14.11.2019   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 295/1


RIALACHÁN (AE) 2019/1896 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 13 Samhain 2019

maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (b) agus (d) d’Airteagal 77(2) agus pointe (c) d’Airteagal (79)(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é is cuspóir do bheartas an Aontais i réimse an bhainistithe teorainneacha seachtracha ná bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a fhorbairt agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, rud a bhfuil gá leis do shaorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas agus ar gné bhunúsach é de limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Tá ról lárnach ag bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip i mbainistiú imirce a fheabhsú. Is é an aidhm bainistiú éifeachtúil a dhéanamh ar thrasnú na dteorainneacha seachtracha agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirceacha agus bagairtí a d’fhéadfadh a bheith amach anseo ag na teorainneacha sin, agus ar an tslí sin rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar an gcoireacht thromchúiseach a bhfuil gné thrasteorann ag gabháil léi agus a áirithiú gur ann d’ardleibhéal slándála inmheánaí laistigh den Aontas. Ag an am céanna, tá sé riachtanach gníomhú le lánurraim do chearta bunúsacha agus ar bhealach a dhéanann saorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas a choimirciú.

(2)

Bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle (4). Ó chuaigh sí i mbun oibre an 1 Bealtaine 2005, d’éirigh leis an nGníomhaireacht cúnamh a thabhairt do na Ballstáit gnéithe oibríochtúla den bhainistiú teorainneacha seachtracha a chur chun feidhme trí bhíthin oibríochtaí comhpháirteacha agus mear-idirghabhálacha teorann, anailís riosca, malartú faisnéise, caidreamh le tríú tíortha agus fillithe a fhilleadh.

(3)

Athraíodh ainm na Gníomhaireachta Eorpaí chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh go dtí an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (“An Ghníomhaireacht”), dá ngairtear Frontex go coitianta, agus cuireadh lena cúraimí ionas go mbeadh leanúnachas iomlán ann ó thaobh a cuid gníomhaíochtaí agus a nósanna imeachta. Ba cheart na príomhróil seo a leanas a bheith ag an nGníomhaireacht: straitéis theicniúil agus oibríochtúil a bhunú mar chuid de chur chun feidhme an timthrialla don bheartas ilbhliantúil straitéiseach don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip; chun formhaoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú éifeachtach an rialaithe ag teorainneacha ag na teorainneacha seachtracha; chun anailísí rioscaí agus measúnuithe leochaileachta a chur i gcrích; chun cúnamh breise teicniúil agus oibríochtúil a sholáthar do na Ballstáit agus tríú tíortha trí bhíthin oibríochtaí comhpháirteacha agus mear-idirghabhálacha teorann; a áirithiú go ndéanfar bearta a fhorghníomhú ar bhealach praiticiúil i staid a éilíonn gníomhaíocht phráinneach ag na teorainneacha seachtracha; chun cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a sholáthar mar thaca le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála do dhaoine atá i nguais ar muir; agus chun oibríochtaí um fhilleadh agus idirghabhálacha um fhilleadh a eagrú, a chomhordú agus a sheoladh.

(4)

Ón uair a thosaigh géarchéim na himirce i 2015, tá tionscnaimh thábhachtacha tugtha isteach ag an gCoimisiún agus tá sraith de bhearta molta aige chun cosaint na dteorainneacha seachtracha a neartú agus chun gnáthfheidhmiú limistéar Schengen a athbhunú. I mí na Nollag 2015, tíolacadh togra maidir le sainordú na Gníomhaireachta Eorpaí chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a mhéadú go mór agus socraíodh go mear tríd an idirbheartaíocht in 2016 é. Tháinig an rialachán a bhí mar thoradh air sin, Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), i bhfeidhm an 6 Deireadh Fómhair 2016.

(5)

Mar sin féin, ní mór tuilleadh feabhais a chur ar chreat an Aontais i réimsí an rialaithe ag teorainneacha seachtracha, an fhillte, chomhrac na coireachta trasteorann, agus an tearmainn. Chun na críche sin agus chun bonn níos láidre a chur faoi iarrachtaí oibríochtúla atá á ndéanamh faoi láthair agus atá beartaithe don am amach romhainn, ba cheart an Garda Teorann agus Cósta Eorpach a athchóiriú trí bhíthin sainordú níos daingne a thabhairt don Ghníomhaireacht agus, go háirithe, trí bhíthin na cumais riachtanacha a thabhairt di, is é sin le rá i bhfoirm buanchóir de chuid an Ghárda Teorann agus Cósta Eorpaigh (“an buanchór”). Ba cheart don bhuanchór an cuspóir straitéiseach a bhaint amach de réir a chéile ach go pras acmhainní de 10 000 ball foirne oibríochtúla a bheith aige, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I, a mbeidh cumhachtaí feidhmiúcháin acu, i gcás inarb infheidhme, chun tacú go héifeachtach leis na Ballstáit ar an láthair ina gcuid iarrachtaí chun na teorainneacha seachtracha a chosaint, an choireacht trasteorann a chomhrac agus dlús mór a chur le filleadh éifeachtach agus inbhuanaithe na n-imirceach neamhrialta. Is ionann acmhainní den sórt sin de 10 000 ball foirne oibríochtúla agus na hacmhainní uasta a bheidh de dhíth chun aghaidh éifeachtach a thabhairt ar riachtanais oibríochtúla atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo maidir le teorainneacha agus oibríochtaí um fhilleadh san Aontas agus i dtríú tíortha, lena n-áirítear acmhainní mearfhreagartha chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna sa todhchaí.

(6)

Ba cheart don Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar líon foriomlán agus comhdhéanamh an bhuanchóir, lena n-áirítear méid rannchuidithe na mBallstát aonair leis, mar aon leis an oiliúint a chuirtear air, agus a shaineolas agus a ghairmiúlacht. Faoi mhí an Mhárta 2024, ba cheart don Choimisiún, i gcás inar gá, tograí iomchuí a thíolacadh chun Iarscríbhinní I, II, III agus IV a leasú. I gcás nach ndéanfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh, ba cheart dó míniú a thabhairt maidir leis an gcúis leis sin.

(7)

Ba cheart cur chun feidhme an Rialacháin seo, go háirithe bunú an bhuanchóir, lena n-áirítear tar éis don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an mbuanchór, a bheith faoi réir an chreata airgeadais ilbhliantúil.

(8)

Sna conclúidí a rinne sí an 28 Meitheamh 2018, d’iarr an Chomhairle Eorpach ról tacaíochta na Gníomhaireachta a neartú tuilleadh, i gcomhar le tríú tíortha freisin, trí bhíthin acmhainní méadaithe agus sainordú feabhsaithe, d’fhonn a áirithiú go ndéanfaí rialú éifeachtach ag teorainneacha seachtracha agus d’fhonn dlús mór a chur le filleadh éifeachtach na n-imirceach neamhrialta.

(9)

Is gá faireachán éifeachtúil a dhéanamh ar thrasnú ag na teorainneacha seachtracha, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirceacha agus ar bhagairtí a d’fhéadfadh a bheith amach anseo ag na teorainneacha seachtracha, a áirithiú gur ann d’ardleibhéal slándála inmheánaí laistigh den Aontas, feidhmiú limistéar Schengen a choimirciú agus urraim a léiriú do phrionsabal uileghabhálach na dlúthpháirtíochta. Ba cheart a bheith ag gabháil leis na gníomhaíochtaí agus cuspóirí sin bainistiú a dhéanamh ar an imirce ar bhonn réamhghníomhach, lena n-áirítear na bearta is gá i dtríú tíortha. Chuige sin, is gá an Garda Teorann agus Cósta Eorpach a chomhdhlúthú agus sainordú na Gníomhaireachta a mhéadú tuilleadh.

(10)

Agus bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip á chur i bhfeidhm, ba cheart comhleanúnachas le cuspóirí beartais eile a áirithiú.

(11)

Is é atá i gceist le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, bunaithe ar an tsamhail rialaithe rochtana ceithre chiseal, bearta a dhéantar i dtríú tíortha, amhail a dhéantar faoi chuimsiú an chomhbheartais víosaí, bearta a dhéantar le tríú tíortha comharsanachta, bearta um rialú ag teorainneacha a dhéantar ag na teorainneacha seachtracha, anailís riosca agus bearta a dhéantar laistigh de limistéar Schengen agus bearta um fhilleadh.

(12)

Ba cheart bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a chur chun feidhme mar fhreagracht chomhroinnte ag an nGníomhaireacht agus ag na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear gardaí cósta a mhéid agus a dhéanann siad oibríochtaí faireachais teorann muirí agus aon chúraimí eile rialaithe ag teorainneacha, agus ag na húdaráis náisiúnta atá freagrach as an bhfilleadh. Cé gur ar na Ballstáit a bheidh an phríomhfhreagracht a dteorainneacha seachtracha a bhainistiú chun a leasa féin agus chun leas na mBallstát uile agus cé gurb iad féin atá freagrach as cinntí um fhilleadh a eisiúint, ba cheart don Ghníomhaireacht tacú le cur i bhfeidhm bhearta an Aontais a bhaineann leis na teorainneacha seachtracha a bhainistiú agus leis an bhfilleadh trí ghníomhaíochtaí na mBallstát a chuireann na bearta sin chun feidhme a athneartú, a mheasúnú agus a chomhordú. Ba cheart do ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a bheith ina gcomhlánú ar iarrachtaí na mBallstát.

(13)

Chun cur chun feidhme éifeachtach don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a áirithiú agus chun cur le héifeachtúlacht bheartas um fhilleadh an Aontais, ba cheart Garda Teorann agus Cósta Eorpach a bhunú. Ba cheart na hacmhainní airgeadais agus daonna mar aon leis an trealamh is gá a sholáthar dó. Ba cheart an Garda Teorann agus Cósta Eorpach a bheith comhdhéanta den Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear gardaí cósta a mhéid agus a dhéanann siad cúraimí rialaithe ag teorainneacha, chomh maith leis na húdaráis náisiúnta atá freagrach as an bhfilleadh. Ar an gcaoi sin, beidh sé ag brath ar úsáid chomhchoiteann faisnéise, acmhainneachtaí agus córas ar an leibhéal náisiúnta agus ar fhreagairt na Gníomhaireachta ar leibhéal an Aontais.

(14)

Le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, ní athraítear inniúlachtaí an Choimisiúin agus na mBallstát faoi seach i réimse an chustaim, go háirithe maidir le rialuithe, bainistiú riosca agus malartú faisnéise.

(15)

Is le hinstitiúidí an Aontais a fhanfaidh an fhreagracht maidir le forbairt a dhéanamh ar bheartas agus dlí maidir le rialú ag teorainneacha seachtracha agus filleadh, lena n-áirítear beartas straitéiseach ilbhliantúil maidir leis an mbainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a fhorbairt. Ba cheart dlúthchomhar idir an Ghníomhaireacht agus na hinstitiúidí sin a ráthú.

(16)

Ba cheart a áirithiú go ndéanfaidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach an bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a chur chun feidhme go héifeachtach trí bhíthin timthriall don bheartas ilbhliantúil straitéiseach. Ba cheart próiseas comhtháite aontaithe leanúnach a leagan amach sa timthriall ilbhliantúil, ar próiseas é a thabharfaidh treoirlínte straitéiseacha do na gníomhaithe ábhartha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta i réimse an bhainistithe teorainneacha agus an fhillte ionas go mbeidh na gníomhaithe sin in ann bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a chur chun feidhme ar bhealach comhleanúnach. Leis sin, ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar na hidirghníomhaíochtaí ábhartha uile a bheidh ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach leis an gCoimisiún agus insititiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, agus an comhar le comhpháirtithe ábhartha, lena n-áirítear tríú tíortha agus tríú páirtithe de réir mar is iomchuí.

(17)

Maidir le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, is gá pleanáil chomhtháite a dhéanamh idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht maidir le hoibríochtaí teorann agus oibríochtaí um fhilleadh chun freagairtí a ullmhú do dhúshláin ag na teorainneacha seachtracha, chun pleanáil theagmhasach agus comhordú a dhéanamh ar an bhforbairt fhadtéarmach cumais ó thaobh na hearcaíochta agus na oiliúna de agus ó thaobh fáil agus forbairt trealaimh de freisin.

(18)

Ba cheart don Ghníomhaireacht caighdeáin theicniúla a fhorbairt do mhalartú faisnéise mar a fhoráiltear sa Rialachán seo. Ina theannta sin, do chur chun feidhme éifeachtach Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ba cheart íoschaighdeáin chomhchoiteanna don fhaireachas ar theorainneacha seachtracha a fhorbairt. Chuige sin, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann rannchuidiú le híoschaighdeáin chomhchoiteanna a fhorbairt i gcomhréir le hinniúlachtaí na mBallstát agus an Choimisiúin faoi seach. Ba cheart na híoschaighdeáin chomhchoiteanna sin a fhorbairt agus na cineálacha teorainneacha, na leibhéil tionchair arna sannadh ag an nGníomhaireacht ar gach cuid den teorainn sheachtrach agus tosca eile amhail saintréithe geografacha á gcur san áireamh. Agus na híoschaighdeáin chomhchoiteanna sin á bhforbairt, ba cheart na srianta féideartha a thagann as an dlí náisiúnta a chur san áireamh.

(19)

Ba cheart na caighdeáin theicniúla le haghaidh córais faisnéise agus feidhmchláir bogearraí a ailíniú leis na caighdeáin a bhíonn in úsáid ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (euLISA) i gcomhair córais TF eile i réimse na saoirse, na slándála, agus an cheartais.

(20)

Le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ní dhéantar difear do dheighilt na hinniúlachta idir an tAontas agus na Ballstáit, ná d’oibleagáidí na mBallstát faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir, faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta agus an Prótacal in aghaidh Inimircigh a Smuigleáil ar Tír, ar Muir nó san Aer, faoi Choinbhinsiún 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe, faoi Phrótacal 1967 a ghabhann leis, faoin gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i dtaobh Stádas Daoine gan Stát agus faoi ionstraimí idirnáisiúnta ábhartha eile.

(21)

Ní dhéanfaidh cur chun feidhme an Rialacháin seo difear do Rialachán (AE) Uimh. 656/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Ba cheart oibríochtaí ar muir a dhéanamh ar bhealach a dhéanfaidh, i ngach cás, sábháilteacht na ndaoine tascartha nó tarrtháilte, sábháilteacht na n-aonad a ghlacann páirt san oibríocht ar muir i gceist agus sábháilteacht na dtríú páirtithe a áirithiú.

(22)

Ba cheart don Ghníomhaireacht a cuid cúraimí a chur i gcrích i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta gan dochar do na freagrachtaí atá ar na Ballstáit a mhéid a bhaineann leis an réimse dlí agus cirt a chaomhnú agus an tslándáil inmheánach a choimirciú.

(23)

Ba cheart don Ghníomhaireacht a cuid cúraimí a chur i gcrích gan dochar d’inniúlacht na mBallstát maidir le cúrsaí cosanta.

(24)

Ba cheart cúraimí agus inniúlacht leathnaithe na Gníomhaireachta a bheith á gcothromú le coimircí treisithe i dtaca le cearta bunúsacha agus le cuntasacht mhéadaithe agus dliteanas méadaithe, go háirithe maidir le feidhmiú cumhachtaí feidhmiúcháin ag baill foirne reachtúla.

(25)

Tá an Ghníomhaireacht ag brath ar chomhar na mBallstát chun bheith in ann a cúraimí a dhéanamh ar bhealach éifeachtach. I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach don Ghníomhaireacht agus do na Ballstáit gníomhú de mheon macánta agus faisnéis chruinn a mhalartú go tráthúil. Níor cheart go mbeadh ar aon Bhallstát faisnéis a sholáthar má mheasann sé go mbeadh nochtadh na faisnéise sin contrártha do leasanna bunriachtanacha a shlándála.

(26)

Ba cheart do na Ballstáit, chun a leasa féin agus chun leas na mBallstát eile, na sonraí ábhartha is gá a chur ar fáil do na gníomhaíochtaí a dhéanann an Ghníomhaireacht, lena n-áirítear ar mhaithe le feasacht ar dhálaí, anailísí rioscaí, measúnuithe leochaileachta agus pleanáil chomhtháite. Chomh maith leis sin, ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil na sonraí beacht agus cothrom le dáta agus go ndearnadh iad a fháil agus iontráil go dlíthiúil. I gcás ina n-áireoidh na sonraí sin sonraí pearsanta, ba cheart feidhm iomlán a bheith ag dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí.

(27)

Ba cheart an líonra cumarsáide a bhunaítear faoin Rialachán seo a bheith bunaithe ar líonra cumarsáide EUROSUR arna fhorbairt faoi chuimsiú Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus ba cheart dó teacht in ionad an líonra sin. Ba cheart úsáid a bhaint as an líonra cumarsáide a bhunaítear faoin Rialachán seo do gach malartú slán faisnéise laistigh den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach. Ba cheart leibhéal creidiúnaithe an líonra cumarsáide a mhéadú go dtí leibhéal aicmithe CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL chun ráthú faisnéise idir na Ballstáit agus leis an nGníomhaireacht a fheabhsú.

(28)

Tá gá le EUROSUR le go mbeidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach in ann creat a chur ar fáil don mhalartú faisnéise agus don chomhar oibríochtúil idir údaráis náisiúnta na mBallstát agus leis an nGníomhaireacht. Soláthraíonn EUROSUR an bonneagar agus na huirlisí is gá do na húdaráis náisiúnta agus don Ghníomhaireacht chun a bhfeasacht ar dhálaí ag na teorainneacha seachtracha a fheabhsú agus a n-acmhainn freagartha ag na teorainneacha seachtracha a mhéadú chun inimirce neamhdhlíthiúil agus coireacht trasteorann a bhrath, a chosc agus a chomhrac, rud a chuidíonn le beatha inimirceach a shábháil agus a áirithíonn go ndéantar iad a chosaint.

(29)

Ba cheart do na Ballstáit lárionaid náisiúnta chomhordúcháin a bhunú chun an malartú faisnéise agus an comhar idir na Ballstáit agus leis an nGníomhaireacht i dtaca le faireachas teorainneacha a fheabhsú agus i dtaca le seiceálacha teorann a dhéanamh. Tá sé fíorthábhachtach, chun go bhfeidhmeoidh EUROSUR mar is cuí, go rachadh na húdaráis náisiúnta ar fad a bhfuil freagracht orthu i ndáil le faireachas teorainneacha seachtracha faoin dlí náisiúnta i gcomhar le chéile trí bhíthin na lárionad náisiúnta comhordúcháin.

(30)

Ról an lárionaid náisiúnta comhordúcháin maidir le comhordú agus malartú faisnéise i measc na n-údarás uile a bhfuil freagracht orthu i ndáil le rialú ag teorainneacha seachtracha ar an leibhéal náisiúnta, ní dochar é don inniúlacht arna bunú ar an leibhéal náisiúnta i dtaca le rialú ag teorainneacha a phleanáil agus a chur chun feidhme.

(31)

Níor cheart don Rialachán seo bac a chur ar Bhallstáit freagracht a chur ar a lárionaid náisiúnta chomhordúcháin freisin as comhar agus malartú faisnéise a chomhordú i ndáil le comhchodanna eile den bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip.

(32)

Is den riachtanas é an fhaisnéis a mhalartaítear idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht a bheith ar ardcháilíocht agus go mbeadh malartú na faisnéise tráthúil le go bhfeidhmeoidh an bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip mar is ceart. I bhfianaise chomh maith agus a d’éirigh le EUROSUR, ba cheart an cháilíocht sin a áirithiú tríd an gcaighdeánú, tríd an malartú faisnéise a dhéanamh uathoibríoch sna líonraí agus sna córais uile, trí ráthú faisnéise agus trí rialú ar cháilíocht na sonraí agus na faisnéise arna dtarchur.

(33)

Ba cheart don Ghníomhaireacht an cúnamh is gá a sholáthar chun EUROSUR a fhorbairt agus a oibriú, lena n-áirítear idir-inoibritheacht na gcóras, go háirithe trí EUROSUR a bhunú, a choimeád ar bun agus a chomhordú.

(34)

Ba cheart léargas foriomlán de dhálaí a thabhairt in EUROSUR ar na dálaí ní hamháin ag na teorainneacha seachtracha ach laistigh de limistéar Schengen freisin agus sa limistéar réamhtheorann. Ba cheart faireachas teorainneacha talún, farraige agus aeir a chumhdach leis sin agus seiceálacha teorann. Níor cheart gníomhaíochtaí oibriúcháin na Gníomhaíochta ag teorainneacha inmheánacha na mBallstát a bheith mar thoradh ar sholáthar feasachta ar dhálaí laistigh de limistéar Schengen.

(35)

Ba cheart faireachas teorainneacha aeir a bheith mar chuid den bhainistiú teorainneacha ós rud é go n-úsáidtear eitiltí tráchtála agus príobháideacha agus córais aerárthaí cianphíolótaithe chun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a bhaineann leis an inimirce agus coireacht trasteorann a dhéanamh. Tá sé mar aidhm le faireachas teorainneacha aeir eitiltí amhrasacha den sórt sin a thrasnaíonn na teorainneacha seachtracha nó a dhéanann iarracht iad a thrasnú a bhrath agus faireachán a dhéanamh orthu agus anailís riosca a bhaineann leis sin a chur i gcrích d’fhonn acmhainní freagartha ó údaráis inniúla an Aontais agus na mBallstát a chur ar bun. Chun na críche sin, ba cheart comhar idirghníomhaíochta ar leibhéal an Aontais a chur chun cinn idir an Ghníomhaireacht, Bainisteoir Líonra an Líonra Eorpaigh um Bainistíocht Aerthráchta (EATMN) agus Gníomhaireacht Sábháilteacht Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA). I gcás inarb ábhartha, ba cheart go mbeadh ar chumas na mBallstát faisnéis a fháil maidir le heitiltí seachtracha amhrasacha agus frithghníomhú dá réir. Ba cheart don Ghníomhaireacht faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta sa réimse sin agus tacú leo.

(36)

Rannchuideoidh tuairisciú ar tharluithe a bhaineann le gluaiseachtaí tánaisteacha neamhúdaraithe in EUROSUR leis an bhfaireachán a dhéanann an Ghníomhaireachta ar na sreabha imirce i dtreo an Aontais agus laistigh den Aontas ar mhaithe le hanailís riosca agus feasacht ar dhálaí. Leis an ngníomh cur chun feidhme lena leagtar síos mionsonraí shraitheanna faisnéise na léargas ar dhálaí agus na rialacha maidir le léargais ar dhálaí sonracha a bhunú, ba cheart dó tuilleadh sainithe a dhéanamh ar an gcineál tuairiscithe is fearr chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(37)

Ba cheart seirbhísí cumaisc EUROSUR arna soláthar ag an nGníomhaireacht a bhunú ar chur i bhfeidhm comhchoiteann na n-uirlisí faireachais agus ar an gcomhar idirghníomhaíochta ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear seirbhísí slándála Copernicus a sholáthar. Ba cheart do sheirbhísí cumaisc EUROSUR seirbhísí faisnéise breisluacha a bhaineann le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a thabhairt do na Ballstáit agus don Ghníomhaireacht. Ba cheart cur le seirbhísí cumaisc EUROSUR chun tacú le seiceálacha teorann, faireachas teorainneacha aeir agus faireachán ar shreabha imirce.

(38)

De bhrí go mbítear ag cur chun farraige in árthaí beaga nach bhfuil muiracmhainneach, tá méadú suaithní tagtha ar an líon inimirceach a bháitear ag teorainneacha seachtracha mara theas. Ba cheart do EUROSUR cumas teicniúil agus oibríochtúil na Gníomhaireachta agus na mBallstát a fheabhsú go mór chun gur féidir leo na hárthaí beaga sin a bhrath agus chun cumas freagartha na mBallstát a fheabhsú agus cuidiú, ar an gcuma sin, laghdú a dhéanamh ar líon na n-inimirceach a bhásaíonn lena n-áirítear faoi chuimsiú oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála.

(39)

Aithnítear leis an Rialachán seo go ngabhann daoine bealaí imirceacha freisin agus cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu.

(40)

Ba cheart don Ghníomhaireacht anailísí riosca a ullmhú a bheidh ginearálta agus sainoiriúnaithe bunaithe ar mhúnla comhchoiteann comhtháite don anailís riosca, a bheidh le cur i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht féin agus ag na Ballstáit. Ba cheart don Ghníomhaireacht, bunaithe freisin ar an bhfaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit, faisnéis leormhaith a chumhdaíonn na gnéithe uile a bhaineann le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a sholáthar, go háirithe rialú ag teorainneacha, filleadh, feiniméan gluaiseachtaí tánaisteacha neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír san Aontas i dtéarmaí treochtaí, toirte agus bealaí, cosc a chur leis an gcoireacht trasteorann, lena n-áirítear éascú ar thrasnuithe teorann neamhúdaraithe, gáinneáil ar dhaoine, an sceimhlitheoireacht agus bagairtí de chineál hibrideach, mar aon leis an staid i dtríú tíortha ábhartha, chun gur féidir bearta iomchuí a dhéanamh nó chun dul i ngleic le bagairtí agus rioscaí a shainaithnítear, d’fhonn bainistiú comhtháite na dteorainneacha seachtracha a fheabhsú.

(41)

I bhfianaise a chuid gníomhaíochtaí ag na teorainneacha seachtracha, ba cheart don Ghníomhaireacht rannchuidiú le cosc agus brath na coireachta trasteorann, amhail imircigh a smuigleáil, gáinneáil ar dhaoine agus an sceimhlitheoireacht, i gcás inarb iomchuí an méid sin chun go ngníomhóidh sí agus i gcás ina bhfuil faisnéis ábhartha faighte aici trína cuid gníomhaíochtaí. Ba cheart di a cuid gníomhaíochtaí a chomhordú le Europol, arb é an ghníomhaireacht atá freagrach as tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát, agus na gníomhaíochtaí sin a threisiú, agus as an gcomhar eatarthu d’fhonn an choireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó a chosc agus a chomhrac. Is saintréith den ghné thrasteorann iad na coireanna atá nasctha go díreach le trasnú neamhúdaraithe na dteorainneacha seachtracha, lena n-áirítear gáinneáil ar dhaoine nó imircigh a smuigleáil. I gcomhréir le Treoir 2002/90/CE ón gComhairle (9), tá na Ballstáit in ann a chinneadh gan smachtbhannaí a fhorchur i gcás inarb é aidhm na hiompraíochta ná cúnamh daonnúil a thabhairt d’imircigh.

(42)

De mheon na freagrachta comhroinnte, ba cheart é a bheith mar ról ag an nGníomhaireacht faireachán a dhéanamh ar bhainistiú na dteorainneacha seachtracha ar bhonn rialta, lena n-áirítear urraim do chearta bunúsacha i ngníomhaíochtaí bainistithe teorainneacha agus fillte na Gníomhaireachta. Ba cheart don Ghníomhaireacht a áirithiú go ndéantar faireachán cuí agus éifeachtach, ní hamháin tríd an bhfeasacht ar dhálaí agus anailís riosca, ach freisin trí shaineolaithe óna foireann féin a bheith i láthair sna Ballstáit. Ba cheart don Ghníomhaireacht, dá bhrí sin, a bheith in ann oifigigh idirchaidrimh a imscaradh chuig Ballstáit ar feadh tréimhse áirithe ama, agus go dtuairisceodh an t-oifigeach idirchaidrimh don stiúrthóir feidhmiúcháin i rith na tréimhse ama sin. Ba cheart gur cuid den mheasúnú leochaileachta a bheadh i dtuarascálacha na n-oifigeach idirchaidrimh.

(43)

Ba cheart don Ghníomhaireacht measúnú leochaileachta a dhéanamh, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, chun acmhainneacht agus ullmhacht na mBallstát a mheasúnú i dtaobh aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ag a dteorainneacha seachtracha agus rannchuidiú leis an mbuanchór agus leis an gcomhthiomsú de threalamh teicniúil. Ba cheart a áireamh ar an measúnú leochaileachta measúnú ar threalamh, ar bhonneagar, ar fhoireann, ar bhuiséad agus ar acmhainní airgeadais na mBallstát agus ar a bpleananna teagmhasacha i dtaca le haghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna a d’fhéadfadh titim amach ag na teorainneacha seachtracha. Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh arna sainaithint sa mheasúnú sin. Ba cheart don stiúrthóir feidhmiúcháin na bearta a bheidh le déanamh a shainaithint agus iad a mholadh don Bhallstát lena mbaineann. Ba cheart don stiúrthóir feidhmiúcháin teorainn ama a shocrú freisin faoina mbeidh na bearta sin le déanamh agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme tráthúil. Más rud é nach ndéantar na bearta is gá laistigh den teorainn ama a leagtar síos, ba cheart an t-ábhar a tharchur chuig an mbord bainistíochta chun go ndéanfar cinneadh eile ina leith.

(44)

Más rud é nach ndéantar an fhaisnéis, atá riachtanach chun measúnú leochaileachta a dhéanamh, a sholáthar go cruinn agus go tráthúil don Ghníomhaireacht, ba cheart di bheith in ann an fíoras sin a chur san áireamh nuair a bhíonn an measúnú leochaileachta á dhéanamh, mura rud é go bhfuil cúiseanna cuí-réasúnaithe ann na sonraí sin a choinneáil siar.

(45)

Is dhá shásra chomhlántacha iad an measúnú leochaileachta agus an sásra meastóireachta Schengen a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 (10) chun a ráthú go bhfuil rialú ag an Aontas ar cháilíocht fheidhmiú cuí limistéar Schengen agus chun a áirithiú go bhfuil ullmhacht bhuan ann ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun freagairt do dhúshlán ar bith ag na teorainneacha seachtracha. Cé gurb é sásra meastóireachta Schengen an príomh-mhodh chun meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme agus comhlíonadh dhlí an Aontais sna Ballstáit, ba cheart an leas is mó is féidir a bhaint as na sineirgí idir an measúnú leochaileachta agus sásra meastóireachta Schengen d’fhonn léargas feabhsaithe ar dhálaí feidhmithe limistéar Schengen a fháil, rud a sheachnóidh, a mhéid is féidir, dúbailt oibre ó thaobh na mBallstát de, agus chun a áirithiú go mbainfear úsáid níos comhordaithe as ionstraimí airgeadais ábhartha an Aontais chun tacú le bainistiú na dteorainneacha seachtracha. Chun na críche sin, ba cheart malartú rialta faisnéise faoi na torthaí ón dá shásra idir an Ghníomhaireacht agus an Coimisiún a bhunú.

(46)

Ós rud é go ndéanann na Ballstáit codanna de theorainneacha a leagan amach a sannann an Ghníomhaireacht leibhéil tionchair dóibh, agus gur cheart acmhainní freagartha na mBallstát agus na Gníomhaireachta a bheith nasctha leis na leibhéil tionchair sin, ba cheart ceathrú leibhéal tionchair — leibhéal tionchair géibheannach — a bhunú chun bheith sannta do chuid den teorainn ar bhonn sealadach, i gcás ina mbeidh limistéar Schengen i mbaol agus ar cheart don Ghníomhaireacht idirghabháil a dhéanamh ina leith.

(47)

I gcás ina sanntar leibhéal tionchair ard nó géibheannach do chuid den teorainn mhuirí mar thoradh ar ardú ar inimirce neamhdhlíthiúil, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann an t-ardú sin a chur san áireamh maidir le pleanáil agus cur i gcrích oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála ós rud é go bhféadfadh cás den sórt sin a bheith ina chúis le méadú ar na hiarrataí ar chúnamh do dhaoine atá i nguais ar muir.

(48)

Ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh teicniúil agus oibríochtúil is iomchuí do na Ballstáit a chur ar fáil d’fhonn a n-acmhainneacht maidir lena n-oibleagáidí a chur chun feidhme a athneartú a mhéid a bhaineann le rialú ag teorainneacha seachtracha, agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ag na teorainneacha seachtracha de thoradh líon méadaithe imirceach neamhrialta ag teacht isteach nó de thoradh na coireachta trasteorann. Níor cheart gur dhochar cúnamh den sórt d’inniúlacht na n-údarás náisiúnta ábhartha chun imscrúduithe coiriúla a thionscnamh. Ina leith sin, ba cheart don Ghníomhaireacht, ar a tionscnamh féin agus le comhaontú ón mBallstát lena mbaineann nó arna iarraidh sin don Bhallstát sin, oibríochtaí comhpháirteacha a eagrú agus a chomhordú le haghaidh Ballstát amháin nó níos mó, foirne bainistithe teorainneacha, foirne tacaíochta don bhainistiú imirce agus foirne um fhilleadh (dá ngairtear le chéile “na foirne”) a imscaradh ón mbuanchór agus an trealamh teicniúil is gá a chur ar fáil.

(49)

I gcás ina bhfuil dúshlán sonrach agus díréireach ag na teorainneacha seachtracha, ba cheart don Ghníomhaireacht, ar a tionscnamh féin agus le comhaontú ón mBallstát lena mbaineann nó arna iarraidh sin don Bhallstát sin, mear-idirghabhálacha teorann a eagrú agus a chomhordú, agus foirne ón mbuanchór mar aon le trealamh teicniúil a imscaradh, lena n-áirítear trealamh ón gcomhthiomsú de threalamh mearfhreagartha. Ba cheart a bheith ar áireamh sa chomhthiomsú de threalamh mearfhreagartha méid teoranta ítimí de threalamh is gá chun go bhféadfaí mear-idirghabhálacha teorann a d’fhéadfadh a bheith ann a dhéanamh. Le mear-idirghabhálacha teorann, ba cheart athneartú a sholáthar ar feadh tréimhse theoranta ama i gcás ina bhfuil freagairt láithreach de dhíth agus ina mbeadh na hidirghabhálacha sin ina bhfreagairt éifeachtach. Chun a áirithiú go bhfuil idirghabháil den sórt sin éifeachtach, ba cheart do na Ballstáit baill foirne a thugann siad ar iasacht don Ghníomhaireacht, a sholáthraíonn siad don Ghníomhaireacht le haghaidh imscaradh gearrthéarmach agus a imscarann siad chun críocha an chúltaca le haghaidh mearfhreagartha a chur ar fáil chun foirne ábhartha a dhéanamh agus an trealamh teicniúil is gá a sholáthar. Maidir le criú arna imscaradh leis an trealamh teicniúil ó Bhallstát, i gcás gurb as an mBallstát sin dóibh, ba cheart an criú a chomhaireamh mar chuid de rannchuidiú an Bhallstát sin leis an mbuanchór. Ba cheart don Ghníomhaireacht agus don Bhallstát lena mbaineann comhaontú ar phlean oibríochta.

(50)

I gcás ina mbíonn dúshláin shonracha agus dhíréireacha ó thaobh imirce roimh Bhallstát ag limistéir ar leith dá theorainneacha seachtracha a bhfuil mórphlódú isteach de shreabha imirce measctha mar shaintréith díobh, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann brath ar athneartuithe breise teicniúla agus oibríochtúla. Ba cheart d’fhoirne tacaíochta don bhainistiú imirce an t-athneartú sin a sholáthar i dteophointí. Ba cheart na foirne sin a bheith comhdhéanta de bhaill foirne oibríochtúla atá le himscaradh ón mbuanchór agus saineolaithe ón Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO), ó Europol agus, i gcás inarb ábhartha, ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, ó chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus ó na Ballstáit. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar an comhordú is gá ar mheasúnú na riachtanas arna gcur isteach ag na Ballstáit. Ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir leis na gníomhaireachtaí éagsúla ar an talamh a chomhordú. Ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis an mBallstát óstach agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, téarmaí an chomhair ag teophointí a bhunú. Ba cheart don Choimisiún comhar na ngníomhaireachtaí ábhartha de réir na sainorduithe faoi seach atá acu a áirithiú agus ba cheart dó a bheith freagrach as comhordú ghníomhaíochtaí na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce.

(51)

Ba cheart do Bhallstáit a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis ábhartha ag aon údaráis ar dócha go bhfaighidh siad iarratais le haghaidh cosaint idirnáisiúnta, amhail na póilíní, gardaí teorann, údaráis inimirce agus pearsanra i saoráidí coinneála. Ba cheart dóibh a áirithiú freisin go bhfaighidh pearsanra údarás den sórt sin an leibhéal riachtanach oiliúna is iomchuí dá gcúraimí agus dá bhfreagrachtaí agus go dtabharfar treoracha dóibh maidir le hiarratasóirí a chur ar an eolas i dtaobh cá háit a bhféadfaidh siad iarratais le haghaidh cosaint idirnáisiúnta a thaisceadh agus i dtaobh cén chaoi lena dhéanamh agus treoracha maidir le conas daoine i gcás leochaileach a chur ar aghaidh chuig na sásraí tarchuir iomchuí.

(52)

Sna conclúidí a rinne sí an 28 Meitheamh 2018, dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach arís a thábhachtaí a bhí sé a bheith taobh le cur chuige cuimsitheach i leith na himirce agus mheas sí nár dhúshlán roimh aon Bhallstát amháin í an imirce ach gur dhúshlán roimh an Eoraip ar fad í. Ina leith sin, chuir sí an bhéim ar a thábhachtaí agus atá sé don Aontas Eorpach lántacaíocht a thabhairt chun bainistiú ordúil ar shreabha imirce a áirithiú.

(53)

Ba cheart don Ghníomhaireacht agus do EASO dul i mbun dlúthchomhair le chéile chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar dhúshláin na himirce a bhfuil mórphlódú isteach de shreabha imirce measctha mar shaintréith díobh, go háirithe ag na teorainneacha seachtracha. Go sonrach, ba cheart don Ghníomhaireacht agus do EASO a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú agus tacú leis na Ballstáit chun nósanna imeachta maidir le cosaint idirnáisiúnta a éascú agus chun an nós imeachta maidir le filleadh a éascú i dtaca le náisiúnaigh tríú tír ar diúltaíodh a n-iarratais ar chosaint idirnáisiúnta. Ba cheart don Ghníomhaireacht agus do EASO dul i mbun comhair le chéile maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla comhchoiteanna eile amhail anailís riosca chomhroinnte, bailiú sonraí staidrimh, agus oiliúint agus tacaíocht do na Ballstáit i dtaca le pleanáil theagmhasach.

(54)

Na húdaráis náisiúnta sin a chuireann feidhmeanna garda cósta i gcrích, tá freagracht orthu i leith raon leathan cúraimí, a bhféadfadh an tsábháilteacht mhuirí, an tslándáil mhuirí, oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála muirí, rialú ag teorainneacha muirí, rialú ar iascach muirí, rialú custaim mhuirí, forfheidhmiú ginearálta dlí muirí agus cosaint an chomhshaoil mhuirí a bheith ar áireamh leo. An Ghníomhaireacht, an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA) agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA), ba cheart dóibh mar sin an comhar eatarthu féin a threisiú mar aon leis an gcomhar leis na húdaráis náisiúnta atá i mbun feidhmeanna garda cósta chun feasacht ar dhálaí muirí a mhéadú agus chun tacú le gníomhaíocht a bheidh comhtháite agus cost-éifeachtúil. Ba cheart sineirgí idir na gníomhaithe éagsúla sa réimse muirí a bheith ag luí le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip agus le straitéisí um shlándáil mhuirí.

(55)

Ag teophointí, ba cheart do na Ballstáit dul i mbun comhair leis na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus ba cheart do na gníomhaireachtaí sin feidhmiú de réir na sainorduithe agus na gcumhachtaí atá acu faoi seach, agus faoi réir comhordú ón gCoimisiún. Ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, a áirithiú go gcomhlíonfaidh na gníomhaíochtaí ag na teophointí an dlí ábhartha agus cearta bunúsacha de chuid an Aontais.

(56)

Má tá údar leis de bharr thorthaí an mheasúnaithe leochaileachta, de bharr na hanailíse riosca nó toisc leibhéal tionchair géibheannach a bheith sannta go sealadach do chuid amháin nó níos mó den teorainn, ba cheart do stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta a mholadh don Bhallstát lena mbaineann oibríochtaí comhpháirteacha nó mear-idirghabhálacha teorann a thionscnamh agus a chur i gcrích.

(57)

I gcás ina bhfágtar go bhfuil rialú ag teorainneacha seachtracha chomh neamhéifeachtach sin go bhféadfaí feidhmiú limistéar Schengen a chur i mbaol, bíodh sin toisc nach ndéanann Ballstát na bearta is gá i gcomhréir le measúnú leochaileachta nó toisc, nár iarr Ballstát a bhfuil dúshláin shonracha agus dhíréireacha roimhe ag na teorainneacha seachtracha, tacaíocht leordhóthanach ar an nGníomhaireacht nó nach gcuireann sé tacaíocht den sórt sin chun feidhme, ba cheart mearfhreagairt aontaithe agus éifeachtach a thabhairt ar leibhéal an Aontais. Chun críche na rioscaí sin a mhaolú, agus chun comhordú níos fearr a áirithiú ar leibhéal an Aontais, ba cheart don Choimisiún cinneadh a mholadh don Chomhairle ina sainaithnítear na bearta sin atá le cur chun feidhme ag an nGníomhaireacht agus ag an am céanna ina gcuirtear ceangal ar an mBallstát lena mbaineann comhoibriú leis an nGníomhaireacht i gcur chun feidhme na mbeart sin. Ba cheart an chumhacht cur chun feidhme chun cinneadh den sórt sin a ghlacadh a thabhairt don Chomhairle toisc íogaireacht pholaitiúil fhéideartha na mbeart atá le cinneadh, ar dócha go mbainfidh siad le cumhachtaí feidhmiúcháin agus forfheidhmithe náisiúnta. Leis sin, ba cheart don Ghníomhaireacht na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh chun na bearta a luaitear sa chinneadh ón gComhairle a fhorghníomhú go praiticiúil. Ba cheart don Ghníomhaireacht plean oibríochtúil a tharraingt suas i gcomhar leis an mBallstát lena mbaineann. Ba cheart don Bhallstát lena mbaineann cur chun feidhme an chinnidh ón gComhairle agus an plean oibríochtúil a éascú, inter alia, trína chuid oibleagáidí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Más rud é go mbíonn Ballstát ann nach gcomhlíonfaidh an cinneadh sin ón gComhairle laistigh de 30 lá agus nach gcomhoibreoidh leis an nGníomhaireacht maidir le cur chun feidhme na mbeart atá sa chinneadh sin, ba cheart don Choimisiún bheith in ann an nós imeachta sonrach dá bhforáiltear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2016/399 a thionscnamh chun aghaidh a thabhairt ar imthosca eisceachtúla a chuireann feidhmiú foriomlán an limistéir atá gan rialú ag teorainneacha inmheánach i mbaol.

(58)

Ba cheart an buanchór a bheith comhdhéanta de cheithre chatagóir ball foirne oibríochtúla, eadhon baill foirne reachtúla, baill foirne atá tugtha ar iasacht fhadtéarmach don Ghníomhaireacht ag na Ballstáit, baill foirne arna soláthar ag na Ballstáit le haghaidh imscaradh gearrthéarmach agus baill foirne atá mar chuid den chúltaca do mhearfhreagairt le haghaidh mear-idirghabhálacha teorann. Is é ba cheart a bheith i mbaill foirne oibríochtúla gardaí teorann, gardaí tionlacain don fhilleadh, speisialtóirí don fhilleadh, agus baill foirne ábhartha eile. Ba cheart an buanchór a imscaradh faoi chuimsiú na bhfoirne. Ba cheart do mhéid iarbhír na bhfoirne oibríochtúla arna n-imscaradh ón mbuanchór a bheith ag brath ar riachtanais oibríochtúla.

(59)

Ba cheart na cumhachtaí uile is gá a bheith ag na baill foirne oibríochtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne chun cúraimí an rialaithe ag teorainneacha agus an fhillte a chur i gcrích, lena n-áirítear na cúraimí a dteastaíonn cumhachtaí feidhmiúcháin ina leith a leagtar amach sa dlí náisiúnta ábhartha nó sa Rialachán seo. I gcás ina bhfeidhmíonn baill foirne reachtúla cumhachtaí feidhmiúcháin, ba cheart an Ghníomhaireacht a bheith faoi dhliteanas maidir le haon damáiste a dhéantar.

(60)

Ba cheart do na Ballstáit rannchuidiú leis an mbuanchór i gcomhréir le hIarscríbhinn II maidir le baill foirne a chur ar iasachtaí fadtéarmacha agus i gcomhréir le hIarscríbhinn III maidir le baill foirne a imscaradh go gearrthéarmach. Ba cheart rannchuidithe na mBallstát faoi leith a bhunú ar bhonn an scála dáilte a comhaontaíodh le linn na caibidlíochta in 2016 maidir le Rialachán (AE) 2016/1624 chun críocha an díorma mearfhreagartha agus a leagadh amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. Ba cheart an scála dáilte sin a chur in oiriúint go comhréireach do mhéid an bhuanchóir. Ba cheart na rannchuidithe sin a bhunú ar bhonn comhréireach do na tíortha atá comhlachaithe le Schengen.

(61)

Agus rogha á dhéanamh maidir le líon agus próifílí na mball foirne atá le léiriú i gcinneadh an bhoird bainistíochta, ba cheart don stiúrthóir feidhmiúcháin prionsabail na córa comhionainne agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, go háirithe maidir le cumais náisiúnta na mBallstát.

(62)

I ndáil leis an uainiú beacht maidir le himscaradh gearrthéarmach ón mbuanchór agus maidir le trealamh teicniúil atá cómhaoinithe faoi bhearta sonracha an Chiste Slándála Inmheánaí nó faoi aon chistiú tiomnaithe eile de chuid an Aontais a chur ar fáil, ba cheart é a bheith comhaontaithe idir gach Ballstát agus an Ghníomhaireacht trí chaibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla, agus acmhainní agus comhréireacht á gcur san áireamh. Agus rannchuidithe náisiúnta leis an mbuanchór á n-iarraidh aige nó aici, ba cheart don stiúrthóir feidhmiúcháin prionsabail na comhréireachta agus na córa comhionainne i leith na mBallstát a chur i bhfeidhm mar riail ghinearálta agus é mar aidhm staideanna a sheachaint a imríonn tionchar suntasach ar chomhlíonadh cúraimí náisiúnta i mBallstát amháin trí imscaradh rannchuidithe bliantúla an Bhallstáit sin a iarraidh in aon tréimhse amháin ar leith de 4 mhí. Le socruithe den sórt sin, ba cheart an fhéidearthacht a áireamh go gcomhlíonfadh na Ballstáit a n-oibleagáidí maidir le tréimhsí imscartha trí bhíthin tréimhsí nach dtagann i ndiaidh a chéile. Maidir le himscaradh gearrthéarmach ón mbuanchór, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a n-oibleagáidí i ndáil le himscaradh gearrthéarmach a chomhlíonadh ar bhealach carnach freisin, trí líon níos mó ball foirne a imscaradh ar feadh tréimhsí níos gairide nó trí na baill foirne chéanna a imscaradh ar feadh níos mó ná 4 mhí i gcomhréir leis an bpleanáil arna comhaontú trí chaibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla.

(63)

Gan dochar do thabhairt i gcrích tráthúil an phlean oibríochtúil maidir le hoibríochtaí ar muir, ba cheart don Ghníomhaireacht faisnéis shonrach a chur ar fáil do na Ballstáit rannpháirteacha, ag an gcéim is luaithe is féidir, maidir leis an dlínse ábhartha agus an dlí is infheidhme, go háirithe maidir le sainchearta na gceannasaithe árthaí agus aerárthaí, maidir le coinníollacha úsáid fornirt agus maidir le bearta sriantacha nó coimeádta a fhorchur.

(64)

Ba cheart córas tacaíochta airgeadais a bheith ag tacú le forbairt a dhéanamh ar acmhainní daonna go fadtéarmach chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit ag rannchuidiú leis an mbuanchór. Chun na críche sin, is iomchuí an Ghníomhaireacht a údarú le húsáid a bhaint as dámhachtain deontas do na Ballstáit gan glao ar thograí faoi “mhaoiniú nach bhfuil baint aige leis na costais” faoi réir na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) a chomhlíonadh. Mar gheall ar an tacaíocht airgeadais, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann baill foirne bhreise a fhostú agus oiliúint a chur orthu agus an tsolúbthacht is gá a chur ar fáil dóibh le go mbeidís in ann an rannchuidiú éigeantach leis an mbuanchór a chomhlíonadh. Ba cheart a chur san áireamh sa tacaíocht airgeadais an t-am is gá d’earcaíocht agus d’oiliúint agus, dá bhrí sin, ba cheart é a bheith bunaithe ar riail N + 2. Ba cheart cothromaíocht a bhaint amach leis an gcóras maoinithe tiomnaithe idir rioscaí neamhrialtachtaí agus calaoise agus na costais a bhaineann lena rialú. Leagtar amach sa Rialachán seo na coinníollacha nach mór a chomhlíonadh le go dtabharfar an tacaíocht airgeadais, mar atá an líon leordhóthanach gardaí teorann nó speisialtóirí eile a earcú agus a oiliúint a chomhfhreagraíonn don líon oifigeach a thugtar ar iasacht don Ghníomhaireacht go fadtéarmach nó oifigigh a imscaradh ar bhonn éifeachtach le linn gníomhaíochtaí oibríochtúla na Gníomhaireachta ar feadh tréimhse 4 mhí ar a laghad a thagann i ndiaidh a chéile nó nach dtagann i ndiaidh a chéile nó ar bhonn pro rata d’imscaradh ar feadh tréimhse níos lú ná 4 mhí a thagann i ndiaidh a chéile nó nach dtagann i ndiaidh a chéile. Ós rud é go bhfuil easpa sonraí ábhartha inchomparáide ann faoi chostais iarbhír sna Ballstáit ar fad, bheadh sé róchasta scéim maoiniúcháin chostasbhunaithe a fhorbairt agus níor leor an scéim sin i gcomhair an ghá le scéim maoiniúcháin atá simplí, gasta, éifeachtúil agus éifeachtach. Chun an méid maoiniúcháin a thabharfar do na Ballstáit éagsúla a shocrú, is iomchuí an tuarastal bliantúil do ghníomhaire ar conradh atá ag céim 1 de ghrád 8 i bhfeidhmghrúpa III de chuid institiúidí an Aontais arna choigeartú le comhéifeacht cheartaitheach le haghaidh gach Ballstáit a úsáid mar mhéid tagartha, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta airgeadais fónta agus de réir mheon na córa comhionainne. Agus tacaíocht airgeadais den sórt sin á cur chun feidhme acu, ba cheart don Ghníomhaireacht agus do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfar prionsabail an chómhaoiniúcháin agus nach ndéanfar aon chistiú dúbailte.

(65)

Chun an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar na seirbhísí náisiúnta maidir le baill foirne reachtúla a earcú don bhuanchór a mhaolú, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil do sheirbhísí ábhartha na mBallstát chun infheistíochtaí oiliúna do bhaill foirne nua le teacht in ionad baill foirne den sórt sin a bheadh ag imeacht a chumhdach.

(66)

I bhfianaise an buanchór a imscaradh i gcríocha tríú tíortha, ba cheart don Ghníomhaireacht na cumais a fhorbairt le haghaidh a cuid struchtúr ceannais agus rialaithe féin mar aon le nós imeachta chun a áirithiú gur féidir dliteanas sibhialta agus coiriúil a chur ar na baill de na foirne.

(67)

Chun go bhféadfar foireann a imscaradh go héifeachtach ón mbuanchór ag tosnú ón 1 Eanáir 2021, ba cheart cinntí áirithe a dhéanamh agus a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir. Dá bhrí sin, ba cheart don Ghníomhaireacht, mar aon leis na Ballstáit agus an Coimisiún, gabháil d’ullmhúchán bearta agus cinntí cur chun feidhme den sórt sin a bheidh le glacadh ag an mbord bainistíochta. Ba cheart do phróiseas ullmhúcháin den sórt sin an earcaíocht ábhartha ag an nGníomhaireacht agus ag na Ballstáit amhail dá dtagraítear sa Rialachán seo a chuimsiú.

(68)

Chun a áirithiú go leanfar de bheith ag tacú leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla a eagraíonn an Ghníomhaireacht, ba cheart an t-imscaradh ar fad, lena n-áirítear faoin díorma mearfhreagartha, atá le déanamh faoin 31 Nollaig 2020 a phleanáil agus a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1624 agus i gcomhréir leis na caibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla a cuireadh i gcrích in 2019. Chuige sin, níor cheart forálacha ábhartha an Rialacháin sin a aisghairm ach le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

(69)

Is é ba cheart a bheith i lucht saothair na Gníomhaireachta baill foirne a bheidh ag cur na gcúraimí a thugtar don Ghníomhaireacht i gcrích, bíodh sin i gceanncheathrú na Gníomhaireachta nó mar chuid den bhuanchór. Ba cheart baill foirne reachtúla sa bhuanchór a imscaradh go príomha mar bhaill de na foirne. Níor cheart é a bheith indéanta ach líon teoranta de bhaill foirne reachtúla, líon a bheidh sainithe go soiléir, a earcú chun feidhmeanna tacaíochta a chur i gcrích i ndáil le bunú an bhuanchóir, go háirithe sa cheanncheathrú.

(70)

Chun bearnaí dianseasmhacha i gcomhthiomsú deonach trealaimh theicniúil ó na Ballstáit, go háirithe maidir le sócmhainní mórscála, a líonadh, ba cheart an trealamh is gá a bheith ag an nGníomhaireacht a bheadh le cur i mbun oibre le linn oibríochtaí comhpháirteacha nó i gcás mear-idirghabhálacha teorann nó i gcás aon ghníomhaíochtaí oibríochtúla eile. Ba cheart na sócmhainní sin a bheith údaraithe ag na Ballstáit mar shócmhainní atá i seirbhís an rialtais. Cé go bhfuil sé ar chumas na Gníomhaireachta ó 2011 a trealamh teicniúil féin a fháil nó a léasú, cuireadh bac nár bheag ar an bhféidearthacht sin mar gheall ar an easnamh acmhainní buiséadacha.

(71)

Dá thoradh sin, chun teacht leis na huaillmhianta atá laistiar de bhunú an bhuanchóir, chuir an Coimisiún imchlúdach suntasach in áirithe don Ghníomhaireacht faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 ionas gur féidir leis an nGníomhaireacht na sócmhainní aeir, mara agus talún is gá a fháil, a chothabháil agus a oibriú i gcomhréir leis na riachtanais oibríochtúla. Cé go bhféadfadh fáil na sócmhainní riachtanacha a bheith ina próiseas fada, go háirithe le haghaidh sócmhainní móra, ba cheart go dtiocfaidh trealamh na Gníomhaireachta féin chun cinn mar chnámh droma imscartha oibríochtúil gan aon chabhair bhreise a bheidh de dhíth ó na Ballstáit ach amháin in imthosca eisceachtúla. Den chuid is mó, ba cheart do chriúnna teicniúla na Gníomhaireachta, ós cuid den bhuanchór iad, trealamh na Gníomhaireachta a oibriú. Chun a áirithiú go ndéanfar na hacmhainní airgeadais atá beartaithe a úsáid go héifeachtach, ba cheart fáil na sócmhainní riachtanacha a bheith bunaithe ar straitéis ilbhliantúil arna cinneadh chomh luath agus is féidir ag an mbord bainistíochta. Is gá inbhuanaitheacht na Gníomhaireachta a áirithiú trí bhíthin creataí airgeadais ilbhliantúla a bheidh ann sa todhchaí agus is gá bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip atá cuimsitheach a choinneáil.

(72)

Ba cheart don Ghníomhaireacht agus do na Ballstáit, agus an Rialachán seo á chur chun feidhme acu, an leas is fearr is féidir a bhaint as na cumais atá ann cheana féin ó thaobh acmhainní daonna chomh maith le trealamh teicniúil, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon.

(73)

Ba cheart an fhorbairt fhadtéarmach ar chumais nua an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a chomhordú idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht i gcomhréir leis an timthriall don bheartas ilbhliantúil straitéiseach don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, agus an tréimhse fhada a mhaireann próisis áirithe á cur san áireamh. Áirítear air sin earcú agus oiliúint gardaí teorann nua, a d’fhéadfadh a bheith ar seirbhís, le linn a ngairmréime, sna Ballstáit agus ina mbaill den bhuanchór araon, fáil, cothabháil agus diúscairt trealaimh, ar ina leith ba cheart deiseanna a thapú maidir le hidir-inoibritheacht agus barainneachtaí scála, agus forbairt trealaimh nua agus teicneolaíochtaí gaolmhara, lena n-áirítear taighde a dhéanamh chuige sin.

(74)

Sa treochlár cumais, ba cheart pleananna forbartha cumais na mBallstát agus pleanáil ilbhliantúil acmhainní na Gníomhaireachta a chóineasú chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an infheistíocht fhadtéarmach chun na teorainneacha seachtracha a chosaint ar an dóigh is fearr.

(75)

Agus sainordú méadaithe na Gníomhaireachta, bunú an bhuanchóir agus a láithreacht threisithe ar an láthair ag teorainneacha seachtracha an Aontais mar aon lena rannpháirtíocht mhéadaithe i réimse an fhillte á gcur san áireamh, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann oifigí allamuigh a bhunú a bheidh suite ag láithreacha gar dá príomhghníomhaíochtaí oibríochtúla ar feadh thréimhse na ngníomhaíochtaí sin, chun go bhfeidhmeoidís mar phointe caidrimh idir an Ghníomhaireacht agus an Ballstát óstach, chun déileáil le comhordúchán agus le cúraimí lóistíochta agus tacaíochta agus chun comhar idir an Ghníomhaireacht agus an Ballstát óstach a éascú.

(76)

De bhrí gur cuid de bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip an comhar idirghníomhaireachta, ba cheart don Ghníomhaireacht comhoibriú go dlúth le gach comhlacht, oifig agus gníomhaireacht ábhartha de chuid an Aontais, go háirithe le Europol agus EASO. Ba cheart comhar den sórt sin a chur ar bun ar leibhéal na ceanncheathrún, i réimsí oibríochtúla agus, i gcás inarb ábhartha, ar leibhéal oifigí allamuigh.

(77)

Ba cheart don Ghníomhaireacht agus do na Ballstáit, go háirithe a n-acadaimh oiliúna, comhoibriú go dlúth i dtaca le hoiliúint an bhuanchóir, fad a áirithíonn siad go ndéantar comhchuibhiú ar na cláir oiliúna agus go gcothaíonn siad na comhluachanna a chumhdaítear sna Conarthaí. Ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann, tar éis di formheas a fháil ón mbord bainistíochta, ionad oiliúna de chuid na Gníomhaireachta a chur ar bun chun gur fusa fós a bheidh sé cultúr Eorpach comhchoiteann a chuimsiú san oiliúint a chuirtear ar fáil.

(78)

Ba cheart don Ghníomhaireacht lárchuraclaim chomhchoiteanna agus uirlisí oiliúna leordhóthanacha do bhainistiú teorainneacha agus filleadh a fhorbairt tuilleadh, lena n-áirítear oiliúint shonrach maidir le daoine leochaileach, lena n-áirítear leanaí, a chosaint. Ba cheart di freisin cúrsaí oiliúna breise agus seimineáir bhreise a bhaineann le cúraimí um bainistiú comhtháite teorainneacha a chur ar fáil, lena n-áirítear d’oifigigh sna comhlachtaí náisiúnta inniúla. Ba cheart don Ghníomhaireacht oiliúint speisialaithe is ábhartha dá gcúraimí agus dá gcumhachtaí a chur ar fáil do bhaill an bhuanchóir. Ba cheart a áireamh leis sin oiliúint maidir le dlí ábhartha an Aontais agus maidir leis an dlí idirnáisiúnta agus le cearta bunúsacha. Ba cheart an Ghníomhaireacht a údarú chun gníomhaíochtaí oiliúna a eagrú ar chríocha na mBallstát agus tríú tíortha i gcomhar leis na Ballstáit agus le tríú tíortha.

(79)

Filleadh náisiúnach tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí sna Ballstáit, i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), is comhchuid bhunriachtanach é de na hiarrachtaí cuimsitheacha chun dul i ngleic leis an inimirce neamhdhlíthiúil agus is saincheist thábhachtach í a bhaineann go mór le leas an phobail.

(80)

Ba cheart don Ghníomhaireacht cur leis an gcúnamh a thugann sí do na Ballstáit maidir le náisiúnaigh tríú tíortha a fhilleadh, faoi réir bheartas um fhilleadh an Aontais agus i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE. Go háirithe, ba cheart don Ghníomhaireacht oibríochtaí um fhilleadh a chomhordú agus a eagrú ó Bhallstát amháin nó níos mó agus ba cheart di idirghabhálacha um fhilleadh a eagrú agus a dhéanamh chun córas um fhilleadh na mBallstát sin a bhfuil cúnamh breise teicniúil agus oibríochtúil de dhíth orthu a athneartú nuair atá na Ballstáit sin ag comhlíonadh a n-oibleagáide náisiúnaigh tríú tír a fhilleadh i gcomhréir leis an Treoir sin.

(81)

Ba cheart don Ghníomhaireacht, agus urramú iomlán á thabhairt do chearta bunúsacha agus gan dochar do fhreagracht na mBallstát as cinntí um fhilleadh a eisiúint, cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a sholáthar do na Ballstáit le linn phróisis an fhillte, lena n-áirítear sainaithint náisiúnach tríú tír agus gníomhaíochtaí eile de chuid na mBallstát a dhéantar roimh an bhfilleadh nó a bhaineann leis an bhfilleadh. Sa bhreis air sin, ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt do Bhallstáit a mhéid a bhaineann le doiciméid taistil a fháil don fhilleadh, i gcomhar le húdaráis na dtríú tíortha ábhartha.

(82)

Ba cheart don Ghníomhaireacht cead a thabhairt, faoi réir comhaontú a fháil ón mBallstát lena mbaineann, do Choiste Eorpach Chomhairle na hEorpa chun Céastóireacht agus Íde nó Pionós atá Mídhaonna nó Táireach a Chosc cuairt a thabhairt ar na háiteanna ina bhfuil oibríochtaí um fhilleadh ar bun aici, faoi chuimsiú an tsásra faireacháin arna bhunú ag baill de Chomhairle na hEorpa faoin gCoinbhinsiún Eorpach chun Céastóireacht agus Íde nó Pionós atá Mídhaonna nó Táireach a Chosc.

