12.7.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

25


RIALACHÁN (AE) 2019/1155 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2019

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cuid dhílis de bhunú limistéir gan teorainneacha inmheánacha ab ea comhbheartas an Aontais maidir le víosaí. Ba cheart leanúint den bheartas víosa a bheith ina uirlis bhunriachtanach lena n-éascaítear an turasóireacht agus an gnó, agus lena gcoisctear rioscaí slándála agus riosca imirce neamhrialta isteach san Aontas ag an am céanna. Ba cheart don chomhbheartas víosa cuidiú le borradh a chur faoin bhfás agus ba cheart é a bheith comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais, amhail beartais a bhaineann le caidreamh seachtrach, trádáil, oideachas, cultúr agus turasóireacht.

(2)

Ba cheart don Aontas a bheartas víosa a úsáid mar chuid dá chomhar le tríú tíortha, agus chun cothromaíocht níos fearr idir cúrsaí imirce agus cúrsaí slándála, tosca eacnamaíocha agus an caidreamh seachtrach i gcoitinne a áirithiú.

(3)

Le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), bunaítear na nósanna imeachta agus na coinníollacha maidir le víosaí a eisiúint le haghaidh tréimhsí fanachta atá beartaithe ar chríoch na mBallstát, agus nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá.

(4)

Ba cheart do na consalachtaí, nó de mhaolú air sin, do na húdaráis lárnacha na hiarratais ar víosa a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh fúthu. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil a ndóthain eolais ag na consalachtaí agus ag na húdaráis lárnacha faoi chúinsí áitiúla chun sláine an nós imeachta maidir le víosaí a áirithiú.

(5)

Ba cheart an nós imeachta maidir le hiarratais a bheith chomh héasca agus is féidir do na hiarratasóirí. Ba cheart é a bheith soiléir cén Ballstát atá inniúil chun iarratas a scrúdú, go háirithe i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir cuairt a thabhairt ar roinnt Ballstát. I gcás inar féidir, ba cheart do na Ballstáit a cheadú foirmeacha iarratais a líonadh agus a chur isteach go leictreonach. Ina theannta sin, ba cheart d'iarratasóirí a bheith in ann an fhoirm iarratais a shíniú go leictreonach i gcás ina n-aithníonn an Ballstát inniúil an ríomhshíniú. Ba cheart spriocdhátaí a leagan síos do chéimeanna éagsúla an nós imeachta, go háirithe chun go mbeidh taistealaithe in ann pleanáil a dhéanamh roimh ré agus chun tréimhsí ardbhrú i gconsalachtaí a sheachaint.

(6)

Níor cheart ceangal a chur ar na Ballstáit leanúint de dheis na rochtana dírí a chur ar fáil maidir le hiarratais a thaisceadh sa chonsalacht in áiteanna ina bhfuil sainordú tugtha do sholáthraí seirbhíse seachtrach chun iarratais a bhailiú thar ceann na consalachta, gan dochar do na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar na Ballstáit le Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagal 5(2) di.

(7)

Leis an táille víosa ba cheart a áirithiú go bhfuil leordhóthain acmhainní airgeadais ar fáil chun na speanais a bhaineann le próiseáil iarratas a chumhdach, lena n-áirítear struchtúir iomchuí agus leordhóthain foirne a bheith ann chun cáilíocht agus sláine scrúdú na n-iarratas a áirithiú, chomh maith le spriocdhátaí a urramú. Ba cheart méid na táille víosa a athbhreithniú gach 3 bliana ar bhonn critéir mheasúnaithe oibiachtúla.

(8)

Ba cheart do náisiúnaigh tríú tír a bhfuil an ceanglas víosa orthu a bheith in ann a n-iarratas a thaisceadh ina n-áit chónaithe fiú i gcás nach bhfuil aon chonsalacht ag an mBallstát inniúil chun críche iarratais a bhailiú, agus nach bhfuil ionadaíocht á déanamh ag Ballstát eile air, sa tríú tír sin. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit féachaint le dul i gcomhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha, agus ba cheart do na soláthraithe sin a bheith in ann táille seirbhíse a ghearradh. I bprionsabal, níor cheart méid na táille seirbhíse a bheith thar mhéid na táille víosa. I gcás nach leor an méid sin chun seirbhís iomlán a chur ar fáil, ba cheart don soláthraí seirbhíse seachtrach a bheith in ann, áfach, táille seirbhíse níos airde a ghearradh, faoi réir na teorann dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(9)

Ba cheart socruithe ionadaíochta a chuíchóiriú agus a mhaolú agus bacainní ar thabhairt i gcrích socruithe den sórt sin idir na Ballstáit a sheachaint. Ba cheart an Ballstát a bhfuil ionadaíocht á déanamh aige a bheith freagrach as an bpróiseas maidir le víosaí ina iomláine gan rannpháirtíocht an Bhallstáit a bhfuil ionadaíocht á déanamh air.

(10)

I gcás ina gcumhdaítear níos mó ná an tír óstach féin faoi dhlínse chonsalacht an Bhallstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige, ba cheart é a bheith indéanta na tríú tíortha sin a chumhdach leis an socrú ionadaíochta.

(11)

Chun an t-ualach riaracháin ar chonsalachtaí a laghdú agus chun taisteal do dhaoine a bhíonn ag taisteal go minic nó go rialta a éascú, ba cheart víosaí dul isteach iolrach a mbaineann tréimhse fhada bailíochta leo a eisiúint d'iarratasóirí a chomhlíonann na coinníollacha maidir le dul isteach le linn na tréimhse ina hiomláine de réir critéir choiteanna a chinnfí go hoibiachtúil agus níor cheart iad a bheith teoranta do chuspóirí sonracha taistil ná do chatagóirí sonracha iarratasóirí. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar dhaoine atá ag taisteal chun a ngairm a chleachtadh, amhail lucht gnó, maraithe, ealaíontóirí agus lúthchleasaithe. Ba cheart é a bheith indéanta víosaí dul isteach iolrach le tréimhse bhailíochta níos giorra leo a eisiúint i gcás ina bhfuil forais réasúnta ann déanamh amhlaidh.

(12)

I bhfianaise na ndifríochtaí idir na cúinsí áitiúla, go háirithe maidir le rioscaí imirce agus slándála, agus i bhfianaise an caidreamh atá ag an Aontas le tíortha sonracha chomh maith, ba cheart do chonsalachtaí in áiteanna ar leith measúnú a dhéanamh ar an ngá na rialacha maidir le heisiúint víosaí dul isteach iolrach a oiriúnú le gur féidir an cur i bhfeidhm a dhéanamh níos fabhraí nó níos srianta. Le cur chuige níos fabhraí maidir le heisiúint víosaí dul isteach iolrach a mbaineann tréimhse fhada bailíochta leo, ba cheart, go háirithe, comhaontuithe trádála lena gcumhdaítear soghluaisteacht lucht gnó a chur san áireamh. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a ghlacadh maidir leis na coinníollacha ar a n-eiseofar víosaí den sórt sin atá le cur i bhfeidhm i ngach dlínse.

(13)

I gcás easpa comhair ó thríú tíortha áirithe maidir le hathligean isteach a náisiúnach arna ngabháil i gcúinsí neamhrialta, agus i gcás mhainneachtain na dtríú tíortha sin comhoibriú go héifeachtach le próiseas an fhillte, ba cheart forálacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 a chur i bhfeidhm ar dhóigh shriantach shealadach, ar bhonn sásra trédhearcach a bheadh bunaithe ar chritéir oibiachtúla, chun feabhas a chur ar chomhoibriú tríú tír áirithe maidir le hathligean isteach imirceach neamhrialta. Ba cheart don Choimisiún comhar tríú tíortha maidir le hathligean isteach a mheas go tráthrialta, ar a laghad uair amháin sa bhliain, agus ba cheart dó scrúdú a dhéanamh ar aon fhógra arna thabhairt ag na Ballstáit a bhaineann leis an gcomhar le tríú tír maidir le hathligean isteach imirceach neamhrialta. Ba cheart don Choimisiún, agus measúnú á dhéanamh aige an bhfuil an tríú tír ag comhoibriú go hiomchuí agus an gá beart a dhéanamh, comhar foriomlán an tríú tír sin i réimse na himirce a chur san áireamh, go háirithe i réimsí an bhainistithe teorainneacha, an smuigleáil imirceach a chosc agus a chomhrac agus idirthuras na n-imirceach neamhrialta trína chríoch a chosc. I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil an tríú tír ag comhoibriú go hiomchuí nó i gcás ina dtugtar fógra trí thromlach simplí de na Ballstáit dó nach bhfuil an tríú tír ag comhoibriú go leordhóthanach, ba cheart dó togra a chur faoi bhráid na Comhairle chun cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh, agus é ag leanúint lena iarrachtaí chun feabhas a chur ar chomhar leis an tríú tír lena mbaineann. Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le leibhéal comhair an tríú tír leis na Ballstáit maidir le hathligean isteach imirceach neamhrialta, a dhéantar a mheas ar bhonn sonraí ábhartha oibiachtúla, i gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil tríú tír ag comhoibriú go leordhóthanach, ba cheart don Choimisiún bheith in ann togra a chur faoi bhráid na Comhairle chun cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann le hiarratasóirí nó le catagóirí iarratasóirí ar náisiúnaigh den tríú tír sin iad agus a chuireann isteach ar víosa ar chríoch an tríú tír sin, lena bhforáiltear do bheart amháin nó níos mó chun eisiúint víosaí a éascú.

(14)

Chun a áirithiú go ndéanfar gach tosca ábhartha agus gach impleacht a d'fhéadfadh a bheith ag cur chun feidhme na mbeart chun feabhas a chur ar chomhar tríú tír maidir le hathligean isteach a chur san áireamh mar is iomchuí, ag féachaint do chineál fíor-íogair na mbeart sin agus do na himpleachtaí cothrománacha atá acu do na Ballstáit agus don Aontas féin, go háirithe ó thaobh an chaidrimh sheachtraigh de agus ar mhaithe le feidhmiú foriomlán limistéar Schengen, ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún. Trí chumhachtaí cur chun feidhme den sórt sin a thabhairt don Chomhairle, cuirfear san áireamh mar is iomchuí, agus na bearta á gcur chun feidhme chun feabhas a chur ar chomhar tríú tír maidir le hathligean isteach, gur bearta de chineál íogair a d'fhéadfadh a bheith i gceist, agus na comhaontuithe um eisiúint víosaí a éascú atá i bhfeidhm ag na Ballstáit le tríú tíortha á gcur san áireamh chomh maith.

(15)

Ba cheart ceart achomhairc a bheith ag na hiarratasóirí a ndiúltófar víosa dóibh. Ba cheart a chuimsiú san fhógra faoin diúltú faisnéis mhionsonrach faoi na cúiseanna a bhí leis an diúltú agus faoin nós imeachta achomhairc. Le linn an nós imeachta achomhairc, ba cheart rochtain ar gach faisnéis is ábhartha dá gcás a thabhairt do na hiarratasóirí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(16)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear ann leis na cearta agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, féachtar leis lánurraim a thabhairt don cheart chun sonraí pearsanta a chosaint, don cheart go n-urramófar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh, cearta an linbh, agus cosaint daoine leochaileacha.

(17)

Tá comhar áitiúil Schengen rí-thábhachtach chun an comhbheartas víosa a chur i bhfeidhm go comhchuibhithe agus chun measúnú cuí a dhéanamh ar rioscaí imirce agus slándála. Laistigh den chomhar sin, ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm oibríochtúil forálacha sonracha i bhfianaise cúinsí áitiúla agus riosca imirce. Ba cheart do thoscaireachtaí de chuid an Aontais comhordú a dhéanamh ar an gcomhar agus ar na malartuithe i measc consalachtaí in áiteanna ar leith.

