil sa ról sin freisin, tá sé tar éis glacadh le pionóis iomarcacha do chionta drugaí.

10.10.2011

56.

BAHRAMI Mohammad‐ Kazem

Inscne: fireann

Ceann na cúirte ceartais riaracháin. Bhí sé comhpháirteach i léirsitheoirí síochánta a chur faoi chois in 2009 mar cheannaire ar bhrainse breithiúna na bhfórsaí armtha.

10.10.2011

57.

HAJMOHAM‐ MADI Aziz (dá ngairtear Aziz Hajmohammadi, Noorollah Azizmohammadi freisin)

Áit Bhreithe: Tehran (Iran)

Dáta breithe: 1948

Inscne: fireann

Breitheamh sa Chúirt Choiriúil i gCúige Tehran. Ag obair dó thar ceann na mbreithiúna ó 1971 i leith, bhí sé páirteach i roinnt trialacha d'agóideoirí, inter alia, mar shampla Abdol‐Reza Ghanbari, múinteoir a gabhadh i mí Eanáir 2010 agus a daoradh chun báis mar gheall ar a chuid gníomhaíochtaí polaitiúla.

10.10.2011

58.

BAGHERI Mohammad‐ Bagher

Inscne: fireann

Breitheamh sa Chúirt Uachtarach ó mhí na Nollag 2015 i leith. Iar‐leaschathaoirleach ar riarachán breithiúnach i gCúige South Khorasan, atá i gceannas ar chosc na coireachta. Chomh maith le 140 bású do chionta caipitil a admháil i mí an Mheithimh 2011, a tharla idir Márta 2010 agus Márta 2011, tuairiscítear gur tharla thart ar 100 bású eile le linn na tréimhse céanna agus sa chúige chéanna, Cúige South Khorasan, gan fógra a thabhairt do na teaghlaigh ná do na dlíodóirí. Bhí sé, dá bhrí sin, comhpháirteach i sárú tromchúiseach ar an gceart chun próise cuí, ag cur le líon ard pionóis an bháis.

10.10.2011

59.

BAKHTIARI Seyyed Morteza

Áit Bhreithe: Mashhad (Iran)

Dáta breithe: 1952

Inscne: fireann

Uachtarán ar Imam Khomeini Relief Foundation (ó mhí Iúil 2019). Iar‐leaschoimeádaí ar Imam Reza shrine. Iaroifigeach den Bhinse Speisialta Cléireachais. An tIar‐Aire Dlí agus Cirt ó 2009 go 2013. Le linn a thréimhse mar Aire Dlí agus Cirt, thit coinníollacha príosúin san Iaráin go mór faoi bhun na gcaighdeán idirnáisiúnta a bhfuil glacadh leo, agus bhí droch‐íde á tabhairt do phríosúnaigh go forleathan. Ina theannta sin, bhí ról lárnach aige sa bhagairt agus sa chiapadh a rinne sé ar dhiaspóra na hIaráine tríd é a fhógairt gur bunaíodh cúirt speisialta chun déileáil go sonrach le muintir na hIaráine atá ina gcónaí lasmuigh den tír. Rinne sé maoirseacht freisin ar mhéadú mór ar líon na mbásuithe san Iaráin, lena n‐áirítear básuithe rúnda nár fhógair an rialtas, agus básuithe do chionta a bhaineann le drugaí.

10.10.2011

60.

HOSSEINI Dr Mohammad (dá ngairtear HOSSEYNI, Dr Seyyed Mohammad; Seyed, Sayyed and Sayyid freisin)

Áit Bhreithe: Rafsanjan, Kerman

Dáta breithe: 1961

Inscne: fireann

Comhairleoir don Iar‐Uachtarán Mahmoud Ahmadinejad agus urlabhraí don fhaicsean docht polaitiúil YEKTA. An tAire Cultúir agus Treoraíochta Ioslamaí (2009‐ 2013). E‐IRGC, bhí sé comhpháirteach nuair a bhí iriseoirí á gcur faoi chois.

10.10.2011

61.