(83)

Maidir leis an gcúnamh do Bhallstáit agus iad ag leanúint nósanna imeachta um fhilleadh, ba cheart a áireamh ann faisnéis phraiticiúil a sholáthar maidir leis na tríú tíortha a mbeifear ag filleadh orthu agus ar faisnéis í atá ábhartha do chur chun feidhme an Rialacháin seo, amhail mionsonraí teagmhála a sholáthar nó faisnéis loighisticiúil eile atá riachtanach le haghaidh seoladh rianúil agus le dínit na n-oibríochtaí um fhilleadh. Ba cheart a áireamh ar an gcúnamh sin freisin ardán a oibriú agus a choimeád ar bun le haghaidh malartú sonraí agus faisnéise chun go mbeadh an Ghníomhaireacht in ann cúnamh teicniúil oibríochtúil a chur ar fáil i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart bonneagar cumarsáide a bheith ag an ardán sin a chumasódh malartú uathoibríoch sonraí staidrimh ag córais um bainistiú ar fhilleadh na mBallstát.

(84)

Bíodh is go bhféadfadh socrú a bheith cheana ann idir Ballstát agus tríú tír, ní shaorann sé sin an Ghníomhaireacht ná na Ballstáit óna gcuid oibleagáidí nó dliteanais faoi dhlí an Aontais ná faoin dlí idirnáisiúnta, go háirithe a mhéid a bhaineann le prionsabal an non refoulement a chomhlíonadh, agus le toirmeasc ar chéastóireacht agus ar íde atá mídhaonna nó táireach.

(85)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann dul i mbun comhair ar leibhéal oibríochtúil leis na Ballstáit eile nó le tríú tíortha ag na teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hoibríochtaí míleata a bhfuil cuspóir forfheidhmithe dlí acu, a mhéid atá an comhar sin comhoiriúnach do ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.

(86)

Ba cheart don Ghníomhaireacht feabhas a chur ar an malartú faisnéise agus ar an gcomhar le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, amhail Europol, EASO, EMSA, Lárionad Satailíte an Aontais Eorpaigh, EASA agus Bainisteoir Líonra EATMN chun gur féidir an leas is fearr a bhaint as an bhfaisnéis, as na hacmhainní agus as na córais atá ann agus atá ar fáil cheana féin ar leibhéal na hEorpa, amhail Copernicus, an clár an Aontais um fhaire agus um fhaireachán na Cruinne.

(87)

Is eilimint thábhachtach de bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip é an comhar le tríú tíortha. Ba cheart don chomhar fónamh chun an bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip agus na caighdeáin um fhilleadh a chur chun cinn, faisnéis agus anailís riosca a mhalartú, agus, cur chun feidhme an fhillte a éascú d’fhonn cur lena éifeachtúlacht agus tacú le tríú tíortha i réimse an bhainistithe teorainneacha agus imirce, lena n-áirítear tríd an mbuanchór a imscaradh nuair is gá an tacaíocht sin chun teorainneacha seachtracha a chosaint agus bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar bheartas imirce an Aontais.

(88)

I gcás ina molann an Coimisiún don Chomhairle údarú a thabhairt dó comhaontú stádais a chaibidliú le tríú tír, ba cheart don Choimisiún staid na gceart bunúsach atá ábhartha do na réimsí arna gcumhdach ag an gcomhaontú stádais sa tríú tír sin a mheasúnú agus Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas ina leith.

(89)

Is faoi chuimsiú ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus i gcomhréir leis na prionsabail agus cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) ba cheart dul i mbun comhair. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht ann idir bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip agus beartais eile de chuid an Aontais i réimse ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus, go háirithe, an Comhbheartas Slándála agus Cosanta. Ba cheart d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart dul i mbun comhar den sórt sin, go háirithe, i dtaca leis na gníomhaíochtaí de chuid na Gníomhaireachta a dhéantar i gcríocha tríú tíortha nó ina mbeidh oifigigh ó thríú tíortha rannpháirteach i réimsí amhail anailís riosca, pleanáil agus cur i gcrích oibríochtaí, oiliúint, malartú faisnéise agus comhar.

(90)

D’fhonn a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis atá in EUROSUR chomh hiomlán agus chomh cothrom le dáta agus is féidir, go háirithe maidir leis na dálaí i dtríú tíortha, ba cheart don Ghníomhaireacht comhoibriú le húdaráis na dtríú tíortha faoi chuimsiú comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha idir na Ballstáit agus tríú tíortha, lena n-áirítear líonraí réigiúnacha, nó trí shocruithe oibre a thugtar i gcrích idir an Ghníomhaireacht agus údaráis ábhartha na dtríú tíortha. Chun na gcríoch sin, ba cheart don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus do thoscaireachtaí agus oifigí an Aontais an fhaisnéis uile a sholáthar a d’fhéadfadh a bheith ábhartha le haghaidh EUROSUR.

(91)

Áirítear sa Rialachán seo forálacha maidir le comhar le tríú tíortha, toisc gur gnéithe fíorthábhachtacha iad an malartú buan faisnéise agus an comhar le tíortha den sórt sin, lena n-áirítear tríú tíortha comharsanachta ach gan a bheith teoranta dóibh sin, d’fhonn cuspóirí an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip a bhaint amach. Tá sé bunriachtanach go ndéanfaí aon mhalartú faisnéise agus aon chomhar idir na Ballstáit agus tríú tíortha go huile is go hiomlán i gcomhréir leis na cearta bunúsacha.

(92)

An cúnamh do thríú tíortha, ba cheart go mbeadh sé ina chomhlánú le tacaíocht na Gníomhaireachta do na Ballstáit agus bearta an Aontais á gcur i bhfeidhm acu a bhaineann le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a chur chun feidhme.

(93)

Ba cheart é a bheith indéanta faisnéis atá íogair ó thaobh na slándála de a bheith i gcomhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha arna ndéanamh ag Ballstáit le tríú tíortha maidir leis na réimsí a thagann faoi bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip. Nuair a chuirtear an fhaisnéis sin in iúl don Choimisiún, ba cheart don Choimisiún í a láimhseáil i gcomhréir leis an rialacha slándála is infheidhme.

(94)

Chun léargas cuimsitheach ar dhálaí agus anailís riosca don limistéar réamhtheorann a fháil, ba cheart don Ghníomhaireacht agus do na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin faisnéis a bhailiú agus comhoibriú le hoifigigh idirchaidrimh inimirce a dhéanann na Ballstáit, an Coimisiún, an Ghníomhaireacht nó comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a imscaradh chuig tríú tíortha.

(95)

Bunaíodh an córas do Dhoiciméid Bhréagacha agus Doiciméid Bharántúla ar Líne (“FADO”) le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/700/CGB ón gComhairle (13) laistigh d’Ardrúnaíocht na Comhairle, lena gcumsasaítear d’údaráis na mBallstát rochtain a bheith acu ar fhaisnéis faoi aon mhodhanna brionnaithe nua a bhraitear agus faoi na fíordhoiciméid atá i gcúrsaíocht.

(96)

Sna conclúidí a rinne sí an 27 Márta 2017, chuir an Chomhairle in iúl go raibh bainistíocht chóras FADO as dáta agus gur ghá an bunús dlí atá leis a athrú chun leanúint de bheith ag riar ar riachtanais na mbeartas ceartais agus gnóthaí baile. Thug an Chomhairle dá haire freisin go bhféadfaí leas a bhaint as sineirgí ina leith sin ach úsáid a bhaint as saineolas na Gníomhaireachta i réimse na calaoise doiciméad agus as an obair a bhí an Ghníomhaireacht a chur i gcrích sa réimse. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht cúram an riaracháin mar aon le bainistíocht oibríochtúil theicniúil chóras FADO a ghlacadh uirthi féin ó Ardrúnaíocht na Comhairle a luaithe is a bheidh an gníomh dlíthiúil ábhartha maidir le córas FADO lena gcuirtear in ionad Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 98/700/CGB glactha ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle.

(97)

Roimh ghlacadh an ghnímh dhlíthiúil ábhartha maidir le córas FADO, is inmhianaithe go n-áiritheofaí go mbeadh córas FADO ag feidhmiú go hiomlán go dtí go gcuirfí an t-aistriú i gcrích go héifeachtach agus go n-aistreofaí na sonraí atá ann chuig an gcóras nua. Dhéanfaí úinéireacht na sonraí atá ann cheana a aistriú chuig an nGníomhaireacht ansin.

(98)

Aon phróiseáil a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht ar shonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(99)

Aon phróiseáil a dhéanfaidh na Ballstáit ar shonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) nó Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), de réir mar is infheidhme.

(100)

I dtaca leis an bhfilleadh, is minic nach mbíonn aon doiciméad aitheantais i seilbh náisiúnach tríú tír agus nach gcomhoibríonn siad i ndáil le deimhniú a gcéannachta trí fhaisnéis a choinneáil siar nó sonraí pearsanta míchearta a sholáthar. Ós rud é gur gá dlús a chur leis na nósanna imeachta um fhilleadh de réir an bheartais ar leith, is gá go mbeadh an Ghníomhaireacht in ann srian a chur le cearta áirithe atá ag ábhair sonraí ionas nach gcuirfear isteach, de dheasca mhí-úsáid na gceart sin, ar chur chun feidhme cuí na nósanna imeachta um fhilleadh agus ar fhorfheidhmiú rathúil na gcinntí um fhilleadh ag na Ballstáit nó ionas nach gcuirfear cosc ar an nGníomhaireacht a cuid cúraimí a chur i gcrích go héifeachtúil. Go háirithe, de thoradh fheidhmiú an chirt chun srian a chur le próiseáil, d’fhéadfaí moill agus bac suntasach a chur ar chur i gcrích na n-oibríochtaí um fhilleadh. Thairis sin, i gcásanna áirithe, d’fhéadfaí an ceart rochtana atá ag an náisiúnach tríú tír oibríocht um fhilleadh a chur i mbaol toisc go méadódh an ceart sin an riosca éalaithe dá bhfaigheadh an náisiúnach tríú tír amach go mbeadh an Ghníomhaireacht ag próiseáil a shonraí nó a sonraí i gcomhthéacs oibríochta um fhilleadh a bhí á pleanáil. D’fhéadfaí an ceart chun ceartúcháin, ar an lámh eile, an riosca a mhéadú go ndéanfadh an náisiúnach tríú tír i dtrácht na húdaráis a chur ar mhíthreoir trí shonraí míchearta a sholáthar. Chun a chumasú don Ghníomhaireacht srian a chur le cearta ábhartha atá ag ábhair sonraí, ba cheart di a bheith in ann rialacha inmheánacha a ghlacadh maidir le srianta den sórt sin.

(101)

Chun a cúraimí i réimse an fhillte a chur chun feidhme mar is ceart, lena n-áirítear trí chúnamh a thabhairt do na Ballstáit i gcur chun feidhme cuí na nósanna imeachta um fhilleadh agus i bhforfheidhmiú rathúil na gcinntí um fhilleadh, mar aon le hoibríochtaí um fhilleadh a éascú, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá ann don Ghníomhaireacht sonraí pearsanta fillithe a aistriú chuig tríú tíortha. Is minic nach mbíonn na tríú tíortha a mbeifear ag filleadh orthu faoi réir cinntí leordhóthanachta arna nglacadh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2016/679 nó faoi Airteagal 36 de Threoir (AE) 2016/680, agus nach mbíonn comhaontú um athligean isteach tugtha i gcrích acu leis an Aontas nó nach mbíonn sé beartaithe acu comhaontú den sórt sin a thabhairt i gcrích nó foráil a dhéanamh ar shlí eile maidir le coimircí iomchuí de réir bhrí Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2018/1725 nó de réir bhrí na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 37 de Threoir (AE) 2016/680. In ainneoin na n-iarrachtaí móra, áfach, atá an tAontas ag comhoibriú le príomhthíortha tionscnaimh na náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach agus atá faoi réir oibleagáid um fhilleadh, ní féidir a áirithiú i gcónaí go gcomhlíonann na tríú tíortha sin ar bhealach córasach an oibleagáid arna bunú leis an dlí idirnáisiúnta chun a náisiúnaigh féin a athligean isteach. Cumhdaítear líon teoranta de na tríú tíortha sin le comhaontuithe um athligean isteach arna dtabhairt i gcrích nó atá faoi chaibidlíocht ag an Aontas nó ag na Ballstáit agus lena ndéantar foráil maidir le coimircí iomchuí. I gcás nach ann do chomhaontuithe den sórt sin go fóill, ba cheart don Ghníomhaireacht sonraí pearsanta a aistriú chun na hoibríochtaí um fhilleadh de chuid an Aontais a éascú, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (d) d’Airteagal 50(1) de Rialachán (AE) 2018/1725.

(102)

Aon aistriú sonraí pearsanta arna dhéanamh ag Ballstát chuig tríú tíortha, ba cheart é a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir (AE) 2016/680, de réir mar is infheidhme. In éagmais comhaontuithe um athligean isteach, agus mar eisceacht ar an gceanglas go mbeadh cinntí leordhóthanachta glactha nó foráil déanta maidir le coimircí iomchuí, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit sonraí pearsanta a aistriú chuig údaráis tríú tíortha chun críocha beartas um fhilleadh an Aontais a chur chun feidhme. Ba cheart é a bheith indéanta úsáid a bhaint as an maolú i gcásanna sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 38 de Threoir (AE) 2016/680, de réir mar is infheidhme, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sna hairteagail sin.

(103)

Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear le hAirteagail 2 agus 6 CAE agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), go háirithe urraim do dhínit an duine, an ceart chun na beatha, toirmeasc ar chéastóireacht agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, toirmeasc ar gháinneáil ar dhaoine, an ceart chun saoirse agus slándála, an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid, an ceart chun tearmainn agus chun cosanta i gcás ina dtarlaíonn aistriú nó díbirt, non-refoulement, an neamh-idirdhealú agus cearta an linbh.

(104)

Ba cheart a bhunú leis an Rialachán seo sásra gearán don Ghníomhaireacht i gcomhar leis an oifigeach um chearta bunúsacha, chun urramú do chearta bunúsacha i ngníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta a áirithiú. Ba cheart gur sásra riaracháin a bheadh sa sásra sin faoina mbeidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha freagrach as gearáin arna bhfáil ag an nGníomhaireacht a láimhseáil i gcomhréir leis an gceart chun dea-riaracháin. Ba cheart don oifigeach um chearta bunúsacha inghlacthacht gearáin a athbhreithniú, gearáin inghlactha a chlárú, gach gearán cláraithe a chur ar aghaidh chuig an stiúrthóir feidhmiúcháin, gearáin a bhaineann le baill de na foirne a chur ar aghaidh chuig an mBallstát baile, agus bearta leantacha de chuid na Gníomhaireachta nó an Bhallstáit sin a chlárú. Ba cheart don sásra bheith éifeachtúil, rud a áiritheoidh go ndéantar bearta leantacha go cuí de dhroim na ngearán. Níor cheart gur dhochar an sásra gearán do rochtain ar leigheasanna riaracháin agus breithiúnacha agus ní hionann é agus ceanglas chun leigheasanna den sórt sin a lorg. Ba cheart gurb iad na Ballstáit a dhéanfadh imscrúduithe coiriúla. Chun trédhearcacht agus cuntasacht a mhéadú, ba cheart don Ghníomhaireacht tuairisciú ar an sásra gearán ina tuarascáil bhliantúil. Ba cheart a chumhdach leis an tuarascáil, go háirithe, líon na ngearán a fuarthas, cineálacha na sáruithe ar chearta bunúsacha lena mbaineann, na hoibríochtaí i dtrácht agus, i gcás inarb indéanta sin, na bearta leantacha a rinne an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit. Beidh rochtain ag an oifigeach um chearta bunúsacha ar an bhfaisnéis ar fad a bhaineann le hurramú na gceart bunúsach i ndáil le gníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta. Ba cheart go gcuirfí na hacmhainní agus an fhoireann is gá ar fáil don oifigeach um chearta bunúsacha chun a chur ar a chumas nó ar a cumas na cúraimí uile atá aige nó aici a fheidhmiú go héifeachtach i gcomhréir leis an Rialachán seo. Maidir leis an bhfoireann a chuirtear ar fáil don oifigeach um chearta bunúsacha, ba cheart go mbeadh na scileanna agus an tsinsearacht acu a chomhfhreagraíonn don mhéadú ar ghníomhaíochtaí agus ar chumhachtaí na Gníomhaireachta.

(105)

Ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith neamhspleách i dtaca le hábhair oibríochtúla agus theicniúla agus neamhspleáchas dlí, riaracháin agus airgeadais a bheith aici. Chuige sin, is gá agus is iomchuí gur comhlacht de chuid an Aontais a bheadh inti ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach agus a fheidhmíonn na cumhachtaí cur chun feidhme a thugtar di leis an Rialachán seo.

(106)

Ba cheart ionadaíocht a bheith ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ar bhord bainistíochta chun formhaoirseacht a dhéanamh ar an nGníomhaireacht. Ba cheart a bheith ar an mbord bainistíochta, nuair is féidir, ceannairí oibríochtúla na seirbhísí náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha nó a n-ionadaithe. Ba cheart do na páirtithe sin a mbeidh ionadaíocht acu ar an mbord bainistíochta iarracht a dhéanamh ráta athraithe a n-ionadaithe a theorannú d’fhonn leanúnachas obair an bhoird bainistíochta a áirithiú. Ba cheart a chur ar iontaoibh an bhoird bainistíochta na cumhachtaí is gá chun buiséad na Gníomhaireachta a leagan síos, chun cur i bhfeidhm an bhuiséid sin a fhíorú, chun na rialacha airgeadais iomchuí a ghlacadh, chun nósanna imeachta trédhearcacha oibre a bhunú le haghaidh cinnteoireacht ag an nGníomhaireacht agus chun an stiúrthóir feidhmiúcháin agus triúr leas-stiúrthóirí feidhmiúcháin a cheapadh, ar cheart freagrachtaí a shannadh do gach duine acu sin i réimse ar leith inniúlachtaí de chuid na Gníomhaireachta, amhail an buanchór a bhainistiú, maoirseacht ar chúraimí na Gníomhaireachta maidir leis an bhfilleadh nó rannpháirtíocht na Gníomhaireachta i gcórais TF mhórscála a bhainistiú. Ba cheart an Ghníomhaireacht bheith á rialú agus á hoibriú le haird chuí ar phrionsabail an chur chuige choitinn maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais a ghlac Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an 19 Iúil 2012.

(107)

I bhfianaise rannpháirtíocht Pharlaimint na hEorpa sna hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart cathaoirleach an bhoird bainistíochta a bheith in ann cuireadh a thabhairt do shaineolaí ó Pharlaimint na hEorpa freastal ar chruinnithe an bhoird bainistíochta.

(108)

Gach bliain, ba cheart don bhord bainistíochta doiciméad clársceidealaithe aonair a ullmhú. Agus an doiciméad clársceidealaithe aonair sin á ullmhú aige, ba cheart don bhord bainistíochta na moltaí ón Meitheal Idirinstitiúideach um acmhainní na ngníomhaireachtaí díláraithe, a chur san áireamh.

(109)

Chun neamhspleáchas na Gníomhaireachta a ráthú, ba cheart buiséad neamhspleách a thabhairt di agus ioncam a thiocfaidh as ranníocaíocht ón Aontas den chuid is mó. Ba cheart go n-ullmhófaí buiséad na Gníomhaireachta i gcomhréir le prionsabal an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta, lena gcuirtear cuspóirí na Gníomhaireachta agus torthaí a cuid cúraimí a bhfuiltear ag súil leo san áireamh. Ba cheart feidhm a bheith ag nós imeachta buiséadach an Aontais a mhéid a bhaineann le ranníocaíocht an Aontais agus le haon fhóirdheontais eile is inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart gurb í an Chúirt Iniúchóirí a thabharfadh faoi iniúchadh na gcuntas. In imthosca eisceachtúla ina meastar nach bhfuil an buiséad atá ar fáil leordhóthanach agus nach gceadaíonn an nós imeachta buiséadach freagairt leormhaith ar chásanna atá teacht chun cinn go mear, ba cheart go mbeadh an Ghníomhaireacht in ann deontais a fháil ó chistí de chuid an Aontais chun a cúraimí a chomhlíonadh.

(110)

Ba cheart don stiúrthóir feidhmiúcháin, ina cháil nó ina cáil mar oifigeach údarúcháin, measúnú a dhéanamh go rialta ar na rioscaí airgeadais a bhaineann le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus na bearta maolaitheacha is gá a dhéanamh i gcomhréir leis an gcreat airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht, agus an bord bainistíochta a chur ar an eolas dá réir.

(111)

Táthar ag súil leis go dtabharfaidh an Ghníomhaireacht aghaidh ar dhúshláin sna blianta atá le teacht maidir le riachtanais eisceachtúla a shásamh chun baill foirne cháilithe a earcú agus a choimeád ar an mbonn geografach is forleithne is féidir.

(112)

De réir mheon na freagrachta comhroinnte, ba cheart don Ghníomhaireacht a cheangal ar na baill foirne a fhostaíonn sí, go háirithe baill foirne reachtúla an bhuanchóir, lena n-áirítear na baill foirne reachtúla atá imscartha i ngníomhaíochtaí oibríochtúla, go mbeadh an leibhéal céanna oiliúna, saineolas ar leith agus gairmiúlachta acu agus atá ag baill foirne atá ar iasacht nó baill foirne atá fostaithe ag na Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart don Ghníomhaireacht athbhreithniú agus meastóireacht a dhéanamh féachaint an bhfuil na baill foirne reachtúla atá aici á n-iompar féin mar is cuí agus iad i mbun gníomhaíochtaí oibríochtúla i réimse an rialaithe ag teorainneacha agus an fhillte.

(113)

Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) gan srian maidir leis an nGníomhaireacht, agus ba cheart di aontú do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (18).

(114)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (19), ba cheart d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a bheith in ann calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú agus a ionchúiseamh amhail dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20).

(115)

Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) maidir leis an nGníomhaireacht. Ba cheart an Ghníomhaireacht bheith chomh trédhearcach agus is féidir maidir lena cuid gníomhaíochtaí, agus fós gan baint amach chuspóir a cuid oibríochtaí a chur i mbaol. Ba cheart di an fhaisnéis maidir lena cuid gníomhaíochtaí ar fad a chur ar fáil go poiblí. Ar an mbealach céanna, ba cheart di a áirithiú go dtabharfar faisnéis go mear i dtaobh a cuid oibre don phobal agus do pháirtí leasmhar ar bith.

(116)

Ba cheart don Ghníomhaireacht freisin tuairisciú ar a cuid gníomhaíochtaí do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún sna téarmaí is leithne agus is féidir.

(117)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo. Leis an meastóireacht sin, ba cheart measúnú a dhéanamh freisin, inter alia, ar tharraingteacht na Gníomhaireachta mar fhostóir le haghaidh baill foirne reachtúla a earcú d’fhonn cáilíocht na n-iarrthóirí agus cothromaíocht gheografach a áirithiú.

(118)

Is iad na teorainneacha seachtracha dá dtagraítear sa Rialachán seo ná na teorainneacha sin a bhfuil feidhm ag forálacha Theideal II de Rialachán (AE) 2016/399 maidir leo, lena n-áirítear teorainneacha seachtracha Bhallstáit Schengen i gcomhréir le Prótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(119)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialacháin seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).

(120)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit, ag gníomhú dóibh ar bhealach neamh-chomhordaithe, cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon córas bainistíochta comhtháite na dteorainneacha seachtracha a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun feidhmiú cuí limistéar Schengen a áirithiú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr easpa rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, na ndúshlán suntasach ó thaobh imirce ag na teorainneacha seachtracha, an ghá atá ann le faireachán éifeachtúil a dhéanamh ar thrasnú na dteorainneacha sin, agus an ghá atá ann rannchuidiú le leibhéal ard slándála inmheánaí laistigh den Aontas, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(121)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen (23), de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (24). Sa Socrú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le modheolaíochtaí rannpháirtíocht na Stát sin sa Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (25), déantar foráil maidir le rialacha i dtaobh rannpháirtíocht na dtíortha sin in obair na Gníomhaireachta, lena n-áirítear forálacha maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus foireann.

(122)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (26) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (27).

(123)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (28) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (29).

(124)

Sa Socrú idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin, den pháirt eile, maidir le modheolaíochtaí rannpháirtíocht na Stát sin sa Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (30) déantar foráil maidir le rialacha i dtaobh rannpháirtíocht na dtíortha sin in obair na Gníomhaireachta, lena n-áirítear forálacha maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus foireann.

(125)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh faoin Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(126)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle (31); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(127)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (32); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(128)

Ba cheart don Ghníomhaireacht eagrú gníomhaíochtaí sonracha a éascú, gníomhaíochtaí trína mbeidh na Ballstáit in ann tairbhiú den saineolas agus de na saoráidí a d’fhéadfadh Éire agus an Ríocht Aontaithe a bheith toilteanach a chur ar fáil dóibh, ar théarmaí a bheidh le cinneadh ar bhonn gach cáis ar leith ag an mbord bainistíochta. Chuige sin, d’fhéadfadh sé go dtabharfaí cuireadh d’ionadaithe ó Éirinn freastal ar chruinnithe an bhoird bhainistíochta, rud a thabharfadh deis dóibh a bheith iomlán rannpháirteach in ullmhú na ngníomhaíochtaí sonracha sin. Féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ón Ríocht Aontaithe freastal ar chruinnithe den bhord bainistíochta go dtí an dáta a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE.

(129)

Cé nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach sa Rialachán seo, tá an deis tugtha di comhoibriú leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach ós Ballstát í. I bhfianaise an fhógra a chuir an Ríocht Aontaithe isteach faoina hintinn tarraingt siar ón Aontas de bhun Airteagal 50 CAE, ba cheart socruithe speisialta is infheidhme maidir leis an gcomhar oibríochtúil leis an Ríocht Aontaithe ar bhonn an Rialacháin seo a bheith infheidhme go dtí an lá a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE nó ar choinníoll go bhfuil comhaontú um tharraingt siar a tugadh i gcrích leis an Ríocht Aontaithe lena rialaítear socruithe speisialta den sórt sin tagtha i bhfeidhm.

(130)

Tá conspóid ann idir Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe maidir le críochú theorainneacha Ghiobráltar.

(131)

Má chuirtear infheidhmeacht an Rialacháin seo ar fionraí maidir le teorainneacha Ghiobráltar, ní chiallaíonn an méid sin go bhfuil aon athrú ar sheasaimh na Stát lena mbaineann faoi seach.

(132)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33) an 7 Samhain 2018 agus thug sé tuairim an 30 Samhain 2018.

(133)

Is é is aidhm don Rialachán seo forálacha Rialacháin (AE) Uimh. 2016/1624 agus (AE) Uimh. 1052/2013 a leasú agus a leathnú. I bhfianaise a shuntasaí atá na leasuithe atá le déanamh ó thaobh a lín agus a gcineál araon, is iomchuí, ar mhaithe leis an tsoiléireacht, na gníomhartha dlí sin a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

AN GARDA TEORANN AGUS CÓSTA EORPACH

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear Garda Teorann agus Cósta Eorpach chun bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a áirithiú ag na teorainneacha seachtracha d’fhonn bainistiú éifeachtúil a dhéanamh ar na teorainneacha sin, agus cearta bunúsacha á gcomhlíonadh go hiomlán, agus d’fhonn éifeachtúlacht bheartas um fhilleadh an Aontais a mhéadú.

Leis an Rialachán seo, tugtar aghaidh ar dhúshláin imirceacha agus ar dhúshláin agus bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ag na teorainneacha seachtracha. Áirithítear leis ardleibhéal slándála laistigh den Aontas agus cearta bunúsacha á n-urramú go hiomlán, fad a chosnaítear saorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas. Rannchuidíonn sé leis an gcoireacht trasteorann a bhrath, a chosc agus a chomhrac ag na teorainneacha seachtracha.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “teorainneacha seachtracha” teorainneacha seachtracha mar a shainmhínítear i bpointe 2 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399;

(2)

ciallaíonn “pointe trasnaithe teorann” pointe trasnaithe teorann mar a shainmhínítear i bpointe 8 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399;

(3)

ciallaíonn “rialú ag teorainneacha” rialú ag teorainneacha mar a shainmhínítear i bpointe 10 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399;

(4)

ciallaíonn “seiceálacha teorann” seiceálacha teorann mar a shainmhínítear i bpointe 11 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399;

(5)

ciallaíonn “faireachas teorainneacha” faireachas ar theorainneacha mar a shainmhínítear i bpointe 12 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399;

(6)

ciallaíonn “faireachas teorainneacha aeir” faireachas ar aon eitilt de chuid aerárthaigh le foireann nó gan foireann lena phaisinéirí nó lasta chuig críocha na mBallstát nó ó chríocha na mBallstát nach eitilt inmheánach í mar a shainmhínítear i bpointe 3 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399;

(7)

ciallaíonn “feasacht ar dhálaí” an cumas chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha trasteorann agus iad a bhrath, a shainaithint, a rianú agus a thuiscint chun forais réasúnta a aimsiú le haghaidh beart freagartha ar bhonn faisnéis nua a chur le chéile leis an bhfaisnéis atá ann cheana, agus ionas go mbeifear in inmhe níos fearr laghdú a dhéanamh ar líon na n-inimirceach a bhásaíonn ag teorainneacha seachtracha nó feadh na dteorainneacha sin nó gar dóibh;

(8)

ciallaíonn “acmhainn freagartha” an cumas gníomhaíochtaí a chur i gcrích atá dírithe ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha a chomhrac, ag teorainneacha seachtracha, feadh na dteorainneacha sin nó gar dóibh, lena n-áirítear na meáin agus an t-am freagairt leordhóthanach a thabhairt;

(9)

ciallaíonn “EUROSUR” an creat le haghaidh malartú faisnéise agus comhar idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta;

(10)

ciallaíonn “léargas ar dhálaí” comhbhailiú sonraí geo-thagartha gar d’fhíor-am agus faisnéise a fhaightear ó údaráis éagsúla, ó bhraiteoirí, ó ardáin agus ó fhoinsí eile a tharchuirtear ar bhealaí slána cumarsáide agus faisnéise agus is féidir a phróiseáil agus a thaispeáint go roghnaíoch d’údaráis ábhartha eile, agus a roinnt leo, chun feasacht ar dhálaí a bhaint amach agus chun tacú leis an acmhainn freagartha ag na teorainneacha seachtracha, feadh na dteorainneacha sin nó gar dóibh agus ag an limistéar réamhtheorann, feadh an limistéir sin nó gar dó;

(11)

ciallaíonn “cuid den teorainn sheachtrach” teorainn sheachtrach Bhallstáit, ina hiomláine nó cuid de, mar a shainmhínítear sin sa dlí náisiúnta nó mar a chinneann an lárionad náisiúnta comhordúcháin nó aon údarás náisiúnta freagrach eile;

(12)

ciallaíonn “coireacht trasteorann” aon choireacht thromchúiseach a bhfuil gné thrasteorann ag baint léi a dhéantar nó a dhéantar iarracht a dhéanamh ag teorainneacha seachtracha, feadh na dteorainneacha sin nó gar dóibh;

(13)

ciallaíonn “limistéar réamhtheorann” limistéar geografach amach ó na teorainneacha seachtracha atá ábhartha chun bainistiú a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha trí anailís riosca agus feasacht ar dhálaí;

(14)

ciallaíonn “teagmhas” staid a bhaineann leis an inimirce neamhdhlíthiúil, leis an gcoireacht trasteorann, nó ina mbeadh baol do bheatha na n-inimirceach, ag teorainneacha seachtracha, feadh na dteorainneacha sin nó gar dóibh;

(15)

ciallaíonn “baill foirne reachtúla” baill foirne arna bhfostú ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (na “Rialacháin Foirne”) agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais (“Coinníollacha Fostaíochta”) a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (34);

(16)

ciallaíonn “baill foirne oibríochtúla” gardaí teorann, gardaí tionlacain don fhilleadh, speisialtóirí don fhilleadh agus na baill foirne ábhartha eile a chomhdhéanann buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh i gcomhréir leis na ceithre chatagóir a leagtar amach in Airteagal 55(1), ag gníomhú mar bhaill de na foirne ag a bhfuil cumhachtaí feidhmiúcháin, i gcás inarb infheidhme, agus na baill foirne reachtúla atá freagrach as feidhmiú an Láraonaid den Chóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) nach féidir iad a imscaradh mar bhaill de na foirne;

(17)

ciallaíonn “ball de na foirne” ball de bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh arna imscaradh trí bhíthin foirne bainistithe teorainneacha, foirne tacaíochta don bhainistiú imirce agus foirne um fhilleadh;

(18)

ciallaíonn “foirne bainistithe teorainneacha” foirne a chuirtear le chéile as buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh atá le himscaradh le linn oibríochtaí comhpháirteacha ag na teorainneacha seachtracha agus le linn mear-idirghabhálacha teorann sna Ballstáit agus i dtríú tíortha;

(19)

ciallaíonn “foirne tacaíochta don bhainistiú imirce” foirne saineolaithe a sholáthraíonn athneartú teicniúil agus oibríochtúil do na Ballstáit, lena n-áirítear ag teophointí, atá comhdhéanta de bhaill foirne oibríochtúla, saineolaithe ón Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO) agus ó Europol agus, i gcás inarb ábhartha, saineolaithe ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA), agus ó chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus ó na Ballstáit;

(20)

ciallaíonn “Ballstát óstach” ina dtarlaíonn oibríocht chomhpháirteach nó mear-idirghabháil teorann, oibríocht um fhilleadh nó idirghabháil um fhilleadh, nó óna seoltar a leithéid d’oibríocht nó d’idirghabháil, nó ina n-imscartar foireann tacaíochta don bhainistiú imirce;

(21)

ciallaíonn “Ballstát baile” an Ballstát óna n-imscartar an ball foirne nó óna a gcuirtear an ball foirne ar iasacht chuig buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh;

(22)

ciallaíonn “Ballstát rannpháirteach” Ballstát atá rannpháirteach in oibríocht chomhpháirteach, i mear-idirghabháil teorann, in oibríocht um fhilleadh, in idirghabháil um fhilleadh nó in imscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, trí threalamh teicniúil nó baill foirne do bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta a sholáthar, mar aon le Ballstát atá rannpháirteach in oibríochtaí um fhilleadh nó in idirghabhálacha um fhilleadh trí threalamh teicniúil nó baill foirne a sholáthar, ach nach Ballstát óstach é;

(23)

ciallaíonn “teophointe” limistéar a chruthaítear arna iarraidh sin don Bhallstát óstach ina bhfuil an Ballstát óstach, an Coimisiún, gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus na Ballstáit rannpháirteacha ag comhoibriú lena chéile agus é mar aidhm acu dúshlán díréireach imirce atá ann nó a d’fhéadfadh a bheith ann a bhainistiú agus ar saintréith den dúshlán sin go bhfuil méadú suntasach ar líon na n-imirceach a thagann isteach ag na teorainneacha seachtracha;

(24)

ciallaíonn “filleadh” filleadh mar a shainmhínítear i bpointe 3 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;

(25)

ciallaíonn “cinneadh um fhilleadh” cinneadh riaracháin nó breithiúnach nó gníomh riaracháin nó breithiúnach ina ndeirtear nó ina ndearbhaítear go bhfuil fanacht náisiúnaigh tríú tír neamhdhlíthiúil agus lena bhforchuirtear oibleagáid air nó uirthi filleadh nó ina ndeirtear go bhfuil oibleagáid air nó uirthi filleadh agus gur cinneadh é sin lena n-urramaítear Treoir 2008/115/CE;

(26)

ciallaíonn “filli” náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhlíthiúil agus atá faoi réir cinneadh in-fhorfheidhmithe um fhilleadh;

(27)

ciallaíonn “oibríocht um fhilleadh” oibríocht arna heagrú nó arna comhordú ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a bhfuil athneartú teicniúil agus oibríochtúil arna sholáthar do Bhallstát amháin nó níos mó mar chuid di, faoina bhfilleann fillithe ó Bhallstát amháin nó níos mó, bíodh sé sin ar bhonn éigeantach nó ar bhonn deonach;

(28)

ciallaíonn “idirghabháil um fhilleadh” gníomhaíocht de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta a chuireann cúnamh teicniúil agus oibríochtúil feabhsaithe ar fáil do Bhallstáit, agus arb é atá i gceist leis foirne um fhilleadh a imscaradh agus oibríochtaí um fhilleadh a eagrú;

(29)

ciallaíonn “foirne um fhilleadh” foirne a chuirtear le chéile as buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh atá le himscaradh le linn oibríochtaí um fhilleadh, le linn idirghabhálacha um fhilleadh sna Ballstáit nó le linn gníomhaíochtaí oibríochtúla eile atá nasctha le cur chun feidhme cúraimí a bhaineann leis an bhfilleadh;

(30)

ciallaíonn “oifigeach idirchaidrimh inimirce” oifigeach idirchaidrimh inimirce mar a shainmhínítear i bpointe 1 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35);

Airteagal 3

Bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip

1.   Is iad na comhchodanna seo a leanas a bheidh i mbainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip:

(a)

rialú ag teorainneacha, lena n-áirítear bearta chun trasnuithe dlisteanacha ag teorainneacha a éascú agus, i gcás inarb iomchuí: bearta a bhaineann leis an gcoireacht trasteorann a chosc agus a bhrath ag na teorainneacha seachtracha, go háirithe imircigh a smuigleáil, gáinneáil ar dhaoine, agus an sceimhlitheoireacht; agus sásraí agus nósanna imeachta chun daoine leochaileacha agus mionaoisigh neamhthionlactha a shainaithint, agus chun daoine a shainaithint atá i ngá cosanta idirnáisiúnta nó ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta, faisnéis a sholáthar do dhaoine den sórt sin, agus daoine den sórt sin a tharchur;

(b)

oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála do dhaoine i nguais ar muir a sheolfar agus a dhéanfar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 656/2014 agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, ar oibríochtaí iad a tharlaíonn i gcásanna a thiocfadh chun cinn le linn oibríochtaí faireachais teorainneacha ar muir;

(c)

anailís ar na rioscaí atá ann don tslándáil inmheánach agus anailís ar aon bhagairtí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmiú nó do shlándáil na dteorainneacha seachtracha;

(d)

malartú faisnéise agus comhar idir na Ballstáit sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chomh maith le malartú faisnéise idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, lena n-áirítear tacaíocht arna comhordú ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta;

(e)

comhar idirghníomhaireachta i measc na n-údarás náisiúnta i ngach Ballstát atá freagrach as rialú ag teorainneacha nó as cúraimí eile a dhéantar ag an teorainn, agus idir na húdaráis atá freagrach as an bhfilleadh i ngach Ballstát, lena n-áirítear malartú rialta faisnéise trí na huirlisí malartaithe faisnéise atá ann cheana, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhar le comhlachtaí náisiúnta a bhfuil cosaint ceart bunúsach faoina gcúram;

(f)

comhar idir na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear trí fhaisnéis a mhalartú go tráthrialta;

(g)

comhar le tríú tíortha sna réimsí arna gcumhdach leis an Rialachán seo, ag díriú go háirithe ar thíortha comharsanachta tríú tír agus ar na tríú tíortha sin a sainaithníodh trí anailís riosca mar thíortha tionscnaimh nó idirthurais i dtaca le hinimirce neamhdhlíthiúil;

(h)

bearta teicniúla agus oibríochtúla laistigh de limistéar Schengen a bhaineann le rialú ag teorainneacha agus atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar inimirce neamhdhlíthiúil agus aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr leis an gcoireacht trasteorann;

(i)

náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir cinntí um fhilleadh arna n-eisiúint ag Ballstát a fhilleadh;

(j)

teicneolaíocht úrscothach a úsáid, lena n-áirítear córais faisnéise ar mhórscála;

(k)

sásra rialaithe cáilíochta, go háirithe sásra meastóireachta Schengen, an measúnú leochaileachta agus aon sásra náisiúnta atá ann, chun cur chun feidhme dhlí an Aontais i réimse an bhainistithe teorainneacha a áirithiú;

(l)

sásraí dlúthpháirtíochta, go háirithe ionstraimí cistiúcháin an Aontais.

2.   Beidh cearta bunúsacha, oideachas agus oiliúint, mar aon le taighde agus nuálaíocht ina gcomhchodanna uileghabhálacha i gcur chun feidhme an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip.

Airteagal 4

An Garda Teorann agus Cósta Eorpach

Beidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach chomhdhéanta d’údaráis náisiúnta na mBallstát atá freagrach as bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear gardaí cósta a mhéid is a dhéanann siad cúraimí rialaithe ag teorainneacha, na húdaráis náisiúnta atá freagrach as an bhfilleadh agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (“an Ghníomhaireacht”).

Airteagal 5

An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta

1.   Beidh an Ghníomhaireacht faoi rialú an Rialacháin seo.

2.   Áireofar sa Ghníomhaireachta buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh (“an buanchór”) dá dtagraítear in Airteagal 54, agus acmhainní de suas le 10 000 ball foirne oibríochtúla aige i gcomhréir le hIarscríbhinn I.

3.   Chun bainistiú comhtháite comhleanúnach teorainneacha san Eoraip a áirithiú, déanfaidh an Ghníomhaireacht cur i bhfeidhm bhearta an Aontais maidir le bainistiú na dteorainneacha seachtracha a éascú agus a dhéanamh níos éifeachtaí, go háirithe Rialachán (AE) 2016/399, agus bhearta an Aontais maidir leis an bhfilleadh.

4.   Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht le cur i bhfeidhm leanúnach agus aonfhoirmeach dhlí an Aontais, lena n-áirítear acquis an Aontais ar chearta bunúsacha, go háirithe Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), ag na teorainneacha seachtracha. Áireofar ar a rannchuidiú malartú dea-chleachtas.

Airteagal 6

Cuntasacht

Beidh an Ghníomhaireacht cuntasach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 7

Freagracht chomhroinnte

1.   Cuirfidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip chun feidhme mar fhreagracht chomhroinnte de chuid na Gníomhaireachta agus na n-údarás náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear gardaí cósta a mhéid is a dhéanann siad oibríochtaí faireachais teorann muirí agus aon chúraimí rialaithe eile ag teorainneacha. Is ag na Ballstáit a fhanfaidh an phríomhfhreagracht do bhainistiú a gcodanna féin de na teorainneacha seachtracha.

2.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh teicniúil agus oibríochtúil le linn cur chun feidhme beart a bhaineann leis an bhfilleadh dá dtagraítear in Airteagal 48 den Rialachán seo, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann nó ar a tionscnamh féin agus le comhaontú an Bhallstáit lena mbaineann. Coinneoidh na Ballstáit an fhreagracht iomlán as cinntí um fhilleadh a eisiúint agus as bearta a ghlacadh a bhaineann le coinneáil fillithe i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar a dteorainneacha seachtracha a bhainistiú agus cinntí um fhilleadh a fhorfheidhmiú, i ndlúthchomhar leis an nGníomhaireacht, chun a leasanna féin agus chun leas coiteann na mBallstát uile i lán-chomhlíonadh dhlí an Aontais dóibh, lena n-áirítear urraim do chearta bunúsacha, agus i gcomhréir leis an timthriall don bheartas ilbhliantúil straitéiseach don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip dá dtagraítear in Airteagal 8.

4.   Tacóidh an Ghníomhaireacht le cur i bhfeidhm bhearta an Aontais a bhaineann leis na teorainneacha seachtracha a bhainistiú agus le cinntí um fhilleadh a fheidhmiú trí ghníomhaíochtaí na mBallstát a athneartú, a mheasúnú agus a chomhordú, agus trí chúnamh teicniúil agus oibríochtúil a thabhairt chomh maith, i dtaobh na bearta sin a chur chun feidhme agus i dtaca le hábhair a bhaineann leis an bhfilleadh. Ní thacóidh an Ghníomhaireacht le haon bhearta a bhaineann le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha ná ní bheidh sí rannpháirteach sna bearta sin. Beidh an Ghníomhaireacht go hiomlán freagrach agus cuntasach i leith aon chinntí a ghlacann sí agus aon ghníomhaíochtaí arb í amháin atá freagrach astu faoin Rialachán seo.

5.   Féadfaidh na Ballstáit comhoibriú ar leibhéal oibríochtúil le Ballstáit eile nó le tríú tíortha, i gcás ina bhfuil an comhar sin comhoiriúnach le cúraimí na Gníomhaireachta. Staonfaidh na Ballstáit ó ghníomhaíocht ar bith a d’fhéadfadh feidhmiú na Gníomhaireachta nó baint amach a cuspóirí a chur i mbaol. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil chuig an nGníomhaireacht maidir leis an gcomhar oibríochtúil sin le Ballstáit eile nó le tríú tíortha ag na teorainneacha seachtracha agus i réimse an fhillte. Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an bord bainistíochta ar an eolas faoi ábhair den sórt sin ar bhonn rialta agus uair amháin sa bhliain ar a laghad.

Airteagal 8

An timthriall don bheartas ilbhliantúil straitéiseach don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip

1.   Áiritheoidh an Coimisiún agus an Garda Teorann agus Cósta Eorpach éifeachtacht an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip trí bhíthin timthriall don bheartas straitéiseach ilbhliantúil a ghlactar i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i mír 4.

2.   Leagfar amach sa bheartas straitéiseach ilbhliantúil don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip an chaoi le haghaidh a thabhairt ar dhóigh chomhsheasmhach, chomhtháite agus chórasach ar na dúshláin i réimse an bhainistithe teorainneacha agus an fhillte. Leagfar amach ann na tosaíochtaí beartais agus soláthrófar treoirlínte straitéiseacha do thréimhse 5 bliana i ndáil leis na comhchodanna a leagtar amach in Airteagal 3.

3.   Beidh ceithre chéim, a leagtar amach i míreanna 4 go 7, sa timthriall don bheartas ilbhliantúil straitéiseach don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip.

4.   Ar bhonn na hanailíse riosca straitéisí don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip dá dtagraítear in Airteagal 29(2), déanfaidh an Coimisiún doiciméad beartais a ullmhú chun beartas straitéiseach ilbhliantúil a cheapadh maidir leis an mbainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip. Cuirfidh an Coimisiún an doiciméad beartais sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun é a phlé. Tar éis an phlé sin, glacfaidh an Coimisiún teachtaireacht lena mbunófar an beartas straitéiseach ilbhliantúil don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip.

5.   Chun an beartas straitéiseach ilbhliantúil don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a chur chun feidhme, déanfaidh an Ghníomhaireacht, trí bhíthin cinneadh ón mbord bainistíochta, ar bhonn togra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, a ullmhófar i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún, straitéis theicniúil agus oibríochtúil a bhunú don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip. Má tá údar maith leis, cuirfidh an Ghníomhaireacht san áireamh staid shonrach na mBallstát, go háirithe a suíomhanna geografacha. Beidh an straitéis theicniúil agus oibríochtúil sin i gcomhréir le hAirteagal 3 agus leis an mbeartas straitéiseach ilbhliantúil don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip. Déanfaidh sí cur chun feidhme an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip a chur chun cinn, agus tacóidh sí leis, sna Ballstáit uile.

6.   Chun an beartas straitéiseach ilbhliantúil don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a chur chun feidhme, bunóidh na Ballstáit straitéisí náisiúnta do bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip trí dhlúthchomhar idir na húdaráis náisiúnta uile atá freagrach as bainistiú teorainneacha seachtracha agus as filleadh. Beidh na straitéisí náisiúnta sin i gcomhréir le hAirteagal 3, leis an mbeartas straitéiseach ilbhliantúil don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip agus leis an straitéis theicniúil agus oibríochtúil.

7.   Ceithre bliana tar éis ghlacadh an bheartais straitéisigh ilbhliantúil don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chuimsitheach ar a chur chun feidhme. Cuirfear torthaí na meastóireachta sin san áireamh agus an chéad timthriall eile don bheartas ilbhliantúil straitéiseach á ullmhú. Cuirfidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht an fhaisnéis is gá ar fáil don Choimisiún go tráthúil ionas gur féidir an mheastóireacht sin a dhéanamh. Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

8.   Má tá athrú ar na tosaíochtaí beartais de dhíth mar gheall ar an staid ag na teorainneacha seachtracha nó i réimse an fhillte, leasóidh an Coimisiún an beartas straitéiseach ilbhliantúil do bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, nó codanna ábhartha de, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 4.

I gcás ina leasaíonn an Coimisiún an beartas straitéiseach ilbhliantúil dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, déanfar, i gcás inar gá, an straitéis theicniúil agus oibríochtúil agus na straitéisí náisiúnta a oiriúnú.

Airteagal 9

Pleanáil chomhtháite

1.   Ar bhonn an timthrialla don bheartas straitéiseach ilbhliantúil don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, cuirfidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach próiseas pleanála comhtháite ar bun don bhainistiú teorainneacha agus don fhilleadh, lena n-áirítear pleanáil oibríochtúil, pleanáil theagmhasach agus próisis phleanála maidir le forbairt acmhainneachta. Déanfar an próiseas pleanála comhtháite sin a bhunú i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo.

2.   Glacfaidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht pleananna oibríochtúla don bhainistiú teorainneacha agus don fhilleadh. Déanfar pleananna oibríochtúla na mBallstát a bhaineann le codanna den teorainn a bhfuil leibhéil tionchair arda agus géibheannacha acu a chomhordú le Ballstáit chomharsanachta agus leis an nGníomhaireacht d’fhonn bearta riachtanacha trasteorann a chur chun feidhme agus foráil a dhéanamh maidir le tacaíocht ón nGníomhaireacht. Maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, leagfar próisis pleanála oibríochtúla don bhliain dar gcionn amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an doiciméad clársceidealaithe aonair dá dtagraítear in Airteagal 102. Le haghaidh gach gníomhaíochta oibríochtúla sonraí, is é a bheidh mar thoradh ar phróisis pleanála oibríochtúla na pleananna oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 38 agus in Airteagal 74(3). Féadfar na pleananna oibríochtúla nó codanna díobh a rúnaicmiú, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 92.

3.   Glacfaidh gach Ballstát plean teagmhais le haghaidh bhainistiú a dteorainneacha agus le haghaidh an fhillte. I gcomhréir leis na straitéisí náisiúnta don bhainistiú comhtháite teorainneacha, beidh tuairisc sna pleananna teagmhais ar na bearta agus na hacmhainní ar fad a mbeadh gá leo chun athneartú a dhéanamh ar chumais, lena n-áirítear lóistíocht agus tacaíocht ar an leibhéal náisiúnta agus ón nGníomhaireacht araon.

Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann agus an Ghníomhaireacht an chuid sin de na pleananna teagmhasacha a dteastaíonn tuilleadh tacaíochta ón nGarda Teorann agus Cósta Eorpach ina leith a ullmhú ar bhonn comhpháirteach, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chomharsanachta.

4.   Glacfaidh na Ballstáit pleananna náisiúnta forbartha acmhainneachta don bhainistiú teorainneacha agus don fhilleadh i gcomhréir lena straitéis náisiúnta don bhainistiú comhtháite teorainneacha. Beidh tuairisc sna phleananna náisiúnta forbartha acmhainneachta ar an gcás atá beartaithe agus ar éabhlóid na gcumas náisiúnta gaolmhar, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, maidir le bainistiú teorainneacha agus le filleadh.

Tabharfar aghaidh sna pleananna náisiúnta forbartha acmhainneachta ar gach comhchuid den bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip go háirithe ar bheartas earcaíochta agus oiliúna na ngardaí teorann agus na speisialtóirí don fhilleadh, ar fháil agus cothabháil trealaimh agus ar na gníomhaíochtaí taighde agus forbartha is gá agus ar na gnéithe airgeadais comhfhreagracha.

5.   Beidh na pleananna teagmhais agus na pleananna náisiúnta forbartha acmhainneachta dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 bunaithe ar chásanna atá díorthaithe ó anailís riosca. Léireofar leis na cásanna sin an éabhlóid a d’fhéadfadh teacht ar an staid ag na teorainneacha seachtracha agus i réimse na hinimirce neamhdhlíthiúla agus do na dúshláin arna sainaithint sa timthriall don bheartas ilbhliantúil straitéiseach don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip. Déanfar na cásanna sin a leagan amach sna pleananna teagmhais agus sna pleananna náisiúnta forbartha acmhainneachta lena mbaineann siad.

6.   An mhodheolaíocht agus an nós imeachta chun na pleananna dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 a bunú, déanfaidh an bord bainistíochta iad a ghlacadh, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit, ar bhonn togra ón stiúrthóir feidhmiúcháin.

7.   Ullmhóidh an Ghníomhaireacht forléargas ar na pleananna náisiúnta forbartha acmhainneachta agus straitéis ilbhliantúil le haghaidh trealamh na Gníomhaireachta a fháil dá dtagraítear in Airteagal 63 agus pleanáil ilbhliantúil le haghaidh phróifílí na foirne don bhuanchór.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht an forléargas sin a roinnt leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún d’fhonn aon sinéirgíocht agus aon deis a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint le haghaidh comhar sna réimsí éagsúla a chumhdaítear leis na pleananna náisiúnta forbartha acmhainneachta, lena n-áirítear soláthar comhpháirteach. Ar bhonn na sinéirgíochtaí arna sainaithint, féadfaidh an Ghníomhaireacht iarraidh ar na Ballstáit a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí leantacha le haghaidh comhair.

8.   Tiocfaidh an bord bainistíochta le chéile uair sa bhliain ar a laghad chun treochlár acmhainneachta an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a phlé agus a fhormheas. Maidir leis an treochlár acmhainneachta, is é an stiúrthóir feidhmiúcháin a mholfaidh é ar bhonn an fhorléargais ar na pleananna náisiúnta forbartha acmhainneachta, lena gcuirfear san áireamh, inter alia, torthaí na hanailíse riosca agus na measúnuithe leochaileachta arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagail 29 agus 32 agus le pleananna ilbhliantúla na Gníomhaireachta féin. Nuair a bheidh an treochlár acmhainneachta formheasta ag an mbord bainistíochta, cuirfear in iarscríbhinn a ghabhann leis an straitéis theicniúil agus oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 8(5) é.

CAIBIDIL II

FEIDHMIÚ AN GHARDA TEORANN AGUS CÓSTA EORPAIGH

ROINN 1

Cúraimí na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta

Airteagal 10

Cúraimí na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí seo a leanas:

(a)

faireachán a dhéanamh ar shreabha imirce agus anailís riosca a dhéanamh i dtaca leis na gnéithe uile a bhaineann le bainistiú comhtháite teorainneacha;

(b)

faireachán a dhéanamh ar riachtanais oibríochtúla na mBallstát i ndáil le cur chun feidhme an fhillte, lena n-áirítear sonraí oibríochtúla a bhailiú;

(c)

measúnuithe leochaileachta a dhéanamh, lena n-áirítear measúnuithe ar chumas agus ar ullmhacht na mBallstát aghaidh a thabhairt ar bhagairtí agus ar dhúshláin ag na teorainneacha seachtracha;

(d)

faireachán a dhéanamh ar bhainistiú na dteorainneacha seachtracha trí oifigigh idirchaidrimh na Gníomhaireachta sna Ballstáit;

(e)

faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceart bunúsach i ngach ceann dá gníomhaíochtaí ag na teorainneacha seachtracha agus in oibríochtaí um fhilleadh;

(f)

tacú le forbairt agus oibriú EUROSUR;

(g)

cúnamh a thabhairt do na Ballstáit in imthosca ina n-éilítear cúnamh méadaithe teicniúil agus oibríochtúil ag na teorainneacha seachtracha trí oibríochtaí comhpháirteacha a chomhordú agus a eagrú, agus aird á tabhairt ar an bhfíoras go bhféadfadh cásanna éigeandála daonchairdiúla agus tarrtháil ar muir a bheith i gceist le staideanna áirithe i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta;

(h)

cúnamh a thabhairt do Bhallstáit in imthosca ina n-éilítear cúnamh méadaithe teicniúil agus oibríochtúil ag na teorainneacha seachtracha, trí mhear-idirghabhálacha teorann a sheoladh ag teorainneacha seachtracha na mBallstát sin a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar dhúshláin shonracha agus dhíréireacha, agus aird á tabhairt ar an bhfíoras go bhféadfadh cásanna éigeandála daonchairdiúla agus tarrtháil ar muir a bheith i gceist le staideanna áirithe, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta;

(i)

cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a sholáthar do Bhallstáit agus do thríú tíortha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 656/2014 agus leis an dlí idirnáisiúnta, chun tacú le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála do dhaoine atá i nguais ar muir agus a d’fhéadfadh tarlú le linn oibríochtaí faireachais teorann ar muir;

(j)

an buanchór a imscaradh faoi chuimsiú foirne bainistithe teorainneacha, foirne tacaíochta don bhainistiú imirce agus foirne um fhilleadh (dá ngairtear le chéile “na foirne”) le linn oibríochtaí comhpháirteacha, agus i mear-idirghabhálacha teorann, oibríochtaí um fhilleadh agus idirghabhálacha um fhilleadh chomh maith leis sin;

(k)

comhthiomsú de threalamh teicniúil a bhunú, lena n-áirítear comhthiomsú de threalamh mearfhreagartha, atá le húsáid in oibríochtaí comhpháirteacha, i mear-idirghabhálacha teorann agus faoi chuimsiú na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce, agus in oibríochtaí um fhilleadh agus idirghabhálacha um fhilleadh freisin;

(l)

a hacmhainní daonna agus teicniúla féin a fhorbairt agus a bhainistiú, le tacaíocht ón sásra um rialú inmheánach cáilíochta, chun cur leis an mbuanchór, lena n-áirítear earcú agus oiliúint na mball dá foireann a ghníomhóidh mar bhaill de na foirne, agus leis an gcomhthiomsú de threalamh teicniúil;

(m)

faoi chuimsiú na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce sna teophointí:

(i)

baill foirne oibríochtúla agus trealamh teicniúil a imscaradh chun cúnamh a sholáthar le scagadh, le faisnéisiú, le sainaithint agus le tógáil méarlorg;

(ii)

nós imeachta a bhunú maidir le faisnéis tosaigh a tharchur chuig daoine atá i ngá cosanta idirnáisiúnta nó ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta, lena n-áirítear nós imeachta chun grúpaí leochaileacha a shainaithint, i gcomhar le EASO agus le húdaráis náisiúnta inniúla;

(n)

cúnamh a sholáthar ag gach céim den phróiseas um fhilleadh gan staidéar a dhéanamh ar fhiúntas cinntí um fhilleadh, ar rud é a bheidh faoi fhreagracht iomlán na mBallstát i gcónaí, cabhrú le comhordú agus eagrú na n-oibríochtaí um fhilleadh agus tacaíocht theicniúil agus oibríochtúil a sholáthar do chur chun feidhme na hoibleagáide na fillithe a fhilleadh, agus tacaíocht theicniúil agus oibríochtúil d’oibríochtaí agus d’idirghabhálach um fhilleadh, lena n-áirítear in imthosca a éilíonn níos mó cúnaimh;

(o)

díorma lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach a chur ar bun;

(p)

foirne um fhilleadh a imscaradh le linn idirghabhálacha um fhilleadh;

(q)

de réir shainorduithe faoi seach na ngníomhaireachtaí lena mbaineann, comhoibriú le Europol agus le Eurojust agus tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit in imthosca ina n-éilítear cúnamh méadaithe teicniúil agus oibríochtúil ag na teorainneacha seachtracha sa chomhrac in aghaidh na coireachta agus na sceimhlitheoireachta trasteorann;

(r)

comhoibriú le EASO de réir a sainorduithe faoi seach, go háirithe chun bearta a éascú i gcásanna ina bhfuil náisiúnaigh tríú tír, ar diúltaíodh a n-iarratais ar chosaint idirnáisiúnta le cinneadh deiridh, le filleadh;

(s)

comhoibriú le FRA, de réir a sainorduithe faoi seach, chun a áirithiú go ndéanfar aquis an Aontais um chearta bunúsacha a chur i bhfeidhm go leanúnach agus go haonfhoirmeach;

(t)

comhoibriú leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA) agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA), de réir a sainorduithe faoi seach, d’fhonn tacú le húdaráis náisiúnta a dhéanann feidhmeanna garda cósta, mar a leagtar amach iad in Airteagal 69, lena n-áirítear tarrtháil daoine ar an bhfarraige, trí sheirbhísí, faisnéis, trealamh agus oiliúint a sholáthar, agus trí oibríochtaí ilchuspóireacha a chomhordú chomh maith;

(u)

comhoibriú le tríú tíortha i ndáil leis na réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear imscaradh oibríochtúil féideartha foirne bainistithe teorainneacha i dtríú tíortha;

(v)

cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus do thríú tíortha i gcomhthéacs an chomhair theicniúil agus oibríochtúil eatarthu sna hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo;

(w)

cúnamh a thabhairt do Bhallstáit agus do thríú tíortha oiliúint a chur ar ghardaí teorann náisiúnta, ar bhaill foirne ábhartha eile agus ar shaineolaithe maidir le filleadh, lena n-áirítear trí chaighdeáin oiliúna chomhchoiteanna a bhunú agus trí chláir a bhunú, lena n-áirítear cláir ar chearta bunúsacha;

(x)

a bheith rannpháirteach i bhforbairt agus bainistiú gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta is ábhartha do rialú na dteorainneacha seachtracha, lena n-áirítear úsáid ardteicneolaíochta faireachais, agus a threoirthionscadail féin a fhorbairt, i gcás inar gá, do dhéanamh na ngníomhaíochtaí, dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(y)

caighdeáin theicniúla a fhorbairt le haghaidh malartú faisnéise;

(z)

tacú le forbairt caighdeán teicniúil do threalamh i réimse an rialaithe ag teorainneacha agus an fhillte, lena n-áirítear le haghaidh idirnascadh na gcóras agus na líonraí, agus tacú, de réir mar is iomchuí, le forbairt íoschaighdeán don fhaireachas ar theorainneacha seachtracha i gcomhréir leis na hinniúlachtaí faoi seach atá ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiúin;

(aa)

an líonra cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 14 a bhunú agus a choimeád ar bun;

(ab)

i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725, córais faisnéise a fhorbairt agus a oibriú a chumasóidh malartuithe tapa agus iontaofa faisnéise maidir le rioscaí atá ag teacht chun cinn i dtaca le bainistiú na dteorainneacha seachtracha, inimirce neamhdhlíthiúil agus filleadh, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus le Gréasán Imirce na hEorpa arna bhunú le Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle (36);

(ac)

an cúnamh is gá a chur ar fáil d’fhorbairt timpeallacht chomhchoiteann chun faisnéis a mhalartú, lena n-áirítear idir-inoibritheacht córas, de réir mar is iomchuí;

(ad)

ardchaighdeáin a leanúint don bhainistiú teorainneacha, lena mbeifear in ann trédhearcacht agus grinnscrúdú poiblí a sholáthar agus lánurraim á tabhairt don dlí is infheidhme agus lena n-áiritheofar go ndéanfar cearta bunúsacha a urramú, a chosaint agus a chur chun cinn;

(ae)

bainistiú agus oibriú a dhéanamh ar an gcóras do Dhoiciméid Bhréige agus Doiciméid Bharántúla ar Líne dá dtagraítear in Airteagal 79 agus tacú leis na Ballstáit trí bhrath na calaoise doiciméad a éascú;

(af)

na cúraimí agus na hoibleagáidí atá ar an nGníomhaireacht faoi Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37) a chomhlíonadh agus a áirithiú go gcuirfear ar bun agus go bhfeidhmeoidh Láraonad ETIAS i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán sin;

(ag)

cúnamh a thabhairt do na Ballstáit éascú do dhaoine na teorainneacha seachtracha a thrasnú.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht cumarsáid maidir le hábhair a thagann faoina sainordú. Déanfaidh sí faisnéis bheacht, mhionsonrach, thráthúil agus chuimsitheach maidir lena cuid gníomhaíochtaí a sholáthar don phobal.

