28.5.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

42


RIALACHÁN (AE) 2019/834 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2019

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach n-imréitíonn contrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) i bhfeidhm an 16 Lúnasa 2012. Ar na ceanglais atá ann, tá conarthaí caighdeánaithe díorthach thar an gcuntar a imréiteach go lárnach; ceanglais corrlach agus ceanglais maidir le maolú rioscaí oibríochtúla do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach n-imréitítear go lárnach, oibleagáidí tuairiscithe maidir le conarthaí díorthach, cuidíonn ceanglais ar chontrapháirtithe lárnacha agus ceanglais ar stórtha trádála, leis an riosca sistéamach a laghdú trí thrédhearcacht na margaí díorthach thar an gcuntar a mhéadú agus tríd an riosca creidmheasa do chontrapháirtithe agus an riosca oibríochtúil a bhaineann le díorthaigh thar an gcuntar a laghdú.

(2)

Tá simpliú ar réimsí áirithe a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus cur chuige níos comhréirí maidir leis na réimsí sin, i gcomhréir le clár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála an Choimisiúin ina leagtar béim ar an ngá atá le costais a laghdú agus le simpliú ionas go gcomhlíonfaidh beartais an Aontais a gcuspóirí ar an gcaoi is éifeachtúla, agus é mar aidhm dó, go háirithe, ualaí riaracháin agus rialála a laghdú. Ba cheart an simpliú sin agus cur chuige níos comhréirí, áfach, a bheith gan dochar do na cuspóirí uileghabhálacha a bhaineann le cobhsaíocht airgeadais a chur chun cinn agus rioscaí sistéamacha a mhaolú i gcomhréir leis an ráiteas a rinne ceannairí G20 ag an gCruinniú Mullaigh in Pittsburgh ar an 26 Meán Fómhair 2009.

(3)

Is eilimintí riachtanacha de chórais iarthrádála agus margaí comhthaobhachta éifeachtúla athléimneacha aontais margaí caipitil dhea-fheidhmiúil agus tacaíonn siad le dlús na n-iarrachtaí tacú le hinfheistíochtaí, fás agus poist i gcomhréir le tosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin.

(4)

In 2015 agus 2016, reáchtáil an Coimisiún dhá chomhairliúchán phoiblí ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Fuair an Coimisiún ionchur freisin maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin sin ón Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM (dá ngairtear ÚEUM i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012)) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach ( BERS), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus ón gCóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC). Bhí sé le tuiscint as na comhairliúcháin sin go dtacaíonn geallsealbhóirí le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus nach gá athrú ó bhonn a dhéanamh ar an Rialachán. An 23 Samhain 2016, ghlac an Coimisiún tuarascáil ghinearálta i gcomhréir Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. D'ainneoin nach raibh forálacha uile Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 infheidhme go hiomlán agus nach raibh meastóireacht chuimsitheach ar an Rialachán sin indéanta dá bharr sin, sainaithníodh sa tuarascáil réimsí ina raibh gá le gníomhaíocht spriocdhírithe lena áirithiú go mbainfí amach cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ar dhóigh a bheadh níos comhréirí, níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí.

(5)

Ba cheart do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 na contrapháirtithe airgeadais uile a d'fhéadfadh a bheith ina riosca sistéamach tábhachtach don chóras airgeadais a chumhdach. Dá bhrí sin ba cheart an sainmhíniú ar chontrapháirtí airgeadais a leasú.

(6)

Gnóthas a bhunaíonn pleananna ceannaithe scaireanna d'fhostaithe de ghnáth, scéimeanna trínar féidir le daoine, go díreach nó go neamhdhíreach, scaireanna de chuid an ghnóthais sinnó de chuid gnóthas eile laistigh den ghrúpa céanna a shuibscríobh, a cheannach, a fháil nó a shealbhú, ar an gcoinníoll go mbeidh an plean sin chun tairbhe fostaithe nó iarfhostaithe de chuid an ghnóthais sin nó de chuid gnóthais eile laistigh den ghrúpa céanna, nó chun tairbhe comhaltaí nó iarchomhaltaí ar bhord an ghnóthais sin nó ar bhord gnóthais eile laistigh den ghrúpa céanna. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017 maidir leis an Athbhreithniú Meántéarma ar an bPlean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil, sainaithnítear bearta a bhaineann le plean ceannaithe scaireanna d'fhostaithe mar bheart féideartha chun aontas na margaí caipitil a neartú go gcothófaí an infheistíocht miondíola. Dá bhrí sin, agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, níor cheart gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) nó ciste malartach infheistíochta (CIM), arna bhunú chun fónamh do phlean nó do phleananna ceannaithe scaireanna d'fhostaithe, níor cheart an gnóthas sin a cháiliú mar chontrapháirtí airgeadais.

(7)

Ní dhéanann contrapháirtithe airgeadais áirithe go leor gníomhaíochtaí ar mhargaí díorthach thar an gcuntar chun go mbeidís ina riosca sistéamach tábhachtach don chóras airgeadais agus ní leor na gníomhaíochtaí sin chun go bhféadfaí imréiteach a dhéanamh go hinmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de. Na contrapháirtithe sin, dá ngairtear contrapháirtithe airgeadais beaga de ghnáth, ba cheart iad a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh ach ba cheart iad a choinneáil faoi réir an cheanglais comhthaobhacht a mhalartú chun aon riosca sistéamach a mhaolú. Mar sin féin, sa chás go sáraíonn seasamh an chontrapháirtí airgeadais an tairseach imréitigh, a ríomhtar ar leibhéal an ghrúpa, d'aicme amháin ar a laghad de dhíorthaigh thar an gcuntar, ba cheart an oibleagáid imréitigh a bheith i bhfeidhm do gach aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar, i bhfianaise idirnascthacht na gcontrapháirtithe airgeadais agus an riosca sistéamaigh a d'fhéadfadh a bheith ann mura ndéanfaí na conarthaí díorthach thar an gcuntar a imréiteach go lárnach. Ba cheart go bhféadfadh an contrapháirtí airgeadais, tráth ar bith, a léiriú nach sáraíonn a shuíomhanna an tairseach imréitigh a thuilleadh maidir le haon aicme díorthach thar an gcuntar, agus sa chás sin níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid imréitigh a thuilleadh.

(8)

Ní bhíonn contrapháirtithe neamhairgeadais chomh hidirnasctha agus a bhíonn contrapháirtithe airgeadais. Is minic nach mbíonn siad mórghníomhach ach in aon aicme amháin de dhíorthaigh thar an gcuntar. Is lú an riosca sistéamach don chóras airgeadais a bhaineann lena ngníomhaíochtaí sin ná mar a bhaineann le gníomhaíocht na gcontrapháirtithe airgeadais. Dá bhrí sin, ba cheart raon feidhme na hoibleagáide imréitigh a chúngú do chontrapháirtithe neamhairgeadais a roghnaíonn a suíomhanna a ríomh le hais na dtairseach imréitigh gach 12 mhí. Níor cheart na contrapháirtithe neamhairgeadais sin a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh ach amháin i dtaca leis na haicmí de dhíorthaigh thar an gcuntar a sháraíonn an tairseach imréitigh. Mar sin féin, ba cheart go bhfanfadh na contrapháirtithe neamhairgeadais faoi réir an cheanglais maidir le malartú comhthaobhachta á choinneáil ag an am céanna nuair a sháraítear aon cheann de na tairseacha imréitigh. Contrapháirtithe neamhairgeadais a roghnaíonn gan a suíomh a ríomh le hais na dtairseach imréitigh, ba cheart iad a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh do gach aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar. Ba cheart go bhféadfadh an contrapháirtí neamhairgeadais, tráth ar bith, a léiriú nach sáraíonn a shuíomhanna an tairseach imréitigh a thuilleadh d'aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar, agus sa chás sin níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid imréitigh don aicme sin de dhíorthaigh thar an gcuntar a thuilleadh.

(9)

Chun go dtabharfar aird ar aon fhorbairt ar na margaí airgeadais, ba cheart don ÚEUM na tairseacha imréitigh a athbhreithniú go tréimhsiúil agus, i gcás inar gá, a thabhairt cothrom le dáta. Ba cheart tuarascáil a bheith ag gabháil leis an athbhreithniú tréimhsiúil sin.

(10)

Leis an gceanglas atá ann conarthaí díorthach áirithe thar an gcuntar a imréiteach sula ngabhann éifeacht leis an oibleagáid imréitigh, cruthaítear éiginnteacht dhlíthiúil agus castachtaí oibríochtúla agus is beag an leas a éiríonn as. Go sonrach, i ngeall ar an gceanglas sin, bíonn costais bhreise agus ualaí breise ar na contrapháirtithe sna conarthaí siúd, agus bíonn tionchar aige ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh nach dtagann as aon fheabhsú suntasach ar chur i bhfeidhm aonfhoirmeach comhleanúnach Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ná nach mbunaítear leis cothroime iomaíochta do na rannpháirtithe sa mhargadh. Dá bhrí sin ba cheart deireadh a chur leis an gceanglas sin.

(11)

Bíonn deacrachtaí ag contrapháirtithe a bhfuil méid teoranta gníomhaíochta acu i marga díorthach thar an gcuntar rochtain a fháil ar imréiteach lárnach, bíodh sin ina gcáil mar chliant comhalta imréitigh nó trí shocruithe imréitigh indíreacha. Comhaltaí imréitigh agus cliaint comhaltaí imréitigh a chuireann seirbhísí imréitigh ar fáil, go díreach do chontrapháirtithe eile nó go hindíreach trí ligean dá gcliaint féin na seirbhísí sin a chur ar fáil do chontrapháirtithe eile, ba cheart ceanglas a bheith orthu sin na seirbhísí réitigh a chur ar fáil ar théarmaí cothroma réasúnta neamh-idirdhealaitheacha agus ar théarmaí tráchtála trédhearcacha. Cé nár cheart, leis an gceanglas seo, go ndéanfaí praghsanna a rialú nó go mbeadh oibleagáid ann conradh a dhéanamh, ba cheart cead a bheith ag comhaltaí imréitigh agus ag cliaint na rioscaí, mar shampla rioscaí contrapháirtí, a bhaineann leis na seirbhísí imréitigh a chuirtear ar fáil, a rialú.

(12)

D'fhéadfadh sé nach sonraítear, san fhaisnéis maidir leis na hionstraimí airgeadais a chlúdaítear le húdaruithe na gcontrapháirtithe lárnacha, gach aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar a bhfuil sé d'oibleagáid ag contrapháirtí lárnach a imréiteach. Chun a áirithiú go mbeidh ÚEUM in ann a chúraimí agus a dhualgais a chur i gcrích i ndáil leis an oibleagáid imréitigh, ba cheart d'údaráis inniúla fógra a thabhairt do ÚEUM, gan mhoill, faoi aon fhaisnéis a fhaigheann siad ó chontrapháirtí lárnach maidir le rún an chontrapháirtí lárnaigh sin tosú ag imréiteach aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar a chumhdaítear leis an údarú atá aige cheana.

