7.2.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 36/5 |
CINNEADH (CBES) 2020/170 ÓN GCOMHAIRLE
an 6 Feabhra 2020
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2010/231 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 26 Aibreán 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2010/231 (1). |
(2) |
An 15 Samhain 2019, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2498 (2019). Athdhearbhaítear leis an Rún sin trádbhac arm ginearálta iomlán ar an tSomáil agus déantar leasú ann ar na díolúintí, na réamhfhormheasanna agus na fógraí maidir le hairm agus ábhar gaolmhar a sheachadadh don tSomáil. Athdhearbhaítear leis an Rún sin an toirmeasc ar fhioghual a allmhairiú ón tSomáil, agus tugtar isteach leis freisin srianta ar ghairis phléascacha sheiftithe a dhíol leis an tSomáil, a sholáthar nó a aistriú chuici. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2010/231 a leasú dá réir. |
(4) |
Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta ón Aontas chun bearta áirithe den Chinneadh seo a chur chun feidhme, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2010/231(CBES) mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas,
|
(2) |
Cuirtear Airteagal 1c nua isteach mar a leanas: ‘Airteagal 1c: ‘1. Faoi réir Airteagal 1(3), comhpháirteanna gaireas pléascach seiftithe atá ar Liosta comhchoiteann míleata an Aontais Eorpaigh, agus a atáirgtear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCinneadh seo, toirmiscfear ar náisiúnaigh de Bhallstáit nó ó chríocha na mBallstát, iad a sholáthar go díreach nó go hindíreach don tSomáil, a dhíol léi nó a aistriú chuici, bíodh siad de thionscnamh a gcríoch nó ná bíodh. 2. Beidh soláthar díreach nó indíreach, díol nó aistriú chuig an tSomáil comhpháirteanna gaireas pléascach seiftithe eile, mar a liostaítear iad in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gCinneadh seo, faoi réir údarú a fháil roimh ré ó údaráis inniúla na mBallstát. Ní dheonóidh siad an t-údarú sin má tá go leor fianaise ann lena léiriú go n-úsáidfear an t-earra/na hearraí, nó má tá riosca suntasach ann go n-úsáidfear iad, le haghaidh gairis phléascacha seiftithe a mhonarú sa tSomáil. 3. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choiste faoi dhíol, soláthar nó aistriú na n-earraí dá dtagraítear i mír 2, laistigh de 15 lá oibre, tar éis an díolacháin, an tsoláthair nó an aistrithe. Áireofar sna fógraí gach faisnéis ábhartha, lena n-áirítear an cuspóir atá le húsáid an earra nó na n-earraí, an t-úsáideoir deiridh, na sonraíochtaí teicniúla agus méid an earra nó na n-earraí atá le seoladh. Áiritheoidh siad go dtabharfar cúnamh airgeadais agus cúnamh teicniúil leordhóthanach do Rialtas Cónaidhme na Somáile agus do na Ballstáit Chónaidhme chun coimircí iomchuí a bhunú do stóráil agus dáileadh ábhar den sórt sin. 4. Cuirfidh na Ballstáitchun cinn daoine nádúrtha agus dlítheanacha atá faoi réir a ndlínse a bheith san airdeall dtaca le maidir le soláthar, díol nó aistriú díreach nó indíreach réamhtheachtaithe pléascán agus ábhar chuig an tSomáil a d’fhéadfaí a úsáid chun gairis phléascacha seiftithe a mhonarú, seachas na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV agus in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gCinneadh seo. Coimeádfaidh na Ballstáit taifid ar idirbhearta a bhfuil siad ar an eolas fúthu maidir le ceannacháin amhrasacha nó fiosrúcháin amhrasacha faoi earraí eile den sórt sin ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha sa tSomáil, agus roinnfidh siad an fhaisnéis sin le Rialtas Cónaidhme na Somáile, leis an gCoiste Smachtbhannaí agus leis an bPainéal Saineolaithe maidir leis an tSomáil. |
(3) |
Cuirtear Iarscríbhinn I in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
(4) |
Cuirtear Iarscríbhinn III isteach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
(5) |
Cuirtear Iarscríbhinn IV isteach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
(6) |
Cuirtear Iarscríbhinn V isteach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Feabhra 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Cinneadh 2010/231/CBES an 26 Aibreán 2010 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2009/138/CBES (IO L 105, 27.4.2010, lch. 17).
IARSCRÍBHINN I
“IARSCRÍBHINN II
LIOSTA NA nEARRAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR I bhFOPHOINTE I DE PHOINTE (F) d’AIRTEAGAL 1(3)
1.
Diúracáin dromchla go haer, lena n-áirítear córais aerchosanta iniompartha(MANPADS);
2.
Airm a bhfuil calabra níos mó ná 12.7 mm acu, agus comhpháirteanna atá saindeartha dóibh sin, agus an t-armlón a ghabhann leo. (Ní áirítear leis sin teilgeoirí roicéad fritancanna arna scaoileadh ón ngualainn amhail gránáidí roicéadtiomána (RPGanna), córais arm uathrialaitheach marfach (LAWanna), gránáidí raidhfil nó teilgeoirí gránáide.);
3.
Moirtéir le calabra níos mó na 82 mm agus an t-armlón a ghabhann leo;
4.