Ní bheidh cumarsáid den sórt sin díobhálach do na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus go háirithe ní nochtfar léi fhaisnéis oibríochtúil arb é an toradh a bheadh ar an bhfaisnéis sin a bheith ar fáil go poiblí go gcuirfí gnóthú chuspóir na n-oibríochtaí i mbaol. Déanfaidh an Ghníomhaireacht cumarsáid gan dochar d’Airteagal 92 agus i gcomhréir le pleananna ábhartha cumarsáide agus scaipthe arna nglacadh ag an mbord bainistíochta agus i ndlúthchomhar, más iomchuí, le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile.

ROINN 2

Malartú faisnéise agus comhar

Airteagal 11

Dualgas maidir le comhoibriú de mheon macánta

An Ghníomhaireacht, na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear gardaí cósta sa mhéid go ndéanann siad cúraimí rialaithe ag teorainneacha, agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as an bhfilleadh, beidh siad faoi réir dualgas maidir le comhoibriú de mheon macánta agus oibleagáid maidir le malartú faisnéise.

Airteagal 12

Oibleagáid maidir le malartú faisnéise

1.   Chun na cúraimí a chuirtear orthu faoin Rialachán seo a chur i gcrích, déanfaidh an Ghníomhaireacht, na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear gardaí cósta a mhéid is a dhéanann siad cúraimí rialaithe ag teorainneacha, agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as an bhfilleadh, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le dlí ábhartha eile de chuid an Aontais agus leis an dlí ábhartha náisiúnta a bhaineann le malartú faisnéise, an fhaisnéis uile atá riachtanach a chomhroinnt ar bhealach tráthúil agus cruinn.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht na bearta iomchuí chun malartú faisnéise is ábhartha dá cúraimí leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit a éascú.

I gcás ina bhfuil faisnéis ábhartha ó thaobh chomhlíonadh a cúraimí, déanfaidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin a mhalartú le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, ar mhaithe le hanailís riosca, sonraí staidrimh a bhailiú, measúnú a dhéanamh ar an staid i dtríú tíortha, oiliúint agus tacaíocht do Bhallstáit i dtaca le pleanáil theagmhasach. Chun na críche sin, déanfar na huirlisí agus na struchtúir is gá a fhorbairt idir comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais.

3.   Glacfaidh an Ghníomhaireacht na bearta uile is gá chun éascú a dhéanamh ar fhaisnéis is ábhartha dá cúraimí a mhalartú le hÉirinn agus leis an Ríocht Aontaithe má bhaineann an fhaisnéis sin leis na gníomhaíochtaí sin ina mbíonn sí rannpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 70 agus le hAirteagal 100(5).

Airteagal 13

Pointí teagmhála náisiúnta

1.   Ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála náisiúnta chun cumarsáid a dhéanamh leis an nGníomhaireacht ar gach ábhar a bhaineann le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, gan dochar do ról na lárionad náisiúnta comhordúcháin. Beidh fáil ar na pointí teagmhála náisiúnta i gcónaí agus áiritheoidh siad go scaipfear go tráthúil an fhaisnéis uile ón nGníomhaireacht ar na húdaráis ábhartha uile sa Bhallstát lena mbaineann, go háirithe comhaltaí an bhoird bainistíochta agus an lárionad náisiúnta comhordúcháin.

2.   Féadfaidh na Ballstáit suas le beirt bhall foirne a ainmniú arb iad a bheidh ar an bpointe teagmhála náisiúnta agus sannfar iad don Ghníomhaireacht mar oifigigh idirchaidrimh. Éascóidh na hoifigigh idirchaidrimh an chumarsáid idir an pointe teagmhála náisiúnta agus an Ghníomhaireacht, agus féadfaidh siad, i gcás inar gá, freastal ar chruinnithe ábhartha.

3.   Déanfaidh an Gníomhaireacht na háitribh is gá laistigh dá ceanncheathrú agus tacaíocht leormhaith a sholáthar d’oifigigh idirchaidrimh ionas go mbeidh siad in ann a ndualgais a chomhlíonadh. Maidir le gach costas eile a thabhófar i ndáil le himscaradh na n-oifigeach idirchaidrimh, is iad na Ballstáit a sheasfaidh na costais sin. Déanfaidh an bord bainistíochta rialacha agus coinníollacha an imscartha, chomh maith leis na rialacha a bhaineann leis an tacaíocht leormhaith atá le soláthar, a shonrú.

Airteagal 14

Líonra cumarsáide

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht líonra cumarsáide a bhunú agus a choimeád ar bun chun uirlisí cumarsáide agus anailíseacha a sholáthar chun a cheadú go ndéanfar faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe agus faisnéis rúnaicmithe a mhalartú leis na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin agus eatarthu, gar d’fhíor-am agus ar bhealach slán.

Déanfaidh aon chóras nó aon fheidhmchlár a úsáideann an líonra cumarsáide dlí uile an Aontais maidir le chosaint sonraí a chomhlíonadh le linn a shaolré.

Beidh an líonra cumarsáide ag obair 24 huaire sa lá agus 7 lá na seachtaine agus déanfaidh sé an méid seo a leanas a cheadú:

(a)

malartú déthaobhach agus iltaobhach faisnéise gar d’fhíor-am;

(b)

closchomhdháil agus físchomhdháil;

(c)

faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a láimhseáil, a stóráil, a tharchur agus a phróiseáil ar bhealach slán;

(d)

faisnéis rúnaicmithe AE a láimhseáil, a stóráil, a tharchur agus a phróiseáil ar bhealach slán go leibhéal CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó go leibhéil aicmithe náisiúnta atá coibhéiseach, ag áirithiú go láimhseálfar, go stórálfar, go dtarchuirfear agus go bpróiseálfar faisnéis rúnaicmithe i gcuid ar leithligh den líonra cumarsáide a bhfuil an creidiúnú cuí aici.

2.   Soláthróidh an Ghníomhaireacht tacaíocht theicniúil agus áiritheoidh sí go bhfuil an líonra cumarsáide ar fáil i gcónaí agus gur féidir leis tacú leis an gcóras cumarsáide agus faisnéise a bhainistíonn an Ghníomhaireacht.

Airteagal 15

Córais mhalartaithe faisnéise agus feidhmchláir a bhainistíonn an Gníomhaireacht

1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht na bearta uile is gá a dhéanamh chun malartú faisnéise is ábhartha dá cúraimí le Parlaimint na hEorpa, leis an gComhairle, leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit a éascú agus, i gcás inarb iomchuí, le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais, agus le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a liostaítear in Airteagal 68(1) agus le tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 71.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht córas faisnéise a fhorbairt, a chur in úsáid agus a oibriú a mbeidh d’acmhainn aige faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a mhalartú leis na gníomhaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagail 86 go 91 a mhalartú i gcomhréir le hAirteagal 92.

3.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht na córais faisnéise dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo in úsáid maidir leis an líonra cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 14, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 16

Caighdeáin theicniúla le haghaidh malartú faisnéise

Forbróidh an Ghníomhaireacht caighdeáin theicniúla i gcomhar leis na Ballstáit chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an líonra cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 14 a idirnascadh leis na líonraí náisiúnta a úsáidtear chun an léargas de dhálaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 25 a chur le chéile agus le córais faisnéise ábhartha eile chun críocha an Rialacháin seo;

(b)

córais malartaithe faisnéise ábhartha agus feidhmchláir bogearraí de chuid na Gníomhaireachta agus na mBallstát a fhorbairt agus comhéadain a bhunú eatarthu chun críocha an Rialacháin seo;

(c)

na léargais ar dhálaí a chraoladh agus, de réir mar is iomchuí, léargais ar dhálaí sonracha amhail dá dtagraítear in Airteagal 27 a chraoladh agus cumarsáid a áirithiú idir aonaid agus lárionaid ábhartha na n-údarás inniúil náisiúnta agus leis na foirne arna n-imscaradh ag an nGníomhaireacht trí úsáid a bhaint as bealaí éagsúla cumarsáide amhail cumarsáid satailíte agus líonraí raidió;

(d)

suíomh acmhainní dílse a thuairisciú, tríd an úsáid is fearr is féidir a bhaint as forbairt theicneolaíoch an chórais loingseoireachta satailíte arna bhunú faoi chlár Galileo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38).

Airteagal 17

Dearbhú faisnéise

Déanfaidh na Ballstáit, trí bhíthin a lárionaid náisiúnta chomhordúcháin agus faoi mhaoirseacht na n-údarás náisiúnta inniúil, an méid seo a leanas a áirithiú maidir lena n-údaráis náisiúnta, a ngníomhaireachtaí náisiúnta agus a gcomhlachtaí náisiúnta eile agus úsáid á baint acu as an líonra cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 14 agus córais malartaithe faisnéise na Gníomhaireachta:

(a)

go bhfuil rochtain cheart agus leanúnach acu ar chórais agus líonraí ábhartha na Gníomhaireachta nó ar chórais agus líonraí atá nasctha leo;

(b)

go gcomhlíonann siad na caighdeáin theicniúla ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 16;

(c)

go gcuireann siad i bhfeidhm rialacha slándála agus caighdeáin slándála atá coibhéiseach leis na cinn sin a chuireann an Ghníomhaireacht i bhfeidhm maidir le láimhseáil faisnéise rúnaicmithe;

(d)

go ndéanann siad faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe agus faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil i gcomhréir le hAirteagal 92.

ROINN 3

EUROSUR

Airteagal 18

EUROSUR

Bunaítear leis an Rialachán seo EUROSUR mar chreat comhtháite chun faisnéis a mhalartú agus le haghaidh comhar oibríochtúil laistigh den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach chun feasacht ar dhálaí a fheabhsú agus chun acmhainn freagartha an Aontais a mhéadú chun críocha an bhainistithe teorainneacha, lena n-áirítear an inimirce neamhdhlíthiúil agus an choireacht trasteorann a bhrath, a chosc agus a chomhrac, agus cuidiú lena áirithiú go ndéanfar beatha inimirceach a chosaint agus a tharrtháil.

Airteagal 19

Raon feidhme EUROSUR

1.   Úsáidfear EUROSUR le haghaidh seiceálacha teorann ag pointí trasnaithe teorann atá údaraithe agus le haghaidh faireachas teorainneacha seachtracha talún, mara agus aeir, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar dhaoine a thrasnaíonn na teorainneacha gan údarú agus iad a bhrath, a shainaithint, a rianú, a chosc agus a ghabháil, chun an inimirce neamhdhlíthiúil agus coireacht trasteorann a bhrath, a chosc agus a chomhrac agus chun cuidiú lena áirithiú go ndéanfar beatha inimirceach a chosaint agus a shábháil.

2.   Ní úsáidfear EUROSUR le haghaidh aon bheart dlíthiúil nó riaracháin a ghlacfar tar éis do na húdaráis inniúla de chuid Ballstáit gníomhaíochtaí coiriúla trasteorann nó daoine a thrasnaíonn na teorainneacha seachtracha gan údarú a idircheapadh.

Airteagal 20

Comhchodanna EUROSUR

1.   Bainfidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht úsáid as EUROSUR chun faisnéis a mhalartú agus ar mhaithe le comhar i réimse an rialaithe ag teorainneacha, agus an malartú faisnéise agus na sásraí comhair atá ann cheana féin á gcur san áireamh. Beidh in EUROSUR na comhpháirteanna seo a leanas:

(a)

lárionaid náisiúnta chomhordúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21;

(b)

léargais ar dhálaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 25;

(c)

léargais ar dhálaí Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 26, lena n-áirítear faisnéis faoi chodanna den teorainn sheachtrach maille leis na leibhéil tionchair chomhfhreagracha;

(d)

léargais ar dhálaí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 27;

(e)

seirbhísí cumaisc EUROSUR dá dtagraítear in Airteagal 28;

(f)

pleanáil chomhtháite dá dtagraítear in Airteagal 9.

2.   Déanfaidh na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin, trí bhíthin an líonra cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 14 agus na gcóras ábhartha, faisnéis óna léargais ar dhálaí náisiúnta agus, de réir mar is iomchuí, ó léargais ar dhálaí sonracha, ar faisnéis í a theastaíonn leis an léargas ar dhálaí Eorpacha a bhunú agus a choimeád ar bun, a sholáthar don Ghníomhaireacht.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, trí bhíthin an líonra cumarsáide, rochtain neamhtheoranta a thabhairt do na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin 24 huaire sa lá, 7 lá na seachtaine, ar na léargais ar dhálaí sonracha agus ar an léargas ar dhálaí Eorpacha.

Airteagal 21

Lárionaid náisiúnta chomhordúcháin

1.   Déanfaidh gach Ballstát lárionad náisiúnta comhordúcháin a ainmniú, a oibriú agus a choimeád ar bun agus déanfaidh an lárionad sin faisnéis a chomhordú agus a mhalartú idir na húdaráis a bheidh freagrach as rialú ag teorainneacha seachtracha ar an leibhéal náisiúnta agus i gcomhar leis na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin eile agus leis an nGníomhaireacht. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún maidir le bunú a lárionaid náisiúnta chomhordúcháin, agus cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile agus an Ghníomhaireacht ar an eolas láithreach ina leith.

2.   Gan dochar d’Airteagal 13, agus laistigh de chreat EUROSUR, is é an lárionad náisiúnta comhordúcháin an t-aon phointe teagmhála a bheidh ann d’fhonn faisnéis a mhalartú agus d’fhonn dul i gcomhar leis na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin eile agus leis an nGníomhaireacht.

3.   Déanfaidh na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin na nithe seo a leanas:

(a)

áiritheoidh siad malartú tráthúil faisnéise idir na húdaráis náisiúnta ar fad a bheidh freagrach as rialú ag teorainneacha seachtracha ar an leibhéal náisiúnta, agus comhar tráthúil eatarthu, agus idir lárionaid náisiúnta chomhordúcháin eile chomh maith agus leis an nGníomhaireacht;

(b)

áiritheoidh siad malartú tráthúil faisnéise leis na húdaráis chuardaigh agus tarrthála, le húdaráis foghníomhaithe an dlí, agus leis na húdaráis inimirce agus tearmainn agus bainisteoidh siad scaipeadh faisnéise ábhartha ar an leibhéal náisiúnta;

(c)

cuirfidh siad le bainistíocht éifeachtach éifeachtúil acmhainní agus pearsanra;

(d)

déanfaidh siad an léargas ar dhálaí náisiúnta a bhunú agus a choimeád ar bun i gcomhréir le hAirteagal 25;

(e)

tacóidh siad le comhordú, pleanáil agus le cur chun feidhme an rialaithe ag teorainneacha náisiúnta;

(f)

comhordóidh siad na córais náisiúnta um rialú ag teorainneacha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(g)

cuirfidh siad le héifeachtaí an rialaithe náisiúnta ag teorainneacha a thomhas go tráthrialta chun críocha an Rialacháin seo;

(h)

déanfaidh siad bearta oibríochtúla a chomhordú le Ballstáit eile agus le tríú tíortha, gan dochar d’inniúlachtaí na Gníomhaireachta agus na mBallstát eile;

(i)

faisnéis ábhartha a mhalartú le hoifigigh idirchaidrimh inimirce a mBallstáit, i gcás ina n-ainmnítear iad, trí struchtúir iomchuí a bhunaítear ar an leibhéal náisiúnta, d’fhonn cur leis an léargas de dhálaí Eorpacha agus tacú le hoibríochtaí rialaithe ag teorainneacha;

(j)

faoi mhaoirseacht na n-údarás náisiúnta inniúil, cur le dearbhú faisnéise na gcóras faisnéise náisiúnta agus chórais faisnéise na Gníomhaireachta.

4.   Féadfaidh na Ballstáit freagracht a chur ar údaráis réigiúnacha, údaráis áitiúla, údaráis fheidhmeacha, nó ar údaráis eile, a bhfuil an seasamh acu chun cinntí oibríochtúla a dhéanamh, agus a bheidh freagrach as feasacht ar dhálaí agus acmhainn freagartha a áirithiú ina réimsí inniúlachta faoi seach, lena n-áirítear na cúraimí agus na hinniúlachtaí a liostaítear i bpointí (c), (e) agus (f) de mhír 3.

5.   Ní dhéanfaidh cinneadh de chuid Ballstáit cúraimí a leithroinnt i gcomhréir le mír 4 difear don lárionad náisiúnta comhordúcháin i dtaca lena chumas dul i gcomhar le lárionaid náisiúnta chomhordúcháin eile agus leis an nGníomhaireacht, agus faisnéis a mhalartú leo.

6.   I gcásanna réamhshainithe de réir mar a chinnfear iad ar an leibhéal náisiúnta, féadfaidh lárionad náisiúnta comhordúcháin údarás dá dtagraítear i mír 4 a údarú chun cumarsáid a dhéanamh agus faisnéis a mhalartú leis na húdaráis réigiúnacha nó le lárionad náisiúnta comhordúcháin Ballstáit eile nó le húdaráis inniúla tríú tír ar choinníoll go gcoinneoidh údarás atá údaraithe mar sin a lárionad náisiúnta comhordúcháin féin ar an eolas go tráthrialta faoin gcumarsáid agus faoin malartú faisnéise sin.

7.   Feidhmeoidh an lárionad náisiúnta comhordúcháin 24 huaire sa lá, 7 lá na seachtaine.

Airteagal 22

Lámhleabhar EUROSUR

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis an nGníomhaireacht agus le haon chomhlacht, oifig nó gníomhaireacht ábhartha eile de chuid an Aontais, lámhleabhar praiticiúil a ghlacadh agus a chur ar fáil le haghaidh chur chun feidhme agus bhainistiú EUROSUR (“Lámhleabhar EUROSUR”). Soláthrófar treoirlínte teicniúla agus oibríochtúla, moltaí agus dea-chleachtais, lena n-áirítear maidir le comhar le tríú tíortha, i Lámhleabhar EUROSUR. Glacfaidh an Coimisiún an Lámhleabhar i bhfoirm molta.

2.   Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis an nGníomhaireacht, codanna de Lámhleabhar EUROSUR a aicmiú mar fhaisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED i gcomhlíonadh na rialacha a leagtar síos i Rialachán Nós Imeachta an Choimisiúin.

Airteagal 23

Faireachán ar EUROSUR

1.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú teicniúil agus oibríochtúil EUROSUR d’fhonn na cuspóirí i dtaca le feasacht leordhóthanach ar dhálaí agus acmhainn freagartha ag na teorainneacha seachtracha a bhaint amach.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán leanúnach ar cháilíocht na seirbhíse a chuireann an líonra cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 14 ar fáil agus ar cháilíocht na sonraí a chomhroinntear tríd an léargas ar dhálaí Eorpacha.

3.   Tarchuirfidh an Gníomhaireacht faisnéis a bhailítear mar chuid den fhaireachán faoi mhír 2 chuig na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin agus chuig na struchtúir cheannais agus rialaithe a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí na Gníomhaireachta mar chuid de sheirbhísí cumaisc EUROSUR. Beidh an fhaisnéis sin aicmithe RESTREINT UE/EU RESTRICTED.

ROINN 4

Feasacht ar dhálaí

Airteagal 24

Léargais ar dhálaí

1.   Déanfar na léargais ar dhálaí náisiúnta, an léargas ar dhálaí Eorpacha agus na léargais ar dhálaí sonracha a sholáthar trí fhaisnéis a chnuasach, meastóireacht a dhéanamh uirthi, í a chomhordú, a anailísiú, a léirmhíniú, a ghineadh, a léirshamhlú agus a scaipeadh.

Beidh sna léargais ar dhálaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír na sraitheanna faisnéise seo a leanas:

(a)

sraith imeachtaí ina n-áirítear tarluithe agus teagmhais a bhaineann le trasnú neamhúdaraithe teorann, agus coireacht trasteorann, agus, i gcás ina bhfuil fáil uirthi, faisnéis maidir le gluaiseachtaí tánaisteacha neamhúdaraithe, chun tuiscint níos fearr a fháil ar threochtaí imirceacha, toirt imirceach agus bealaí imirceacha;

(b)

sraith oibríochtúil ina bhfuil faisnéis faoi oibríochtaí lena n-áirítear an plean imscartha, an limistéar oibríochta, agus suíomh, am, stádas agus cineál na n-acmhainní rannpháirteacha de réir an phlean oibríochtúil;

(c)

sraith anailíse ina bhfuil faisnéis anailísithe is ábhartha do chuspóirí an Rialacháin seo agus, go háirithe, is ábhartha maidir le sannadh na leibhéal tionchair ar na codanna den teorainn sheachtrach, amhail íomhánna agus geo-shonraí, príomhfhorbairtí agus príomhtháscairí, tuarascálacha anailíseacha, agus faisnéis thacaíochta ábhartha eile.

2.   Maidir leis na léargais ar dhálaí dá dtagraítear i mír 1, beifear in ann tarluithe, oibríochtaí agus an anailís chomhfhreagrach a bhaineann le cásanna ina bhfuil beatha daoine i mbaol a shainaithint agus a rianú.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos mionsonraí na sraitheanna faisnéise de na léargais ar de dhálaí agus na rialacha maidir le bunú na léargas ar dhálaí sonracha. Sonrófar sa ghníomh cur chun feidhme an cineál faisnéise atá le soláthar, na heintitis atá freagrach as faisnéis shonrach a bhailiú, a phróiseáil, a chartlannú agus a tharchur, na huasteorainneacha ama le tuairisc a thabhairt, na rialacha maidir le slándáil sonraí agus cosaint sonraí agus na sásraí rialaithe cáilíochta gaolmhara. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 122(2)

Airteagal 25

Léargais ar dhálaí náisiúnta

1.   Déanfaidh gach lárionad náisiúnta comhordúcháin léargas ar dhálaí náisiúnta a bhunú agus a chaomhnú chun faisnéis éifeachtach chruinn thráthúil a sholáthar do na húdaráis uile atá freagrach as rialú ag teorainneacha seachtracha ar an leibhéal náisiúnta.

2.   Faisnéis a bhaileofar ó na foinsí seo a leanas a bheidh sa léargas ar dhálaí náisiúnta:

(a)

an córas náisiúnta um fhaireachas ar theorainneacha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(b)

braiteoirí seasta agus soghluaiste a oibreoidh údaráis náisiúnta atá freagrach as faireachas ar theorainneacha seachtracha;

(c)

patróil a dhéanfaidh faireachas ar theorainneacha agus misin eile faireacháin;

(d)

lárionaid áitiúla agus réigiúnacha chomhordúcháin, agus lárionaid chomordúcháin eile;

(e)

údaráis agus córais ábhartha náisiúnta eile, lena n-áirítear oifigigh idirchaidrimh imirce, lárionaid oibríochtúla agus pointí teagmhála;

(f)

seiceálacha teorann;

(g)

an Ghníomhaireacht;

(h)

lárionaid náisiúnta chomhordúcháin i mBallstáit eile;

(i)

údaráis tríú tíortha, ar bhonn comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha agus líonraí réigiúnacha dá dtagraítear in Airteagal 72;

(j)

córais tuairiscithe long i gcomhréir lena mbunúis dlí faoi seach;

(k)

eagraíochtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta ábhartha eile;

(l)

foinsí eile.

3.   Sannfaidh gach lárionad náisiúnta comhordúcháin leibhéal tionchair táscach amháin do gach teagmhas i sraith tarluithe an léargais ar dhálaí náisiúnta, ó leibhéal tionchair “íseal” agus “meánach” go dtí “ard” agus “an-ard”. Roinnfear gach teagmhas leis an nGníomhaireacht.

4.   Féadfaidh gach lárionad náisiúnta comhordúcháin cinneadh a dhéanamh, arna iarraidh sin do na húdaráis náisiúnta inniúla, rochtain ar fhaisnéis a bhaineann le slándáil náisiúnta, lena n-áirítear acmhainní míleata a shrianadh de réir mar a bheidh an t-eolas sin de dhíth.

5.   Féadfaidh lárionaid náisiúnta chomhordúcháin na mBallstát comharsanachta léargas ar dhálaí na gcodanna comharsanachta den teorainn sheachtrach, lena n-áirítear suíomh, stádas agus cineál na n-acmhainní dílse atá ag feidhmiú sna codanna comharsanachta den teorainn sheachtrach, a roinnt go díreach agus gar d’fhíor-am.

Airteagal 26

Léargas ar dhálaí Eorpacha

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht léargas ar dhálaí Eorpacha a bhunú agus a choimeád ar bun d’fhonn chun faisnéis agus anailís a bheidh éifeachtach, beacht agus tráthúil a sholáthar do na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin agus don Choimisiún maidir leis na teorainneacha seachtracha, an limistéar réamhtheorann agus gluaiseachtaí tánaisteacha neamhúdaraithe.

2.   Faisnéis arna bailiú ó na foinsí seo a leanas a bheidh sa léargas ar dhálaí Eorpacha:

(a)

lárionaid náisiúnta chomhordúcháin, agus léargais ar dhálaí náisiúnta agus faisnéis agus tuarascálacha a gheofar ó oifigigh idirchaidrimh inimirce a mhéid agus a cheanglaítear an méid sin faoin Airteagal seo;

(b)

an Ghníomhaireacht, lena n-áirítear an fhaisnéis agus na tuarascálacha a sholáthraíonn a hoifigigh idirchaidrimh i gcomhréir le hAirteagail 32 agus 77;

(c)

toscaireachtaí an Aontais agus misin agus oibríochtaí de chuid an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC) dá dtagraítear i bpointe (j) den dara fomhír d’Airteagal 68(1);

(d)

comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail dá dtagraítear in Airteagal 68(1);

(e)

údaráis tríú tír, ar bhonn comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha agus líonraí réigiúnacha dá dtagraítear in Airteagal 72, agus socruithe oibre dá dtagraítear in Airteagal 73(4);

(f)

foinsí eile.

3.   Beidh san áireamh i sraith tarluithe an léargais ar dhálaí Eorpacha faisnéis faoin méid seo a leanas:

(a)

teagmhais agus tarluithe eile a bheidh i sraith tarluithe na léargas ar dhálaí náisiúnta;

(b)

teagmhais agus tarluithe eile a bheidh sna léargais ar dhálaí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 27;

(c)

teagmhais i limistéar oibríochtúil oibríochta comhpháirtí nó idirghabháil mhear arna comhordú ag an nGníomhaireacht, nó ag teophointe.

4.   Beidh faisnéis i sraith oibríochtúil an léargais ar dhálaí Eorpacha, faoi na comhoibríochtaí agus na mear-idirghabhálacha a chomhordaíonn an Ghníomhaireacht agus faoi theophointí, agus áireofar inti ráitis, suíomhanna, stádas agus fad an mhisin, faisnéis faoi na Ballstáit agus faoi na gníomhaithe eile atá rannpháirteach ann, tuarascálacha laethúla agus seachtainiúla faoi na dálaí atá ann, sonraí staidrimh agus pacáistí faisnéise do na meáin.

5.   Féadfar an fhaisnéis faoi shócmhainní dílse i sraith oibríochtúil an léargais ar dhálaí Eorpacha a aicmiú mar fhaisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED de réir mar is iomchuí.

6.   Sa léargas ar dhálaí Eorpacha, cuirfidh an Ghníomhaireacht san áireamh na leibhéil tionchair a shann na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin do theagmhais ar leith i léargais ar dhálaí náisiúnta. Maidir le haon teagmhas sa limistéar réamhtheorann, sannfaidh an Ghníomhaireacht leibhéal táscach tionchair amháin agus cuirfidh sí na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin ar an eolas faoi.

Airteagal 27

Léargais ar dhálaí sonracha

1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit léargais ar dhálaí sonracha a bhunú agus a choinneáil chun tacú le gníomhaíochtaí oibríochtúla sonracha ag na teorainneacha seachtracha nó chun faisnéis a roinnt le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a liostaítear in Airteagal 68(1) nó le tríú tíortha dá bhforáiltear in Airteagal 75.

2.   Beidh na léargais ar dhálaí sonracha comhdhéanta d’fhoshraith d’fhaisnéis ó na léargais ar dhálaí náisiúnta agus Eorpacha.

3.   Na rialacha mionsonraithe maidir leis na léargais ar dhálaí sonracha a bhunú agus a roinnt, leagfar amach iad i bplean oibríochtúil do na gníomhaíochtaí oibríochtúla lena mbaineann agus i gcomhaontú déthaobhach nó iltaobhach i gcás ina mbunaítear léargas ar dhálaí sonracha faoi chuimsiú comhar déthaobhach nó iltaobhach le tríú tíortha. Déanfar aon roinnt faisnéise faoin mír seo i gcomhréir le prionsabal thoiliú an tionscnóra.

Airteagal 28

Seirbhísí cumaisc EUROSUR

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht comhordú ar sheirbhísí cumaisc EUROSUR chun faisnéis faoi na teorainneacha seachtracha agus faoin limistéar réamhtheorann a sholáthar do na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin, don Choimisiún agus di féin ar bhonn tráthrialta, iontaofa agus costéifeachtúil.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis a chur ar fáil do lárionad náisiúnta comhordúcháin, arna iarraidh sin dó, faoi theorainneacha seachtracha an Bhallstáit lena mbaineann sé agus faoin limistéar réamhtheorann, ar faisnéis í a fhéadfar a dhíorthú ón méid seo a leanas:

(a)

faireachán roghnaíoch ar chalafoirt agus ar chóstaí tríú tíortha ainmnithe a sainaithníodh, ar bhonn anailíse riosca agus faisnéise, mar phointí bordála nó mar phointí idirthurais do shoithí agus d’árthaí eile a úsáidtear d’inimirce neamhdhlíthiúil nó do choireacht trasteorann;

(b)

rianú soitheach nó árthach eile ar mórmhuir agus rianú aerárthaí i gcás ina bhfuil amhras i leith na soitheach sin, na n-árthach eile sin nó na n-aerárthaí sin gur úsáideadh iad d’inimirce neamhdhlíthiúil nó don choireacht trasteorann nó inar sainaithníodh gur úsáideadh iad amhlaidh, lena n-áirítear sa chás ina bhfuil daoine i nguais ar muir, d’fhonn an fhaisnéis sin a tharchur chuig na húdaráis ábhartha atá inniúil chun le haghaidh oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála;

(c)

faireachán ar limistéir ainmnithe sa réimse muirí chun soithí agus árthaí eile a bhfuil á n-úsáid nó a bhfuil amhras faoina n-úsáid d’inimirce neamhdhlíthiúil nó don choireacht trasteorann a bhrath, a shainaithint agus a rianú, lena n-áirítear sa chás ina bhfuil daoine i nguais ar muir d’fhonn an fhaisnéis sin a tharchur chuig na húdaráis ábhartha atá inniúil le haghaidh oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála;

(d)

faireachán ar limistéir ainmnithe de theorainneacha aeir chun aerárthaí agus cineálacha eile trealaimh a bhfuil á n-úsáid nó a bhfuil amhras faoina n-úsáid d’inimirce neamhdhlíthiúil nó don choireacht trasteorann a bhrath, a shainaithint agus a rianú;

(e)

measúnú comhshaoil ar limistéir ainmnithe sa réimse muirí agus ag na teorainneacha seachtracha talún agus aeir chun gníomhaíochtaí faireacháin agus patróil a bharrfheabhsú;

(f)

faireachán roghnaíoch ar limistéir ainmnithe réamhtheorann ag na teorainneacha seachtracha, ar limistéir iad a sainaithníodh ar bhonn anailíse riosca agus faisnéise mar limistéir ionchasacha imeachta nó idirthurais d’inimirce neamhdhlíthiúil nó don choireacht trasteorann;

(g)

faireachán ar sreabha imirce i dtreo an Aontais agus laistigh de i dtéarmaí treochtaí, lín agus bealaí;

(h)

faireachán ar na meáin, faisnéis foinse oscailte agus anailís ar ghníomhaíochtaí idirlín i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/680 nó Rialachán (AE) 2016/679, de réir mar is infheidhme, chun críche cosc a chur leis an inimirce neamhdhlíthiúil nó leis an gcoireacht trasteorann;

(i)

anailís ar fhaisnéis a dhíorthaítear ó chórais faisnéise mhórscála chun críche athruithe ar bhealaí agus ar mhodhanna a úsáidtear le haghaidh na hinimirce neamhdhlíthiúla agus na coireachta trasteorann a bhrath.

3.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht diúltú d’iarraidh ó lárionad náisiúnta comhordúcháin ar chúiseanna teicniúla, airgeadais nó oibríochtúla. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht fógra don lárionad náisiúnta comhordúcháin in am cuí ina mbeidh na cúiseanna le diúltú den sórt sin.

4.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht, ar a tionscnamh féin, na huirlisí faireachais dá dtagraítear i mír 2 a úsáid chun an fhaisnéis faoin limistéar réamhtheorann a bhailiú is ábhartha le haghaidh an léargais ar dhálaí Eorpacha.

ROINN 5

Anailís riosca

Airteagal 29

Anailís riosca

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar shreabha imirce i dtreo an Aontais, agus laistigh den Aontas i dtéarmaí treochtaí, lín agus bealaí, agus faireachán ar threochtaí eile agus ar dhúshláin is féidir a bheith ann ag na teorainneacha seachtracha i ndáil leis an bhfilleadh. Chun na críche sin, bunóidh an Ghníomhaireacht, ar chinneadh ón mbord bainistíochta agus bunaithe ar thogra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, múnla comhchoiteann comhtháite don anailís riosca, a chuirfidh an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit i bhfeidhm. Déanfar an múnla comhchoiteann comhtháite don anailís riosca a bhunú agus a thabhairt chun dáta, i gcás inar gá, ar bhonn thoradh na meastóireachta ar chur chun feidhme an timthrialla don bheartas straitéiseach ilbhliantúil don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip dá dtagraítear in Airteagal 8(7).

2.   Ullmhóidh an Ghníomhaireacht anailísí riosca ginearálta bliantúla, a dhéanfar a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin trí na rialacha slándála a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 92 a chur i bhfeidhm, agus anailísí riosca saincheaptha le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla. Gach 2 bhliain, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, anailís riosca straitéiseach don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a ullmhú agus a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Déanfar anailísí den sórt sin a chur san áireamh agus an timthriall don bheartas ilbhliantúil straitéiseach don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip á ullmhú. Ullmhóidh an Ghníomhaireacht anailísí riosca ginearálta bliantúla den sórt sin agus anailísí riosca straitéiseacha den sórt sin ar bhonn na faisnéise a fuarthas, lena n-áirítear faisnéis a fuarthas ó na Ballstáit. Na sonraí pearsanta a bheidh i dtorthaí na n-anailísí riosca den sórt sin, ní luafar aon ainmneacha iontu.

3.   Sna hanailísí riosca dá dtagraítear i mír 2, cuimseofar gach gné is ábhartha maidir le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip d’fhonn sásra réamhrabhaidh a fhorbairt.

4.   Foilseoidh an Ghníomhaireacht faisnéis chuimsitheach maidir leis an múnla comhchoiteann comhtháite don anailís riosca.

5.   Déanfaidh na Ballstáit gach faisnéis is gá maidir leis an staid atá ann, treochtaí agus bagairtí a d’fhéadfadh teacht chun cinn ag na teorainneacha seachtracha agus maidir le filleadh, a sholáthar don Ghníomhaireacht. Déanfaidh na Ballstáit gach faisnéis ábhartha a sholáthar don Ghníomhaireacht go tráthrialta, nó arna iarraidh sin di, amhail sonraí staidrimh agus sonraí oibríochtúla a bhailítear i ndáil le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a chuirtear i liosta na faisnéise éigeantaí agus na sonraí éigeantacha atá le malartú leis an nGníomhaireacht dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 100(2), chomh maith le faisnéis ón tsraith anailíse den léargas ar dhálaí náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 25.

6.   Déanfar torthaí na hanailíse riosca a chur faoi bhráid an bhoird bainistíochta agus a roinnt le húdaráis inniúla na mBallstát ar bhealach tráthúil agus cruinn.

7.   Cuirfidh na Ballstáit torthaí na hanailíse riosca san áireamh agus a gcuid oibríochtaí agus gníomhaíochtaí ag na teorainneacha seachtracha agus a ngníomhaíochtaí maidir le filleadh á bpleanáil acu.

8.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht torthaí múnla chomhchoitinn chomhtháite don anailís riosca a ionchorprú ina hobair forbartha ar lárchuraclaim chomhchoiteanna i gcomhair oiliúna dá dtagraítear in Airteagal 62.

ROINN 6

Cosc agus sofhreagarthacht

Airteagal 30

Codanna den teorainn sheachtrach a chinneadh

Chun críocha an Rialacháin seo, roinnfidh gach Ballstát a theorainneacha seachtracha ina gcodanna den teorainn sheachtrach. Is é a bheidh sna codanna sin codanna den teorainn talún, den teorainn mara agus, i gcás ina gcinneann Ballstát amhlaidh, den teorainn aeir. Déanfaidh gach Ballstát fógra a thabhairt don Ghníomhaireacht faoi chodanna den teorainn sheachtrach den sórt sin.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Ghníomhaireacht go tráthúil maidir le haon athrú ar na codanna teorann seachtraí chun leanúnachas na hanailíse riosca ag an nGníomhaireacht a áirithiú.

Airteagal 31

Oifigigh idirchaidrimh sna Ballstáit

1.   Trí oifigigh idirchaidrimh na Gníomhaireachta, áiritheoidh an Ghníomhaireacht go ndéanfar faireachán rialta ar an mbainistiú a dhéanann na Ballstáit uile ar na teorainneacha seachtracha agus ar an bhfilleadh.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht a chinneadh go gcumhdóidh oifigeach idirchaidrimh suas le ceithre Bhallstát atá in aice lena chéile go geografach.

2.   Ceapfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin saineolaithe ó na baill foirne reachtúla atá le himscaradh mar oifigigh idirchaidrimh. Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin, ar bhonn anailís riosca agus i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann, togra maidir le cineál agus téarmaí an imscartha, leis an mBallstát nó an réigiún a bhféadfar oifigeach idirchaidrimh a imscaradh chuige agus leis na cúraimí féideartha nach gcuimsítear le mír 3. Beidh an togra ón stiúrthóir feidhmiúcháin faoi réir a fhormheasta ag an mbord bainistíochta. Tabharfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin fógra don Bhallstát lena mbaineann i leith an cheapacháin agus cinnfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin, in éineacht leis an mBallstát, suíomh an imscartha.

3.   Gníomhóidh na hoifigigh idirchaidrimh thar ceann na Gníomhaireachta agus is é an ról a bheidh acu comhar agus idirphlé a chothú idir an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear gardaí cósta sa mhéid go ndéanann siad cúraimí rialaithe ag teorainneacha, mar aon leis na húdaráis atá freagrach as an bhfilleadh. Déanfaidh na hoifigigh idirchaidrimh, go háirithe, an méid seo a leanas:

(a)

gníomhóidh siad mar chomhéadan idir an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear gardaí cósta sa mhéid go ndéanann siad cúraimí rialaithe ag teorainneacha, mar aon leis na húdaráis atá freagrach as an bhfilleadh;

(b)

tacóidh siad le bailiú faisnéise a theastaíonn ón nGníomhaireacht le haghaidh faireachán a dhéanamh ar inimirce neamhdhlíthiúil agus le haghaidh na n-anailísí riosca dá dtagraítear in Airteagal 29;

(c)

tacóidh siad le bailiú faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 32 agus a theastaíonn ón nGníomhaireacht, chun measúnuithe leochaileachta a dhéanamh agus ullmhóidh siad tuarascáil chun na críche sin;

(d)

déanfaidh siad faireachán ar na bearta a ghlacann na Ballstáit ag codanna den teorainn sheachtrach dár sannadh leibhéal tionchair ard nó géibheannach i gcomhréir le hAirteagal 34;

(e)

rannchuideoidh siad le cur chun cinn a dhéanamh ar chur i bhfeidhm acquis an Aontais a bhaineann le bainistiú na dteorainneacha seachtracha agus leis an bhfilleadh, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hurraim do chearta bunúsacha;

(f)

comhoibreoidh siad leis an oifigeach um chearta bunúsacha, i gcás inar gá, d’fhonn urraim do chearta bunúsacha a chur chun cinn in obair na Gníomhaireachta i gcomhréir le pointe (e);

(g)

i gcás inarb indéanta sin, cuideoidh siad leis na Ballstáit in ullmhú a bpleananna teagmhasacha maidir le bainistiú teorainneacha;

(h)

éascóidh siad an chumarsáid idir an Ballstát lena mbaineann agus an Ghníomhaireacht, comhroinnfidh siad faisnéis ábhartha ón nGníomhaireacht leis an mBallstát lena mbaineann, lena n-áirítear faisnéis faoi oibríochtaí atá ar siúl;

(i)

déanfaidh siad tuarascáil go tráthrialta agus go díreach don stiúrthóir feidhmiúcháin faoin staid ag na teorainneacha seachtracha agus faoi acmhainneacht an Bhallstáit lena mbaineann déileáil go héifeachtach leis an staid ag na teorainneacha seachtracha; déanfaidh siad tuarascáil freisin faoi fhorghníomhú oibríochtaí um fhilleadh ar thríú tíortha ábhartha;

(j)

déanfaidh siad faireachán ar na bearta a ghlacann an Ballstát maidir le staid a éilíonn gníomhaíocht phráinneach ag na teorainneacha seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 42;

(k)

déanfaidh siad faireachán ar na bearta arna ndéanamh ag an mBallstát maidir leis an bhfilleadh agus tacóidh siad le bailiú na faisnéise a theastaíonn ón nGníomhaireacht chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 48 a dhéanamh.

4.   Má ardaíonn an tuairisciú ón oifigeach idirchaidrimh dá dtagraítear i bpointe (i) de mhír 3 ábhair imní maidir le ceann amháin nó níos mó de na gnéithe is ábhartha don Bhallstát lena mbaineann, cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an Ballstát sin ar an eolas gan mhoill.

5.   Chun críocha mhír 3, déanfaidh an t-oifigeach idirchaidrimh, i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta agus Aontais maidir le slándáil agus cosaint sonraí, an méid seo a leanas:

(a)

faisnéis a fháil ón lárionad náisiúnta comhordúcháin lena mbaineann agus ón léargas ábhartha ar dhálaí náisiúnta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 25;

(b)

bheith i dteagmháil rialta leis na húdaráis náisiúnta atá freagrach as an mbainistiú teorainneacha, lena n-áirítear gardaí cósta a mhéid agus a dhéanann siad cúraimí rialaithe ag teorainneacha, mar aon leis na húdaráis náisiúnta atá freagrach as an bhfilleadh, agus an pointe teagmhála náisiúnta lena mbaineann á chur ar an eolas ag an am céanna.

6.   Beidh an tuarascáil ón oifigeach idirchaidrimh dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 3 den Airteagal seo ina cuid den mheasúnú leochaileachta dá dtagraítear in Airteagal 32. Déanfar an tuarascáil a tharchur chuig an mBallstát lena mbaineann.

7.   Agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu, is ón nGníomhaireacht amháin a ghlacfaidh na hoifigigh idirchaidrimh treoracha.

Airteagal 32

Measúnú leochaileachta

1.   Bunóidh an Ghníomhaireacht modheolaíocht chomhchoiteann maidir le measúnú leochaileachta ar chinneadh ón mbord bainistíochta, ar bhonn togra ón stiúrthóir feidhmiúcháin arna ullmhú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún. Áireofar ar an modheolaíocht sin critéir oibiachtúla a bheidh mar bhunús ag an nGníomhaireacht chun an measúnú leochaileachta a dhéanamh, minicíocht measúnuithe den sórt sin, conas a dhéanfar measúnuithe leochaileachta comhleanúnacha, agus na socruithe do chóras éifeachtach le haghaidh faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme moltaí an stiúrthóra feidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 7.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán agus measúnú ar an bhfáil atá ar threalamh teicniúil, ar chórais, ar acmhainneachtaí, ar acmhainní, ar bhonneagar agus ar fhoireann sciliúil atá oilte go hiomchuí ó na Ballstáit atá riachtanach don rialú ag teorainneacha dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(1). Sa chomhthéacs sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ar na pleananna náisiúnta forbartha acmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 9(4) maidir leis an acmhainneacht rialú ag teorainneacha a dhéanamh agus á chur san áireamh go bhféadfar acmhainní náisiúnta áirithe a úsáid go páirteach chun críocha seachas rialú ag teorainneacha. I gcás na pleanála a dhéanfar amach anseo, déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán agus measúnú den sórt sin mar bheart coisctheach ar bhonn na n-anailísí riosca a ullmhófar i gcomhréir le hAirteagal 29(2). Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán agus measúnú den sórt sin ar a laghad uair sa bhliain, mura rud é go gcinneann an stiúrthóir feidhmiúcháin a mhalairt, ar bhonn anailís riosca nó measúnú leochaileachta roimhe sin. In aon chás, beidh gach Ballstát faoi réir faireacháin agus measúnaithe ar a laghad uair amháin gach 3 bliana.

3.   Gan dochar d’Airteagal 9, tabharfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, faisnéis maidir le trealamh teicniúil, baill foirne agus a mhéid is indéanta é, na hacmhainní airgeadais atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta chun rialú ag teorainneacha a dhéanamh. Chomh maith leis sin, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, tabharfaidh na Ballstáit faisnéis maidir lena bpleananna teagmhasacha i ndáil le bainistiú teorainneacha.

4.   Is é is aidhm don mheasúnú leochaileachta go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht: measúnú ar acmhainneacht agus ullmhacht Ballstát chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin reatha agus ar na dúshláin atá ag teacht chun cinn ag na teorainneacha seachtracha; go n-aithneoidh sí iarmhairtí láithreacha a d’fhéadfadh a bheith ann ag na teorainneacha seachtracha agus iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann ina dhiaidh sin ar fheidhmiú limistéar Schengen, go háirithe i gcás na mBallstát sin a bhfuil dúshláin shonracha agus dhíréireacha orthu; go ndéanfaidh sí measúnú ar a n-acmhainneacht cur leis an mbuanchór agus leis an gcomhthiomsú de threalamh teicniúil, lena n-áirítear an comhthiomsú de threalamh mear-fhreagartha; agus go ndéanfaidh sí measúnú ar an acmhainneacht óstála atá ag na Ballstáit i ndáil le tacaíocht ón nGarda Teorann agus Cósta Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 9(3). Ní dochar an measúnú sin do shásra meastóireachta Schengen.

5.   Sa mheasúnú leochaileachta, déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú, i dtéarmaí cáilíochtúla agus cainníochtúla, ar acmhainneacht na mBallstát gach ceann de na cúraimí bainistithe teorainneacha a dhéanamh, lena n-áirítear a n-acmhainneacht déileáil leis an gcás go bhféadfadh líon mór daoine a gcríoch a shroicheadh.

6.   Cuirfear réamhthorthaí an mheasúnaithe leochaileachta faoi bhráid na mBallstát lena mbaineann. Féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann barúil a thabhairt ar an measúnú sin.

7.   I gcás inar gá sin, déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin, i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, moladh ina leagfar amach na bearta riachtanacha a bheidh le glacadh ag an mBallstát lena mbaineann agus an teorainn ama faoina gcuirfear bearta den sórt sin chun feidhme. Iarrfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin ar na Ballstáit lena mbaineann na bearta is gá a dhéanamh ar bhonn plean gníomhaíochta a fhorbróidh an Ballstát i gcomhairle leis an stiúrthóir feidhmiúcháin.

8.   Bunóidh an stiúrthóir feidhmiúcháin na bearta atá le moladh do na Ballstáit lena mbaineann ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe leochaileachta, agus anailís riosca na Gníomhaireachta, barúlacha an Bhallstáit lena mbaineann agus torthaí shásra meastóireachta Schengen á gcur san áireamh.

Beidh na bearta a moladh dírithe ar na leochaileachtaí a sainaithníodh sa mheasúnú a dhíothú ionas go mbeidh na Ballstáit in ann méadú ar a n-ullmhacht chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin reatha agus ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn ag na teorainneacha seachtracha trína n-acmhainneachtaí, trealamh teicniúil, córais, acmhainní agus pleananna teagmhasacha a fheabhsú. Féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin saineolas teicniúil na Gníomhaireachta a thairiscint do na Ballstáit chun tacú le cur chun feidhme na mbeart a moladh.

9.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin faireachán ar chur chun feidhme na mbeart a moladh trí bhíthin tuarascálacha tráthrialta a thíolacfaidh na Ballstáit ar bhonn na bpleananna gníomhaíochta dá dtagraítear i mír 7.

I gcás riosca nach ndéanfaidh Ballstát beart a moladh a chur chun feidhme faoin teorainn ama atá socraithe i gcomhréir le mír 7, déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an comhalta den bhord bainistíochta ón mBallstát lena mbaineann agus an Coimisiún a chur ar an eolas láithreach. I gcomhairle le comhalta den bhord bainistíochta ón mBallstát lena mbaineann, fiafróidh an stiúrthóir feidhmiúcháin d’údaráis ábhartha an Bhallstáit sin cad is cúis leis an moill agus déanfaidh sé tairiscint dóibh tacaíocht na Gníomhaireachta a chur ar fáil chun cur chun feidhme an bhirt a moladh a éascú.

10.   I gcás nach ndéanann Ballstát bearta riachtanacha an mholta a chur chun feidhme laistigh den teorainn ama atá socraithe i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo, déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an t-ábhar a tharchur chuig an mbord bainistíochta agus fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith. Glacfaidh an bord bainistíochta cinneadh ar bhonn togra ón stiúrthóir feidhmiúcháin ina leagfar amach na bearta riachtanacha a bheidh le glacadh ag an mBallstát lena mbaineann agus an teorainn ama faoina ndéanfar bearta den sórt sin a chur chun feidhme. Beidh cinneadh an bhoird bainistíochta ina cheangal ar an mBallstát. Mura ndéanann an Ballstát na bearta a chur chun feidhme laistigh den teorainn ama dá bhforáiltear sa chinneadh sin, tabharfaidh an bord bainistíochta fógra don Chomhairle agus don Choimisiún agus féadfar gníomhaíocht bhreise a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 42.

11.   An measúnú leochaileachta, lena n-áirítear cur síos mionsonraithe ar thoradh an mheasúnaithe leochaileachta, na bearta a rinne na Ballstáit mar fhreagairt ar an measúnú leochaileachta agus stádas cur chun feidhme aon cheann de na bearta a moladh roimhe sin, déanfar iad a tharchur, i gcomhréir le hAirteagal 92, ar bhonn tráthrialta agus uair sa bhliain ar a laghad chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

Airteagal 33

Sineirgí idir an measúnú leochaileachta agus sásra meastóireachta Schengen

1.   Déanfar an leas is mó is féidir a bhaint as na sineirgí idir an measúnú leochaileachta agus sásra meastóireachta Schengen chun feabhas a chur ar an léargas ar dhálaí maidir le feidhmiú limistéar Schengen, rud a sheachnóidh, a mhéid is féidir, dúbailt oibre ó thaobh na mBallstát de, agus a áiritheoidh go mbainfear úsáid níos comhordaithe as na hionstraimí airgeadais ábhartha de chuid an Aontais chun tacú le bainistiú na dteorainneacha seachtracha.

2.   Chun na críche dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht na socruithe is gá ar bun chun an fhaisnéis uile a bhaineann le torthaí na measúnuithe leochaileachta agus le torthaí na meastóireachtaí a dhéantar faoi chuimsiú shásra meastóireachta Schengen i réimse an bhainistithe teorainneacha a roinnt le chéile ar dhóigh rialta, shlán agus thráthúil. Cumhdóidh na socruithe sin um mhalartú faisnéise na tuarascálacha ar mheasúnuithe leochaileachta agus tuarascálacha ar chuairteanna meastóireachta Schengen, moltaí a thiocfaidh astu sin, pleananna gníomhaíochta agus aon nuashonrú ar chur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta a sholáthair na Ballstáit.

3.   Chun críocha shásra meastóireachta Schengen a mhéid a bhaineann sé le bainistiú teorainneacha seachtracha, roinnfidh an Coimisiún torthaí na measúnaithe leochaileachta leis na baill uile d’fhoirne meastóireachta Schengen a bhfuil baint acu le meastóireacht ar an mBallstát lena mbaineann. Measfar faisnéis den sórt sin a bheith íogair de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 agus déileálfar léi dá réir sin.

4.   Cumhdóidh na socruithe dá dtagraítear i mír 2 torthaí na meastóireachtaí a dhéantar faoi chuimsiú shásra meastóireachta Schengen i réimse an fhillte chun a áirithiú gur lán-fheasach don Ghníomhaireacht na heasnaimh arna sainaithint ionas go mbeidh sí in ann bearta iomchuí a mholadh chun tacú leis an mBallstát lena mbaineann ina leith sin.

Airteagal 34

Leibhéil tionchair a shannadh do chodanna den teorainn sheachtrach

1.   Ar bhonn anailís riosca agus mheasúnú leochaileachta na Gníomhaireachta agus i gcomhaontú leis an mBallstát lena mbaineann, sannfaidh an Ghníomhaireacht na leibhéil tionchair seo a leanas do gach ceann de na codanna den teorainn sheachtrach nó athróidh sí na leibhéil sin:

(a)

leibhéal tionchair íseal i gcás ina mbeidh tionchar neamhshuntasach ar shlándáil na teorann ag na teagmhais maidir le hinimirce neamhdhlíthiúil agus coireacht trasteorann a tharlóidh ag an gcuid ábhartha den teorainn;

(b)

leibhéal tionchair meánach i gcás ina mbeidh tionchar meánach ar shlándáil na teorann ag na teagmhais maidir le hinimirce neamhdhlíthiúil agus coireacht trasteorann a tharlóidh ag an gcuid ábhartha den teorainn;

(c)

leibhéal tionchair ard i gcás ina mbeidh tionchar suntasach ar shlándáil na teorann ag na teagmhais maidir le hinimirce neamhdhlíthiúil agus coireacht trasteorann a tharlóidh ag an gcuid ábhartha den teorainn.

2.   Chun aghaidh a thabhairt go mear ar chásanna géarchéime ag cuid áirithe den teorainn sheachtrach, i gcás ina léirítear le hanailís riosca na Gníomhaireachta go bhfuil tionchar cinntitheach ar shlándáil na teorann ag na teagmhais maidir le hinimirce neamhdhlíthiúil nó coireacht trasteorann a tharlaíonn ag an gcuid ábhartha den teorainn sheachtrach, agus sa mhéid go bhféadfadh feidhmiú limistéar Schengen a bheith i mbaol dá ndeasca, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhaontú leis an mBallstát lena mbaineann, leibhéal tionchair “géibheannach” a shannadh don chuid sin den teorainn sheachtrach ar bhonn sealadach.

3.   I gcás nach mbeidh comhaontú idir an Ballstát lena mbaineann agus an Ghníomhaireacht maidir le leibhéal tionchair a shannadh do chuid den teorainn sheachtrach, ní thiocfaidh athrú ar an leibhéal tionchair a sannadh roimhe sin don chuid sin den teorainn sheachtrach.

4.   Déanfaidh an lárionad náisiúnta comhordúcháin a mheas go leanúnach i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla eile an bhfuil gá le hathrú a dhéanamh ar an leibhéal tionchair maidir le ceann ar bith de na codanna den teorainn sheachtrach tríd an bhfaisnéis sa léargas ar dhálaí náisiúnta a chur san áireamh, agus cuirfidh sé an Ghníomhaireacht ar an eolas dá réir sin.

5.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht na leibhéil tionchair a sannadh do na codanna den teorainn sheachtrach a léiriú sa léargas ar dhálaí Eorpacha.

Airteagal 35

Freagairt a fhreagraíonn do na leibhéil tionchair

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhfhreagraíonn an rialú ag teorainneacha a dhéantar ag na codanna den teorainn sheachtrach do na leibhéil tionchair a sannadh mar a leanas:

(a)

i gcás ina sanntar leibhéal tionchair íseal do chuid den teorainn sheachtrach, déanfaidh na húdaráis náisiúnta atá freagrach as rialú ag teorainneacha seachtracha rialú ag teorainneacha tráthrialta a eagrú ar bhonn anailís riosca agus áiritheoidh siad go bhfuil leordhóthain pearsanra agus acmhainní á coinneáil ar fáil don chuid sin den teorann;

(b)

i gcás ina sanntar leibhéal tionchair meánach do chuid den teorainn sheachtrach, áiritheoidh na húdaráis náisiúnta atá freagrach as rialú ag teorainneacha seachtracha, de bhreis ar na bearta a dhéantar faoi phointe (a) den mhír seo, go bhfuil bearta iomchuí um rialú ag teorainneacha á ndéanamh ag an gcuid sin den teorainn sheachtrach; i gcás ina ndéantar bearta den sórt sin um rialú ag teorainneacha, cuirfear fógra dá réir sin chuig an lárionad náisiúnta comhordúcháin; comhordóidh an lárionad náisiúnta comhordúcháin aon tacaíocht a thugtar i gcomhréir le hAirteagal 21(3);

(c)

i gcás ina sanntar leibhéal tionchair ard do chuid den teorainn sheachtrach, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann, de bhreis ar na bearta a dhéantar faoi phointe (b) den mhír seo, tríd an lárionad náisiúnta comhordúcháin, go dtugtar an tacaíocht is gá do na húdaráis náisiúnta atá ag feidhmiú ag an gcuid sin den teorainn agus go ndéantar bearta athneartaithe um rialú ag teorainneacha; féadfaidh an Ballstát sin iarraidh ar an nGníomhaireacht tacaíocht a thabhairt faoi réir na gcoinníollacha maidir le hoibríochtaí comhpháirteacha nó mear-idirghabhálacha teorann a thionscnamh a leagtar síos in Airteagal 36;

(d)

i gcás ina sanntar leibhéal tionchair géibheannach do chuid den teorainn sheachtrach, tabharfaidh an Ghníomhaireacht fógra don Choimisiún faoi sin; déanfaidh an stiurthóir feidhmiúcháin, de bhreis ar na bearta a dhéantar faoi phointe (c) den mhír seo, moladh a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 41(1), agus an tacaíocht leanúnach ón nGníomhaireacht á cur san áireamh; tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann freagairt ar an moladh i gcomhréir le hAirteagal 41(2).

2.   Cuirfidh an lárionad náisiúnta comhordúcháin an Ghníomhaireacht ar an eolas go tráthrialta faoi na bearta arna ndéanamh ar an leibhéal náisiúnta de bhun phointí (c) agus (d) de mhír 1.

3.   I gcás ina sanntar leibhéal tionchair meánach, ard nó géibheannach do chuid den teorainn sheachtrach atá buailte le cuid de theorainn Bhallstáit eile nó tríú tír lena bhfuil comhaontuithe, socruithe nó líonraí réigiúnacha, dá dtagraítear in Airteagail 72 agus 73, i bhfeidhm, déanfaidh an lárionad náisiúnta comhordúcháin teagmháil le lárionad náisiúnta comhordúcháin an Bhallstáit comharsanachta nó le húdarás inniúil an tríú tír comharsanachta agus déanfaidh sé iarracht comhordú a dhéanamh in éineacht leis an nGníomhaireacht ar na bearta trasteorann a mbeidh gá leo.

4.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, meastóireacht ar shannadh na leibhéal tionchair agus ar na bearta comhfhreagracha a rinneadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a mheas. Cuirfidh an mheastóireacht sin leis an measúnú leochaileachta atá le déanamh ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 32.

ROINN 7

Gníomhaíochtaí a dhéanann an Ghníomhaireacht ag na teorainneacha seachtracha

Airteagal 36

Gníomhaíochtaí a dhéanann an Ghníomhaireacht ag na teorainneacha seachtracha

1.   Féadfaidh Ballstát cúnamh a iarraidh ar an nGníomhaireacht chun a chuid oibleagáidí a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le rialú ag teorainneacha seachtracha. Déanfaidh an Ghníomhaireacht bearta i gcomhréir le hAirteagail 41 agus 42 freisin.