(13)

Ba cheart an deis a bheith ann an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí go sealadach i gcásanna áirithe eisceachtúla. Ba cheart a bheith in ann an cur ar fionraí sin a chur i bhfeidhm i gcás nach bhfuil na critéir, faoinar cuireadh aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar faoi réir na hoibleagáide imréitigh, á gcomhlíonadh a thuilleadh. D'fhéadfadh sé sin tarlú i gcás nach bhfuil aicmí áirithe de dhíorthaigh thar an gcuntar oiriúnach a thuilleadh d'imréiteach lárnach éigeantach nó i gcás inar tháinig athrú ábhartha ar cheann de na critéir sin i dtaca le haicmí áirithe de dhíorthaigh thar an gcuntar. Ba cheart an deis a bheith ann an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí freisin i gcás inar scoir contrapháirtí lárnach de sheirbhís imréitigh a chur ar fáil d'aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar nó do chineál sonrach contrapháirtí agus nach bhféadann contrapháirtithe lárnacha eile gníomhú sách tapa chun cúram na seirbhísí imréitigh sin a ghlacadh chucu féin. Ba cheart an deis a bheith ann an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí i gcás ina measfar gur gá sin chun bagairt thromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais a sheachaint. Chun go n-áiritheofar an chobhsaíocht airgeadais agus chun míshocracht sa mhargadh a sheachaint, ba cheart do ÚEUM, agus aird á tabhairt, ag an am céanna, ar chuspóirí G20, a áirithiú, i gcás ina mbeidh sé iomchuí deireadh a chur leis an oibleagáid imréitigh, go gcuirfear deireadh leis sin le linn fhionraí na hoibleagáide imréitigh agus in am trátha chun go bhféadfar na caighdeáin theicniúla rialála ábhartha a leasú.

(14)

An oibleagáid a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), atá ar contrapháirtithe díorthaigh a thrádáil atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh maidir le hionaid trádála, déantar an oibleagáid sin, i gcomhréir le nós imeachta na hoibleagáide trádála a shonraítear sa Rialachán sin, a thionscnamh nuair a dhearbhaítear go bhfuil aicme díorthach faoi réir na hoibleagáide imréitigh. D'fhéadfadh sé nach mbeadh contrapháirtithe in ann an oibleagáid trádála a chomhlíonadh dá gcuirfí an oibleagáid imréitigh ar fionraí. Mar thoradh air sin, i gcás inar iarradh go gcuirfí an oibleagáid imréitigh ar fionraí, agus go meastar go bhfuil athrú ábhartha sna critéir chun go mbeidh éifeacht leis an oibleagáid trádála, ba cheart ÚEUM a bheith in ann a mholadh go gcuirfí an oibleagáid trádála ar fionraí go comhthráthach ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 in ionad Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

(15)

Léiríodh go bhfuil sé deacair conarthaí stairiúla a thuairisciú toisc nach raibh ceanglas ann mionsonraí áirithe a thuairisciú roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, mionsonraí a bhfuil ceanglas ann iad a thuairisciú anois. Mar thoradh air sin bíonn an ráta mainneachtana tuairiscithe ard agus bíonn na sonraí tuairiscithe de cháilíocht íseal, agus bíonn ualach mór i gceist, san am céanna, leis na conarthaí sin a thuairisciú. Dá bhrí sin tá dóchúlacht ard ann nach n-úsáidfear na sonraí stairiúla sin. Agus anuas air sin, sula mbeidh éifeacht leis an sprioc-am le haghaidh conarthaí stairiúla a thuairisciú, rachaidh roinnt de na conarthaí sin in éag agus, dá bharr sin, rachaidh na neamhchosaintí agus na rioscaí comhfhreagracha in éag chomh maith. Ar an gcúis sin, ba cheart deireadh a chur leis an gceanglas tuairiscithe maidir le conarthaí stairiúla a dhíbirt.

(16)

Idirbhearta laistigh de ghrúpa, is céatadán sách beag iad sin de chonarthaí díorthacha thar an gcuntar a bhfuil contrapháirtithe neamhairgeadais bainteach leo agus is le haghaidh fálú inmheánach laistigh de ghrúpaí is mó a úsáidtear iad. Ní chuireann na hidirbhearta sin go mór leis an riosca sistéamach ná leis an idirnascthacht, ach cuireann an oibleagáid na hidirbhearta sin a thuairisciú go mór le costais agus le hualaí riaracháin a bhíonn ar chontrapháirtithe neamhairgeadais. Idirbhirt idir contrapháirtithe laistigh de ghrúpa ina bhfuil ar a laghad ceann amháin de na contrapháirtithe ina chontrapháirtí neamhairgeadais, ba cheart na hidirbhirt sin a bheith díolmhaithe, dá bhrí sin, ón oibleagáid tuairiscithe, gan bheann ar áit bhunaíochta an chontrapháirtí neamhairgeadais.

(17)

Sa bhliain 2017, sheol an Coimisiún seiceáil oiriúnachta maidir le tuairisciú poiblí a dhéanann cuideachtaí. Is é cuspóir na seiceála sin fianaise a bhailiú maidir le comhsheasmhacht, comhleanúnachas, éifeachtacht agus éifeachtúlacht chreat tuairiscithe an Aontais. I bhfianaise an méid sin, ba cheart tuilleadh anailíse a dhéanamh an bhféadfaí dúbailt neamhriachtanach ar an tuairisciú a sheachaint agus an tuairisciú a dhéantar ar chonarthaí nach conarthaí a bhaineann le díorthaigh thar an gcuntar a laghdú nó a shimpliú, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le tuairisciú tráthúil agus ar na bearta arna nglacadh de bhun Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 agus (AE) Uimh. 600/2014. San anailís sin, ba cheart breithniú go háirithe ar na mionsonraí a thuairiscítear, ar a inrochtana do na húdaráis ábhartha atá na sonraí agus ar bhearta chun slabhraí tuairiscithe a shimpliú tuilleadh i gcás conarthaí díorthach nach díorthaigh thar an gcuntar iad, gan aon fhaisnéis a chailleadh go míchuí, go háirithe i ndáil le contrapháirtithe neamhairgeadais nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide imréitigh. Ba cheart breithniú ar mheasúnú níos ginearálta ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na mbeart, measúnú a tugadh isteach i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun feabhas a chur ar fheidhmiú an tuairiscithe ar chonarthaí díorthacha thar an gcuntar agus chun ualach an tuairiscithe sin a laghdú nuair a bheidh go leor taithí agus sonraí ann maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin sin, go háirithe i dtaca le cáilíocht agus inrochtaineacht sonraí a thuairiscítear do stórtha trádála agus maidir leis an leas a bhaintear as an tuairisciú tarmligthe agus cur chun feidhme an tuairiscithe sin.

(18)

Chun an t-ualach tuairiscithe a bhaineann le conarthaí díorthach thar an gcuntar a laghdú do chontrapháirtithe neamhairgeadais beaga nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide imréitigh, ba cheart, de ghnáth, don chontrapháirtí airgeadais agus dó féin amháin a bheith freagrach, agus dliteanach ó thaobh an dlí de, as tuairisciú thar a cheann féin agus thar ceann contrapháirtitithe neamhairgeadais nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide imréitigh maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar a dhéanfaidh na contrapháirtithe neamhairgeadais sin agus as cirte na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú. Chun a áirithiú go mbeidh ag an gcontrapháirtí airgeadais na sonraí a theastaíonn uaidh chun a oibleagáid tuairiscithe a chomhlíonadh, ba cheart don chontrapháirtí neamhairgeadais na mionsonraí a sholáthar a bhaineann leis na conarthaí díorthach thar an gcuntar nach féidir a bheith ag súil leis le réasún go mbeidís i seilbh an chontrapháirtí airgeadais. Mar sin féin, ba cheart go bhféadfadh contrapháirtithe neamhairgeadais a chinneadh a gconarthaí díorthach thar an gcuntar a thuairisciú. Sna cásanna sin, ba cheart don chontrapháirtí neamhairgeadais an contrapháirtí airgeadais a chur ar an eolas dá réir sin agus ba cheart dó a bheith freagrach agus faoi dhliteanas dlíthiúil as na sonraí sin a thuairisciú agus as cirte na sonraí sin a áirithiú.

(19)

Ba cheart a chinneadh freisin cé air a bhfuil an fhreagracht conarthaí díorthach thar an gcuntar a thuairisciú i gcás inar GCUIanna nó CIManna ceann amháin nó an dá cheann de na contrapháirtithe. Ba cheart a shonrú dá bhrí sin gurb é an comhlacht bainistíochta de chuid GCUI atá freagrach, agus dliteanach ó thaobh an dlí de, as tuairisciú thar ceann an GCUI sin maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar a dhéanfaidh an GCUI sin agus as cruinneas na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú. Mar an gcéanna, ba cheart bainisteoir CIM a bheith freagrach, agus dliteanach ó thaobh an dlí de, as tuairisciú thar ceann an CIM sin maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar a dhéanfaidh an CIM sin agus as cruinneas na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú.

(20)

D'fhonn neamhréireachtaí a sheachaint ar fud an Aontais i gcur i bhfeidhm na dteicnící maolaithe riosca, ar ann dóibh mar gheall ar chastacht na nósanna imeachta bainistíochta riosca ag a dteastaíonn malartú lánscartha tráthúil beacht iomchuí na gcomhthaobhachta contrapháirtithe lena mbaineann úsáid samhlacha inmheánacha, ba cheart do na húdaráis inniúla na nósanna imeachta bainistithe riosca, nó aon athrú suntasach ar na nósanna imeachta sin, a bhailíochtú sula gcuirfear i bhfeidhm iad.

(21)

De dheasca gur gá cóineasú rialála idirnáisiúnta a dhéanamh agus gur gá do chontrapháirtithe beaga airgeadais agus do chontrapháirtithe neamhairgeadais rioscaí a bhaineann le neamhchosaintí ar riosca airgeadra a laghdú, is gá nósanna imeachta bainistithe riosca ar leith a leagan amach maidir le réamhchonarthaí i malairt eachtrach a shocraítear go fisiceach agus maidir le babhtálacha airgeadraí eachtracha a shocraítear go fisiceach. I bhfianaise a bpróifíle riosca sonraí, is iomchuí malartú éigeantach na gcorrlach athrúcháin ar réamhchonarthaí i malairt eachtrach a shocraítear go fisiceach agus ar bhabhtálacha airgeadraí eachtracha a shocraítear go fisiceach a theorannú d'idirbhearta idir na contrapháirtithe is sistéamaí chun teorainn a chur le carnadh na rioscaí sistéamacha agus chun éagsúlacht rialála idirnáisiúnta a sheachaint. Ba cheart cóineasú rialála idirnáisiúnta a áirithiú freisin maidir le nósanna imeachta bainistithe riosca in aicmí eile díorthach.

(22)

Áirítear seirbhísí amhail comhbhrú punainne sna seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála. Déantar an comhbhrú punainne a eisiamh ó raon feidhme na hoibleagáide trádála a bhunaítear i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014. D'fhonn Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a ailíniú le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 i gcás inar gá agus inarb iomchuí, agus aird á tabhairt ar na difríochtaí idir an dá Rialachán sin, ar an acmhainneacht maidir le dul timpeall ar an oibleagáid imréitigh agus a mhéid a dhéantar, le seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála, rioscaí a laghdú nó a mhaolú, ba cheart don Choimisiún a mheas, i gcomhar le ÚEUM agus le BERS cén trádálacha a eascraíonn ó sheirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála, más ann dóibh, ba cheart a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh nó ar cheart trádáil ar bith a dhíolmhú uaithi.