(18)

Ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh go grinn agus go rialta ar oibríochtaí na soláthraithe seirbhíse seachtracha chun a áirithiú go gcomhlíontar leis an ionstraim dlí lena rialaítear na freagrachtaí arna dtabhairt dóibh. Ba cheart do na Ballstáit tuairisciú a dhéanamh don Choimisiún go bliantúil maidir leis an gcomhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha agus maidir leis an bhfaireachán orthu. Ba cheart do na Ballstát a áirithiú go ndéanfaidh comhaltaí foirne easaoránacha faireachán ar an nós imeachta próiseála iarratas ina iomláine agus ar an gcomhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha.

(19)

Ba cheart rialacha solúbtha a leagan síos chun go mbeidh na Ballstáit in ann acmhainní a roinnt go hoptamach agus chun cumhdach consalachta a mhéadú. D'fhéadfadh an comhar idir na Ballstáit (Ionaid Víosaí Schengen) a bheith i bhfoirm ar bith a oireann do na cúinsí áitiúla d'fhonn an cumhdach geografach consalachta a mhéadú, na costais ar na Ballstáit a laghdú, infheictheacht an Aontais a mhéadú agus an tseirbhís a thugtar d'iarratasóirí a fheabhsú.

(20)

Is uirlis thábhachtach iad na córais le haghaidh iarratais leictreonacha chun nósanna imeachta maidir le hiarratais a éascú. Ba cheart réiteach coiteann a fhorbairt amach anseo atá dírithe ar an digitiú, agus ar an gcaoi sin, lánúsáid a bhaint as na forbairtí dlí agus teicneolaíochtaí a tháinig chun cinn le déanaí ionas gur féidir iarratais a thaisceadh ar líne chun freastal ar riachtanais na n-iarratasóirí agus chun níos mó cuairteoirí a mhealladh go limistéar Schengen. Ba cheart ráthaíochtaí nós imeachta simplí cuíchóirithe a neartú agus a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach. Ina theannta sin, i gcás inar féidir, d'fhéadfaí agallaimh a dhéanamh agus úsáid á baint as uirlisí digiteacha nua-aimseartha agus cianmhodhanna cumarsáide, amhail guthghlaonna nó físghlaonna ar an idirlíon. Ba cheart cearta bunúsacha na n-iarratasóirí a ráthú le linn an phróisis.

(21)

Chun foráil a dhéanamh don fhéidearthacht go bhféadfar athbhreithniú a dhéanamh ar mhéid na dtáillí víosa a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a leasú a mhéid a bhaineann le méid na dtáillí víosa. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (5). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(22)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(23)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(24)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle (7); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(25)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (8); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(26)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (9), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (10).

(27)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (11) ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (12).

(28)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (13), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (14).

(29)

Maidir leis an gCipir, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(2) d'Ionstraim Aontachais 2003.

(30)

Maidir leis an mBulgáir agus leis an Rómáin, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 4(2) d'Ionstraim Aontachais 2005.

(31)

Maidir leis an gCróit, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, nó a bhfuil baint eile aige leis de réir bhrí Airteagal 4(2) d'Ionstraim Aontachais 2011.

(32)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear na nósanna imeachta agus na coinníollacha maidir le víosaí a eisiúint le haghaidh tréimhsí fanachta atá beartaithe ar chríoch na mBallstát nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, déanfaidh na Ballstáit a gcuid cúraimí a chomhall agus dlí an Aontais á chomhlíonadh go hiomlán acu, lena n-áirítear an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, déanfar cinntí maidir le hiarratais ar bhonn aonair faoin Rialachán seo.”;

(2)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

i bpointe 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

tréimhse fanachta atá beartaithe a chaitheamh ar chríoch na mBallstát nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá; nó”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7:

“7.

ciallaíonn ‘doiciméad taistil aitheanta’ doiciméad taistil a aithníonn Ballstát amháin nó níos mó chun críche teorainneacha seachtracha a thrasnú agus víosaí a ghreamú de, de bhun Chinneadh Uimh. 1105/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(*1)  Cinneadh Uimh. 1105/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le liosta na ndoiciméad taistil a thugann teideal don sealbhóir na teorainneacha seachtracha a thrasnú agus ar doiciméid iad is féidir a fhormhuiniú le víosa, agus maidir le sásra á bhunú chun an liosta sin a shocrú (IO L 287, 4.11.2011, lch. 9).”;"

(c)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“12.

ciallaíonn ‘maraí’ aon duine atá fostaithe, atá fruilithe nó atá ag obair i gcáil ar bith ar bord long atá ag gabháil don loingseoireacht mhuirí nó ar bord long atá ag loingsiú in uiscí intíre idirnáisiúnta;

13.

ciallaíonn ‘ríomhshíniú’, ríomhshíniú mar a shainmhínítear é i bpointe (10) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).”;"

(3)

in Airteagal 3(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):

“(b)

náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cead cónaithe bailí ar seilbh acu arna eisiúint ag Ballstát nach bhfuil rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo nó Ballstát nach gcuireann forálacha acquis Schengen i bhfeidhm ina n-iomláine go fóill, nó náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cead cónaithe bailí a liostaítear in Iarscríbhinn V ar seilbh acu arna eisiúint ag Andóra, ag Ceanada, ag an tSeapáin, ag San Mairíne nó ag Stáit Aontaithe Mheiriceá, lena ráthaítear athligean isteach an tsealbhóra gan choinníoll, nó a bhfuil cead cónaithe bailí ar seilbh acu do cheann amháin nó níos mó de thíortha agus críocha thar lear Ríocht na hÍsiltíre (Aruba, Curaçao, Sint Maarten, Bonaire, Sint Eustatius agus Saba);

(c)

náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil víosa bailí ar seilbh acu do Bhallstát nach bhfuil rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo, nó do Bhallstát nach gcuireann forálacha acquis Schengen i bhfeidhm ina n-iomláine go fóill, nó do thír is páirtí sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, nó do Cheanada, don tSeapáin nó do Stáit Aontaithe Mheiriceá, nó sealbhóirí víosa bailí do cheann amháin nó níos mó de thíortha agus críocha thar lear Ríocht na hÍsiltíre (Aruba, Curaçao, Sint Maarten, Bonaire, Sint Eustatius agus Saba), nuair a thaistealaíonn siad chuig an tír eisiúna nó chuig aon tríú tír eile, nó nuair a fhilleann siad ón tír eisiúna tar éis an víosa a úsáid;”;

(4)

in Airteagal 4, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gurb iad na húdaráis lárnacha a dhéanfaidh scrúdú ar iarratais agus a dhéanfaidh cinneadh fúthu. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil a ndóthain eolais ag na húdaráis sin faoi chúinsí áitiúla na tíre ina dtaiscfear an t-iarratas ionas gur féidir leo na rioscaí imirce agus slándála a mheas, agus go mbeidh a ndóthain eolais acu ar an teanga le go bhféadfaidh siad anailís a dhéanamh ar dhoiciméid, agus go mbeidh consalachtaí rannpháirteach, i gcás inar gá, chun tuilleadh scrúduithe agus agallaimh a dhéanamh.”;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) d'Airteagal 5(1):

“(b)

má chuimsíonn an chuairt níos mó ná ceann scríbe amháin, nó má tá roinnt cuairteanna ar leith le déanamh laistigh de thréimhse 2 mhí, an Ballstát arb ionann a chríoch agus príomhcheann scríbe na cuairte nó na gcuairteanna maidir le fad, arna chomhaireamh i laethanta, nó le cuspóir an fhanachta; nó”;

(6)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Féadfaidh Ballstát aontú go ndéanfaidh sé ionadaíocht ar Bhallstát eile a bheidh inniúil i gcomhréir le hAirteagal 5 chun críche iarratais a scrúdú agus cinntí a dhéanamh fúthu thar ceann an Bhallstáit sin. Féadfaidh Ballstát ionadaíocht a dhéanamh ar Bhallstát eile freisin ar bhealach teoranta chun iarratais a bhailiú agus chun aitheantóirí bithmhéadracha a chlárú, agus chun na gcríoch sin amháin.”;

(b)

scriostar mír 2;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

“3.   I gcás ina bhfuil an ionadaíocht teoranta i gcomhréir leis an dara habairt de mhír 1, is i gcomhréir leis na rialacha ábhartha cosanta sonraí agus slándála sonraí a dhéanfar bailiú agus tarchur na sonraí chuig an mBallstát a bhfuil ionadaíocht á déanamh air.

4.   Déanfar socrú déthaobhach idir an Ballstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige agus an Ballstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh air. Maidir leis an socrú sin:

(a)

sonrófar ann fad na hionadaíochta, mura bhfuil inti ach ionadaíocht shealadach, agus na nósanna imeachta maidir lena foirceannadh;

(b)

féadfar a fhoráil leis, go háirithe i gcás ina bhfuil consalacht sa tríú tír lena mbaineann ag an mBallstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh air, go soláthróidh an Ballstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh air áitreabh, foireann agus íocaíochtaí.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 7 agus 8:

“7.   Tabharfaidh an Ballstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh air fógra don Choimisiún faoi na socruithe maidir le hionadaíocht, nó faoi fhoirceannadh na socruithe sin, 20 lá féilire ar a dhéanaí sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm nó sula bhfoirceannfar iad, ach amháin i gcásanna force majeure.

8.   Cuirfidh consalacht an Bhallstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige, an tráth céanna a dtabharfar an fógra dá dtagraítear i mír 7, consalachtaí na mBallstát eile agus toscaireacht an Aontais sa dlínse lena mbaineann ar an eolas faoi na socruithe maidir le hionadaíocht nó faoi fhoirceannadh socruithe den sórt sin.”

(e)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“10.   Más rud é nach bhfuil Ballstát i láthair ná mura bhfuil ionadaíocht á déanamh air sa tríú tír ina ndéanfaidh an t-iarratasóir an t-iarratas a thaisceadh, féachfaidh an Ballstát sin le dul i gcomhar le soláthraí seirbhíse seachtrach, i gcomhréir le hAirteagal 43, sa tríú trí sin.

11.   I gcás ina bhfuil force majeure fada teicniúil i gconsalacht de chuid Ballstáit i láthair áirithe, lorgóidh an Ballstát sin ionadaíocht shealadach ó Bhallstát eile sa láthair sin i gcás gach iarratasóra nó i gcás roinnt catagóirí iarratasóra.”;

(7)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Déanfar iarratais a thaisceadh tráth nach túisce ná sé mhí, agus i gcás maraithe atá i mbun a ndualgas, tráth nach túisce ná 9 mí, roimh thosach na cuairte atá beartaithe agus, mar riail, tráth nach déanaí ná 15 lá féilire roimh thosach na cuairte atá beartaithe. I gcásanna aonair práinne a mbeidh bonn cirt leo, féadfaidh an chonsalacht nó na húdaráis lárnacha a cheadú go ndéanfaí iarratais a thaisceadh tráth nach déanaí ná 15 lá féilire roimh thosach na cuairte atá beartaithe.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Gan dochar d'Airteagal 13, féadfaidh siad seo a leanas iarratais a thaisceadh:

(a)

an t-iarratasóir;

(b)

idirghabhálaí tráchtála creidiúnaithe;

(c)

comhlachas nó institiúid gairme, cultúir, spóirt nó oideachais thar ceann a gcomhaltaí.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5.   Ní chuirfear de cheangal ar iarratasóir teacht i láthair é féin ag níos mó ná suíomh amháin chun iarratas a thaisceadh.”;

(8)

leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Tiocfaidh na hiarratasóirí i láthair iad féin tráth a dtaiscfidh siad iarratas d'fhonn méarloirg a bhailiú, i gcomhréir le hAirteagal 13(2) agus (3) agus pointe (b) d'Airteagal 13(7). Gan dochar don chéad abairt den mhír seo agus d'Airteagal 45, féadfaidh na hiarratasóirí a n-iarratais a thaisceadh go leictreonach, i gcás inar féidir é sin a dhéanamh.”;

(b)

scriostar mír 2;

(9)

leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“1.   Déanfaidh gach iarratasóir foirm a chur isteach atá comhlánaithe de láimh nó go leictreonach, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Beidh an fhoirm iarratais sínithe. Féadfar é a shíniú de láimh nó, i gcás ina n-aithníonn an Ballstát atá inniúil ar iarratais a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh ina leith ríomhshíniú, féadfar é a shíniú go leictreonach.”;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“1a.   I gcás ina síníonn an t-iarratasóir an fhoirm iarratais go leictreonach, beidh an ríomhshíniú ina ríomhshíniú cáilithe de réir bhrí phointe (12) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

1b.   Is de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a bheidh an t-ábhar atá i leagan leictreonach na foirme iarratais, más infheidhme.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Beidh an fhoirm ar fáil sna teangacha seo a leanas ar a laghad:

(a)

teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit a bhfuil víosa á hiarraidh ina leith nó teanga an Bhallstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige; agus

(b)

teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla na tíre óstaí.