2.   Eagróidh an Ghníomhaireacht an cúnamh iomchuí teicniúil agus oibríochtúil don Bhallstát óstach agus féadfaidh sí, ag gníomhú di i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí ábhartha idirnáisiúnta, lena n-áirítear prionsabal an non-refoulement, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a dhéanamh:

(a)

oibríochtaí comhpháirteacha a chomhordú do Bhallstát amháin nó níos mó agus an buanchór agus trealamh teicniúil a imscaradh;

(b)

mear-idirghabhálacha teorann a eagrú agus an buanchór agus trealamh teicniúil a imscaradh;

(c)

gníomhaíochtaí a chomhordú do Bhallstát amháin nó níos mó agus do thríú tír amháin nó níos mó ag na teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear oibríochtaí comhpháirteacha le tríú tíortha;

(d)

an buanchór a imscaradh faoi chuimsiú na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce, inter alia, do theophointí chun cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a thabhairt, lena n-áirítear, i gcás inar gá sin, le linn gníomhaíochtaí um fhilleadh;

(e)

faoi chuimsiú na n-oibríochtaí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den mhír seo agus i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 656/2014 agus leis an dlí idirnáisiúnta, cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a sholáthar do Bhallstáit agus do thríú tíortha chun tacú le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála do dhaoine atá i nguais ar muir agus a d’fhéadfadh tarlú le linn oibríochtaí faireachais teorann ar muir;

(f)

cóireáil tosaíochta a thabhairt do sheirbhísí cumaisc EUROSUR.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 a mhaoiniú nó a chómhaoiniú óna buiséad i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht.

4.   Más rud é go mbíonn riachtanais airgeadais shubstaintiúla bhreise ar an nGníomhaireacht mar gheall ar staid ag na teorainneacha seachtracha, cuirfidh sí an méid sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún gan mhoill.

Airteagal 37

Oibríochtaí comhpháirteacha agus mear-idirghabhálacha teorann a thionscnamh ag na teorainneacha seachtracha

1.   Féadfaidh Ballstát a iarraidh ar an nGníomhaireacht go ndéanfadh sí oibríochtaí comhpháirteacha a sheoladh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear inimirce neamhdhlíthiúil, bagairtí atá ann agus a bheidh ann ag a theorainneacha seachtracha nó an choireacht thrasteorann, nó go ndéanfadh sí cúnamh teicniúil agus oibríochtúil méadaithe a sholáthar agus a chuid oibleagáidí á gcur chun feidhme aige i dtaca leis an rialú ag teorainneacha seachtracha. Mar chuid d’iarraidh den sórt sin, féadfaidh Ballstát próifílí na mball foirne oibríochtúla is gá le haghaidh na hoibríochta comhpháirtí i gceist, lena n-áirítear próifílí na mball foirne sin a bhfuil cumhachtaí feidhmiúcháin acu, de réir mar is infheidhme, a léiriú freisin.

2.   Arna iarraidh sin do Bhallstát a bhfuil dúshláin shonracha agus dhíréireacha air, go háirithe i gcás ina dtagann líon mór náisiúnach tríú tír, ar náisiúnaigh iad atá ag iarraidh teacht isteach gan údarú i gcríoch an Bhallstáit sin, ar phointí na dteorainneacha seachtracha, féadfaidh an Ghníomhaireacht mear-idirghabháil teorann a dhéanamh ar feadh tréimhse ama teoranta i gcríoch an Bhallstáit óstaigh sin.

3.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin meastóireacht ar thograí arna ndéanamh ag na Ballstáit le haghaidh oibríochtaí comhpháirteacha nó mear-idirghabhálacha teorann, agus déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin na tograí sin a fhormheas agus a chomhordú. Déanfar anailís riosca a bheidh críochnúil, iontaofa agus cothrom le dáta sula ndéanfar aon oibríochtaí comhpháirteacha nó mear-idirghabhálacha teorann, rud a chuirfidh ar chumas na Gníomhaireachta ord tosaíochta a leagan síos le haghaidh na n-oibríochtaí comhpháirteacha agus na mear-idirghabhálacha teorann atá beartaithe, agus na leibhéil tionchair a shanntar do chodanna den teorainn sheachtrach i gcomhréir le hAirteagal 34 agus na hacmhainní atá ar fáil á gcur san áireamh.

4.   Féadfar cuspóirí oibríochta comhpháirtí nó mear-idirghabhála teorann a ghnóthú mar chuid d’oibríocht ilchuspóireach. D’fhéadfadh feidhmeanna garda cósta agus an choireacht thrasteorann a chosc a bheith i gceist le hoibríochtaí den sórt sin, lena ndírítear ar an gcomhrac in aghaidh imircigh a smuigleáil nó gáinneáil ar dhaoine, agus bainistiú imirce, lena ndírítear ar shainaithint, clárú, faisnéisiú agus filleadh.

Airteagal 38

Pleananna oibríochtúla d’oibríochtaí comhpháirteacha

1.   Mar ullmhúcháin d’oibríocht chomhpháirteach, déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin, i gcomhar leis an mBallstát óstach, liosta a tharraingt suas de threalamh teicniúil, de na baill foirne agus de phróifílí na mball foirne a mbeidh gá leo, lena n-áirítear próifílí na mball foirne a bhfuil cumhachtaí feidhmiúcháin acu, de réir mar is infheidhme, atá le húdarú i gcomhréir le hAirteagal 82(2). Déanfar an liosta sin a tharraingt suas agus na hacmhainní atá ar fáil ag an mBallstát óstach agus iarraidh an Bhallstáit óstaigh faoi Airteagal 37 á gcur san áireamh. Ar bhonn na n-eilimintí sin, saineoidh an Ghníomhaireacht pacáiste athneartaithe theicniúil agus oibríochtúil chomh maith le gníomhaíochtaí forbartha acmhainneachta atá le háireamh sa phlean oibríochta.

2.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin plean oibríochtúil a tharraingt suas d’oibríochtaí comhpháirteacha ag na teorainneacha seachtracha. Comhaontóidh an stiúrthóir feidhmiúcháin agus an Ballstát óstach, i gcomhairle dhlúth agus thráthúil leis na Ballstáit rannpháirteacha, an plean oibríochtúil lena sonrófar gnéithe eagraíochtúla agus nós imeachta na hoibríochta comhpháirtí.

3.   Beidh an plean oibríochtúil ina cheangal ar an nGníomhaireacht, ar an mBallstát óstach agus ar na Ballstáit rannpháirteacha. Cuimseoidh sé gach gné a mheastar a bheith riachtanach chun an oibríocht chomhpháirteach a chur i gcrích, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

tuairisc ar an staid, maille le modus operandi agus cuspóirí an imscartha, lena n-áirítear aidhm na hoibríochta;

(b)

an t-am a mheastar a mhairfidh an oibríocht chomhpháirteach chun go mbeidh sí in ann a cuspóirí a bhaint amach;

(c)

an limistéar geografach ina dtarlóidh an oibríocht chomhpháirteach;

(d)

tuairisc ar chúraimí, lena n-áirítear na cúraimí a dteastaíonn cumhachtaí feidhmiúcháin ina leith, ar fhreagrachtaí, lena n-áirítear i dtaca le hurraim do chearta bunúsacha agus do cheanglais chosanta sonraí, agus ar threoracha speisialta i gcomhair na bhfoirne, lena n-áirítear treoir maidir leis an gceadú bunachair shonraí atá ceadaithe agus maidir leis na harmáin seirbhíse, an armlón agus an trealamh atá ceadaithe sa Bhallstát óstach;

(e)

comhdhéanamh na bhfoirne, mar aon le himscaradh ball foirne ábhartha eile;

(f)

forálacha a bhaineann le ceannas agus le rialú, lena n-áirítear ainmneacha agus céimeanna ghardaí teorann an Bhallstáit óstaigh a bheidh freagrach as comhoibriú le baill de na foirne agus leis an nGníomhaireacht, go háirithe ainmneacha agus céimeanna na ngardaí teorann sin atá i gceannas le linn na tréimhse imscartha, agus ionad na mball de na foirne sa slabhra ceannais;

(g)

an trealamh teicniúil atá le húsáid le linn na hoibríochta comhpháirtí, lena n-áirítear ceanglais shonracha amhail coinníollacha úsáide, an criú a theastaíonn, iompar agus lóistíocht eile, agus forálacha airgeadais;

(h)

forálacha mionsonraithe maidir le tuairisciú teagmhais ag an nGníomhaireacht ar bhonn láithreach don bhord bainistíochta agus do na húdaráis náisiúnta ábhartha;

(i)

scéim tuairiscithe agus meastóireachta ina bhfuil tagarmharcanna don tuarascáil mheastóireachta, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cosaint na gceart bunúsach, agus dáta deiridh chun an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach a thíolacadh;

(j)

maidir le hoibríochtaí ar muir, faisnéis shonrach maidir le cur i bhfeidhm na dlínse ábhartha agus an dlí is infheidhme sa limistéar geografach ina dtarlaíonn an oibríocht chomhpháirteach, lena n-áirítear tagairtí don dlí náisiúnta, don dlí idirnáisiúnta agus do dhlí an Aontais maidir le hidircheapadh, tarrtháil ar muir agus díbhordáil; maidir leis sin, bunófar an plean oibríochtúil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 656/2014;

(k)

téarmaí an chomhair le tríú tíortha, le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais nó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile;

(l)

treoracha ginearálta i dtaobh conas cosaint na gceart bunúsach le linn ghníomhaíocht oibríochtúil na Gníomhaireachta a áirithiú;

(m)

nósanna imeachta lena dtreoraítear daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, mionaoisigh gan tionlacan agus daoine ar leochaileach a gcás, chuig na húdaráis náisiúnta inniúla chun an cúnamh iomchuí a fháil;

(n)

nósanna imeachta lena leagtar amach sásra chun gearáin in aghaidh aon duine atá páirteach i ngníomhaíocht oibríochtúil de chuid na Gníomhaireachta, lena n-áirítear gardaí teorann nó baill foirne ábhartha eile an Bhallstáit óstaigh agus baill de na foirne, a fháil agus a tharchur chuig an nGníomhaireacht, ar gearáin iad ina líomhnaítear sáruithe ar chearta bunúsacha i gcomhthéacs a bpáirtíochta i ngníomhaíocht oibríochtúil de chuid na Gníomhaireachta;

(o)

socruithe lóistíochta, lena n-áirítear faisnéis maidir le dálaí oibre agus timpeallacht na limistéar ina bhfuil an oibríocht chomhpháirteach le tarlú.

4.   Aon leasuithe nó aon oiriúnuithe ar an bplean oibríochtúil, teastóidh comhaontú an stiúrthóra feidhmiúcháin agus an Bhallstáit óstaigh araon lena n-aghaidh, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit rannpháirteacha. Cuirfidh an Ghníomhaireacht cóip den phlean oibríochtúil arna leasú nó arna oiriúnú chuig na Ballstáit rannpháirteacha láithreach.

5.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag an Airteagal seo maidir le hoibríochtaí uile na Gníomhaireachta.

Airteagal 39

Nós imeachta chun mear-idirghabháil teorann a sheoladh

1.   Má iarrann Ballstát go ndéanfaí mear-idirghabháil teorann a sheoladh, áireofar san iarraidh sin tuairisc ar an staid, na haidhmeanna féideartha agus na riachtanais a mbeifear ag dréim leo, agus próifílí na mball foirne atá ag teastáil, lena n-áirítear próifílí na mball foirne sin a bhfuil cumhachtaí feidhmiúcháin acu, de réir mar is infheidhme. Más gá, féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin saineolaithe a sheoladh ón nGníomhaireacht láithreach chun an staid a mheas ag teorainneacha seachtracha an Bhallstáit lena mbaineann.

2.   Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an bord bainistíochta ar an eolas láithreach faoi iarraidh ó Bhallstát mear-idirghabháil teorann a sheoladh.

3.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarraidh ó Bhallstát, cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin i gcuntas torthaí anailísí riosca na Gníomhaireachta agus sraith anailíse an léargais ar dhálaí Eorpacha chomh maith le toradh an mheasúnaithe leochaileachta dá dtagraítear in Airteagal 32 agus aon fhaisnéis ábhartha eile a sholáthraíonn an Ballstát lena mbaineann nó aon Bhallstát eile.

4.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin measúnú láithreach ar na féidearthachtaí baill de na foirne atá ar fáil a ath-imscaradh laistigh den bhuanchór, go háirithe baill foirne reachtúla agus baill foirne atá tugtha ar iasacht ag na Ballstáit don Ghníomhaireacht, atá i láthair i limistéir oibríochtúla eile. Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an riachtanas breise a mheasúnú freisin baill foirne oibríochtúla a imscaradh i gcomhréir le hAirteagal 57 agus, a luaithe a bheidh na baill foirne sin ídithe laistigh de na próifílí atá ag teastáil, an cúltaca le haghaidh mearfhreagartha a ghníomhachtú i gcomhréir le hAirteagal 58.

5.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin cinneadh faoin iarraidh mear-idirghabháil teorann a sheoladh laistigh de 2 lá oibre ón dáta a bhfuarthas an iarraidh. Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an Ballstát lena mbaineann agus an bord bainistíochta ar an eolas i scríbhinn faoin gcinneadh ag an am céanna. Luafar sa chinneadh na príomhchúiseanna ar a mbeidh sé bunaithe.

6.   Agus an cinneadh dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo á ghlacadh, déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin na Ballstáit a chur ar an eolas faoin bhféidearthacht i dtaobh baill foirne oibríochtúla bhreise a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 57 agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le hAirteagal 58 trí líon agus próifílí na mball foirne atá le cur ar fáil ag gach Ballstát a chur in iúl.

7.   Má chinneann an stiúrthóir feidhmiúcháin mear-idirghabháil teorann a sheoladh, déanfaidh sé nó sí foirne bainistithe teorainneacha atá ar fáil a imscaradh ón mbuanchór agus trealamh a imscaradh ón gcomhthiomsú de threalamh teicniúil i gcomhréir le hAirteagal 64, agus más gá, cinnfidh sé nó sí an ndéanfar athneartú a sholáthar láithreach trí fhoireann bainistithe teorainneacha amháin nó níos mó a sheoladh, i gcomhréir le hAirteagal 57.

8.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin i gcomhar leis an mBallstát óstach plean oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 38(2) a tharraingt suas agus a chomhaontú láithreach agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 3 lá oibre ó dháta an chinnidh.

9.   A luaithe a chomhaontaítear an plean oibríochtúil agus a thugtar do na Ballstáit é, déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin na baill foirne oibríochtúla atá ar fáil a imscaradh láithreach trí ath-imscaradh ó réimsí oibríochta eile nó ó dhualgais eile.

10.   I gcomhthráth leis an imscaradh dá dtagraítear i mír 9, agus i gcás inar gá chun athneartú láithreach na bhfoirne bainistithe teorainneacha eile a athdháileadh ó réimse eile nó ó dhualgais eile a áirithiú, iarrfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin ar gach Ballstát líon agus próifílí na mball foirne breise atá le himscaradh mar bhreisiú óna liostaí náisiúnta le haghaidh imscaradh gearrthéarmach dá dtagraítear in Airteagal 57 a thabhairt.

11.   Má tharlaíonn sé nach leor na foirne bainistithe teorainneacha dá dtagraítear i mír 7 agus na baill foirne dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo, féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an cúltaca le haghaidh mearfhreagartha a ghníomhachtú trína iarraidh ar gach Ballstát líon agus próifílí na mball foirne breise atá le himscaradh dá dtagraítear in Airteagal 58 a thabhairt.

12.   Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 10 agus 11 i scríbhinn do na pointí teagmhála náisiúnta agus luafar inti an dáta a tharlóidh imscaradh na mball foirne ó gach catagóir. Soláthrófar cóip den phlean oibríochtúil do na pointí teagmhála náisiúnta chomh maith.

13.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar líon agus próifílí na mball foirne a chur ar fáil láithreach don Ghníomhaireacht chun imscaradh iomlán a ráthú i gcomhréir le hAirteagal 57 agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le hAirteagal 58.

14.   Na chéad fhoirne bainistithe teorainneacha a athdháiltear ó réimsí eile agus ó dhualgais eile, déanfar iad a imscaradh tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis an dáta a chomhaontófar an plean oibríochtúil idir an stiúrthóir feidhmiúcháin agus an Ballstát óstach. Déanfar foirne bainistithe teorainneacha a imscaradh breise, nuair is gá, tráth nach déanaí ná 12 lá oibre tar éis an dáta a chomhaontófar an plean oibríochtúil.

15.   I gcás ina mbeidh an mear-idirghabháil teorann le tarlú, déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin, i gcomhairle leis an mbord bainistíochta, na tosaíochtaí a mheas láithreach maidir leis na hoibríochtaí comhpháirteacha de chuid na Gníomhaireachta atá ar siúl agus atá beartaithe ag teorainneacha seachtracha eile d’fhonn ullmhú d’ath-leithdháileadh féideartha acmhainní do na limistéir sin de na teorainneacha seachtracha inar mó an gá le himscaradh neartaithe.

Airteagal 40

Foirne tacaíochta don bhainistiú imirce

1.   I gcás ina bhfuil aghaidh á tabhairt ag Ballstát ar dhúshláin dhíréireacha ón imirce ag teophointí áirithe ar a theorainneacha seachtracha, a bhfuil mórphlódú isteach de shreabha imirce measctha mar shaintréith díobh, féadfaidh an Ballstát sin athneartú teicniúil agus oibríochtúil a iarraidh ó fhoirne tacaíochta don bhainistiú imirce atá comhdhéanta de shaineolaithe ó chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais a oibreoidh i gcomhréir lena sainorduithe féin.

Déanfaidh an Ballstát sin iarraidh maidir le hathneartú agus measúnú ar na riachtanais atá aige a thíolacadh don Choimisiún. Ar bhonn an mheasúnaithe sin ar riachtanais, cuirfidh an Coimisiún an iarraidh ar aghaidh, de réir mar is iomchuí, chuig an nGníomhaireacht, chuig EASO, chuig Europol nó chuig comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile an Aontais.

2.   Déanfaidh comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach, scrúdú ar iarraidh de chuid Ballstáit ar athneartú agus ar an measúnú ar a chuid riachtanas chun críche pacáiste chuimsitheach athneartaithe a shainiú a bheidh comhdhéanta de ghníomhaíochtaí éagsúla comhordaithe ag comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, atá le comhaontú ag an mBallstát lena mbaineann. Déanfaidh an Coimisiún an próiseas sin a chomhordú.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an mBallstát óstach agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach, téarmaí an chomhair ag an teophointe a bhunú agus beidh sé freagrach as comhordú ghníomhaíochtaí na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce.

4.   Maidir leis an athneartú teicniúil agus oibríochtúil a sholáthraíonn an buanchór, agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha, faoi chuimsiú foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, féadfar an méid seo a leanas a sholáthar:

(a)

cúnamh, agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha, maidir leis an scagadh a dhéantar ar náisiúnaigh tríú tír a thagann isteach ag na teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear na náisiúnaigh tríú tír sin a shainaithint, a chlárú agus a fhaisnéisiú agus, arna iarraidh sin don Bhallstát, méarlorgaireacht a dhéanamh ar náisiúnaigh tríú tír agus faisnéis a sholáthar maidir le cuspóir na nósanna imeachta sin;

(b)

faisnéis tosaigh do na daoine ar mian leo cur isteach ar chosaint idirnáisiúnta agus na daoine sin a tharchur chuig údaráis náisiúnta inniúla an Bhallstáit lena mbaineann nó chuig saineolaithe arna n-imscaradh ag EASO;

(c)

cúnamh teicniúil agus oibríochtúil sa réimse maidir le filleadh i gcomhréir le hAirteagal 48, lena n-áirítear ullmhú agus eagrú na n-oibríochtaí um fhilleadh;

(d)

an trealamh teicniúil is gá.

5.   Áireofar i bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce, i gcás inar gá, baill foirne ag a bhfuil saineolas ar chosaint leanaí, ar gháinneáil ar dhaoine, ar chosaint in aghaidh géarleanúna ar bhonn inscne nó ar na cearta bunúsacha.

Airteagal 41

Na bearta atá beartaithe ag na teorainneacha seachtracha

1.   Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe leochaileachta nó i gcás ina sanntar leibhéal tionchair géibheannach do cheann amháin nó níos mó de chodanna den teorainn sheachtrach agus na heilimintí ábhartha i bpleananna teagmhasacha an Bhallstáit, anailís riosca na Gníomhaireachta agus sraith anailíse an léargais ar dhálaí náisiúnta á gcur san áireamh, molfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin don Bhallstát lena mbaineann a iarraidh go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht oibríochtaí comhpháirteacha, mear-idirghabhálacha teorann nó aon bheart ábhartha eile atá á dhéanamh ag an nGníomhaireacht a leagtar amach in Airteagal 36 a thionscnamh, a dhéanamh nó a choigeartú.

2.   Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann freagra do mholadh an stiúrthóra feidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 6 lá oibre. I gcás ina dtabharfar freagra diúltach ar an moladh, tabharfaidh an Ballstát an réasúnú is bunús leis an bhfreagra sin. Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin na bearta a mholtar agus an réasúnú leis an bhfreagra diúltach in iúl gan mhoill don bhord bainistíochta agus don Choimisiún d’fhonn measúnú a dhéanamh maidir le cibé an mbeidh gníomhaíocht phráinneach ag teastáil i gcomhréir le hAirteagal 42.

Airteagal 42

Staid ag na teorainneacha seachtracha ina bhfuil gníomhaíocht phráinneach ag teastáil

1.   I gcás ina bhfágtar go bhfuil rialú ag teorainneacha seachtracha chomh neamhéifeachtach sin go bhféadfaí feidhmiú limistéar Schengen a chur i mbaol ós rud é:

(a)

nach gcuireann Ballstát na bearta is gá chun feidhme i gcomhréir le cinneadh ón mbord bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 32(10); nó

(b)

nár iarr Ballstát a bhfuil dúshláin shonracha agus dhíréireacha roimhe ag na teorainneacha seachtracha tacaíocht leordhóthanach ón nGníomhaireacht faoi Airteagal 37, 39, ná 40 nó nach bhfuil na céimeanna is gá á ndéanamh aige chun na gníomhaíochtaí faoi na hAirteagail sin ná faoi Airteagal 41 a chur chun feidhme;

féadfaidh an Chomhairle, ar bhonn togra ón gCoimisiún, cinneadh a ghlacadh gan mhoill trí bhíthin gníomh cur chun feidhme chun bearta a shainaithint chun na rioscaí sin a mhaolú, ar bearta iad a bheidh le cur chun feidhme ag an nGníomhaireacht agus lena gceanglófar ar an mBallstát lena mbaineann comhoibriú leis an nGníomhaireacht i gcur chun feidhme na mbeart sin. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGníomhaireacht sula ndéanfaidh sé a thogra.

2.   I gcás ina dtarlaíonn staid ina bhfuil gníomhaíocht phráinneach ag teastáil, cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi sin gan mhoill agus cuirfear ar an eolas í faoi aon bheart agus aon chinneadh a glacfar ina dhiaidh sin mar fhreagairt air.

3.   Chun an riosca go gcuirfí limistéar Schengen i mbaol a mhaolú, déanfar foráil sa chinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1 a fhágann go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas:

(a)

mear-idirghabhálacha teorann a eagrú agus a chomhordú agus an buanchór, lena n-áirítear foirne ón gcúltaca le haghaidh mearfhreagartha, a imscaradh;

(b)

an buanchór a imscaradh faoi chuimsiú na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce, go háirithe ag teophointí;

(c)

gníomhaíochtaí a chomhordú do Bhallstát amháin nó níos mó agus do thríú tír amháin nó níos mó ag na teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear oibríochtaí comhpháirteacha le tríú tíortha;

(d)

trealamh teicniúil a imscaradh;

(e)

idirghabhálacha um fhilleadh a eagrú.

4.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin, laistigh de 2 lá oibre ón dáta a nglacfar an cinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1:

(a)

cinneadh faoi na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh chun na bearta arna sainaithint sa chinneadh sin a fhorghníomhú go praiticiúil, lena n-áirítear an trealamh teicniúil agus líon na ndaoine agus próifílí na mball foirne oibríochtúla ábhartha eile a mbeidh gá leo chun cuspóirí an chinnidh sin a bhaint amach;

(b)

dréachtphlean oibríochtúil a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid na mBallstát lena mbaineann.

5.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin agus an Ballstát lena mbaineann an plean oibríochtúil dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 4 a chomhaontú laistigh de 3 lá oibre ón dáta a chuirfear isteach é.

6.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, gan mhoill agus in aon chás laistigh de 5 lá oibre ó bhunú an phlean oibríochtúil, na baill foirne oibríochtúla is gá a imscaradh ón mbuanchór ionas gur féidir na bearta a shainaithnítear sa chinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1 a fhorghníomhú go praiticiúil. Déanfar foirne breise a imscaradh de réir mar is gá ag an dara céim agus in aon chás laistigh de 2 lá oibre dhéag ón am a bhunófar an plean oibríochtúil.

7.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit, gan mhoill, agus in aon chás laistigh de 10 lá oibre ón bplean oibríochtúil a bhunú, an trealamh teicniúil is gá agus na baill foirne inniúla a imscaradh chuig ceann scríbe an imscartha chun na bearta a shainaithnítear sa chinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1 a fhorghníomhú go praiticiúil.

Déanfar trealamh teicniúil breise a imscaradh de réir mar is gá ag an dara céim i gcomhréir le hAirteagal 64.

8.   Comhlíonfaidh an Ballstát lena mbaineann an cinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1. Chun na críche sin, comhoibreoidh sé láithreach leis an nGníomhaireacht agus déanfaidh sé an beart is gá chun cur chun feidhme an chinnidh sin agus forghníomhú praiticiúil na mbeart a leagtar amach sa chinneadh sin agus sa phlean oibríochtúil arna gcomhaontú leis an stiúrthóir feidhmiúcháin a éascú, go háirithe trí na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 44, 83 agus 84 a chur chun feidhme.

9.   I gcomhréir le hAirteagal 57 agus, i gcás inarb ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 39, cuirfidh na Ballstáit na baill foirne oibríochtúla arna gcinneadh ag an stiúrthóir feidhmiúcháin i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo ar fáil.

10.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na mbeart a shainaithnítear sa chinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1 agus ar chur chun feidhme na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht chun na críche sin. I gcás nach ndéanfaidh an Ballstát lena mbaineann an cinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh laistigh de 30 lá agus nach gcomhoibreoidh sé leis an nGníomhaireacht i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2016/399 a chur ar bun.

Airteagal 43

Treoracha do na foirne

1.   Le linn imscaradh na foirne bainistithe teorainneacha, na foirne um fhilleadh agus na foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, eiseoidh an Ballstát óstach nó, i gcás comhar le tríú tír i gcomhréir le comhaontú stádais, eiseoidh an tríú tír lena mbaineann treoracha do na foirne sin i gcomhréir leis an bplean oibríochtúil.

2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht, trína hoifigeach comhordúcháin, a cuid barúlacha a chur in iúl don Bhallstát óstach faoi na treoracha a thugtar do na foirne. Sa chás sin, cuirfidh an Ballstát óstach na barúlacha sin san áireamh agus leanfaidh sé iad a mhéid is féidir.

3.   Mura bhfuil na treoracha a eisítear do na foirne i gcomhréir leis an bplean oibríochtúil, tuairisceoidh an t-oifigeach comhordúcháin láithreach don stiúrthóir feidhmiúcháin agus féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin, más iomchuí, gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 46(3).

4.   Déanfaidh baill de na foirne, le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, cearta bunúsacha a urramú go hiomlán, lena n-áirítear maidir le rochtain ar nósanna imeachta tearmainn agus dínit an duine agus tabharfaidh siad aird ar leith ar dhaoine leochaileacha. Beidh cibé bearta a ghlacfar i gcomhlíonadh a gcúraimí agus i bhfeidhmiú a gcumhachtaí i gcomhréir le cuspóirí na mbeart sin. Le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, ní dhéanfaidh siad idirdhealú i gcoinne daoine ar bhonn aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh i gcomhréir le hAirteagal 21 den Chairt.

5.   Na baill de na foirne nach baill foirne reachtúla iad, beidh siad fós faoi réir bhearta araíonachta a mBallstáit baile. Déanfaidh an Ballstát baile foráil maidir le bearta iomchuí araíonachta nó eile i gcomhréir lena dhlí náisiúnta maidir le sáruithe ar chearta bunúsacha nó le hoibleagáidí cosanta idirnáisiúnta le linn aon ghníomhaíocht oibríochtúil ag an nGníomhaireacht.

6.   Beidh baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne faoi réir bearta araíonachta dá bhforáiltear sna Rialacháin Foirne agus sna Coinníollacha Fostaíochta agus faoi réir bearta de chineál araíonachta dá bhforáiltear sa sásra maoirseoireachta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 55(5).

Airteagal 44

Oifigeach comhordúcháin

1.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht cur chun feidhme oibríochtúil ghnéithe eagrúcháin uile na n-oibríochtaí comhpháirteacha, na dtreoirthionscadal nó na mear-idirghabhálacha teorann, lena n-áirítear baill foirne reachtúla a bheith i láthair.

2.   Gan dochar d’Airteagal 60, ceapfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin saineolaí amháin nó níos mó de na baill foirne reachtúla lena n-imscaradh mar oifigeach comhordúcháin do gach oibríocht chomhpháirteach nó mear-idirghabháil teorann ar leith. Tabharfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin fógra don Bhallstát óstach i leith an cheapacháin.

3.   Gníomhóidh an t-oifigeach comhordúcháin thar ceann na Gníomhaireachta i ngach gné d’imscaradh na bhfoirne. Is é an ról a bheidh ag an oifigeach comhordúcháin ná an comhar agus an comhordú i measc na mBallstát óstach agus na mBallstát rannpháirteach a chothú. Déanfaidh duine amháin ar a laghad den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha cúnamh agus comhairle a thabhairt don oifigeach comhordúcháin. Déanfaidh an t-oifigeach comhordúcháin an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

gníomhú mar idirghabhálaí idir an Ghníomhaireacht, an Ballstát óstach agus baill de na foirne, trí chuidiú a sholáthar, thar ceann na Gníomhaireachta, do na foirne maidir le gach ábhar a bhaineann le coinníollacha an imscartha;

(b)

faireachán ar chur chun feidhme ceart an phlean oibríochtúil, lena n-áirítear, i gcomhair leis an lucht faireacháin ar chearta bunúsacha, sa mhéid a bhaineann le cearta bunúsacha a chosaint agus tuairisciú don stiúrthóir feidhmiúcháin i leith sin;

(c)

gníomhú thar ceann na Gníomhaireachta maidir le gach gné d’imscaradh na bhfoirne agus tuairisciú don Ghníomhaireacht faoi na gnéithe sin uile;

(d)

tuairisciú don stiúrthóir feidhmiúcháin i gcás nach bhfuil na treoracha a eisíonn na Ballstáit óstacha do na foirne i gcomhréir leis an bplean oibríochtúil, go háirithe maidir le cearta bunúsacha agus, i gcás inarb iomchuí, a mholadh don stiúrthóir feidhmiúcháin breithniú a dhéanamh i dtaobh cinneadh a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46.

4.   I gcomhthéacs oibríochtaí comhpháirteacha nó mear-idirghabhálacha teorann, féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin údarú don oifigeach comhordúcháin cúnamh a thabhairt i dtaca le haon easaontas faoi fhorghníomhú an phlean oibríochtúil agus imscaradh na bhfoirne a réiteach.

Airteagal 45

Costais

1.   Cumhdóidh an Ghníomhaireacht go hiomlán na costais seo a leanas arna dtabhú ag na Ballstáit nuair a dhéanann siad a mbaill foirne a chur ar fáil chun chríocha a n-imscartha ón mbuanchór mar bhaill de na foirne sna Ballstáit agus i dtríú tíortha go gearrthéarmach i gcomhréir le hAirteagal 57 nó sna Ballstáit tríd an gcúltaca le haghaidh mearfhreagartha i gcomhréir le hAirteagal 58:

(a)

costais taistil ón mBallstát baile go dtí an Ballstát óstach, ón mBallstát óstach go dtí an Ballstát baile, laistigh den Bhallstát óstach chun críocha imscartha nó ath-imscartha laistigh den Bhallstát óstach sin nó chuig Ballstát óstach eile, agus chun críocha imscartha chuig tríú tír eile agus ath-imscartha laistigh di;

(b)

costais a bhaineann le vacsaínithe;

(c)

costais a bhaineann le riachtanais speisialta árachais;

(d)

costais a bhaineann le cúram sláinte, lena n-áirítear cúnamh síceolaíochta;

(e)

liúntais chothaithe laethúla, lena n-áirítear costais chóiríochta.

2.   Ar bhonn togra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, déanfaidh an bord bainistíochta rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le haisíocaíocht na gcostas a thabhóidh na baill foirne arna n-imscaradh go gearrthéarmach i gcomhréir le hAirteagail 57 agus 58, agus déanfaidh sé iad a thabhairt chun dáta iad de réir mar is gá. Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an creat dlí is infheidhme, déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin togra den sórt sin tar éis tuairim dhearfach a fháil ón gCoimisiún. Is ar roghanna costais shimplithe i gcomhréir le pointí (c), (d) agus (e) d’Airteagal 125(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a bhunófar na rialacha mionsonraithe, a mhéid is féidir sin. I gcás inarb ábhartha, áiritheoidh an bord bainistíochta comhsheasmhacht leis na rialacha is infheidhme maidir le costais mhisin na mball foirne reachtúla.

Airteagal 46

Cinntí chun gníomhaíochtaí a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh nó gan iad a sheoladh

1.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin aon ghníomhaíocht de chuid na Gníomhaireachta a fhoirceannadh más rud é nach bhfuil na coinníollacha chun na gníomhaíochtaí sin a sheoladh á gcomhlíonadh a thuilleadh. Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an Ballstát lena mbaineann ar an eolas roimh fhoirceannadh den sórt sin.

2.   Féadfaidh na Ballstáit atá rannpháirteach i ngníomhaíocht oibríochtúil de chuid na Gníomhaireachta a iarraidh ar an stiúrthóir feidhmiúcháin an ghníomhaíocht oibríochtúil sin a fhoirceannadh. Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an bord bainistíochta ar an eolas faoi iarraidh den sórt sin.

3.   Féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin, tar éis dó an Ballstát lena mbaineann a chur ar an eolas, maoiniú gníomhaíochta a tharraingt siar nó a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh mura n-urramaíonn an Ballstát óstach an plean oibríochtúil.

4.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin, tar éis dul i gcomhairle leis an oifigeach um chearta bunúsacha agus an Ballstát lena mbaineann a chur ar an eolas, an maoiniú d’aon ghníomhaíocht de chuid na Gníomhaireachta a tharraingt siar, nó aon ghníomhaíocht de chuid na Gníomhaireachta a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, go hiomlán nó i bpáirt, má mheasann sé nó sí go bhfuil sáruithe ar chearta bunúsacha nó ar oibleagáidí cosanta idirnáisiúnta a bhaineann leis an ngníomhaíocht lena mbaineann ar siúl, ar sáruithe iad atá de chineál tromchúiseach agus gur dóchúil go leanfar de na sáruithe sin.

5.   Cinnfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin, tar éis dul i gcomhairle leis an oifigeach um chearta bunúsacha, gan aon ghníomhaíocht de chuid na Gníomhaireachta a sheoladh i gcás ina measann sé nó sí go mbeadh cúiseanna tromchúiseacha ann ina leith ó thús na gníomhaíochta chun í a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh toisc go bhféadfadh sáruithe ar chearta bunúsacha nó ar oibleagáidí cosanta idirnáisiúnta eascairt as an ngníomhaíocht sin, ar sáruithe iad atá de chineál tromchúiseach. Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoin gcinneadh sin.

6.   Bunófar na cinntí dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 ar fhorais chuí-réasúnaithe. Le linn dó nó di cinntí den sórt sin a ghlacadh, cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin san áireamh faisnéis ábhartha amhail líon agus ábhar substainteach na ngearán cláraithe nach bhfuil réitithe ag údarás inniúil náisiúnta, tuarascálacha ar theagmhais thromchúiseacha, tuarascálacha ó oifigigh chomhordúcháin, eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais sna réimsí a chuimsítear faoin Rialachán seo. Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an bord bainistíochta ar an eolas faoi chinntí den sórt sin agus tabharfaidh sé nó sí réasúnú ina leith dó.

7.   Má chinneann an stiúrthóir feidhmiúcháin imscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce ag an nGníomhaireacht a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, déanfaidh sé nó sí na comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile atá gníomhach ag an teophointe a chur ar an eolas faoin gcinneadh sin.

Airteagal 47

Meastóireacht ar ghníomhaíochtaí

Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin meastóireacht ar thorthaí ghníomhaíochtaí oibríochtúla uile na Gníomhaireachta. Cuirfidh sé nó sí tuarascálacha meastóireachta mionsonraithe, in éineacht le barúlacha an oifigigh um chearta bunúsacha, chuig an mbord bainistíochta laistigh de 60 lá tar éis dheireadh na ngníomhaíochtaí sin. Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin anailís chuimsitheach ar na torthaí sin d’fhonn cur le cáilíocht, comhleanúnachas agus éifeachtacht gníomhaíochtaí a bheidh ann amach anseo, agus áireoidh sé nó sí an anailís sin i dtuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Áiritheoidh an stiúrthóir feidhmiúcháin go gcuirfidh an Ghníomhaireacht an anailís ar na torthaí sin san áireamh i ngníomhaíochtaí oibríochtúla a bheidh ann amach anseo.

ROINN 8

Gníomhaíocht na Gníomhaireachta i réimse an fhillte

Airteagal 48

Filleadh

1.   Gan staidéar a dhéanamh ar fhiúntas cinntí um fhilleadh, ar rud é a bheidh faoi fhreagracht iomlán na mBallstát i gcónaí, agus i gcomhréir leis an urraim do chearta bunúsacha, prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear cosaint idirnáisiúnta, an urraim do phrionsabail an non-refoulement agus cearta leanaí, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas maidir le filleadh:

(a)

cúnamh teicniúil agus oibríochtúil do na Ballstáit i réimse an fhillte, lena n-áirítear maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

bailiú na faisnéise is gá chun cinntí um fhilleadh a eisiúint, sainaithint na náisiúnach tríú tír atá faoi réir nósanna imeachta um fhilleadh agus gníomhaíochtaí eile de chuid na mBallstát a dhéantar roimh an bhfilleadh, a bhaineann leis an bhfilleadh agus a bhaineann le gníomhaíochtaí tar éis an teachta agus tar éis an fhillte, chun córas comhtháite do bhainistiú an fhillte a chur ar bun i measc údaráis inniúla na mBallstát, ar córas é ina mbeidh údaráis ábhartha tríú tíortha agus geallsealbhóirí eile rannpháirteach;

(ii)

doiciméid taistil a fháil, lena n-áirítear trí bhíthin comhar consalachta, gan faisnéis a nochtadh a bhaineann leis an bhfíoras go bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta ná aon fhaisnéis eile nach bhfuil gá léi chun críche an fhillte;

(iii)

oibríochtaí um fhilleadh a eagrú agus a chomhordú agus cúnamh a thabhairt i ndáil leis an bhfilleadh deonach i gcomhar leis na Ballstáit;

(iv)

filleadh deonach cuidithe de dhaoine ó na Ballstáit, cúnamh a chur ar fáil do na daoine atá ag filleadh ag na céimeanna roimh an bhfilleadh, a bhaineann leis an bhfilleadh agus tar éis an teachta agus tar éis an fhillte, agus riachtanais daoine leochaileacha á gcur san áireamh;

(b)

cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a chur ar fáil do Bhallstáit a bhfuil dúshláin áirithe orthu maidir leis na córais um fhilleadh atá acu;

(c)

múnla tagartha neamhcheangailteach a fhorbairt, i gcomhairle leis an oifigeach um chearta bunúsacha, le haghaidh córais náisiúnta TF um bainistiú ar chásanna fillte lena gcuirtear síos ar struchtúr na gcóras sin, chomh maith le cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a chur ar fáil do na Ballstáit chun córais den sórt sin a fhorbairt a bheidh comhoiriúnach don mhúnla;

(d)

ardán comhtháite um bainistiú ar fhilleadh agus bonneagar cumarsáide a oibriú agus a fhorbairt tuilleadh ar féidir córais um bainistiú ar fhilleadh na mBallstát a nascadh leis an ardán chun críocha sonraí agus faisnéis a mhalartú, lena n-áirítear sonraí staidrimh a tharchur go huathoibríoch, agus cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a chur ar fáil do na Ballstáit chun nasc a dhéanamh leis an mbonneagar cumarsáide;

(e)

gníomhaíochtaí a chuireann le malartú faisnéise agus sainaithint agus comhthiomsú dea-chleachtas idir na Ballstáit maidir le hábhair a bhaineann leis an bhfilleadh a eagrú, a chur chun cinn agus a chomhordú;

(f)

na hoibríochtaí, idirghabhálacha agus gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa Chaibidil seo, lena n-áirítear na costais a aisíoc arna dtabhú chun oiriúnú a dhéanamh ar na córais náisiúnta TF um bainistiú ar chásanna fillte chun críche cumarsáid shlán leis an ardán comhtháite um bainistiú ar fhilleadh a áirithiú, a mhaoiniú nó a chómhaoiniú óna buiséad, i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht.

2.   Áireofar sa chúnamh teicniúil agus oibríochtúil dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 gníomhaíochtaí chun cuidiú le Ballstáit nósanna imeachta um fhilleadh arna ndéanamh ag na húdaráis náisiúnta inniúla a chur i gcrích, go háirithe tríd an méid seo a leanas a sholáthar:

(a)

seirbhísí ateangaireachta;

(b)

faisnéis phraiticiúil, lena n-áirítear an anailís ar fhaisnéis den sórt sin, agus moltaí ón nGníomhaireacht maidir le tríú tíortha a mbeifear ag filleadh orthu atá ábhartha do chur chun feidhme an Rialacháin seo, i gcomhar le, i gcás inarb iomchuí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, go háirithe EASO;

(c)

comhairle faoi nósanna imeachta um fhilleadh a chur chun feidhme agus a bhainistiú i gcomhlíonadh Threoir 2008/115/CE;

(d)

comhairle agus cúnamh maidir le cur chun feidhme na mbeart atá déanta ag na Ballstáit i gcomhlíonadh Threoir 2008/115/CE agus an dlí idirnáisiúnta, ar bearta iad is gá chun a áirithiú go mbeidh na fillithe ar fáil chun críocha an fhillte agus chun go gcuirfear cosc ar fhillithe éalú agus comhairle maidir le roghanna eile ar choinneáil agus cúnamh i ndáil leo;

(e)

trealamh, acmhainní agus saineolas le haghaidh cinntí um fhilleadh a chur chun feidhme agus le haghaidh náisiúnaigh tríú tíortha a shainaithint.

3.   Díreoidh an Ghníomhaireacht ar shineirgí a fhorbairt agus líonraí agus cláir maidir le filleadh a fhaigheann maoiniú ón Aontas a nascadh i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus le tacaíocht ó gheallsealbhóirí ábhartha, lena n_áirítear Gréasán Imirce na hEorpa.

Airteagal 49

Córais malartaithe faisnéise agus bainistiú an fhillte

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht ardán comhtháite um bainistiú ar fhilleadh a oibriú agus a fhorbairt tuilleadh, i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 48(1), chun próiseáil a dhéanamh ar fhaisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta a tharchuirtear ó chórais náisiúnta um bainistiú ar fhilleadh na mBallstát, atá ag teastáil chun go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a chur ar fáil. Ní bheidh san áireamh sna sonraí pearsanta sin ach sonraí beathaisnéiseacha nó liostaí paisinéirí. Ní dhéanfar sonraí pearsanta a tharchur ach amháin i gcás ina bhfuil siad ag teastáil ón nGníomhaireacht chun cúnamh a thabhairt i gcomhordú nó eagrú oibríochtaí um fhilleadh go dtí tríú tíortha, beag beann ar an modh iompair a úsáidfear. Ní tharchuirfear sonraí den sórt sin chuig an ardán go dtí go mbeidh cinneadh déanta oibríocht um fhilleadh a sheoladh, agus léirscriosfar na sonraí sin a luaithe a chuirfear deireadh leis an oibríocht.

Ní tharchuirfear sonraí beathaisnéiseacha chuig an ardán ach amháin sa chás nach féidir le baill de na foirne rochtain a fháil orthu i gcomhréir le hAirteagal 17(3) de Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39).

Féadfaidh an Ghníomhaireacht úsáid a bhaint as an ardán freisin chun críche sonraí beathaisnéiseacha nó bithmhéadracha a tharchur go slán, lena n-áirítear gach cineál doiciméad ar féidir é a mheas mar chruthúnas nó mar fhianaise prima facie maidir le náisiúntacht na náisiúnach tríú tíortha atá faoi réir cinntí um fhilleadh, más rud é go mbeidh gá le sonraí pearsanta den sórt sin a tharchur chun go bhféadfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt, arna iarraidh sin do Bhallstát, chun céannacht agus náisiúntacht náisiúnach tríú tír a dhearbhú i gcásanna aonair. Ní dhéanfar sonraí den sórt sin a stóráil ar an ardán agus déanfar iad a léirscriosadh láithreach tar éis deimhniú a fháil.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht córais faisnéise agus feidhmchláir bogearraí a fhorbairt, a chur in úsáid agus a oibriú freisin lena mbeifear in ann faisnéis a mhalartú chun chríche an fhillte laistigh den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach agus chun críche sonraí pearsanta a mhalartú.

3.   Déanfar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagail 86, 87, 88 agus 91, de réir mar is infheidhme.

Airteagal 50

Oibríochtaí um fhilleadh

1.   Gan staidéar a dhéanamh ar fhiúntas cinntí um fhilleadh, ar rud é a bheidh faoi fhreagracht iomlán na mBallstát i gcónaí, cuirfidh an Ghníomhaireacht cúnamh teicniúil agus oibríochtúil ar fáil do na Ballstáit agus áiritheoidh sí comhordú nó eagrú oibríochtaí um fhilleadh, lena n-áirítear trí aerárthaí a chairtfhostú chun críche na n-oibríochtaí sin agus filleadh a eagrú ar eitiltí sceidealaithe nó trí mhodhanna eile iompair. Féadfaidh an Ghníomhaireacht, ar a tionscnamh féin agus le comhaontú ón mBallstát lena mbaineann, oibríochtaí um fhilleadh a chomhordú nó a eagrú.

2.   Tríd an ardán dá dtagraítear in Airteagal 49(1), cuirfidh na Ballstáit ar fáil sonraí oibríochtúla maidir le filleadh is gá le go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann riachtanais maidir le filleadh a mheasúnú, agus cuirfidh siad an Ghníomhaireacht ar an eolas faoina bpleanáil tháscach maidir le líon na bhfillithe agus maidir leis na tríú tíortha a mbeifear ag filleadh orthu, i ndáil le hoibríochtaí náisiúnta ábhartha um fhilleadh, agus maidir lena riachtanais i dtaca le cúnamh nó comhordú ón nGníomhaireacht. Déanfaidh an Ghníomhaireacht plean oibríochtúil rollach a tharraingt suas agus a choinneáil chun dáta chun an cúnamh teicniúil agus na hathneartuithe is gá, lena n-áirítear trí threalamh teicniúil, a sholáthar do na Ballstáit iarrthacha. Féadfaidh an Ghníomhaireacht, ar a tionscnamh féin agus le comhaontú ón mBallstát lena mbaineann nó arna iarraidh sin do Bhallstát, dátaí agus cinn scríbe na n-oibríochtaí um fhilleadh, a measann sí go bhfuil gá leo, a áireamh sa phlean oibríochtúil rollach, bunaithe ar mheasúnú ar riachtanais. Ar bhonn togra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, déanfaidh an bord bainistíochta cinneadh faoi modus operandi a bheidh sa phlean oibríochtúil rollach. Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann deimhniú a thabhairt don Ghníomhaireacht go bhfuil gach fillí a chumhdaítear ag oibríocht um fhilleadh atá á heagrú nó á comhordú ag an nGníomhaireacht faoi réir cinneadh in-fhorfheidhmithe um fhilleadh.

I gcás ina n-imscartar baill de na foirne, déanfaidh siad Córas Faisnéise Schengen a cheadú roimh fhilleadh aon fhillí chun a sheiceáil an bhfuil an cinneadh um fhilleadh a eisíodh i ndáil leis an bhfillí sin curtha ar fionraí nó an bhfuil forfheidhmiú an chinnidh um fhilleadh curtha siar.

Beidh sa phlean oibríochtúil rollach na heilimintí is gá chun oibríocht um fhilleadh a dhéanamh, lena n-áirítear na heilimintí sin maidir leis an urraim do chearta bunúsacha, agus tagróidh siad, inter alia, do chóid iompair ábhartha agus do nósanna imeachta le haghaidh faireacháin, tuairiscithe agus an tsásra gearán.

3.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a thabhairt do na Ballstáit agus féadfaidh sí freisin, ar a tionscnamh féin agus le comhaontú ón mBallstát lena mbaineann nó arna iarraidh sin don Bhallstát rannpháirteach, an comhordú nó an t-eagrú a áirithiú i gcás oibríochtaí um fhilleadh arb í an tríú tír a mbeifear ag filleadh uirthi a dhéanfaidh na modhanna taistil agus na gardaí tionlacain don fhilleadh a chur ar fáil ina leith (“oibríochtaí um fhilleadh lena mbailítear daoine”). Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha agus an Ghníomhaireacht go ráthófar urraim do chearta bunúsacha, do phrionsabal an non-refoulement, d’úsáid chomhréireach modhanna sriantachta agus do dhínit an fhillí le linn na hoibríochta um fhilleadh ina hiomláine. Beidh ar a laghad ionadaí amháin ón mBallstát, agus duine amháin den lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach ón díorma arna bhunú faoi Airteagal 51 nó ó chóras faireacháin an Bhallstáit rannpháirtigh, i láthair le linn na hoibríochta um fhilleadh ina hiomláine go dtí go sroichfear an tríú tír a mbeifear ag filleadh uirthi.

4.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin plean um fhilleadh a tharraingt suas gan mhoill le haghaidh oibríochtaí um fhilleadh lena mbailítear daoine. Tiocfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin agus aon Bhallstát rannpháirteach ar chomhaontú faoin bplean um fhilleadh ina sonrófar an ghné eagraíochtúil agus an ghné nós imeachta den oibríocht um fhilleadh lena mbailítear daoine, agus na himpleachtaí maidir leis na cearta bunúsacha agus le rioscaí na n-oibríochtaí sin á gcur san áireamh. Ní fhéadfar aon leasú ná oiriúnú a dhéanamh ar an bplean sin ach amháin le comhaontú na bpáirtithe dá dtagraítear i mír 3 agus sa mhír seo.

Plean um fhilleadh le haghaidh oibríochtaí um fhilleadh lena mbailítear daoine, beidh sé ina cheangal ar an nGníomhaireacht agus ar aon Bhallstát rannpháirteach. Cuimseoidh sé gach céim a bheidh riachtanach chun an oibríocht um fhilleadh lena mbailítear daoine a chur i gcrích.

5.   Déanfar faireachán ar gach oibríocht um fhilleadh arna heagrú nó arna comhordú ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 8(6) de Threoir 2008/115/CE. Déanfaidh an lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach an faireachán ar oibríochtaí um fhilleadh éigeantach ar bhonn critéar atá oibiachtúil agus trédhearcach agus cumhdóidh sé an oibríocht um fhilleadh iomlán ón gcéim réamh-imeachta go dtí go seachadfar na fillithe sa tríú tír a mbeifear ag filleadh uirthi. Cuirfidh an lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach tuarascáil ar gach oibríocht um fhilleadh éigeantach faoi bhráid an stiúrthóra feidhmiúcháin, an oifigigh um chearta bunúsacha agus údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát uile a bhfuil baint acu leis an oibríocht ar leith. Más gá, áiritheoidh an stiúrthóir feidhmiúcháin agus na húdaráis náisiúnta inniúla faoi seach bearta leantacha iomchuí.

6.   I gcás ina bhfuil ábhair imní ag an nGníomhaireacht maidir leis an urraim do chearta bunúsacha ag aon chéim d’oibríocht um fhilleadh, cuirfidh sí a hábhair imní in iúl do na Ballstáit rannpháirteacha agus don Choimisiún.

7.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin meastóireacht ar thorthaí na n-oibríochtaí um fhilleadh agus, gach 6 mhí, déanfaidh sé nó sí tuarascáil mheastóireachta mhionsonraithe a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus an bhoird bainistíochta lena gcumhdófar na hoibríochtaí go léir um fhilleadh a rinneadh sa seimeastar roimhe sin, in éineacht le barúlacha an oifigigh um chearta bunúsacha. Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin anailís chomparáideach chuimsitheach ar na torthaí sin d’fhonn cur le cáilíocht, comhleanúnachas agus éifeachtacht oibríochtaí um fhilleadh a bheidh ann amach anseo. Áireoidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an anailís sin i dtuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.

8.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht oibríochtaí um fhilleadh a mhaoiniú nó a chómhaoiniú óna buiséad féin, i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht, agus tosaíocht á tabhairt d’oibríochtaí atá á gcur i gcrích ag níos mó ná Ballstát amháin, nó ag teophointí.

Airteagal 51

Díorma lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach

1.   Tar éis aird chuí a thabhairt ar thuairim an oifigigh um chearta bunúsacha, cruthóidh an Ghníomhaireacht díorma lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach ó chomhlachtaí inniúla na mBallstát a dhéanann gníomhaíochtaí faireacháin ar an bhfilleadh éigeantach i gcomhréir le hAirteagal 8(6) de Threoir 2008/115/CE agus ar cuireadh oiliúint orthu i gcomhréir le hAirteagal 62 den Rialachán seo.

2.   Cinnfidh an bord bainistíochta, ar bhonn togra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, próifíl agus líon an lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach atá le cur ar fáil don díorma sin. Beidh an nós imeachta céanna i bhfeidhm maidir le haon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bpróifíl agus ar an líon foriomlán daoine.

Beidh na Ballstáit freagrach as rannchuidiú leis an díorma trí lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach a ainmniú, agus é sin a bheith ag teacht leis an bpróifíl a sainaithníodh, gan dochar do neamhspleáchas an lucht faireacháin sin faoin dlí náisiúnta, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa dlí náisiúnta. Chomh maith leis sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht lucht faireacháin ar chearta bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 110 a rannchuidiú leis an díorma. Déanfar lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach ag a bhfuil saineolas ar leith i gcosaint leanaí a áireamh sa díorma.

3.   Maidir le rannchuidiú na mBallstát de lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach le hoibríochtaí um fhilleadh agus le hidirghabhálacha um fhilleadh don bhliain ina dhiaidh sin, pleanálfar é ar bhonn caibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla agus ar bhonn comhaontuithe déthaobhacha bliantúla idir an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit. I gcomhréir leis na comhaontuithe sin, cuirfidh na Ballstáit an lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach ar fáil lena n-imscaradh, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, mura rud é nach mór dóibh aghaidh a thabhairt ar staid eisceachtúil a dhéanfadh difear suntasach do chomhlíonadh cúraimí náisiúnta. Déanfar an iarraidh sin 21 lá oibre ar a laghad roimh an imscaradh atá beartaithe, nó 5 lá oibre i gcás mear-idirghabháil um fhilleadh.

4.   Arna iarraidh sin, cuirfidh an Ghníomhaireacht an lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach ar fáil do Bhallstáit rannpháirteacha chun faireachán a dhéanamh, thar a gceann, ar chur chun feidhme ceart na n-oibríochtaí um fhilleadh agus na n-idirghabhálacha um fhilleadh le linn ré na hoibríochta agus na n-idirghabhálacha. Déanfaidh sí lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach ag a bhfuil saineolas ar leith ar chosaint leanaí a chur ar fáil d’aon oibríochtaí um fhilleadh a bhfuil baint acu le leanaí.

5.   Leanfaidh lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach de bheith faoi réir bhearta araíonachta a mBallstáit baile le linn oibríocht um fhilleadh nó idirghabháil um fhilleadh. Beidh baill foirne reachtúla a imscartar mar chuid den lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach faoi réir na mbeart araíonachta dá bhforáiltear sna Rialacháin Foirne agus sna Coinníollacha Fostaíochta.

Airteagal 52

Foirne um fhilleadh

1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht foirne um fhilleadh a imscaradh ar a tionscnamh féin agus le comhaontú ón mBallstát lena mbaineann nó arna iarraidh sin don Bhallstát sin. Féadfaidh an Ghníomhaireacht foirne um fhilleadh den sórt sin a imscaradh le linn idirghabhálacha um fhilleadh, faoi chuimsiú foirne tacaíochta don bhainistiú imirce nó de réir mar is gá chun cúnamh teicniúil agus oibríochtúil breise a thabhairt i réimse an fhillte. I gcás inar gá, beidh oifigigh a bhfuil saineolas sonrach acu ar chosaint leanaí i bhfoirne um fhilleadh.

2.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 40(2) go (5) agus ag Airteagail 43, 44, agus 45 maidir leis na foirne um fhilleadh.

Airteagal 53

Idirghabhálacha um fhilleadh

1.   I gcás ina bhfuil ualach roimh Bhallstát nuair a bhíonn oibleagáid á cur chun feidhme aige chun fillithe a fhilleadh, déanfaidh an Ghníomhaireacht an cúnamh iomchuí teicniúil agus oibríochtúil a chur ar fáil i bhfoirm idirghabháil um fhilleadh, ar a tionscnamh féin agus le comhaontú ón mBallstát lena mbaineann nó arna iarraidh sin don Bhallstát sin. Is é is féidir a bheith i gceist le hidirghabháil den sórt sin ná imscaradh foirne um fhilleadh chuig an mBallstát óstach a thabharfaidh cúnamh chun nósanna imeachta um fhilleadh a chur chun feidhme agus oibríochtaí um fhilleadh ón mBallstát óstach a eagrú.

Beidh feidhm ag Airteagal 50 freisin maidir le hoibríochtaí um fhilleadh a ndéanann an Ghníomhaireacht iad a eagrú nó a chomhordú faoi chuimsiú idirghabhálacha um fhilleadh.

2.   I gcás ina bhfuil dúshláin shonracha dhíréireacha roimh Bhallstát nuair a bhíonn an oibleagáid á comhlíonadh aige fillithe a fhilleadh, déanfaidh an Ghníomhaireacht an cúnamh iomchuí teicniúil agus oibríochtúil a chur ar fáil i bhfoirm mear-idirghabháil um fhilleadh, ar a tionscnamh féin agus le comhaontú ón mBallstát lena mbaineann nó arna iarraidh sin don Bhallstát sin. Is é is féidir a bheith i gceist le mear-idirghabháil um fhilleadh mear-imscaradh foirne um fhilleadh chuig an mBallstát óstach a thabharfaidh cúnamh chun nósanna imeachta um fhilleadh a chur chun feidhme agus eagrú na n-oibríochtaí um fhilleadh ón mBallstát óstach.

3.   I gcomhthéacs idirghabháil um fhilleadh, déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin plean oibríochtúil a tharraingt suas gan mhoill, i gcomhaontú leis an mBallstát óstach agus leis na Ballstáit rannpháirteacha. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 38.

4.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin cinneadh maidir leis an bplean oibríochtúil a luaithe is féidir agus, sa chás dá dtagraítear i mír 2, laistigh de 5 lá oibre. Tabharfar fógra, i scríbhinn, láithreach i leith an chinnidh do na Ballstáit lena mbaineann agus don bhord bainistíochta.

5.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht idirghabhálacha um fhilleadh a mhaoiniú nó a chómhaoiniú óna buiséad i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht.

ROINN 9

CUMAIS

Airteagal 54

Buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh

1.   Beidh buanchór de chuid an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh, agus na hacmhainní aige mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ina chuid den Ghníomhaireacht. Beidh an buanchór comhdhéanta de na ceithre chatagóir seo a leanas de bhaill foirne oibríochtúla i gcomhréir leis an scéim infhaighteachta bhliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn I:

(a)

catagóir 1: baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne i limistéir oibríochtúla i gcomhréir le hAirteagal 55, mar aon leis na baill foirne atá freagrach as feidhmiú Láraonad ETIAS;

(b)

catagóir 2: foireann a chuirtear ar iasacht fhadtéarmach ó na Ballstáit chuig an nGníomhaireacht mar chuid den bhuanchór i gcomhréir le hAirteagal 56;

(c)

catagóir 3: foireann ó na Ballstáit atá réidh le bheith curtha ar fáil don Ghníomhaireacht le haghaidh imscaradh gearrthéarmach mar chuid den bhuanchór i gcomhréir le hAirteagal 57; agus

(d)

catagóir 4: an cúltaca le haghaidh mearfhreagartha, arb é a bheidh ann foireann ó na Ballstáit atá réidh le bheith imscartha i gcomhréir le hAirteagal 58 chun críocha mear-idirghabhálacha teorann i gcomhréir le hAirteagal 39.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht baill den bhuanchór a imscaradh mar bhaill de na foirne bainistithe teorainneacha, de na foirne tacaíochta don bhainistiú imirce agus de na foirne um fhilleadh in oibríochtaí comhpháirteacha, mear-idirghabhálacha teorann, idirghabhálacha um fhilleadh nó aon ghníomhaíocht oibríochtúil ábhartha eile sna Ballstáit nó i dtríú tíortha. Ní dhéanfar gníomhaíochtaí den sórt sin gan údarú a fháil ón mBallstát lena mbaineann nó ón tríú tír lena mbaineann. Beidh líon iarbhír na mball foirne arna n-imscaradh ón mbuanchór ag brath ar na riachtanais oibríochtúla.

Comhlánú ar na hiarrachtaí a dhéanann na Ballstáit a bheidh in imscaradh an bhuanchóir.