(23)

Chun trédhearcacht agus intuarthacht na gcorrlach tosaigh a mhéadú agus chun srian a chur le contrapháirtithe lárnacha i leith a samhlacha corrlaigh tosaigh a mhodhnú ar dhóigheanna a d'fhéadfadh a thabhairt le fios go bhfuil siad comh-thimthriallach, ba cheart do chontrapháirtithe lárnacha uirlisí a sholáthar dá gcomhaltaí imréitigh lena riachtanais corrlaigh tosaigh a ionsamhlú agus ba cheart dóibh forléargas ar na samhlacha corrlaigh tosaigh a úsáideann siad a chur leis an ionsamhlú sin. Tá sé sin comhsheasmhach leis na caighdeáin idirnáisiúnta arna bhfoilsiú ag an gCoiste ar Chórais Íocaíochta agus Socraíochta agus ag Bord na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrúis (IOSCO), agus leis an gcreat nochta arna fhoilsiú i Nollaig 2012 agus na caighdeáin nochta chainníochtúla phoiblí do chontrapháirtithe lárnacha arna bhfoilsiú in 2015, atá ábhartha maidir le tuiscint chruinn a chothú ar na rioscaí agus ar na costais a ghabhann le haon rannpháirtíocht i gcontrapháirtí lárnach a dhéanann comhaltaí imréitigh agus maidir le trédhearcacht contrapháirtithe lárnacha do rannpháirtithe a fheabhsú.

(24)

Níor cheart, le dlíthe dócmhainneachta náisiúnta na mBallstát, cosc a chur ar chontrapháirtithe lárnacha a bheith in ann, agus cinnteacht dhlíthiúil leordhóthanach ann, suíomhanna na gcliant a thraschur nó luach leachtaithe a íoc go díreach le cliaint i gcás dócmhainneachta comhalta imréitigh maidir le sócmhainní i gcuntais chomhthiomsaithe agus i gcuntais leithscartha cliaint aonair. D'fhonn imréiteach a dhreasú agus chun feabhas a chur ar an rochtain air, níor cheart, le dlíthe náisiúnta dócmhainneachta na mBallstát, cosc a chur ar chontrapháirtithe lárnacha na nósanna imeachta mainneachtana a leanúint i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh 648/2012 maidir leis na sócmhainní agus na suíomhanna arna sealbhú in ollchuntais agus i gcuntais leithscartha cliaint aonair arna sealbhú ag an gcomhalta imréitigh agus ag an gcontrapháirtí lárnach. I gcás ina mbunaítear socruithe imréitigh indíreacha, ba cheart do chliaint indíreacha leanúint, mar sin féin, de thairbhe a bhaint as cosaint atá coibhéiseach leis an leibhéal cosanta dá bhforáiltear faoi na rialacha maidir le leithscaradh agus iniomparthacht agus faoi na nósanna imeachta mainneachtana a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

(25)

Ba cheart na fíneálacha a fhéadann ÚEUM a ghearradh ar stórtha trádála atá faoi mhaoirseacht dhíreach aige a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach go leor chun éifeachtacht chumhachtaí maoirseachta ÚEUM a áirithiú agus chun trédhearcacht suíomhanna agus neamhchosaintí díorthach a mhéadú. Is léir nach bhfuil méideanna na bhfíneálacha dá bhforáladh ar dtús i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 athchomhairleach go leordhóthanach i bhfianaise láimhdeachas na stórtha trádála, rud a d'fhéadfadh éifeachtacht chumhachtaí maoirseachta ÚEUM a theorannú faoin Rialachán i leith stórtha trádála. Ba cheart uasteorainn mhéideanna bunúsacha na bhfíneálacha a mhéadú dá bharr sin.

(26)

Ba cheart rochtain a bheith ag údaráis tríú tír ar shonraí arna dtuairisciú do stórtha trádála san Aontas i gcás ina gcomhlíonfar coinníollacha áirithe lena ndéantar próiseáil na sonraí sin a ráthú agus ina ndéanann an tríú tír foráil maidir le hoibleagáid atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá infhorghníomhaithe agus lena dtugtar rochtain dhíreach d'údaráis an Aontais ar shonraí arna dtuairisciú do stórtha trádála sa tríú tír sin.

(27)

Ceadaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) nós imeachta clárúcháin simplithe do stórtha trádála arna gclárú cheana i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus ar mian leis síneadh ama a chur leis an gclárúchán sin sa chaoi go bhféadfaidh siad a gcuid seirbhísí i dtaca le hidirbhearta maoinithe urrús a chur ar fáil. Ba cheart nós imeachta clárúcháin simplithe den chineál sin a chur ar bun do stórtha trádála arna gclárú cheana i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2015/2365 agus ar mian leo síneadh ama a chur leis an gclárúchán sin sa chaoi go bhféadfaidh siad a gcuid seirbhísí i dtaca le conarthaí díorthach a sholáthar.

(28)

De bharr cáilíocht agus trédhearcacht neamh-leordhóthanach na sonraí arna gcur ar fáil ag na stórtha trádála is deacair d'eintitis ar deonaíodh rochtain dóibh ar na sonraí sin iad a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar mhargaí díorthach agus cuireann sin cosc ar rialtóirí agus ar mhaoirseoirí rioscaí cobhsaíochta airgeadais a aithint in am trátha. Chun feabhas a chur ar cháilíocht agus trédhearcacht sonraí agus chun ceanglais tuairiscithe Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a ailíniú le ceanglais Rialachán (AE) 2015/2365 agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, is gá na rialacha agus na ceanglais tuairiscithe, go háirithe, caighdeáin sonraí, formáidí, modhanna, agus socruithe maidir le tuairisciú a chomhchuibhiú a thuilleadh, mar aon le nósanna imeachta a chomhchuibhiú a thuilleadh a bheidh le cur i bhfeidhm ag stórtha trádála chun sonraí tuairiscithe a bhailíochtú maidir lena n-iomláine agus a gcirte, agus na nósanna imeachta maidir le sonraí a réiteach le stórtha trádála eile. Thairis sin, ba cheart do stórtha trádála, arna iarraidh sin orthu, a dheonú do chontrapháirtithe nach gá dóibh aon tuairisciú a dhéanamh, an rochtain ar na sonraí a thuairiscítear thar a gceann ar théarmaí tráchtála réasúnta.

(29)

I dtéarmaí na seirbhísí arna gcur ar fáil ag stórtha trádála, bunaítear timpeallacht iomaíoch faoi Rialachán Uimh. 648/2012. Ba cheart an deis a bheith ag contrapháirtithe an stór trádála ar mhaith leo tuairisciú chuige a roghnú agus malartú ó stór trádála go céile dá mba rogha leo. Chun malartú den sórt sin a éascú agus chun a áirithiú go mbeadh sonraí ar fáil go leanúnach ba cheart do stórtha trádála beartais iomchuí a bhunú chun malartú ordúil sonraí arna dtuairisciú chuig stórtha trádála eile a áirithiú i gcás ina n-iarrfadh contrapháirtí é sin faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe.

(30)

Leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nach bhfuil feidhm le bheith ag an oibleagáid imréitigh ar shocruithe do scéimeanna pinsean go dtí go gceapfadh contrapháirtithe lárnacha réiteach teicniúil oiriúnach do mhalartú comhthaobhachta neamhairgid mar chorrlaigh athrúcháin. De bhrí nár cruthaíodh aon réiteach inmharthana fós chun rannpháirtíocht socruithe do scéimeanna pinsean in imréiteach lárnach a éascú, ba cheart síneadh ama a chur leis an idirthréimhse sa chaoi go mbeadh feidhm aige go ceann dhá bhliain eile ar a laghad. Ba cheart go leanfadh an t-imréiteach lárnach de bheith ina aidhm ar deireadh thiar de bhrí go gcuirtear, leis na forbairtí rialála agus margaidh atá ann cheana, ar chumas rannpháirtithe margaidh réitigh teicniúla oiriúnacha a chruthú laistigh den tréimse sin. Le cabhair ÚEUM, an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde) (“ÚEÁPC”) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanann contrapháirtithe lárnacha, comhaltaí imréitigh agus socruithe do scéimeanna pinsean maidir le réitigh inmharthana lena n-éascófaí rannpháirtíocht socruithe do scéimeanna pinsean san imréiteach lárnach agus tuarascáil ar an dul chun cinn a ullmhú. Ba cheart don tuarascáil na réitigh agus na costais do shocruithe do scéimeanna pinsean a ghabhfadh leo a chumhdach, agus ar an gcaoi sin forbairtí rialála agus margaidh a chur san áireamh amhail athruithe ar an gcineál contrapháirtí airgeadais atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh. D'fhonn foráil a dhéanamh maidir le forbairtí nach féidir a thuar tráth a nglacfar an Rialachán seo, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún síneadh ama a chur, faoi dhó, leis an idirthréimhse sin go ceann tréimhse bliana, tar éis an gá a d'fhéadfadh a bheith le cinneadh den chineál sin a mheasúnú.

(31)

Chuaigh an idirthréimhse a raibh socruithe do scéimeanna pinseandíolmhaithe ón oibleagáid imréitigh in éag ar an 16 Lúnasa 2018. Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla agus chun an neamhleanúnachas a sheachaint, is gá síneadh ar an idirthréimhse i gcás conarthaí díorthach thar an gcuntar a chur i bhfeidhm go haisghníomhach, ar conarthaí iad a rinneadh le socruithe do scéimeanna pinsean ón 17 Lúnasa 2018 go dtí an 16 Meitheamh 2019.

(32)

Chun an creat rialála a shimpliú, ba cheart aird ar leith a thabhairt don mhéid ar féidir gur gá agus gurb iomchuí an oibleagáid trádála faoi Rialachán (AE) Uimh 600/2014 a ailíniú leis na hathruithe a rinneadh faoin Rialachán seo ar an oibleagáid imréitigh do dhíorthaigh, go háirithe ar raon feidhme na n-eintiteas atá faoi réir oibleagáid imréitigh. Ba cheart measúnú ginearálta a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag an Rialachán seo ar leibhéal an imréitigh a dhéanann cineálacha éagsúla contrapháirtithe agus ar dháileachán an imréitigh laistigh de gach cineál contrapháirtí, agus ar an inrochtaineacht ar sheirbhísí imréitigh, lena n-áirítear éifeachtúlacht na n-athruithe a rinneadh faoin Rialachán seo a mhéid a bhaineann le seirbhísí imréitigh a chur ar fáil ar théarmaí tráchtála cothroma réasúnta neamh-idirdhealaitheacha trédhearcacha d'fhonn an inrochtaineacht ar imréiteach a éascú, agus ba cheart an measúnú ginearálta sin a dhéanamh tráth a mbeidh taithí leordhóthanach ann agus sonraí leordhóthanacha ar fáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(33)

Chun comhchuibhiú comhsheasmhach a áirithiú maidir le cathain a mheasfar téarmaí tráchtála a bhaineann le soláthar seirbhísí imréitigh a bheith cothrom, réasúnta, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach agus chun, faoi choinníollacha áirithe, am breise a cheadú do rannpháirtithe sa mhargadh chun go mbeidh siad in ann réitigh imréitigh a cheapadh do shocruithe do scéimeanna pinsean faoi choinníollacha áirithe, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na coinníollacha a shonrú faoina measfar téarmaí tráchtála maidir le seirbhísí imréitigh a chur ar fáil a bheith cothrom réasúnta neamh-idirdhealaitheach trédhearcach, agus i ndáil le síneadh a chur leis an idirthréimhse ar lena linn nár cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid imréitigh maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar a rinneadh le socruithe do scéimeanna pinsean. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (11). Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(34)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo, agus go háirithe i ndáil leis an oibleagáid imréitigh agus an oibleagáid trádála a chur ar fionraí agus maidir le rochtain dhíreach ag na húdaráis ábhartha i dtríú tíortha ar fhaisnéis atá i stórtha trádála atá bunaithe san Aontas, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme a ghlacadh láithreach chun an oibleagáid imréitigh agus an oibleagáid trádála atá ar aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar a chur ar fionraí, ós rud é gur gá cinneadh pras a dhéanamh chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, agus mórchúiseanna práinne ann a bhfuil údar cuí leo dá bhrí sin, maidir le toradh an nós imeachta fionraí.

