17.5.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2019/787 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2019

maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) agus Airteagal 114(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

D'éirigh go maith le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) earnáil na ndeochanna biotáilleacha a rialú. I bhfianaise na taithí a fuarthas le tamall anuas agus na nuálaíochta atá déanta sa teicneolaíocht le tamall anuas, forbairtí sa mhargadh agus ionchais tomhaltóirí atá ag athrú, is gá na rialacha maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha a thabhairt cothrom le dáta agus athbhreithniú a dhéanamh ar na bealaí a ndéantar tásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha a chlárú agus a chosaint.

(2)

Na rialacha is infheidhme maidir le deochanna biotáilleacha, ba cheart dóibh a bheith ina gcuidiú chun ardleibhéal cosanta a bhaint amach do thomhaltóirí, chun neamhshiméadracht faisnéise a bhaint, chun cleachtais mheabhlacha a chosc agus chun trédhearcacht sa mhargadh agus iomaíocht chóir a bhaint amach. Ba cheart dóibh an cháil atá ar dheochanna biotáilleacha an Aontais san Aontas agus ar mhargadh an domhain a chosaint trí leanúint de bheith ag tabhairt aird ar na cleachtais thraidisiúnta a úsáidtear agus deochanna biotáilleacha á dtáirgeadh agus ar an éileamh breise atá anois ann ar chosaint tomhaltóirí agus ar fhaisnéis do thomhaltóirí. Ba cheart an nuálaíocht sa teicneolaíocht a chur san áireamh freisin i ndáil le deochanna biotáilleacha, i gcás ina bhfuil sé d'aidhm ag an nuálaíocht sin feabhas a chur ar an gcáilíocht, gan difear a dhéanamh do thréithiúlacht thraidisiúnta na ndeochanna biotáilleacha lena mbaineann.

(3)

Is margadh mór iad deochanna biotáilleacha d'earnáil thalmhaíochta an Aontais agus tá dlúthbhaint ag táirgeadh na ndeochanna biotáilleacha leis an earnáil sin. De bharr na dlúthbhainte sin, cinntítear cáilíocht, sábháilteacht agus cáil na ndeochanna biotáilleacha a tháirgtear san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart an dlúthbhaint sin leis an earnáil agraibhia a aibhsiú leis an gcreat rialála.

(4)

Is cás speisialta iad na rialacha is infheidhme maidir le deochanna biotáilleacha i gcomparáid leis na rialacha ginearálta atá leagtha síos don earnáil agraibhia agus ba cheart a chur san áireamh leo freisin modhanna táirgthe traidisiúnta atá in úsáid sna Ballstáit éagsúla.

(5)

Ba cheart a leagan amach leis an Rialachán seo critéir shoiléire maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha agus maidir le cosaint tásc geografach, agus níor cheart gur dochar iad sin d'éagsúlacht na dteangacha oifigiúla agus na n-aibítrí san Aontas. Ba cheart rialacha a leagan amach leis freisin maidir le húsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta chun deochanna alcólacha a tháirgeadh agus maidir le húsáid ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha agus earraí bia á gcur i láthair agus á lipéadú.

(6)

Chun ionchais tomhaltóirí a shásamh agus chun cloí leis na cleachtais thraidisiúnta, ba cheart gur de thionscnamh talmhaíochta go heisiach an t-alcól eitile agus driogáití a úsáidtear chun deochanna biotáilleacha a tháirgeadh.

(7)

Ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na deochanna biotáilleacha uile a chuirtear ar mhargadh an Aontais, is cuma cé acu sna Ballstáit nó i dtríú tír a tháirgtear iad. Chun an cháil atá ar dheochanna biotáilleacha a tháirgtear san Aontas ar an margadh domhanda a chaomhnú agus a fheabhsú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le deochanna biotáilleacha a tháirgtear san Aontas lena n-onnmhairiú.