3.   Agus tacaíocht á tabhairt do na Ballstáit, beidh sé de chumas ag na baill den bhuanchór arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne rialú ag teorainneacha nó cúraimí um fhilleadh a dhéanamh, lena n-áirítear cúraimí a mbeidh cumhachtaí feidhmiúcháin ag teastáil ina leith dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta ábhartha nó, i gcás baill foirne reachtúla, cúraimí a mbeidh cumhachtaí feidhmiúcháin ag teastáil ina leith a leagtar amach in Airteagal 55(7).

Comhlíonfaidh na baill den bhuanchór na ceanglais maidir le hoiliúint speisialaithe agus gairmiúlacht dá bhforáiltear sa tríú fomhír d’Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2016/399 nó in ionstraimí ábhartha eile.

4.   Ar bhonn togra ón stiúrthóir feidhmiúcháin lena gcuirtear anailís riosca na Gníomhaireachta, torthaí an mheasúnaithe leochaileachta agus an timthriall don bheartas ilbhliantúil straitéiseach don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip san áireamh, agus ag cur le líon agus próifílí na mball foirne atá ar fáil don Ghníomhaireacht trína baill foirne reachtúla agus trí bhaill foirne atá ar iasacht ag an am, glacfaidh an bord bainistíochta cinneadh, faoin 31 Márta gach bliain, i leith na nithe seo a leanas:

(a)

próifílí na mball foirne oibríochtúla a shainiú agus na riachtanas le haghaidh na mball foirne oibríochtúla a leagan amach;

(b)

líon na mball foirne in aghaidh próifíl shonrach de bhaill foirne de chatagóirí 1, 2 agus 3 chun foirne a chur le chéile don bhliain dar gcionn, bunaithe ar na riachtanais oibríochtúla ionchasacha don bhliain dar gcionn;

(c)

na rannchuidithe a bhunaítear in Iarscríbhinní II agus III a shainiú tuilleadh trí líon sonrach agus próifílí sonracha na mball foirne a shocrú in aghaidh an Bhallstáit a bheidh le tabhairt ar iasacht don Ghníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 56 agus a bheidh le hainmniú i gcomhréir le hAirteagal 57 sa bhliain dar gcionn;

(d)

na rannchuidithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a shainiú tuilleadh trí líon sonrach agus próifílí sonracha na mball foirne a shocrú in aghaidh an Bhallstáit faoin gcúltaca le haghaidh mearfhreagartha a bheidh le soláthar sa bhliain dar gcionn i gcás mear-idirghabhálacha teorann i gcomhréir le hAirteagail 39 agus 58; agus

(e)

pleanáil tháscach ilbhliantúil ar phróifílí a leagan amach do na blianta ina dhiaidh sin chun an phleanáil fhadtéarmach a éascú le haghaidh rannchuidithe na mBallstát agus earcú ball foirne reachtúla.

5.   Maidir leis an gcriú le haghaidh trealamh teicniúil a sholáthrófar i gcomhréir le hAirteagal 64, cuirfear san áireamh é mar chuid de na rannchuidithe le haghaidh himscaradh gearrthéarmach arna soláthar ag na Ballstáit de bhun Airteagal 57 don bhliain dar gcionn. D’fhonn an cinneadh ábhartha de chuid an bhoird bainistíochta dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a ullmhú, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an Ghníomhaireacht a chur ar an eolas, faoi dheireadh mhí Eanáir gach bliain, go bhfuil sé beartaithe aige an trealamh teicniúil a imscaradh leis an gcriú comhfhreagrach.

6.   Chun críche Airteagal 73, déanfaidh an Ghníomhaireacht na struchtúir smachta agus rialaithe a fhorbairt agus a áirithiú le haghaidh imscaradh éifeachtach an bhuanchóir ar chríoch tríú tíortha.

7.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht líon leordhóthanach ball foirne reachtúla a earcú, a bhféadfaidh suas le 4 % de líon iomlán an bhuanchóir a leagtar amach in Iarscríbhinn I a bheith ina líon, le haghaidh feidhmeanna tacaíochta nó faireacháin le haghaidh bhunú an bhuanchóir, le haghaidh phleanáil agus bhainistiú a hoibríochtaí agus le haghaidh trealamh na Gníomhaireachta féin a fháil.

8.   Maidir leis na baill foirne dá dtagraítear i mír 7 agus maidir leis na baill foirne a bheidh freagrach as feidhmiú Láraonad ETIAS, ní imscarfar iad mar bhaill de na foirne ach, mar sin féin, áireofar iad mar bhaill foirne de chatagóir 1 chun críocha Iarscríbhinn I.

Airteagal 55

Baill foirne reachtúla sa bhuanchór

1.   Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht baill dá baill foirne reachtúla (catagóir 1) leis an mbuanchór a bheidh le himscaradh i limistéir oibríochtúla mar bhaill de na foirne a bhfuil na cúraimí orthu agus a bhfuil na cumhachtaí acu dá bhforáiltear in Airteagal 82, lena n-áirítear an cúram maidir le trealamh na Gníomhaireachta féin a oibriú.

2.   Agus baill foirne á n-earcú aici, áiritheoidh an Ghníomhaireacht nach roghnófar ach iarrthóirí a léiríonn ardleibhéal gairmiúlachta, a chloínn le luachanna eiticiúla arda agus a bhfuil scileanna iomchuí teanga acu.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 62(2), tar éis a n-earcaíochta, déanfar an oiliúint garda teorann is gá nó an oiliúint is gá a bhaineann leis an bhfilleadh, lena n-áirítear ar chearta bunúsacha, a chur ar na baill foirne reachtúla a bheidh le himscaradh mar bhaill de na foirne, de réir mar is ábhartha maidir le próifílí na mball foirne a chinnfidh an bord bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 54(4), agus na cáilíochtaí agus an taithí ghairmiúil a fuair siad roimhe sin sna réimsí ábhartha á gcur san áireamh.

Déanfar an oiliúint dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi chuimsiú cláir oiliúna tiomnaithe arna gceapadh ag an nGníomhaireacht, agus, ar bhonn comhaontuithe le Ballstáit arna roghnú go leithleach, déanfar í a chur chun feidhme ina n-institiúidí speisialaithe oiliúna agus oideachais, lena n-áirítear acadaimh chomhpháirtíochta na Gníomhaireachta sna Ballstáit. Ceapfar mapaí oiliúna iomchuí do gach ball foirne tar éis a earcaíochta nó tar éis a hearcaíochta chun a áirithiú go mbeidh sé nó sí cáilithe go gairmiúil i gcónaí chun cúraimí garda teorann nó cúraimí a bhaineann leis an bhfilleadh a chomhlíonadh. Nuashonrófar mapaí oiliúna go tráthrialta. Is í an Ghníomhaireacht a chumhdóidh costas iomlán na hoiliúna.

Maidir le baill foirne reachtúla a ghníomhaíonn mar chriú teicniúil agus a oibríonn trealamh na Gníomhaireachta féin, ní bheidh orthu oiliúint iomlán garda teorann ná oiliúint a bhaineann leis an bhfilleadh a fháil.

4.   Le linn a dtréimhse fostaithe, áiritheoidh an Ghníomhaireacht go ndéanfaidh a mbaill foirne reachtúla a gcuid dualgas mar bhaill de na foirne i gcomhréir leis na caighdeáin is airde agus go hiomlán i gcomhréir le cearta bunúsacha.

5.   Ar bhonn togra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, déanfaidh an bord bainistíochta an méid seo a leanas:

(a)

sásra maoirseachta iomchuí a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le húsáid fornirt ag baill foirne reachtúla, lena n-áirítear rialacha maidir le tuairisciú agus bearta sonracha, amhail bearta de chineál araíonachta, maidir le húsáid fornirt le linn an imscartha;

(b)

rialacha a bhunú ionas go mbeidh an stiúrthóir feidhmiúcháin in ann baill foirne reachtúla a údarú armáin a iompar agus a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 82 agus Iarscríbhinn V, lena n-áirítear maidir leis an gcomhar éigeantach leis na húdaráis náisiúnta inniúla, go háirithe le húdaráis inniúla Bhallstát na náisiúntachta, an Bhallstáit cónaithe agus Bhallstát na hoiliúna tosaigh; leis na rialacha sin, tabharfar aghaidh freisin ar an gcaoi a áiritheoidh an stiúrthóir feidhmiúcháin go leanfaidh baill foirne reachtúla de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha chun údaruithe den sórt sin a eisiúint, go háirithe maidir le harmáin a láimhseáil, lena n-áirítear tástálacha lámhaigh a dhéanamh go tráthrialta.

(c)

rialacha sonracha a bhunú chun stóráil armán, armlóin agus trealaimh eile i saoráidí slána agus iompar na n-armán, an armlóin agus an trealaimh eile sin chuig limistéir oibríochtúla a éascú.

Maidir leis na rialacha dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, tabharfaidh an Coimisiún tuairim maidir le comhlíonadh na Rialachán Foirne agus na gCoinníollacha Fostaíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne. Rachfar i gcomhairle leis an oifigeach um chearta bunúsacha maidir leis an togra ón stiúrthóir feidhmiúcháin i ndáil leis na rialacha sin.

6.   Ní imscarfar baill foirne na Gníomhaireachta nach bhfuil cáilithe chun cúraimí garda teorann nó cúraimí a bhaineann leis an bhfilleadh a dhéanamh ach amháin le linn oibríochtaí comhpháirteacha le haghaidh comhordaithe, faireachán a dhéanamh ar chearta bunúsacha agus cúraimí ábhartha eile. Ní bheidh siad ina gcuid de na foirne.

7.   Na baill foirne reachtúla a bheidh le himscaradh mar bhaill de na foirne, beidh sé de chumas acu na cúraimí seo a leanas a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 82, a dteastaíonn cumhachtaí feidhmiúcháin ina leith, i gcomhréir le próifílí na mball foirne agus leis an oiliúint ábhartha:

(a)

fíorú céannachta agus náisiúntachta daoine, lena n-áirítear bunachair sonraí ábhartha an Aontais agus bunachair sonraí náisiúnta ábhartha a cheadú;

(b)

údarú a thabhairt dul isteach i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha maidir le dul isteach a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/0399;

(c)

cead isteach a dhiúltú i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/0399;

(d)

doiciméid taistil a stampáil i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2016/0399;

(e)

víosaí a eisiúint nó a dhiúltú ag an teorainn i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40) agus na sonraí ábhartha a iontráil sa Chóras Faisnéise Víosaí;

(f)

faireachán teorainneacha a dhéanamh, lena n-áirítear patról a dhéanamh idir pointí trasnaithe teorann chun trasnú neamhúdaraithe teorann a chosc, an choireacht trasteorann a chomhrac agus bearta a ghlacadh i gcoinne daoine atá tar éis an teorainn a thrasnú go neamhdhleathach, lena n-áirítear idircheapadh nó gabháil;

(g)

méarloirg daoine a ghabhtar maidir le trasnú mírialta teorann seachtraí a chlárú in Eurodac i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41);

(h)

idirchaidreamh a dhéanamh le tríú tíortha d’fhonn doiciméid taistil a shainaithint agus a fháil le haghaidh filltí;

(i)

náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir nósanna imeachta um fhilleadh éigeantach a thionlacan.

Airteagal 56

Rannpháirtíocht na mBallstát sa bhuanchór trí iasacht fhadtéarmach

1.   Rannchuideoidh na Ballstáit leis an mbuanchór trí bhaill foirne oibríochtúla a chur ar iasacht chuig an nGníomhaireacht (catagóir 2). Is 24 mhí a bheidh i ré na dtréimhsí iasachta aonair. Le comhaontú ón mBallstát baile agus ón nGníomhaireacht, féadfar síneadh amháin a chur le hiasachtaí aonair go ceann 12 mhí nó 24 mhí eile. Chun cur chun feidhme an chórais tacaíochta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 61 a éascú, tosóidh iasachtaí, mar riail ghinearálta, i dtús bliana féilire.

2.   Beidh gach Ballstát freagrach as a áirithiú go ndéanfar baill foirne oibríochtúla a rannchuidiú go leanúnach mar bhaill de na foirne ar iasacht i gcomhréir le hIarscríbhinn II. Is i gcomhréir leis na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 95(6) a dhéanfar íocaíocht na gcostas arna dtabhú ag na baill foirne arna n-imscaradh faoin Airteagal seo.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 82, is ionann cúraimí agus cumhachtaí do na baill foirne oibríochtúla a bheidh ar iasacht don Ghníomhaireacht agus cúraimí agus cumhachtaí ball de na foirne. An Ballstát a bhfuil na baill foirne oibríochtúla sin ar iasacht aige, measfar gurb é a mBallstát baile é. Le linn na tréimhse iasachta, cinnfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin láithreacha agus ré imscaradh na mball de na foirne atá ar iasacht i gcomhréir leis na riachtanais oibríochtúla. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht oiliúint leanúnach na mball foirne oibríochtúla le linn a dtréimhse iasachta.

4.   Faoin 30 Meitheamh gach bliain, déanfaidh gach Ballstát na hiarrthóirí ar thréimhse iasachta as measc a mball foirne oibríochtúla a chur in iúl i gcomhréir le líon sonrach agus próifílí sonracha na mball foirne arna gcinneadh ag an mbord bainistíochta don bhliain dar gcionn dá dtagraítear in Airteagal 54(4). Fíoróidh an Ghníomhaireacht an gcomhfhreagraíonn na baill foirne oibríochtúla arna moladh ag na Ballstáit do phróifílí sainithe na mball foirne agus an bhfuil na scileanna teanga is gá acu. Faoin 15 Meán Fómhair gach bliain, glacfaidh an Ghníomhaireacht leis na hiarrthóirí arna moladh nó, i gcásanna nach gcomhlíontar na próifílí atá ag teastáil, nach bhfuil scileanna teanga leordhóthanacha acu, mí-iompair nó sárú ar na rialacha is infheidhme le linn tréimhsí imscartha a bhí ann roimhe sin, diúltóidh sí do na hiarrthóirí i gceist agus iarrfaidh sí ar an mBallstát iarrthóirí eile a mholadh don tréimhse iasachta.

5.   I gcás nach féidir ball foirne oibríochtúla aonair a chur ar iasacht, de bharr force majeure, nó nach féidir leis an mball foirne oibríochtúla leanúint ar aghaidh leis an iasacht, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go gcuirfear ball foirne oibríochtúla eile a mbeidh an phróifíl is gá aige nó aici in ionad na mball foirne sin.

Airteagal 57

Rannpháirtíocht na mBallstát sa bhuanchór trí imscaradh gearrthéarmach

1.   I dteannta na n-iasachtaí faoi Airteagal 56, faoin 30 Meitheamh gach bliain, rannchuideoidh na Ballstáit leis an mbuanchór trí ghardaí teorann agus baill foirne ábhartha eile a ainmniú le haghaidh réamhliosta náisiúnta na mball foirne oibríochtúla a bheidh ar fáil le haghaidh imscaradh gearrthéarmach (catagóir 3) i gcomhréir leis na rannchuidithe a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus i gcomhréir le líon sonrach agus próifílí sonracha na mball foirne arna gcinneadh ag an mbord bainistíochta don bhliain dar gcionn dá dtagraítear in Airteagal 54(4). Déanfar réamhliostaí náisiúnta na mball foirne oibríochtúla atá ainmnithe a chur in iúl don Ghníomhaireacht. Déanfar comhdhéanamh críochnaitheach an liosta bhliantúil a dhearbhú don Ghníomhaireacht tar éis na caibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla a bheith tugtha i gcrích faoi 1 Nollaig na bliana sin.

2.   Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na baill foirne oibríochtúla atá ainmnithe ar fáil arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach san Airteagal seo. Beidh gach ball foirne ar fáil ar feadh tréimhse suas le 4 mhí laistigh de bhliain féilire. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh ball foirne aonair a imscaradh go ceann tréimhse is faide ná 4 mhí. Déanfar síneadh den sórt sin a chomhaireamh mar rannchuidiú ar leithligh de chuid an Bhallstáit sin le haghaidh na próifíle céanna nó le haghaidh próifíl eile a cheanglaítear más amhlaidh go bhfuil na scileanna is gá ag an mball foirne. Is i gcomhréir leis na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 45(2) a dhéanfar íocaíocht na gcostas arna dtabhú ag na baill foirne arna n-imscaradh faoin Airteagal seo.

3.   Is ionann cúraimí agus cumhachtaí do na baill foirne oibríochtúla a imscarfar faoin Airteagal seo agus cúraimí agus cumhachtaí na mball de na foirne i gcomhréir le hAirteagal 82.

4.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht a fhíorú an gcomhfhreagraíonn na baill foirne oibríochtúla atá ainmnithe le haghaidh imscaradh gearrthéarmach ag na Ballstáit do phróifílí sainithe na mball foirne agus an bhfuil na scileanna teanga is gá acu. Diúltóidh an Ghníomhaireacht do bhaill foirne oibríochtúla atá ainmnithe i gcásanna nach bhfuil scileanna leordhóthanacha teanga acu, mí-iompair nó sárú ar na rialacha is infheidhme le linn tréimhsí imscartha a bhí ann roimhe sin. Diúltóidh an Ghníomhaireacht freisin do bhaill foirne atá ainmnithe i gcás neamhchomhlíonadh na bpróifílí is gá mura rud é go bhfuil an ball foirne oibríochtúla i gceist cáilithe do phróifíl eile arna leithdháileadh ar an mBallstát sin. I gcás ina ndiúltaíonn an Ghníomhaireacht do bhall foirne, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go gcuirfear ball foirne oibríochtúla eile a mbeidh an phróifíl is gá aige nó aici in ionad an bhaill foirne sin.

5.   Faoin 31 Iúil gach bliain, iarrfaidh an Ghníomhaireacht ar na Ballstáit baill foirne oibríochtúla aonair shonracha a rannchuidiú lena n-imscaradh mar chuid d’oibríochtaí comhpháirteacha don bhliain dar gcionn de réir an lín agus na bpróifílí is gá. Cinnfear tréimhsí an imscartha aonair sna caibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla agus sna comhaontuithe déthaobhacha bliantúla idir an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit.

6.   Tar éis na gcaibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla, cuirfidh na Ballstáit na baill foirne oibríochtúla ó na liostaí náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 ar fáil le haghaidh imscaradh sonrach de réir an lín agus na bpróifílí a shonraítear in iarraidh na Gníomhaireachta.

7.   I gcás nach féidir ball foirne oibríochtúla aonair a imscaradh i gcomhréir leis na comhaontuithe, de bharr force majeure, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go gcuirfear ball foirne oibríochtúla eile ón liosta a mbeidh an phróifíl is gá aige nó aici in ionad an bhaill foirne sin.

8.   I gcás ina mbeidh breis gá le hoibríocht chomhpháirteach atá á déanamh a athneartú, nó i gcás ina mbeidh gá le mear-idirghabháil teorann nó oibríocht chomhpháirteach nua nár sainíodh sa chlár oibre bliantúil ábhartha ná i dtoradh comhfhreagrach na gcaibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla a sheoladh, déanfar an t-imscaradh laistigh de na teorainneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin na Ballstáit a chur ar an eolas gan mhoill faoi na riachtanais bhreise trí líon agus próifílí na mball foirne oibríochtúla a d’fhéadfadh a bheith á gcur ar fáil ag gach Ballstát a chur in iúl. Nuair a thiocfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin agus an Ballstát óstach ar chomhaontú maidir le plean oibríochtúil leasaithe nó, i gcás inarb ábhartha, maidir le plean oibríochtúil nua, déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an iarraidh fhoirmiúil ar líon agus phróifílí na mball foirne oibríochtúla. Imscarfar na baill de na foirne as gach Ballstát laistigh de 20 lá oibre ón iarraidh fhoirmiúil sin gan dochar d’Airteagal 39.

9.   I gcás ina léirítear in anailís riosca nó in aon mheasúnú leochaileachta atá ar fáil go bhfuil staid ann i mBallstát lena ndéanfaí difear suntasach do chomhlíonadh a chúraimí náisiúnta, rannchuideoidh an Ballstát sin baill foirne oibríochtúla i gcomhréir leis na hiarrataí dá dtagraítear i mír 5 nó 8 den Airteagal seo. Mar sin féin, ní bheidh sna rannchuidithe sin, go carnach, níos mó ná a leath de rannchuidiú an Bhallstáit sin le haghaidh na bliana i gceist mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III. I gcás ina n-agróidh Ballstát staid eisceachtúil den sórt sin, déanfaidh sé cúiseanna cuimsitheacha agus faisnéis maidir leis an staid sin a sholáthar i scríbhinn don Ghníomhaireacht, agus cuirfear inneachar an cháis sin san áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 65.

10.   Is é an Ballstát baile a chinnfidh ré an imscartha le haghaidh oibríocht shonrach ach ní lú ná 30 lá an ré sin in aon chás, seachas más giorra ná 30 lá ré na hoibríochta ar cuid di an t-imscaradh.

11.   Maidir leis an gcriú teicniúil a chuirtear san áireamh le haghaidh rannchuidithe na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 54(5), ní dhéanfar é a imscaradh ach i gcomhréir leis na comhaontuithe a thiocfaidh as na caibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla le haghaidh ítimí comhfhreagracha an trealaimh theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 64(9).

De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, ní dhéanfaidh na Ballstáit an criú teicniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a áireamh ina liostaí bliantúla ach tar éis na caibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla a bheith tugtha i gcrích. Féadfaidh na Ballstáit na liostaí bliantúla ábhartha a choigeartú i gcás aon athruithe ar an gcriú teicniúil le linn na bliana i gceist. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na hathruithe sin don Ghníomhaireacht.

Maidir leis an bhfíorú dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, ní bhainfidh sé leis an inniúlacht maidir leis an trealamh teicniúil a oibriú.

Maidir leis na baill sin den chriú ar cúraimí teicniúla amháin atá orthu, is lena bhfeidhmeanna, agus lena bhfeidhmeanna amháin, a léireofar ar na liostaí bliantúla náisiúnta iad.

Is i gcomhréir le hAirteagal 64 a chinnfear ré imscartha na gcriúnna teicniúla.

Airteagal 58

Rannpháirtíocht na mBallstát sa bhuanchór tríd an gcúltaca le haghaidh mearfhreagartha

1.   Rannchuideoidh na Ballstáit baill foirne oibríochtúla leis an mbuanchór trí bhíthin cúltaca le haghaidh mearfhreagartha (catagóir 4) a bheidh le gníomhachtú ar mhaithe le mear-idirghabhálacha teorann i gcomhréir le hAirteagal 37(2) agus le hAirteagal 39, ar choinníoll go ndearnadh na baill foirne oibríochtúla i gcatagóirí 1, 2 agus 3 a imscaradh ina n-iomláine le haghaidh na mear-idirghabhála teorann i dtrácht.

2.   Beidh gach Ballstát freagrach as a áirithiú go mbeidh na baill foirne oibríochtúla ar fáil sa líon agus leis na próifílí comhfhreagracha arna gcinneadh ag an mbord bainistíochta don bhliain dar gcionn amhail dá dtagraítear in Airteagal 54(4), arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht laistigh de na teorainneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV agus i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach san Airteagal seo. Beidh gach ball foirne oibríochtúla ar fáil ar feadh tréimhse nach mó ná 4 mhí laistigh de bhliain féilire.

3.   Is i gcomhréir le hAirteagal 39(11) agus (13) a dhéanfar an imscaradh sonrach faoi chuimsiú na mear-idirghabhálacha teorann ón gcúltaca le haghaidh mearfhreagartha.

Airteagal 59

Athbhreithniú ar an mbuanchór

1.   Faoin 31 Nollaig 2023, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 62(10) agus in Airteagal 65, athbhreithniú ar líon foriomlán agus comhdhéanamh an bhuanchóir a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina n-áireofar méid rannchuidithe na mBallstát aonair leis an mbuanchór, mar aon le hathbhreithniú ar shaineolas agus gairmiúlacht an bhuanchóir agus ar an oiliúint a fhaigheann sé. Scrúdófar freisin san athbhreithniú cibé an gá an cúltaca le haghaidh mearfhreagartha a choimeád mar chuid den bhuanchór.

Tabharfar tuairisc san athbhreithniú ar riachtanais oibríochtúla atá ann faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ann don bhuanchór lena gcumhdaítear acmhainneachtaí mearfhreagartha, imthosca suntasacha a dhéanann difear do chumas na mBallstát rannchuidiú leis an mbuanchór agus éabhlóid na mball foirne reachtúla a mhéid a bhaineann le rannchuidiú na Gníomhaireachta leis an mbuanchór, agus chuirfear an méid sin san áireamh san athbhreithniú.

2.   Faoin 29 Feabhra 2024, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, tograí iomchuí a thíolacadh chun Iarscríbhinní I, II, III agus IV a leasú. I gcás nach dtíolacfaidh an Coimisiún togra, míneoidh sé na cúiseanna atá leis sin.

Airteagal 60

Oifigí allamuigh

1.   Faoi réir comhaontú leis an mBallstát óstach nó faoi réir an fhéidearthacht sin a bheith curtha san áireamh go sainráite sa chomhaontú maidir le stádas a thugtar i gcrích leis an tríú tír óstach, féadfaidh an Ghníomhaireacht oifigí allamuigh a bhunú ar chríoch an Bhallstáit sin nó an tríú tír sin, chun comhordú gníomhaíochtaí oibríochtúla a éascú agus a fheabhsú, lena n-áirítear i réimse an fhillte, arna n-eagrú ag an nGníomhaireacht sa Bhallstát sin, sa réigiún comharsanachta, nó sa tríú tír sin agus chun a áirithiú go ndéanfar bainistiú éifeachtach ar acmhainní daonna agus teicniúla na Gníomhaireachta. Bunófar na hoifigí allamuigh i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla le haghaidh na tréimhse ama is gá le go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann gníomhaíochtaí oibríochtúla suntasacha a dhéanamh sa Bhallstát sonrach sin, sa réigiún comharsanachta nó sa tríú tír lena mbaineann. Féadfar fad a chur leis an tréimhse ama sin, más gá.

Sula mbunófar oifig allamuigh, déanfar na hiarmhairtí buiséadacha uile a mheasúnú agus a ríomh go cúramach agus déanfar na méideanna ábhartha a bhuiséadú roimh ré.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus an Ballstát óstach nó an tríú tír óstach ina mbunaítear an oifig allamuigh na socruithe is gá chun na dálaí is fearr is féidir a chur ar fáil chun na cúraimí a shanntar don oifig allamuigh a chomhlíonadh. Is i gcomhréir le hAirteagal 95(2) a shocrófar áit fostaíochta na mball foirne a oibríonn in oifigí allamuigh.

3.   I gcás inarb infheidhme, déanfaidh na hoifigí allamuigh an méid seo a leanas:

(a)

tacaíocht oibríochtúil agus lóistíochta a sholáthar agus comhordú ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a áirithiú sna limistéir oibríochtúla lena mbaineann;

(b)

tacaíocht oibríochtúil a sholáthar don Bhallstát nó don tríú tír sna limistéir oibríochtúla lena mbaineann;

(c)

faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus tuairisciú go rialta do cheanncheathrú na Gníomhaireachta;

(d)

comhar a dhéanamh leis an mBallstát óstach nó leis an tríú tír óstach maidir le gach saincheist a bhaineann le cur chun feidhme praiticiúil na ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna n-eagrú ag an nGníomhaireacht sa Bhallstát sin nó sa tríú tír sin, lena n-áirítear aon tsaincheist bhreise a d’fhéadfadh a bheith tagtha chun cinn le linn na ngníomhaíochtaí sin;

(e)

tacú leis an oifigeach comhordúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44 sa chomhar a dhéanann sé nó sí leis na Ballstáit rannpháirteacha maidir le gach saincheist a bhaineann lena rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla arna n-eagrú ag an nGníomhaireacht agus, i gcás inar gá, idirchaidreamh a dhéanamh le ceanncheathrú na Gníomhaireachta;

(f)

tacú leis an oifigeach comhordúcháin agus leis an lucht faireacháin ar chearta bunúsacha a shanntar chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht oibríochtúil ó thaobh comhordú agus cumarsáid a éascú, i gcás inar gá, idir foirne na Gníomhaireachta agus údaráis ábhartha an Bhallstáit óstaigh nó an tríú tír óstach, mar aon le haon chúraimí ábhartha;

(g)

tacaíocht lóistíochta a eagrú a bhaineann le baill de na foirne a imscaradh agus le trealamh teicniúil a imscaradh;

(h)

an tacaíocht lóistíochta eile ar fad a sholáthar maidir leis an limistéar oibríochtúil a bhfuil oifig allamuigh ar leith freagrach as d’fhonn feidhmiú rianúil na ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna n-eagrú ag an nGníomhaireacht a éascú;

(i)

tacú le hoifigeach idirchaidrimh na Gníomhaireachta, gan dochar dá chúraimí agus feidhmeanna nó dá cúraimí agus feidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 31, maidir le haon dúshláin a shainaithint atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo don bhainistiú teorainneacha sa limistéar a bhfuil oifig allamuigh ar leith freagrach as, do chur chun feidhme an acquis um fhilleadh agus tuairisciú go rialta do cheanncheathrú na Gníomhaireachta;

(j)

bainistiú éifeachtach threalamh na Gníomhaireachta féin a áirithiú sna réimsí a chumhdaítear lena cuid gníomhaíochtaí, lena n-áirítear clárú féideartha agus cothabháil fhadtéarmach an trealaimh sin agus aon tacaíocht lóistíochta is gá.

4.   Beidh gach oifig allamuigh faoi bhainistiú ionadaí de chuid na Gníomhaireachta arna cheapadh nó arna ceapadh ag an stiúrthóir feidhmiúcháin mar cheann oifige allamuigh. Déanfaidh ceann na hoifige allamuigh maoirseacht ar obair ghinearálta na hoifige agus gníomhóidh sé nó sí mar phointe teagmhála aonair le ceanncheathrú na Gníomhaireachta.

5.   Ar bhonn togra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, déanfaidh an bord bainistíochta cinneadh maidir le bunú, comhdhéanamh agus ré na hoifige allamuigh agus, i gcás inar gá sin, aon síneadh a d’fhéadfaí a chur le ré oibrithe oifige allamuigh, agus tuairim an Choimisiúin agus comhaontú an Bhallstáit óstaigh nó an tríú tír óstach á gcur san áireamh.

6.   Tabharfaidh an Ballstát óstach cúnamh don Ghníomhaireacht acmhainneacht oibríochtúil a áirithiú.

7.   Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin tuarascáil faoi bhráid an bhoird bainistíochta ar bhonn ráithiúil maidir le gníomhaíochtaí na n-oifigí allamuigh. Tabharfar tuairisc ar ghníomhaíochtaí na n-oifigí allamuigh i roinn ar leith den tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí.

Airteagal 61

Tacaíocht airgeadais le haghaidh fhorbairt an bhuanchóir

1.   Beidh na Ballstáit i dteideal cistiú a fháil, ar bhonn bliantúil, i bhfoirm maoiniú nach bhfuil nasctha le costais chun tacú le forbairt acmhainní daonna chun a rannchuidiú leis an mbuanchór i gcomhréir le hIarscríbhinní II, III agus IV a chinntiú, i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 125(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Beidh an maoiniú sin iníoctha tar éis dheireadh na bliana lena mbaineann agus ar chomhlíonadh coinníollacha a leagtar síos i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo. Beidh an maoiniú sin bunaithe ar mhéid tagartha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo agus is é a bheidh ann:

(a)

100 % den mhéid tagartha arna iolrú faoi líon na mball foirne oibríochtúla a chuirtear in iúl le haghaidh bhliain N + 2 lena gcur ar iasacht i gcomhréir le hIarscríbhinn II;

(b)

37 % den mhéid tagartha arna iolrú faoi líon na mball foirne oibríochtúla a imscartar go héifeachtach i gcomhréir le hAirteagal 57 laistigh den teorainn a shocraítear in Iarscríbhinn III agus i gcomhréir le hAirteagal 58 laistigh den teorainn a shocraítear in Iarscríbhinn IV, de réir mar is infheidhme;

(c)

íocaíocht aonuaire de 50 % den mhéid tagartha arna iolrú faoi líon na mball foirne oibríochtúla a earcaíonn an Ghníomhaireacht mar bhaill foirne reachtúla; beidh feidhm ag an íocaíocht sin maidir le baill foirne a imíonn ó sheirbhísí náisiúnta agus nach bhfuil tréimhse is faide ná 15 bliana caite i seirbhís ghníomhach acu tráth a earcóidh an Ghníomhaireacht iad.

2.   Beidh an méid tagartha i gcoibhéis leis an tuarastal bunúsach bliantúil le haghaidh gníomhaire ar conradh i ngrúpa feidhme III, grád, céim 1 mar a leagtar amach in Airteagal 93 de na Coinníollacha Fostaíochta agus faoi réir comhéifeacht cheartúcháin is infheidhme sa Bhallstát lena mbaineann.

3.   Íocaíocht bhliantúil an mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, ní thiocfaidh sé chun bheith dlite ach amháin ar choinníoll go gcuirfidh na Ballstáit le líon foriomlán a gcuid gardaí teorann náisiúnta faoi seach dá réir sin trí bhaill foirne nua a earcú sa tréimhse lena mbaineann. An fhaisnéis ábhartha chun críocha tuairiscithe, soláthrófar í don Ghníomhaireacht sna caibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla agus déanfar í a fhíorú tríd an measúnú leochaileachta sa bhliain dar gcionn. Íocaíocht bhliantúil an mhéid dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, beidh sé dlite ina iomláine i ndáil le líon na mball foirne a imscartar go héifeachtach ar feadh tréimhse 4 mhí a thagann i ndiaidh a chéile nó nach dtagann i ndiaidh a chéile i gcomhréir le hAirteagal 57 laistigh den teorainn a shocraítear in Iarscríbhinn III agus i gcomhréir le hAirteagal 58 laistigh den teorainn a shocraítear in Iarscríbhinn IV. I gcás imscaradh éifeachtach dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, ríomhfar na híocaíochtaí ar bhonn pro rata le tréimhse thagartha de 4 mhí.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht réamhíocaíocht a dheonú atá nasctha le híocaíochtaí bliantúla na méideanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír (1) den Airteagal seo i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo tar éis don Bhallstát atá ag ranníoc iarraidh shonrach agus réasúnaithe a thíolacadh.

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis an íocaíocht bhliantúil agus maidir le faireachán a dhéanamh ar na coinníollacha is infheidhme dá bhforáiltear i mír 3 den Airteagal seo. Áireofar ar na rialacha sin socruithe maidir le réamhíocaíochtaí ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, mar aon leis na socruithe maidir le ríomhanna pro rata, lena n-áirítear i ndáil le cásanna ina sárófaí na rannchuidithe náisiúnta uasta a leagtar amach in Iarscríbhinn III, go heisceachtúil, dá n-imscarfaí criú teicniúil. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 122(2).

5.   Nuair a bheidh an tacaíocht airgeadais faoin Airteagal seo á cur chun feidhme, áiritheoidh an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit go gcomhlíonfar prionsabail an chómhaoiniúcháin agus nach ndéanfar aon chistiú dúbailte.

Airteagal 62

Oiliúint

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, agus an treochlár cumais dá dtagraítear in Airteagal 9(8) á chur san áireamh i gcás ina bhfuil sé ar fáil, i gcomhar le heintitis oiliúna iomchuí na mBallstát, agus, i gcás inarb iomchuí, le EASO, le FRA, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (euLISA) agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), uirlisí oiliúna sainiúla a fhorbairt, lena n-áirítear oiliúint ar leith maidir le leanaí agus daoine eile i gcás leochaileach a chosaint. Cuirfear san áireamh in ábhar na hoiliúna torthaí ábhartha taighde agus dea-chleachtais ábhartha taighde. Cuirfidh an Ghníomhaireacht oiliúint speisialaithe is ábhartha dá gcúraimí agus dá gcumhachtaí ar ghardaí teorann, ar speisialtóirí don fhilleadh, ar ghardaí tionlacain don fhilleadh, agus ar bhaill foirne ábhartha eile ar baill iad den bhuanchór chomh maith le lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach agus lucht faireacháin ar chearta bunúsacha. Seolfaidh an Ghníomhaireacht freachnaimh go tráthrialta leis na gardaí teorann sin agus le baill eile de na foirne i gcomhréir le sceideal na hoiliúna speisialaithe dá dtagraítear i gclár oibre bliantúil na Gníomhaireachta.

2.   Maidir leis na baill foirne reachtúla ar fad a bheidh le himscaradh mar bhaill de na foirne, áiritheoidh an Ghníomhaireacht go mbeidh oiliúint leormhaith curtha orthu, sa bhreis ar an oiliúint dá dtagraítear in Airteagal 55(3), maidir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear ar chearta bunúsacha, rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, treoirlínte chun daoine atá ag lorg cosaint a shainaithint agus iad a chur i dtreo na nósanna imeachta iomchuí, treoirlínte chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais speisialta na leanaí, lena n-áirítear mionaoisigh gan tionlacan, íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, daoine a bhfuil cóir leighis de dhíth orthu go práinneach agus daoine eile atá an-leochaileach agus, i gcás ina mbeartaítear go mbeidh na baill foirne sin rannpháirteach in oibríochtaí ar muir, oiliúint maidir le cuardach agus tarrtháil, sula n-imscarfar iad ar dtús i ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna n-eagrú ag an nGníomhaireacht.

Cumhdófar freisin in oiliúint den sórt sin úsáid fornirt i gcomhréir le hIarscríbhinn V.

3.   Chun críche mhír 2, déanfaidh an Ghníomhaireacht, ar bhonn na gcomhaontuithe le Ballstáit ar leith, na cláir oiliúna is gá a chur chun feidhme in institiúidí speisialaithe na mBallstát le haghaidh oiliúna agus oideachais, lena n-áirítear acadaimh chomhpháirtíochta na Gníomhaireachta sna Ballstáit. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go leanfaidh an oiliúint na lárchuraclaim chomhchoiteanna, go gcomhchuibheofar í agus go gcothófar léi tuiscint fhrithpháirteach agus cultúr comhchoiteann bunaithe ar na luachanna a chumhdaítear sna Conarthaí. Cumhdóidh an Ghníomhaireacht costas iomlán na hoiliúna.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht, tar éis formheas a fháil ón mbord bainistíochta, ionad oiliúna de chuid na Gníomhaireachta a bhunú chun gur fusa fós a bheidh sé cultúr Eorpach comhchoiteann a chuimsiú san oiliúint a chuirtear ar fáil.

4.   Maidir le baill foirne uile na mBallstát atá rannpháirteach sna foirne ón mbuanchór, glacfaidh an Ghníomhaireacht na tionscnaimh is gá chun a áirithiú go mbeidh an oiliúint dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 curtha orthu.

5.   Glacfaidh an Ghníomhaireacht na tionscnaimh is gá chun oiliúint a áirithiú do na baill foirne sin a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann leis an bhfilleadh, ar baill foirne iad a shanntar don bhuanchór nó don díorma dá dtagraítear in Airteagal 51. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go gcuirfear oiliúint sa dlí idirnáisiúnta ábhartha agus i ndlí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear maidir le cearta bunúsacha, rochtain ar chosaint idirnáisiúnta agus tarchur daoine leochaileacha, ar gach ball foirne reachtúil agus ar na baill foirne ar fad atá rannpháirteach in oibríochtaí um fhilleadh nó in idirghabhálacha um fhilleadh, sula mbeidh siad rannpháirteach i ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna n-eagrú ag an nGníomhaireacht.

6.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht lárchuraclaim chomhchoiteanna a bhunú agus a fhorbairt tuilleadh chun oiliúint a chur ar ghardaí teorann agus déanfaidh sí oiliúint a sholáthar ar an leibhéal Eorpach dóibh siúd a dhéanfaidh gardaí teorann na mBallstát a theagasc, lena n-áirítear oiliúint maidir le cearta bunúsacha, rochtain ar chosaint idirnáisiúnta agus an dlí muirí ábhartha, chomh maith le curaclam comhchoiteann le haghaidh oiliúint a chur ar na baill foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann leis an bhfilleadh. Beidh sé d’aidhm ag na lárchuraclaim chomhchoiteanna na caighdeáin is airde agus na cleachtais is fearr i gcur chun feidhme dhlí an Aontais maidir le bainistiú teorainneacha agus filleadh a chur chun cinn. Tar éis di dul i gcomhairle leis an bhfóram comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 108 (“an fóram comhairliúcháin”) agus leis an oifigeach um chearta bunúsacha, déanfaidh an Ghníomhaireacht na lárchuraclaim chomhchoiteanna a tharraingt suas. Cuimseoidh na Ballstáit na lárchuraclaim chomhchoiteanna san oiliúint a chuireann siad ar fáil dá ngardaí teorann náisiúnta agus do na baill foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann leis an bhfilleadh.

7.   Ina theannta sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht cúrsaí breise oiliúna agus seimineáir ar ábhair a bhaineann le rialú ag teorainneacha seachtracha agus le náisiúnaigh tríú tír a fhilleadh, a chur ar fáil d’oifigigh i seirbhísí inniúla na mBallstát agus, i gcás inarb iomchuí, i seirbhísí náisiúnta inniúla tríú tíortha.

8.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí oiliúna a eagrú ar chríocha an tríú tír i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an tríú tír.

9.   Bunóidh an Ghníomhaireacht clár malartaithe lena gcumasófar do ghardaí teorann atá rannpháirteach ina cuid foirne agus do bhaill de chuid na bhfoirne idirghabhála um fhilleadh fios gnó sonrach nó sainscileanna a fháil i mBallstát eile lasmuigh dá mBallstát féin trí bhíthin taithí agus dea-chleachtas ar an gcoigríoch, trí bheith ag obair le gardaí teorann agus leo siúd a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann leis an bhfilleadh.

10.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht sásra inmheánach rialaithe cáilíochta a bhunú agus a fhorbairt tuilleadh chun ardleibhéal oiliúna, saineolais agus gairmiúlachta a áirithiú i leith a mball foirne reachtúla uile, go háirithe na baill foirne oibríochtúla a bheidh rannpháirteach i ngníomhaíochtaí oibríochtúla na Gníomhaireachta. Ar bhonn chur chun feidhme an tsásra rialaithe cáilíochta, ullmhóidh an Ghníomhaireacht tuarascáil bhliantúil um meastóireacht a ghabhfaidh mar iarscríbhinn leis an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí.

Airteagal 63

Trealamh teicniúil a fháil nó a léasú

1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht, aisti féin nó faoi chomhúinéireacht le Ballstát áirithe, trealamh teicniúil a fháil nó é a léasú d’fhonn an trealamh sin a imscaradh le linn oibríochtaí comhpháirteacha, treoirthionscadal, mear-idirghabhálacha teorann, gníomhaíochtaí i réimse an fhillte, lena n-áirítear oibríochtaí um fhilleadh agus idirghabhálacha um fhilleadh, imscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce nó tionscadail um chúnamh teicniúil, i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht.

2.   Ar bhonn togra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, glacfaidh an bord bainistíochta straitéis ilbhliantúil chuimsitheach maidir leis an gcaoi a mbeidh cumais theicniúla na Gníomhaireachta féin le forbairt agus an timthriall don bheartas ilbhliantúil straitéiseach don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip á chur san áireamh, lena n-áirítear an treochlár cumais dá dtagraítear in Airteagal 9(8), má tá sé ar fáil, agus na hacmhainní buiséadacha a chuirfear ar fáil chun na críche sin sa chreat airgeadais ilbhliantúil. Chun a áirithiú go gcomhlíonfar na creataí dlí, airgeadais agus beartais is infheidhme, ní déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an togra sin go dtí go mbeidh tuairim dhearfach faighte ón gCoimisiún.

Beidh plean mionsonraithe cur chun feidhme ag gabháil leis an straitéis ilbhliantúil lena saineofar an amlíne maidir le trealamh a fháil nó a léasú, pleanáil soláthair agus maolú riosca. Má chineann an bord bainistíochta, agus an straitéis agus an plean á nglacadh aige, imeacht ó thuairim an Choimisiúin, tabharfaidh sé an t-údar atá leis don Choimisiún. Tar éis ghlacadh na straitéise ilbhliantúla, beidh an plean cur chun feidhme ina chuid de chomhpháirt clársceidealaithe ilbhliantúil an doiciméid clársceidealaithe aonair dá dtagraítear i bpointe (k) d’Airteagal 100(2).

3.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht trealamh teicniúil a fháil le cinneadh ón stiúrthóir feidhmiúcháin i gcomhairle leis an mbord bainistíochta agus i gcomhréir leis na rialacha soláthair is infheidhme. Déanfar anailís chríochnúil maidir le riachtanais agus le costas/tairbhe sula bhfaighfear nó léasófar trealamh a tharraingeodh costais shuntasacha ar an nGníomhaireacht. Déanfar foráil do chaiteachas a bhaineann le fáil nó léasú den sórt sin i mbuiséad na Gníomhaireachta arna ghlacadh ag an mbord bainistíochta.

4.   I gcás ina bhfaigheann nó ina léasaíonn an Ghníomhaireacht mórthrealamh teicniúil, amhail aerárthaí, feithiclí seirbhíse nó soithí, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

(a)

i gcás don Ghníomhaireacht trealamh a fháil nó i gcás comhúinéireachta, tiocfaidh an Ghníomhaireacht ar chomhaontú le Ballstát amháin go bhfuil an Ballstát sin le foráil a dhéanamh nach mór an trealamh sin a chlárú mar threalamh atá i seirbhís an rialtais i gcomhréir leis an dlí is infheidhme sa Bhallstát sin, lena n-áirítear sainchumais agus díolúintí i gcás an trealaimh theicniúil sin faoin dlí idirnáisiúnta;

(b)

i gcás léasaithe, déanfar an trealamh a chlárú i mBallstát.

5.   Ar bhonn samhail-chomhaontú arna tharraingt suas ag an nGníomhaireacht agus arna fhormheas ag an mbord bainistíochta, comhaontóidh Ballstát an chláraithe agus an Ghníomhaireacht ar théarmaí lena n-áiritheofar inoibritheacht an trealaimh. I gcás sócmhainní atá faoi chomhúinéireacht, cumhdófar leis na téarmaí freisin tréimhsí a mbeidh lánfháil ag an nGníomhaireacht ar na sócmhainní agus cinnfear úsáid na sócmhainní sin, lena n-áirítear forálacha sonracha maidir le mear-imscaradh le linn mear-idirghabhálacha teorann agus maidir le maoiniú na sócmhainní sin.

6.   Mura bhfuil na baill foirne reachtúla cháilithe is gá ag an nGníomhaireacht, cuirfidh Ballstát an chláraithe nó soláthróir an trealaimh theicniúil na saineolaithe agus an criú teicniúil is gá ar fáil chun an trealamh teicniúil a oibriú ar shlí atá ceart de réir an dlí agus atá sábháilte, i gcomhréir leis an samhail-chomhaontú dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo agus pleanáilte ar bhonn na gcaibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla agus na gcomhaontuithe déthaobhacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 64(9). I gcás den sórt sin, trealamh teicniúil ar leis an nGníomhaireacht amháin é, cuirfear ar fáil don Ghníomhaireacht é arna iarraidh sin di agus ní fhéadfaidh Ballstát an chláraithe an staid eisceachtúil dá dtagraítear in Airteagal 64(9) a agairt.

Agus í ag iarraidh ar Bhallstát trealamh teicniúil agus baill foirne a sholáthar, déanfaidh an Ghníomhaireacht na dúshláin oibríochtúla ar leith atá roimh an mBallstát tráth na hiarrata a chur san áireamh.

Airteagal 64

Comhthiomsú de threalamh teicniúil

1.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht ar bun agus coimeádfaidh sí taifid lárnaithe de threalamh atá i gcomhthiomsú de threalamh teicniúil, ar comhthiomsú é atá comhdhéanta de threalamh atá faoi úinéireacht na mBallstát nó na Gníomhaireachta agus trealamh atá faoi chomhúinéireacht na mBallstát agus na Gníomhaireachta le haghaidh a gníomhaíochtaí oibríochtúla.

2.   Déanfar trealamh ar leis an nGníomhaireacht amháin é a chur ar fáil lena imscaradh aon tráth.

3.   Trealamh atá ag an nGníomhaireacht faoi chomhúinéireacht agus ar mó ná 50 % a sciar ann, cuirfear ar fáil lena imscaradh freisin é i gcomhréir le comhaontú idir Ballstát agus an Ghníomhaireacht, arna thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 63(5).

4.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht an trealaimh a liostaítear sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil a áirithiú.

5.   Chun críocha mhír 4, saineoidh an Ghníomhaireacht, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún, na caighdeáin theicniúla don trealamh atá le himscaradh i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, i gcás inar gá. Trealamh atá faighte ag an nGníomhaireacht, mar úinéir aonair nó mar chomhúinéir, agus trealamh faoi úinéireacht na mBallstát agus a liostaítear sa chomhthiomsú den trealamh teicniúil, comhlíonfaidh sé na caighdeáin sin.

6.   Ar bhonn togra ón stiúrthóir feidhmiúcháin lena gcuirfear anailís riosca na Gníomhaireachta agus na torthaí ar mheasúnuithe leochaileachta san áireamh, cinnfidh an bord bainistíochta, faoin 31 Márta gach bliain, líon íosta na n-ítimí trealaimh a bheidh ag teastáil chun riachtanais na Gníomhaireachta a chomhlíonadh sa bhliain dar gcionn, go háirithe i dtaca le hoibríochtaí comhpháirteacha, imscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, mear-idirghabhálacha teorann, gníomhaíochtaí i réimse an fhillte, lena n-áirítear oibríochtaí um fhilleadh agus idirghabhálacha um fhilleadh a chur i gcrích. Sa líon íosta ítimí de threalamh teicniúil, beidh trealamh na Gníomhaireachta féin. Leis an gcinneadh sin, bunófar rialacha maidir le himscaradh trealaimh theicniúil sna gníomhaíochtaí oibríochtúla.

Mura leor an líon íosta ítimí de threalamh teicniúil chun an plean oibríochtúil a comhaontaíodh i dtaca le gníomhaíochtaí den sórt sin a chur i gcrích, déanfaidh an Ghníomhaireacht an líon íosta sin a athbhreithniú ar bhonn na riachtanas sin a bhfuil údar maith leo agus ar bhonn a chomhaontófar idir na Ballstáit.

7.   Cuimseofar sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil an líon íosta ítimí de threalamh teicniúil, ar ítimí iad ar aithníodh go bhfuil siad de dhíth ar an nGníomhaireacht de réir chineál an trealaimh theicniúil. Déanfar an trealamh a liostófar sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil a imscaradh le linn oibríochtaí comhpháirteacha, imscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, treoirthionscadal, mear-idirghabhálacha teorann, oibríochtaí um fhilleadh nó idirghabhálacha um fhilleadh.

8.   Beidh ar áireamh sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil comhthiomsú de threalamh mearfhreagartha ina mbeidh méid teoranta ítimí de threalamh is gá chun go bhféadfaí mear-idirghabhálacha teorann a d’fhéadfadh a bheith ann a dhéanamh. Déanfar rannchuidithe na mBallstát leis an gcomhthiomsú de threalamh mearfhreagartha a phleanáil de réir na gcaibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla agus na gcomhaontuithe déthaobhacha bliantúla dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo. Maidir leis an trealamh ar liosta na n-ítimí sa chomhthiomsú sin, ní fhéadfaidh na Ballstáit an staid eisceachtúil dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo a agairt.

Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an trealamh ar an liosta sin, mar aon leis na saineolaithe agus an criú teicniúil is gá, a sheoladh chuig an gceann scríbe lena n-imscaradh a luaithe is féidir agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis an dáta a chomhaontófar an plean oibríochtúil.

Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht leis an gcomhthiomsú sin leis an trealamh a bheidh ar fáil ag an nGníomhaireacht amhail dá dtagraítear in Airteagal 63(1).

9.   Rannchuideoidh na Ballstáit leis an gcomhthiomsú de threalamh teicniúil. Maidir le rannchuidiú na mBallstát i dtaca le comhthiomsú agus imscaradh an trealaimh sin le haghaidh oibríochtaí sonracha, déanfar é a phleanáil ar bhonn caibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla agus comhaontuithe déthaobhacha bliantúla idir an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit. I gcomhréir leis na comhaontuithe sin agus a mhéid atá sé ina chuid den líon íosta ítimí de threalamh teicniúil le haghaidh bliain áirithe, cuirfidh na Ballstáit a dtrealamh teicniúil ar fáil lena imscaradh arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, seachas i gcás ina bhfuil staid eisceachtúil a dhéanfadh difear mór do chomhlíonadh a gcuid cúraimí náisiúnta. Má dhéanann Ballstát an staid eisceachtúil sin a agairt, soláthróidh sé cúiseanna agus faisnéis atá cuimsitheach chuig an nGníomhaireacht, i scríbhinn, ar cúiseanna agus faisnéis iad a ndéanfar a n-inneachar a áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 65(1). Déanfar iarraidh na Gníomhaireachta ar a laghad 45 lá roimh imscaradh beartaithe mórthrealaimh theicniúil agus 30 lá roimh imscaradh beartaithe trealaimh eile. Déanfar athbhreithniú bliantúil ar na rannchuidithe leis an gcomhthiomsú de threalamh teicniúil.

10.   Ar bhonn togra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, cinnfidh an bord bainistíochta, ar bhonn bliantúil, na rialacha maidir le trealamh teicniúil, lena n-áirítear an líon foriomlán íosta ítimí is gá, de réir chineál an trealaimh theicniúil agus na téarmaí maidir lena n-imscaradh agus faoina ndéanfar costais a aisíoc chomh maith leis an líon teoranta ítimí de threalamh teicniúil do chomhthiomsú de threalamh mearfhreagartha. Chun críoch buiséadach, ba cheart don bhord bainistíochta an cinneadh sin a dhéanamh faoin 31 Márta gach bliain.

11.   I gcás ina ndéanfar mear-idirghabháil teorann, beidh feidhm ag Airteagal 39(15) dá réir sin.

12.   Má bhíonn gá gan choinne ann do threalamh teicniúil le haghaidh oibríocht chomhpháirteach nó le haghaidh mear-idirghabháil teorann tar éis an líon íosta ítimí de threalamh teicniúil a bheith leagtha síos agus nach féidir na riachtanais sin a chomhlíonadh ón gcomhthiomsú de threalamh teicniúil nó ón gcomhthiomsú de threalamh mearfhreagartha, déanfaidh na Ballstáit, i gcás inar féidir sin, agus ar bhonn ad hoc, an trealamh teicniúil a chur ar fáil don Ghníomhaireacht lena imscaradh, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht.

13.   Tuairisceoidh an stiúrthóir feidhmiúcháin go tráthrialta don bhord bainistíochta maidir le comhdhéanamh agus imscaradh an trealaimh ar cuid den chomhthiomsú de threalamh teicniúil é. I gcás nach mbaintear amach an líon íosta ítimí de threalamh teicniúil a cheanglaítear sa chomhthiomsú, cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an bord bainistíochta ar an eolas ina thaobh gan mhoill. Cinnfidh an bord bainistíochta tosaíocht a thabhairt d’imscaradh práinneach an trealaimh theicniúil agus déanfaidh sé gach beart is gá chun an t-easnamh a leigheas. Cuirfidh an bord bainistíochta an Coimisiún ar an eolas faoin easnamh agus faoi na bearta a rinne sé. Ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoi sin agus faoina mheasúnú féin.

14.   Cláróidh na Ballstáit sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil sin gach modh iompair agus an trealamh oibriúcháin uile a ceannaíodh trí bhíthin bhearta sonracha an Chiste Slándála Inmheánaí i gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42), nó, i gcás inarb ábhartha, trí bhíthin aon chistiú tiomnaithe eile de chuid an Aontais a bheidh ann amach anseo arna chur ar fáil do na Ballstáit agus é mar chuspóir soiléir acmhainneacht oibríochtúil na Gníomhaireachta a mhéadú. Beidh an trealamh teicniúil sin ina chuid den líon íosta ítimí de threalamh teicniúil le haghaidh bliain áirithe.

Arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht faoi chuimsiú na gcaibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla, déanfaidh na Ballstáit trealamh teicniúil atá cómhaoinithe faoi bhearta sonracha an Chiste Slándála Inmheánaí nó le haon chistiú tiomnaithe eile de chuid an Aontais a bheidh ann amach anseo mar a shonraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a chur ar fáil lena imscaradh chuig an nGníomhaireacht. Cuirfear gach ítim trealaimh ar fáil ar feadh tréimhse nach mó ná 4 mhí, mar a phleanáiltear sna caibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh ítim trealaimh a imscaradh go ceann tréimhse is faide ná 4 mhí. I gcás gníomhaíocht oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 39 nó 42 den Rialachán seo, ní fhéadfaidh na Ballstáit an staid eisceachtúil dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo a agairt.

15.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht na taifid a bhaineann leis an gcomhthiomsú de threalamh teicniúil a bhainistiú mar a leanas:

(a)

aicmiú de réir an chineáil trealaimh agus de réir an chineáil oibríochta;

(b)

aicmiú de réir úinéara (Ballstát, gníomhaireacht, eile);

(c)

líon foriomlán ítimí de threalamh a cheanglaítear;

(d)

ceanglais criú más infheidhme;

(e)

faisnéis eile, amhail mionsonraí clárúcháin, ceanglais iompair agus chothabhála, na córais onnmhairíochta náisiúnta is infheidhme, treoracha teicniúla, nó faisnéis eile is ábhartha d’úsáid iomchuí an trealaimh;

(f)

léiriú i dtaobh ar maoiníodh ítim trealaimh le cistiú ón Aontas.

16.   Maoineoidh an Ghníomhaireacht 100 % den chostas a bhainfidh le himscaradh a dhéanamh ar an trealamh teicniúil ar cuid den líon íosta ítimí de threalamh teicniúil é a chuirfidh Ballstát ar leith ar fáil in aon bhliain ar leith. I gcás ina n-úsáidtear trealamh teicniúil nach cuid den líon íosta ítimí de threalamh teicniúil é, déanfaidh an Ghníomhaireacht é a chómhaoiniú ach gan dul os cionn 100 % den chaiteachas incháilithe, agus imthosca ar leith na mBallstát a dhéanfaidh trealamh teicniúil den sórt sin a imscaradh á gcur san áireamh.

Airteagal 65

Tuairisciú maidir le cumais na Gníomhaireachta

1.   Ar bhonn togra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, déanfaidh an bord bainistíochta tuarascáil bhliantúil a ghlacadh agus í a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme Airteagail 51, 55, 56, 57, 58, 63 agus 64 (“tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme”).

2.   Áireofar sa tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme na nithe seo a leanas, go háirithe:

(a)

líon na mball foirne arna gheallúint ag gach Ballstát don bhuanchór, lena n-áirítear tríd an gcúltaca le haghaidh mearfhreagartha, agus do dhíorma an lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach;

(b)

líon na mball foirne reachtúla arna gheallúint ag an nGníomhaireacht don bhuanchór;

(c)

líon na mball foirne arna imscaradh go hiarbhír ón mbuanchór ag gach Ballstát agus ag an nGníomhaireacht in aghaidh na próifíle sa bhliain roimhe sin;

(d)

líon na n-ítimí trealaimh theicniúil arna gheallúint ag gach Ballstát agus ag an nGníomhaireacht don chomhthiomsú de threalamh teicniúil;

(e)

líon na n-ítimí trealaimh theicniúil arna imscaradh ag gach Ballstát agus ag an nGníomhaireacht sa bhliain roimhe sin ón gcomhthiomsú de threalamh teicniúil;

(f)

geallúintí maidir leis an díorma mearfhreagartha de threalamh agus imscaradh trealaimh as;

(g)

forbairt chumais dhaonna agus theicniúla na Gníomhaireachta féin.

3.   Liostófar sa tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme na Ballstáit a d’agair an staid eisceachtúil dá dtagraítear in Airteagal 57(9) agus in Airteagal 64(9) sa bhliain roimhe sin agus áireofar inti na cúiseanna agus an fhaisnéis a sholáthair an Ballstát lena mbaineann.

4.   Chun trédhearcacht a áirithiú, cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an bord bainistíochta ar an eolas ar bhonn ráithiúil maidir leis na heilimintí a liostaítear i mír 2 i ndáil leis an mbliain reatha.

Airteagal 66

Taighde agus nuálaíocht

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán réamhghníomhach ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta is ábhartha do bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, agus cuirfidh sí leo, lena n-áirítear úsáid a bhaint as ardteicneolaíocht rialaithe ag teorainneacha, agus an treochlár cumais dá dtagraítear in Airteagal 9(8) á chur san áireamh. Déanfaidh an Ghníomhaireacht torthaí an taighde sin a scaipeadh ar Pharlaimint na hEorpa, ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 92. Féadfaidh sí na torthaí sin a úsáid, de réir mar is iomchuí, in oibríochtaí comhpháirteacha, i mear-idirghabhálacha teorann, in oibríochtaí um fhilleadh agus in idirghabhálacha um fhilleadh.

2.   Cabhróidh an Ghníomhaireacht leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún téamaí taighde ríthábhachtacha a shainaithint, agus an treochlár dá dtagraítear in Airteagal 9(8) á chur san áireamh. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh do na Ballstáit agus don Choimisiún agus creatchláir ábhartha an Aontais um ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta á dtarraingt suas agus á gcur chun feidhme.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht na codanna sin den Chreatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht a bhaineann le slándáil teorann a chur chun feidhme. Chun na críche sin, agus i gcás ina ndearna an Coimisiún na cumhachtaí ábhartha a tharmligean chuici, beidh na cúraimí seo a leanas ar an nGníomhaireacht:

(a)

ar bhonn na gclár oibre ábhartha a ghlac an Coimisiún, déanfaidh sí bainistiú ar chuid de chéimeanna cur chun feidhme an chláir, agus ar chuid de na céimeanna a bhainfidh le ré feidhme clár sonrach;

(b)

na hionstraimí forghníomhaithe buiséid a ghlacadh i gcás ioncaim agus caiteachais, agus na hoibríochtaí ar fad is gá a dhéanamh chun an clár a bhainistiú;

(c)

tacaíocht a chur ar fáil do chur chun feidhme an chláir.

