31.10.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 279/1


RIALACHÁN (AE) 2019/1795 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 24 Deireadh Fómhair 2019

lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/501 agus (AE) 2019/502 a mhéid a bhaineann lena dtréimhsí cur i bhfeidhm

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 91(1) agus 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, thíolaic Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas Eorpach de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta teacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, 2 bhliain tar éis an fhógra sin, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d’aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)

Chun ullmhú don fhéidearthacht go dtarraingeodh an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas gan chomhaontú an 30 Márta 2019, rinneadh Rialachán (AE) 2019/501 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) arb é is aidhm dó nascacht bhunúsach an iompair lasta de bhóthar agus an iompair paisinéirí de bhóthar a áirithiú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, agus Rialachán (AE) 2019/502 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) arb é is aidhm dó aernascacht bhunúsach a áirithiú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, a ghlacadh an 25 Márta 2019.

(3)

Tar éis di an chéad síneadh a chomhaontú an 22 Márta 2019, ghlac an Chomhairle Eorpach Cinneadh (AE) 2019/584 (5) an 11 Aibreán 2019, inar chomhaontaigh sí, tar éis iarraidh bhreise a fháil ón Ríocht Aontaithe, go ndéanfaí síneadh a chur leis an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3) CAE go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2019. Mura rud é go bhfuil comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe tagtha i bhfeidhm faoin dáta tar éis an dáta a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe nó mura rud é go gcinneann an Chomhairle Eorpach d’aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, síneadh a chur leis an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3) CAE don tríú huair, tiocfaidh deireadh leis an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3) CAE an 31 Deireadh Fómhair 2019.

(4)

Scoirfidh Rialachán (AE) 2019/501 d’fheidhm a bheith aige an 31 Nollaig 2019 agus scoirfidh Rialachán (AE) 2019/502 d’fheidhm a bheith aige an 30 Márta 2020. Chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar a eascraíonn ón tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3) CAE a fhadú 7 mí, ba cheart tréimhse cur i bhfeidhm na Rialachán sin a fhadú, ag cur san áireamh na mbunphrionsabal is bun le bearta teagmhasachta agus ag cur san áireamh na dtréimhsí cur i bhfeidhm a bhí ceaptha a bheith acu i dtús báire.

(5)

I bhfianaise an fhadaithe seacht mí ar an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3) CAE, ba cheart tréimhse cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/501 a fhadú 7 mí go dtí an 31 Iúil 2020 chun tréimhse cur i bhfeidhm naoi mí ó tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas a choinneáil, mar a bhí ceaptha a bheith ann i dtús báire, agus chun a áirithiú, ó thaobh na tréimhse cur i bhfeidhm de, go ngnóthófar an aidhm atá leis an Rialachán sin, mar atá nascacht an iompair de bhóthar a choinneáil ar bun go sealadach ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

(6)

Is gá a áirithiú gur féidir, go ceann na tréimhse céanna 6 mhí sin a bhí ceaptha a bheith ann i dtús báire, paisinéirí a bhailiú agus a scaoileadh amach i réigiún teorann na hÉireann le linn seirbhísí idirnáisiúnta rialta agus seirbhísí idirnáisiúnta rialta speisialta iompair paisinéirí idir Éirinn agus Tuaisceart Éireann. Dá bhrí sin, ba cheart tagairt do thréimhse 6 mhí ó dháta cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/501 a chur in ionad na tagartha don dáta deiridh dá dtagraítear i bpointe (3)(d) d’Airteagal 2 den Rialachán sin.

(7)

Chun leanúnachas a áirithiú i dtaca le bailiú agus scaoileadh amach paisinéirí i réigiún teorann na hÉireann le linn seirbhísí idirnáisiúnta rialta agus seirbhísí idirnáisiúnta rialta speisialta iompair paisinéirí idir Éirinn agus Tuaisceart Éireann, ba cheart coigeartú a dhéanamh freisin ar bhailíocht na n‐údaruithe d’oibreoirí seirbhísí bus agus cóiste sa Ríocht Aontaithe dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2019/501 ionas go mbeadh an bhailíocht de réir an dáta nua a scoirfidh an Rialachán sin d’fheidhm a bheith aige.