(8)

Leis na sainmhínithe ar dheochanna biotáilleacha agus na ceanglais theicniúla a bhaineann leo agus le catagóiriú na ndeochanna biotáilleacha, ba cheart leanúint de chleachtais thraidisiúnta a chur san áireamh. Ba cheart freisin rialacha sonracha a leagan síos maidir le deochanna biotáilleacha áirithe nach n-áirítear i liosta na gcatagóirí.

(9)

Tá feidhm ag Rialacháin (CE) Uimh. 1333/2008 (4) agus (CE) Uimh. 1334/2008 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deochanna biotáilleacha freisin. Is gá, áfach, rialacha breise a leagan síos maidir le dathanna agus blastáin, ar rialacha iad nár cheart feidhm a bheith acu ach amháin maidir le deochanna biotáilleacha. Is gá freisin rialacha breise a leagan síos maidir le blastáin, dathanna agus comhábhair údaraithe eile a chaolú agus a thuaslagadh, ar rialacha iad nár cheart feidhm a bheith acu ach amháin maidir le táirgeadh deochanna alcólacha.

(10)

Ba cheart rialacha a leagan síos maidir leis na hainmneacha dlíthiúla a bheidh le húsáid le haghaidh deochanna biotáilleacha a chuirtear ar mhargadh an Aontais, chun a áirithiú go n-úsáidtear ainmneacha dlíthiúla den sórt sin ar bhealach comhchuibhithe ar fud an Aontais agus chun trédhearcacht na faisnéise do thomhaltóirí a chosaint.

(11)

I bhfianaise a thábhachtaí agus a chasta atá earnáil na ndeochanna biotáilleacha, is iomchuí rialacha sonracha a leagan síos maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, go háirithe maidir le húsáid ainmneacha dlíthiúla, tásc geografach, comhthéarmaí agus tagairtí sa tuairisc, sa chur i láthair agus sa lipéadú.

(12)

Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo. I ndáil leis sin, i bhfianaise a thábhachtaí agus a chasta atá earnáil na ndeochanna biotáilleacha, is iomchuí rialacha sonracha a leagan síos sa Rialachán seo maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha a théann thar Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011. Ba cheart freisin cosc a chur, leis na rialacha sonracha sin, ar mhí-úsáid a bhaint as an téarma “deoch bhiotáilleach” agus as ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha, maidir le táirgí nach gcomhlíonann na sainmhínithe agus na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.

(13)

Chun úsáid aonfhoirmeach comhthéarmaí agus tagairtí sna Ballstáit a áirithiú agus chun faisnéis leormhaith a sholáthar do thomhaltóirí, agus, dá réir sin, iad a chosaint ar a bheith curtha ar míthreoir, is gá forálacha a leagan síos maidir lena n-úsáid chun deochanna biotáilleacha agus earraí eile a chur i láthair. Is é is cuspóir le forálacha den sórt sin cáil na ndeochanna biotáilleacha a úsáidtear sa chomhthéacs sin a chosaint.

(14)

Chun faisnéis leordhóthanach a sholáthair do thomhaltóirí, ba cheart forálacha a leagan síos maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha a cháilíonn mar mheascáin nó mar chumaisc.

(15)

Cé go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú nach dtagraítear go ginearálta, leis an tréimhse aibithe a shonraítear i dtuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, ach don chomhábhar alcóil is óige, chun próisis aosaithe thraidisiúnta sna Ballstáit a chur san áireamh, ba cheart a bheith in ann foráil a dhéanamh, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, maidir le maolú ón riail ghinearálta sin agus maidir le sásraí rialaithe iomchuí i ndáil le brandies a tháirgtear trí úsáid a bhaint as an gcóras aosaithe dinimiciúil traidisiúnta ar a dtugtar córas “criaderas y solera” nó córas “solera e criaderas”.