4.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht treoirthionscadail a bhaineann le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo a phleanáil agus a chur chun feidhme.

5.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis maidir lena tionscadail taighde, lena n-áirítear tionscadail taispeána, na comhpháirtithe comhair atá bainteach agus buiséad an tionscadail, a chur ar fáil don phobal.

ROINN 10

Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS)

Airteagal 67

Láraonad ETIAS

Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go gcuirfear ar bun agus go n-oibreofar Láraonad ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/1240.

ROINN 11

Comhar

Airteagal 68

Comhar na Gníomhaireachta le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   Oibreoidh an Ghníomhaireacht i gcomhar le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, agus féadfaidh sí oibriú i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta, faoi chuimsiú a gcreata dlí faoi seach, agus bainfidh sí úsáid as faisnéis, acmhainní agus córais atá ann cheana agus atá ar fáil i gcreat EUROSUR.

I gcomhréir leis an gcéad fhomhír, oibreoidh an Ghníomhaíocht i gcomhar leo seo a leanas go háirithe:

(a)

an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS);

(b)

Europol;

(c)

EASO;

(d)

FRA;

(e)

Eurojust;

(f)

Lárionad Satailíte an Aontais Eorpaigh;

(g)

EFCA agus EMSA;

(h)

eu-LISA;

(i)

Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) agus an Bainisteoir Líonra an Líonra Eorpaigh um Bainistíocht Aerthráchta (EATMN);

(j)

misin agus oibríochtaí CBSC, i gcomhréir lena sainorduithe, d’fhonn an méid seo a leanas a áirithiú:

(i)

cur chun cinn caighdeán maidir le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip,

(ii)

feasacht ar dhálaí agus anailís riosca.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht obair i gcomhar leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta seo a leanas freisin, de réir mar is ábhartha dá cúraimí, faoi chuimsiú a gcreataí dlí faoi seach:

(a)

na Náisiúin Aontaithe trína gcuid oifigí ábhartha, gníomhaireachtaí ábhartha, eagraíochtaí ábhartha agus eintiteas ábhartha eile, go háirithe Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine, an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce, Oifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta agus an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta;

(b)

Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta (Interpol);

(c)

an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip;

(d)

An Chomhairle Eorpach agus Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine;

(e)

an Lárionad Anailíse agus Oibríochtaí Muirí – Támhshuanaigh (MAOC-N).

2.   Déanfar an comhar dá dtagraítear i mír 1 faoi chuimsiú na socruithe oibre a rinneadh leis na heintitis dá dtagraítear i mír 1. Beidh socruithe den sórt sin faoi réir formheas a fháil roimh ré ón gCoimisiún. Cuirfidh an Ghníomhaireacht Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi aon socrú den sórt sin.

3.   Maidir le faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil, déanfar foráil sna socruithe oibre dá dtagraítear i mír 2 go gcomhlíonfaidh an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht de chuid an Aontais nó an eagraíocht idirnáisiúnta lena mbaineann rialacha agus caighdeáin slándála a bheidh coibhéiseach leo siúd a chuirfidh an Ghníomhaireacht i bhfeidhm. Reáchtálfar cuairt mheasúnaithe sula gcuirfear socrú i gcrích agus cuirfear an Coimisiún ar an eolas faoi thoradh na cuairte measúnaithe sin.

4.   Cé go bhfuil sé lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo, rachaidh an Ghníomhaireacht i mbun comhar freisin leis an gCoimisiún agus, i gcás inarb ábhartha, leis na Ballstáit agus le SEGS i ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an limistéar custaim, lena n-áirítear bainistiú riosca, i gcás ina dtacaíonn na gníomhaíochtaí sin le chéile. Ní dochar an comhar sin d’inniúlacht an Choimisiúin, d’inniúlacht Ard-Ionadaí an Aontais um Ghnóthaí Eachtracha agus Beartas Slándála agus d’inniúlacht na mBallstát atá ann faoi láthair.

5.   Ní bhainfidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, ná na heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 1, úsáid as faisnéis a gheobhaidh siad ón nGníomhaireacht ach amháin faoi theorainneacha a n-inniúlachta agus a mhéid a urramaíonn siad cearta bunúsacha, lena n-áirítear ceanglais cosanta sonraí.

Maidir le sonraí pearsanta a ndéanfaidh an Ghníomhaireacht iad a phróiseáil, beidh tarchur ar bith na sonraí pearsanta sin chuig institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais faoi phointí (c) agus (d) d’Airteagal 87(1) faoi réir socruithe sonracha oibre i ndáil le malartú sonraí pearsanta.

Áireofar sna socruithe oibre dá dtagraítear sa dara fomhír foráil lena n-áiritheofar nach bhféadfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta a tarchuireadh chuig institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a phróiseáil chun críoch eile mura rud é go dtugann an Ghníomhaireacht a húdarú agus go bhfuil an chríoch sin comhoiriúnach leis an gcuspóir tosaigh dá ndearna an Ghníomhaireacht na sonraí a bhailiú agus a tharchur. Coinneoidh na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí sin de chuid an Aontais taifid i scríbhinn ar mheasúnú comhoiriúnachta de réir an cháis.

Aon tarchur sonraí pearsanta ag an nGníomhaireacht chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta faoi phointe (c) d’Airteagal 87(1), beidh sé i gcomhréir leis na forálacha cosanta sonraí a leagtar síos i Roinn 2 de Chaibidil IV.

Go háirithe, áiritheoidh an Ghníomhaireacht, maidir le haon socrú oibre a thabharfar i gcrích le heagraíochtaí idirnáisiúnta maidir le malartú sonraí pearsanta faoi phointe (c) d’Airteagal 87(a), go gcomhlíonfaidh sé Caibidil V de Rialachán (AE) 2018/1725 agus go mbeidh sé faoi réir údarú an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí, i gcás ina bhforáiltear don mhéid sin leis an Rialachán sin.

Áiritheoidh an Ghníomhaireacht nach ndéanfar na sonraí pearsanta a tharchuirtear chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta a phróiseáil ach chun na gcríoch dár tarchuireadh iad.

6.   Malartú faisnéise idir an Ghníomhaireacht agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, agus eagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 1, déanfar é tríd an líonra cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 14 nó trí chórais malartaithe faisnéise chreidiúnaithe eile lena gcomhlíontar critéir na hinfhaighteachta, na rúndachta agus na sláine.

Airteagal 69

Comhar Eorpach um fheidhmeanna garda cósta

1.   Gan dochar do EUROSUR, tacóidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar le EFCA agus EMSA, leis na húdaráis náisiúnta a dhéanann feidhmeanna garda cósta, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal idirnáisiúnta, mar a leanas:

(a)

comhroinnt, comhtháthú agus anailísiú a dhéanamh ar fhaisnéis atá le fáil i gcórais tuairiscithe long agus i gcórais faisnéise eile arna n-óstáil ag na gníomhaireachtaí sin nó atá ar fáil dóibh, i gcomhréir lena mbunúis dlí faoi seach agus gan dochar d’úinéireacht na mBallstát ar na sonraí sin;

(b)

seirbhísí faireachais agus seirbhísí cumarsáide a chur ar fáil bunaithe ar theicneolaíocht úrscothach, lena n-áirítear bonneagar spás-bhunaithe agus bonneagar talún chomh maith le braiteoirí atá suite ar ardán de chineál ar bith;

(c)

acmhainneacht a fhothú trí threoirlínte agus moltaí a tharraingt suas agus trí dhea-chleachtais a bhunú, agus trí oiliúint agus malartú foirne a sholáthar;

(d)

malartú faisnéise agus comhar um fheidhmeanna garda cósta a fheabhsú lena n-áirítear trí dhúshláin oibríochtúla agus rioscaí atá ag teacht chun cinn sa réimse muirí a anailísiú;

(e)

acmhainneacht a chomhroinnt trí oibríochtaí ilchuspóireacha a phleanáil agus a chur chun feidhme agus trí shócmhainní agus acmhainneachtaí eile a chomhroinnt, sa mhéid go ndéanann na gníomhaireachtaí sin na gníomhaíochtaí sin a chomhordú agus go gcomhaontaíonn údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann leo.

2.   Cinnfear foirmeacha beachta an chomhair um fheidhmeanna garda cósta idir an Ghníomhaireacht, EFCA agus EMSA i socrú oibre a bheidh i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach agus leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis na gníomhaireachtaí sin. Déanfaidh bord bainistíochta na Gníomhaireachta agus boird riaracháin EFCA agus EMSA socrú den sórt sin a fhormheas. Ní bhainfidh an Ghníomhaireachtaí, EFCA ná EMSA úsáid as faisnéis a gheofar i gcomhthéacs a gcuid comhair ach amháin laistigh de theorainneacha a gcreata dlí agus i gcomhlíonadh na gceart bunúsach, lena n-áirítear ceanglais cosanta sonraí.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, leis an nGníomhaireacht, le EFCA agus le EMSA, lámhleabhar praiticiúil a chur ar fáil maidir le comhar Eorpach um fheidhmeanna garda cósta. Beidh ar áireamh sa lámhleabhar sin treoirlínte, moltaí agus dea-chleachtais chun faisnéis a mhalartú. Glacfaidh an Coimisiún an lámhleabhar i bhfoirm molta.

Airteagal 70

Comhar le hÉirinn agus leis an Ríocht Aontaithe

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht éascú ar chomhar oibríochtúil na mBallstát le hÉirinn agus leis an Ríocht Aontaithe i dtaca le gníomhaíochtaí sonracha.

2.   Chun críocha EUROSUR, féadfar an malartú faisnéise agus an comhar le hÉirinn agus leis an Ríocht Aontaithe a dhéanamh ar bhonn comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha idir Éire nó an Ríocht Aontaithe faoi seach agus Ballstát comharsanachta amháin nó roinnt Ballstáit chomharsanachta nó trí líonraí réigiúnacha a bheidh bunaithe ar na comhaontuithe sin. Is iad na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin a bheidh ina bpointí teagmhála chun faisnéis a mhalartú le húdaráis chomhfhreagracha na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe faoi chuimsiú EUROSUR.

3.   Beidh na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 2 teoranta don mhalartú faisnéise seo a leanas idir lárionad náisiúnta comhordúcháin agus údarás comhfhreagrach na hÉireann nó na Ríochta Aontaithe:

(a)

faisnéis atá sa léargas ar dhálaí náisiúnta de chuid an Bhallstáit, a mhéid a tarchuireadh faisnéis den sórt sin chuig an nGníomhaireacht í chun críocha an léargais ar dhálaí Eorpacha;

(b)

faisnéis atá bailithe ag Éirinn agus ag an Ríocht Aontaithe atá ábhartha chun críocha an léargais ar dhálaí Eorpacha;

(c)

faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 25(5).

4.   Ní dhéanfar faisnéis, arna soláthar i gcomhthéacs EUROSUR ag an nGníomhaireacht nó ag Ballstát nach bhfuil ina pháirtí i gcomhaontú amhail dá dtagraítear i mír 2, a roinnt le hÉirinn ná leis an Ríocht Aontaithe gan formheas a fháil roimh ré ón nGníomhaireacht nó ón mBallstát sin. Beidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht faoi cheangal ag an diúltú an fhaisnéis sin a roinnt le hÉirinn nó leis an Ríocht Aontaithe.

5.   Toirmiscfear faisnéis arna malartú faoin Airteagal seo a tharchur ar aghaidh chuig tríú tíortha nó chuig tríú páirtithe nó í a cur in iúl dóibh ar bhealach eile.

6.   Áireofar sna comhaontuithe dá dtagraítear i mír 2 forálacha maidir le costais airgeadais a eascróidh as rannpháirtíocht na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe i gcur chun feidhme na gcomhaontuithe sin.

7.   Cuimseofar leis an tacaíocht a bheidh le soláthar ag an nGníomhaireacht de bhun phointí (n), (o) agus (p) d’Airteagal 10(1) eagrú na n-oibríochtaí um fhilleadh de chuid na mBallstát ina mbeidh Éire nó an Ríocht Aontaithe rannpháirteach freisin.

8.   Cuirfear ar fionraí cur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le teorainneacha Ghiobráltar go dtí an dáta a thiocfar ar chomhaontú i dtaca le raon feidhme na mbeart a bhaineann le daoine a bheith ag trasnú na dteorainneacha seachtracha.

Airteagal 71

Comhar le tríú tíortha

1.   Oibreoidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht i gcomhar le tríú tíortha chun críocha bainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip agus an bheartais imirce i gcomhréir le pointe (g) d’Airteagal 3(1).

2.   Ar bhonn na dtosaíochtaí beartais a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 8(4), cuirfidh an Ghníomhaireacht cúnamh teicniúil agus oibríochtúil ar fáil do thríú tíortha faoi chuimsiú bheartas gníomhaíochta seachtraí an Aontais, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cosaint do chearta bunúsacha agus do shonraí pearsanta agus a mhéid a bhaineann le prionsabal an non-refoulement.

3.   Comhlíonfaidh an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit dlí an Aontais, lena n-áirítear noirm agus caighdeáin is cuid de acquis an Aontais, lena n-áirítear i gcás inarb ar chríoch tríú tíortha a dhéanfar an comhar le tríú tíortha.

4.   Fónfaidh bunú an chomhair le tríú tíortha chun caighdeáin bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip a chur chun cinn.

Airteagal 72

Comhar na mBallstát le tríú tíortha

1.   Féadfaidh na Ballstáit oibriú i gcomhar le chéile ar leibhéal oibríochtúil le tríú tír amháin nó níos mó i ndáil leis na réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Féadfar a áireamh le comhar den sórt sin malartú faisnéise agus féadfaidh sé tarlú ar bhonn comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha, cineálacha eile socruithe, nó trí líonraí réigiúnacha arna mbunú ar bhonn na gcomhaontuithe sin.

2.   Agus na comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á gcur i gcrích acu, féadfaidh na Ballstáit forálacha a bhaineann le malartú faisnéise agus le comhar chun críocha EUROSUR a áireamh i gcomhréir le hAirteagail 75 agus 89.

3.   Comhlíonfaidh na comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha agus cineálacha eile socruithe dá dtagraítear i mír 1 dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta maidir le cearta bunúsacha agus cosaint idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Chairt, an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus Coinbhinsiún 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe, Prótacal 1967 a ghabhann leis, agus go háirithe prionsabal an non-refoulement. Agus comhaontuithe agus socruithe den sórt sin á gcur chun feidhme, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar staid ghinearálta an tríú tír agus an staid sin a chur san áireamh freisin ar bhonn tráthrialta, agus tabharfaidh siad aird ar Airteagal 8.

Airteagal 73

Comhar idir an Ghníomhaireacht agus tríú tíortha

1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht oibriú i gcomhar le húdaráis tríú tíortha atá inniúil ar ábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo a mhéid is gá chun a cuid cúraimí a chomhlíonadh. Comhlíonfaidh an Ghníomhaireacht dlí an Aontais, lena n-áirítear noirm agus caighdeáin ar cuid de acquis an Aontais iad, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar an comhar le tríú tíortha ar chríoch na dtríú tíortha sin.

2.   Le linn di oibriú i gcomhar le húdaráis tríú tíortha, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, gníomhóidh an Ghníomhaireacht faoi chuimsiú bheartas gníomhaíochta seachtraí an Aontais, lena n-áirítear maidir le cearta bunúsacha agus sonraí pearsanta a chosaint, prionsabal an non-refoulement, an toirmeasc ar choinneáil threallach agus an toirmeasc ar chéasadh agus ar íde nó phionós atá mídhaonna nó táireach, le tacaíocht ó thoscaireachtaí an Aontais agus i gcomhordú leo agus, i gcás inarb ábhartha, le tacaíocht ó mhisin agus oibríochtaí CBSC agus i gcomhordú leo, i gcomhréir le pointe (j) den dara fomhír d’Airteagal 68(1).

3.   In imthosca ina bhfuil gá le foirne bainistithe teorainneacha ón mbuanchór a imscaradh i dtríú tír ina bhfeidhmeoidh na baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin, tabharfaidh an tAontas comhaontú stádais, a tharraingeofar suas ar bhonn an tsamhail-chomhaontaithe stádais dá dtagraítear in Airteagal 76(1), i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann ar bhonn Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Sa chomhaontú stádais, cumhdófar na gnéithe uile is gá chun dul i mbun na ngníomhaíochtaí. Leagfar amach ann, go háirithe, raon feidhme na hoibríochta, forálacha maidir le dliteanas sibhialta agus coiriúil, cúraimí agus cumhachtaí na mball de na foirne, bearta a bhaineann le bunú oifige allamuigh agus bearta praiticiúla a bhaineann le hurraim do chearta bunúsacha. Sa chomhaontú stádais, áiritheofar go ndéanfar cearta bunúsacha a urramú go hiomlán le linn na n-oibríochtaí sin agus déanfar foráil ann maidir le sásra gearán. Rachfar i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir le forálacha an chomhaontaithe stádais a bhaineann le tarchur sonraí má tá difear nach beag idir na forálacha sin agus forálacha an tsamhail-chomhaontaithe stádais.

4.   I gcás ina bhfuil fáil orthu, gníomhóidh an Ghníomhaireacht chomh maith faoi chuimsiú socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích le húdaráis na dtríú tíortha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le dlí agus beartas an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 76(4).

Sonrófar sna socruithe oibre dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo raon feidhme, cineál agus críoch an chomhair agus beidh baint acu le bainistiú an chomhair oibríochtúil. Féadfar forálacha a bheith san áireamh i socruithe oibre den sórt sin a bhaineann le malartú faisnéise íogaire neamh-rúnaicmithe agus le comhar faoi chuimsiú EUROSUR i gcomhréir le hAirteagal 74(3).

Áiritheoidh an Ghníomhaireacht nach ndéanfaidh na tríú tíortha ar chuchu a tharchuirtear fhaisnéis an fhaisnéis sin a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch dár tarchuireadh í. Is i gcomhréir le hAirteagal 76(4) den Rialachán seo a dhéanfar aon socrú oibre maidir le malartú faisnéise rúnaicmithe a thabhairt i gcrích. Iarrfaidh an Ghníomhaireacht réamhúdarú ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i gcás ina bhforáiltear leis na socruithe oibre sin do tharchur sonraí pearsanta agus i gcás ina bhforáiltear dó sin le Rialachán (AE) 2018/1725.

5.   Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht le cur chun feidhme bheartas gníomhaíochta seachtraí an Aontais maidir le filleadh agus athligean isteach faoi chuimsiú bheartas gníomhaíochta seachtraí an Aontais agus maidir le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

6.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht cistiú a fháil ón Aontas i gcomhréir le forálacha na n-ionstraimí ábhartha lena dtugtar tacaíocht do thríú tíortha agus do ghníomhaíochtaí a bhaineann leo. Féadfaidh sí tionscadail um chúnamh teicniúil a sheoladh agus a mhaoiniú i dtríú tíortha a mhéid a bhaineann le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht. Déanfar tionscadail den sórt sin a áireamh sa doiciméad clársceidealaithe aonair dá dtagraítear in Airteagal 102.

7.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas maidir le gníomhaíochtaí a dhéantar de bhun an Airteagail seo agus, go háirithe, maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le cúnamh teicniúil agus oibríochtúil i réimse an bhainistithe teorainneacha agus an fhillte i dtríú tíortha, agus le himscaradh oifigeach idirchaidrimh, agus déanfaidh sí faisnéis mhionsonraithe maidir le comhlíonadh na gceart bunúsach a sholáthar dóibh. Poibleoidh an Ghníomhaireacht na comhaontuithe, socruithe oibre, treoirthionscadail agus tionscadail um chúnamh teicniúil le tríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 114(2).

8.   Áireoidh an Ghníomhaireacht measúnú ar an gcomhar le tríú tíortha ina tuarascálacha bliantúla.

Airteagal 74

Cúnamh teicniúil agus oibríochtúil arna sholáthar ag an nGníomhaireacht do thríú tíortha

1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhar oibríochtúil a chomhordú idir na Ballstáit agus tríú tíortha agus cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a sholáthar do thríú tíortha i gcomhthéacs an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip.

2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a dhéanamh ar chríoch tríú tír faoi réir comhaontú ón tríú tír sin.

3.   Áireofar oibríochtaí ar chríoch tríú tír sa chlár oibre bliantúil a ghlacfaidh an bord bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 102, agus déanfar iad ar bhonn plean oibríochtúil a comhaontófar idir an Ghníomhaireacht agus an tríú tír lena mbaineann agus i gcomhairle leis na Ballstáit rannpháirteacha. I gcás ina bhfuil Ballstát nó Ballstáit i gcomharsanacht leis an tríú tír nó ag roinnt teorann le limistéar oibríochtúil an tríú tír, beidh an plean oibríochtúil agus aon leasuithe air faoi réir chomhaontú an Bhallstáit sin nó na mBallstát sin. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 38, 43, 46, 47 agus 54 go 57 maidir le himscaradh i dtríú tíortha.

4.   Áiritheoidh an stiúrthóir feidhmiúcháin slándáil na mball foirne arna n-imscaradh i dtríú tíortha.

Chun críche na chéad fhomhíre, cuirfidh na Ballstáit an stiúrthóir feidhmiúcháin ar an eolas maidir le haon ábhar imní a bhaineann le slándáil a náisiúnach dá n-imscarfaí iad ar chríoch tríú tíortha áirithe.

I gcás nach féidir slándáil aon bhaill foirne arna imscaradh i dtríú tíortha a ráthú, déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin bearta iomchuí trí ghnéithe comhfhreagracha an chúnaimh theicniúil agus oibríochtúil arna sholáthar ag an nGníomhaireacht don tríú tír sin a chur ar ceal nó a fhoirceannadh.

5.   Gan dochar d’imscaradh na mball den bhuanchór i gcomhréir le hAirteagail 54 go 57, is ar bhonn deonach a bheidh rannpháirtíocht na mBallstát in oibríochtaí ar chríoch tríú tíortha.

Sa bhreis ar an sásra ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 57(9) agus i mír 4 den Airteagal seo, i gcás nach féidir slándáil a bhaill foirne rannpháirtigh a ráthú chun sástachta an Bhallstáit, féadfaidh an Ballstát sin diúltú a rannchuidiú faoi seach don oibríocht sa tríú tír i gceist a dhéanamh. I gcás ina n-agróidh Ballstát staid eisceachtúil den sórt sin, déanfaidh sé cúiseanna cuimsitheacha agus faisnéis maidir leis an gcás sin a sholáthar i scríbhinn don Ghníomhaireacht, agus cuirfear inneachar na gcúiseanna agus na faisnéise sin sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 65. Soláthrófar cúiseanna agus faisnéis den sórt sin le linn na gcaibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla nó tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an imscaradh. Beidh imscaradh na mball foirne arna gcur ar iasacht i gcomhréir le hAirteagal 56 faoi réir thoiliú an Bhallstáit baile a chuirfear in iúl ar fhógra a fháil ón nGníomhaireacht agus tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an imscaradh.

6.   Féadfar a áireamh i bpleananna oibríochtúla dá dtagraítear i mír 3 forálacha a bhaineann le malartú faisnéise agus comhar chun críche EUROSUR i gcomhréir le hAirteagail 75 agus 89.

Airteagal 75

Malartú faisnéise le tríú tíortha faoi chuimsiú EUROSUR

1.   Beidh lárionaid náisiúnta chomhordúcháin agus, i gcás inarb ábhartha, an Ghníomhaireacht, ina bpointí teagmhála le haghaidh malartú faisnéise agus comhair le tríú tíortha chun críocha EUROSUR.

2.   Sna forálacha a bhaineann le malartú faisnéise agus comhar chun críocha EUROSUR atá sna comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha dá dtagraítear in Airteagal 72(2), tabharfar aghaidh ar an méid seo a leanas:

(a)

na léargais ar dhálaí sonracha arna roinnt le tríú tíortha;

(b)

na sonraí de thionscnamh tríú tíortha is féidir a roinnt sa Léargas ar Dhálaí Eorpacha agus na nósanna imeachta chun na sonraí sin a roinnt;

(c)

na nósanna imeachta agus na coinníollacha trínar féidir seirbhísí cumaisc EUROSUR a sholáthar d’údaráis tríú tíortha;

(d)

na rialacha mionsonraithe maidir le comhar agus maidir le malartú faisnéise le breathnóirí tríú tíortha chun críocha EUROSUR.

3.   Ní dhéanfar faisnéis, arna soláthar i gcomhthéacs EUROSUR ag an nGníomhaireacht nó ag Ballstát nach bhfuil ina pháirtí i gcomhaontú, amhail dá dtagraítear in Airteagal 72(1), a roinnt le tríú tír faoin gcomhaontú sin gan formheas a fháil roimh ré ón nGníomhaireacht nó ón mBallstát sin. Beidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht faoi cheangal ag an diúltú an fhaisnéis sin a roinnt leis an tríú tír lena mbaineann.

Airteagal 76

Ról an Choimisiúin a mhéid a bhaineann le comhar le tríú tíortha

1.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, leis an nGníomhaireacht, le FRA agus leis an Maoirseoir Eorpach ar Chearta Sonraí, déanfaidh an Coimisiún samhail-chomhaontú stádais a tharraingt suas i leith gníomhaíochtaí arna ndéanamh ar chríoch tríú tíortha.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an nGníomhaireacht, samhailfhorálacha a tharraingt suas le haghaidh malartú faisnéise faoi chuimsiú EUROSUR i gcomhréir le hAirteagail 70(2) agus 72(2).

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht agus le comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear FRA agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, tarraingeoidh an Coimisiún suas samhail le haghaidh na socruithe oibre dá dtagraítear in Airteagal 73(4). Sa tsamhail sin, áireofar forálacha a bhaineann le coimircí i dtaca le cearta bunúsacha agus cosaint sonraí lena dtabharfar aghaidh ar bhearta praiticiúla.

3.   Sula dtabharfar comhaontú nua déthaobhach nó iltaobhach dá dtagraítear in Airteagal 72(1) i gcrích, cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi na dréachtfhorálacha a bhaineann le bainistiú teorainneacha agus an filleadh.

Tabharfaidh na Ballstáit lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi fhorálacha comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha reatha agus nua den sórt sin a bhaineann le bainistiú teorainneacha agus an filleadh, agus cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle agus an Ghníomhaireacht ar an eolas fúthu.

4.   Sula bhformheasfaidh an bord bainistíochta aon socruithe oibre idir an Ghníomhaireacht agus údaráis inniúla tríú tíortha, tabharfaidh an Ghníomhaireacht fógra don Choimisiún fúthu, agus tabharfaidh an Coimisiún formheas roimh ré. Sula dtabharfar aon socrú oibre den sórt sin i gcrích, cuirfidh an Ghníomhaireacht ar fáil do Pharlaimint na hEorpa faisnéis mhionsonraithe a mhéid a bhaineann leis na páirtithe sa socrú oibre agus an t-inneachar atá beartaithe dó.

5.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht fógra don Choimisiún maidir leis na pleananna oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 74(3). Beidh aon chinneadh maidir le hoifigigh idirchaidrimh a imscaradh chuig tríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 77 faoi réir tuairim a fháil roimh ré ón gCoimisiún. Coimeádfar Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas i leith na ngníomhaíochtaí sin gan mhoill.

Airteagal 77

Oifigigh idirchaidrimh i dtríú tíortha

1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht saineolaithe óna baill foirne reachtúla agus saineolaithe eile a imscaradh mar oifigigh idirchaidrimh, a bhainfidh tairbhe as an gcosaint is fearr dá bhfuil ann agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu i dtríú tíortha. Beidh siad ina gcuid de líonraí comhair áitiúla nó réigiúnacha na n-oifigeach idirchaidrimh agus na saineolaithe slándála inimirce de chuid an Aontais agus na mBallstát, lena n-áirítear an líonra a cuireadh ar bun de bhun Rialachán (AE) 2019/1240. Trí chinneadh ón mbord bainistíochta, féadfaidh an Ghníomhaíocht próifílí sonracha na n-oifigeach idirchaidrimh a leagan síos, ag brath ar riachtanais oibríochtúla maidir leis an tríú tír lena mbaineann.

2.   Faoi chuimsiú bheartas gníomhaíochta seachtraí an Aontais, tabharfar tosaíocht i dtaca le himscaradh oifigeach idirchaidrimh do na tríú tíortha sin, ar tír thionscnaimh nó tír idirthurais maidir leis an inimirce neamhdhlíthiúil iad, bunaithe ar anailís riosca. Ar bhonn cómhalartach, féadfaidh an Ghníomhaireacht glacadh le hoifigigh idirchaidrimh a chuirfidh na tríú tíortha sin ar dualgas. Ar bhonn moladh ón stiúrthóir feidhmiúcháin, glacfaidh an bord bainistíochta liosta na dtosaíochtaí ar bhonn bliantúil. Déanfaidh an bord bainistíochta imscaradh na n-oifigeach idirchaidrimh a fhormheas tar éis tuairim a fháil ón gCoimisiún.

3.   Áireofar ar chúraimí oifigigh idirchaidrimh na Gníomhaireachta teagmhálacha a bhunú agus a choinneáil le húdaráis inniúla an tríú tír sin dár sannadh na hoifigigh d’fhonn rannchuidiú le cosc na hinimirce neamhdhlíthiúla, agus leis an gcomhrac i gcoinne na hinimirce sin, agus rannchuidiú le fillithe a fhilleadh, lena n-áirítear trí chúnamh teicniúil a sholáthar i dtaobh náisiúnaigh tríú tíortha a shainaithint agus doiciméid taistil a fháil. Déanfar cúraimí den sórt sin i gcomhréir le dlí an Aontais agus urramófar leo cearta bunúsacha. Comhordóidh oifigigh idirchaidrimh na Gníomhaireachta go dlúth le toscaireachtaí an Aontais, le Ballstáit i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1240 agus, i gcás inarb ábhartha, le misin agus oibríochtaí CBSC mar a leagtar amach i bpointe (j) den dara fomhír d’Airteagal 68(1). I gcás ar bith inar féidir, beidh a n-oifigí acu san áitreabh céanna le toscaireachtaí an Aontais.

4.   I dtríú tíortha nach bhfuil oifigigh idirchaidrimh imscartha ag an nGníomhaireacht iontu, féadfaidh an Ghníomhaireacht tacú le Ballstát chun oifigeach idirchaidrimh um fhilleadh a imscaradh chun tacaíocht a sholáthar do na Ballstáit, agus chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta freisin, i gcomhréir le hAirteagal 48.

Airteagal 78

Breathnóirí atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta

1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht, le comhaontú ó na Ballstáit lena mbaineann, cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ó mhisin agus oibríochtaí CBSC dá dtagraítear i bpointe (j) den dara fomhír d’Airteagal 68(1) a bheith rannpháirteach ina cuid gníomhaíochtaí, go háirithe in oibríochtaí comhpháirteacha agus i dtreoirthionscadail, in anailís riosca agus in oiliúint, a mhéid a bheidh láithreacht na mbreathnóirí sin i gcomhréir le cuspóirí na ngníomhaíochtaí sin, agus a d’fhéadfadh a láithreacht a bheith ina rannchuidiú le feabhsú an chomhair agus le malartú dea-chleachtas, agus nach ndéanann sí aon difear do shábháilteacht ná slándáil fhoriomlán na ngníomhaíochtaí sin. Ní bheidh breathnóirí den sórt sin rannpháirteach in anailís riosca ná in oiliúint mura mbeidh comhaontú ó na Ballstáit lena mbaineann ann. Maidir le hoibríochtaí comhpháirteacha agus le treoirthionscadail, beidh rannpháirtíocht na mbreathnóirí sin faoi réir comhaontú ó na Ballstáit óstaigh. Áireofar sa phlean oibríochtúil rialacha mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht na mbreathnóirí. Gheobhaidh na breathnóirí sin oiliúint iomchuí ón nGníomhaireacht roimh a rannpháirtíocht.

2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht, le comhaontú ó na Ballstáit lena mbaineann, cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí ó thríú tíortha a bheith rannpháirteach ina gníomhaíochtaí ag na teorainneacha seachtracha, in oibríochtaí um fhilleadh, in idirghabhálacha um fhilleadh, agus um oiliúint, dá dtagraítear in Airteagal 62, a mhéid a bheidh láithreacht na mbreathnóirí sin i gcomhréir le cuspóirí na ngníomhaíochtaí sin, go bhféadfadh an láithreacht sin rannchuidiú le comhar a fheabhsú agus le malartú dea-chleachtas, agus nach ndéanann sí aon difear do shábháilteacht fhoriomlán na ngníomhaíochtaí sin ná do shábháilteacht náisiúnach tríú tír. Áireofar sa phlean oibríochtúil rialacha mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht na mbreathnóirí. Gheobhaidh na breathnóirí sin oiliúint iomchuí ón nGníomhaireacht roimh a rannpháirtíocht. Ceanglófar orthu cloí le cóid iompair na Gníomhaireachta le linn dóibh páirt a ghlacadh ina gníomhaíochtaí.

3.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht nach mbeidh aon riosca a bhaineann le hurraim do chearta bunúsacha ann de thoradh láithreacht na mbreathnóirí.

CAIBIDIL III

DOICIMÉID BHRÉAGACHA AGUS DOICIMÉID BHARÁNTÚLA AR LÍNE (FADO)

Airteagal 79

Tógfaidh an Ghníomhaireacht ar láimh agus feidhmeoidh sí córas na nDoiciméad Bréagach agus Doiciméad Barántúla ar Líne (“FADO”) a bunaíodh i gcomhréir le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/700/CGB.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA GINEARÁLTA

ROINN 1

Rialacha Ginearálta

Airteagal 80

Cosaint do chearta bunúsacha agus straitéis um chearta bunúsacha

1.   Áiritheoidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach go ndéanfar cearta bunúsacha a chosaint agus a chúraimí á gcur i gcrích aige faoin Rialachán seo i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais, go háirithe an Chairt, agus an dlí ábhartha idirnáisiúnta, lena n-áirítear Coinbhinsiún 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe, Prótacal 1967 a ghabhann leis, an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh agus oibleagáidí a bhaineann le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, go háirithe prionsabal an non-refoulement.

Chun na críche sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht, le rannchuidiú ón oifigeach um chearta bunúsacha agus faoi réir fhormhuiniú an oifigigh sin, straitéis agus plean gníomhaíochta um chearta bunúsacha a tharraingt suas, a chur chun feidhme a fhorbairt tuilleadh, lena n-áirítear sásra éifeachtach chun faireachán a dhéanamh ar urraim do chearta bunúsacha i ngníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta.

2.   I bhfeidhmiú a chúraimí dó, áiritheoidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach nach gcuirfear brú ar aon duine, de shárú ar phrionsabal an non-refoulement, díbhordáil, dul i dtír, agus nach ndéanfar aon duine a sheoladh chuig tír, nó a thabhairt ar láimh nó a fhilleadh ar shlí eile do na húdaráis i dtír ina bhfuil, inter alia, riosca tromchúiseach ann go ndéanfaí é nó í a chur faoi phionós an bháis nó a chéasadh nó go gcuirfí íde nó pionós mídhaonna nó táireach air nó uirthi, nó i gcás ina mbeadh bagairt ann do shaol nó saoirse an duine mar gheall ar chine, reiligiún, náisiúntacht, gnéaschlaonadh, ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe nó tuairimí polaitiúla, nó i dtír a bhféadfadh riosca a bheith ann go ndéanfaí an duine a dhíbirt, a dhíchur nó a eiseachadadh aisti nó a fhilleadh chuig tír eile de shárú ar phrionsabal an non-refoulement.

3.   I bhfeidhmiú a chúraimí dó, cuirfidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach san áireamh na riachtanais speisialta a bhíonn ag leanaí, ag mionaoisigh neamhthionlactha, ag daoine faoi mhíchumas, ag íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, ag daoine a bhfuil cúnamh liachta de dhíth orthu, ag daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, ag daoine atá i nguais ar muir, agus ag daoine eile i gcás an-leochaileach, agus tabharfaidh sé aghaidh ar na riachtanais sin ina shainordú. I ngach gníomhaíocht dá chuid, tabharfaidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach aird ar leith ar chearta leanaí agus áiritheoidh sé go n-urramófar sár-leasanna an linbh.

4.   I bhfeidhmiú a chúraimí di, cuirfidh an Ghníomhaireacht san áireamh ina caidreamh leis na Ballstáit agus sa chomhar a dhéanfaidh sí le tríú tíortha tuarascálacha an fhóraim comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 108 agus tuarascálacha an oifigigh um chearta bunúsacha.

Airteagal 81

Cód iompair

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis an bhfóram comhairliúcháin, cód iompair a tharraingt suas agus a fhorbairt tuilleadh, ar cód é a mbeidh feidhm aige maidir leis na hoibríochtaí uile um rialú ag teorainneacha arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht agus maidir le gach duine a bheidh rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Leagfar síos leis an gcód iompair nósanna imeachta atá beartaithe chun prionsabal an smachta reachta agus an prionsabal go n-urramaítear cearta bunúsacha a ráthú, agus beifear ag díriú go sonrach ar dhaoine leochaileacha, lena n-áirítear páistí, mionaoisigh neamhthionlactha agus daoine eile i gcás leochaileach, mar aon le daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis an bhfóram comhairliúcháin, cód iompair a tharraingt suas agus a fhorbairt tuilleadh i leith oibríochtaí um fhilleadh agus idirghabhálacha um fhilleadh, ar cód é a mbeidh feidhm aige le linn na n-oibríochtaí agus na n-idirghabhálacha uile um fhilleadh a bheidh á gcomhordú nó á n-eagrú ag an nGníomhaireacht. Beidh cur síos sa chód iompair sin ar nósanna imeachta caighdeánaithe comhchoiteanna a mbeidh sé mar aidhm leo simpliú a dhéanamh ar eagrú oibríochtaí um fhilleadh agus idirghabhálacha um fhilleadh, agus áiritheofar leis an gcód iompair filleadh ar bhealach daonnúil agus le lánurraim do chearta bunúsacha, agus go háirithe do phrionsabail i dtaca le dínit an duine, toirmeasc ar chéasadh agus toirmeasc ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, leis an gceart chun saoirse agus slándála, leis an gceart chun cosanta sonraí pearsanta agus leis an gceart chun neamh-idirdhealú.

3.   Tabharfar aird, go háirithe, sa chód iompair um fhilleadh ar oibleagáid na mBallstát foráil a dhéanamh do chóras éifeachtach faireacháin i dtaca le filleadh éigeantach de réir mar a leagtar síos in Airteagal 8(6) de Threoir 2008/115/CE agus ar an straitéis um chearta bunúsacha.

Airteagal 82

Cúraimí agus cumhachtaí na mball de na foirne

1.   Beidh an cumas ag baill de na foirne cúraimí a chur i gcrích agus cumhachtaí a fheidhmiú i dtaca le rialú ag teorainneacha agus filleadh, maille leis na cúraimí agus na cumhachtaí is gá chun cuspóirí Rialacháin (AE) Uimh. 656/2014 agus (AE) 2016/399 agus Threoir 2008/115/CE a bhaint amach.

2.   Beidh cur i gcrích na gcúraimí agus feidhmiú na gcumhachtaí ag baill de na foirne, go háirithe na cúraimí agus na cumhachtaí sin a bhfuil cumhachtaí feidhmiúcháin ag teastáil ina leith, faoi réir údarú an Bhallstáit óstaigh ar a chríoch mar aon le dlí an Aontais, an dlí náisiúnta nó an dlí idirnáisiúnta is infheidhme, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 656/2014, mar a thuairiscítear sna pleananna oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 38.

3.   Agus a gcúraimí á gcur i gcrích agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu, áiritheoidh baill de na foirne lánurraim do chearta bunúsacha agus comhlíonfaidh siad dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta agus dlí náisiúnta an Bhallstáit óstaigh.

4.   Gan dochar d’Airteagal 95(1) maidir le baill foirne reachtúla, ní fhéadfaidh baill de na foirne cúraimí a chur i gcrích agus cumhachtaí a fheidhmiú ach amháin faoi threoracha ó ghardaí teorann nó ó bhaill foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann leis an bhfilleadh de chuid an Bhallstáit óstaigh agus, mar riail ghinearálta, i láthair na ngardaí teorann nó na mball foirne sin. Féadfaidh an Ballstát óstach baill de na foirne a údarú chun gníomhú thar a cheann.

5.   Féadfaidh an Ballstát óstach teagmhais a bhaineann le neamh-chomhlíonadh an phlean oibríochtúil ag baill de na foirne, lena n-áirítear maidir le cearta bunúsacha, a thuairisciú don Ghníomhaireacht tríd an oifigeach comhordúcháin chun obair leantach fhéideartha a dhéanamh, a bhféadfaidh bearta araíonachta a bheith ar áireamh léi.

6.   Is í éide an bhuanchóir a bheidh á gcaitheamh ag baill foirne reachtúla ar baill de na foirne iad le linn dóibh a gcúraimí a chur i gcrích agus a gcumhachtaí a fheidhmiú. Is iad a n-éidí féin a bheidh á gcaitheamh ag na baill de na foirne arna gcur ar iasacht fhadtéarmach ó na Ballstáit nó arna n-imscaradh go gearrthéarmach le linn dóibh a gcúraimí a chur i gcrích agus a gcumhachtaí a fheidhmiú.

De mhaolú ar an chéad fhomhír den mhír seo, léireofar sa chinneadh ón mbord bainistíochta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 54(4) na próifílí sin nach bhfuil an oibleagáid i dtaca le héide a chaitheamh infheidhme maidir leo i ngeall ar nádúr sonrach na gníomhaíochta oibríochtúla.

Beidh léiriú céannachta pearsanta infheicthe agus banda muinchille gorm ar a mbeidh ionchomharthaí an Aontais agus na Gníomhaireachta á gcaitheamh ar a éide ag gach ball de na foirne, lena bhféadfar a shainaithint go bhfuil siad rannpháirteach in oibríocht chomhpháirteach, in imscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, i dtreoirthionscadal, i mear-idirghabháil teorann, in oibríocht um fhilleadh nó in idirghabháil um fhilleadh. Chun críocha sainaitheanta i dtaca le húdaráis náisiúnta an Bhallstáit óstaigh, beidh doiciméad creidiúnaithe ar iompar ag baill de na foirne i gcónaí, agus taispeánfaidh siad é arna iarraidh sin orthu.

Leagfar síos dearadh agus sonraíochtaí éidí na mball foirne reachtúla le cinneadh ón mbord bainistíochta, ar bhonn moladh ón stiúrthóir feidhmiúcháin a dhéanfar tar éis tuairim a fháil ón gCoimisiún.

7.   Maidir le baill foirne arna gcur ar iasacht chuig an nGníomhaireacht nó arna n-imscaradh ó Bhallstát go gearrthéarmach, is faoi réir dhlí náisiúnta an Bhallstáit baile a bheidh an cumas armáin seirbhíse, armlón agus trealamh a iompar agus a úsáid.

Is faoi réir an chreata agus na rialacha mionsonraithe a leagtar síos san Airteagal seo agus in Iarscríbhinn V a bheidh an cumas armáin seirbhíse, armlón agus trealamh a iompar agus a úsáid de na baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne.

Chun críche na míre seo a chur chun feidhme, féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin údarú a thabhairt do bhaill foirne reachtúla armáin a iompar agus a úsáid i gcomhréir leis na rialacha arna nglacadh ag an mbord bainistíochta, i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 55(5).

8.   Tabharfaidh an Ballstát óstach údarú do bhaill de na foirne, lena n-áirítear baill foirne reachtúla, le haghaidh na bpróifílí ábhartha cúraimí a fheidhmiú le linn imscaradh lena bhfuil gá le húsáid fornirt, lena n-áirítear armáin seirbhíse, armlón agus trealamh a iompar agus a úsáid, agus beidh siad faoi réir thoiliú an Bhallstáit baile nó, i gcás na mball foirne reachtúla, faoi réir thoiliú na Gníomhaireachta. Déanfar úsáid fornirt, lena n-áirítear iompar agus úsáid armán seirbhíse, armlóin agus trealaimh, a fheidhmiú i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit óstaigh agus i láthair gardaí teorann de chuid an Bhallstáit óstaigh. Féadfaidh an Ballstát óstach, le toiliú an Bhallstáit baile nó na Gníomhaireachta i gcás inarb iomchuí, baill de na foirne a údarú chun forneart a úsáid ar a chríoch nuair nach mbeidh gardaí teorann an Bhallstáit óstaigh i láthair.

Féadfaidh an Ballstát óstach toirmeasc a chur ar armáin seirbhíse, armlón agus trealamh áirithe a iompar, ar choinníoll go gcuirtear, faoi dhlí an Bhallstáit féin, an cosc céanna i bhfeidhm ar a ghardaí teorann nó ar a bhaill foirne féin agus iad rannpháirteach i gcúraimí a bhaineann leis an bhfilleadh. Sula n-imscarfar baill de na foirne, cuirfidh an Ballstát óstach an Ghníomhaireacht ar an eolas i dtaobh na n-armán seirbhíse, an armlóin agus an trealaimh is incheadaithe, agus i dtaobh na gcoinníollacha a bhaineann lena n-úsáid. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit.

9.   Féadfar armáin seirbhíse, armlón agus trealamh a úsáid i bhféinchosaint dhlisteanach, i gcosaint dhlisteanach ball de na foirne nó i gcosaint daoine eile, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit óstaigh i gcomhréir le prionsabail ábhartha dhlí idirnáisiúnta na gceart bunúsach agus leis an gCairt.

10.   Chun críocha an Rialacháin seo, údaróidh an Ballstát óstach do bhaill de na foirne ceadú a dhéanamh ar bhunachair sonraí de chuid an Aontais, ar ceadú é atá riachtanach chun aidhmeanna oibríochtúla a chomhall, a shonraítear sa phlean oibríochta maidir le seiceálacha teorann, faireachas ar theorainneacha agus filleadh, trína gcomhéadain náisiúnta nó aon chineál rochtana eile dá bhforáiltear i ngníomhartha dlí de chuid an Aontais lena mbunaítear bunachair sonraí den sórt sin, de réir mar is infheidhme. Féadfaidh an Ballstát óstach baill de na foirne a údarú freisin a bhunachair sonraí náisiúnta a cheadú i gcás inar gá chun na críche céanna. Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh siad an rochtain sin ar bhunachair sonraí ar shlí éifeachtúil agus éifeachtach. Ní cheadóidh baill de na foirne ach na sonraí sin a bhfuil fíorghá leo chun a gcúraimí a chur i gcrích agus a gcumhachtaí a fheidhmiú. Sula n-imscarfar baill de na foirne, cuirfidh an Ballstát óstach an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi na bunachair sonraí náisiúnta agus faoi bhunachair sonraí an Aontais a fhéadfar a cheadú. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin ar fáil do gach Ballstát a bheidh rannpháirteach san imscaradh.

Déanfar an ceadú sin i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí agus le dlí náisiúnta an Bhallstáit óstaigh maidir le cosaint sonraí.

11.   I gcás ina n-údaraíonn an Ballstát óstach dóibh gníomhú thar a cheann, is iad gardaí teorann an Bhallstáit óstaigh nó baill de na foirne, agus na gardaí teorann nó baill foirne sin amháin, a dhéanfaidh cinntí maidir le cead isteach a dhiúltú i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/399 agus cinntí maidir le víosaí a dhiúltú ag an teorainn i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009.

Airteagal 83

Doiciméad creidiúnaithe

1.   Eiseoidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis an mBallstát óstach, doiciméad i dteanga oifigiúil an Bhallstáit óstaigh agus i dteanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais chuig baill de na foirne chun iad a shainaithint agus de chruthúnas ar chearta an tsealbhóra chun cúraimí a chur i gcrích agus cumhachtaí a fheidhmiú amhail dá dtagraítear in Airteagal 82. Beidh na gnéithe seo a leanas de gach ball de na foirne ar áireamh sa doiciméad sin:

(a)

ainm agus náisiúntacht;

(b)

céim nó teideal an phoist;

(c)

grianghraf digitithe a tógadh le deireanas; agus

(d)

na cúraimí sin atá le déanamh le linn an imscartha údaraithe.

2.   Seolfar an doiciméad sin ar ais chuig an nGníomhaireacht tráth a thiocfaidh deireadh le haon oibríocht chomhpháirteach, imscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, treoirthionscadal, mear-idirghabháil teorann, oibríocht um fhilleadh nó idirghabháil um fhilleadh.

Airteagal 84

Dliteanas sibhialta na mball de na foirne

1.   Gan dochar d’Airteagal 95, i gcás ina mbeidh baill de na foirne ag feidhmiú i mBallstát óstach, is é an Ballstát sin, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta féin, a bheidh faoi dhliteanas i leith aon damáiste a dhéanfaidh na baill le linn a gcuid oibríochtaí.

2.   Más de thoradh mhórfhaillí nó mhí-iompar toiliúil na mball de na foirne arna gcur ar iasacht nó arna n-imscaradh ag na Ballstáit a tharlóidh damáiste den sórt sin, féadfaidh an Ballstát óstach iarraidh ar an mBallstát baile aisíocaíocht a dhéanamh dó ar aon suimeanna airgid a d’íoc an Ballstát óstach leis na páirtithe díobhálaithe nó le daoine a bhfuil teideal acu suimeanna airgid den sórt sin a fháil thar a gceann.

Más de thoradh mhórfhaillí nó mhí-iompar toiliúil na mball foirne reachtúla a tharla an damáiste sin, féadfaidh an Ballstát óstach iarraidh ar an nGníomhaireacht aisíocaíocht a dhéanamh dó ar aon suimeanna airgid a d’íoc an Ballstát óstach leis na páirtithe díobhálaithe nó le daoine a bhfuil teideal acu suimeanna airgid den sórt sin a fháil thar a gceann. Ní dochar an méid sin gan d’aon chaingean in aghaidh na Gníomhaireachta os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“an Chúirt Bhreithiúnais”) i gcomhréir le hAirteagal 98.

3.   Gan dochar d’fheidhmiú a cheart i leith tríú páirtithe, déanfaidh gach Ballstát a éilimh uile in aghaidh an Bhallstáit óstaigh nó in aghaidh aon Bhallstáit eile i leith aon damáiste a rinneadh dó a tharscaoileadh, ach amháin i gcásanna mórfhaillí nó mí-iompar toiliúil.

4.   Aon díospóid a tharlóidh idir na Ballstáit, nó idir Ballstát agus an Ghníomhaireacht, a bhaineann le cur i bhfeidhm mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo agus nach féidir a réiteach le caibidlíochtaí eatarthu, cuirfear í faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais.

5.   Gan dochar d’fheidhmiú a ceart i leith tríú páirtithe, seasfaidh an Ghníomhaireacht na costais a bhaineann le damáiste a dhéantar dá trealamh agus imscaradh ar siúl, ach amháin i gcásanna mórfhaillí nó mí-iompar toiliúil.

Airteagal 85

Dliteanas coiriúil na mball de na foirne

Gan dochar d’Airteagal 95, agus oibríocht chomhpháirteach, treoirthionscadal, imscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, mear-idirghabháil teorann, oibríocht um fhilleadh nó idirghabháil um fhilleadh ar siúl, déileálfar le baill de na foirne i gcríoch an Bhallstáit óstaigh, lena n-áirítear baill foirne reachtúla, mar a dhéileálfaí le feidhmeannaigh an Bhallstáit óstaigh i dtaca le haon chion coiriúil a d’fhéadfaí a dhéanamh ina n-aghaidh nó a d’fhéadfaidís féin a dhéanamh.

ROINN 2

Próiseáil sonraí pearsanta ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach

Airteagal 86

Rialacha ginearálta maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an nGníomhaireacht

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht Rialachán (AE) 2018/1725 a chur i bhfeidhm agus sonraí pearsanta á bpróiseáil aici.

2.   Déanfaidh an bord bainistíochta rialacha inmheánacha a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1725 ar pháirt na Gníomhaireachta, lena n-áirítear rialacha a mhéid a bhaineann le hoifigeach um chosaint sonraí na Gníomhaireachta.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725, rialacha inmheánacha a ghlacadh lena gcuirtear srian le cur i bhfeidhm Airteagail 14 go 22, 35 agus 36 den Rialachán sin. Go háirithe, féadfaidh an Ghníomhaireacht foráil a dhéanamh, ó thaobh cúraimí na Gníomhaireachta a fheidhmiú i réimse an fhillte de, maidir le rialacha inmheánacha lena gcuirtear srian ar chur i bhfeidhm na bhforálacha sin de réir an cháis, sa mhéid go mbeadh riosca ann le cur i bhfeidhm na bhforálacha sin go gcuirfí nósanna imeachta um fhilleadh i mbaol. Maidir le srianta den sórt sin, urramófar éirim na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha leo, beidh gá leo agus beidh siad comhréireach leis na cuspóirí arna saothrú agus beidh iontu forálacha sonracha, i gcás inarb ábhartha, amhail dá dtagraítear in Airteagal 25(2) de Rialachán (AE) 2018/1725.

3.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht na sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagail 49, 88 agus 89 a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta i gcomhréir le Caibidil V de Rialachán (AE) 2018/1725 a mhéid a bhfuil gá le haistriú den sórt sin chun cúraimí na Gníomhaireachta a chur i gcrích. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht nach ndéanfar próiseáil ar shonraí pearsanta arna n-aistriú chuig triú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta ach amháin chun na críche dár soláthraíodh iad. Nuair a aistreofar na sonraí pearsanta chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, déanfaidh an Ghníomhaireacht aon srian le rochtain ar na sonraí sin nó le húsáid na sonraí sin, i dtéarmaí ginearálta nó sonracha, lena n-áirítear maidir lena n-aistriú, lena léirscriosadh nó lena ndíothú, a chur in iúl. I gcás inar léir, tar éis sonraí pearsanta a aistriú, go bhfuil gá le srianta den sórt sin, cuirfidh an Ghníomhaireacht an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta ar an eolas dá réir sin. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go gcloíonn an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta lena mbaineann le srianta den sórt sin.

4.   Maidir le haistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha, ní dochar sin do cheart na n-iarrthóirí ar chosaint idirnáisiúnta ná do chearta na dtairbhí cosanta idirnáisiúnta, go háirithe a mhéid a bhaineann le non-refoulement leis an toirmeasc ar fhaisnéis a nochtadh nó a fháil a leagtar amach in Airteagal 30 de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (43).

5.   De réir mar is iomchuí, áiritheoidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht nach ndéanfar faisnéis arna haistriú nó arna nochtadh do thríú tíortha de bhun an Rialacháin seo a tharchur ar aghaidh chuig tríú tíortha eile nó chuig tríú páirtithe eile. Cuirfear forálacha i ndáil leis sin in aon chomhaontú nó aon socrú arna thabhairt i gcrích le tríú tír lena ndéanfar foráil maidir le malartú faisnéise.

Airteagal 87

Críocha próiseála sonraí pearsanta

1.   Is chun na gcríoch seo a leanas amháin a fhéadfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta a phróiseáil:

(a)

a cúraimí a chur i gcrích i dtaca le hoibríochtaí comhpháirteacha, treoirthionscadail agus mear-idirghabhálacha teorann a eagrú agus a chomhordú, faoi chuimsiú na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce amhail dá dtagraítear in Airteagail 37 go 40;

(b)

a cúraimí a chur i gcrích i dtaca le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus do thríú tíortha ina gcuid gníomhaíochtaí um réamhfhilleadh agus um fhilleadh, córais bainistithe um fhilleadh a oibriú, chomh maith le hoibríochtaí um fhilleadh a chomhordú nó a eagrú agus cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a thabhairt do na Ballstáit agus do thríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 48;

(c)

malartú faisnéise a éascú leis na Ballstáit, leis an gCoimisiún, le SEGS agus leis na comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí seo a leanas de chuid an Aontais agus leis na eagraíochtaí idirnáisiúnta seo a leanas: EASO, Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh, EFCA, EMSA, EASA agus Bainisteoir Líonra EATM, i gcomhréir le hAirteagal 88;

(d)

malartú faisnéise a éascú le húdaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát, le Europol nó le Eurojust i gcomhréir le hAirteagal 90;

(e)

anailís riosca ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 29;

(f)

a cúraimí a chur i gcrích faoi chuimsiú EUROSUR i gcomhréir le hAirteagal 89;

(g)

córas FADO a oibriú i gcomhréir le hAirteagal 79;

(h)

cúraimí riaracháin.

2.   Féadfaidh Ballstáit agus a n-údaráis forfheidhmithe dlí, an Coimisiún, SEGS, agus na comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí sin de chuid an Aontais agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) de mhír 1, a chuireann sonraí pearsanta ar fáil don Ghníomhaireacht, cinnfidh siad an chríoch nó na críocha dá bhfuil na sonraí sin le próiseáil, amhail dá dtagraítear i mír 1. Ní fhéadfaidh an Ghníomhaireacht a chinneadh sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil chun críche eile a thiocfaidh faoi mhír 1 freisin ach amháin de réir an cháis tar éis di a chinneadh go bhfuil próiseáil den sórt sin comhoiriúnach leis an gcríoch tosaigh dár bailíodh na sonraí agus más rud é go bhfuil sí údaraithe ag soláthróir na sonraí pearsanta. Coimeádfaidh an Ghníomhaireacht taifid i scríbhinn de mheasúnuithe comhoiriúnachta de réir an cháis.

3.   An tráth a dhéanfar na sonraí pearsanta a tharchur, féadfaidh an Ghníomhaireacht, na Ballstáit agus a n-údaráis forfheidhmithe dlí, an Coimisiún, SEGS agus na comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí sin de chuid an Aontais agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) de mhír 1 aon srianta ar rochtain ar na sonraí sin nó ar úsáid sonraí den sórt sin, i dtéarmaí ginearálta nó sonracha, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le haistriú, léirscriosadh nó díothú sonraí den sórt sin, a chur in iúl. I gcás inar léir, tar éis sonraí pearsanta a aistriú, go bhfuil gá le srianta den sórt sin, cuirfidh siad na faighteoirí ar an eolas dá réir sin. Comhlíonfaidh na faighteoirí na srianta sin.

Airteagal 88

Próiseáil sonraí pearsanta arna mbailiú le linn oibríochtaí comhpháirteacha, oibríochtaí um fhilleadh, idirghabhálacha um fhilleadh, treoirthionscadal. mear-idirghabhálacha teorann agus imscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce

1.   Roimh gach oibríocht chomhpháirteach, oibríocht um fhilleadh, idirghabhálacha um fhilleadh, treoirthionscadal, mear-idirghabháil teorann nó imscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, cinnfidh an Ghníomhaireacht agus an Ballstát óstach ar bhealach trédhearcach na freagrachtaí as oibleagáidí cosanta sonraí a chomhlíonadh. Nuair a chinnfidh an Ghníomhaireacht agus an Ballstát óstach go comhpháirteach críoch na próiseála agus na modhanna próiseála, beidh siad ina rialaitheoirí comhpháirteacha trí bhíthin socrú a thabhairt i gcrích eatarthu.

Chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (e) agus (f) d’Airteagal 87, ní phróiseálfaidh an Ghníomhaireacht ach na catagóirí seo a leanas de shonraí pearsanta a bhaileoidh na Ballstáit, baill de na foirne, a baill foirne nó EASO ar tarchuireadh chuici i gcomhthéacs oibríochtaí comhpháirteacha, oibríochtaí um fhilleadh, idirghabhálacha um fhilleadh, treoirthionscadal, mear-idirghabhálacha teorann, agus imscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce agus a tharchuirfidh siad chuici:

(a)

sonraí pearsanta daoine a thrasnaíonn na teorainneacha seachtracha gan údarú;

(b)

sonraí pearsanta atá riachtanach chun céannacht agus náisiúntacht náisiúnach tríú tír a dhearbhú faoi chuimsiú na ngníomhaíochtaí um fhilleadh, lena n-áirítear liostaí paisinéirí;

(c)

uimhreacha plátaí ceadúnais, uimhreacha aitheantais feithicle, uimhreacha teileafóin nó uimhreacha aitheantais long agus aerárthaí atá nasctha leis na daoine dá dtagraítear i bpointe (a), agus a bhfuil gá leo d’fhonn anailís a dhéanamh ar na bealaí agus modhanna a úsáidtear i gcomhair inimirce neamhdhlíthiúil

2.   Maidir leis na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Ghníomhaireacht iad a phróiseáil sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás inar gá na sonraí sin a tharchur chuig údaráis na mBallstát ábhartha atá freagrach as rialú ag teorainneacha, imirce, tearmann nó an filleadh, nó chuig comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, le go gcomhlíonfadh na comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha sin de chuid an Aontais gcúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta;

(b)

i gcás inar gá na sonraí sin a tharchur chuig údaráis na mBallstát ábhartha, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, tríú tíortha a mbeifear ag filleadh orthu nó eagraíochtaí idirnáisiúnta chun críche náisiúnaigh tríú tír a shainaithint, doiciméid taistil a fháil, filleadh a chumasú nó tacú leis;

(c)

i gcás inar gá chun anailísí riosca a ullmhú.

Airteagal 89

Sonraí pearsanta a phróiseáil faoi chuimsiú EUROSUR

1.   I gcás ina bhfuil próiseáil sonraí pearsanta de dhíth i gcomhair an léargais ar dhálaí náisiúnta, déanfar na sonraí sin a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus, i gcás inarb infheidhme, Treoir (AE) 2016/680. Déanfaidh gach Ballstát an t-údarás a ainmniú a mheasfar a bheith mar rialaitheoir de réir bhrí phointe (7) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679 nó phointe (8) d’Airteagal 3 de Threoir 2016/680, de réir mar is infheidhme, agus a mbeidh an fhreagracht lárnach air maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an mBallstát sin. Tabharfaidh gach Ballstát fógra maidir le mionsonraí an údaráis sin don Choimisiún.