MOSLEHI Heydar (dá ngairtear MOSLEHI Heidar; MOSLEHI Haidar freisin)

Áit bhreithe: Isfahan (Iran)

Dáta breithe: 1956

Inscne: fireann

Ionadaí ó Bhiúró Polaitiúil‐Idé‐eolaíoch an Ardcheannasaí ar Fhórsaí Armtha na hIaráine (ó 2018). Iarchomhairleoir Dlí‐eolaíochta Uachtaraí in IRGC. Ina cheann ar an eagraíocht le haghaidh foilseachán ar ról na cléire le linn an chogaidh. Iar‐Aire Faisnéise (2009‐2013). Faoina cheannaireacht, lean an tAire Faisnéise de na cleachtais maidir le coinneáil threallach fhorleathan agus le géarleanúint a dhéanamh ar agóideoirí agus ar easaontóirí. Tá Barda 209 i bPríosún Evin faoi chúram na hAireachta Faisnéise, ina bhfuil go leor gníomhaithe á gcoimeád de bharr a ngníomhaíochtaí síochánta i gcoinne an rialtais atá i gcumhacht. Tá mí‐úsáid mheabhrach agus ghnéasach déanta ag ceistitheoirí ón Aireacht Faisnéise ar príosúnaithe i mBarda 209.

10.10.2011

62.

ZARGHAMI Ezzatollah

Áit bhreithe:: Dezful (Iran)

Dáta breithe: 22 Iúil 1959

Inscne: fireann

Comhalta den Ardchomhairle um Chibearspás agus de Chomhairle na Réabhlóide Cultúrtha. Iar‐Cheann ar Phoblacht Ioslamach na hIaráine (IRIB) go dtí Samhain 2014. Bhí sé freagrach as gach cinneadh clársceidealaithe le linn a théarma oifige in IRIB. Chraol IRIB admhálacha éigeantacha ó dhaoine faoi choinneáil agus sraith seóthrialacha i mí Lúnasa 2009 agus i mí na Nollag 2011. Is ionann sin agus sárú glan ar fhorálacha idirnáisiúnta maidir le triail chóir agus an ceart chun próise cuí.

23.3.2012

63.

TAGHIPOUR Reza

Áit bhreithe: Maragheh (Iran)

Dáta breithe: 1957

Inscne: fireann

Comhalta den Ardchomhairle um Chibearspás. Comhalta de Chomhairle Cathrach Teheran. An tIar‐Aire Faisnéise agus Cumarsáide (2009‐2012).

Ina cháil mar Aire Faisnéise, bhí sé ar dhuine de na hoifigigh ba shinsearaí a bhí i gceannas ar an gcinsireacht agus ar ghníomhaíochtaí idirlín agus ar gach cineál cumarsáide a rialú (go háirithe fóin phóca). Baineann na ceistitheoirí úsáid as sonraí pearsanta, post agus cumarsáid na gcoinneálaithe agus na gcoinneálaithe polaitiúla á gceistiú. Cuireadh bac ar línte móibíleacha agus teachtaireachtaí téacs, cuireadh isteach ar chainéil teilifíse satailíte agus cuireadh an t‐idirlíon ar fionraí go háitiúil nó cuireadh moill air ar a laghad ar bith roinnt uaireanta le linn léirsithe sráide tar éis thoghchán uachtaránachta 2009.

23.3.2012

64.

KAZEMI Toraj

Inscne: fireann

Ceannaire ar Roinn na Cibearphóilíneachta arna ainmniú ag an Aontas i Mórcheantar Tehran. Sa cháil sin, d'fhógair sé feachtas chun haiceálaithe rialtais a earcú chun go mbeifear in ann faisnéis ar an idirlíon a rialú níos fearr agus chun suíomhanna gréasáin 'dainséaracha' a ionsaí.

23.3.2012

65.

LARIJANI Sadeq

Áit bhreithe: Najaf (Iraq)