(16)

Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla agus chun a áirithiú go ndéantar faisnéis leormhaith a sholáthar do thomhaltóirí, níor cheart cosc a chur, le húsáid ainmneacha amhábhar nó aidiachtaí mar ainmneacha dlíthiúla le haghaidh deochanna biotáilleacha áirithe, amhábhair nó aidiachtaí den sórt sin a úsáid i gcur i láthair agus i lipéadú earraí bia eile. Ar na cúiseanna céanna, níor cheart cosc a chur, le húsáid an fhocail Gearmáinise -“geist” mar ainm dlíthiúil ar chatagóir de dheochanna biotáilleacha, an focal sin a úsáid mar ainm galánta chun ainm dlíthiúil deochanna biotáilleacha eile nó ainm deochanna alcólacha eile a fhorlíonadh, ar choinníoll nach gcuirfear an tomhaltóir ar míthreoir le húsáid den sórt sin.

(17)

Chun a áirithiú go soláthraítear faisnéis leormhaith do thomhaltóirí agus chun modhanna táirgthe d'ardchaighdeán a fheabhsú, ba cheart a bheith in ann ainm dlíthiúil aon dí biotáillí a fhorlíonadh leis an téarma “tirim” nó “dry”, is é sin le rá an téarma sin aistrithe i dteanga nó i dteangacha an Bhallstáit ábhartha, nó gan a bheith aistrithe mar atá léirithe i gcló iodálach sa Rialachán seo, i gcás nach ndearnadh an deoch bhiotáilleach sin a mhilsiú. Mar sin féin, i gcomhréir leis an bprionsabal go gcaitheann faisnéis bhia gan a bheith míthreorach, go háirithe trína thabhairt le tuiscint go bhfuil tréithe speisialta ag baint leis an mbia in ainneoin go bhfuil tréithe den sórt sin ag baint le gach bia comhchosúil, níor cheart feidhm a bheith ag an riail sin maidir le deochanna biotáilleacha nach mbeidh milsithe faoin Rialachán seo, fiú chun barr blais deireanach a chur orthu, go háirithe i gcás “whisky” nó “whiskey”. Níor cheart feidhm a bheith ag an riail sin maidir le gin, gin driogtha agus London gin, ar ceart rialacha sonracha maidir le milsiú agus lipéadú leanúint d'fheidhm a bheith acu ina leith. Ina theannta sin, ba cheart é a bheith indéanta licéir a bhfuil blas géarbhlasta, searbh, goinbhlasta, garg, géar nó citris mar ghné acu, gan beann ar leibhéal a milsithe, a lipéadú mar “tirim” nó “dry”. Ní dócha go gcuirfidh lipéadú den sórt sin an tomhaltóir ar míthreoir, toisc gur gá do licéir íosmhéid siúcra a bheith iontu. Dá réir sin, i gcás licéar, níor cheart a thuiscint leis an téarma “tirim” nó “dry” go dtugtar le fios nár milsíodh an deoch bhiotáilleach.

(18)

Chun ionchais tomhaltóirí maidir leis na hamhábhair a úsáidtear do vodca a chur san áireamh, go háirithe sna Ballstáit ina ndéantar vodca go traidisiúnta, ba cheart faisnéis leormhaith a sholáthar faoin amhábhar a úsáidtear nuair a dhéantar an vodca as amhábhair de thionscnamh talmhaíochta seachas as gránaigh nó as prátaí nó as an dá rud.

(19)

Chun cur i bhfeidhm na reachtaíochta a bhaineann le rialacha maidir le haosú agus lipéadú a fhorfheidhmiú agus a sheiceáil, agus chun an chalaois a chomhrac, ba cheart é a dhéanamh éigeantach go léireofaí ainm dlíthiúil agus tréimhse aibithe aon dí biotáillí i ndoiciméid riaracháin leictreonacha.