I dteannta na teanga nó na dteangacha dá dtagraítear i bpointe (a), féadfar an fhoirm a chur ar fáil in aon teanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Más rud é nach mbeidh teanga oifigiúil ná teangacha oifigiúla na tíre óstaí á comhtháthú nó á gcomhtháthú san fhoirm, cuirfear aistriúchán sa teanga nó sna teangacha sin ar fáil d'iarratasóirí.”;

(10)

leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 go 5:

“3.   Leagtar amach in Iarscríbhinn II liosta neamhchuimsitheach de dhoiciméid tacaíochta a fhéadfar a iarraidh ar an iarratasóir d'fhonn comhlíonadh na gcoinníollacha a liostaítear i míreanna 1 agus 2 a fhíorú.

4.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar na hiarratasóirí cruthúnas ar urraíocht nó cruthúnas ar chóiríocht phríobháideach, nó ar an dá rud, a léiriú trí fhoirm arna cur i dtoll a chéile ag gach Ballstát a líonadh. Sonrófar an méid seo a leanas, go háirithe, ar an bhfoirm sin:

(a)

cibé acu an cruthúnas ar urraíocht nó cruthúnas ar chóiríocht phríobháideach é a cuspóir, nó ar an dá rud;

(b)

cibé acu an duine aonair, cuideachta nó eagraíocht é an t-urraitheoir nó an duine atá ag tabhairt cuiridh;

(c)

aitheantas agus sonraí teagmhála an urraitheora nó an duine atá ag tabhairt cuiridh;

(d)

sonraí aitheantais (céadainm agus sloinne, dáta breithe, áit bhreithe agus náisiúntacht) an iarratasóra nó na n-iarratasóirí;

(e)

seoladh an iostais;

(f)

fad agus cuspóir an fhanachta;

(g)

aon nasc teaghlaigh atá ag an iarratasóir leis an urraitheoir nó an duine atá ag tabhairt cuiridh;

(h)

an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun Airteagal 37(1) de Rialachán VIS.

De bhreis ar theanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit, déanfar an fhoirm a tharaingt suas i dteanga oifigiúil amháin eile ar a laghad de chuid institiúidí an Aontais. Cuirfear cóip shamplach den fhoirm chuig an gCoimisiún.

5.   Déanfaidh na consalachtaí, laistigh de chomhar áitiúil Schengen, cur chun feidhme na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 1 a mheas, chun na cúinsí áitiúla a chur san áireamh, mar aon le rioscaí imirce agus slándála.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“5a.   I gcás inar gá chun cúinsí áitiúla dá dtagraítear in Airteagal 48 a chur san áireamh, glacfaidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme liosta comhchuibhithe de dhoiciméid tacaíochta atá le húsáid i ngach dlínse. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2).”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Féadfar ceanglais mhír 1 den Airteagal seo a tharscaoileadh i gcás inarb eol don chonsalacht nó do na húdaráis lárnacha go bhfuil iarratasóir ionraic agus iontaofa, go háirithe i ndáil le húsáid dhleathach víosaí roimhe sin, mura mbeidh aon amhras ann go gcomhlíonfaidh an té sin ceanglais Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) tráth a mbeidh teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú ag an té sin.

(*3)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).”;"

(11)

in Airteagal 15(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“2.   Cruthóidh iarratasóirí ar víosa dul isteach iolrach go bhfuil árachas liachta taistil leordhóthanach agus bailí acu lena gcumhdófar tréimhse na chéad chuairte atá beartaithe acu.”.

(12)

leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

“1.   Íocfaidh iarratasóirí táille víosa EUR 80.

2.   Íocfaidh leanaí atá 6 bliana d'aois nó os a chionn ach atá faoi bhun 12 bhliain d'aois táille víosa EUR 40.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.   Beidh feidhm ag táille víosa EUR 120 nó EUR 160 má ghlacann an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme faoi phointe (b) d'Airteagal 25a(5). Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo i gcás leanaí faoi 12 bhliain d'aois.”;

(c)

scriostar mír 3;

(d)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

taighdeoirí, mar a shainmhínítear iad i bpointe (2) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4), atá ag taisteal chun taighde eolaíoch a dhéanamh nó atá ag glacadh páirt i seimineár nó i gcomhdháil eolaíoch;

(*4)  Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coinníollacha i ndáil le dul isteach agus cónaí na náisiúnach tríú tír chun críocha taighde, staidéir, oiliúna, seirbhís dheonach, scéimeanna malartaithe daltaí nó cláir oideachais agus obair au pair (IO L 132, 21.5.2016, lch. 21).”;"

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Féadfar an táille víosa a tharscaoileadh:

(a)

i gcás leanaí atá os cionn 6 bliana d'aois ach atá faoi bhun 18 mbliana d'aois;

(b)

i gcás sealbhóirí pasanna taidhleoireachta agus pasanna seirbhíse;

(c)

i gcás rannpháirtithe i seimineáir, i gcomhdhálacha, i spórt, in imeachtaí cultúrtha nó oideachais a eagraítear ag eagraíochtaí neamhbhrabúis, atá 25 bliana d'aois nó faoina bhun.”;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   I gcásanna aonair, féadfar tarscaoileadh nó laghdú a dhéanamh ar mhéid na táille víosa a mhuirearófar nuair a fhónann déanamh amhlaidh chun leasanna cultúrtha nó spóirt, leasanna i réimse an bheartais eachtraigh, an bheartais forbartha agus i réimsí eile a bhfuil leas poiblí bunriachtanach ag gabháil leo a chur chun cinn, nó ar chúiseanna daonchairdiúla nó de bharr oibleagáidí idirnáisiúnta.”;

(g)

i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Nuair a mhuirearófar méid na táille víosa in airgeadra eile seachas an euro, déanfar méid na táille víosa a mhuirearófar san airgeadra sin a chinneadh agus a athbhreithniú go tráthrialta i bhfeidhmiú an ráta tagartha malairte coigríche euro arna leagan síos ag an mBanc Ceannais Eorpach. Féadfar an méid a mhuirearaítear a shlánú suas agus áiritheofar go muirearófar táillí comhchosúla faoi chomhar áitiúil Schengen.”;

(h)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“9.   Gach 3 bliana, déanfaidh an Coimisiún measúnú faoin ngá athbhreithniú a dhéanamh ar mhéid na dtáillí víosa a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 2a den Airteagal seo, ag cur critéir oibiachtúla san áireamh, amhail an ráta boilscithe ginearálta ar fud an Aontais arna fhoilsiú ag Eurostat, agus meán ualaithe thuarastail státseirbhísigh na mBallstát. Ar bhonn na measúnuithe sin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 51a a bhaineann le leasú an Rialacháin seo i ndáil le méid na dtáillí víosa.”;

(13)

leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 1:

“1.   Féadfaidh soláthraí seirbhíse seachtrach, dá dtagraítear in Airteagal 43, táille seirbhíse a ghearradh.”;

(b)

scriostar mír 3;

(c)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“4a.   De mhaolú ar mhír 4, i gcás nach bhfuil consalacht ag an mBallstát inniúil i dtríú tíortha chun críche iarratais a bhailiú agus nach bhfuil ionadaíocht á déanamh ag Ballstát eile air, ní rachaidh an táille seirbhíse, i bprionsabal, thar EUR 80.

4b.   In imthosca eisceachtúla nach leor an méid dá dtagraítear i mír 4a chun seirbhís iomlán a chur ar fáil, féadfar táille seirbhíse níos airde de suas le huasmhéid EUR 120 a mhuirearú. I gcás den sórt sin, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún á cur in iúl go mbeartaíonn sé táille seirbhíse níos airde a mhuirearú, 3 mhí ar a dhéanaí roimh thús a cur chun feidhme. Sonrófar san fhógra na forais maidir le leibhéal na táille seirbhíse a chinneadh, go háirithe na costais mhionsonraithe ar dá réir a chinntear méid níos airde.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a chinneadh go gcoimeádfar an fhéidearthacht leis na hiarratasóirí uile a n-iarratais a thaisceadh go díreach ina chonsalachtaí nó ag consalacht an Bhallstáit a bhfuil socrú ionadaíochta aige leis, i gcomhréir le hAirteagal 8.”;

(14)

leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

“1.   Fíoróidh consalacht inniúil nó údaráis lárnacha an Bhallstáit inniúil an méid seo a leanas:”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“2.   I gcás ina gcinnfidh consalacht inniúil nó údaráis lárnacha an Bhallstáit inniúil gur comhlíonadh na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, beidh an t-iarratas inghlactha agus déanfaidh an chonsalacht nó na húdaráis lárnacha an méid seo a leanas:

—na nósanna imeachta mar a thuairiscítear in Airteagal 8 de Rialachán VIS a leanúint, agus

—an t-iarratas a scrúdú tuilleadh.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   I gcás ina gcinnfidh consalacht inniúil nó údaráis lárnacha an Bhallstáit inniúil nár comhlíonadh na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, beidh an t-iarratas neamh-inghlactha agus déanfaidh an chonsalacht nó na húdaráis lárnacha an méid seo a leanas gan mhoill:

an fhoirm iarratais agus aon doiciméad a thíolaic an t-iarratasóir a chur ar ais,

na sonraí bithmhéadracha a bailíodh a scriosadh,

an táille víosa a aisíoc, agus

an t-iarratas a fhágáil gan scrúdú.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   De mhaolú ar mhír 3, féadfar a mheas go bhfuil iarratas nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i mír 1 inghlactha ar chúiseanna daonchairdiúla, ar chúiseanna leasa náisiúnta nó de bharr oibleagáidí idirnáisiúnta.”;

(15)

leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

“3.   Agus seiceáil á déanamh ar cibé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha maidir le dul isteach, fíoróidh an chonsalacht nó na húdaráis lárnacha an méid seo a leanas:”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

go bhfuil árachas liachta taistil leordhóthanach agus bailí ag an iarratasóir, más infheidhme, lena gcumhdaítear tréimhse an fhanachta atá beartaithe nó, má táthar ag déanamh iarratas ar víosa dul isteach iolrach, tréimhse na chéad chuairte atá beartaithe.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Déanfaidh an chonsalacht nó na húdaráis lárnacha, más infheidhme, fad na dtréimhsí fanachta roimhe sin agus fad na dtréimhsí fanachta atá beartaithe a fhíorú chun a fhíorú nach bhfuil fad uasta aon fhanachta a údaraíodh ar chríoch na mBallstát sáraithe ag an iarratasóir, gan beann ar aon tréimhsí fanachta arna n-údarú faoi víosa fadfhanachta náisiúnta nó faoi chead cónaithe.”;

(c)

i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

“6.   Le linn iarratas ar víosa idirthurais aerfoirt a scrúdú, fíoróidh an chonsalacht nó na húdaráis lárnacha an méid seo a leanas go háirithe:”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8.   Le linn dóibh iarratas a scrúdú, féadfaidh consalachtaí nó na húdaráis lárnacha, i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo, agallamh a dhéanamh leis an iarratasóir agus doiciméid bhreise a iarraidh.”;

(16)

leasaítear Airteagal 22 mar a leanas

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 go 3:

“1.   Ar fhoras gur bagairt é do bheartas poiblí, do shlándáil inmheánach, don chaidreamh idirnáisiúnta nó do shláinte phoiblí, féadfaidh Ballstát a cheangal ar údaráis lárnacha Ballstát eile dul i gcomhairle lena n-údaráis lárnacha le linn scrúdú a bheith á dhéanamh ar iarratais a thaisceann náisiúnaigh tríú tíortha sonracha nó catagóirí sonracha de na náisiúnaigh sin. Ní bheidh feidhm ag comhairliúchán den sórt sin maidir le hiarratais ar víosaí idirthurais aerfoirt.