Airm threoraithe fritancanna, lena n-áirítear diúracáin threoraithe fritancanna (ATGManna) agus armlón agus comhpháirteanna atá saindeartha do na hearraí sin;
5.
Lánáin agus gléasanna atá saindeartha nó modhnuithe d’úsáid mhíleata; mianaigh agus ábhar gaolmhar;
6.
Treoracha airm le cumas oíche;
7.
Aerárthaí atá saindeartha nó modhnuithe d’úsáid mhíleata (ciallaíonn “aerárthach” feithicil sciatháin dhobhogtha, fiarsciatháin, rótarárthach, feithicil chlaonrótair nó sciatháin chlaonta, nó héileacaptar.);
8.
“Soithí” agus feithiclí amfaibiacha atá saindeartha nó modhnuithe d’úsáid mhíleata. (Áirítear le ‘soitheach’ aon long, feithicil a bhfuil éifeachtaí dromchlacha aici, feithicil a bhfuil limistéar beag plána uisce nó duillárthach aici, agus cabhail nó cuid de chabhail soithigh.);
9.
Aerárthaí comhraic gan foireann (arna liostáil faoi Chatagóir IV i gClár na Náisiún Aontaithe um Ghnáth-Arm).
IARSCRÍBHINN II
“IARSCRÍBHINN III
LIOSTA NA nEARRAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR I bPOINTÍ (F)(II) AGUS (III) d’AIRTEAGAL 1(3)
1.
Gach cineál arm a bhfuil calabra suas le 12.7 mm aige, agus an t-armlón a ghabhann leo;
2.
RPG-7 agus gunna neamh-athchasta, agus armlón lena mbaineann;
3.
Clogaid arna monarú de réir caighdeán nó sonraíochtaí míleata, nó de réir caighdeán náisiúnta inchomparáide;
4.
Armúr colainne nó baill éadaigh chosanta, mar a leanas:
(a) |
Armúr bog colainne nó baill éadaigh cosanta, arna monarú de réir caighdeáin nó sonraíochtaí míleata nó a gcoibhéisí (áirítear le caighdeáin nó sonraíochtaí míleata, ar a laghad, sonraíochtaí maidir le cosaint ó bhloghadh); |
(b) |
Plátaí armúir colainne crua a thugann cosaint bhalaistíoch atá ar leibhéal III (NIJ 0101.06, Iúil 2008) nó coibhéisí náisiúnta, nó atá níos airde ná an leibhéal sin; |
5.
Feithiclí talún atá saindeartha nó modhnuithe d’úsáid mhíleata;
6.
Trealamh cumarsáide atá saindeartha nó modhnuithe d’úsáid mhíleata;
7.
Trealamh ionadaithe córas domhanda um loingseoireacht satailíte (GNSS) atá saindeartha nó modhnuithe d’úsáid mhíleata.
Iarscríbhinn III
“IARSCRÍBHINN IV
LIOSTA NA nEARRAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR I MÍR 1 d’AIRTEAGAL 1C:
1.
Teitril (trínítrifeinilmeitilnítrimín);
2.
Trealamh atá saindeartha le haghaidh úsáid mhíleata agus atá saindeartha chun gairis phléascacha seiftithe (IEDanna) a ghníomhachtú, a chumhachtú le haghaidh aschur oibríochtúil aonuaire, a dhíluchtú nó a mhadhmadh.
3.
“Teicneolaíocht” atá “riachtanach” chun na hearraí a liostaítear i míreanna 1 agus 2 a “tháirgeadh” nó a “úsáid”. (Is as liosta comhchoiteann míleata an Aontais Eorpaigh a thógtar na sainmhínithe ar na téarmaí atá idir “comharthaí dúbailte athfhriotail” (1).)
IARSCRÍBHINN IV
“IARSCRÍBHINN V
LIOSTA NA nEARRAÍ DÁ nTAGRAÍTEAR I MÍR 2 d’AIRTEAGAL 1C:
1.
Trealamh agus gairis, nach bhfuil sonraithe le mír 2 in Iarscríbhinn IV, atá saindeartha chun pléascáin a thionscnamh ar mhodhanna leictreacha nó neamhleictreacha (e.g. gairis lámhachta, maidhmitheoirí, adhainteoirí, corda maidhmitheach).
2.
“Teicneolaíocht” atá “riachtanach” chun na hearraí a liostaítear i mír 1 a “tháirgeadh” nó a “úsáid”. (Is as liosta comhchoiteann míleata an Aontais Eorpaigh a thógtar na sainmhínithe ar na téarmaí atá idir “comharthaí dúbailte athfhriotail”.)
3.
Na hábhair phléascacha, mar a leanas, agus meascáin ina bhfuil ceann amháin nó níos mó díobh:
(a) |
Ola Bhreosla Níotráite Amóiniam (ANFO); |
(b) |
Nítriceallalós (ina bhfuil níos mó ná 12.5 % nítrigin w/w); |
(c) |
Nítrighliocól; |
(d) |
Teitriníotráit pheinteiritríotóil (PETN); |
(e) |
Clóiríd phicrile; |
(f) |
2,4,6 -Trínítreatolúéin (TNT). |
4.
Réamhtheachtaithe pléascán:
(a) |
Níotráit amóiniam; |
(b) |
Níotráit photaisiam; |
(c) |
Clóráit sóidiam; |
(d) |
Aigéad nítreach; |
(e) |
Aigéad sulfarach. |