6.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 71/10


CINNEADH (CBES) 2020/373 ÓN GCOMHAIRLE

an 5 Márta 2020

lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 5 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/119/CBES (1).

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2014/119/CBES, ba cheart síneadh a chur, go dtí an 6 Márta 2021, le cur i bhfeidhm na mbeart sriantach atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe, ba cheart na hiontrálacha do bheirt a scriosadh agus ba cheart an fhaisnéis, atá san Iarscríbhinn, a bhaineann leis na cearta chun cosanta agus leis an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil, a thabhairt cothrom le dáta.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/119/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES mar a leanas:

(1)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 6 Márta 2021.”;

(2)

leasaítear an Iarscríbhinn mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Márta 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. ĆORIĆ


(1)  Cinneadh 2014/119/CBES an 5 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO L 66, 6.3.2014, lch. 26).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/119/CBES mar a leanas:

(1)

faoin gceannteideal “A. Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 1”, scriostar na hiontrálacha do na daoine seo a leanas:

11.

Mykola Yanovych Azarov;

18.

Edward Stavytskyi;

(2)

roinn “B. Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil”, cuirtear an méid seo thíos isteach ina ionad:

“B.

Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil

Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil faoi Chód na hÚcráine um Nós Imeachta Coiriúil

Foráiltear le hAirteagal 42 de Chód na hÚcráine um Nós Imeachta Coiriúil (‘an Cód um Nós Imeachta Coiriúil’) go bhfuil cearta chun cosanta ag an uile dhuine atá faoi dhrochamhras nó a cúisíodh in imeachtaí coiriúla chomh maith leis an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Áirítear orthu sin: an ceart go n‐inseofar do dhuine faoin gcion coiriúil a bhfuil drochamhras ina leith faoi nó a cuireadh ina leith; an ceart go n‐inseofar, go sainráite agus gan mhoill, do dhuine faoi na cearta atá aige faoin gCód um Nós Imeachta Coiriúil; an ceart chun dlíodóir cosanta a fháil, nuair a iarrtar ar dtús é; an ceart chun achainíocha a thíolacadh le haghaidh caingne nós imeachta; agus an ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí, gníomhartha agus neamhghníomhartha an imscrúdaitheora, an ionchúisitheora phoiblí agus an bhreithimh imscrúdaithe. Foráiltear le hAirteagal 306 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil nach mór do bhreitheamh imscrúdaithe de chuid Cúirte áitiúla gearáin i gcoinne chinntí, ghníomhartha nó neamhghníomhartha an imscrúdaitheora nó an ionchúisitheora phoiblí a bhreithniú i láthair an ghearánaigh nó a dhlíodóra cosanta nó a ionadaí dlíthiúil. Foráiltear le hAirteagal 308 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil go bhféadfar gearáin i gcoinne imscrúdaitheora nó ionchúisitheoir poiblí maidir le mainneachtain tréimhse réasúnach ama a urramú le linn an imscrúdaithe réamhthrialach, go bhféadfar iad a thaisceadh le hionchúisitheoir poiblí uachtarach agus nach mór iad a bhreithniú laistigh de 3 lá ón uair a thaisctear iad. Lena chois sin, sonraítear in Airteagal 309 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil na cinntí ó bhreithiúna imscrúdaithe a bhféadfar agóid a dhéanamh ina gcoinne le hachomharc, agus sonraítear ann freisin go bhféadfadh cinntí eile a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach le linn imeachtaí ullmhúcháin sa Chúirt. Anuas air sin, ní féidir caingne áirithe imscrúdaitheacha nós imeachta a thabhairt ach amháin faoi réir rialú ón mbreitheamh imscrúdaithe nó ó Chúirt (e.g. maoin a urghabháil faoi Airteagail 167-175, agus bearta coinneála faoi Airteagail 176‐178 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil).

Cur i bhfeidhm na gceart chun cosanta agus an chirt chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil i gcás gach duine de na daoine a liostaítear

1.

Viktor Fedorovych Yanukovych

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, na cearta sin atá ag Viktor Fedorovych Yanukovych chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe le litreacha dar dáta an 26 Meán Fómhair 2014 agus an 8 Deireadh Fómhair 2014 maidir leis an bhfógra i scríbhinn a cuireadh chuige faoi dhrochamhras a bheith ann faoi, le faisnéis gur ceadaíodh, an 27 Iúil 2015, imscrúdú speisialta réamhthrialach a dhéanamh in absentia, le cinntí éagsúla ón gCúirt a bhaineann le hurghabháil maoine agus ós rud é go raibh an deis ann achomharc a dhéanamh in éadan an chinnidh imeachtaí coiriúla an 27 Meán Fómhair 2017 a chur ar fionraí. Tá fianaise ar a taifead ag an gComhairle freisin gur deonaíodh an 30 Meán Fómhair 2019 tairiscint ón gcosaint, rún a deonaíodh le déanaí.

2.

Vitalii Yuriyovych Zakharchenko

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, na cearta sin atá ag Vitalii Yuriyovych Zakharchenko chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe le cinntí an bhreithimh imscrúdaithe an 21 Bealtaine 2018 agus an 23 Samhain 2018 lena gceadaítear Vitalii Yuriyovych Zakharchenko a choinneáil d’fhonn é a thabhairt chun na Cúirte chun an achainí maidir le cur i bhfeidhm coinneála faoi choimeád a éisteacht. Ina theannta sin, bhí an deis ann achomharc a dhéanamh i leith chinneadh an 19 Feabhra 2019 an t‐imscrúdú réamhthrialach a chur ar fionraí.