2.   Tabharfaidh na húdaráis lárnacha a rachfar i gcomhairle leo freagra cinntitheach a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 7 lá féilire ón lá a rachfar i gcomhairle leo. Mura bhfaighfear freagra faoin spriocdháta sin, ciallóidh sé sin nach bhfuil aon fhoras acu agóid a dhéanamh i leith an víosa a eisiúint.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin gceanglas maidir le comhairliúchán roimh ré a thabhairt isteach nó a tharraingt siar, mar riail, 25 lá féilire ar a dhéanaí sula dtiocfaidh sé chun bheith infheidhme. Tabharfar an fhaisnéis sin freisin faoi chomhar áitiúil Schengen sa dlínse lena mbaineann.”;

(b)

scriostar mír 5;

(17)

leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Féadfar síneadh 45 lá féilire ar a mhéid a chur leis an tréimse sin i gcásanna ar leith, go háirithe nuair a bheidh gá le grinnscrúdú breise ar an iarratas.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.   Déanfar cinneadh faoi iarratais gan mhoill i gcásanna aonair práinne a bhfuil bonn cirt leo.”;

(c)

scriostar mír 3;

(d)

leasaítear mír 4 mar a leanas:

(i)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(ba)

víosa idirthurais aerfoirt a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 26; nó”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c).

“(c)

diúltú víosa a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 32.”;

(iii)

scriostar pointe (d).

(18)

leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

scriostar an tríú fomhír;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú fomhír:

“Gan dochar do phointe (a) d'Airteagal 12, áireofar i dtréimhse bhailíochta le haghaidh víosa chun dul isteach uair amháin ‘tréimhse chairde’ 15 lá féilire.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Ar choinníoll go gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha maidir le dul isteach a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointí (c) go (e) d'Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/399, déanfar víosaí dul isteach iolrach a mbeidh bailíocht fhada acu a eisiúint do na tréimhsí bailíochta seo a leanas, ach amháin dá mbeadh bailíocht na víosa níos faide ná bailíocht an doiciméid taistil:

(a)

tréimhse bhailíochta 1 bhliana amháin, ar choinníoll go ndearna an t-iarratasóir trí víosa a fháil agus a úsáid go dleathach laistigh den 2 bhliain roimhe sin;

(b)

tréimhse bhailíochta 2 bhliain, ar choinníoll go ndearna an t-iarratasóir víosa dul isteach iolrach a bhí bailí ar feadh bliain amháin a fháil agus a úsáid go dleathach laistigh den 2 bhliain roimhe sin;

(c)

tréimhse bhailíochta 5 bliana, ar choinníoll go ndearna an t-iarratasóir víosa dul isteach iolrach a bhí bailí ar feadh 2 bhliain a fháil agus a úsáid go dleathach laistigh den 3 bliana roimhe sin.

Ní chuirfear víosaí idirthurais aerfoirt ná víosaí a bhfuil bailíocht chríochach theoranta acu arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 25(1) san áireamh agus víosaí dul isteach iolrach á n-eisiúint.”;

(c)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“2a.   De mhaolú ar mhír 2, féadfar tréimhse bhailíochta na víosa a eisíodh a ghiorrú i gcásanna ar leith ina bhfuil amhras réasúnta ann nach gcomhlíonfar na coinníollacha maidir le dul isteach don tréimhse iomlán.

2b.   De mhaolú ar mhír 2, déanfaidh consalachtaí, laistigh de chomhar áitiúil Schengen, a mheas an gá na rialacha maidir le heisiúint víosaí dul isteach iolrach a leagtar amach i mír 2 a oiriúnú chun cúinsí áitiúla a chur san áireamh, mar aon le rioscaí imirce agus slándála, i bhfianaise rialacha níos fabhraí nó níos sriantaí a ghlacadh i gcomhréir le mír 2d.

2c.   Gan dochar do mhír 2, féadfar víosa dul isteach iolrach a bheidh bailí suas le 5 bliana a eisiúint d'iarratasóirí a chruthóidh gur gá dóibh taisteal go minic nó go rialta nó a léireoidh go bhfuil údar lena n-intinn é sin a dhéanamh, ar chuntar go gcruthóidh siad a n-ionracas agus a n-iontaofacht, go háirithe úsáid dhleathach víosaí roimhe sin, a staid eacnamaíoch sa tír thionscnaimh agus a n-intinn dhílis críoch na mBallstát a fhágáil roimh dhul in éag an víosa a bhfuil iarratas déanta acu uirthi.

2d.   I gcás inar gá, ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2b den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha a ghlacadh maidir leis na coinníollacha ar a n-eiseofar víosaí dul isteach iolrach a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo atá le cur i bhfeidhm i ngach dlínse chun cúinsí áitiúla, rioscaí imirce agus slándála, agus caidreamh foriomlán an Aontais leis an tríú tír atá i gceist a chur san áireamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2).”;

(19)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 25a

Comhar maidir le hathligean isteach

1.   Ag brath ar leibhéal comhair tríú tír leis na Ballstáit maidir le hathligean isteach imirceach neamhrialta, comhar a mheastar ar bhonn sonraí ábhartha oibiachtúla, ní bheidh feidhm ag Airteagal 14 (6), Airteagal 16(1), pointe (b) d'Airteagal 16(5), Airteagal 23(1), ná Airteagal 24(2) agus (2c) maidir le hiarratasóirí nó catagóirí iarratasóirí, ar náisiúnaigh iad de thríú tír nach meastar a bheith ag comhoibriú go hiomchuí, i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.   Déanfaidh an Coimisiún go tráthrialta, ar a laghad uair amháin sa bhliain, measúnú ar chomhar na dtríú tíortha maidir le hathligean isteach, ag cur na dtáscairí seo a leanas san áireamh, go háirithe:

(a)

líon na gcinntí um fhilleadh arna n-eisiúint chuig daoine ón tríú tír i gceist a bhí ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch na mBallstát;

(b)

líon na bhfillteacha éigeantacha iarbhír ar dhaoine ar eisíodh cinntí um fhilleadh chucu, mar chéatadán de líon na gcinntí um fhilleadh arna n-eisiúint chuig náisiúnaigh an tríú tír i gceist lena n-áirítear, más iomchuí, ar bhonn comhaontuithe de chuid an Aontais nó comhaontuithe déthaobhacha um athligean isteach, líon na náisiúnach tríú tír a rinne idirthuras trí chríoch an tríú tír i gceist;

(c)

líon na n-iarrataí ar athligean isteach in aghaidh an Bhallstáit ar ghlac an tríú tír leo mar chéatadán de líon na n-iarrataí den sórt sin a cuireadh faoina bráid;

(d)

leibhéal an chomhair phraiticiúil maidir leis an bhfilleadh ag céimeanna áirithe den nós imeachta um fhilleadh, amhail:

(i)

cúnamh a chuirtear ar fáil chun daoine atá ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch na mBallstát a shainaithint agus chun doiciméid taistil a eisiúint go tráthúil;

(ii)

glacadh le doiciméad taistil Eorpach i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh nó laissez-passer;

(iii)

glacadh le hathligean isteach daoine atá le filleadh ar a dtír féin go dleathach;

(iv)

glacadh le heitiltí agus oibríochtaí fillte.

Beidh measúnú den sórt sin bunaithe ar an úsáid a bhaintear as sonraí iontaofa arna soláthar ag Ballstáit, mar aon le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún go tráthrialta, ar a laghad uair amháin sa bhliain, tuarascáil don Chomhairle ar a mheasúnú.

3.   Féadfaidh Ballstát fógra a thabhairt don Choimisiún freisin má bhíonn fadhbanna substaintiúla leanúnacha aige le comhar tríú tír maidir le hathligean isteach imircigh neamhrialta ar bhonn na dtáscairí céanna a liostaítear i mír 2. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas láithreach faoin bhfógra.

4.   Scrúdóidh an Coimisiún aon fhógra a thabharfar de bhun mhír 3 laistigh de thréimhse míosa. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas mar gheall ar thorthaí a scrúdaithe.

5.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún, ar bhonn na hanailíse dá dtagraítear i míreanna 2 agus 4, agus aird á tabhairt ar na céimeanna a ghlac an Coimisiún chun feabhas a chur ar leibhéal comhair an tríú tír lena mbaineann i réimse an athligean isteach agus ar chaidreamh foriomlán an Aontais leis an tríú tír sin, lena n-áirítear i réimse na himirce, nach bhfuil tír ag comhoibriú go hiomchuí agus gur gá gníomhaíocht a dhéanamh, dá bhrí sin, nó, i gcás, laistigh de 12 mhí, ina dtabharfaidh tromlach beag na mBallstát fógra don Choimisiúni gcomhréir le mír 3, cuirfidh an Coimisiún, agus é ag leanúint lena iarrachtaí feabhas a chur ar an gcomhar leis an tríú tír lena mbaineann, togra faoi bhráid na Comhairle chun an méid a leanas a ghlacadh:

(a)

cinneadh cur chun feidhme lena gcuirfear ar fionraí go sealadach cur i bhfeidhm aon cheann amháin nó níos mó d'Airteagal 14(6), pointe (b) d'Airteagal 16(5), Airteagal 23(1), nó Airteagal 24(2) agus (2c),, maidir le náisiúnaigh an tríú tír lena mbaineann nó maidir le catagóirí áirithe díobh;

(b)

i gcás ina measfar, tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, nach mbeidh na bearta a chuirfear i bhfeidhm i gcomhréir leis an gcinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo éifeachtach, cinneadh cur chun feidhme lena gcuirfear i bhfeidhm, de réir a chéile, ceann de na táillí víosa a leagtar amach in Airteagal 16(2a) maidir le náisiúnaigh uile an tríú tír lena mbaineann nó maidir le catagóirí áirithe díobh.

6.   Measfaidh agus tuairisceoidh an Coimisiún go leanúnach ar bhonn na dtáscairí a leagtar amach i mír 2 an féidir a léiriú go bhfuil feabhas suntasach agus inbhuanaithe curtha ar chomhoibriú leis an tríú tír lena mbaineann maidir le hathligean isteach imircigh neamhrialta agus, ag cur chaidreamh foriomlán an Aontais leis an tríú tír sin san áireamh, féadfaidh sé togra a chur faoi bhráid na Comhairle chun na cinntí cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 a aisghairm nó a leasú.

7.   Ar a dhéanaí sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm na gcinntí cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta maidir le comhar an tríú tír sin maidir le hathligean isteach.

8.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar bhonn na hanailíse dá dtagraítear i mír 2 agus caidreamh foriomlán an Aontais leis an tríú tír lena mbaineann á chur san áireamh aige, go háirithe ó thaobh an chomhair i réimse an athligean isteach, go bhfuil an tríú tír lena mbaineann ag comhoibriú go hiomchuí, féadfaidh sé togra a chur faoi bhráid na Comhairle chun cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann le hiarratasóirí nó le catagóirí iarratasóirí, ar náisiúnaigh den tríú tír sin iad agus a chuireann isteach ar víosa ar chríoch an tríú tír sin, lena bhforáiltear do cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a)

an táille víosa dá dtagraítear in Airteagal 16(1) a laghdú go dtí EUR 60;

(b)

an tréimhse ina bhfuil cinntí maidir le hiarratas le déanamh dá dtagraítear in Airteagal 23(1) a laghdú go dtí 10 lá;

(c)

tréimhse bhailíochta víosaí dul isteach iolrach faoi Airteagal 24(2) a mhéadú.

Beidh feidhm ag an gcinneadh cur chun feidhme sin ar feadh bliain amháin ar a mhéad. Féadfar é a athnuachan.”;

(20)

leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

“1.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha a ghlacadh chun an greamán víosa a líonadh isteach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2).