Dáta breithe: 1960 nó mí Lúnasa 1961

Inscne: fireann

Ainmnithe ina Cheann ar an gComhairle Eadrána ar an 29 Nollaig 2018. Ceann na mBreithiúna ó 2009 ar aghaidh. Ceanglaítear ar Cheann na mBreithiúna toiliú a thabhairt do gach pionós qisas (cúiteamh), hodoud (coireanna i gcoinne Dé) agus ta'zirat (coireanna i gcoinne an stáit) agus iad a fhaomhadh. Áirítear leis sin pianbhreitheanna lena ngearrtar pionós an bháis, lascadh agus teascadh. I ndáil leis sin, tá séala curtha aige le roinnt pianbhreitheanna phionós an bháis, rud a sháraíonn caighdeáin idirnáisiúnta, lena n‐áirítear bású le clocha, bású trí thachtadh (crochadh), ógánaigh a chur chun báis, agus básuithe poiblí amhail bású príosúnach a crochadh de dhroichid os comhair na mílte. Bhí baint aige, dá bhrí sin, le líon mór básuithe. Ina theannta sin, cheadaigh sé pianbhreitheanna pionóis coirp amhail teascadh agus aigéad a shileadh isteach i súile an duine a chiontaítear. Ó tháinig Sadeq Larijani i réim, tá méadú suntasach tagtha ar líon na bpríosúnach polaitiúil, na gcosantóirí ar chearta an duine agus na ndaoine ó mhionlaigh a bheith á ngabháil go treallach. Tá Sadeq Larijani freagrach as teipeanna sistéamacha i bpróiseas breithiúnach na hIaráine i ndáil leis an gceart chun triail chóir a fháil.

23.3.2012

66.

MIRHEJAZI Ali

Inscne: fireann

Ar dhuine de chiorcal inmheánach an Cheannaire Uachtaraigh, ar dhuine de na daoine a bhí freagrach as cur faoi chois agóidí a phleanáil rud atá á chur chun feidhme ó 2009 agus tá baint aige leo siúd atá freagrach as agóidí a chur faoi chois.

23.3.2012

67.

SAEEDI Ali

Inscne: fireann

Ionadaí an Treoraí do Pasdaran ó 1995 tar éis a ghairm ar fad a chaitheamh in institiúid an airm agus, go sonrach, i seirbhís faisnéise de chuid Pasdaran. De bharr an róil oifigiúil sin, tá sé ar dhuine de na príomhdhaoine a tharchuireann orduithe a thagann ó Oifig an Treoraí chuig fearas cur faoi chois Pasdaran.

23.3.2012

68.

RAMIN Mohammad‐Ali

Áit bhreithe: Dezful (Iran)

Dáta breithe: 1954

Inscne: fireann

Ardrúnaí Fhondúireacht Dhomhanda an Uileloiscthe, a bunaíodh ag an gComhdháil Idirnáisiúnta maidir le hAthbhreithniú ar Fhís Dhomhanda an Uileloiscthe in 2006, a raibh Ramin freagrach as é a eagrú ar son rialtas na hIaráine. Ar dhuine de na príomhdhaoine atá freagrach as cinsireacht mar Leas‐Aire a bhí i gceannas ar an bPreas suas go dtí mí na Nollag 2013, a bhí freagrach go díreach as go leor nuachtáin do leasaitheoirí (Etemad, Etemad‐e Melli, Shargh, etc.), as deireadh a chur leis an Independent Press Syndicate agus as imeaglú a dhéanamh ar iriseoirí nó iad a ghabháil.

23.3.2012

69.

MORTAZAVI Seyyed Solat

Áit bhreithe: Farsan, Tchar Mahal‐o‐Bakhtiari (South) ‐ (Iran)

Dáta Breithe: 1967

Inscne: fireann

Stiúrthóir ar chraobh Tehran den Fhondúireacht Astan Qods Razavi, go dtí mí na Samhna 2019. Iarmhéara Mashhad, an dara cathair is mó san Iaráin, áit a dtarlaíonn básuithe poiblí go rialta. Iar‐Leas‐Aire Gnóthaí Baile le freagracht as gnóthaí polaitiúla, a ceapadh in 2009. Ina cháil sin, bhí sé freagrach as daoine a labhair amach mar chosaint ar a gcearta dlisteanach, lena n‐áirítear saoirse tuairimí, a chur faoi chois. Ina dhiaidh sin, ceapadh é ina Cheann ar Choiste Toghcháin na hIaráine do thoghcháin pharlaiminteacha in 2012 agus do na toghcháin uachtaránachta in 2013.

23.3.2012

73.