3.

Viktor Pavlovych Pshonka

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, na cearta sin atá ag Viktor Pavlovych Pshonka chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe leis an bhfíric gur seachadadh fógra i scríbhinn an 22 Nollaig 2014 faoi dhrochamhras a bheith ann faoi, leis an bhfíric go raibh an deis ann achomharc a dhéanamh i leith chinneadh an 16 Meitheamh 2017 imeachtaí coiriúla a chur ar fionraí agus le cinntí an bhreithimh imscrúdaithe an 12 Márta 2018, an 13 Lúnasa 2018 agus an 5 Meán Fómhair 2019 lena gceadaítear Viktor Pavlovych Pshonka a choinneáil d’fhonn é a thabhairt chun na Cúirte chun an achainí maidir le cur i bhfeidhm coinneála faoi choimeád a éisteacht.

6.

Viktor Ivanovych Ratushniak

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, na cearta sin atá ag Viktor Ivanovych Ratushniak chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe le cinntí an bhreithimh imscrúdaithe an 21 Bealtaine 2018 agus an 23 Samhain 2018 lena gceadaítear Viktor Ivanovych Ratushniak a choinneáil d’fhonn é a thabhairt chun na Cúirte chun an achainí maidir le cur i bhfeidhm coinneála faoi choimeád a éisteacht. Ina theannta sin, bhí an deis ann achomharc a dhéanamh i leith chinneadh an 19 Feabhra 2019 an t-imscrúdú réamhthrialach a chur ar fionraí.

7.

Oleksandr Viktorovych Yanukovych

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, na cearta sin atá ag Oleksandr Viktorovych Yanukovych chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe le líon cinntí ón gCúirt a bhaineann le hurghabháil maoine agus le cinneadh an bhreithimh imscrúdaithe an 27 Meitheamh 2018 lena gcealaítear an rún ón ionchúiseamh trí dhiúltú do thairiscint na cosanta clabhsúr a chur ar an imscrúdú.

9.

Artem Viktorovych Pshonka

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, na cearta sin atá ag Artem Viktorovych Pshonka chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe toisc gur seachadadh fógra i scríbhinn an 29 Nollaig 2014 faoi dhrochamhras a bheith ann faoi, toisc go raibh an deis ann achomharc a dhéanamh i leith chinneadh an 16 Meitheamh 2017 imeachtaí coiriúla a chur ar fionraí agus le cinntí an bhreithimh imscrúdaithe an 12 Márta 2018, an 13 Lúnasa 2018 agus an 5 Meán Fómhair 2019 lena gceadaítear Artem Viktorovych Pshonka a choinneáil d’fhonn é a thabhairt chun na Cúirte chun an achainí maidir le cur i bhfeidhm coinneála faoi choimeád a éisteacht.

12.

Serhiy Vitalyovych Kurchenko

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, na cearta sin atá ag Serhiy Vitalyovych Kurchenko chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe le cinneadh an bhreithimh imscrúdaithe an 7 Márta 2018 lena gceadaítear imscrúdú speisialta a dhéanamh in absentia. Ina theannta sin, tugadh fógra don chosaint gur tugadh chun críche an t‐imscrúdú réamhthrialach an 28 Márta 2019 agus tugadh rochtain ar na hábhair dóibh chun taithíochta.

13.

Dmytro Volodymyrovych Tabachnyk

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, na cearta sin atá ag Dmytro Volodymyrovych Tabachnyk chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe le cinneadh an bhreithimh imscrúdaithe an 8 Bealtaine 2018 lena gceadaítear Dmytro Volodymyrovych Tabachnyk a choinneáil d’fhonn é a thabhairt chun na Cúirte chun an achainí maidir le cur i bhfeidhm coinneála faoi choimeád a éisteacht.

15.

Serhiy Hennadiyovych Arbuzov

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, na cearta sin atá ag Serhiy Hennadiyovych Arbuzov chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe le litir dar dáta an 24 Aibreán 2017 maidir leis an bhfógra i scríbhinn a cuireadh chuige faoi dhrochamhras a bheith ann faoi, le cinntí an bhreithimh imscrúdaithe an 19 Nollaig 2018, an 18 Márta 2019 agus an 29 Iúil 2019 lena ndeonaítear tairiscint na cosanta i gcoinne neamhghníomh Oifig an Ionchúisitheora, le cinneadh an bhreithimh imscrúdaithe an 10 Lúnasa 2017 lena gceadaítear imscrúdú speisialta a dhéanamh in absentia agus le cinntí an bhreithimh imscrúdaithe an 4 Samhain 2019 agus an 5 Samhain 2019 lena ndiúltaítear tairiscintí na cosanta spriocdháta a shocrú i dtaobh an t-imscrúdú réamhthrialach a thabhairt chun críche.

17.

Oleksandr Viktorovych Klymenko

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, na cearta sin atá ag Oleksandr Viktorovych Klymenko chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe le cinntí an bhreithimh imscrúdaithe an 1 Márta 2017 agus an 5 Deireadh Fómhair 2018 lena gceadaítear imscrúdú speisialta a dhéanamh in absentia, le cinntí an bhreithimh imscrúdaithe an 8 Feabhra 2017 agus an 19 Lúnasa 2019 lena ndeonaítear beart coisctheach i bhfoirm coinneála faoi choimeád agus leis an bhfíric go bhfuil próiseas taithíochta ar ábhar na n-imeachtaí coiriúla fós ar bun ag an gcosaint.”.