2.   Féadfaidh na Ballstáit iontrálacha náisiúnta a chur leis an roinn dar teideal ‘barúlacha’ den ghreamán víosa. Sna hiontrálacha sin, ní dhéanfar dúbláil ar na hiontrálacha éigeantacha arna leagan síos i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Ní fhéadfar greamán víosa le haghaidh víosa chun dul isteach uair amháin a chomhlánú de láimh ach amháin i gcás force majeure teicniúil. Ní dhéanfar aon athrú ar ghreamán víosa a líontar isteach de láimh.”.

(21)

leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Greamófar an greamán víosa den doiciméad taistil.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha chur chun feidhme, na rialacha mionsonraithe a ghlacadh chun an greamán víosa a ghreamú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2).”;

(22)

leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

“1.   Féadfaidh Ballstát a cheangal go gcuirfear a údaráis lárnacha ar an eolas maidir le víosaí a eiseoidh Ballstáit eile chuig náisiúnaigh tríú tíortha sonracha nó chuig catagóirí sonracha de na náisiúnaigh sin, seachas i gcás víosaí idirthurais aerfoirt.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin gceanglas maidir leis an bhfaisnéis sin a thabhairt isteach nó a tharraingt siar 25 lá féilire ar a dhéanaí sula dtiocfaidh sé chun bheith infheidhme. Tabharfar an fhaisnéis sin freisin faoi chomhar áitiúil Schengen sa dlínse lena mbaineann.”;

(b)

scriostar mír 4;

(23)

leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:

(a)

i mír 1, pointe (a), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(iia)

nach dtugann sé bonn cirt le cuspóir nó le coinníollacha an idirthurais aerfoirt atá beartaithe;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Tabharfar fógra don iarratasóir faoi chinneadh maidir leis an diúltú agus faoi na cúiseanna ar a mbeidh sé bunaithe trí bhíthin na foirme caighdeánaí a leagtar amach in Iarscríbhinn VI i dteanga an Bhallstáit a rinneadh an cinneadh deiridh maidir leis an iarratas agus i dteanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais;”;

(c)

scriostar mír 4;

(24)

leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 2;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, treoracha oibríochtúla a ghlacadh chun víosaí a eisiúint ag an teorainn chuig maraithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2).”;

(25)

in Airteagal 37, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

“2.   Beidh stóráil agus láimhseáil na ngreamán víosa faoi réir bearta leordhóthanacha slándála chun an chalaois nó an caillteanas a sheachaint. Coimeádfaidh gach consalacht cuntas ar an stoc greamán víosa atá aici agus déanfaidh sí clárú ar an gcaoi ar úsáideadh gach greamán víosa. Má chaillfear méid suntasach greamán bán víosa, déanfar sin a thuairisciú don Choimisiún.

3.   Coimeádfaidh consalachtaí nó údaráis lárnacha cartlann iarratas i bhformáid páipéir nó leictreonach. Beidh i ngach comhad ar leith an fhaisnéis ábhartha lenar féidir, más gá, cúlra an chinnidh a rinneadh i dtaobh an iarratais a léiriú arís.

Coimeádfar na comhaid iarratais aonair ar feadh 1 bhliain amháin ar a laghad ón dáta a ndéanfar an cinneadh ar an iarratas dá dtagraítear in Airteagal 23(1) nó, i gcás achomhairc, go dtí deireadh an nós imeachta achomhairc, pé acu is faide. Más infheidhme, coimeádfar na comhaid iarratais leictreonacha aonair ar feadh tréimhse bailíochta na víosa a eisíodh.”.

(26)

leasaítear Airteagal 38 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

“Acmhainní chun scrúdú a dhéanamh ar iarratais agus chun faireachán a dhéanamh ar nósanna imeachta maidir le víosaí”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Cuirfidh na Ballstáit líon leordhóthanach comhaltaí foirne iomchuí ar fáil sna consalachtaí chun na cúraimí a dhéanamh a bhaineann le scrúdú a dhéanamh ar iarratais, ar chaoi agus go n-áiritheofar caighdeán seirbhíse don phobal a bheidh réasúnta agus comhchuibhithe.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh comhaltaí foirne easaoránacha faireachán ar an nós imeachta maidir le víosaí ina iomláine i gconsalachtaí, lena n-áirítear iarratais a thaisceadh agus a láimhseáil, greamáin víosa a phriontáil agus an comhar praiticiúil le soláthraithe seirbhíse seachtracha, chun sláine gach céime den nós imeachta a áirithiú.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Cuirfidh údaráis lárnacha na mBallstát oiliúint leordhóthanach ar na comhaltaí foirne easaoránacha agus ar na comhaltaí foirne a bheidh fostaithe go háitiúil agus beidh siad freagrach as faisnéis iomlán, bheacht, a bheidh cothrom le dáta a chur ar fáil maidir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí ábhartha náisiúnta.”;

(e)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“3a.   I gcás ina scrúdóidh údaráis lárnacha iarratais agus ina ndéanfaidh siad cinneadh fúthu amhail dá dtagraítear in Airteagal 4(1a), cuirfidh na Ballstáit oiliúint shonrach ar fáil chun a áirithiú go mbeidh a ndóthain eolais thír-shonraigh, a bheidh cothrom le dáta, faoi chúinsí áitiúla socheacnamaíocha, agus faisnéis iomlán, bheacht, a bheidh cothrom le dáta maidir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí ábhartha náisiúnta, ag foireann na n-údarás lárnach sin.

3b.   Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh oiliúint leordhóthanach ar an bhfoireann sna consalachtaí chun cuidiú leis na húdaráis lárnacha agus scrúdú agus cinneadh á ndéanamh acu maidir le hiarratais, go háirithe trí bheith rannpháirteach i gcruinnithe comhair áitiúil Schengen, faisnéis a mhalartú le consalachtaí eile agus leis na húdaráis áitiúla, faisnéis áitiúil ábhartha a bhailiú maidir le riosca imirce agus cleachtais chalaoiseacha, agus agallaimh agus scrúduithe breise a dhéanamh.”;

(f)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil nós imeachta ann lenar féidir le hiarratasóirí gearáin a thíolacadh maidir leis an méid a leanas:

(a)

iompar na gcomhaltaí foirne sna consalachtaí agus, i gcás inarb infheidhme, iompar na soláthróirí seirbhíse seachtracha; nó

(b)

an próiseas iarratais.

Coimeádfaidh consalachtaí nó údaráis lárnacha taifead de na gearáin agus den obair leantach a rinneadh.

Cuirfidh na Ballstáit faisnéis faoin nós imeachta dá bhforáiltear sa mhír seo ar fáil don phobal.”;

(27)

in Airteagal 39, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

“2.   Agus iad i mbun a ndualgais, déanfaidh an fhoireann chonsalach agus foireann na n-údarás lárnach dínit an duine a urramú. Beidh aon bheart a ghlacfar i gcomhréir leis na cuspóirí a bheidh á saothrú leis na bearta sin.

3.   Fad a bheidh a gcúraimí á gcomhlíonadh acu, ní dhéanfaidh an fhoireann chonsalach ná foireann na n-údarás lárnach idirdhealú in aghaidh daoine ar fhorais gnéis, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó gnéaschlaonta.”;

(28)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 40:

“Airteagal 40

Eagrú agus comhar consalachta

1.   Beidh gach Ballstát freagrach as na nósanna imeachta a bhaineann le hiarratais a eagrú.

2.   Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

a gconsalachtaí agus a n-údaráis atá freagrach as víosaí a eisiúint ag na teorainneacha a fheistiú leis an ábhar cuí chun aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú, agus oifigí a gconsal oinigh a fheistiú chun aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú, i gcás ina mbainfidh siad úsáid astu, i gcomhréir le hAirteagal 42;

(b)

dul i gcomhar le Ballstát amháin nó níos mó de réir socruithe ionadaíochta nó de réir comhar consalach d'aon chineál eile.

3.   Féadfaidh Ballstát dul i gcomhar freisin le soláthraí seirbhíse seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 43.

4.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoina n-eagrú agus faoina gcomhar consalachta ar gach láthair chonsalachta.

5.   I gcás fhoirceannadh an chomhair le Ballstáit eile, déanfaidh na Ballstáit a ndícheall lena áirithiú go leanfar de sheirbhís iomlán a chur ar fáil.”;

(29)

scriostar Airteagal 41;

(30)

leasaítear Airteagal 43 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 3;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Ní bheidh rochtain ag na soláthraithe seirbhíse seachtracha ar VIS in imthosca ar bith. Forchoimeádfar rochtain ar VIS go heisiach d'fhoirne cuí-údaraithe na gconsalachtaí nó d'fhoirne na n-údarás lárnach.”;

(c)

leasaítear mír 6 mar seo a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

faisnéis ghinearálta a chur ar fáil faoi cheanglais víosaí, i gcomhréir le pointí (a) go (c) d'Airteagal 47(1), agus faoi fhoirmeacha iarratais;”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

sonraí agus iarratais a bhailiú (lena n-áirítear bailiú aitheantóirí bithmhéadracha) agus an t-iarratas a tharchur chuig an gconsalacht nó chuig na húdaráis lárnacha;”;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (e) agus (f):

“(e)

bainistiú a dhéanamh ar choinní an iarratasóra, i gcás inarb infheidhme, ag an gconsalacht nó ag áitreabh an tsoláthraí seirbhíse sheachtraigh.

(f)

na doiciméid taistil a bhailiú, lena n-áirítear fógra maidir le diúltú más infheidhme, ón gconsalacht nó ó na húdaráis lárnacha agus iad a thabhairt ar ais don iarratasóir.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7.   Agus soláthraí seirbhíse seachtrach á roghnú aige, measfaidh an Ballstát lena mbaineann iontaofacht agus sócmhainneacht na heagraíochta nó na cuideachta agus áiritheoidh sé nach ann d'aon choinbhleacht leasa. Áireofar sa mheasúnú, de réir mar is iomchuí, grinnscrúdú ar na ceadúnais riachtanacha, ar an gclárú tráchtála, ar reachtanna agus ar chonarthaí bainc.”;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

“9.   Beidh na Ballstáit freagrach as comhlíonadh na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus áiritheoidh siad go bhfuil an soláthraí seirbhíse seachtrach faoi réir fhaireachán na n-údarás maoirseachta um chosaint sonraí de bhun Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5).

(*5)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).”;"

(f)

leasaítear mír 11 mar seo a leanas:

(i)

sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus e (b):

“(a)

an fhaisnéis ghinearálta maidir leis na critéir, na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh ar víosa, mar a leagtar amach i bpointí (a) go (c) d'Airteagal 47, agus ábhar na bhfoirmeacha iarratais a chuireann an soláthraí seirbhíse seachtrach ar fáil do na hiarratasóirí.

(b)

na bearta slándála uile is gá, idir theicniúil agus eagraíochtúil, chun sonraí pearsanta a chosaint ar scriosadh, bíodh sé trí thaisme nó neamhdhleathach, ar chailliúint trí thaisme, ar athrú, ar nochtadh gan údarás nó ar rochtain gan údarás, go háirithe i gcás ina mbainfidh an comhar le tarchur comhad agus sonraí chuig consalacht nó chuig údaráis lárnacha an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, agus chun iad a chosaint ar phróiseáil neamhdhleathach sonraí pearsanta de gach cineál eile;”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Chun na críche sin, déanfaidh consalacht nó consalachtaí nó údaráis lárnacha an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, go tráthrialta agus gach 9 mí ar a laghad, seiceálacha ar an láthair ar áitreabh an tsoláthraí seirbhíse sheachtraigh. Féadfaidh na Ballstáit comhaontú a dhéanamh ualach an fhaireacháin thráthrialta sin a chomhroinnt.”;

(g)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“11a.   Faoin 1 Feabhra gach bliain, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún maidir lena gcomhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha ar fud an domhain, agus maidir leis an bhfaireachán a rinne siad ar na soláthraithe sin dá dtagraítear i bpointe C d'Iarscríbhinn X.”.