2.   Is iad uimhreacha aitheantais long agus aerárthaí, agus iad sin amháin, na sonraí pearsanta a fhéadfar a rochtain sa léargas ar dhálaí Eorpacha agus ar dhálaí sonracha agus seirbhísí cumaisc EUROSUR.

3.   I gcás ina bhfuil gá, ar bhonn eisceachtúil, le sonraí pearsanta seachas uimhreacha aitheantais long agus aerárthaí a phróiseáil mar gheall ar fhaisnéis a phróiseáil in EUROSUR, beidh próiseáil den sórt sin teoranta go docht don mhéid a mbeidh géarghá leis chun críocha EUROSUR i gcomhréir le hAirteagal 18.

4.   Aon mhalartú sonraí pearsanta le tríú tíortha faoi chuimsiú EUROSUR, beidh sé teoranta go docht don mhéid a mbeidh géarghá leis chun críocha an Rialacháin seo. Déanfaidh an Ghníomhaireacht é i gcomhréir le Caibidil V de Rialachán (AE) 2018/1725 agus déanfaidh na Ballstáit é i gcomhréir le Caibidil V de Rialachán (AE) 2016/679, le Caibidil V de Threoir (AE) 2016/680, de réir mar is infheidhme, agus leis na forálacha náisiúnta ábhartha maidir le cosaint sonraí lena dtrasuitear an Treoir sin.

5.   Toirmiscfear aon mhalartú faisnéise faoi Airteagail 72(2), 73(3) agus 74(3) lena gcuirfear sonraí ar fáil do thríú tír a d’fhéadfaí a úsáid chun daoine nó grúpa daoine a shainaithint a mbeidh a n-iarraidh ar chosaint idirnáisiúnta á scrúdú nó a mbeidh contúirt mhór ann go bhfulaingeoidh siad céasadh, íde nó pionós a bheadh mídhaonna nó táireach nó aon sárú eile ar chearta bunúsacha.

6.   Coimeádfaidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht taifid de ghníomhaíochtaí próiseála i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 24 de Threoir (AE) 2016/680, agus Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2018/1725, de réir mar is infheidhme.

Airteagal 90

Sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil

1.   I gcás ina ndéanann an Ghníomhaireacht, agus a cúraimí á gcur i gcrích aici faoi phointe (q) d’Airteagal 10(1) den Rialachán seo, próiseáil ar shonraí pearsanta a bhailigh sí agus faireachán á dhéanamh aici ar shreafaí imirce, agus anailísí riosca á ndéanamh aici nó le linn oibríochtaí chun críche daoine a bhfuil amhras orthu i leith coiriúlacht trasteorann a shainaithint, déanfaidh sí sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil i gcomhréir le Caibidil IX de Rialachán (AE) 2018/1725. Sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun na críche sin, lena n-áirítear uimhreacha plátaí ceadúnais, uimhreacha aitheantais feithicle, uimhreacha teileafóin nó uimhreacha aitheantais long agus aerárthaí, beidh baint acu leis na daoine sin ar ina leith a bhfuil forais réasúnacha ag údaráis inniúla na mBallstát, Europol nó Eurojust chun amhras a bheith orthu go raibh siad rannpháirteach i gcoiriúlacht trasteorann. Féadfar a áireamh ar shonraí pearsanta den sórt sin sonraí pearsanta íospartach nó finnéithe i gcás ina bhforlíontar leis na sonraí pearsanta sin sonraí pearsanta amhrastach arna bpróiseáil ag an nGníomhaireacht i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.   Ní dhéanfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a mhalartú ach leis na húdaráis seo a leanas:

(a)

Europol nó Eurojust, i gcás ina bhfuil géarghá leo ar mhaithe le cur i gcrích a sainorduithe faoi seach agus i gcomhréir le hAirteagal 68;

(b)

údaráis inniúla forfheidhmithe dlí na mBallstát ina bhfuil géarghá leo ag na húdaráis sin chun críocha coiriúlacht thromchúiseach trasteorann a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

Airteagal 91

Coinneáil sonraí

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta a scriosadh a luaithe a tharchuirfear iad chuig údaráis inniúla na mBallstát, chuig comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, go háirithe EASO, nó a luaithe a aistreofar iad chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta nó a úsáidfear iad chun anailísí riosca a ullmhú. Ní rachaidh an tréimhse coinneála, in aon chás, thar 90 lá tar éis dháta bailithe na sonraí sin. Na sonraí a bheidh i dtorthaí na n-anailísí riosca, ní luafar aon ainmneacha iontu.

2.   Sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun críche cúraimí a bhaineann leis an bhfilleadh a dhéanamh, déanfar iad a scriosadh a luaithe a bheidh an chríoch dár bailíodh iad bainte amach, agus déanfar iad a scriosadh tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis dheireadh na gcúraimí sin.

3.   Sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáiltear chun críocha Airteagal 90, déanfar iad a scriosadh a luaithe a bheidh an chríoch dár bailíodh iad bainte amach ag an nGníomhaireacht. Déanfaidh an Ghníomhaireacht athbhreithniú leanúnach ar an ngá atá le sonraí den sórt sin a stóráil, go háirithe sonraí pearsanta íospartach agus finnéithe. In aon chás, déanfaidh an Ghníomhaireacht athbhreithniú ar an ngá atá le sonraí den sórt sin a stóráil tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis tús a chur le próiseáil tosaigh na sonraí sin, agus gach 6 mhí ina dhiaidh sin. Déanfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh maidir le stóráil leanúnach sonraí pearsanta, go háirithe sonraí pearsanta íospartach agus finnéithe, go dtí an t-athbhreithniú dar gcionn, sa chás amháin go bhfuil gá fós le stóráil den sórt sin chun cúraimí na Gníomhaireachta faoi Airteagal 90 a chur i gcrích.

4.   Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le sonraí pearsanta a bhailítear i gcomhthéacs chóras FADO.

Airteagal 92

Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint

1.   Glacfaidh an Ghníomhaireacht a cuid rialacha slándála féin a bheidh bunaithe ar na prionsabail agus na rialacha atá leagtha síos i rialacha slándála an Choimisiúin chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, lena n-áirítear, inter alia, forálacha maidir le faisnéis den sórt sin a mhalartú le tríú tíortha, agus próiseáil agus stóráil faisnéise den sórt sin mar a leagtar amach i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 (44) agus (AE, Euratom) 2015/444 (45) ón gCoimisiún. Aon socrú riaracháin maidir le malartú faisnéise rún-aicmithe le húdaráis ábhartha tríú tír nó, in éagmais socrú den sórt sin, aon eisiúint ad hoc FRAE chuig na húdaráis sin, beidh sé nó sí faoi réir formheas a fháil roimh ré ón gCoimisiún.

2.   Glacfaidh an bord bainistíochta rialacha slándála na Gníomhaireachta tar éis formheas a fháil ón gCoimisiún. Agus measúnú á dhéanamh aige ar na rialacha slándála atá beartaithe, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh siad ar comhréir le Cinntí (AE, Euratom) 2015/443 agus (AE, Euratom) 2015/444.

3.   Ní fhágfar le rúnaicmiú nach gcuirfear an fhaisnéis ar fáil do Pharlaimint na hEorpa. Le tarchur agus láimhseáil na faisnéise agus na ndoiciméad a tharchuirfear chuig Parlaimint na hEorpa i gcomhréir leis an Rialachán seo, comhlíonfar na rialacha a bhaineann le faisnéis rúnaicmithe a chur ar aghaidh agus a láimhseáil, ar rialacha iad atá infheidhme idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún.

ROINN 3

Creat ginearálta agus eagrú na Gníomhaireachta

Airteagal 93

Stádas dlí agus suíomh

1.   Comhlacht de chuid an Aontais a bheidh sa Ghníomhaireacht. Beidh pearsantacht dhlítheanach aici.

2.   I ngach ceann de na Ballstáit, teachtfaidh an Ghníomhaireacht an inniúlacht dhlíthiúil is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoina ndlíthe. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sí a bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Beidh an Ghníomhaireacht neamhspleách i ndáil lena sainordú teicniúil agus oibríochtúil a chur chun feidhme.

4.   Déanfaidh a stiúrthóir feidhmiúcháin ionadaíocht ar an nGníomhaireacht.

5.   Is i Vársá na Polainne a bheidh suíomh na Gníomhaireachta.

Airteagal 94

Comhaontú ceanncheathrún

1.   Maidir leis na socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht a bheidh le cur ar fáil don Ghníomhaireacht sa Bhallstát ina bhfuil suíomh na Gníomhaireachta agus maidir leis na saoráidí a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil, mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme maidir leis an stiúrthóir feidhmiúcháin, na leas-stiúrthóirí feidhmiúcháin, comhaltaí an bhoird bainistíochta, baill foirne na Gníomhaireachta agus le baill dá dteaghlach sa Bhallstát sin, leagfar síos i gcomhaontú ceanncheathrún iad idir an Ghníomhaireacht agus an Ballstát sin ina bhfuil suíomh na Gníomhaireachta.

2.   Déanfar an comhaontú ceanncheathrún a thabhairt i gcrích tar éis formheas an bhoird bainistíochta a fháil.

3.   Déanfaidh an Ballstát ina bhfuil suíomh na Gníomhaireachta na dálaí is fearr is féidir a chur ar fáil chun feidhmiú cuí na Gníomhaireachta a áirithiú, lena n-áirítear córas oideachais ilteangach a bhfuil gné Eorpach ag baint leis, agus naisc iomchuí iompair.

Airteagal 95

Foireann

1.   Na Rialacháin Foirne, na Coinníollacha Fostaíochta agus ag na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne sin agus do na Coinníollacha Fostaíochta sin, beidh feidhm acu maidir le baill foirne reachtúla.

2.   Beidh an áit fostaíochta, i bprionsabal, sa Bhallstát ina bhfuil suíomh na Gníomhaireachta lonnaithe.

3.   I bprionsabal, fostófar baill foirne reachtúla atá faoi réir na gCoinníollacha Fostaíochta ar feadh tréimhse shocraithe 5 bliana ar dtús. I bprionsabal, ní fhéadfar a gconarthaí a athnuachan ach aon uair amháin, le haghaidh tréimhse shocraithe nach faide ná 5 bliana. Aon athnuachan breise, is go ceann tréimhse ama éiginnte a bheidh sé.

4.   Chun críocha Airteagail 31 agus 44 a chur chun feidhme, ní fhéadfar a cheapadh mar oifigigh idirchaidrimh nó mar oifigigh chomhordúcháin ach baill foirne reachtúla atá faoi réir na Rialachán Foirne nó faoi réir Theideal II de na Coinníollacha Fostaíochta. Chun críche Airteagal 55 a chur chun feidhme, ní fhéadfar ach baill foirne reachtúla atá faoi réir na Rialachán Foirne nó faoi réir na gCoinníollacha Fostaíochta a imscaradh mar bhaill de na foirne.

5.   Déanfaidh an bord bainistíochta rialacha cur chun feidhme a ghlacadh chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do na Coinníollacha Fostaíochta i gcomhaontú leis an gCoimisiún de bhun Airteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne.

6.   Faoi réir formheas a fháil roimh ré ón gCoimisiún, glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha a bhaineann le baill foirne ó na Ballstáit a bheidh le tabhairt ar iasacht don Ghníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 56 agus déanfar na rialacha sin a nuashonrú de réir mar is gá. Beidh san áireamh, go háirithe, ar na rialacha sin na socruithe airgeadais a bhaineann leis na hiasachtaí sin, lena n-áirítear árachas, agus oiliúint. Cuirfear san áireamh sna rialacha sin go mbeidh na baill foirne ar iasacht lena n-imscaradh mar bhaill de na foirne agus go mbeidh na cúraimí agus na cumhachtaí acu dá bhforáiltear in Airteagal 82. Áireofar ar rialacha den sórt sin forálacha maidir le dálaí imscartha. I gcás inarb ábhartha, beidh sé mar aidhm ag an mbord bainistíochta comhsheasmhacht a áirithiú leis na rialacha is infheidhme maidir le speansas misin na mball foirne reachtúla a aisíoc.

Airteagal 96

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE maidir leis an nGníomhaireacht agus maidir lena baill foirne reachtúla.

Airteagal 97

Dliteanas

1.   Gan dochar d’Airteagail 84 agus 85, beidh dliteanas ar an nGníomhaireacht as aon ghníomhaíocht a rachaidh sí ina bun i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Beidh dliteanas conarthach na Gníomhaireachta faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh atá i gceist.

3.   Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásal eadrána atá i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht.

4.   I gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú arbh iad a ranna nó a baill foirne ba chúis leis agus a gcuid dualgas á gcur i gcrích acu, lena n-áirítear na dualgais sin a bhaineann le húsáid cumhachtaí feidhmiúcháin.

5.   Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais i ndíospóidí a bhaineann le cúiteamh i leith an damáiste dá dtagraítear i mír 4.

6.   Beidh dliteanas pearsanta ball foirne reachtúla i leith na Gníomhaireachta faoi rialú ag na forálacha arna leagan síos sna Rialacháin Foirne agus sna Coinníollacha Fostaíochta is infheidhme maidir leo.

Airteagal 98

Caingne os comhair na Cúirte Breithiúnais

1.   Féadfar imeachtaí a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais chun gníomhartha de chuid na Gníomhaireachta, a bhfuil sé mar aidhm leo éifeachtaí dlíthiúla a chruthú i leith tríú páirtithe, a neamhniú, i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE, agus as mainneachtain gníomhú, i gcomhréir le hAirteagal 265 CFAE, maidir le dliteanas neamh-chonarthach as damáistí arb é an Ghníomhaireacht is cúis leo agus, de bhun clásal eadrána, maidir le dliteanas conarthach as damáistí arb iad gníomhartha na Gníomhaireachta is cúis leo, i gcomhréir le hAirteagal 340 CFAE.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht na bearta is gá chun breithiúnais na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh.

Airteagal 99

Struchtúr riaracháin agus bainistíochta na Gníomhaireachta

Áireofar i struchtúr riaracháin agus bainistíochta na Gníomhaireachta:

(a)

bord bainistíochta;

(b)

stiúrthóir feidhmiúcháin;

(c)

leas-stiúrthóirí feidhmiúcháin; agus

(d)

oifigeach um chearta bunúsacha.

Cuideoidh fóram comhairliúcháin leis an nGníomhaireacht mar chomhlacht comhairleach.

Airteagal 100

Feidhmeanna an bhoird bainistíochta

1.   Beidh an bord bainistíochta freagrach as cinntí straitéiseacha na Gníomhaireachta a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Déanfaidh an bord bainistíochta an méid seo a leanas:

(a)

an stiúrthóir feidhmiúcháin a cheapadh ar bhonn togra ón gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 107;

(b)

na leas-stiúrthóirí feidhmiúcháin a cheapadh ar bhonn togra ón gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 107;

(c)

cinntí a ghlacadh maidir le hoifigí allamuigh a bhunú nó fad a chur lena ré oibrithe i gcomhréir le hAirteagal 60(5) le tromlach dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu;

(d)

cinntí a ghlacadh maidir leis an measúnú leochaileachta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 32(1) agus (10), agus is trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu a ghlacfar na cinntí lena leagtar amach bearta arna nglacadh faoi Airteagal 32(10);

(e)

cinntí a ghlacadh maidir le liostaí na faisnéise éigeantaí agus na sonraí éigeantacha a mbeidh ar na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear gardaí teorann sa mhéid go ndéanann siad cúraimí rialaithe ag teorainneacha, mar aon leis na húdaráis náisiúnta atá freagrach as an bhfilleadh, iad a mhalartú leis an nGníomhaireacht chun go gcuirfear ar chumas na Gníomhaireachta a cúraimí a chur i gcrích, gan dochar d’oibleagáidí a bhunaítear leis an Rialachán seo, go háirithe le hAirteagail 49 agus 86 go 89;

(f)

cinntí a ghlacadh maidir le múnla comhchoiteann comhtháite don anailís riosca a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 29(1);

(g)

cinntí a ghlacadh maidir le nádúr agus téarmaí imscaradh oifigeach idirchaidrimh i mBallstáit, i gcomhréir le hAirteagal 31(2);

(h)

straitéis theicniúil agus oibríochtúil a ghlacadh do bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip i gcomhréir le hAirteagal 8(5);

(i)

cinntí a ghlacadh maidir le próifílí agus líon na mball foirne oibríochtúla i gcomhair bainistiú teorainneacha agus imirce laistigh den bhuanchór, i gcomhréir le hAirteagal 54(4);

(j)

an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta don bhliain roimhe sin a ghlacadh agus í a chur ar aghaidh, faoin 1 Iúil gach bliain ar a dhéanaí, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí;

(k)

faoin 30 Samhain gach bliain, agus tar éis tuairim an Choimisiúin a chur san áireamh go cuí, doiciméad aonair clársceidealaithe ina mbeidh, inter alia, clársceidealú ilbhliantúil na Gníomhaireachta agus a clár oibre don bhliain dár gcionn a ghlacadh le tromlach dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu agus an doiciméad sin a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;

(l)

nósanna imeachta a bhunú chun go ndéanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin cinntí a bhaineann le cúraimí teicniúla agus oibríochtúla na Gníomhaireachta;

(m)

buiséad bliantúil na Gníomhaireachta a ghlacadh, le tromlach dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu, agus feidhmeanna eile i leith bhuiséad na Gníomhaireachta a fheidhmiú de bhun Roinn 4 den Chaibidil seo;

(n)

údarás araíonachta a fheidhmiú ar an stiúrthóir feidhmiúcháin agus, i gcomhairle leis an stiúrthóir feidhmiúcháin, ar na leas-stiúrthóirí feidhmiúcháin;

(o)

a rialacha nós imeachta a bhunú;

(p)

struchtúr eagrúcháin na Gníomhaireachta a leagan síos agus beartas foirne na Gníomhaireachta a ghlacadh;

(q)

straitéis frithchalaoise a ghlacadh a bheidh ar comhréir le riosca na calaoise, ag cur san áireamh costais agus tairbhí na mbeart a bheidh le cur chun feidhme;

(r)

rialacha inmheánacha a ghlacadh lena ndéanfar coinbhleachtaí leasa i ndáil lena comhaltaí a chosc agus a bhainistiú;

(s)

i gcomhréir le mír 8, maidir le baill foirne reachtúla, na cumhachtaí a fheidhmiú arna dtabhairt ag na Rialacháin Foirne don Údarás Ceapacháin agus ag na Coinníollacha Fostaíochta don Údarás atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt chun Críche (“cumhachtaí an údaráis ceapacháin”);

(t)

rialacha cur chun feidhme a ghlacadh lena dtabharfar éifeacht do na Rialacháin Foirne agus do na Coinníollacha Fostaíochta i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne;

(u)

obair leantach leormhaith a áirithiú maidir le torthaí agus moltaí a eascróidh as na tuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus as imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF);

(v)

na pleananna cumarsáide agus scaipthe dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 10(2) a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta;

(w)

oifigeach cuntasaíochta a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne agus faoi réir na gCoinníollacha Fostaíochta, a bheidh neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a chuid nó a cuid dualgas;

(x)

cinneadh a dhéanamh maidir le modheolaíocht chomhchoiteann measúnaithe leochaileachta, lena n-áirítear na critéir oibiachtúla a bheidh mar bhunús ag an nGníomhaireacht chun an measúnú leochaileacha a dhéanamh, maidir le minicíocht na measúnuithe sin agus an bealach a ndéanfar measúnuithe leochaileachta comhleanúnacha;

(y)

measúnú agus faireachán feabhsaithe ar Bhallstát amhail dá dtagraítear in Airteagal 32(2) a chinneadh;

(z)

an t-oifigeach um chearta bunúsacha agus leas-oifigeach um chearta bunúsacha a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 109;

(aa)

rialacha speisialta a bhunú chun neamhspleáchas an oifigigh um chearta bunúsacha a ráthú i bhfeidhmiú a chuid nó a cuid dualgas;

(ab)

na socruithe oibre le tríú tíortha a fhormheas;

(ac)

rialacha slándála na Gníomhaireachta a ghlacadh maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe an Aontais a chosaint, amhail dá dtagraítear in Airteagal 91, faoi réir formheas a fháil roimh ré ón gCoimisiún;

(ad)

oifigeach slándála a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne agus na gCoinníollacha Fostaíochta, a bheidh freagrach as an tslándáil laistigh den Ghníomhaireacht, agus as faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint;

(ae)

cinneadh a dhéanamh maidir le haon ábhar eile i gcás ina bhforáiltear dó sin sa Rialachán seo.;

Poibleofar an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (j).

3.   Maidir le moltaí i gcomhair cinntí den bhord bainistíochta dá dtagraítear i mír 2 i dtaca le gníomhaíochtaí sonracha de chuid na Gníomhaireachta a bheidh le déanamh ag teorainneacha seachtracha aon Bhallstáit ar leith, nó díreach taobh leo, nó i dtaca le socruithe oibre le tríú tíortha amhail dá dtagraítear in Airteagal 73(4), beidh gá le vóta i bhfabhar a nglactha ó chomhalta an bhoird bainistíochta a dhéanfaidh ionadaíocht ar an mBallstát áirithe sin nó ar an mBallstát atá i gcomharsanacht an tríú tír sin, faoi seach.

4.   Féadfaidh an bord bainistíochta comhairle a chur ar an stiúrthóir feidhmiúcháin maidir le haon ábhar a bhaineann le bainistiú oibríochtúil na dteorainneacha seachtracha agus cúrsaí oiliúna a fhorbairt, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann le taighde.

5.   Má iarrann Éire nó an Ríocht Aontaithe a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí sonracha, déanfaidh an bord bainistíochta cinneadh ina leith sin.

Déanfaidh an bord bainistíochta a chinntí de réir an cháis. Ina chinntí, déanfaidh an bord bainistíochta breithniú i dtaobh an rannchuidíonn rannpháirtíocht na hÉireann nó na Ríochta Aontaithe le baint amach na gníomhaíochta i dtrácht. Leagfar amach sna cinntí ranníocaíocht airgeadais na hÉireann nó na Ríochta Aontaithe leis an ngníomhaíocht ar a mbeidh iarraidh ar rannpháirtíocht déanta.

6.   Déanfaidh an bord bainistíochta aon fhaisnéis ábhartha i dtaca le toradh na nósanna imeachta meastóireachta, arna seoladh ag an nGníomhaireacht, a chur ar aghaidh ar bhonn bliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (“an t-údarás buiséadach”).

7.   Féadfaidh an bord bainistíochta bord feidhmiúcháin a bhunú, ar a mbeidh suas le ceathrar ionadaithe ón mbord bainistíochta, lena n-áirítear a chathaoirleach agus ionadaí ón gCoimisiún, chun cuidiú leis agus lena stiúrthóir feidhmiúcháin maidir leis na cinntí, na cláir agus na gníomhaíochtaí a bheidh le glacadh ag an mbord bainistíochta a ullmhú agus cinntí sealadacha práinneacha áirithe a dhéanamh thar ceann an bhoird bainistíochta nuair is gá sin. Ní dhéanfaidh an bord feidhmiúcháin cinntí nach mór a ghlacadh le tromlach dhá thrian den bhord bainistíochta. Féadfaidh an bord bainistíochta cúraimí áirithe atá sainithe go soiléir a tharmligean chuig an mbord feidhmiúcháin, go háirithe i gcás ina bhfeabhsófar éifeachtúlacht na Gníomhaireachta dá bharr sin. Ní fhéadfaidh sé cúraimí a bhaineann le cinntí nach mór a ghlacadh le tromlach dhá thrian den bhord bainistíochta a tharmligean chuig an mbord feidhmiúcháin.

8.   Glacfaidh an bord bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de na Coinníollacha Fostaíochta, lena ndéantar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an stiúrthóir feidhmiúcháin agus lena leagtar amach na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Údarófar don stiúrthóir feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

I gcás inar gá sin in imthosca eisceachtúla, féadfaidh an bord bainistíochta, trí chinneadh, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an stiúrthóir feidhmiúcháin, chomh maith leo siúd arna bhfo-tharmligean ag an stiúrthóir feidhmiúcháin, a chur ar fionraí go sealadach. Féadfaidh sé iad a fheidhmiú é féin ansin, nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó chuig ball foirne reachtúla eile cé is moite den stiúrthóir feidhmiúcháin.

Airteagal 101

Comhdhéanamh an bhoird bainistíochta

1.   Gan dochar do mhír 3, is iad a bheidh ar an mbord bainistíochta ná ionadaí amháin ó gach Ballstát agus beirt ionadaithe ón gCoimisiún, agus ceart vótála acu go léir. Chuige sin, ceapfaidh gach Ballstát comhalta den bhord bainistíochta chomh maith le comhalta malartach a dhéanfaidh ionadaíocht air nó uirthi nuair a bheidh sé nó sí as láthair. Ceapfaidh an Coimisiún beirt chomhaltaí agus a beirt chomhaltaí malartacha. Mairfidh na téarmaí oifige 4 bliana. Féadfar síneadh a chur leis na téarmaí oifige sin.

2.   Ceapfar comhaltaí an bhoird bainistíochta ar bhonn a dtaithí ábhartha ardleibhéil, a saineolais i réimse an chomhair oibríochtúil maidir le bainistiú teorainneacha agus an filleadh, agus a scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha. Beidh sé mar aidhm ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún ionadaíocht ar an mbord bainistíochta atá cothrom ó thaobh inscne de a bhaint amach.

3.   Beidh tíortha atá comhlachaithe le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen rannpháirteach sa Ghníomhaireacht. Beidh ionadaí amháin agus ionadaí malartach amháin acu araon ar an mbord bainistíochta. Beidh feidhm ag na socruithe arna bhforbairt faoi fhorálacha ábhartha a gcomhaontuithe comhlachais lena sonraítear nádúr agus méid rannpháirtíocht na dtíortha sin in obair na Gníomhaireachta agus na rialacha mionsonraithe don rannpháirtíocht sin, lena n-áirítear forálacha maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus le foireann.

Airteagal 102

Clársceidealú ilbhliantúil agus cláir oibre bhliantúla

1.   Faoin 30 Samhain gach bliain, glacfaidh an bord bainistíochta doiciméad clársceidealaithe aonair ina mbeidh, inter alia, clársceidealú ilbhliantúil agus clársceidealú bliantúil na Gníomhaireachta don bhliain dár gcionn, ar bhonn dréacht arna chur ar aghaidh ag an stiúrthóir feidhmiúcháin agus arna fhormhuiniú ag an mbord bainistíochta. Glacfar an doiciméad clársceidealaithe aonair agus tuairim dhearfach ón gCoimisiún á cur san áireamh agus, a mhéid a bhaineann leis an gclársceidealú ilbhliantúil, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle. Má chinneann an Ghníomhaireacht gan gnéithe de thuairim an Choimisiúin a chur san áireamh, soláthróidh sí bonn cirt cuimsitheach. Beidh feidhm ag an oibleagáid bonn cirt cuimsitheach a sholáthar freisin maidir leis na gnéithe a ardóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle le linn an chomhairliúcháin. Cuirfidh an bord bainistíochta an doiciméad ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún gan mhoill.

2.   Beidh an doiciméad dá dtagraítear i mír 1 cinntitheach tar éis ghlacadh deiridh an bhuiséid ghinearálta. Déanfar é a choigeartú dá réir i gcás inar gá.

3.   I gcomhréir leis an timthriall don bheartas ilbhliantúil straitéiseach don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, leagfar amach sa chlársceidealú ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán don mheántéarma agus don fhadtéarma, agus áireofar ann cuspóirí, torthaí ionchais, táscairí feidhmíochta agus pleanáil acmhainní, lena n-áirítear an buiséad ilbhliantúil, baill foirne agus forbairt acmhainneachtaí na Gníomhaireachta féin, lena n-áirítear pleanáil tháscach ilbhliantúil ar phróifílí na mball foirne don bhuanchór. Leagfar amach sa chlársceidealú ilbhliantúil limistéir straitéiseacha idirghabhála agus gach a mbeidh le déanamh chun na cuspóirí a bhaint amach. Áireofar ann gníomhaíochtaí straitéiseacha chun an straitéis um chearta bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 80(1) a chur chun feidhme chomh maith le straitéis le haghaidh caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, mar aon le gníomhaíochtaí atá nasctha leis an straitéis sin.

4.   Cuirfear an clársceidealú ilbhliantúil chun feidhme trí bhíthin cláir oibre bhliantúla agus, i gcás inarb iomchuí, déanfar é a thabhairt cothrom le dáta tar éis toradh meastóireachta arna déanamh de bhun Airteagal 121. Léireofar conclúid na meastóireachtaí sin freisin, i gcás inarb iomchuí, sa chlár oibre bliantúil don bhliain dár gcionn.

5.   Beidh sa chlár oibre bliantúil cur síos ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú lena gcuimseofar cuspóirí mionsonraithe agus torthaí ionchais, lena n-áirítear táscairí feidhmíochta. Beidh ann chomh maith léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna arna leithdháileadh ar gach gníomhaíocht, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí. Beidh an clár oibre bliantúil comhsheasmhach leis an gclársceidealú ilbhliantúil. Sonrófar ann go soiléir na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe sin.

6.   Glacfar an clár oibre bliantúil i gcomhréir le clár reachtach an Aontais i réimsí ábhartha a bhaineann le bainistiú na dteorainneacha seachtracha agus le bainistiú ar an bhfilleadh.

7.   I gcás ina sannfar cúram nua don Ghníomhaireacht, tar éis clár oibre bliantúil a ghlacadh, leasóidh an bord bainistíochta an clár oibre bliantúil.

8.   Glacfar aon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil, go háirithe modhnú as a dtiocfaidh ath-leithdháileadh ar na hacmhainní buiséadacha os cionn 2 % den bhuiséad bliantúil, tríd an nós imeachta céanna is infheidhme maidir le glacadh an chláir oibre bhliantúil tosaigh. Féadfaidh an bord bainistíochta an chumhacht chun leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an stiúrthóir feidhmiúcháin.

Airteagal 103

Cathaoirleacht an bhoird bainistíochta

1.   Toghfaidh an bord bainistíochta cathaoirleach agus leas-chathaoirleach as measc na gcomhaltaí sin dá chuid a bhfuil ceart vótála acu. Toghfar an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an bhoird bainistíochta a bhfuil ceart vótála acu. Gabhfaidh an leas-chathaoirleach ionad an chathaoirligh ar bhonn ex officio i gcás ina gcoiscfear air nó uirthi freastal ar a dhualgais nó a dualgais.

2.   Rachaidh téarmaí oifige an chathaoirligh agus an leas-chathaoirligh in éag nuair a scoirfidh a gcomhaltas faoi seach ar an mbord bainistíochta. Faoi réir na forála seo, mairfidh téarmaí oifige an chathaoirligh nó an leas-chathaoirligh 4 bliana. Féadfar síneadh a chur leis na téarmaí oifige sin aon uair amháin.

Airteagal 104

Cruinnithe an bhoird bainistíochta

1.   Déanfaidh cathaoirleach an bhoird bainistíochta cruinnithe an bhoird bainistíochta a chomóradh.

2.   Glacfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin páirt sa phlé ach ní bheidh ceart vótála aige nó aici.

3.   Déanfaidh an bord bainistíochta dhá ghnáthchruinniú ar a laghad a thionól in aghaidh na bliana. Sa bhreis air sin, tiocfaidh an bord le chéile ar thionscnamh an chathaoirligh, ar iarraidh ón gCoimisiún, nó ar iarraidh ó aon trian ar a laghad de chomhaltaí an bhoird bainistíochta. I gcás inar gá, féadfaidh an bord bainistíochta comhchruinnithe a thionól le boird bhainistíochta EASO agus Europol.

4.   Tabharfar cuireadh d’Éirinn freastal ar chruinnithe an bhoird bainistíochta.

5.   Tabharfar cuireadh don Ríocht Aontaithe freastal ar chruinnithe an bhoird bainistíochta a thionólfar roimh an lá a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE.

6.   Tabharfar cuireadh d’ionadaithe EASO agus ar Europol freastal ar chruinnithe an bhoird bainistíochta. Tabharfar cuireadh d’ionadaí FRA freastal ar chruinnithe an bhoird bainistíochta ina mbeidh pointí atá ábhartha maidir le cosaint na gceart bunúsach ar an gclár oibre.

7.   Féadfaidh cathaoirleach an bhoird bainistíochta cuireadh a thabhairt freisin do shaineolaí de chuid Pharlaimint na hEorpa freastal ar chruinnithe an bhoird bhainistíochta. Féadfaidh an bord bainistíochta cuireadh a thabhairt freisin d’ionadaithe institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais. Féadfaidh an bord bainistíochta cuireadh a thabhairt d’aon duine eile ar díol spéise a thuairim nó a tuairim freastal ar a chruinnithe i gcáil breathnóra, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta.

8.   Féadfaidh comhaltaí an bhoird bainistíochta, faoi réir fhorálacha a rialacha nós imeachta, cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe.

9.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht rúnaíocht ar fáil don bhord bainistíochta.

Airteagal 105

Vótáil

1.   Gan dochar do phointí (c), (d), (k) agus (m) d’Airteagal 100(2), d’Airteagal 103(1) agus d’Airteagal 107(2) agus (4), déanfaidh an bord bainistíochta a chinntí a ghlacadh trí thromlach glan dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu.

2.   Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta. In éagmais comhalta, beidh a mhalartach nó a malartach i dteideal a cheart nó a ceart vótála a fheidhmiú. Ní chaithfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin vóta.

3.   Leagfar amach na socruithe vótála ar bhealach níos mionsonraithe sna rialacha nós imeachta. Áireofar sna rialacha sin na coinníollacha ina bhféadfaidh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile, maille le haon cheanglais chóraim.

4.   Ionadaithe tíortha atá bainteach le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen, beidh cearta teoranta vótála acu a chomhfhreagróidh dá socruithe faoi seach. Ionas go mbeidh deis ag na tíortha comhlachaithe a gceart vótála a fheidhmiú, sonróidh an Ghníomhaireacht an clár oibre lena n-aithneofar na pointí sin dár deonaíodh ceart teoranta vótála.

Airteagal 106

Feidhmeanna agus cumhachtaí an stiúrthóra feidhmiúcháin

1.   Is é an stiúrthóir feidhmiúcháin, a mbeidh neamhspleáchas iomlán aige nó aici maidir lena chúraimí nó lena cúraimí a chomhlíonadh, a dhéanfaidh bainistíocht ar an nGníomhaireacht. Gan dochar d’inniúlachtaí institiúidí an Aontais agus an bhoird bainistíochta faoi seach, ní iarrfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin teagaisc ar aon rialtas ná ar aon chomhlacht eile ná ní ghlacfaidh sé nó sí teagasc uathu.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a iarraidh ar an stiúrthóir feidhmiúcháin tuairisciú ar chur i gcrích a chúraimí nó a cúraimí. Áirítear leis sin tuairisciú ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, ar chur chun feidhme na straitéise um chearta bunúsacha agus ar an bhfaireachán uirthi, an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta don bhliain roimhe sin a ullmhú, an clár oibre don bhliain ina dhiaidh sin agus clársceidealú ilbhliantúil na Gníomhaireachta a ullmhú agus aon ábhar eile a bhaineann le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin ráiteas os comhair Pharlaimint na hEorpa chomh maith, má iarrtar air nó uirthi, agus tabharfaidh sé nó sí freagra i scríbhinn laistigh de 15 lá féilire ón lá a fhaigheann sé nó sí an cheist ar aon cheist a chuirfidh Feisire de Pharlaimint na hEorpa ar aghaidh. Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin tuairisciú go tráthrialta do na comhlachtaí agus na coistí iomchuí de chuid Pharlaimint na hEorpa.

3.   Ach amháin i gcás ina bhforáiltear sa Rialachán seo do sprioc-amanna sonracha, áiritheoidh an stiúrthóir feidhmiúcháin go ndéanfar na tuarascálacha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún a luaithe is féidir ach, in aon chás, laistigh de 6 mhí ó dheireadh na tréimhse tuairiscithe, ach amháin má thugann an stiúrthóir feidhmiúcháin údar cuí i scríbhinn le moill a dhéanamh.

4.   Beidh an stiúrthóir feidhmiúcháin freagrach as ullmhú agus cur chun feidhme na gcinntí straitéiseacha arna ndéanamh ag an mbord bainistíochta agus as cinntí a bhaineann le gníomhaíochtaí oibríochtúla na Gníomhaireachta a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo. Beidh na feidhmeanna agus na cumhachtaí seo a leanas ag an stiúrthóir feidhmiúcháin:

(a)

na cinntí, na cláir agus na gníomhaíochtaí straitéiseacha arna nglacadh ag an mbord bainistíochta a mholadh, a ullmhú agus a chur chun feidhme, laistigh de na teorainneacha a leagtar amach sa Rialachán seo, lena rialacha cur chun feidhme agus le haon dlí is infheidhme;

(b)

an uile bheart is gá a dhéanamh, lena n-áirítear treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun a áirithiú go ndéanfar an Ghníomhaireacht a riar agus a fheidhmiú ó lá go lá i gcomhréir leis an Rialacháin seo;

(c)

an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair a ullmhú gach bliain agus é a chur faoi bhráid an bhoird bainistíochta lena fhormhuiniú sula gcuirfear an dréachtdoiciméad chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir;

(d)

an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ullmhú gach bliain agus í a thíolacadh chuig an mbord bainistíochta;

(e)

dréachtráiteas faoi mheastacháin ar ioncaim agus caiteachas na Gníomhaireachta a tharraingt suas mar chuid den doiciméad clársceidealaithe aonair de bhun Airteagal 115(3), agus an buiséad a chur chun feidhme de bhun Airteagal 116(2);

(f)

a chumhachtaí nó a cumhachtaí a tharmligean chuig baill foirne reachtúla eile faoi réir rialacha a bheidh le glacadh i gcomhréir le pointe (o) d’Airteagal 100(2);

(g)

moladh a ghlacadh maidir le bearta i gcomhréir le hAirteagal 32(7), lena n-áirítear cinntí lena moltar go ndéanfaidh Ballstáit oibríochtaí comhpháirteacha, mear-idirghabhálacha teorann nó aon ghníomhaíocht eile dá dtagraítear in Airteagal 36(2) a thionscnamh agus a chur i gcrích;

(h)

meastóireacht a dhéanamh ar thograí arna ndéanamh ag na Ballstáit le haghaidh oibríochtaí comhpháirteacha nó mear-idirghabhálacha teorann, agus na tograí sin a fhormheas agus a chomhordú, i gcomhréir le hAirteagal 37(3);

(i)

meastóireacht a dhéanamh ar iarrataí arna ndéanamh ag na Ballstáit le haghaidh oibríochtaí um fhilleadh agus idirghabhálacha um fhilleadh, agus na hiarrataí sin a fhormheas agus a chomhordú, i gcomhréir le hAirteagail 50 agus 53;

(j)

cur chun feidhme na bpleananna oibríochta dá dtagraítear in Airteagal 38, Airteagal 42 agus Airteagal 53(3) a áirithiú;

(k)

cur chun feidhme an chinnidh ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 42(1) a áirithiú;

(l)

maoiniú ar ghníomhaíochtaí a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 46;

(m)

measúnú a dhéanamh roimh aon ghníomhaíocht i dtaobh an bhfuil aon sáruithe á ndéanamh ar chearta bunúsacha nó ar oibleagáidí idirnáisiúnta cosanta, ar sáruithe iad atá de chineál tromchúiseach nó ar dócha go leanfar dóibh, i gcomhréir le hAirteagal 46(4) agus (5);

(n)

meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí na ngníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 47;

(o)

an líon íosta ítimí de threalamh teicniúil a shainaithint is gá chun riachtanais na Gníomhaireachta a chomhlíonadh, go háirithe maidir le hoibríochtaí comhpháirteacha, imscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, mear-idirghabhálacha teorann, oibríochtaí um fhilleadh agus idirghabhálacha um fhilleadh a chur i gcrích, i gcomhréir le hAirteagal 64(6);

(p)

bunú oifigí allamuigh nó fadú lena ré oibrithe a mholadh i gcomhréir le hAirteagal 60(5);

(q)

cinn na n-oifigí allamuigh a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 60(4);

(r)

plean gníomhaíochta a ullmhú ina leanfar de chonclúidí na dtuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus d’imscrúduithe OLAF, mar aon le tuairisciú don Choimisiún dhá uair sa bhliain agus don bhord bainistíochta go rialta maidir leis an dul chun cinn;

(s)

leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha in aghaidh calaoise, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chur i bhfeidhm, trí bhíthin seiceálacha éifeachtacha agus, i gcás ina mbraithfear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh ar bhealach mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur;

(t)

straitéis frithchalaoise don Ghníomhaireacht a ullmhú agus í a thíolacadh chuig an mbord bainistíochta lena formheas.

5.   Beidh an stiúrthóir feidhmiúcháin cuntasach don bhord bainistíochta faoina chuid gníomhaíochtaí nó faoina cuid gníomhaíochtaí.

6.   Is é nó í an stiúrthóir feidhmiúcháin a bheidh mar ionadaí dlíthiúil ag na nGníomhaireacht.

Airteagal 107

An stiúrthóir feidhmiúcháin agus na leas-stiúrthóirí feidhmiúcháin a cheapadh

1.   Déanfaidh an Coimisiún ar a laghad triúr iarrthóirí a mholadh do phost an stiúrthóra feidhmiúcháin agus do phost gach leas-stiúrthóra feidhmiúcháin, moltaí a bhunófar ar bhonn liosta, a chuirfear le chéile tar éis fógraí i gcomhair na bpost sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus, de réir mar is iomchuí, ar shuíomhanna eile preasa nó idirlín.

2.   Ar bhonn togra ón gCoimisiún, dá bhforáiltear i mír 1, déanfaidh an bord bainistíochta an stiúrthóir feidhmiúcháin a cheapadh ar fhorais fiúntais agus scileanna deimhnithe ardleibhéil i réimsí an riaracháin agus na bainistíochta, lena n-áirítear taithí ábhartha ghairmiúil shinsearach i réimse bhainistiú na dteorainneacha seachtracha agus an fhillte. Sula gceapfar é nó í, iarrfar ar na hiarrthóirí a mholfaidh an Coimisiún ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil nó choistí inniúla Pharlaimint na hEorpa agus freagraí a thabhairt ar cheisteanna a chuirfidh a chomhaltaí nó a gcomhaltaí.

Tar éis ráitis den sórt sin, glacfaidh Parlaimint na hEorpa tuairim lena leagfar amach a barúlacha agus féadfaidh sí a thabhairt le fios cé acu iarrthóir is fearr léi.

Ceapfaidh an bord bainistíochta an stiúrthóir feidhmiúcháin, agus na barúlacha sin á gcur san áireamh. Is le tromlach dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu a dhéanfaidh an bord bainistíochta an cinneadh.

Má dhéanann an bord bainistíochta cinneadh iarrthóir a cheapadh seachas an t-iarrthóir a ndearna Parlaimint na hEorpa a chur in iúl gurb é nó í sin an t-iarrthóir ab fhearr léi, déanfaidh an bord bainistíochta an modh a cuireadh tuairim Pharlaimint na hEorpa san áireamh a chur in iúl i scríbhinn do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Is ag an mbord bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, a bheidh an chumhacht an stiúrthóir feidhmiúcháin a dhífhostú.

3.   Beidh triúr leas-stiúrthóirí feidhmiúcháin de chúnamh ag an stiúrthóir feidhmiúcháin. Beidh gach leas-stiúrthóir feidhmiúcháin freagrach as réimse sonrach freagrachta. Má bhíonn an stiúrthóir feidhmiúcháin as láthair nó mura mbíonn sé nó sí ar fáil, glacfaidh leas-stiúrthóir feidhmiúcháin a ionad nó a hionad.

4.   Ar bhonn togra ón gCoimisiún, dá bhforáiltear i mír 1, déanfaidh an bord bainistíochta na leas-stiúrthóirí feidhmiúcháin a cheapadh ar fhorais fiúntais agus scileanna iomchuí i réimsí an riaracháin agus na bainistíochta, lena n-áirítear taithí ábhartha ghairmiúil i réimse bhainistiú na dteorainneacha seachtracha agus an fhillte. Beidh an stiúrthóir feidhmiúcháin rannpháirteach sa phróiseas roghnúcháin. Is le tromlach dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu a dhéanfaidh an bord bainistíochta an cinneadh.

I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa chéad fhomhír, beidh sé de chumhacht ag an mbord bainistíochta na leas-stiúrthóirí feidhmiúcháin a dhífhostú.

5.   Mairfidh téarma oifige an stiúrthóra feidhmiúcháin ar feadh 5 bliana. Faoi dheireadh na tréimhse sin, gabhfaidh an Coimisiún measúnú de láimh lena gcuirfear san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an stiúrthóra feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus dúshláin na Gníomhaireachta amach anseo.

6.   Féadfaidh an bord bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún lena gcuirfear san áireamh an measúnú dá dtagraítear i mír 5, síneadh ama a chur le téarma oifige an stiúrthóra feidhmiúcháin aon uair amháin, ar feadh tréimhse eile suas le 5 bliana.

7.   Mairfidh téarma oifige na leas-stiúrthóirí feidhmiúcháin ar feadh 5 bliana. Féadfaidh an bord bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, síneadh ama a chur leis aon uair amháin ar feadh tréimhse eile suas le 5 bliana.

8.   Déanfar an stiúrthóir feidhmiúcháin agus na leas-stiúrthóirí feidhmiúcháin a fhostú mar ghníomhairí sealadacha de chuid an Aontais faoi phointe (a) d’Airteagal 2 de na Coinníollacha Fostaíochta.

Airteagal 108

Fóram comhairliúcháin

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht fóram comhairliúcháin a bhunú chun cabhrú léi trí chomhairle neamhspleácha a sholáthar maidir le cearta bunúsacha. Féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin agus an bord bainistíochta, i gcomhordú leis an oifigeach um chearta bunúsacha, dul i gcomhairle leis an bhfóram comhairliúcháin maidir le haon ábhar a bhaineann le cearta bunúsacha.

2.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cuireadh do EASO, do FRA, d’Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe agus d’eagraíochtaí ábhartha eile a bheith rannpháirteach san fhóram comhairliúcháin. Ar bhonn mholadh ón oifigeach um chearta bunúsacha a rinneadh tar éis dul i gcomhairle leis an stiúrthóir feidhmiúcháin, déanfaidh an bord bainistíochta cinneadh i dtaobh chomhdhéanamh an fhóraim comhairliúcháin agus na dtéarmaí maidir le faisnéis a tharchur chuig an bhfóram comhairliúcháin. Déanfaidh an fóram comhairliúcháin, tar éis dul i gcomhairle leis an mbord bainistíochta agus an stiúrthóir feidhmiúcháin, a mhodhanna oibre a shainiú agus a chlár oibre a chur ar bun.

3.   Rachfar i gcomhairle leis an bhfóram comhairliúcháin maidir leis an straitéis um chearta bunúsacha a fhorbairt tuilleadh agus a chur chun feidhme, maidir le feidhmiú an tsásra gearán, maidir leis na cóid iompair agus maidir leis na lárchuraclaim chomhchoiteanna. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an fóram comhairliúcháin ar an eolas faoi na bearta leantacha maidir leis na moltaí a rinne sí.

4.   Déanfaidh an fóram comhairliúcháin tuarascáil bhliantúil a ullmhú maidir lena chuid gníomhaíochtaí. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.

5.   Gan dochar do chúraimí an oifigigh um chearta bunúsacha, tabharfar rochtain éifeachtach don fhóram comhairliúcháin in am trátha agus ar bhealach éifeachtach ar an bhfaisnéis go léir a bhaineann le cearta bunúsacha a urramú, lena n-áirítear trí chuairteanna ar an láthair a thabhairt ar oibríochtaí comhpháirteacha nó trí mhear-idirghabhálacha teorann faoi réir chomhaontú an Bhallstáit óstaigh nó an tríú trír, de réir mar is infheidhme, ar theophointí nó ionaid rialaithe agus ar oibríochtaí um fhilleadh, lena n-áirítear i dtríú tíortha. I gcás nach n-aontóidh an Ballstát óstach le cuairt ar an láthair a bheith á tabhairt ag an bhfóram comhairliúcháin ar oibríocht chomhpháirteach nó ar mhear-idirghabháil teorann atá á cur i gcrích ar a chríoch, déanfaidh sé cúiseanna cuí-réasúnaithe leis sin a thabhairt i scríbhinn don Ghníomhaireacht.

Airteagal 109

An t-oifigeach um chearta bunúsacha.

1.   Ceapfaidh an bord bainistíochta oifigeach um chearta bunúsacha ar bhonn liosta de thriúr iarrthóirí, tar éis dul i gcomhairle leis an bhfóram comhairliúcháin. Beidh na cáilíochtaí, an saineolas agus an taithí ghairmiúil is gá i réimse na gceart bunúsach ag an oifigeach um chearta bunúsacha.

2.   Déanfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha na cúraimí seo a leanas:

(a)

rannchuidiú le straitéis na Gníomhaireachta um chearta bunúsacha agus leis an bplean gníomhaíochta comhfhreagrach, lena n-áirítear trí mholtaí a eisiúint maidir lena fheabhsú;

(b)

faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceart bunúsach, lena n-áirítear trí imscrúduithe a dhéanamh ar aon cheann dá cuid gníomhaíochtaí;

(c)

urraim na Gníomhaireachta do chearta bunúsacha a chur chun cinn;

(d)

comhairle a chur ar an nGníomhaireacht i gcás ina measfaidh sé nó sí gur gá déanamh amhlaidh nó arna iarraidh sin maidir le haon ghníomhaíocht de chuid na Gníomhaireachta gan moill a chur ar na gníomhaíochtaí sin;

(e)

tuairimí a thabhairt maidir leis na pleananna oibríochtúla arna dtarraingt suas do ghníomhaíochtaí oibríochtúla na Gníomhaireachta, maidir le treoirthionscadail agus maidir le tionscadail chúnaimh theicniúil i dtríú tíortha;

(f)

tuairimí a thabhairt maidir le socruithe oibre;

(g)

cuairteanna ar an láthair a thabhairt ar aon oibríocht chomhpháirteach, mear-idirghabháil teorann, treoirthionscadal, foireann tacaíochta don bhainistiú imirce a imscaradh, oibríocht um fhilleadh nó idirghabháil um fhilleadh, lena n-áirítear i dtríú tíortha;

(h)

treoracha agus faisnéis a sholáthar do rúnaíocht an fhóraim comhairliúcháin;

(i)

an stiúrthóir feidhmiúcháin a chur ar an eolas maidir le sáruithe féideartha ar chearta bunúsacha le linn ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta;

(j)

daoine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha a roghnú agus a bhainistiú;

(k)

aon chúraimí eile, i gcás ina bhforáiltear dóibh sa Rialachán seo.

Gheobhaidh an rúnaíocht dá dtagraítear i bpointe (h) den chéad fhomhír treoracha go díreach ón bhfóram comhairliúcháin.

3.   Chun críocha phointe (j) den chéad fhomhír de mhír 2, déanfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

an lucht faireacháin ar chearta bunúsacha a cheapadh;

(b)

daoine den lucht faireacháin a shannadh d’oibríochtaí agus gníomhaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 110(3);

(c)

daoine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha a ainmniú mar dhaoine den lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach don díorma dá dtagraítear dá dtagraítear in Airteagal 51,

(d)

a áirithiú go mbeidh oiliúint leormhaith ar dhaoine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha,

(e)

tuairisc a thabhairt don stiúrthóir feidhmiúcháin maidir le sáruithe féideartha ar chearta bunúsacha arna dtuairisciú dó nó di ag an lucht faireacháin ar chearta bunúsacha, de réir mar a mheasann an stiúrthóir feidhmiúcháin go bhfuil gá leis sin.

Tabharfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin freagra don oifigeach um chearta bunúsacha maidir leis an gcaoi ar tugadh aghaidh ar ábhair imní i ndáil le sáruithe féideartha ar chearta bunúsacha dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír.

Féadfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha cúraim a chur ar dhuine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha maidir le haon cheann de na cúraimí dá bhforáiltear i bpointí (a) go (i) agus (k) den chéad fhomhír de mhír 2.

4.   Déanfaidh an bord bainistíochta rialacha speisialta is infheidhme maidir leis an oifigeach um chearta bunúsacha a leagan síos chun a ráthú go mbeidh neamhspleáchas iomlán ag an oifigeach um chearta bunúsacha agus ag a chuid nó a cuid ball foirne maidir lena gcúraimí a chomhlíonadh. Beidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha freagrach go díreach don bhord bainistíochta agus comhoibreoidh sé nó sí leis an bhfóram comhairliúcháin. Déanfaidh an bord bainistíochta a áirithiú go ndéanfar gníomhaíocht agus aird á tabhairt ar mholtaí ón oifigeach um chearta bunúsacha. Ina theannta sin, déanfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú maidir lena ghníomhaíochtaí nó a gníomhaíochtaí agus maidir leis an méid a urramaíonn gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta cearta bunúsacha. Áireofar sna tuarascálacha sin faisnéis maidir leis na sásraí gearán agus cur chun feidhme na straitéise um chearta bunúsacha.

5.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht a áirithiú go mbeidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha in ann gníomhú go neamhspleách agus go mbeidh sé nó sí neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid nó a cuid dualgas. Beidh acmhainní daonna agus airgeadais leordhóthanacha agus leormhaithe ar fáil don oifigeach um chearta bunúsacha chun a chuid dualgas nó a cuid dualgas a chomhlíonadh.

Déanfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha a bhaill foirne féin nó a baill foirne féin a roghnú agus is don oifigeach um chearta bunúsacha amháin a bheidh na baill foirne sin freagrach.

6.   Gheobhaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha cúnamh ó leas-oifigeach um chearta bunúsacha. Is é an bord bainistíochta a cheapfaidh an leas-oifigeach um chearta bunúsacha, ó liosta de thriúr iarrthóirí a dhéanfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsach a thíolacadh. Beidh na cáilíochtaí agus an taithí is gá i réimse na gceart bunúsach ag an oifigeach um chearta bunúsacha agus beidh sé nó sí neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid dualgas nó a cuid dualgas. Má bhíonn an t-oifigeach um chearta bunúsacha as láthair nó mura mbeidh sé nó sí ar fáil, glacfaidh an leas-oifigeach um chearta bunúsacha le dualgais agus freagrachtaí an oifigigh um chearta bunúsacha.

7.   Beidh rochtain ag an oifigeach um chearta bunúsacha ar an bhfaisnéis ar fad a bhaineann le hurramú na gceart bunúsach i ndáil le gníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta.

Airteagal 110

Lucht faireacháin ar chearta bunúsacha

1.   Déanfaidh lucht faireacháin ar chearta bunúsacha, arna fhostú mar bhaill foirne reachtúla, measúnú leanúnach ar chomhlíonadh na gceart bunúsach maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla, comhairle agus cúnamh a thabhairt ina leith sin agus rannchuidiú le cearta bunúsacha a chur chun cinn mar chuid de bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip.

2.   Déanfaidh an lucht faireacháin ar chearta bunúsacha na cúraimí seo a leanas:

(a)

faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceart bunúsach agus comhairle agus cúnamh a thabhairt maidir le cearta bunúsacha in ullmú, cur i gcrích agus measúnú ghníomhaíochtaí oibríochtúla na Gníomhaireachta a bhfuil sannta dóibh ag an oifigeach um chearta bunúsacha chun faireachán a dhéanamh orthu;

(b)

gníomhú mar dhaoine den lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach;

(c)

rannchuidiú le gníomhaíochtaí oiliúna na Gníomhaireachta maidir le cearta bunúsacha amhail dá bhforáiltear in Airteagal 62, lena n-áirítear trí oiliúint ar chearta bunúsacha a sholáthar.

Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, déanfaidh an lucht faireacháin ar chearta bunúsacha an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

ullmhú pleananna oibríochtúla a leanúint agus tuairisciú a dhéanamh don oifigeach um chearta bunúsacha chun go mbeidh sé nó sí in ann a chuid cúraimí nó a cuid cúraimí a chomhlíonadh amhail dá bhforáiltear i bpointe (e) d’Airteagal 109(2);

(b)

cuairteanna a thabhairt, lena n-áirítear cuairteanna fadtéarmacha, ar na háiteanna ina dtarlaíonn gníomhaíochtaí oibríochtúla;

(c)

comhoibriú agus idirchaidreamh a dhéanamh leis an oifigeach comhordaithe amhail dá bhforáiltear in Airteagal 44 agus cúnamh agus comhairle a thabhairt dó nó di;

(d)

an t-oifigeach comhordaithe a chur ar an eolas agus tuairisciú a dhéanamh don oifigeach um chearta bunúsacha maidir le hábhair imní ar bith a bhaineann le haon sárú féideartha ar chearta bunúsacha laistigh de ghníomhaíochtaí oibríochtúla na Gníomhaireachta;

(e)

rannchuidiú le meastóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí amhail dá dtagraítear in Airteagal 48.

3.   Gan dochar do mhír 4, déanfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha aon duine ar a laghad den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha a shannadh do gach oibríocht. Féadfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha freisin daoine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha a shannadh chun faireachán a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht oibríochtúil eile a mheasfaidh sé nó sí a bheith ábhartha.

Beidh rochtain ag daoine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha ar gach réimse ina dtarlóidh gníomhaíocht oibríochtúil na Gníomhaireachta agus ar a cuid doiciméad uile a bhaineann le cur chun feidhme na gníomhaíochta sin.

4.   Féadfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha daoine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha a ainmniú mar dhaoine den lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach don díorma dá dtagraítear in Airteagal 51. I gcás ina ngníomhóidh daoine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha mar dhaoine den lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach, beidh feidhm mutatis mutandis ina leith ag Airteagal 50(5) agus Airteagal 51.

5.   Is é nó í an t-oifigeach um chearta bunúsacha a cheapfaidh na daoine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha agus beidh siad faoi mhaoirseacht aige nó aici. Beidh daoine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha neamhspleách i gcomhlíonadh a gcuid dualgas. Nuair a bheidh daoine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha i láthair i limistéar oibríochtúil, beidh ionchomharthaí á gcaitheamh acu lenar féidir iad a aithint go soiléir mar dhaoine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha.

6.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht a áirithiú go mbeidh ar a laghad 40 duine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha earcaithe ag an nGníomhaireacht faoin 5 Nollaig 2020. Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin, i gcomhairle leis an oifigeach um chearta bunúsacha, measúnú ar bhonn bliantúil ar an ngá a bheidh le méadú a dhéanamh ar líon an lucht faireacháin ar chearta bunúsacha. Tar éis an mheasúnaithe sin, i gcás inar gá, molfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin don bhord bainistíochta go ndéanfar méadú ar líon an lucht faireacháin ar chearta bunúsacha don chéad bhliain eile, ag brath ar riachtanais oibríochtúla.

7.   Tar éis a n-earcaíochta, cuirfear oiliúint fheabhsaithe ar dhaoine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha maidir le cearta bunúsacha, agus aird á tabhairt ar cháilíochtaí agus taithí sna réimsí ábhartha a fuair siad roimhe seo. I rith a dtréimhse fostaithe, áiritheoidh an Ghníomhaireacht go ndéanfaidh na daoine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha a gcuid dualgas a chomhlíonadh i gcomhréir leis na caighdeáin is airde. Ceapfar pleananna oiliúna leormhaithe do gach duine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha chun a bhforbairt ghairmiúil leanúnach a áirithiú ionas go mbeidh siad in ann a ról mar dhaoine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha a chomhlíonadh.

Airteagal 111

Sásra gearán

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis an oifigeach um chearta bunúsacha, na bearta is gá chun sásra gearáin neamhspleách agus éifeachtúil a bhunú agus a fhorbairt tuilleadh i gcomhréir leis an Airteagal seo chun faireachán a dhéanamh ar urraim do chearta bunúsacha i ngníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta agus chun an urraim sin a áirithiú.

2.   Aon duine dá ndéanfar difear go díreach le gníomhaíochtaí nó neamhghníomh baill foirne atá rannpháirteach in oibríocht chomhpháirteach, i dtreoirthionscadal, i mear-idirghabháil teorann, in imscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, in oibríocht um fhilleadh, in idirghabháil um fhilleadh nó i ngníomhaíocht oibríochtúil de chuid na Gníomhaireachta i dtríú tír, agus gur sáraíodh, dar leis féin nó léi féin, a chearta nó a cearta bunúsacha de dhroim na ngníomhaíochtaí nó an neamhghnímh sin, nó aon pháirtí a dhéanfaidh ionadaíocht ar an duine sin, féadfaidh sé nó sí gearán i scríbhinn a thíolacadh chuig an nGníomhaireacht.

3.   Is gearáin a bhfuil bunús maith leo agus a bhaineann le sáruithe nithiúla ar chearta bunúsacha, agus iad sin amháin, a bheidh inghlactha.

4.   Beidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha freagrach as gearáin arna bhfáil ag an nGníomhaireacht a láimhseáil i gcomhréir leis an gceart chun dea-riaracháin. Chun na críche sin, déanfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha inghlacthacht gearáin a athbhreithniú, gearáin inghlactha a chlárú, gach gearán cláraithe a chur ar aghaidh chuig an stiúrthóir feidhmiúcháin agus gearáin a bhaineann le baill de na foirne a chur ar aghaidh chuig an mBallstát baile, lena n-áirítear chuig an údarás ábhartha nó chuig an gcomhlacht ábhartha atá inniúil maidir le cearta bunúsacha i mBallstát, le haghaidh gníomhaíocht bhreise i gcomhréir lena sainordú. Chomh maith leis sin, déanfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha bearta leantacha na Gníomhaireachta nó an Bhallstáit sin a chlárú agus a áirithiú.