(35)

Chun comhchuibhiú comhsheasmhach na rialacha maidir le teicnící maolaithe riosca, clárú stórtha trádála agus ceanglais tuairiscithe a áirithiú, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin rialála theicniúla arna gceapadh ag ÚBE nó ag ÚEUM a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas: nósanna imeachta maoirseachta chun bailíochtú tosaigh agus leanúnach na nósanna imeachta bainistíochta riosca óna dteastaíonn malartú comhthaobhachta atá leithscartha go hiomchuí tráthúil cruinn; mionsonraí iarratais shimplithe ar shíneadh le clárú stóir trádála atá cláraithe cheana faoi Rialachán (AE) 2015/2365; na nósanna imeachta chun sonraí a réiteach idir stórtha trádála, na nósanna imeachta a bheidh le cur i bhfeidhm ag an stór trádála lena fhíorú go bhfuil na ceanglais tuairiscithe a chomhlíonadh ag an gcontrapháirtí nó ag an eintiteas a dhéanfaidh an tuairisciú agus chun a fhíorú go bhfuil na sonraí a thuairisceofar iomlán agus ceart; na téarmaí agus na coinníollacha, na socruithe agus an doiciméadacht riachtanach faoina ndeonófar rochtain ar stórtha trádála d'eintitis áirithe. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin arna bhforbairt ag ÚEUM a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh 1095/2010.

(36)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh arna gceapadh ag ÚEUM i dtaca le caighdeán na sonraí le tuairisciú i ndáil le haicmí díorthach éagsúla agus i dtaca leis na bealaí agus na socruithe tuairiscithe agus formáid an iarratais ar shíneadh a chur le clárú stóir trádála atá cláraithe cheana faoi Rialachán (AE) 2015/2365. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(37)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon a áirithiú go mbíonn na rialacha comhréireach, nach mbíonn ualaí riaracháin neamhriachtanacha nó costais chomhlíontachta ann dá mbarr, nach gcuirtear an chobhsaíocht airgeadais i mbaol agus go méadaítear trédhearcacht suíomhanna agus neamhchosaintí díorthach thar an gcuntar, na cuspóirí sin a chur i gcrích go leordhóthanach, ach de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo, agus gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(38)

Ba cheart cur i bhfeidhm forálacha áirithe den Rialachán sin a chur siar chun na bearta cur chun feidhme riachtanacha a chur ar bun agus chun an deis a thabhairt do na rannpháirtithe uile sa mhargadh gach beart is gá a dhéanamh chun críocha comhlíontachta.

(39)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (8):

“(8)   ciallaíonn ‘contrapháirtí airgeadais’:

(a)

gnólacht infheistíochta a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(b)

institiúid creidmheasa atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);

(c)

gnóthas árachais nó gnóthas athárachais atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2009/39/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3);

(d)

GCUI agus, i gcás inarb ábhartha, a chuideachta bainistíochta, atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE, ach amháin má cuireadh an GCUI sin ar bun go heisiach chun fónamh do phlean nó do phleananna ceannaithe scaireanna d'fhostaithe;

(e)

institiúid um chóir ar scor ceirde (IORP) mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 6 de Threoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4);

(f)

ciste infheistíochta malartach (CIM) mar a shainmhínítear i bpointe (a) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE, a bhunaítear san Aontas nó a bhainistíonn bainisteoir ciste infheistíochta malartach (AIFM) a údaraítear nó a chláraítear i gcomhréir leis an Treoir sin, ach amháin má cuireadh an ciste infheistíochta malartach sin ar bun go heisiach chun fónamh do phlean nó do phleananna ceannaithe scaireanna d'fhostaithe, nó más eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin, dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 2(3) de Threoir 2011/61/AE, é an ciste infheistíochta malartach sin, agus, i gcás inarb iomchuí, a mbunaítear a AIFM san Aontas;

(g)

taisclann lárnach urrús a údaraítear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimhir 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5);

(*1)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349)."

(*2)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338)."

(*3)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus leis an ngnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1)."

(*4)  Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37)."

(*5)  Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).”"

(2)

Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar seo a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a)(i) go dtí (a)(iv):

“(i)

idir dhá chontrapháirtí airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 4a(1);

(ii)

idir contrapháirtí airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 4a(1) agus contrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 10(1);

(iii)

idir dhá chontrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 10(1);

(iv)

idir, ar thaobh amháin, contrapháirtí airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 4a(1) nó contrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 10(1) agus, ar an taobh eile, eintiteas a bhunaítear i dtríú tír a bheadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá mbunófaí an t-eintiteas sin san Aontas;”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

déantar iad a dhéanamh nó a nuachan an dáta óna dtiocfaidh an oibleagáid imréitigh i bhfeidhm, nó tar éis an dáta sin, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an dá chontrapháirtí na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) ar an dáta a ndéantar iad a dhéanamh nó a athnuachan;”

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3a.   Cé nach mbeidh oibleagáid orthu conradh a dhéanamh, déanfaidh comhaltaí imréitigh agus cliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh, bíodh sin go díreach nó go hindíreach, na seirbhísí sin a chur ar fáil ar théarmaí tráchtála cothroma réasúnta neamh-idirdhealaitheacha trédhearcacha. Déanfaidh na comhaltaí imréitigh sin agus na cliaint sin gach beart is gá chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a fhaire, go háirithe idir an t-aonad trádála agus an t-aonad imréitigh, ar coinbhleachtaí iad a dhéanfadh dochar do chur ar fáil seirbhísí imréitigh ar théarmaí cothroma réasúnta neamh-idirdhealaitheacha trédhearcacha. Déanfar na bearta sin freisin i gcás ina gcuirfidh eintitis dhlítheanacha éagsúla ón ngrúpa céanna seirbhísí trádála agus imréitigh ar fáil.

Ceadófar do chomhaltaí imréitigh agus cliaint rialú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le seirbhísí imréitigh a chur ar fáil.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun cur leis an Rialachán seo trí na coinníollacha a shonrú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo faoina meastar go bhfuil na téarmaí tráchtála cothrom, réasúnta, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, bunaithe ar an méid seo a leanas:

(a)

ceanglais chothroime agus trédhearcachta i ndáil le táillí, praghsanna, beartais lascaine agus téarmaí agus coinníollacha conarthacha ginearálta eile maidir leis an bpraghasliosta, gan dochar do rúndacht na socruithe conarthacha a dhéantar leis na contrapháirtithe aonair;

(b)

fachtóirí a chuimsítear le téarmaí tráchtála réasúnta chun socruithe conarthacha atá neamhchlaonta réasúnta a áirithiú;

(c)

ceanglais chun seirbhísí imréitigh a éascú ar bhonn cothrom agus neamh-idirdhealaitheach, ag féachaint do na costais agus na rioscaí gaolmhara, ionas go mbeidh aon difríochtaí sna táillí a ghearrtar i gcomhréir le rioscaí, costais agus sochair, agus

(d)

na critéir le haghaidh rialaithe riosca don chomhalta imréitigh nó don chliant a bhaineann leis na seirbhísí imréitigh a chuirtear ar fáil.”;

(3)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 4a

Contrapháirtithe atá faoi réir na n-oibleagáidí imréitigh

1.   Gach 12 mhí, féadfaidh contrapháirtí airgeadais a ghlacann suíomhanna i gconarthaí díorthach thar an gcuntar a mheánsuíomh cinn míosa rollach do na 12 mhí roimhe sin a ríomh i gcomhréir le mír 3.

Nuair nach ndéanfaidh contrapháirtí airgeadais a shuíomhanna a ríomh nó nuair a sháróidh toradh an ríomha sin ceann ar bith de na tairseacha réitigh de réir mar a shonraítear i bpointe (b) d'Airteagal 10(4), déanfaidh an contrapháirtí airgeadais an méid seo a leanas:

(a)

cuirfidh sé fógra láithreach maidir leis sin chuig ÚEUM agus chuig an údarás inniúil, agus, i gcás inarb ábhartha, sonróidh sé an tréimhse arna húsáid don ríomh;

(b)

bunóidh sé socruithe imréitigh laistigh de cheithre mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo a thabhairt; agus

(c)

beidh sé faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4 do na conarthaí díorthach thar an gcuntar ar fad a bhaineann le haon aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh a dhéantar nó a nuaitear tráth is déanaí ná ceithre mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo a thabhairt.

2.   Contrapháirtí neamhairgeadais atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4 an 17 Meitheamh 2019 nó a bheidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh sin i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1, leanfaidh sé de bheith faoi réir na hoibleagáide sin agus lena himréiteach go dtí go léireoidh an contrapháirtí airgeadais sin don údarás inniúil ábhartha nach sáraíonn a mheánsuíomh cinn míosa rollach don 12 mhí roimhe sin an tairseach imréitigh a shonraítear de bhun phointe (b) d'Airteagal 10(4).

Beidh sé ar chumas an chontrapháirtí airgeadais a thaispeáint don údarás inniúil ábhartha nach ndéanfar fomheastachán córasach ar an suíomh sin mar gheall ar an ríomh ar mheánsuíomh cinn míosa rollach don 12 mhí roimhe sin.

3.   Nuair a bheidh na suíomhanna dá dtagraítear i mír 1 á ríomh aige, cuirfidh an contrapháirtí airgeadais san áireamh na conarthaí díorthach thar an gcuntar uile a rinne an contrapháirtí airgeadais nó aon eintiteas eile laistigh den ghrúpa a mbaineann an contrapháirtí airgeadais leis.

D'ainneoin na chéad fhomhíre, i gcás GCUI agus CIManna, déanfar na suíomhanna dá dtagraítear i mír 1 a ríomh ar leibhéal an chiste.

Cuideachta bainistíochta GCUI a bhfuil níos mó ná GCUI amháin á bhainistiú aici, agus na AIFManna a bhfuil níos mó ná CIM amháin á bhainistiú acu, beidh sé ar a gcumas a thaispeáint don údarás inniúil ábhartha nach dtarlóidh an méid seo a leanas mar thoradh ar ríomh na suíomhanna ar leibhéal an chiste:

(a)

ní dhéanfar fomheastachán córasach ar shuíomhanna chistí ar bith atá á mbainistiú acu nó ná ndéanfar amhlaidh i gcás suíomhanna an bhainisteora; agus

(b)

ní thiocfar timpeall ar an oibleagáid imréitigh.