(31)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 44:

“Airteagal 44

Criptiú agus aistriú slán sonraí

1.   I gcás comhair idir na Ballstáit agus comhair le soláthraí seirbhíse seachtrach agus úsáid consal oinigh, áiritheoidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann go bhfuil na sonraí go hiomlán criptithe, is cuma má aistrítear go leictreonach nó go fisiciúil ar mheán leictreonach stórála iad.

2.   I dtríú tíortha a chuireann toirmeasc ar shonraí criptithe atá le haistriú go leictreonach, ní cheadóidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann sonraí a aistriú go leictreonach.

I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann go ndéanfaidh oifigeach consalach de chuid Ballstáit na sonraí leictreonacha a aistriú go fisiciúil i bhfoirm lánchriptithe ar mheán leictreonach stórála nó, i gcás ina gcaithfí bearta díréireacha nó bearta míréasúnacha a dhéanamh leis an aistriú sin a chur i gcrích, áiritheoidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann go ndéanfar iad a aistriú ar bhealach eile atá slán agus sábháilte, amhail trí oibreoirí seanbhunaithe a bhfuil taithí acu ar dhoiciméid íogaire agus ar shonraí íogaire a iompar sa tríú tír lena mbaineann a úsáid.

3.   I ngach cás, déanfar leibhéal na slándála don aistriú a oiriúnú de réir íogaireacht na sonraí.”;

(32)

leasaítear Airteagal 45 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Déanfar faireachán go tráthrialta ar idirghabhálaithe tráchtála creidiúnaithe trí sheiceálacha ar an láthair a chuimseoidh agallaimh duine le duine nó agallaimh teileafóin leis na hiarratasóirí, fíorú na dturas agus an iostais, agus má mheasfar gur gá é, fíorú na ndoiciméad a bhaineann le filleadh an ghrúpa.”;

(b)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Áiritheoidh gach consalacht agus na húdaráis lárnacha go mbeidh an pobal ar an eolas faoin liosta idirghabhálaithe tráchtála creidiúnaithe a mbeidh siad i gcomhar leo, i gcás inarb ábhartha.”.

(33)

leasaítear Airteagal 47(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“(aa)

na critéir lena measfar go mbeidh iarratas inghlactha, dá bhforáiltear in Airteagal 19(1);

(ab)

go mbaileofar, i bprionsabal, sonraí bithmhéadracha gach 59 mí, ag tosú ar an dáta a bhaileofar iad den chéad uair;”.

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

an áit a bhféadfar an t-iarratas a thíolacadh (an chonsalacht inniúil nó an soláthraí seirbhíse seachtrach);”;

(c)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(j)

faisnéis faoin nós imeachta gearán dá bhforáiltear in Airteagal 38(5).”;

(34)

leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Oibreoidh consalachtaí agus toscaireachtaí an Aontais i gcomhar le chéile i ngach dlínse chun a áirithiú go gcuirfear an comhbheartas víosa i bhfeidhm go comhchuibhithe, agus cúinsí áitiúla á gcur san áireamh.

Chuige sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Chinneadh 2010/427/AE (*6) ón gComhairle, tabharfaidh an Coimisiún treoracha do thoscaireachtaí an Aontais na cúraimí comhordúcháin ábhartha a dhéanamh dá bhforáiltear san Airteagal seo.

I gcás ina ndéanann údaráis lárnacha scrúdú ar iarratais arna dtaisceadh sa dlínse lena mbaineann agus ina ndeánann siad cinntí ina leith amhail dá dtagraítear in Airteagal 4(1a), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis lárnacha sin rannpháirteach i mbealach gníomhach i gcomhar áitiúil Schengen. Beidh oiliúint leordhóthanach ar na comhaltaí foirne a bheidh ag rannchuidiú le comhar áitiúil Schengen agus beidh baint acu leis na hiarratais sa dlínse lena mbaineann a scrúdú.

(*6)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrú agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).”;"

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Oibreoidh na Ballstáit agus an Coimisiún i gcomhar le chéile, go háirithe, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

liosta comhchuibhithe a ullmhú de na doiciméid tacaíochta a bheidh le tíolacadh ag iarratasóirí, agus Airteagal 14 á chur san áireamh;

(b)

cur chun feidhme áitiúil Airteagal 24(2) a ullmhú maidir le heisiúint víosaí dul isteach iolrach;

(c)

aistriúchán coiteann den fhoirm iarratais a áirithiú, i gcás inarb ábhartha;

(d)

liosta na ndoiciméad taistil a eisíonn an tír óstach a bhunú agus é a thabhairt cothrom le dáta go rialta;

(e)

bileog faisnéise choiteann ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 47(1) a tharraingt suas;

(f)

faireachán a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha, ar chur chun feidhme Airteagal 25a(5) agus (6).”;

(c)

scriostar mír 2;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Malartóidh na Ballstáit faoi chomhar áitiúil Schengen an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

staidreamh ráithiúil maidir leis na víosaí aonfhoirmeacha, na víosaí a bhfuil bailíocht chríochach theoranta acu, agus na víosaí idirthurais aerfoirt a ndearnadh iarratas orthu, a eisíodh agus a diúltaíodh;

(b)

faisnéis i dtaca le measúnú rioscaí imirce agus slándála, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

struchtúr socheacnamaíoch na tíre óstaí;

(ii)

foinsí faisnéise ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear an tslándáil shóisialta, árachas sláinte, cláir fhioscacha agus clárú ar dhul isteach agus ar imeacht;

(iii)

úsáid doiciméad bréige, góchumtha nó brionnaithe;

(iv)

bealaí inimirce neamhrialta;

(v)

treochtaí maidir le hiompraíocht chalaoiseach;

(vi)

treochtaí maidir le diúltú;

(c)

faisnéis faoin gcomhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha agus le cuideachtaí iompair;

(d)

faisnéis faoi na cuideachtaí árachais a sholáthraíonn árachas liachta taistil leordhóthanach, lena n-áirítear an cineál cumhdaigh a fhíorú agus méid an bharrachais a d'fhéadfadh a bheith ann.”;

(e)

i mír 5, scriostar an dara fomhír;

(f)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“7.   Tarraingeofar suas tuarascáil bhliantúil i ngach dlínse faoin 31 Nollaig gach bliain. Ar bhonn na dtuarascálacha sin, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil bhliantúil ar staid chomhar áitiúil Schengen a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.”.

(35)

scriostar Airteagal 50;

(36)

cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 51:

“Airteagal 51

Treoracha maidir le cur i bhfeidhm phraiticiúil an Rialacháin seo

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na treoracha oibríochtúla a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil fhorálacha an Rialacháin seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2).”;

(37)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 51a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 16(9) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 1 Lúnasa 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 16(9) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*7).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 16(9) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*7)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(38)

cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 52:

“Airteagal 52

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste (an ‘Coiste Víosaí’) cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(*8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;"

(39)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I;

(40)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn V;

(41)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn VI;

(42)

scriostar Iarscríbhinní VII, VIII, agus IX;

(43)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn X.

Airteagal 2

Faireachán agus meastóireacht

1.   Faoin 2 Lúnasa 2022, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm Rialacháin (CE) Uimh. 810/2009, arna leasú leis an Rialachán seo. Cuimseofar sa mheastóireacht fhoriomlán sin scrúdú ar na torthaí a baineadh amach maidir leis na cuspóirí agus ar chur chun feidhme fhorálacha Rialachán (CE) Uimh 810/2009, arna leasú leis an Rialachán seo.

2.   Déanfaidh an Coimisiún an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ar bhonn na meastóireachta sin, tíolacfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, tograí iomchuí.

3.   Faoin 2 Bealtaine 2020, tabharfaidh na Ballstáit don Choimisiún na sonraí ábhartha atá ar fáil maidir leis an úsáid a bhaineann sealbhóirí víosa as árachas liachta taistil dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 810/20090 le linn a bhfanachta ar chríoch na mBallstát, mar aon leis na costais arna dtabhú ag na húdaráis náisiúnta nó soláthraithe seirbhísí liachta do shealbhóirí víosa. Ar bhonn na sonraí sin, ullmhóidh an Coimisiún, faoin 2 Samhain 2020 tuarascáil a tharchuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 2 Feabhra 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 440, 6.12.2018, lch. 142.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 6 Meitheamh 2019.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).

(4)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh an Aontais agus ag daoine dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí a dhéanamh faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/EEC, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

(5)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).

(8)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(9)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36

(10)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(11)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(12)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(13)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(14)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).


IARSCRÍBHINN I

“IARSCRÍBHINN I

Foirm iarratais chomhchuibhithe

IARRATAS AR VÍOSA SCHENGEN

Tá an fhoirm iarratais seo saor in aisce

Image 1  (1)

Ní líonfaidh baill teaghlaigh saoránach de chuid AE, de chuid LEE ná de chuid CH fearainn 21, 22, 30, 31 agus 32 (marcáilte le *).

Líonfar fearainn 1-3 de réir na sonraí sa doiciméad taistil.

1.

Sloinne (Ainm teaghlaigh):

ÚSÁID OIFIGIÚIL AMHÁIN

Dáta an iarratais:

Uimhir an iarratais:

2.

Sloinne breithe (Ainm / ainmneacha teaghlaigh roimhe seo):

3.

Céadainm / céadainmneacha (Ainm baiste / ainmneacha baiste):

4.

Dáta breithe (lá-mí-bliain):

5.

Áit bhreithe:

6.

Tír bhreithe:

7.

Náisiúntacht faoi láthair:

Náisiúntacht tráth breithe, murab ionann í:

Náisiúntachtaí eile:

Áit ar taisceadh an t-iarratas:

Ambasáid/consalacht

Soláthraí seirbhíse

Idirghabhálaí tráchtála

8.

Gnéas:

☐ Fireann ☐ Baineann

9.

Stádas sibhialta:

☐ Singil ☐ Pósta ☐ Páirtnéireacht chláraithe ☐ Scartha ☐ Colscartha ☐ Baintreach mná nó fir ☐ Eile (sonraigh, le do thoil):

Teorainn (Ainm):

Eile:

10.

Údarás tuismitheora (i gcás mionaoiseach) / caomhnóir dleathach (sloinne, céadainm, seoladh murab é seoladh an iarratasóra é, uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist, agus náisiúntacht):

Comhad á láimhseáil ag:

11.

Uimhir aitheantais náisiúnta, i gcás inarb infheidhme:

Doiciméid tacaíochta:

Doiciméad taistil

Cóir mhaireachtála

Árachas liachta taistil

12.

Cén cineál doiciméid taistil atá agat:

Gnáthphas ☐ Pas taidhleoireachta ☐ Pas seirbhíse ☐ Pas oifigiúil ☐ Pas speisialta

☐ Doiciméad taistil eile (sonraigh, le do thoil):

13.

Uimhir an doiciméid taistil:

14.

Dáta eisiúna:

15.

Bailí go dtí an:

16.

Arna eisiúint ag (an tír):

Cuireadh

Modh iompair

Eile:

Cinneadh maidir leis an víosa:

Víosa diúltaithe

Víosa eisithe:

A

C

Víosa ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta

Bailí:

Ón:

Go dtí an:

17.

Sonraí pearsanta an bhaill teaghlaigh ar saoránach de chuid AE, de chuid LEE nó de chuid CH é más infheidhme

Sloinne (Ainm teaghlaigh):

Céadainm / céadainmneacha (Ainm baiste / ainmneacha baiste):

Dáta breithe (lá-mí-bliain):

Náisiúntacht:

Uimhir an doiciméid taistil nó an chárta aitheantais:

18.

Gaol teaghlaigh le saoránach de chuid AE, de chuid LEE nó de chuid CH más infheidhme:

☐ céile ☐ leanbh ☐ garpháiste ☐ sinsear cleithiúnach

☐ páirtnéireacht chláraithe ☐ eile:

19.

Seoladh baile agus seoladh ríomhphoist an iarratasóra:

Uimh theileafóin:

20.

An bhfuil cónaí ort i dtír nach í tír na náisiúntachta atá agat i láthair na huaire í:

☐ Níl

☐ Tá. Cead cónaithe nó a choibhéis … Uimh. …. Bailí go dtí an …

*21.