5.   I gcomhréir leis an gceart chun dea-riaracháin, má tá gearán inghlactha, cuirfear in iúl do ghearánaigh gur cláraíodh an gearán, gur tosaíodh ar an ngearán a mheasúnú agus go bhféadfar a bheith ag súil le freagra a luaithe a chuirfear é ar fáil. Má chuirtear gearán ar aghaidh chun údarás nó comhlachtaí náisiúnta, cuirfear a sonraí teagmhála ar fáil don ghearánach. Má dhearbhaítear gearán a bheith neamh-inghlactha, cuirfear na cúiseanna leis sin in iúl don ghearánach agus, más féidir, aon roghanna eile atá ar fáil chun díriú ar a n-ábhair imní.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht foráil maidir le nós imeachta iomchuí i gcásanna ina ndéanfar gearán a dhearbhú a bheith neamh-inghlactha nó gan bhunús.

Beidh aon chinneadh i bhfoirm scríofa agus beidh sé réasúnaithe. Déanfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha athbhreithniú ar an ngearán má dhéanann an gearánach fianaise nua a thíolacadh i gcásanna inar dearbhaíodh an gearán a bheith neamh-inghlactha nó gan bhunús.

6.   I gcás gearán cláraithe a bhaineann le ball foirne de chuid na Gníomhaireachta, molfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha don stiúrthóir feidhmiúcháin go ndéanfar na bearta leantacha iomchuí, lena n-áirítear bearta araíonachta, agus, i gcás inarb iomchuí, go dtarchuirfear é chun imeachtaí ceartais shibhialta nó choiriúil a thionscnamh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an dlí náisiúnta. Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin a áirithiú go ndéanfar bearta leantacha iomchuí agus tabharfaidh sé nó sí tuairisc don oifigeach um chearta bunúsacha laistigh de thréimhse ama shocraithe agus, más gá, go tráthrialta ina dhiaidh sin, maidir leis na cinntí, cur chun feidhme na mbeart araíonachta, agus na bearta leantacha arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht mar fhreagra ar an ngearán.

Má bhaineann gearán le saincheisteanna cosanta sonraí, rachaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin i gcomhairle le hoifigeach cosanta sonraí na Gníomhaireachta sula ndéanfaidh sé nó sí cinneadh maidir leis an ngearán. Déanfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha agus an t-oifigeach cosanta sonraí meabhrán tuisceana a bhunú, i scríbhinn, lena sonrófar roinnt a gcúraimí agus an comhar i dtaca le gearáin a fuarthas.

7.   I gcás gearán cláraithe a bhaineann le ball de na foirne ó Bhallstát óstach nó ó Bhallstát rannpháirteach eile, lena n-áirítear ball de na foirne ar iasacht nó saineolaí náisiúnta ar iasacht, áiritheoidh an Ballstát baile go ndéanfar na bearta leantacha iomchuí, lena n-áirítear bearta araíonachta, an gearán a tharchur chun imeachtaí ceartais shibhialta nó choiriúil a thionscnamh, de réir mar is gá, agus bearta eile i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Tuairisceoidh an Ballstát ábhartha ar ais don oifigeach um chearta bunúsacha laistigh de thréimhse ama chinntithe i dtaobh na gcinntí agus na mbeart leantach maidir leis an ngearán, agus, más gá, go tráthrialta ina dhiaidh sin. Déanfaidh an Ghníomhaireacht bearta leantacha maidir leis an ábhar mura bhfaighfear aon tuairisc ón mBallstát ábhartha.

Más rud é, laistigh den tréimhse ama chinntithe, nach dtuairisceoidh an Ballstát ábhartha ar ais nó nach dtabharfaidh sé ach freagra neamhchinnte, déanfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha an stiúrthóir feidhmiúcháin agus an bord bainistíochta a chur ar an eolas faoin méid sin.

8.   I gcás ina bhfaighfear amach gur sháraigh ball de na foirne cearta bunúsacha nó oibleagáidí cosanta idirnáisiúnta, iarrfaidh an Ghníomhaireacht ar an mBallstát an ball sin a chur láithreach as gníomhaíocht na Gníomhaireachta nó as an mbuanchór.

9.   Déanfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha faisnéis maidir leis an sásra gearán a chur san áireamh ina thuarascáil bhliantúil nó ina tuarascáil bhliantúil, dá dtagraítear in Airteagal 109(4), lena n-áirítear tagairtí sonracha do chinntí agus bearta leantacha na Gníomhaireachta agus na mBallstát a rinneadh maidir le gearáin.

10.   Déanfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha, i gcomhréir le míreanna 1 go 9 agus tar éis dul i gcomhairle leis an bhfóram comhairliúcháin, foirm ghearáin chaighdeánaithe a tharraingt suas ina gceanglófar faisnéis mhionsonraithe shonrach a thabhairt maidir leis an sárú líomhanta ar chearta bunúsacha. Déanfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha aon rialacha mionsonraithe breise a tharraingt suas de réir mar is gá. Déanfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha an fhoirm sin agus rialacha mionsonraithe breise den sórt sin a thíolacadh chuig an stiúrthóir feidhmiúcháin agus an bord bainistíochta.

Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go mbeidh faisnéis maidir leis an bhféidearthacht agus nós imeachta gearán a dhéanamh ar fáil go héasca, lena n-áirítear do dhaoine leochaileacha. Déanfar an fhoirm ghearáin chaighdeánaithe a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta agus i gcruachóip i rith ghníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta i dteangacha a thuigeann náisiúnaigh tríú tír nó a gcreidtear le réasún go dtuigeann siad iad. Tabharfar rochtain éasca ar an bhfoirm ghearáin chaighdeánaithe, lena n-áirítear ar ghléasanna móibíleacha. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go ndéanfar treoir bhreise agus cúnamh breise maidir leis an nós imeachta gearán a soláthar do ghearánaigh. Déanfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha gearáin a mheas fiú i gcás nár tíolacadh iad san fhoirm ghearáin chaighdeánaithe.

11.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, lena n-áirítear an t-oifigeach um chearta bunúsacha, aon sonraí pearsanta atá sa ghearán a láimhseáil agus a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 agus déanfaidh na Ballstáit iad a láimhseáil agus a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus le Treoir (AE) 2016/680.

I gcás ina gcuirfidh gearánach gearán isteach, tuigfear go bhfuil an gearánach sin ag toiliú leis an nGníomhaireacht agus an oifigeach um chearta bunúsacha do phróiseáil a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta de réir bhrí phointe (d) d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725.

Chun leasanna na ngearánach a chosaint, déileálfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais le gearáin faoi rún mura ndéanfaidh an gearánach a cheart nó a ceart chun rúndachta a tharscaoileadh go sainráite. Nuair a tharscaoilfidh gearánaigh a gceart chun rúndachta, tuigfear go dtoilíonn siad leis an oifigeach um chearta bunúsacha nó an Ghníomhaireacht do nochtadh a gcéannachta do na húdaráis inniúla nó do na comhlachtaí inniúla i ndáil leis an ábhar faoi ghearán, i gcás inar gá.

Airteagal 112

Comhar idirpharlaiminteach

1.   Chun aghaidh a thabhairt ar nádúr sonrach an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh, sa chiall is go bhfuil sé comhdhéanta d’údaráis náisiúnta agus den Ghníomhaireacht, agus chun a áirithiú go ndéanfar feidhmeanna éifeachtacha grinnscrúdaithe Pharlaimint na hEorpa ar an nGníomhaireacht agus feidhmeanna éifeachtacha grinnscrúdaithe na bparlaimintí náisiúnta ar a n-údaráis náisiúnta faoi seach a fheidhmiú go héifeachtach, mar a fhoráiltear dó sin sna Conarthaí agus leis an dlí náisiúnta faoi seach, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta comhoibriú le chéile faoi chuimsiú Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le Ról na bParlaimintí Náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE agus le CFAE.

2.   Nuair a gheobhaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin agus cathaoirleach an bhoird bainistíochta cuireadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ó na parlaimintí náisiúnta, agus cruinnithe á reáchtáil acu i gcomhthéacs mhír 1, freastalóidh an stiúrthóir feidhmiúcháin agus cathaoirleach an bhoird bainistíochta ar na cruinnithe sin.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht a tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a tharchur chuig na parlaimintí náisiúnta.

Airteagal 113

Socruithe teanga

1.   Beidh feidhm ag Rialachán Uimh. 1 (46) maidir leis an nGníomhaireacht.

2.   Gan dochar do chinntí arna ndéanamh ar bhonn Airteagal 342 CFAE, táirgfear i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí agus an clár oibre.

3.   Soláthróidh Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin is gá i gcomhair fheidhmiú na Gníomhaireachta.

Airteagal 114

Trédhearcacht agus cumarsáid

1.   Beidh an Ghníomhaireacht faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 nuair a bheidh iarratais ar rochtain ar dhoiciméid atá ina seilbh á láimhseáil aici.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht cumarsáid, ar a tionscnamh féin, maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme a cúraimí. Poibleoidh sí faisnéis ábhartha, lena n-áirítear an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí, an clár oibre bliantúil, an cód iompair, anailísí riosca straitéiseacha, agus faisnéis chuimsitheach maidir le hoibríochtaí comhpháirteacha roimhe seo agus cinn reatha, mear-idirghabhálacha teorann, treoirthionscadail, tionscadail cúnaimh theicniúil le tríú tíortha, imscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, oibríochtaí um fhilleadh nó idirghabhálacha um fhilleadh, lena n-áirítear i dtríú tíortha, agus socruithe oibre, agus áiritheoidh sí, gan dochar d’Airteagal 92, go háirithe, go ndéanfar faisnéis oibiachtúil, mhionsonraithe, chuimsitheach, iontaofa atá sothuigthe go héasca faoina cuid oibre a thabhairt go mear don phobal agus d’aon pháirtí leasmhar. Déanfaidh sí amhlaidh gan faisnéis oibríochtúil a nochtadh, ar faisnéis í, dá bpoibleofaí í, a chuirfeadh gnóthú chuspóir na n-oibríochtaí i mbaol.

3.   Leagfaidh an bord bainistíochta síos na socruithe praiticiúla chun míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm.

4.   Beidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach i dteideal comhfhreagras i scríbhinn a dhíriú ar an nGníomhaireacht in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais. Beidh sé de cheart ag an duine sin freagra a fháil sa teanga chéanna.

5.   Féadfaidh cinntí a ghlacfaidh an Ghníomhaireacht de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina gcúis le gearán a thaisceadh leis an Ombudsman Eorpach nó le caingean a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 228 agus in Airteagal 263 CFAE faoi seach.

ROINN 4

Ceanglais airgeadais

Airteagal 115

Buiséad

1.   Is é a bheidh in ioncam na Gníomhaireachta, gan dochar do chineálacha eile ioncaim:

(a)

ranníocaíocht ón Aontas, arna hiontráil i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (roinn an Choimisiúin);

(b)

ranníocaíocht ó na tíortha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen arna bunú sna socruithe ábhartha a shonraíonn a ranníocaíocht airgeadais;

(c)

cistiú ón Aontas i bhfoirm comhaontuithe ranníocaíochta nó deontais ad hoc i gcomhréir le rialacha airgeadais na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 120 agus le forálacha na n-ionstraimí ábhartha a thacaíonn le beartais an Aontais;

(d)

táillí ar sheirbhísí a sholáthraítear;

(e)

aon ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit.

2.   Cuimseofar le caiteachas na Gníomhaireachta a speansais riaracháin, bhonneagair agus oibríochta agus speansais a bhaineann le baill foirne.

3.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin dréachtráiteas faoi mheastacháin ioncaim agus chaiteachais na Gníomhaireachta a tharraingt suas don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, lena n-áirítear plean bunaíochta, agus seolfaidh sé nó sí chuig an mbord bainistíochta é.

4.   Comhardófar an t-ioncam agus an caiteachas.

5.   Glacfaidh an bord bainistíochta, ar bhonn an dréachtráitis meastachán a bheidh tarraingthe suas ag an stiúrthóir feidhmiúcháin, dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta, lena n-áirítear an plean sealadach bunaíochta. Déanfaidh an bord bainistíochta iad a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain, mar chuid den dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair.

6.   Seolfaidh an bord bainistíochta na dréachtmheastacháin deiridh ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta, lena n-áirítear an dréachtphlean bunaíochta maille leis an réamhchlár oibre, chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta gach bliain.

7.   Cuirfidh an Coimisiún an meastachán ar aghaidh chuig an údarás buiséadach in éineacht le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

8.   Ar bhonn an mheastacháin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh na meastacháin sin a mheasfaidh sé is gá don phlean bunaíochta agus do mhéid na ranníocaíochta a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh iad i gcomhréir le hAirteagail 313 agus 314 CFAE.

9.   Údaróidh an t-údarás buiséadach leithreasuithe i gcomhair na ranníocaíochta a íocfar leis an nGníomhaireacht.

10.   Glacfaidh an t-údarás buiséadach an plean bunaíochta i gcomhair na Gníomhaireachta.

11.   Glacfaidh an bord bainistíochta buiséad na Gníomhaireachta. Beidh sé críochnaitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. I gcás inarb iomchuí, déanfar é a choigeartú dá réir sin.

12.   Leanfaidh aon athrú ar an mbuiséad, lena n-áirítear an plean bunaíochta, an nós imeachta céanna.

13.   I gcás aon tionscadail tógála ar cosúil go mbeidh impleachtaí móra aige ar bhuiséad na Gníomhaireachta, beidh feidhm ag forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2019/715 ón gCoimisiún (47).

14.   Chun imscaradh mear-idirghabhálacha teorann agus idirghabhálacha um fhilleadh a mhaoiniú, beidh i mbuiséad na Gníomhaireachta arna ghlacadh ag an mbord bainistíochta cúlchiste oibríochtúil airgeadais arb ionann é agus 2 % ar a laghad den leithdháileadh a sholáthraítear go comhpháirteach le haghaidh oibríochtaí comhpháirteacha ag na teorainneacha seachtracha agus gníomhaíochtaí oibríochtúla i réimse an fhillte. Ag deireadh gach míosa, féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin cinneadh a dhéanamh suim arb ionann í agus an dódhéagú cuid de leithreasuithe a chúlchiste a ath-leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí oibríochtúla eile de chuid an Aontais. I gcás den sórt sin, cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an bord bainistíochta ar an eolas.

15.   Féadfar gealltanais bhuiséadacha do ghníomhaíochtaí a mhairfidh níos faide ná bliain airgeadais amháin a mhiondealú ina dtráthchodanna bliantúla a íocfar thar thréimhse roinnt blianta.

Airteagal 116

An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú

1.   Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme.

2.   Faoin 1 Márta de bhliain airgeadais N + 1, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha don bhliain airgeadais N in iúl d’oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus don Chúirt Iniúchóirí. Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe a chomhdhlúthú i gcomhréir le hAirteagal 245 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

3.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais don bhliain N chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N + 1.

4.   Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na Gníomhaireachta do bhliain N, arna gcomhdhlúthú le cuntais an Choimisiúin, chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N + 1.

5.   Ar bharúlacha ón gCúirt Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta do bhliain N, de bhun Airteagal 246 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, tarraingeoidh an stiúrthóir feidhmiúcháin suas cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta a bhfuil sé nó sí freagrach astu agus cuirfidh iad ar aghaidh chun an bhoird bainistíochta chun tuairim a fháil.

6.   Seachadfaidh an bord bainistíochta tuairim maidir le cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta do bhliain N.

7.   Faoin 1 Iúil de bhliain N + 1, seolfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha, mar aon le tuairim an bhoird bainistíochta, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

8.   Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha do bhliain N in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain de bhliain N + 1.

9.   Seolfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí ar a barúlacha faoin 30 Meán Fómhair de bhliain N + 1. Cuirfidh sé nó sí an freagra sin chuig an mbord bainistíochta freisin.

10.   Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin, ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, aon fhaisnéis is gá faoina bráid chun an nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil do bhliain N, i gcomhréir le hAirteagal 261(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

11.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di le tromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don stiúrthóir feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine de bhliain N + 2, i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain N.

Airteagal 117

Calaois a chomhrac

1.   Chun calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian ag forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013. Aontóidh an Ghníomhaireacht do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Frith-Chalaoise Eorpach (OLAF) agus glacfaidh sí, gan mhoill, na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le baill foirne uile na Gníomhaireachta, agus an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin á úsáid aici.

2.   Beidh cumhacht ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus cigireachtaí ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí Aontais ón nGníomhaireacht.

3.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (48) d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhlíthiúil eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó le conradh arna mhaoiniú ag an nGníomhaireacht.

4.   I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú agus a ionchúiseamh amhail dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371.

5.   Gan dochar do mhíreanna 1 go 4, beidh forálacha i socruithe oibre le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gcomhaontuithe deontais, i gcinntí deontais agus i gconarthaí de chuid na Gníomhaireachta, ar forálacha iad lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Chúirt Iniúchóirí, do OLAF agus do OIPE iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh, i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 118

Coinbhleachtaí leasa a chosc

Glacfaidh an Ghníomhaireacht rialacha inmheánacha lena gceanglaítear ar chomhaltaí a comhlachtaí agus ar a baill foirne aon staid a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le coinbhleacht leasa le linn a bhfostaíochta nó a dtéarma oifige agus na staideanna sin a thuairisciú.

Áiritheoidh an Ghníomhaireacht gurb ann do thrédhearcacht maidir leis an mbrústocaireacht trí bhíthin clár trédhearcachta agus trína cruinnithe uile le geallsealbhóirí tríú páirtí a nochtadh. Áireofar sa chlár trédhearcachta gach cruinniú agus teagmháil idir geallsealbhóirí tríú páirtí agus an stiúrthóir feidhmiúcháin, na leas-stiúrthóirí feidhmiúcháin agus na cinn roinne maidir le hábhair a bhaineann le soláthairtí agus tairiscintí le haghaidh seirbhísí, trealaimh nó tionscadail agus staidéir sheachfhoinsithe. Déanfaidh an Ghníomhaireacht taifead a choinneáil ar gach cruinniú dá ball foirne le geallsealbhóirí tríú páirtí maidir le hábhair a bhaineann le soláthairtí, trealaimh nó tionscadail agus staidéir sheachfhoinsithe.

Airteagal 119

Fiosrúcháin riaracháin

Beidh gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta faoi réir fhiosrúcháin an Ombudsman Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE.

Airteagal 120

Foráil airgeadais

Déanfaidh an bord bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh siad ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 mura rud é go mbeidh gá leis an imeacht sin go sonrach d’oibriú na Gníomhaireachta agus mura rud é go mbeidh an Coimisiún tar éis toiliú don imeacht sin roimh ré. Faoina chuimsiú sin, glacfaidh an bord bainistíochta rialacha airgeadais sonracha a bheidh infheidhme maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta i réimse an chomhair le tríú tíortha maidir le filleadh.

Airteagal 121

Meastóireacht

1.   Gan dochar d’Airteagal 59, faoin 5 Nollaig 2023, agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo. Sa mheastóireacht, déanfar measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

na torthaí a bhain an Ghníomhaireacht amach ag féachaint dá cuspóirí, dá sainordú, dá hacmhainní agus dá cúraimí;

(b)

tionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht fheidhmiú na Gníomhaireachta agus a cleachtas oibre i ndáil lena cuspóirí, lena sainordú agus lena cúraimí;

(c)

comhar idirghníomhaireachta ar an leibhéal Eorpach, lena n-áirítear cur chun feidhme an chomhair Eorpaigh maidir le feidhmeanna garda cósta;

(d)

an gá a d’fhéadfadh a bheith le sainordú na Gníomhaireachta a mhodhnú;

(e)

na himpleachtaí airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ag aon mhodhnú den sórt sin;

(f)

feidhmiú an bhuanchóir agus, amhail ón dara meastóireacht, a líon foriomlán agus a chomhdhéanamh;

(g)

leibhéal na hoiliúna, an tsaineolais speisialaithe agus na gairmiúlachta atá ag an mbuanchór.

Áireofar sa mheastóireacht anailís shonrach ar an tslí a ndearnadh an Chairt agus dlí ábhartha eile an Aontais a chomhlíonadh, agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

2.   Leis an meastóireacht, déanfar measúnú freisin ar tharraingteacht na Gníomhaireachta mar fhostóir le haghaidh baill foirne reachtúla a earcú, d’fhonn cáilíocht na n-iarrthóirí agus cothromaíocht gheografach a áirithiú.

3.   Agus an mheastóireacht á déanamh aige, iarrfaidh an Coimisiún ionchur ó gheallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear an fóram comhairliúcháin agus FRA.

4.   Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta mar aon lena conclúidí maidir leis an tuarascáil ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mbord bainistíochta. Féadfaidh an bord bainistíochta moltaí a eisiúint chuig an gCoimisiún maidir le hathruithe ar an Rialachán seo. Poibleofar an tuarascáil mheastóireachta agus na conclúidí maidir leis an tuarascáil. Cuirfidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht an fhaisnéis is gá ar fáil don Choimisiún chun na tuarascálacha meastóireachta a dhréachtú. I gcás inar gá, beidh tograí reachtacha ag gabháil leis na tuarascálacha meastóireachta.

5.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil ar fheidhmiú EUROSUR a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 1 Nollaig 2021 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin.

Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá ar fáil don Ghníomhaireacht chun na tuarascálacha sin a dhréachtú.

6.   Mar chuid den mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar EUROSUR ar fáil agus, i gcás inar gá, beidh tograí iomchuí chun a fheidhmiúlacht a fheabhsú ag gabháil leis an meastóireacht sin.

Cuirfidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht an fhaisnéis is gá ar fáil don Choimisiún chun an mheastóireacht fhoriomlán dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh.

Agus an mheastóireacht fhoriomlán dá dtagraítear sa chéad fhomhír á déanamh aige, iarrfaidh an Coimisiún ionchur ó gheallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear an fóram comhairliúcháin agus FRA.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 122

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste (“Coiste an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh”) cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 123

Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

1.   Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 cé is moite d’Airteagal 9(3), (5), (7) go (10) agus Airteagal 10(5) agus (7) de a aisghairfear le héifeacht ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 24(3) den Rialachán seo.

2.   Aisghairtear Rialachán (AE) 2016/1624 cé is moite d’Airteagail 20, 30 agus 31 de a aisghairfear le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

3.   Déanfar imscaradh i gcomhréir le hAirteagail 54 go 58 amhail ón 1 Eanáir 2021.

4.   Maidir leis an imscaradh in 2021, déanfaidh an bord bainistíochta na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 55(4) agus in Airteagal 64(6) a ghlacadh faoin 31 Márta 2020.

5.   Chun tacú le hacmhainní daonna a fhorbairt le haghaidh rannchuidithe na mBallstát leis an mbuanchór a áirithiú, beidh na Ballstáit i dteideal cistiú a fháil sa bhliain 2020 i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 61(1). Bainfear úsáid as na huimhreacha in Iarscríbhinn II don bhliain 2022 mar phointe tagartha don chistiú ábhartha sa bhliain 2020.

6.   Chun rannchuidiú go héifeachtach leis an líon ball foirne reachtúla is gá le haghaidh chéad imscaradh an bhuanchóir agus chun rannchuidiú le Láraonad ETIAS a chur ar bun, seolfaidh an Ghníomhaireacht na hullmhúcháin is gá, lena n-áirítear earcaíocht agus oiliúint, amhail ón 4 Nollaig 2019 agus i gcomhréir leis na rialacha buiséadacha.

7.   Go dtí an 5 Nollaig 2021, féadfaidh na Ballstáit faisnéis a sholáthar do EUROSUR maidir le seiceálacha teorann agus faireachas teorainneacha aeir ar bhonn deonach.

8.   Déanfar tagairtí do na gníomhartha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 124

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 79 ón dáta a dhéanfar an córas dá dtagraítear san Airteagal sin a aistriú go héifeachtach.

3.   Beidh feidhm ag Airteagal 12(3), Airteagal 70 agus Airteagal 100(5), a mhéid a bhaineann siad le comhar leis an Ríocht Aontaithe, go dtí an dáta a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE nó, ar choinníoll go mbeidh comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) CAE tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta sin, go dtí deireadh na hidirthréimhse a leagtar síos sa chomhaontú um tharraingt siar sin.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Samhain 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. TUPPURAINEN


(1)  IO C 110, 22.3.2019, lch. 62.

(2)  IO C 168, 16.5.2019, lch.74.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2019.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2004 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (IO L 349, 25.11.2004, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 656/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear rialacha i gcomhair faireachais ar na teorainneacha farraige seachtracha i gcomhthéacs comhair oibríochtúil a chomhordaíonn an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (IO L 189 27.6.2014, lch. 93).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR) (IO L 295, 6.11.2013, lch. 11).

(9)  Treoir 2002/90/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2002 lena sainmhínítear éascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus cónaí neamhúdaraithe (IO L 328, 5.12.2002, lch. 17).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).

(11)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(12)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go mídhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).

(13)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/699/CGB an 3 Nollaig 1998 arna glacadh ag an gComhairle ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le Córas Eorpach um Chartlannú Íomhánna (FADO) a bhunú (IO L 333, 9.12.1998, lch. 4)

(14)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(15)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(16)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(17)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(18)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

(19)  Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(20)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(21)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(23)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(24)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(25)  IO L 188, 20.7.2007, lch. 19.

(26)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(27)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(28)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(29)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(30)  IO L 243, 16.9.2010, lch. 4.

(31)  Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).

(32)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(33)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(34)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(35)  Rialachán (AE) 2019/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú (IO L 198, 25.7.2019, lch. 88).

(36)  Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle an 14 Bealtaine 2008 lena mbunaítear Gréasán Imirce na hEorpa (IO L 131, 21.5.2008, lch. 7).

(37)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).

(38)  Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur chun feidhme agus saothrú córas Eorpach um loingseoireacht satailíte agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 1).

(39)  Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 312, 7.12.2018, lch. 1).

(40)  Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).

(41)  Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (CE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 180, 29.6.2013, lch. 1).

(42)  Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 574/2007/CE (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).

(43)  Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta coitianta chun cosaint idirnáisiúnta a thabhairt agus a tharraingt siar (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).

(44)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

(45)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

(46)  Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).

(47)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir le creat rialála airgeadais do na comhlachtaí arna mbunú faoin CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).

(48)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN I

Acmhainní an bhuanchóir in aghaidh na bliana agus in aghaidh an chatagóra i gcomhréir le hAirteagal 54

Catagóir/Bliain

Catagóir 1

Baill foirne reachtúla

Catagóir 2

Baill foirne oibríochtúla le haghaidh iasachtaí fadtéarmacha

Catagóir 3

Baill foirne oibríochtúla le haghaidh imscaradh gearrthéarmach

Catagóir 4

Cúltaca le haghaidh mearfhreagartha

Líon iomlán don bhuanchóir

2021

1 000

400

3 600

1 500

6 500

2022

1 000

500

3 500

1 500

6 500

2023

1 500

500

4 000

1 500

7 500

2024

1 500

750

4 250

1 500

8 000

2025

2 000

1 000

5 000

0

8 000

2026

2 500

1 250

5 250

0

9 000

2027 agus ar aghaidh

3 000

1 500

5 500

0

10 000


IARSCRÍBHINN II

Rannchuidithe bliantúla atá le soláthar ag na Ballstáit leis an mbuanchór trí fhoireann oibríochtúil a thabhairt ar iasacht fhadtéarmach i gcomhréir le hAirteagal 56

Tír/Bliain

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027 agus ar aghaidh

An Bheilg

8

10

10

15

20

25

30

An Bhulgáir

11

13

13

20

27

33

40

Poblacht na Seice

5

7

7

10

13

17

20

An Danmhairg

8

10

10

15

19

24

29

An Ghearmáin

61

73

73

110

152

187

225

An Eastóin

5

6

6

9

12

15

18

An Ghréig

13

17

17

25

33

42

50

An Spáinn

30

37

37

56

74

93

111

An Fhrainc

46

56

56

83

114

141

170

An Chróit

17

22

22

33

43

54

65

An Iodáil

33

42

42

63

83

104

125

An Chipir

2

3

3

4

5

7

8

An Laitvia

8

10

10

15

20

25

30

An Liotuáin

10

13

13

20

26

33

39

Lucsamburg

2

3

3

4

5

7

8

An Ungáir

17

22

22

33

43

54

65

Málta

2

2

2

3

4

5

6

An Ísiltír

13

17

17

25

33

42

50

An Ostair

9

11

11

17

23

28

34

An Pholainn

27

33

33

50

67

83

100

An Phortaingéil

8

10

10

15

20

25

30

An Rómáin

20

25

25

38

50

63

75

An tSlóivéin

9

12

12

18

23

29

35

An tSlóvaic

9

12

12

18

23

29

35

An Fhionlainn

8

10

10

15

20

25

30

An tSualainn

9

11

11

17

23

28

34

An Eilvéis

4

5

5

8

11

13

16

An Íoslainn

1

1

1

1

1

2

2

Lichtinstéin (*1)

0

0

0

0

0

0

0

An Iorua

5

7

7

10

13

17

20

IOMLÁN

400

500

500

750

1 000

1 250

1 500


(*1)  Rannchuideoidh Lichtinstéin trí thacaíocht chomhréireach airgeadais.


IARSCRÍBHINN III

Rannchuidithe bliantúla atá le soláthar ag na Ballstáit leis an mbuanchór le haghaidh foireann a imscaradh go gearrthéarmach i gcomhréir le hAirteagal 57

Tír/Bliain

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027 agus ar aghaidh

An Bheilg

72

70

80

85

100

105

110

An Bhulgáir

96

93

107

113

133

140

147

Poblacht na Seice

48

47

53

57

67

70

73

An Danmhairg

70

68

77

82

97

102

106

An Ghearmáin

540

523

602

637

748

785

827

An Eastóin

43

42

48

51

60

63

66

An Ghréig

120

117

133

142

167

175

183

An Spáinn

266

259

296

315

370

389

407

An Fhrainc

408

396

454

481

566

593

624

An Chróit

156

152

173

184

217

228

238

An Iodáil

300

292

333

354

417

438

458

An Chipir

19

19

21

23

27

28

29

An Laitvia

72

70

80

85

100

105

110

An Liotuáin

94

91

104

111

130

137

143

Lucsamburg

19

19

21

23

27

28

29

An Ungáir

156

152

173

184

217

228

238

Málta

14

14

16

17

20

21

22

An Ísiltír

120

117

133

142

167

175

183

An Ostair

82

79

91

96

113

119

125

An Pholainn

240

233

267

283

333

350

367

An Phortaingéil

72

0

80

85

100

105

110

An Rómáin

180

175

200

213

250

263

275

An tSlóivéin

84

82

93

99

117

123

128

An tSlóvaic

84

82

93

99

117

123

128

An Fhionlainn

72

70

80

85

100

105

110

An tSualainn

82

79

91

96

113

119

125

An Eilvéis

38

37

43

45

53

56

59

An Íoslainn

5

5

5

6

7

7

7

Lichtinstéin (*1)

0

0

0

0

0

0

0

An Iorua

48

47

53

57

67

70

73

IOMLÁN

3 600

3 500

4 000

4 250

5 000

5 250

5 500


(*1)  Rannchuideoidh Lichtinstéin trí thacaíocht chomhréireach airgeadais.


IARSCRÍBHINN IV

Rannchuidithe atá le soláthar ag na Ballstáit leis an mbuanchór tríd an gcúltaca le haghaidh mearfhreagartha i gcomhréir le hAirteagal 58

Tír

Líon

An Bheilg

30

An Bhulgáir

40

Poblacht na Seice

20

An Danmhairg

29

An Ghearmáin

225

An Eastóin

18

An Ghréig

50

An Spáinn

111

An Fhrainc

170

An Chróit

65

An Iodáil

125

An Chipir

8

An Laitvia

30

An Liotuáin

39

Lucsamburg

8

An Ungáir

65

Málta

6

An Ísiltír

50

An Ostair

34

An Pholainn

100

An Phortaingéil

30

An Rómáin

75

An tSlóivéin

35

An tSlóvaic

35

An Fhionlainn

30

An tSualainn

34

An Eilvéis

16

An Íoslainn

2

Lichtinstéin (*1)

0

An Iorua

20

IOMLÁN

1 500


(*1)  Rannchuideoidh Lichtinstéin trí thacaíocht chomhréireach airgeadais.


IARSCRÍBHINN V

Rialacha maidir le húsáid fornirt, lena n-áirítear oiliúint agus soláthar, rialú agus úsáid armán seirbhíse agus trealaimh neamh-mharfaigh, is infheidhme maidir le baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne

1.   Prionsabail Ghinearálta lena Rialaítear Úsáid Fornirt agus Armán

Chun críocha an Rialacháin seo, tagraíonn “úsáid fornirt” do bhaill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne a bheith ag dul i muinín modhanna fisiciúla chun críocha a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú nó chun féinchosaint a áirithiú, lena n-áirítear úsáid na lámh agus na colainne agus úsáid aon uirlise, armán, lena n-áirítear airm thine, nó trealaimh.

Ní dhéanfar armáin, armlón agus trealamh a iompar agus a úsáid ach amháin le linn oibríochtaí. Toirmeascfar armáin, armlón agus trealamh a iompar nó a úsáid le linn tréimhsí nach mbíonn an t-oifigeach ar dualgas.

I gcomhréir le hAirteagal 82(8), déanfar úsáid fornirt agus armán ag baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne a fheidhmiú i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit óstaigh i láthair ghardaí teorann an Bhallstáit óstaigh.

Gan dochar don údarú ag an mBallstát óstach agus d’infheidhmeacht a dhlí náisiúnta maidir le húsáid fornirt le linn oibríochtaí, i gcás go mbainfidh baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne úsáid as forneart agus armáin, comhlíonfaidh siad prionsabail an riachtanais, na comhréireachta agus an réamhchúraim (na “croíphrionsabail”) de réir mar a leagtar amach thíos.

Sa phlean oibríochtúil a chomhaontófar idir an stiúrthóir feidhmiúcháin agus an Ballstát óstach, saineofar na coinníollacha maidir le harmáin a iompar agus a úsáid i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó le nósanna imeachta oibríochta le linn oibríochtaí.

Prionsabal an Riachtanais

Ní bhainfear úsáid as forneart, bíodh sé trí theagmháil fhisiciúil dhíreach nó trí úsáid armán nó trealaimh, ach amháin ar bhonn eisceachtúil agus ní bhainfear úsáid as ach nuair a bheidh géarghá leis chun feidhmiú dhualgais na Gníomhaireachta a áirithiú nó le haghaidh féinchosanta. Ní úsáidfear forneart ach mar rogha dheireanach, tar éis gach iarracht réasúnach a dhéanamh chun cás a réiteach trí mhodhanna neamhfhoréigneacha lena n-áirítear áitiú, caibidlíocht nó idirghabháil. Ní bheidh úsáid fornirt ná beart comhéigneach treallach ná maslach am ar bith.

Prionsabal na Comhréireachta

Nuair nach féidir úsáid dhleathach fornirt a sheachaint, gníomhóidh baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne i gcomhréir le tromchúis na staide agus leis an gcuspóir dlisteanach atá le gnóthú. Le linn gníomhaíochtaí oibríochtúla, beidh prionsabal na comhréireachta ina threoir don chineál fornirt a úsáidfear (e.g. an gá atá le harmáin a úsáid) chomh maith leis an méid fornirt a úsáidfear. Ní úsáidfidh baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne níos mó fornirt ná a mbeidh géarghá leis chun an cuspóir dlisteanach a bhaineann le forfheidhmiú an dlí a ghnóthú. Má úsáidtear arm tine, áiritheoidh baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne go ndéanfar an méid is lú gortuithe is féidir mar gheall ar úsáid den sórt sin agus go ndéanfar gortú nó damáistiú a íoslaghdú an oiread is féidir. Má bhíonn toradh neamh-inghlactha ar na bearta, féadfaidh baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne an beart a tharscaoileadh. Le prionsabal na comhréireachta, ceanglaítear ar an nGníomhaireacht an trealamh agus na huirlisí le haghaidh féinchosaint a sholáthar do bhaill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne, ar trealamh é agus ar uirlisí iad a bhfuil gá leo chun cur ar a gcumas an leibhéal iomchuí fornirt a chur i bhfeidhm.

Dualgas an Réamhchúraim

Leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne, tabharfar lánurraim do bheatha daoine agus is é an aidhm a bheidh leo beatha daoine agus dínit daoine a chaomhnú. Glacfar gach céim is gá chun riosca gortaithe agus damáiste a íoslaghdú le linn oibríochtaí. Áirítear ar an oibleagáid sin oibleagáid ghinearálta ar bhaill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne rabhaidh shoiléire a thabhairt maidir leis an rún forneart a úsáid, murab amhlaidh, leis an rabhadh sin, go gcuirfí baill de na foirne i mbaol gan ghá nó go gcuirfí daoine eile i mbaol a mbáis nó a ndíobhála tromchúisí, nó gur léir go mbeadh sé míchuí nó neamhéifeachtach sna himthosca sonracha sin.

2.   Rialacha sonracha le haghaidh na n-uirlisí fornirt is coitianta a úsáidtear (trealamh ball foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne)

I gcomhréir leis na croíphrionsabail, ní cheadaítear forneart a úsáid ach a mhéid is gá an forneart a úsáid chun aidhm láithreach an fhorfheidhmithe dlí a ghnóthú, agus ní cheadaítear an méid sin ach amháin tar éis an méid seo a leanas a bheith amhlaidh:

gur theip ar gach iarracht coinbhleacht a d’fhéadfadh a bheith foréigneach a réiteach trí áitiú, caibidlíocht agus idirghabháil;

gur tugadh rabhadh maidir leis an rún forneart a úsáid.

I gcás inar gá leibhéal na hidirghabhála a ghéarú (mar shampla, armán nó cineál éagsúil armáin a úsáid), tabharfar rabhadh soiléir de ghéarú den sórt sin freisin murab é go gcuirfí, le tabhairt rabhaidh den sórt sin, baill de na foirne i mbaol gan ghá nó go gcuirfí daoine eile i mbaol a mbáis nó a ndíobhála tromchúisí, nó gur léir go mbeadh sé míchuí nó neamhéifeachtach sna himthosca sonracha sin.

Airm thine

Ní úsáidfidh baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne airm thine in aghaidh daoine, ach amháin sna himthosca seo a leanas, agus nuair nach leor modhanna nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna chun na cuspóirí is gá a ghnóthú:

is i gcás fíoréigeandála amháin, agus mar rogha dheireanach, a úsáidfidh baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirme airm thine, go háirithe má bhíonn riosca ann go gcuirfí daoine eile ar an láthair i mbaol,

is riachtanach é go n-úsáidfidh baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne airm thine chun iad féin nó daoine eile a chosaint ó gharbhagairt bháis nó mhórdhíobhála,

is é is aidhm le húsáid arm tine ag baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne garbhagairt bháis nó mhórdhíobhála a chosc,

is é is aidhm le húsáid arm tine ag baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne ionsaí iarbhír a éaradh nó ionsaí contúirteach ar institiúidí ríthábhachtacha, ar sheirbhísí nó ar shaoráidí atá ar tí tarlú a chosc.

Sula n-úsáidfear airm thine, ní mór do bhaill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne rabhadh soiléir a thabhairt maidir leis an rún airm thine den sórt sin a úsáid. Féadfar rabhaidh a thabhairt ó bhéal nó trí urchair rabhaidh a scaoileadh san aer.

Armáin neamh-mharfacha

Smachtín

Féadfar smachtíní formheasta a úsáid mar mhodh cosanta nó mar armán, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na croíphrionsabail, mar a leanas:

nuair a mheasfar gur léir nach mbeadh forneart níos éadroime oiriúnach don chríoch sin,

chun ionsaí iarbhír nó ionsaí atá ar tí tarlú ar réadmhaoin a sheachaint.

Sula n-úsáidfear smachtíní, ní mór do bhaill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne rabhadh soiléir a thabhairt maidir leis an rún smachtíní den sórt sin a úsáid. Agus smachtíní á n-úsáid, beidh sé d’aidhm i gcónaí ag baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne riosca a íoslaghdú maidir le gortú a fhulaingt, agus buillí ar chloigeann daoine a sheachaint.

Oibreáin dheorghinteacha (e.g. sprae piobair)

Féadfar oibreáin dheorghinteacha formheasta a úsáid mar mhodh cosanta nó mar armán, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na croíphrionsabail, mar a leanas:

nuair a mheasfar gur léir nach mbeadh forneart níos éadroime oiriúnach don chríoch sin,

chun ionsaí iarbhír nó ionsaí atá ar tí tarlú a sheachaint.

Trealamh eile

Glais láimhe

Ní chuirfear glais láimhe ar dhaoine ach amháin ar dhaoine a measfar a bheith ina mbaol dóibh féin nó do dhaoine eile chun a áirithiú go gcuirfear na daoine sin faoi choinneáil nó go ndéanfar iad a aistriú go sábháilte agus chun sábháilteacht ball foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne agus baill de na foirne eile a áirithiú. Ní úsáidfear glais láimhe ach amháin ar feadh na tréimhse is giorra is féidir agus i gcás ina bhfuil fíorghá lena n-úsáid.

3.   Rialacha praiticiúla maidir le húsáid fornirt, armán seirbhíse, armlóin agus trealaimh le linn oibríochtaí

Rialacha praiticiúla ginearálta maidir le húsáid fornirt, armán agus trealaimh eile le linn oibríochtaí

I gcomhréir le hAirteagal 82(8), feidhmeoidh baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne a gcumhacht feidhmiúcháin, lena n-áirítear úsáid fornirt, faoi cheannas agus rialú an Bhallstáit óstaigh agus ní úsáidfidh siad forneart, lena n-áirítear armáin, armlón agus trealamh, ach amháin i láthair ghardaí teorann an Bhallstáit óstaigh tar éis údarú a fháil chuige sin ó údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh. Mar sin féin, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, le toiliú na Gníomhaireachta, baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne a údarú forneart a úsáid nuair nach mbíonn oifigigh an Bhallstáit óstaigh i láthair.

Féadfaidh an Ballstát óstach toirmeasc a chur ar armáin seirbhíse, armlón agus trealamh áirithe a iompar i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 82(8).

Gan dochar don údarú ón mBallstát óstach agus d’infheidhmeacht a dhlí náisiúnta maidir le húsáid fornirt le linn oibríochtaí, déanfar na nithe seo a leanas agus forneart agus armáin á n-úsáid ag baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne:

(a)

na croíphrionsabail agus na rialacha sonracha dá dtagraítear i gCuid 2 a chomhlíonadh;

(b)

cearta bunúsacha a urramú mar a ráthaítear faoin dlí idirnáisiúnta agus faoi dhlí an Aontais, lena n-áirítear, go háirithe, faoin gCairt, faoin gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, faoi Prionsabail Bhunúsacha na Náisiún Aontaithe maidir le hÚsáid Fornirt agus maidir le hÚsáid Arm Tine ag Oifigigh Forfheidhmithe an Dlí, agus faoi Chód Iompraíochta na Náisiún Aontaithe d’Oifigigh Forfheidhmithe an Dlí;

(c)

cód iompair na Gníomhaireachta a chomhlíonadh.

4.   Sásra rialála

Déanfaidh an Ghníomhaireacht na coimircí seo a leanas a chur ar fáil i ndáil le húsáid fornirt, armán, armlóin agus trealaimh, agus cuirfidh sí stocáireamh ar fáil ina tuarascáil bhliantúil.

Oiliúint

An oiliúint a chuirfear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 62(2), cumhdóidh sé gnéithe teoiriciúla agus praiticiúla i ndáil le cosc agus úsáid fornirt. San oiliúint theoiriciúil, déanfar oiliúint shíceolaíoch, lena n-áirítear oiliúint maidir le buanseasmhacht agus a bheith ag obair i dtimpeallacht ardbhrú, chomh maith le teicnící chun úsáid fornirt a sheachaint, amhail caibidlíocht agus idirghabháil a ionchorprú. Tar éis na hoiliúna teoiriciúla, tabharfar oiliúint éigeantach agus oiliúint theoiriciúil agus phraiticiúil leormhaith maidir le húsáid fornirt, armán, armlóin agus trealaimh agus maidir le cearta bunúsacha agus coimircí is infheidhme. Chun a áirithiú go mbeidh comhthuiscint phraiticiúil agus cur chuige comhchoiteann ann, ag deireadh na hoiliúna praiticiúla, déanfar ionsamhlúchán is ábhartha do na gníomhaíochtaí atá le déanamh le linn an imscartha agus áireofar ann ionsamhlúchán praiticiúil lena mbainfidh cur i bhfeidhm coimircí maidir le cearta bunúsacha.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht oiliúint leanúnach maidir le húsáid fornirt a sholáthar do na baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne. Tarlóidh oiliúint den sórt sin de réir na hoiliúna dá bhforáiltear in Airteagal 62(2). Ionas go mbeidh cead ag baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne armáin seirbhíse a iompar agus forneart a úsáid, ceanglófar orthu an oiliúint leanúnach bhliantúil a bheith curtha i gcrích acu. Leis an oiliúint leanúnach bhliantúil, cumhdófar gnéithe teoiriciúla agus praiticiúla mar a thuairiscítear sa chéad mhír. Mairfidh an oiliúint bhliantúil leanúnach 24 uair an chloig a laghad san iomlán: tógfaidh an oiliúint theoiriciúil 8 n-uaire an chloig agus tógfaidh an oiliúint phraiticiúil 16 huaire a chloig ar a laghad. Roinnfear an oiliúint phraiticiúil sa chaoi go mbeidh 8 n-uaire an chloig ar a laghad ann don oiliúint phraiticiúil, maidir le teicnící srianta fisiceacha a úsáid, agus 8 n-uaire an chloig ar a laghad ann d’úsáid arm tine.

Úsáid támhshuanach, drugaí agus alcóil

Ní ólfaidh baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne deochanna meisciúla ná ní bheidh siad faoi thiochar an alcóil le linn dóibh a bheith ar dualgas.

Ní bheidh támhshuanaigh ina seilbh ag baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne agus ní úsáidfidh siad drugaí, ach amháin má bhíonn oideas acu chuige ar fhorais liachta. Baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne a bhfuil drugaí ag teastáil uathu ar fhorais liachta, déanfaidh siad an méid sin a chur in iúl láithreach dá ngaroifigeach uachtarach. Féadfar a rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí oibríochtúla a athbhreithniú ag féachaint do na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann agus d’fho-iarsmaí a ghabhann le húsáid na substainte.

Bunóidh an Ghníomhaireacht sásra rialála chun a áirithiú nach ndéanfaidh baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne a gcuid feidhmeanna faoi thionchar támhshuanach, drugaí nó alcóil. Beidh an sásra sin bunaithe ar thástáil rialta liachta na mball foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne chun aon úsáid támhshuanach, drugaí nó alcóil a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint. Déanfar aon torthaí deimhneacha ar na tástálacha sin a thuairisciú láithreach don stiúrthóir feidhmiúcháin.

Tuairisciú

Déanfar tuarascáil maidir le haon teagmhas lena mbainfidh úsáid fornirt a thabhairt láithreach tríd an slabhra ceannais don struchtúr comhordúcháin is ábhartha le haghaidh gach oibríochta agus don oifigeach um chearta bunúsacha agus don stiúrthóir feidhmiúcháin. Sa tuarascáil sin, tabharfar mionsonraí iomlána maidir leis na himthosca inar tháinig úsáid den sórt sin chun cinn.

An dualgas maidir le comhoibriú agus faisnéis a chur in iúl

Comhoibreoidh baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne agus aon rannpháirtithe eile in oibríochtaí chun fíricí a bhailiú maidir le haon teagmhas arna thuairisciú le linn gníomhaíocht oibríochtúil.

Sásra maoirseachta

Bunóidh an Ghníomhaireacht sásra maoirseachta amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 55(5).

Sásra gearán

Féadfaidh aon duine sáruithe amhrasacha a dhéanann baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne ar na rialacha maidir le húsáid fornirt is infheidhme faoin Iarscríbhinn seo a thuairisciú tríd an sásra gearán dá bhforáiltear in Airteagal 111.

Smachtbhannaí

Gan dochar d’Airteagal 85, i gcás ina ndéanfaidh an Ghníomhaireacht a shuí go bhfuil gníomhaíochtaí déanta ag ball dá foireann reachtúil arna imscaradh mar bhall de na foirne de shárú ar na rialacha is infheidhme faoin Rialachán seo, lena n-áirítear cearta bunúsacha arna gcosaint faoin gCairt, faoin gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus faoin dlí idirnáisiúnta, déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin bearta leormhaithe, ar féidir aisghairm láithreach an bhaill foirne reachtúla sin ón ngníomhaíocht oibríochtúil a bheith ar áireamh ann, agus déanfaidh sé nó sí aon bhearta araíonachta i gcomhréir leis an Rialachán Foirne, lena n-áirítear an ball foirne reachtúla a chur as an nGníomhaireacht.

Ról an oifigigh um chearta bunúsacha

Maidir le hinneachar na hoiliúna ionduchtaithe agus na hoiliúna athnuachana, déanfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha é a fhíorú agus tabharfaidh sé nó sí aiseolas faoi, agus aird ar leith á tabhairt ar na gnéithe a bhaineann le conas is féidir cearta bunúsacha a chosaint i gcás inar gá forneart a úsáid, agus áiritheoidh sé nó sí go gcuirfear modhanna coisctheacha ábhartha san áireamh.

Tabharfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha tuarascáil maidir leis an urraim do chearta bunúsacha laistigh de chleachtais forfheidhmithe dlí an Bhallstáit óstaigh nó an tríú tír óstaigh. Déanfar an tuarascáil sin a thíolacadh chuig an stiúrthóir feidhmiúcháin agus cuirfear san áireamh í le linn don phlean oibríochta a bheith á cheapadh.

Áiritheoidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha go ndéanfar teagmhais a bhaineann le húsáid fornirt agus úsáid armán, armlóin agus trealaimh a imscrúdú go cuimsitheach agus a thuairisciú go cuimsitheach gan mhoill don stiúrthóir feidhmiúcháin. Déanfar torthaí imscrúduithe den sórt sin a tharchur chuig an bhfóram comhairliúcháin.

Na gníomhaíochtaí a bhaineann le húsáid fornirt, armán, armlóin agus trealaimh, déanfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha faireachán rialta orthu, agus déanfaidh sé nó sí gach teagmhas a thuairisciú i dtuarascálacha an oifigigh um chearta bunúsacha agus i dtuarascáil bhliantúil na Gníomhaireachta.

5.   Armáin seirbhíse a sholáthar

Armáin a údarú

Chun críocha na harmáin seirbhíse, armlón agus an trealamh ceart eile atá le húsáid ag baill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne a chinneadh, bunóidh an Ghníomhaireacht liosta cuimsitheach de mhíreanna atá le cur san áireamh sna tacair trealaimh phearsanta.

Bainfidh gach ball foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne úsáid as tacair trealaimh pearsanta. Féadfaidh an Ghníomhaireacht na tacair trealaimh phearsanta a chomhlánú le harmáin, armlón nó trealamh eile atá sonrach chun críche cúraimí sonracha a dhéanamh laistigh de cheann amháin nó dhá cheann de chineálacha foirne.

Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go ndéanfaidh na harmáin uile, lena n-áirítear airm thine, an t-armlón uile agus an trealamh uile a sholáthraítear do bhaill foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne na caighdeáin theicniúla uile is gá a chomhlíonadh.

Na harmáin, an t-armlón agus an trealamh a údaraítear lena n-úsáid, liostófar sa phlean oibríochta iad i gcomhréir leis na ceanglais maidir le harmáin atá incheadaithe agus le harmáin faoi thoirmeasc sa Bhallstát óstach.

Treoracha maidir leis an tréimhse dualgais

Féadfar armáin, armlón agus trealamh a iompar agus a úsáid le linn oibríochtaí agus ní úsáidfear iad ach amháin mar bhearta na rogha deiridh. Ní cheadófar armáin, armlón agus trealamh a iompar ná a úsáid le linn tréimhsí nach mbíonn an t-oifigeach ar dualgas. Bunóidh an Ghníomhaireacht rialacha agus bearta sonracha chun stóráil armán, armlóin agus trealaimh eile de chuid ball foirne reachtúla arna n-imscaradh mar bhaill de na foirne a éascú i saoráidí slána le linn tréimhsí nach mbíonn oifigeach ar dualgas amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 55(5).


IARSCRÍBHINN VI

Tábla comhghaoil

Rialachán (AE) 2016/1624

Rialachán (AE) Uimh 1052/2013

An Rialachán seo

Airteagal 1, an chéad abairt

Airteagal 1, an chéad mhír

Airteagal 1, an dara abairt

Airteagal 1, an dara mír

Airteagal 2, pointe (1)

Airteagal 2, pointe 1

Airteagal 2, pointí (2), (4), (5), (6), (9)(15), (16), (17), (18), (29), agus (30)

Airteagal 2, pointe (2)

Airteagal 2, pointe (3)

Airteagal 3, pointí (b), (c), (d), (f) agus (g)

Airteagal 2, pointí (7), (8), (10), (11), agus (13)

Airteagal 2, pointe (16)

Airteagal 3, pointe (e)

Airteagal 2, pointe (12)

Airteagal 3, pointe (i)

Airteagal 2, pointe (14)

Airteagal 2, pointe (9)

Airteagal 2, pointe (19)

Airteagal 2, pointí (5) go (7)

Airteagal 2, pointí (20) go (22)

Airteagal 2, pointí (10) go (15)

Airteagal 2, pointí (23) go (28)

Airteagal 4, pointí (a) go (d)

Airteagal 3(1), pointí (a) go (d)

Airteagal 4, pointe (e)

Airteagal 3(1), pointí (e) agus (f)

Airteagal 4, pointí (f) go (k)

Airteagal 3(1), pointí (g) go (l)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(1)

Airteagal 4

Airteagal 6

Airteagal 5

Airteagal 7

Airteagal 6

Airteagal 5(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(2)

Airteagal 5(2) agus (3)

Airteagal 7(3) agus (4)

Airteagal 8(2)

Airteagal 7(5)

Airteagal 8(1) go (4)

Airteagal 3(2)

Airteagal 8(5)

Airteagal 3(3)

Airteagal 8(6)

Airteagal 8(7) agus (8)

Airteagal 9

Airteagal 8(1), pointe (a)

Airteagal 10(1), pointe (a)

Airteagal 10(1), pointe (b)

Airteagal 8(1), pointe (b)

Airteagal 10(1), pointe (c)

Airteagal 8(1), pointe (c)

Airteagal 10(1), pointe (d)

Airteagal 10(1), pointe (e)

Airteagal 8(1), pointe (s)

Airteagal 10(1), pointe (f)

Airteagal 8(1), pointe (d)

Airteagal 10(1), pointe (g)

Airteagal 8(1), pointe (e)

Airteagal 10(1), pointe (h)

Airteagal 8(1), pointe (f)

Airteagal 10(1), pointe (i)

Airteagal 8(1), pointe (g)

Airteagal 10(1), pointe (j)

Airteagal 8(1), pointe (h)

Airteagal 10(1), pointe (k)

Airteagal 10(1), pointe (l)

Airteagal 8(1), pointe (i)

Airteagal 10(1), pointe (m)

Airteagal 8(1), pointe (l)

Airteagal 10(1), pointe (n)

Airteagal 8(1), pointe (n)

Airteagal 10(1), pointe (o)

Airteagal 8(1), pointe (o)

Airteagal 10(1), pointe (p)

Airteagal 8(1), pointe (m)

Airteagal 10(1), pointe (q)

Airteagal 10(1), pointí (r) agus (s)

Airteagal 8(1), pointe (t)

Airteagal 10(1), pointe (t)

Airteagal 10(1), pointe (u)

Airteagal 8(1), pointe (u)

Airteagal 10(1), pointe (v)

Airteagal 8(1), pointe (p)

Airteagal 10(1), pointe (w)

Airteagal 8(1), pointe (q)

Airteagal 10(1), pointe (x)

Airteagal 10(1), pointe (y)

Airteagal 8(1), pointe (j)

Airteagal 10(1), pointe (z)

Airteagal 6(1), pointe (a)

Airteagal 10(1), pointe (aa)

Airteagal 8(1), pointe (r)

Airteagal 10(1), pointe (ab)

Airteagal 8(1), pointe (s)

Airteagal 10(1), pointe (ac)

Airteagal 10(1), pointí (ad) go (ag)

Airteagal 8(3)

Airteagal 10(2)

Airteagal 9

Airteagal 11

Airteagal 10

Airteagal 12(1)

Airteagal 12(2) agus (3)

Airteagal 23

Airteagal 13(1), (an chéad abairt)

Airteagal 13(1), an dara abairt

Airteagal 13(2) agus (3)

Airteagal 7(1)

Airteagal 14(1)

Airteagal 7(2)

Airteagal 14(2)

Airteagal 44(1)

Airteagal 15(1) agus (2)

Airteagal 15(3)

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 1

Airteagal 18

Airteagal 2(1) agus (2)

Airteagal 19(1)

Airteagal 2(3)

Airteagal 19(2)

Airteagal 4(1), pointí (a) agus (b)

Airteagal 20(1), pointí (a) agus (b)

Airteagal 4(1), pointe (d)

Airteagal 20(1), pointe (c)

Airteagal 20(1), pointí (d), (e) agus (f)

Airteagal 4(2) agus (3)

Airteagal 20(2) agus (3)

Airteagal 5(1), (2) agus (3)

Airteagal 21(1), (2) agus (3), pointí (a) go (h)

Airteagal 21(3), pointí (i) agus (j)

Airteagal 17(1), (2), agus (3)

Airteagal 21(4), (5), agus (6)

Airteagal 5(4)

Airteagal 21(7)

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 22(1)

Airteagal 23(1)

Airteagal 23(2) agus (3)

Airteagal 8(1) agus (2)

Airteagal 24(1)

Airteagal 24(2)

Airteagal 24(3)

Airteagal 9(1)

Airteagal 25(1)

Airteagal 9(2), pointí (a) go (e)

Airteagal 25(2), pointí (a) go (e)

Airteagal 25(2), pointe (f)

Airteagal 9(2), pointe (f)

Airteagal 25(2), pointe (g)

Airteagal 9(2), pointe (g)

Airteagal 25(2), pointe (h)

Airteagal 9(2), pointe (h)

Airteagal 25(2), pointe (i)

Airteagal 9(2), pointe (i)

Airteagal 25(2), pointe (j)

Airteagal 9(2), pointe (j)

Airteagal 25(2), pointe (k)

Airteagal 9(2), pointe (k)

Airteagal 25(2), pointe (l)

Airteagal 9(4)

Airteagal 25(3)

Airteagal 9(5), pointe (a), an dara abairt

Airteagal 25(4)

Airteagal 9(10)

Airteagal 25(5)

Airteagal 10(1)

Airteagal 26(1)

Airteagal 10(2), pointí (a) agus (b)

Airteagal 26(2), pointí (a) agus (b)

Airteagal 10(2), pointe (d)

Airteagal 26(2), pointe (c)

Airteagal 10(2), pointe (e)

Airteagal 26(2), pointe (d)

Airteagal 26(2), pointe (e)

Airteagal 10(2), pointe (f)

Airteagal 26(2), pointe (f)

Airteagal 10(3), pointe (a)

Airteagal 26(3), pointe (a)

Airteagal 26(3), pointe (b)

Airteagal 10(3), pointe (c)

Airteagal 26(3), pointe (c)

Airteagal 10(5)

Airteagal 26(4)

Airteagal 10(6)

Airteagal 26(5)

Airteagal 10(4)

Airteagal 26(6)

Airteagal 27

Airteagal 12(1)

Airteagal 28(1)

Airteagal 12(2), pointí (a), (b), agus (c)

Airteagal 28(2), pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 28(2), pointe (d)

Airteagal 12(2), pointe (d)

Airteagal 28(2), pointe (e)

Airteagal 12(2), pointe (e)

Airteagal 28(2), pointe (f)

Airteagal 28(2), pointí (g), (h) agus (i)

Airteagal 12(4) agus (5)

Airteagal 28(3) agus (4)

Airteagal 11

Airteagal 29 (1), (2), (3) agus (5) go (8)

Airteagal 29(4)

Airteagal 14

Airteagal 30

Airteagal 12

Airteagal 31(1), (2) agus (4) go (7), agus Airteagal 31(3), pointí (a) go (e), agus (g) go (j)

Airteagal 31(3), pointí (f) agus (k)

Airteagal 13

Airteagal 32(1) go (8), (10) agus (11)

Airteagal 32(9)

Airteagal 33

Airteagal 15(1)

Airteagal 34(1)

Airteagal 34(2)

Airteagal 34(3)

Airteagal 15(2)

Airteagal 34(4)

Airteagal 15(3)

Airteagal 34(5)

Airteagal 16 (1), (2), agus (3)

Airteagal 35 (1), pointí (a), (b) agus (c) agus Airteagal 35 (2)agus (3)

Airteagal 35(1), pointe (d)

Airteagal 16(5)

Airteagal 35(4)

Airteagal 14

Airteagal 36 (1), (3) agus (4) agus Airteagal 36(2) pointí (a) go (e)

Airteagal 16(4), pointe (a)

Airteagal 36(2), pointe (f)

Airteagal 15(1), (2), agus (3)

Airteagal 37(1), (2), agus (3)

Airteagal 15(5)

Airteagal 37(4)

Airteagal 16

Airteagal 38(1), (2) agus (4) agus Airteagal 38(3), pointí (a) go (k) agus pointí (m) go (o)

Airteagal 38(3), pointe (l) agus Airteagal 38(5)

Airteagal 17

Airteagal 39 (1), (2), (3), (5), (7) go (10) agus (13) go (15)

Airteagal 39(4), (6), (11) agus (12)

Airteagal 18

Airteagal 40(1), (2), (3) agus (5) agus Airteagal 40(4), pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 40(4), pointe (d)

Airteagal 15(4)

Airteagal 41(1)

Airteagal 41(2)

Airteagal 19

Airteagal 42

Airteagal 21

Airteagal 43(1) go (5)

Airteagal 43(6)

Airteagal 22

Airteagal 44

Airteagal 24(1), pointí (a) go (e) agus Airteagal 24(2)

Airteagal 45(1)

Airteagal 45(2)

Airteagal 25