Bunóidh údaráis inniúla ábhartha an chontrapháirtí airgeadais agus na n-eintiteas eile laistigh den ghrúpa nósanna imeachta comhair d'fhonn a áirithiú go ndéanfar ríomh na suíomhanna ar leibhéal an ghrúpa go héifeachtach.”;

(4)

leasaítear Airteagal 5 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   I gcás ina n-údaróidh údarás inniúil do chontrapháirtí lárnach aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar a imréiteach faoi Airteagal 14 nó faoi Airteagal 15, nó i gcás ina gcumhdófar aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar, a bhfuil sé beartaithe ag an gcontrapháirtí lárnach a imréiteach, faoi údarú a deonaíodh cheana féin i gcomhréir le hAirteagal 14 nó faoi Airteagal 15, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ÚEUM láithreach faoin údarú sin nó faoin aicme dhíorthaigh thar an gcuntar a bhfuil sé beartaithe ag an gcontrapháirtí lárnach a imréiteach.”;

(b)

i mír 2, scriostar pointe (c);

(5)

leasaítear Airteagal 6 mar seo a leanas:

(a)

i mír 2, scriostar pointe (e);

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   I gcás nach mbeidh contrapháirtí lárnach údaraithe nó aitheanta a thuilleadh i gcomhréir leis an Rialachán seo chun aicme sonrach de dhíorthaigh thar an gcuntar a imréiteach, déanfaidh ÚEUM an contrapháirtí lárnach sin a bhaint den chlár poiblí láithreach i ndáil leis an aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar.”

(6)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 6a

An oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí

1.   Is ceadmhach do ÚEUM iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) maidir le haicmí sonracha díorthach thar an gcuntar nó cineál sonrach contrapháirtí a chur ar fionraí i gcás ina gcomhlíonfar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

níl na haicmí sonracha díorthach thar an gcuntar oiriúnach a thuilleadh don imréiteach lárnach i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 5(4) agus in Airteagal 5(5);

(b)

is dócha go scoirfidh contrapháirtí lárnach de na haicmí sonracha sin de dhíorthaigh thar an gcuntar a imréiteach agus nach bhfuil aon chontrapháirtí lárnach eile in ann na haicmí sonracha sin de dhíorthaigh thar an gcuntar a imréiteach gan bhriseadh;

(c)

is gá an oibleagáid imréitigh do na haicmí sonracha sin de díorthaigh thar an gcuntar nó do chineál contrapháirtí sonrach a chur ar fionraí chun bagairt thromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais nó chun feidhmiú ordúil mhargaí airgeadais an Aontais a sheachaint nó aghaidh a thabhairt uirthi agus tá an cur ar fionraí i gcomhréir leis na haidhmeanna sin.

Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír agus roimh an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le BERS agus leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22.

Gabhfaidh leis an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír fianaise gur comhlíonadh ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar amach inti.

I gcás ina measfaidh ÚEUM gur athrú ábhartha sna critéir don oibleagáid trádála a bhfuil éifeacht leo dá dtagraítear in Airteagal 32(5) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 é an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí, féadfar a áireamh san iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo iarraidh an oibleagáid trádála a leagtar síos in Airteagal 28(1) agus Airteagal 28(2) den Rialachán sin a chur ar fionraí freisin maidir leis na haicmí sonracha céanna de dhíorthaigh thar an gcuntar atá faoi réir na hiarrata an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí.

2.   Faoi na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh agus na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22 a éileamh go gcuirfeadh ÚEUM iarraidh an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí faoi bhráid an Choimisiúin. Beidh ag gabháil leis an iarraidh sin ón údarás inniúil, na cúiseanna atá léi agus fianaise a léireoidh gur comhlíonadh ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo.

Laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis na hiarrata dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a fháil ón údarás inniúil, ar bhonnna gcúiseanna agus na fianaise a chuirfidh an t-údarás inniúil ar fáil, iarrfaidh ÚEUM ar an gCoimisiún an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a chur ar fionraí nó déanfaidh sé an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a dhiúltú. Cuirfidh ÚEUM an cinneadh sin in iúl don údarás inniúil lena mbaineann. I gcás ina ndiúltóidh ÚEUM an iarraidh a dhéanfaidh an t-údarás inniúil, cuirfidh sé cúiseanna ar fáil i scríbhinn.

3.   Ní dhéanfar na hiarrataí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a phoibliú.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, gan aon mhoill mhíchuí tar éis na hiarrata dá dtagraítear i mír 1 a fháil, ar bhonn na gcúiseanna agus na fianaise arna gcur ar fáil ag ÚEUM, an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, d'aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar nó don chineál sonrach contrapháirtí dá dtagraítear i mír 1 trí bhíthin gnímh chur chun feidhme, é sin nó an cur ar fionraí arna iarraidh a dhiúltú. I gcás ina ndiúltóidh an Coimisiún an fionraí a iarradh, cuirfidh sé cúiseanna leis sin i scríbhinn chuig ÚEUM. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas mar gheall air sin láithreach agus cuirfidh sé na cúiseanna arna soláthar do ÚEUM ar aghaidh chucu. Ní dhéanfar an fhaisnéis sin a phoibliú.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86(3).

5.   I gcás ina n-iarrfaidh ÚEUM é i gcomhréir leis an gceathrú fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, féadfar, leis an ngníomh cur chun feidhme lena gcuirtear an oibleagáid imréitigh ar fionraí d'aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar, an oibleagáid trádála a leagtar síos in Airteagal 28(1) agus Airteagal 28(2) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 do na haicmí sonracha céanna de dhíorthaigh thar an gcuntar a chur ar fionraí freisin, atá faoi réir chur ar fionraí sin na hoibleagáide imréitigh.

6.   Fionraí na hoibleagáide imréitigh agus, i gcás inarb infheidhme, an oibleagáid trádála, déanfar iad a chur in iúl do ÚEUM, agus déanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin agus sa chlár poiblí dá dtagraítear in Airteagal 6.

7.   Beidh cur ar fionraí na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear i mír 4 bailí ar feadh tréimhse tosaigh nach mó ná trí mhí ó dháta chur i bhfeidhm an chur ar fionraí sin.

Beidh cur ar fionraí na hoibleagáide trádála dá dtagraítear i mír 5 bailí ar feadh na tréimhse tosaigh céanna.

8.   I gcás ina mbeidh feidhm i gcónaí leis na forais atá ann an fionraí a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, síneadh ama a chur leis an gcur ar fionraí dá dtagraítear i mír 4 ar feadh tréimhsí breise nach mó ná trí mhí, agus nach mó ná 12 mhí tréimhse iomlán an chur ar fionraí. Déanfar síneadh ama leis an gcur ar fionraí a fhoilsiú i gcomhréir le mír 6.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86(3).

Déanfaidh ÚEUM, in am trátha roimh dheireadh na tréimhse cur ar fionraí dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo nó roimh dheireadh na tréimhse sínidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, tuairim a eisiúint don Choimisiún maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil feidhm i gcónaí leis na forais a bhí ann leis an bhfionraí a chur i bhfeidhm. Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le BERS agus leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22. Cuirfidh ÚEUM cóip den tuairim sin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ní dhéanfar an tuairim sin a phoibliú.

Leis an ngníomh cur chun feidhme lena gcuirfear síneadh le cur ar fionraí na hoibleagáide imréitigh, féadfar freisin síneadh a chur le tréimhse fionraí na hoibleagáide trádála dá dtagraítear i mír 7.

Beidh an síneadh a chuirfear le cur ar fionraí na hoibleagáide trádála bailí don tréimhse chéanna a gcuirfear síneadh le cur ar fionraí na hoibleagáide imréitigh.”;

(7)

Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Áiritheoidh na contrapháirtithe agus na contrapháirtithe lárnacha go ndéanfar mionsonraí aon chonradh díorthach a chuir siad i gcrích agus aon mhodhnú nó foirceannadh i leith an chonartha sin a thuairisciú i gcomhréir le míreanna 1a go 1f den Airteagal seo do stór trádála a cláraíodh i gcomhréir le hAirteagal 55 nó a sainaithníodh i gcomhréir le hAirteagal 77. Déanfar na mionsonraí a thuairisciú tráth nach déanaí ná an chéad lá oibre tar éis an conradh a chur i gcrích, a mhodhnú nó a fhoirceannadh.

Beidh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe maidir le conarthaí díorthach:

(a)

a rinneadh roimh an 12 Feabhra 2014 agus atá fós le híoc an dáta sin;

(b)

a rinneadh an 12 Feabhra 2014 nó tar a éis sin.

D'ainneoin Airteagal 3, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe maidir le conarthaí díorthach laistigh den ghrúpa céanna i gcás inar contrapháirtí neamhairgeadais ceann amháin, ar a laghad, de na contrapháirtithe nó i gcás ina mbeadh sé incháilithe mar chontrapháirtí neamhairgeadais dá mbeadh sé bunaithe san Aontas, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas:

(a)

áirítear an dá chontrapháirtí sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán;

(b)

tá an dá contrapháirtí faoi réir na nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú; agus

(c)

ní contrapháirtí airgeadais é an máthairghnóthas.”;

Tabharfaidh na contrapháirtithe fógra dá n-údaráis inniúla go bhfuil sé beartaithe acu an díolúine dá dtagraítear sa tríú fomhír a chun i bhfeidhm. Beidh an díolúine bailí ach i gcás nach dtiocfaidh na húdaráis inniúla a gcuirtear fógra chucu, laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra, ar chomhaontú maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear sa tríú fomhír.”;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“1a.   Contrapháirtithe airgeadais, agus iad amháin, a bheidh freagrach agus dliteanach go dlíthiúil as mionsonraí conarthaí díorthach thar an gcuntar arna dtabhairt i gcrích le contrapháirtí neamhairgeadais nach gcomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 10(1) a thuairisciú thar ceann an dá chontrapháirtí agus, ina theannta sin, as cruinneas na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú.

Chun a áirithiú go mbeidh na sonraí go léir ag an gcontrapháirtí airgeadais a a bhfuil gá aige leo chun an oibleagáid tuairiscithe a chomhlíonadh, déanfaidh an contrapháirtí neamhairgeadais na mionsonraí a sholáthar don chontrapháirtí airgeadais, ar mionsonraí iad a bhaineann leis na conarthaí díorthach thar an gcuntar a tugadh chun críche eatarthu agus nach féidir a bheith ag súil leis le réasún go mbeidís i seilbh an chontrapháirtí airgeadais. Is ar an gcontrapháirtí neamhairgeadais a bheidh an fhreagracht a áirithiú go mbeidh na mionsonraí sin cruinn.

In ainneoin na chéad fhomhíre, féadfaidh na contrapháirtithe neamhairgeadais sin atá tar éis infheistiú cheana féin i gcóras tuairiscithe a chinneadh mionsonraí a gconarthaí díorthach thar an gcuntar a thuairisciú do chontrapháirtithe airgeadais nó do stór trádála. Sa chás sin, cuirfidh na contrapháirtithe neamhairgeadais an cinneadh sin in iúl do na contrapháirtithe airgeadais lenar thug siad conarthaí díorthach thar an gcuntar chun críche sula ndéanfaidh siad na mionsonraí sin a thuairisciú. Sa chás sin, is iad na contrapháirtithe neamhairgeadais a bheidh freagrach, agus faoi dhliteanas dlíthiúil maidir leis na mionsonraí sin a thuairisciú agus maidir lena gcruinneas a áirithiú.