Slí bheatha faoi láthair:

Líon na n-uaireanta is féidir dul isteach:

☐ 1 ☐ 2 ☐ Iolrach

Líon na laethanta:

* 22.

Fostóir, seoladh agus uimhir theileafóin an fhostóra. I gcás mac léinn, ainm agus seoladh na hinstitiúide oideachais:

23.

Cuspóir nó cuspóirí an turais:

☐ Turasóireacht ☐ Gnó ☐ Cuairt ar mhuintir nó ar chairde ☐ Cultúr ☐ Spórt ☐ Cuairt oifigiúil ☐ Cúiseanna leighis ☐ Staidéar ☐ Idirthuras aerfoirt ☐ Eile (sonraigh, le do thoil):

24.

Faisnéis bhreise faoi chuspóir na cuairte:

25.

Ballstát is príomhcheann scríbe (agus Ballstáit eile is cinn scríbe eile, más infheidhme):

26.

Ballstát an chéad dul isteach:

27.

An líon uaireanta a n-iarrtar dul isteach:

☐ Dul isteach aonuaire ☐ Dul isteach faoi dhó ☐ Dul isteach iolrach

Dáta beartaithe teacht isteach na chéad tréimhse fanachta atá beartaithe i limistéar Schengen:

28.

Méarloirg a bailíodh cheana chun críocha iarratas a dhéanamh ar víosa Schengen: ☐ Níor bailíodh ☐ Bailíodh.

Dáta, más eol …. Uimhir an ghreamáin víosa, más eol …

29.

Cead dul isteach don tír dheireanach is ceann scríbe, i gcás inarb infheidhme:

Arna eisiúint ag …. Bailí ó … go dtí …

* 30.

Sloinne agus céadainm an duine nó na ndaoine sa Bhallstát nó sna Ballstáit a thug an cuireadh. Murab infheidhme, tabhair ainm an óstáin nó na n-óstán nó an t-iostas sealadach sa Bhallstát nó sna Ballstáit:

Seoladh agus seoladh ríomhphoist an duine nó na ndaoine a thug an cuireadh / an óstáin nó na n-óstán / an lóistín shealadaigh nó na lóistíní sealadacha:

Uimh. theileafón:

*31.

Ainm agus seoladh na cuideachta / na heagraíochta a thug cuireadh duit:

Sloinne, céadainm, seoladh, uimhir theileafóin, agus seoladh ríomhphoist an teagmhálaithe sa chuideachta nó san eagraíocht:

Uimh. theileafóin na cuideachta / na heagraíochta:

*32.

Cé a íocfaidh na costais taistil agus maireachtála i rith chuairt an iarratasóra?

an t-iarratasóir féin

Cóir chothaithe:

Airgead tirim

Seiceanna taistil

Cárta creidmheasa

Cóiríocht réamhíoctha

Iompar réamhíoctha

Eile (sonraigh, le do thoil):

urraitheoir (óstach, cuideachta, eagraíocht), sonraigh le do thoil:

….☐ dá dtagraítear i bhfearann 30 nó 31

….☐ eile (sonraigh, le do thoil):

Cóir chothaithe:

Airgead tirim

Cóiríocht curtha ar fáil

Na costais uile i rith na tréimhse fanachta á gclúdach

Iompar réamhíoctha

Eile (sonraigh, le do thoil):

 

Tuigim nach n-aisíocfar an táille ar an víosa má dhiúltaítear an t-iarratas ar víosa.

 

Beidh an méid thíos infheidhme i gcás ina ndéanfar iarratas ar víosa dul isteach iolrach:

Tuigim gur gá dom árachas liachta taistil leordhóthanach a bheith agam le haghaidh mo chéad chuairte agus aon chuairteanna ina dhiaidh sin ar chríoch na mBallstát.

 

Is eol dom an méid seo a leanas agus glacaim leis: tá bailiú na sonraí is gá a thabhairt san fhoirm iarratais seo agus glacadh mo ghrianghraif agus, más infheidhme, glacadh méarlorg ina gcuid éigeantach den scrúdú ar an iarratas; agus déanfar aon sonraí pearsanta a bhaineann liom atá le feiceáil ar an bhfoirm iarratais, chomh maith le mo mhéarloirg agus mo ghrianghraf, a chur ar fáil d'údaráis ábhartha na mBallstát agus próiseálfaidh na húdaráis sin iad chun cinneadh a dhéanamh maidir le m'iarratas.

Déanfar na sonraí sin chomh maith le sonraí maidir leis an gcinneadh a ghlacfar faoi m'iarratas, nó maidir le cinneadh faoi cibé acu víosa a eisíodh a neamhniú, a chúlghairm nó a fhadú a chur isteach sa Chóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus a stóráil ann go ceann uastréimhse 5 bliana agus, lena linn sin, beidh rochtain orthu ag na húdaráis víosa atá inniúil ar sheiceálacha ar víosaí a dhéanamh ag na teorainneacha seachtracha agus laistigh de na Ballstáit, agus ag na húdaráis inimirce agus tearmainn sna Ballstáit chun a fhíorú an bhfuil na coinníollacha maidir le dul isteach dleathach ar chríoch na mBallstát, d'fhanacht agus do chónaí ar chríoch na mBallstát á gcomhlíonadh, chun daoine a shainaithint nach gcomhlíonann na coinníollacha seo nó nach gcomhlíonann a thuilleadh iad, agus chun iarratas ar thearmann a scrúdú agus chun an fhreagracht as an scrúdú sin a chinneadh. Faoi choinníollacha áirithe, beidh fáil ag údaráis ainmnithe sna Ballstáit agus ag Europol ar na sonraí freisin chun cionta sceimhlitheoireachta agus cionta tromchúiseacha coiriúla eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú. Seo a leanas údarás an Bhallstáit atá freagrach as na sonraí a phróiseáil: [(…)].

Is eol dom go bhfuil sé de cheart agam go gcuirfí ar an eolas mé, in aon cheann de na Ballstáit, faoi na sonraí a bhaineann liom atá ar taifead in VIS agus faoin mBallstát a tharchuir na sonraí sin, agus iarraidh a dhéanamh go gceartófaí sonraí a bhaineann liom nach bhfuil cruinn agus go scriosfaí sonraí a taifeadadh go neamhdhleathach. Ar iarraidh shainráite uaim, cuirfidh an t-údarás a bhfuil m'iarratas á scrúdú aige in iúl dom an bealach a bhféadfaidh mé an ceart atá agam a fheidhmiú chun na sonraí pearsanta a bhaineann liom a sheiceáil agus chun iad a fháil ceartaithe nó scriosta, lena n-áirítear na réitigh ghaolmhara atá ann i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann. Tabharfaidh údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit sin [sonraí teagmhála: …] éisteacht d'éilimh a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

Dearbhaím go bhfuil na sonraí uile atá tugtha agam cruinn agus iomlán a mhéid is eol dom. Tuigim go mbeidh sé de thoradh ar aon ráiteas bréagach go ndiúltófar m'iarratas nó go neamhneofar víosa a eisíodh cheana agus go bhféadfaí mé a ionchúiseamh faoi dhlí an Bhallstáit atá ag déileáil leis an iarratas.

Geallaim go bhfágfaidh mé críoch na mBallstát sula rachaidh an víosa in éag, má thugtar dom í. Cuireadh in iúl dom nach bhfuil i víosa a bheith agam ach ceann amháin de na réamhriachtanais le haghaidh dul isteach i gcríoch Eorpach na mBallstát. Ní hionann víosa a bheith faighte agam agus mé a bheith i dteideal cúitimh mura gcomhlíonfaidh mé forálacha ábhartha Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/399 (Cód Teorainneacha Schengen) agus go ndiúltófar cead isteach dom dá réir sin. Déanfar na réamhriachtanais le haghaidh dul isteach a sheiceáil arís tráth an dul isteach i gcríoch Eorpach na mBallstát.

 

Áit agus dáta:

Síniú:

(síniú an údaráis tuismitheora / an chaomhnóra dhleathaigh, más infheidhme):

”.

(1)  Ní gá lógó i gcás na hIorua, na hÍoslainne, Lichtinstéin ná na hEilvéise.


IARSCRÍBHINN II

“IARSCRÍBHINN V

LIOSTA DE CHEADANNA CÓNAITHE A THUGANN TEIDEAL DO NA SEALBHÓIRÍ IDIRTHURAS A DHÉANAMH TRÍ AERFOIRT NA mBALLSTÁT GAN É A BHEITH DE CHEANGAL ORTHU VÍOSA IDIRTHURAIS AERFOIRT A BHEITH INA SEILBH

ANDÓRA:

autorització temporal (cead inimirce sealadach uaine),

autorització temporal per a treballadors d'empreses estrangeres (cead inimirce sealadach d'fhostaithe fiontar ón gcoigríoch — uaine),

autorització residència i treball (cead cónaithe agus oibre — uaine),

autorització residència i treball del personal d'ensenyament (cead cónaithe agus oibre d'fhoireann teagaisc — uaine),

autorització temporal per estudis o per recerca (cead inimirce sealadach chun críocha staidéir nó taighde— uaine),

autorització temporal en pràctiques formatives (cead inimirce sealadach chun críocha intéirneachtaí agus tréimhsí oiliúna — uaine),

autorització residència (cead cónaithe — uaine),

CEANADA:

cárta buanchónaitheora (PR),

doiciméad taistil buanchónaitheora (PRTD).

AN tSEAPÁIN:

cárta cónaithe.

SAN MAIRÍNE:

permesso di soggiorno ordinario (bailí ar feadh bliana, féadfar é a athnuachan ar an dáta éaga),

ceadanna cónaithe speisialta ar na cúiseanna seo a leanas (bailí ar feadh bliana, féadfar é a athnuachan ar an dáta éaga): freastal ar ollscoil, spórt, cúram sláinte, cúiseanna creidimh, daoine atá ag obair mar altraí in ospidéil phoiblí, feidhmeanna taidhleoireachta, aontíos céileachais, cead do mhionaoisigh, cúiseanna daonnúla, cead tuismitheora,

ceadanna séasúracha agus sealadacha (bailí ar feadh 11 mhí, féadfar iad a athnuachan ar an dáta éaga),

cárta aitheantais a eisítear do dhaoine a bhfuil áit chónaithe oifigiúil ‘residenza’ acu i San Mairíne (bailí go ceann 5 bliana).

STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ:

víosa inimirce bhailí nach bhfuil imithe in éag, féadfar í a fhormhuiniú ag calafort an teacht isteach mar fhianaise shealadach cónaithe, a fhad is atáthar ag feitheamh ar sholáthar chárta I-551,

foirm I-551 bhailí nach bhfuil imithe in éag (Cárta buanchónaitheora); féadfaidh sé a bheith bailí ar feadh tréimhse suas le 2 bhliain nó 10 mbliana, ag brath ar aicme an ligean isteach; mura bhfuil aon dáta éagtha ar an gcárta, tá an cárta bailí don taisteal,

foirm I-327 bhailí nach bhfuil imithe in éag (Cead dul isteach an athuair),

—foirm I-571 bhailí nach bhfuil imithe in éag (Doiciméad taistil dídeanaí a formhuiníodh mar ‘Bhuanchónaitheoir Eachtrannach’).

”.

IARSCRÍBHINN III

“IARSCRÍBHINN VI

Image 2  (1)

FOIRM CHAIGHDEÁNACH CHUN FÓGRA A THABHAIRT FAOI NA CÚISEANNA AR A BHFUIL VÍOSA Á DIÚLTÚ, Á NEAMHNIÚ NÓ Á CÚLGHAIRM

DIÚLTÚ / NEAMHNIÚ / CÚLGHAIRM VÍOSA

A …, a chara,

Tá ambasáid / ard-chonsalacht / consalacht [nó údarás inniúil eile] (na) … i / in / sa … [thar ceann (ainm an Bhallstáit a bhfuil ionadaíocht á déanamh air)];

Tá [údarás inniúil eile] (an/na) …;

Tá na húdaráis atá freagrach as seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine ag …

tar éis

scrúdú a dhéanamh ar d'iarratas;

scrúdú a dhéanamh ar do víosa, darb uimhir: …, a eisíodh: … [dáta/mí/bliain].