(8)

An tréimhse a thugtar don Choimisiún chun na cumhachtaí tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/501 a fheidhmiú, ba cheart í a choigeartú ionas go mbeadh sí de réir an dáta nua a scoirfidh an Rialachán sin d’fheidhm a bheith aige.

(9)

I bhfianaise an fhadaithe seacht mí ar an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3) CAE agus in éagmais aon oiriúnuithe, dá scoirfeadh Rialachán (AE) 2019/502 d’fheidhm a bheith aige an 30 Márta 2020, bheadh Rialachán (AE) 2019/502 infheidhme ar feadh tréimhse ní ba ghiorra ná leath na tréimhse a bhí ceaptha i dtús báire dá scoirfeadh sé d’fheidhm a bheith aige an 30 Márta 2020. Ghiorródh sé sin go mór an tréimhse ar lena linn a bhféadfadh iompróirí de chuid na Ríochta Aontaithe eitiltí a oibriú chun an Aontais. Dá réir sin, chun dul de réir na tréimhse cur i bhfeidhm a bhí beartaithe i dtús báire, ba cheart tréimhse cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/502 a fhadú 7 mí. Chun bheith ar comhthráth leis an lá deiridh de shéasúr samhraidh IATA 2020, ba cheart do Rialachán (AE) 2019/502 scor d’fheidhm a bheith aige an 24 Deireadh Fómhair 2020 ar a dhéanaí.

(10)

I bhfianaise na práinne a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, a ghabhann le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(11)

Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm a bheith aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe. Mar sin féin, níor cheart feidhm a bheith aige má tá comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) CAE tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/501

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/501 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (3)(d):

“(d)

bailiú agus scaoileadh amach paisinéirí i réigiún teorann na hÉireann le linn seirbhísí idirnáisiúnta rialta agus seirbhísí idirnáisiúnta rialta speisialta idir Éirinn agus Tuaisceart Éireann, ar feadh tréimhse sé mhí dar tosach dáta cur i bhfeidhm an Rialacháin seo mar a leagtar amach sa dara mír d’Airteagal 12;”;

(2)

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Féadfar leanúint de na húdaruithe atá bailí fós faoi mhír 2 den Airteagal seo a úsáid fós chun na gcríoch a shainítear i mír 1 den Airteagal seo más rud é gur athnuadh iad faoi na téarmaí agus coinníollacha céanna, nó gur athraíodh iad ó thaobh stadanna, táillí nó sceidil, agus faoi réir na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagail 6 go 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 i gcomhair tréimhse bhailíochta nach rachaidh thar an 31 Iúil 2020.”;

(3)

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus Airteagal 8(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Iúil 2020.”;

(4)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú mír:

“Scoirfidh an Rialachán seo d’fheidhm a bheith aige an 31 Iúil 2020.”.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/502

In Airteagal 16(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

an 24 Deireadh Fómhair 2020.”.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE.

Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo má tá comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) CAE tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta tar éis an dáta a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 24 Deireadh Fómhair 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. TUPPURAINEN


(1)  Tuairim an 25 Meán Fómhair 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2019.

(3)  Rialachán (AE) 2019/501 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna lena n‐áirithítear nascacht bhunúsach an iompair lasta de bhóthar agus an iompair paisinéirí de bhóthar i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas (IO L 85I, 27.3.2019, lch. 39).

(4)  Rialachán (AE) 2019/502 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna lena n‐áirithítear aernascacht bhunúsach i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas (IO L 85I, 27.3.2019, lch. 49).

(5)  Cinneadh (AE) 2019/584 ón gComhairle Eorpach arna ghlacadh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe an 11 Aibreán 2019 lena ndéantar an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE a fhadú (IO L 101, 11.4.2019, lch. 1).