Contrapháirtí neamhairgeadais nach gcomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 10(1) agus a thugann conradh díorthach thar an gcuntar chun críche le heintiteas arna bhunú i dtríú tír, ní cheanglófar air tuairisciú de bhun an Airteagail seo agus ní bheidh sé dliteanach go dlíthiúil mionsonraí maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar den sórt sin a thuairisciú ná cruinneas na mionsonraí sin a áirithiú, ar choinníoll:

(a)

go mbeadh an t-eintiteas tríú tíre sin cáilithe mar chontrapháirtí airgeadais dá mbunófaí san Aontas é;

(b)

gur dearbhaíodh go bhfuil an córas dlí maidir le tuairisciú a bhfuil an t-eintiteas tríú tíre sin faoina réir coibhéiseach de bhun Airteagal 13; agus

(c)

gur thuairiscigh an contrapháirtí sin de chuid tríú tír an fhaisnéis sin de bhun chóras dlí an tríú tír sin lena tuairisciú do stór trádála atá faoi réir oibleagáid infheidhmithe atá ceangailteach ó thaobh dlí rochtain dhíreach láithreach ar na sonraí a dheonú do na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 81(3).

1b.   Beidh comhlacht bainistíochta GCUI freagrach agus dliteanach go dlíthiúil as tuairisciú mionsonraí conarthaí díorthach thar an gcuntar inar contrapháirtí é an GCUI sin, agus as cirte na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú freisin.

1c.   Beidh AIFM freagrach agus dliteanach go dlíthiúil as tuairisciú mionsonraí conarthaí díorthach thar an gcuntar inar contrapháirtí é an AIF ábhartha agus as cirte na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú freisin.

1d.   An t-eintiteas údaraithe atá freagrach as IORP a bhainistiú agus as gníomhú ar a shon, agus nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, beidh sé freagrach agus dliteanach go dlíthiúil as tuairisciú mionsonraí conarthaí díorthach thar an gcuntar inar contrapháirtí é an IORP sin agus as cirte na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú freisin.

1e.   Áiritheoidh contrapháirtithe agus contrapháirtithe lárnacha a bhfuil ceangal orthu mionsonraí maidir le conarthaí díorthach a thuairisciú go ndéantar mionsonraí den sórt sin a thuairisciú go cruinn agus gan aon dúbailt.

1f.   Féadfaidh contrapháirtithe agus contrapháirtithe lárnacha atá faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe dá dtagraítear i mír 1 an oibleagáid tuairiscithe sin a tharmligean.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 3, déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a cheapadh ina sonrófar:

(a)

caighdeáin agus formáidí sonraí na faisnéise a bheidh le tuairisciú, ina mbeidh ceann amháin den mhéid seo a leanas ar a laghad:

(i)

aitheantóirí domhanda eintitis dhlítheanaigh (LEInna);

(ii)

uimhreacha aitheantais idirnáisiúnta urrús ( ISINanna);

(iii)

aitheantóirí uathúla trádála (UTInna);

(b)

na modhanna agus na socruithe maidir le tuairisciú;

(c)

minicíocht na dtuarascálacha;

(d)

an dáta faoina ndéanfar conarthaí díorthach a thuairisciú.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme á gceapadh aige, cuirfidh ÚEUM san áireamh forbairtí agus caighdeáin idirnáisiúnta a aontófar ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal domhanda, agus a gcomhsheasmhacht leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2015/2365 (*6) agus Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020.

Tabharfar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(*6)  Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).”;"

(8)

leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

“1.   Gach 12 mhí, féadfaidh contrapháirtí neamhairgeadais a ghlacann suíomhanna i gconarthaí díorthach thar an gcuntar a mheánsuíomh cinn míosa rollach don 12 mhí roimhe sin a ríomh i gcomhréir le mír 3.

I gcás nach ndéanfaidh contrapháirtí neamhairgeadais a shuíomhanna a ríomh nó nuair a sháróidh toradh an ríomha sin i leith cheann amháin nó níos mó d'aicmí díorthach thar an gcuntar na tairseacha réitigh de réir mar a shonraítear de bhun phointe (b) den chéad fhomhír de mhír 4, déanfaidh an contrapháirtí neamhairgeadais sin an méid seo a leanas:

(a)

tabharfaidh sé fógra láithreach maidir leis sin do ÚEUM agus don údarás inniúil ábhartha, agus, i gcás inarb ábhartha, sonróidh sé an tréimhse arna húsáid don ríomh;

(b)

bunóidh sé socruithe imréitigh laistigh de cheithre mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír den mhír seo a thabhairt;

(c)

beidh sé faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4 do na conarthaí díorthach thar an gcuntar a dhéantar nó a nuaitear tráth is déanaí ná ceithre mhí tar éis an fógra a thabhairt dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír den mhír seo a bhaineann leis na haicmí sócmhainne sin ar ina leith a sháróidh toradh an ríomha na tairseacha réitigh nó, i gcás nach bhfuil a shuíomh ríofa ag an gcontrapháirtí neamhairgeadais, a bhaineann le haon aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar a bheidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh.

2.   Contrapháirtí neamhairgeadais atá tagtha faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4 an 17 Meitheamh 2019 nó a bheidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh sin i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, leanfaidh sé de bheith faoi réir na hoibleagáide sin agus lena himréiteach go dtí go léireoidh an contrapháirtí neamhairgeadais sin don údarás inniúil ábhartha nach sáraíonn a mheánsuíomh cinn míosa rollach don 12 mhí roimhe sin an tairseach imréitigh a shonraítear de bhun phointe (b) de mhír 4 den Airteagal seo.

Beidh sé ar chumas an chontrapháirtí neamhairgeadais a thaispeáint don údarás inniúil ábhartha nach ndéanfar fomheastachán córasach ar an suíomh mar gheall ar an ríomh ar mheánsuíomh cinn míosa rollach don 12 mhí roimhe sin.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“2a.   Bunóidh údaráis inniúla ábhartha an chontrapháirtí neamhairgeadais agus na n-eintiteas eile laistigh den ghrúpa nósanna imeachta comhair d'fhonn a áirithiú go ndéanfar ríomh na suíomhanna ar leibhéal an ghrúpa go héifeachtach.”;

(c)

i mir 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír:

“Tar éis dó dul i gcomhairle le BERS agus le húdaráis ábhartha eile, déanfaidh ÚEUM athbhreithniú tréimhsiúil ar na tairseacha réitigh dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír agus, i gcás inar gá, agus aird á tabhairt go háirithe ar idirnascthacht na gcontrapháirtithe airgeadais, molfaidh sé na caighdeáin theicniúla rialála a leasú i gcomhréir leis an mhír seo.”;

Gabhfaidh tuarascáil ó ÚEUM ar an ábhar sin leis an athbhreithniú tréimhsiúil céanna”;

(9)

in Airteagal 11, leasaítear mír 15 mar seo a leanas:

(a)

leasaítear an chéad fhomhír mar seo a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

na nósanna imeachta bainistithe riosca, lena n-áirítear na leibhéil agus an cineál comhthaobhachta, mar aon leis na socruithe um leithscaradh dá dtagraítear i mír 3;”

(ii)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(aa)

na nósanna imeachta maoirseachta chun bailíochtú tosaigh agus leanúnach na nósanna imeachta bainistithe riosca sin a áirithiú;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin, cé is moite de na dréachtchaighdeáin sin dá dtagraítear i bpointe (aa) den chéad fhomhír, faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Iúil 2018.

Cuirfidh ÚBE, i gcomhar le ÚEUM agus ÚEÁPC, na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin dá dtagraítear i bpointe (aa) den chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020.”;

(10)

in Airteagal 38, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“6.   Cuirfidh contrapháirtí lárnach uirlis ionsamhlúcháin ar fáil dá chomhaltaí imréitigh lena bhféadfaidh siad a chinneadh, ar bhonn comhiomlán, an méid corrlaigh tosaigh breise a fhéadfaidh contrapháirtí lárnach a éileamh agus idirbheart nua á imréiteach. Is ar bhonn slánrochtana amháin a thabharfar rochtain ar an uirlis sin agus ní bheidh torthaí an ionsamhlúcháin ina gceangal.

7.   Cuirfidh contrapháirtí lárnach faisnéis maidir leis na samhlacha corrlaigh tosaigh a úsáideann sé ar fáil dá chomhaltaí imréitigh. Áireofar ar an bhfaisnéis sin:

(a)

míniú soiléir ar dhearadh na samhla corrlaigh tosaigh agus an dóigh ina n-oibríonn sí;

(b)

míniú soiléir ar phríomhthoimhdí agus príomhtheorainneacha na samhla corrlaigh tosaigh agus na cúinsí faoi nach bhfuil na toimhdí sin bailí a thuilleadh;

(c)

tá sé doiciméadaithe.”;

(11)

in Airteagal 39, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“11.   Ní chuirfidh dlíthe dócmhainneachta náisiúnta na mBallstát cosc ar chontrapháirtí lárnach a bheith ag gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 48(5), (6) agus (7) maidir leis na sócmhainní agus na suíomhanna arna dtaifeadadh sna cuntais dá dtagraítear i mír 2 go mír 5 den Airteagal seo.”

(12)

Leasaítear Airteagal 56 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Chun críocha Airteagal 55(1) déanfaidh stór trádála ceann amháin díobh seo a leanas a chur faoi bhráid ÚEUM:

(a)

iarratas ar chlárú;

(b)

iarratas ar shíneadh ama ar an gclárú i gcás ina bhfuil an stór trádála cláraithe cheana faoi Chaibidil III de Rialachán (AE) 2015/2365.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, ceapfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an méid seo a leanas:

(a)

mionsonraí an iarratais maidir leis an gclárú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1;

(b)

mionsonraí iarratais shimplithe ar shíneadh ama ar an gclárú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 1, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a cheapadh ina sonrófar an méid seo a leanas:

(a)

formáid an iarratais ar chlárú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1;

(b)

formáid an iarratais ar shíneadh ama ar an gclárú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.

Maidir le pointe (b) den chéad fhomhír, ceapfaidh ÚEUM formáid shimplithe.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020.

Tabharfar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

(13)

in Airteagal 62, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Má tá gá le húdarú a fháil ó údarás breithiúnach d'údarás inniúil náisiúnta i gcomhréir le rialacha náisiúnta i gcás ina n-iarrfar taifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, déanfaidh ÚEUM iarratas ar an údarú sin freisin. Féadfaidh ÚEUM iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.”

(14)

leasaítear Airteagal 63 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

“1.   Chun a chuid dualgas a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM na cigireachtaí go léir is gá ar an láthair a dhéanamh ag áitreabh gnó, ar thalamh nó ar mhaoin na ndaoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 61(1). Féadfaidh ÚEUM an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis na cigireachtaí a dhéanamh go hiomchuí agus go héifeachtúil.

2.   Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a údaróidh ÚEUM chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in áitreabh gnó ar bith, ar thalamh ar bith nó ar mhaoin ar bith de chuid na ndaoine dlítheanacha atá faoi réir an chinnidh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh ÚEUM agus beidh na cumhachtaí go léir dá dtagraítear in Airteagal 62(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh thréimhse na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8.   Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go gceanglaítear ar údarás inniúil náisiúnta bheith údaraithe ó údarás breithiúnach i gcomhréir le rialacha náisiúnta, déanfaidh ÚEUM iarratas ar an údarú sin freisin. Féadfaidh ÚEUM iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.”

