25.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 52/3


CINNEADH (AE) 2020/245 ÓN GCOMHAIRLE

an 17 Feabhra 2020

maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhairle Comhpháirtíochta arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le glacadh Rialacha Nós Imeachta na Comhairle Comhpháirtíochta agus Rialacha Nós Imeachta an Choiste Comhpháirtíochta, na bhfochoistí agus na gcomhlachtaí eile arna mbunú ag an gComhairle Comhpháirtíochta, agus bunú liosta na bhfochoistí, chun an Comhaontú sin a chur i bhfeidhm cé is moite de Theideal II de

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, Airteagal 100(2), Airteagail 207 agus 209, i gcomhar leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 218(8) agus Airteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid a leanas:

(1)

Rinneadh an Comhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (1), ("an Comhaontú") a shíniú sa Bhruiséil an 24 Samhain 2017 agus cuireadh i bhfeidhm é go sealadach ón 1 Meitheamh 2018 i leith.

(2)

Le hAirteagail 362 agus 363 den Chomhaontú, cuirtear Comhairle Comhpháirtíochta agus Coiste Comhpháirtíochta ar bun chun feidhmiú an Chomhaontaithe a éascú.

(3)

De bhun Airteagal 362(4) den Chomhaontú, tá a rialacha nós imeachta féin le bunú ag an gComhairle Comhpháirtíochta agus, de bhun Airteagal 363(4) den Chomhaontú, is í an Chomhairle Comhpháirtíochta a chinneann, ina rialacha nós imeachta, dualgais agus feidhmiú an Choiste Comhpháirtíochta.

(4)

Chun feidhmiú éifeachtach an Chomhaontaithe a áirithiú, ba cheart Rialacha Nós Imeachta na Comhairle Comhpháirtíochta agus an Choiste Comhpháirtíochta a ghlacadh.

(5)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2018/104 ón gComhairle (2), le linn thréimhse chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe, ní féidir leis an gComhairle Comhpháirtíochta cinntí a dhéanamh ach amháin maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe dá bhforáiltear sa Chinneadh sin.

(6)

De bhun Airteagal 364(2) den Chomhaontú, is féidir leis an gComhairle Comhpháirtíochta cinneadh a dhéanamh fochoistí agus comhlachtaí eile a chur ar bun i réimsí sonracha a bheidh in ann cuidiú léi a dualgais a dhéanamh. Thairis sin, ina rialacha nós imeachta, is í an Chomhairle Comhpháirtíochta a chineann comhdhéanamh, dualgais agus feidhmiú na bhfochoistí agus na gcomhlachtaí eile sin.

(7)

Tá Rialacha Nós Imeachta na Comhairle Comhpháirtíochta agus Rialacha Nós Imeachta an Choiste Comhpháirtíochta, na bhfochoistí agus na gcomhlachtaí eile le glacadh ag an gComhairle Comhpháirtíochta.

(8)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta a bhunú, ós rud é go mbeidh an Cinneadh lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle Comhpháirtíochta agus Rialacha Nós Imeachta an Choiste Comhpháirtíochta, na bhfochoistí agus na gcomhlachtaí eile arna mbunú ag an gComhairle Comhpháirtíochta, agus lena mbunaítear liosta na bhfochoistí, ina cheangal ar an Aontas.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i dtionól na Comhairle Comhpháirtíochta a bhunú ar an dréacht-Chinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta.

(10)

Ní bhaineann an Cinneadh seo leis an dréacht-Chinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta a mhéid a rialaítear leis feidhmiú na gcomhlachtaí arna mbunú faoin gComhaontú agus Teideal II den Chomhaontú á chur i bhfeidhm, ina bhfuil forálacha maidir le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais agus a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 2 de Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Tá aidhm agus ábhar na bhforálacha sin éagsúil ó aidhm agus ábhar na bhforálacha eile sa Chomhaontú maidir le comhpháirtíocht a bhunú idir na Páirtithe agus tá siad neamhspleách ar an aidhm agus an ábhar sin. Glacfar cinneadh ar leithligh i gcomhthráth leis an gCinneadh seo, maidir leis an gCinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta atá i gceangal leis an gCinneadh seo a mhéid a rialaítear leis feidhmiú na gcomhlachtaí arna mbunú faoin gComhaontú agus Teideal II den Chomhaontú á chur i bhfeidhm.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Is ar an dréacht-Chinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta (3) a bhunófar an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhairle Comhpháirtíochta arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le glacadh Rialacha Nós Imeachta na Comhairle Comhpháirtíochta agus Rialacha Nós Imeachta an Choiste Comhpháirtíochta, na bhfochoistí agus na gcomhlachtaí eile arna mbunú ag an gComhairle Comhpháirtíochta, agus bunú liosta na bhfochoistí, chun an Comhaontú sin a chur i bhfeidhm cé is moite de Theideal II de.

2.   Féadfaidh ionadaithe an Aontais glacadh le mionathruithe teicniúla ar an dréacht‐Chinneadh i dtionól na Comhairle Comhpháirtíochta gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 23, 26.1.2018, lch. 4.

(2)  Cinneadh (AE) 2018/104 ón gComhairle an 20 Samhain 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Chuimsithigh Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (IO L 23, 26.1.2018, lch. 1).

(3)  Féach doiciméad ST 15226/19 ar http://register.consilium.europa.eu.