FAHRADI Ali

Inscne: fireann

Leas‐Cheann na Cigireachta um Ghnóthaí Dlíthiúla agus um Iniúchadh Poiblí in Aireacht Dlí agus Cirt Tehran. Iar‐ionchúisitheoir Karaj. Freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n‐áirítear cásanna cúirte inar tugadh pionós an bháis. Tharla líon ard básuithe i réigiún Karaj le linn a thréimhse mar ionchúisitheoir.

23.3.2012

74.

REZVANMA‐ NESH Ali

Inscne: fireann

Leas‐ionchúisitheoir i gcúige Karaj, i réigiún Alborz. Freagrach as sárú tromchúiseach ar chearta an duine, agus as baint a bheith aige le hóganach a chur chun báis.

23.3.2012

75.

RAMEZANI Gholamhossein

Inscne: fireann

Ina Cheann ar na Seirbhísí Faisnéise sa Roinn Cosanta ó 2011; ó mhí na Samhna 2009 agus go dtí mí an Mhárta 2011: Ceannasaí na Seirbhíse Faisnéise do Pasdaran; ó mhí an Mhárta 2018 go dtí mí na Samhna 2009: Leas‐Cheannasaí na Seirbhíse Faisnéise do Pasdaran; ó mhí Aibreáin 2006 go dtí mí an Mhárta 2008: Ceann Cosanta agus Faisnéise de chuid Pasdaran. Baint aige le saoirse tuairimí a chur faoi chois, lena n‐áirítear trí bhaint a bheith aige leo siúd a bhí freagrach as blagálaithe/iriseoirí a ghabháil in 2004 agus maítear go raibh ról aige maidir leis na hagóidí i ndiaidh an toghcháin a chur faoi chois in 2009.

23.3.2012

76.

SADEGHI Mohamed

Inscne: fireann

Coirnéal agus Leas‐Cheannaire ar sheirbhís na cibearfhaisnéise agus na faisnéise teicniúla in IRGC agus i gceannas ar an lárionad anailíse agus ar an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe laistigh de Pasdaran. Freagrach as blagálaithe/iriseoirí a ghabháil/a chéasadh.

23.3.2012

77.

JAFARI Reza

Dáta Breithe: 1967

Inscne: fireann

Comhairleoir don Chúirt Araíonachta do Bhreithiúna ó 2012. Comhalta den 'Committee for Determining Criminal Web Content', comhlacht atá freagrach as suíomhanna gréasáin agus as cinsireacht ar na meáin shóisialta. Iar‐Cheann ionchúisimh speisialta na cibearchoireachta idir 2007 agus 2012. Bhí sé freagrach as saoirse tuairimí a chur faoi chois, lena n‐áirítear trí bhlagálaithe agus iriseoirí a ghabháil, a choinneáil agus a ionchúiseamh. Tugadh drochíde do dhaoine ar amhras cibearchoireachta agus bhí siad ina n‐ábhar do phróiseas breithiúnach éagórach.

23.3.2012

78.

RESHTE‐AHMADI Bahram

Inscne: fireann

Breitheamh gnáthchúirte i dtuaisceart Tehran. Iar‐Mhaoirseoir ar Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí in Tehran. Leas‐Cheann na hOifige um Ghnóthaí Príosúin i gCúige Tehran. Iar‐Leas‐Ionchúisitheoir in Tehran go dtí 2013. Bhí sé i gceannas ar ionad ionchúisimh Evin. Freagrach as cearta a shéanadh lena n‐áirítear cearta i ndáil le cuairteanna agus cearta príosúnach polaitiúil eile.

23.3.2012

79.

RASHIDI AGHDAM, Ali Ashraf

Inscne: fireann

Iarcheannaire Phríosún Evin. Ceapadh i lár‐2012 é. Tháinig meath ar dhálaí sa phríosún, le linn a théarma, agus rinneadh tagairt do dhrochíde níos déine a bheith á tabhairt do phríosúnaigh. I mí Dheireadh Fómhair 2012, chuaigh naonúr príosúnach baineann ar stailc ocrais mar agóid i gcoinne shárú a gceart agus i gcoinne na cóireála foréigní ó ghardaí príosúin.

12.3.2013

80.