(15)

leasaítear Airteagal 64 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Nuair a bheidh an comhad ina bhfuil na cinntí dá dtagraítear i mír 3 á chur faoi bhráid ÚEUM ag an oifigeach imscrúdúcháin, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi réir na n-imscrúduithe. Beidh na daoine sin i dteideal rochtain a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní chuimseoidh ceart rochtana ar an gcomhad faisnéis rúnda eile ná doiciméid réamhullmhúcháin inmheánacha ÚEUM.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8.   Déanfaidh ÚEUM ábhair a tharchur chuig na húdaráis ábhartha le haghaidh imscrúdú agus aon ionchúiseamh coiriúil a d'fhéadfadh teacht astu i gcás ina ndéanfaidh sé amach, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á chomhlíonadh aige, go bhfuil tásca tromchúiseacha ann go bhféadfadh sé gurb ann d'fhíorais agus go bhfios dó gur dóigh ina leith gurb ionann iad agus cionta coiriúla faoin dlí is infheidhme. Ina theannta sin, staonfaidh ÚEUM ó fhíneálacha nó tráthíocaíochtaí pionóis a fhorchur i gcás ina mbeidh sé ar an eolas faoi éigiontú nó faoi chiontú roimhe sin, a d'éirigh as fíoras comhionann nó as fíorais chomhionanna atá comhionann lena chéile go substaintiúil, a bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.”;

(16)

in Airteagal 65, leasaítear mír 2 mar a leanas:

(a)

i bpointe (a), cuirtear “EUR 200 000”; in ionad “EUR 20 000”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):,

“(b)

maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointí (d) go (h) de Roinn I d'Iarscríbhinn I, agus i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (h) de Roinn II d'Iarscríbhinn I, EUR 5 000 ar a laghad a bheidh i méideanna na bhfíneálacha agus ní fhorchuirfear fíneáil níos mó ná EUR 100 000.”;

(c)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(c)

maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i Roinn I d'Iarscríbhinn I, EUR 5 000 ar a laghad a bheidh i méideanna na bhfíneálacha agus ní fhorchuirfear fíneáil níos mó ná EUR 10 000.”;

(17)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 67, mír 1:

“1.   Sula ndéanfar aon chinneadh faoi Airteagal 73(1) agus maidir le tráthíocaíocht faoi Airteagal 66, tabharfaidh ÚEUM an deis do na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí éisteacht a fháil faoina fhionnachtana. Is ar na fionnachtana sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ÚEUM a chinntí.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo maidir leis na cinntí dá dtagraítear i bpointí (a), (c) agus (d) d'Airteagal 73(1), má tá gá le gníomhaíocht phráinneach chun gar-dhamáiste suntasach don chóras airgeadais a chosc nó chun gar-dhamáiste suntasach do shláine a chosc, trédhearcacht, éifeachtúlacht agus feidhmiú ordúil na margaí airgeadais a chosc, lena n-áirítear cobhsaíocht nó cruinneas na sonraí a thuairiscítear do stór trádála. I gcás mar sin, féadfaidh ÚEUM cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé an deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an chinnidh.”;

(18)

In Airteagal 72, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Cumhdóidh méid aon táille a ghearrfar ar stór trádála na costais riaracháin réasúnta go léir a thabhóidh ÚEUM i ndáil lena ghníomhaíochtaí clárúcháin agus gníomhaíochtaí maoirseachta ÚEUM agus beidh sé comhréireach le láimhdeachas an stóir trádála lena mbaineann agus leis an gcineál clárúcháin agus maoirseachta a chuirfidhÚEUM i bhfeidhm.”;

(19)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 76a

Rochtain fhrithpháirteach dhíreach ar shonraí

1.   I gcás inar gá é chun a ndualgais a fheidhmiú, beidh rochtain dhíreach ag údaráis tríú tíortha ina bhfuil stór trádála amháin nó níos mó ná sin bunaithe ar fhaisnéis i stórtha trádála atá bunaithe san Aontas ar choinníoll go mbeidh gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 2 chuige sin.

2.   Arna iarraidh sin ag na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2), lena gcinnfear an gcomhlíonann creat dlíthiúil thríú tír an údaráis iarrthaigh na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

tá stórtha trádála arna mbunú sa tríú tír sin údaraithe go hiomchuí;

(b)

déantar maoirseacht éifeachtach agus forfheidhmiú éifeachtach ar stórtha trádála sa tríú tír sin ar bhonn leanúnach;

(c)

tá ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla ann, lena n-áirítear rúin a roinneann na húdaráis le tríú páirtithe a chosaint, agus tá siad coibhéiseach ar a laghad leis na ráthaíochtaí sin a leagtar amach sa Rialachán seo;

(d)

tá stórtha trádála atá údaraithe sa tríú tír sin faoi réir oibleagáid atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá in-fhorfheidhmithe rochtain dhíreach láithreach ar an bhfaisnéis a dheonú do na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 81(3).”;

(20)

in Airteagal 78, cuirtear isteach na míreanna mar seo a leanas:

“9   Cuirfidh stór trádála ar bun na nósanna imeachta agus na beartais seo a leanas:

(a)

na nósanna imeachta chun sonraí idir stórtha trádála a réiteach go héifeachtach;

(b)

nósanna imeachta chun iomláine agus cruinneas na sonraí a thuairisceofar a fhíorú;

(c)

beartais maidir le sonraí a aistriú go hordúil chuig stórtha trádála eile arna iarraidh sin ag na contrapháirtithe nó na contrapháirtithe lárnacha dá dtagraítear in Airteagal 9 nó i gcás eile inar gá sin.

10.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, ceapfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar:

(a)

na nósanna imeachta le haghaidh sonraí idir stórtha trádála a réiteach;

(b)

na nósanna imeachta a chuirfidh an stór trádála i bhfeidhm chun a fhíorú go bhfuil na ceanglais tuairiscithe á gcomhlíonadh ag an gcontrapháirtí atá ag déanamh na tuairiscithe agus ag an eintiteas atá ag déanamh an tíolactha agus chun iomláine agus cruinneas na sonraí a tuairiscítear faoi Airteagal 9 a fhíorú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

(21)

in Airteagal 80, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“5a.   I gcás ina n-iarrfar air, tabharfaidh stór trádála do chontrapháirtithe nach bhfuil sé de cheangal orthu sonraí na gconarthaí díorthach thar an gcuntar a thuairisciú de bhun Airteagal 9 (1a) go (1d), agus do chontrapháirtithe agus do contrapháirtithe lárnacha a rinne a n-oibleagáid tuairiscithe a tharmligean Airteagal 9(1f), rochtain ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh thar a gceann.”;

(22)

leasaítear Airteagal 81 mar a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“(q)

na húdaráis ábhartha tríú tír a bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha de bhun Airteagal 76(a) ina leith.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a cheapadh lena sonrófar an méid seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis a fhoilseofar nó a chuirfear ar fáil i gcomhréir le mír 1 agus mír 3;

(b)

minicíocht tuairiscithe na faisnéise dá dtagraítear i mír 1;

(c)

na caighdeáin oibríochtúla is gá chun sonraí a chomhiomlánú agus chun comparáid a dhéanamh ar na sonraí idir na stórtha trádála, agus a theastaíonn ó na heintitis dá dtagraítear i mír 3 chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin;

(d)

na téarmaí agus na coinníollacha, na socruithe agus an doiciméadacht riachtanach faoina ndeonóidh stórtha trádála rochtain ar na heintitis dá dtagraítear i mír 3.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á gceapadh aige, áiritheoidh ÚEUM nach nochtfar le foilsiú na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 céannacht aon pháirtí in aon chonradh.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

(23)

in Airteagal 82, cuirtear an méid seo a leanas in ionadmhíreanna 2 go 6:

“2.   Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 1(6), 4(3a), 64(7), 70, 72(3), agus 85(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 1(6), 4(3a), 64(7), Airteagal 70, Airteagail 72(3), agus 85(2) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, féachfaidh an Coimisiún le dul i gcomhairle le ÚEUM agus rachfar i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 1(6), 4(3a), 64(7), Airteagal 70, Airteagail 72(3), agus 85(2) i bhfeidhm ach amháin mura rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse trí mhí ó tugadh fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin ngníomh sin, nó, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, go bhfuil sé curtha in iúl don Choimisiún ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle araon nach gcuirfidh siad ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(24)

leasaítear Airteagal 85 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Faoin 18 Meitheamh 2024 déanfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mheasúnú agus tuarascáil ghinearálta a ullmhú. Cuirfidh an Coimisiún sin an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Faoin 17 Meitheamh 2023 cuirfidh ÚEUM tuarascáil faoi bhraid an Choimisiúin maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

tionchar Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7) ar leibhéal an imréitigh a dhéanann contrapháirtithe airgeadais agus neamhairgeadais agus ar leithdháileadh an imréitigh laistigh de gach cineál contrapháirtí, go háirithe maidir le contrapháirtithe airgeadais a bhfuil méid teoranta gníomhaíochta acu i margaí díorthach thar an gcuntar agus maidir le hoiriúnacht na dtairseach imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 10(4);

(b)

tionchar Rialachán (AE) 2019/834 ar cháilíocht agus ar inrochtaineacht na sonraí a thuairiscítear chuig stórtha trádála, chomh maith le cáilíocht na faisnéise arna cur ar fáil ag stórtha trádála;

(c)

na hathruithe ar an gcreat tuairiscithe, lena n-áirítear glacadh agus cur chun feidhme tuairiscithe tarmligthe a leagtar síos in Airteagal 9(1a) agus go háirithe an tionchar a bheidh aige ar an ualach tuairiscithe do chontrapháirtithe neamhairgeadais nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide imréitigh;

(d)

inrochtaineacht seirbhísí imréitigh, go háirithe an raibh an ceanglas chun seirbhísí imréitigh a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, ar théarmaí tráchtála cothroma, réasúnta, neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha dá dtagraítear in Airteagal 4(3a) éifeachtach chun rochtain ar imréiteach a éascú.”;

(*7)  Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán Uimh. 648/2012, i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach n-imréitíonn contrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála (IO L 141, 28.5.2019, lch. 42).”;"

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

“2.   Faoin 18 Meitheamh 2020, agus gach 12 mhí ina dhiaidh sin go dtí an síneadh deiridh dá dtagraítear sa tríú fomhír, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil ina measúnófar ar ceapadh réitigh theicniúla inmharthana chun socruithe do scéimeanna pinsean comhthaobhacht airgid agus neamhairgid a aistriú mar chorrlaigh athrúcháin agus ina measúnófar an gá atá le haon bheartais chun na réitigh theicniúla inmharthana sin a éascú.