Rinneadh an víosa a dhiúltú

Rinneadh an víosa a neamhniú

Rinneadh an víosa a chúlghairm

Is ar an gcúis nó ar na cúiseanna seo a leanas a rinneadh an cinneadh:

1.

cuireadh isteach doiciméad bréagach / góchumtha / brionnaithe

2.

níor tugadh bonn cirt le cuspóir nó coinníollacha na tréimhse fanachta atá beartaithe

3.

níor chuir tú cruthúnas ar fáil go mbeadh cóir mhaireachtála leordhóthanach agat i rith na tréimhse fanachta atá beartaithe nó don turas abhaile chuig do thír thionscnaimh nó chuig an tír ina bhfuil cónaí ort, nó don idirthuras chuig tríú tír a bhfuil sé deimhnitheach go ligfear isteach tú

4.

níor chuir tú cruthúnas ar fáil go bhfuil tú in ann cóir mhaireachtála leordhóthanach a fháil go dleathach don tréimhse fanachta atá beartaithe nó don turas abhaile chuig do thír thionscnaimh nó chuig an tír ina bhfuil cónaí ort, nó don idirthuras chuig tríú tír a bhfuil sé deimhnitheach go ligfear isteach tú

5.

tá tú tar éis fanacht 90 lá cheana féin i rith na tréimhse reatha 180 lá ar chríoch na mBallstát ar bhonn víosa aonfhoirmeach nó ar bhonn víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aici

6.

tá foláireamh eisithe i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) chun cead isteach a dhiúltú ag … (sonraigh an Ballstát)

7.

measann Ballstát amháin nó níos gur bagairt don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach thú

8.

measann Ballstát amháin nó níos mó gur bagairt don tsláinte phoiblí mar a shainmhínítear i bpointe (21) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399 (Cód Teorainneacha Schengen) thú

9.

measann Ballstát amháin nó níos gur bagairt dá gcaidrimh idirnáisiúnta thú

10.

ní raibh an fhaisnéis a tíolacadh maidir leis an mbonn cirt le cuspóir agus coinníollacha na tréimhse fanachta atá beartaithe iontaofa

11.

tá amhras réasúnach ann i dtaobh a iontaofa atá na ráitis arna ndéanamh maidir le … (sonraigh, le do thoil)

12.

tá amhras réasúnach ann i dtaobh a iontaofa atá na doiciméid tacaíochta a tíolacadh, i dtaobh a bharántúla atá siad nó i dtaobh fhírinneacht an ábhair atá iontu

13.

tá amhras réasúnach ann i dtaobh an raibh sé de rún agat críoch na mBallstát a fhágáil sula rachaidh an víosa in éag

14.

níor cuireadh cruthúnas leordhóthanach ar fáil nach raibh sé ar do chumas iarratas a dhéanamh ar víosa roimh ré, rud a thabharfadh údar maith le d'iarratas ar víosa a dhéanamh ag an teorainn

15.

níor tugadh bonn cirt le cuspóir nó coinníollacha an idirthurais aerfoirt atá beartaithe

16.

níor chuir tú cruthúnas ar fáil ar árachas liachta taistil bailí leordhóthanach a bheith agat

17.

d'iarr sealbhóir na víosa go ndéanfaí í a chúlghairm (2).

Barúlacha breise:

Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh víosa a dhiúltú / a neamhniú / a chúlghairm.

Leagtar amach na rialacha maidir le hachomharc in aghaidh víosa a dhiúltú / a neamhniú / a chúlghairm in (tagairt don dlí náisiúnta):

An t-údarás inniúil ar féidir achomharc a thaisceadh leis (sonraí teagmhála):

Tá faisnéis faoin nós imeachta atá le leanúint ar fáil ag (sonraí teagmhála):

Ní mór achomharc a thaisceadh laistigh de (sonraigh an teorainn ama):

Dáta agus stampa na hambasáide / na hard-chonsalachta / na consalachta / na n-údarás atá freagrach as seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine / ar na húdaráis inniúla eile:

Síniú an duine lena mbaineann (3): ….


(1)  Ní gá lógó i gcás na hIorua, na hÍoslainne, Lichtinstéin ná na hEilvéise.

(2)  Ní ghabhann ceart achomhairc le cúlghairm víosa atá bunaithe ar an gcúis seo.

(3)  Má cheanglaítear é sin faoin dlí náisiúnta.


IARSCRÍBHINN IV

“IARSCRÍBHINN X

LIOSTA DE NA CEANGLAIS ÍOSTA A ÁIREOFAR SAN IONSTRAIM DLÍ I gCÁS COMHOIBRIÚ LE SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSE SEACHTRACHA

A.

Déanfar an méid seo a leanas leis an ionstraim dlí:

(a)

na tascanna atá le déanamh ag an soláthraí seirbhíse seachtrach a liostú, i gcomhréir le hAirteagal 43(6) den Rialachán seo;

(b)

na suíomhanna a chur in iúl ina bhfuil an soláthraí seirbhíse seachtrach le feidhmiú chomh maith leis an gconsalacht lena mbaineann an t-ionad iarratais aonair;

(c)

na seirbhísí a chumhdaítear leis an táille éigeantach seirbhíse a liostú;

(d)

treoir a thabhairt don soláthraí seirbhíse seachtrach é a chur in iúl don phobal go gcumhdaítear seirbhísí roghnacha le táillí eile.

B.

Maidir le feidhmiú a ghníomhaíochtaí, déanfaidh an soláthraí seirbhíse seachtrach an méid seo a leanas maidir le cosaint sonraí:

(a)

áiritheoidh sé nach ndéanfar sonraí a léamh, a chóipeáil, a mhodhnú ná a scriosadh go neamhúdaraithe aon tráth agus, go háirithe, le linn do na sonraí sin a bheith á dtarchur chuig consalacht an Bhallstáit nó na mBallstát atá inniúil i leith phróiseáil an iarratais;

(b)

i gcomhréir leis na treoracha a gheofar ón mBallstát nó ó na Ballstáit lena mbaineann, tarchuirfidh sé na sonraí:

go leictreonach, i bhfoirm chriptithe, nó

go fisiciúil, i slí dhaingnithe;

(c)

tarchuirfidh sé na sonraí a luaithe agus is féidir:

i gcás sonraí a tharchuirfear go fisiciúil, ar a laghad uair amháin sa tseachtain,

i gcás sonraí criptithe a tharchuirfear go leictreonach, faoi dheireadh an lae a bhailítear iad, ar a dhéanaí,

(d)

áiritheoidh sé modh iomchuí le comhaid iarratais aonair a rianú chuig an gconsalacht agus uaithi;

(e)

scriosfaidh sé na sonraí ar a dhéanaí 7 lá tar éis iad a bheith tarchurtha agus áiritheoidh sé nach bhféadfar aon sonraí a choinneáil seachas ainm agus sonraí teagmhála an iarratasóra chun críocha coinní a shocrú, mar aon le huimhir an phas, go dtí go dtabharfar an pas ar ais don iarratasóir, agus go scriosfar na sonraí sin 5 lá ina dhiaidh sin;

(f)

áiritheoidh sé go nglacfar gach beart slándála is gá, idir bhearta teicniúla agus eagraíochtúla, chun sonraí pearsanta a chosaint ar scriosadh, bíodh sé neamhdhleathach nó de thaisme, nó ar chailliúint de thaisme, ar athrú, ar nochtadh gan údarás nó ar rochtain gan údarás, go háirithe i gcás ina mbainfidh an comhar le tarchur comhad agus sonraí chuig consalacht an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, agus chun iad a chosaint ar phróiseáil neamhdhleathach de gach cineál eile;

(g)

próiseálfaidh sé na sonraí chun sonraí pearsanta iarratasóirí ar víosaí a phróiseáil thar ceann an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, agus chun na críche sin amháin;

(h)

cuirfidh sé i bhfeidhm caighdeáin um chosaint sonraí a bheidh ar a laghad coibhéiseach leis na cinn a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679;

(i)

déanfaidh sé an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun Airteagal 37 de Rialachán VIS a chur ar fáil d'iarratasóirí.

C.

Maidir le feidhmiú a ghníomhaíochtaí, déanfaidh an soláthraí seirbhíse seachtrach an méid seo a leanas maidir le hiompar na foirne:

(a)

áiritheoidh sé go bhfuil an fhoireann oilte mar is iomchuí;

(b)

áiritheoidh sé go ndéanfaidh na comhaltaí foirne na nithe seo a leanas agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu:

cuirfidh siad fáilte chúirtéiseach roimh iarratasóirí,

urramóidh siad dínit agus sláine na n-iarratasóirí, ní dhéanfaidh siad idirdhealú in aghaidh daoine ar fhorais gnéis, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiúin nó creidimh, aoise nó gnéaschlaonta, agus

urramóidh siad na rialacha rúndachta; beidh feidhm ag na rialacha sin freisin nuair a fhágfaidh na comhaltaí foirne a bpost agus tar éis don ionstraim dlí a bheith curtha ar fionraí nó tar éis di a bheith foirceanta;

(c)

soláthróidh sé i gcónaí sonraí aitheantais na mball foirne a bheidh ag obair don soláthraí seirbhíse seachtrach;

(d)

cruthóidh sé nach bhfuil taifid choiriúla ag aon duine den fhoireann agus go bhfuil an saineolas is gá acu.

D.

Maidir le fíorú a dhéanamh ar fheidhmiú a ghníomhaíochtaí, déanfaidh an soláthraí seirbhíse seachtrach an méid seo a leanas:

(a)

gan fógra a bheith faighte roimh ré, tabharfaidh sé cead isteach ar a áitreabh i gcónaí do chomhaltaí foirne a bhfuil cead rochtana tugtha dóibh ag an mBallstát nó ag na Ballstáit lena mbaineann, go háirithe chun críocha cigireachta;

(b)

áiritheoidh sé go bhféadfar cianrochtain a fháil ar a chóras coinní, chun críocha cigireachta;

(c)

áiritheoidh sé go n-úsáidfear na modhanna ábhartha faireacháin (mar shampla iarratasóirí tástála, ceamara gréasáin);

(d)

áiritheoidh sé go mbeidh rochtain ag údarás maoirseachta náisiúnta cosanta sonraí an Bhallstáit ar chruthúnas maidir le comhlíonadh na rialacha um chosaint sonraí, lena n-áirítear oibleagáidí maidir le tuairisciú, iniúchtaí seachtracha agus seiceálacha ar an láthair tráthrialta;

(e)

cuirfidh sé tuarascáil i scríbhinn chuig an mBallstát nó na Ballstáit lena mbaineann gan mhoill faoi aon sárú ar shlándáil nó faoi aon ghearáin ó iarratasóirí maidir le mí-úsáid sonraí nó rochtain neamhúdaraithe, agus oibreoidh sé i gcomhar leis an mBallstát nó na Ballstáit lena mbaineann chun teacht ar réiteach, agus tabharfaidh sé freagairt mhínitheach gan mhoill ar na hiarratasóirí a dhéanfaidh gearán.

E.

Maidir leis na ceanglais ghinearálta, déanfaidh an soláthraí seirbhíse seachtrach an méid seo a leanas:

(a)

gníomhóidh sé faoi threoracha an Bhallstáit nó na mBallstát atá inniúil ar an iarratas a phróiseáil;

(b)

glacfaidh sé bearta iomchuí frith-éillithe (e.g. íocaíocht leordhóthanach foirne; comhar maidir le roghnú na mball foirne le haghaidh an chúraim; riail na beirte; prionsabal na uainíochta);

(c)

urramóidh sé go huile agus go hiomlán forálacha na hionstraime dlí, a mbeidh clásal fionraí nó clásal maidir le foirceannadh inti, go háirithe má sháraítear na rialacha atá leagtha síos, mar aon le clásal maidir le hathbhreithniú d'fhonn a áirithiú gur léiriú ar an dea-chleachtas é an ionstraim dlí.

”.