KIASATI Morteza

Inscne: fireann

Breitheamh in Chúirt Réabhlóideach Ahwaz, Brainse 4, ghearr sé pionóis an bháis ar cheathrar príosúnach polaitiúil Taha Heidarian, Abbas Heidarian, Abd al‐Rahman Heidarian (triúr deartháireacha) agus Ali Sharifi. Gabhadh na daoine sin, rinne céasadh orthu agus crochadh iad gan aon phróis chuí. Rinne Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe tagairt do na cásanna sin agus don easpa próis chuí i dtuairisc dar dáta an 13 Meán Fómhair 2012 maidir le cearta an duine san Iaráin, i dtuarascáil ó Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe an 22 Lúnasa 2012 maidir leis an Iaráin.

12.3.2013

81.

MOUSSAVI, Seyed Mohammad Bagher

Inscne: fireann

Ghearr Breitheamh ó Chúirt Réabhlóideach Ahwaz, Brainse 2, pionóis an bháis ar chúigear Arabach Ahwazi, Mohammad Ali Amouri, Hashem Sha'bani Amouri, Hadi Rashedi, Sayed Jaber Alboshoka, Sayed Mokhtar Alboshoka an 17 Márta 2012 mar gheall ar 'ghníomhaíochtaí i gcoinne na slándála náisiúnta' agus 'naimhdeas i gcoinne Dé'. Sheas Cúirt Uachtarach na hIaráine leis na pianbhreitheanna an 9 Eanáir 2013. Gabhadh an cúigear gan chúiseamh ar feadh bliana, rinneadh céasadh orthu agus gearradh pionós orthu gan próis chuí.

12.3.2013

82.

SARAFRAZ, Mohammad (Dr.) (dá ngairtear Haj‐agha Sarafraz freisin)

Áit bhreithe: Tehran

Dáta breithe: thart ar 1963

Áit chónaithe: Tehran

Inscne: fireann

Iarchomhalta den Supreme Council of Cyber Space. An tIar‐Uachtarán ar Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB) (2014‐2016). Iar‐Cheann IRIB World Service agus Press TV, freagrach as gach cinneadh maidir le clársceidealú. Tá dlúthbhaint aige le fearas slandála an stáit. Faoina cheannaireacht, d'oibrigh Press TV, in eineacht le IRIB, i gcomhar le seirbhísí slándála agus le hionchúisitheoirí na hIaráine chun admhálacha éigeantacha ó choinneálaithe a chraoladh, lena n‐áirítear admháil ón iriseoir agus scannánóir Iaránach‐Cheanadach Maziar Bahari sa chlár seachtainiúil 'Iran Today'. Ghearr an rialtóir craolacháin neamhspleách OFCOM fíneáil GBP 100 000 ar Press TV as admháil Bahari a chraoladh in 2011, a scannánaíodh sa phríosún agus Bahari faoi éigeantas. Tá baint ag Sarafraz, dá bhrí sin, le sárú a dhéanamh ar an gceart chun próise cuí agus triail chóir a fháil.

12.3.2013

83.

JAFARI, Asadollah

Inscne: fireann

Ina cháil mar Ionchúisitheoir i gCúige Mazandaran, tá molta ag Jafari go ngearrfaí pionós an bháis i gcásanna a thug sé os comhair na cúirte, ar tháinig básuithe iomadúla dá thoradh lena n‐áirítear básuithe poiblí ina sáraíonn gearradh phionós an bháis cearta idirnáisiúnta an duine, lena n‐áirítear trí bhíthin pionós díréireach agus iomarcach. Tá Jafari freagrach as gabháil mhídhleathach agus sáruithe ar chearta na gcoinneálaithe Baha'i ó ghabhtar iad an chéad uair go dtí go gcoinnítear ina n‐aonar iad san Ionad Coinneála de chuid na Seirbhíse Faisnéise.

12.3.2013

84.

EMADI, Hamid Reza (dá ngairtear Hamidreza Emadi freisin)

Áit bhreithe: Hamedan

Dáta breithe: thart ar 1973

Áit chónaithe: Tehran

Áit oibre: Press TV HQ, Tehran

Inscne: fireann

Stiúrthóir an tSeomra Nuachta le Press TV. Iarléiritheoir sinsearach le Press TV.