Cuirfidh ÚEUM, faoin 18 Nollaig 2019, agus gach 12 mhí ina dhiaidh sin go dtí an síneadh deiridh dá dtagraítear sa tríú fomhír, i gcomhar le ÚEÁPC, ÚBE agus ÚEUM, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina ndéanfar measúnú ar an méid seo a leanas:

(a)

an ndearna contrapháirtithe lárnacha, comhaltaí imréitigh agus socruithe do scéimeanna pinsean iarracht iomchuí agus ar cheap siad réitigh theicniúla inmharthana chun rannpháirtíocht na socruithe sin san imréiteach lárnach a éascú trí chomhthaobhacht airgid agus neamhairgid a phostáil mar chorrlaigh athrúcháin, lena n-áirítear impleachtaí na réiteach sin ar leachtacht agus comh-thimthriallacht an mhargaidh agus na himpleachtaí dlíthiúla nó eile a d'fhéadfadh a bheith ag baint leo;

(b)

méid agus cineál na ngníomhaíochtaí a dhéanann socruithe do scéimeanna pinsean i margaí díorthach thar an gcuntar imréitithe agus neamh-imréitithe, laistigh de gach aicme sócmhainní, agus aon riosca sistéamach gaolmhar don chóras airgeadais;

(c)

iarmhairtí an cheanglais imréitigh nach mór socruithe do scéimeanna pinsean a straitéisí infheistíochta a chomhlíonadh, lena n-áirítear aon athruithe ar leithdháileadh a sócmhainní airgid agus neamhairgid;

(d)

impleachtaí na dtairseach imréitigh a shonraítear de bhun phointe (b) d'Airteagal 10(4) maidir le socruithe do scéimeanna pinsean;

(e)

tionchar ceanglas dlíthiúil eile ar an difreálach costais idir conarthaí díorthach thar an gcuntar imréitithe agus conarthaí díorthach thar an gcuntar neamh-imréitithe, lena n-áirítear na ceanglais chorrlaigh maidir le díorthaigh neamh-imréitithe agus ríomh an chóimheasa giarála i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(f)

an bhfuil gá le bearta breise chun réiteach imréitigh maidir le socruithe do scéimeanna pinsean a éascú.

Féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun síneadh aon bhliana a chur, faoi dhó, leis an tréimhse dhá bhliain dá dtagraítear in Airteagal 89(1) i gcás ina gcinnfidh sé nár ceapadh aon réiteach teicniúil inmharthana agus nach mbeidh aon athrú ar éifeacht dhochrach conarthaí díorthach a imréiteach go lárnach ar shocair scoir pinsinéirí sa todhchaí.

Déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha, na comhaltaí imréitigh agus na socruithe do scéimeanna pinsean, a seacht ndícheall rannchuidiú le réitigh theicniúla inmharthana a cheapadh a éascóidh imréiteach na gconarthaí díorthach thar an gcuntar sin ag na socruithe sin.

Bunóidh an Coimisiún grúpa saineolaithe comhdhéanta d'ionadaithe thar ceann contrapháirtithe lárnacha, comhaltaí imréitigh, socruithe do scéimeanna pinsean agus páirtithe ábhartha eile a bhaineann le réitigh theicniúla inmharthana den sórt sin chun faireachán a dhéanamh ar a n-iarrachtaí agus measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ar réitigh theicniúla inmharthana a cheapadh lena n-éascófar imréiteach na gconarthaí díorthach thar an gcuntar a dhéanann socruithe do scéimeanna pinsean, lena n-áirítear aistriú comhthaobhachta airgid agus neamhairgid mar chorrlaigh athrúcháin a dhéanann na socruithe sin. Tiocfaidh an grúpa sin le chéile gach sé mhí ar a laghad. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na hiarrachtaí a dhéanann contrapháirtithe lárnacha, comhaltaí imréitigh agus socruithe do scéimeanna pinsean agus a chuid tuarascálacha á ndréachtú aige de bhun na chéad fhomhíre.;

3.   Faoin 18 Nollaig 2020 ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil ina mheasúnófar an méid seo a leanas:

(a)

an gcruthaítear leis na hoibleagáidí chun idirbhearta a thuairisciú faoi Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus faoin Rialachán seo oibleagáid tuairiscithe dúblach i gcás díorthaigh nach díorthaigh thar an gcuntar iad agus an bhféadfaí tuairisciú na n-idirbheart i gcás díorthaigh nach díorthaigh thar an gcuntar iad a laghdú nó a shimpliú do na contrapháirtithe go léir gan aon chaillteanas míchuí faisnéise a bheith ann;

(b)

a riachtanaí nó a oiriúnaí atá sé an oibleagáid trádála do dhíorthaigh faoi Rialachán (AE) Uimh 600/2014 a ailíniú leis na hathruithe a rinneadh faoi Rialachán (AE) 2019/834 ar an oibleagáid imréitigh do dhíorthaigh, go háirithe ar raon feidhme na n-eintiteas atá faoi réir oibleagáid imréitigh;

(c)

an ceart aon trádálacha a thiocfaidh go díreach as seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála, lena n-áirítear comhbhrú punainne, a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1), ag cur san áireamh a mhéid a dhéantar rioscaí a mhaolú leis na trádálacha sin, go háirithe riosca creidmheasa contrapháirtí agus riosca oibriúcháin, agus an bhféadfaí teacht timpeall ar an oibleagáid imréitigh nó an bhféadfadh dídhreasú maidir leis an imréiteach lárnach teacht as.

Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí.”;

(d)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3a.   Faoin 18 Bealtaine 2020, cuirfidh ÚEUM tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin. Déanfar an méid a leanas a mheas sa tuarascáil sin:

(a)

comhsheasmhacht na gceanglas tuairiscithe do dhíorthaigh thar an gcuntar faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus faoi Airteagal 9 den Rialachán seo, i dtéarmaí shonraí an chonartha dhíorthach atá le tuairisciú agus i dtéarmaí na rochtana ar shonraí a bhíonn ag na heintitis ábhartha agus cibé ar cheart na ceanglais sin a ailíniú;

(b)

a indéanta atá sé slabhraí tuairiscithe a shimpliú a thuilleadh maidir leis na contrapháirtithe uile, lena n-áirítear do na cliaint uile indíreacha, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le tuairisciú tráthúil agus na bearta a glacadh de bhun Airteagal 4(4) den Rialachán seo agus de bhun Airteagal 30(2) de Rialachán (CE) Uimh. 600/2014 á gcur san áireamh;

(c)

ailíniú na hoibleagáide trádála do dhíorthaigh faoi Rialachán (AE) Uimh 600/2014 leis na hathruithe a rinneadh faoi Rialachán (AE) 2019/834 ar an oibleagáid imréitigh do dhíorthaigh, go háirithe ar raon feidhme na n-eintiteas atá faoi réir oibleagáid imréitigh;

(d)

i gcomhar le BERS, ar cheart aon trádálacha a thiocfaidh go díreach as seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála, lena n-áirítear comhbhrú punainne, a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1). Déanfar an méid seo a leanas sa tuarascáil:

(i)

imscrúdú ar chomhbhrú punainne agus seirbhísí eile laghdaithe riosca iarthrádála atá ar fáil lena laghdaítear rioscaí neamh-mhargaidh i bpunanna díorthach gan riosca margaidh na bpunann a athrú, amhail idirbhearta a athchothromú;

(ii)

tabharfar míniú inti chomh maith ar na cuspóirí agus ar na meicníochtaí a bhaineann leis na seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála sin, a mhéid a mhaolaítear riosca leo, riosca creidmheasa contrapháirtí agus riosca oibriúcháin san áireamh, agus measúnóidh sé an gá atá le trádálacha den sórt sin a imréiteach, nó an gá iad a dhíolmhú ón gceanglas imréitigh, chun riosca sistéamach a bhainistiú; agus

(iii)

déanfaidh sé measúnú freisin ar a mhéid a chuirtear, le díolúine ón oibleagáid imréitigh do sheirbhísí den sórt sin, in éadan imréiteach lárnach agus a mhéid a d'fhéadfadh sé go dtiocfadh contrapháirtithe timpeall ar an oibleagáid imréitigh;

(e)

an bhféadfaí cur leis an liosta d'ionstraimí airgeadais a mheastar a bheith fíorleachtach lena mbaineann riosca íosta margaidh agus creidmheasa, i gcomhréir le Airteagal 47 agus an bhféadfaí a áireamh ar an liosta sin ceann amháin nó níos mó de na cistí margaidh airgid arna n-údarú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8).

(*8)  Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid (IO L 169, 30.6.2017, lch. 8).”;"

(25)

in Airteagal 86, cuirtear isteach an mhír 3 seo a leanas:

“3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.”;

(26)

in Airteagal 89(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.   Go dtí an 18 Meitheamh 2021, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid imréitigh a leagtar amach in Airteagal 4 maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar ar féidir iad a thomhas go hoibiachtúil mar idirbhearta a laghdóidh rioscaí infheistíochta a bhaineann go díreach le sócmhainneacht airgeadais na socruithe do scéimeanna pinsean, agus le heintitis a bunaíodh chun cúiteamh a chur ar fáil do chomhaltaí de na socruithe sin i gcás mainneachtain socraithe do scéimeanna pinsean.

Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid imréitigh a leagtar amach in Airteagal 4 maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo arna ndéanamh ag socruithe do scéimeanna pinsean ón 17 Lúnasa 2018 go dtí an 16 Meitheamh 2019.”;

(27)

déantar Iarscríbhinn I a leasú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón dáta theacht i bhfeidhm, cé is moite de na pointí seo a leanas:

(a)

beidh feidhm ag forálacha a leagtar amach i bpointí (10) agus (11) d'Airteagal 1 den Rialachán seo a mhéid a bhaineann le hAirteagal 38(6) agus (7) agus Airteagal 39(11) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ón 18 Nollaig 2019;

(b)

beidh feidhm ag forálacha a leagtar amach i bpointe (7)(b) d'Airteagal 1 den Rialachán seo a mhéid a bhaineann le hAirteagal 9(1a) go 1(d) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ón 18 Bealtaine 2020;

(c)

beidh feidhm ag forálacha a leagtar amach i bpointí (2)(b)agus (20) d'Airteagal 1 den Rialachán seo a mhéid a bhaineann le hAirteagail 4(3a) agus 78(9) agus (10) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ón 18 Meitheamh 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Bealtaine 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A.TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 385, 15.11.2017, lch. 10.

(2)  IO C 434, 15.12.2017, lch. 63.

(3)  An seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2019.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún, (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

(8)  Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

(11)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.8.2011, lch. 13).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(1)

i Roinn I, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(i)

sáróidh stór trádála pointe (a) d'Airteagal 78(9) mura gcuirfidh sé nósanna imeachta leordhóthanacha ar bun chun sonraí idir stórtha trádála a réiteach go héifeachtach;

(j)

sáróidh stór trádála pointe (b) d'Airteagal 78(9) mura gcuirfidh sé nósanna imeachta leordhóthanacha ar bun chun cruinneas agus iomláine na sonraí tuairiscithe a fhíorú;

(k)

sáróidh stór trádála pointe (c) d'Airteagal 78(9) mura gcuirfidh sé beartais leordhóthanacha ar bun maidir le sonraí a aistriú go hordúil chuig stórtha trádála eile i gcás ina n-iarrfaidh na contrapháirtithe agus na contrapháirtithe lárnacha dá dtagraítear in Airteagal 9 nó i gcás eile inar gá sin.”;

(2)

i Roinn IV, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(d)

sáróidh stór trádála Airteagal 55(4) mura dtabharfaidh sé fógra do ÚEUM in am trátha faoi aon athruithe ábhartha ar choinníollacha an chlárúcháin bhunaidh.”.