Freagrach as admhálacha éigeantacha ó choinneálaithe a léiriú agus a chraoladh, lena n‐áirítear iriseoirí, gníomhaithe polaitiúla, daoine ar de ghrúpaí mionlaigh Choirdíneacha agus Arabacha iad, lena sáraítear cearta a aithnítear go hidirnáisiúnta maidir le triail chóir agus próis chuí a fháil. Ghearr an rialtóir craolacháin neamhspleách OFCOM fíneáil GBP 100 000 ar Press TV sa Ríocht Aontaithe as admháil éigeantach ón iriseoir agus scannánóir Iaránach‐Cheanadach Maziar Bahari a chraoladh in 2011, a scannánaíodh sa phríosún agus Bahari faoi éigeantas. Tá sé tuairiscithe ag ENRanna gur tharla cásanna eile d'admhálacha éigeantacha a chraol Press TV. Tá baint ag Emadi, dá bhrí sin, le sárú a dhéanamh ar an gceart chun próise cuí agus triail chóir a fháil.

12.3.2013

85.

HAMLBAR, Rahim

Inscne: fireann

Breitheamh i mBrainse 1 de Chúirt Réabhlóideach Tabriz. Freagrach as pianbhreitheanna fada a ghearradh ar dhaoine ó mhionlach eitneach Azeri agus ar ghníomhaithe um chearta na n‐oibrithe. Chuir sé spiaireacht, gníomhartha i gcoinne na slándála náisiúnta, bolscaireacht i gcoinne réimeas na hIaráine agus maslú cheannaire na hIaráine ina leith. I gcás ardphróifíle, ghearr sé téarmaí príosúnachta ar 20 oibrí fóirithinte ar chrith talún (tar éis crith talún san Iaráin i mí Lúnasa 2012) as a n‐iarrachtaí cabhrú le híospartaigh an chreatha talún. Fuair an chúirt na hoibrithe ciontach as 'comhoibriú trí theacht le chéile agus claonpháirteachas chun coireanna i gcoinne na slándála náisiúnta a dhéanamh.'

12.3.2013

86.

MUSAVI‐ TABAR, Seyyed Reza

Inscne: fireann

Iarcheann na hOifige Ionchúisimh Réabhlóide Shiraz. Freagrach as gabháil mhídhleathach agus as drochíde a thabhairt do ghníomhaithe polaitiúla, d'iriseoirí, do chosantóirí chearta an duine, do lucht Baha'i agus do phríosúnaigh choinsiasa, a ndearnadh ciapadh, céasadh, diancheistiú orthu agus ar diúltaíodh rochtain ar dhlíodóirí agus ar phróis chuí dóibh. Shínigh Musavi‐Tabar orduithe breithiúnacha sa Lárionad Coinneála Uimh. 100 (príosún fireann), a bhfuil míchlú air, lena n‐áirítear ordú chun príosúnach baineann Baha'i Raha Sabet a choinneáil ar feadh trí bliana i ngaibhniú aonair.

12.3.2013

87.

KHORAMABADI, Abdolsamad

Ceann ar an 'Commission to Determine the Instances of Criminal Content'.

Inscne: fireann

Leas‐Stiúrthóir um Maoirseacht Bhreithiúnach (ón 13 Deireadh Fómhair 2018). Iarcheannaire an 'Commission to Determine the Instances of Criminal Content', eagraíocht rialtais atá i gceannas ar chinsireacht ar líne agus ar chibearchoireacht. Faoina cheannaireacht, shainigh an Coimisiún 'cibearchoireacht' le líon catagóirí doiléire lena ndéantar cruthú agus foilsiú ábhair a mheasann an réimeas a bheith míchuí a choiriúlú. Tá sé freagrach as cur faoi chois agus as bac a chur ar go leor láithreáin ghréasáin de chuid an fhreasúra, ar bhlaganna, ar láithreáin ghréasáin de chuid ENRanna um chearta an duine agus ar Google agus Gmail ó mhí Mheán Fómhair 2012. Bhí páirt ghníomhach aige féin agus ag an gCoimisiún maidir le bás an bhlagálaí Sattar Beheshti i mí na Samhna 2012 agus é faoi choinneáil. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún freagrach go díreach as sáruithe sistéamacha ar chearta an duine, go háirithe trí rochtain an phobail i gcoitinne ar shuíomhanna gréasáin a thoirmeasc agus a scagadh agus, ó am go chéile, rochtain ar an idirlíon a dhíchumasú go hiomlán.

12.3.2013”.