(20)

I gcásanna áirithe, is mian le hoibreoirí gnólachtaí bia bunáitíocht deochanna biotáilleacha seachas tásca geografacha agus trádmharcanna a léiriú chun aird tomhaltóirí a tharraingt ar shaintréithe a dtáirge. Dá bhrí sin, ba cheart forálacha sonracha a leagan síos maidir le bunáitíocht a léiriú i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú deochanna biotáilleacha. Ina theannta sin, maidir leis an oibleagáid, a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, tír thionscnaimh nó bunáitíocht atá ag príomh-chomhábhar a léiriú, níor cheart feidhm a bheith aici i gcás deochanna biotáilleacha, fiú mura bhfuil an tír thionscnaimh nó an bhunáitíocht atá ag príomh-chomhábhar dí biotáillí mar an gcéanna leis an mbunáitíocht a léirítear i dtuairisc, cur i láthair nó lipéadú na dí biotáillí sin.

(21)

Chun an cháil atá ar dheochanna biotáilleacha áirithe a chosaint, ba cheart forálacha a leagan síos lena rialaítear aistriúchán, tras-scríobh agus traslitriú ainmneacha dlíthiúla chun críocha onnmhairithe.

(22)

Chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach, ba cheart modhanna tagartha de chuid an Aontais a bhunú le haghaidh anailís ar dheochanna biotáilleacha agus ar alcól eitile a úsáidtear agus deochanna biotáilleacha á dtáirgeadh.

(23)

Ba cheart leanúint de chosc a chur ar chapsúil luaidhe-bhunaithe agus ar scragall luaidhe-bhunaithe a úsáid mar chlúdach ar ghléasanna dúnta coimeádán ina gcoinnítear deochanna biotáilleacha, ionas go seachnófaí aon bhaol éillithe, go háirithe trí theagmháil thimpisteach le capsúil nó le scragall den sórt sin, agus aon bhaol truaillithe comhshaoil de dheasca dramhaíl ina mbeadh luaidhe ó chapsúil nó ó scragall den sórt sin.

(24)

I ndáil le tásca geografacha a chosaint, tá sé tábhachtach aird chuí a thabhairt ar an gComhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (“Comhaontú TRIPS”), agus go háirithe Airteagal 22 agus Airteagal 23 de, agus ar an gComhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (“Comhaontú GATT”) lena n-áirítear Airteagal V de maidir le saoirse idirthurais, a formheasadh le Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle (7). Laistigh den chreat dlí sin, chun cosaint tásc geografach a neartú agus chun góchumadh a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí, ba cheart feidhm a bheith ag an gcosaint sin maidir le hearraí a thagann isteach i gcríoch chustaim an Aontais gan iad a scaoileadh i saorchúrsaíocht, agus a chuirtear faoi nósanna imeachta speisialta custaim, amhail na cinn a bhaineann le hidirthuras, stóráil, úsáid shonrach nó próiseáil.

(25)

Níl feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) maidir le deochanna biotáilleacha. Ba cheart, dá bhrí sin, rialacha a leagan síos maidir le tásca geografacha deochanna biotáilleacha a chosaint. Ba cheart don Choimisiún tásca geografacha a chlárú.

(26)

Ba cheart nósanna imeachta a leagan síos maidir le tásca geografacha de chuid an Aontais nó tríú tír a chlárú, a mhodhnú agus, b'fhéidir, a chealú i gcomhréir le Comhaontú TRIPS, nósanna imeachta faoina n-aithneofaí go huathoibríoch an stádas atá ag tásca geografacha atá ann cheana agus atá faoi chosaint san Aontas. Chun na rialacha nós imeachta maidir le tásca geografacha a dhéanamh comhsheasmhach sna hearnálacha uile lena mbaineann, ba cheart na nósanna imeachta sin a mhúnlú ar na nósanna imeachta miona profa le haghaidh táirgí talmhaíochta agus earraí bia a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, agus sainiúlachtaí na ndeochanna biotáilleacha á gcur san áireamh. Chun an nós imeachta clárúcháin a shimpliú agus chun a áirithiú go mbeidh faisnéis d'oibreoirí gnólachtaí bia agus do thomhaltóirí ar fáil go leictreonach, ba cheart clár leictreonach de thásca geografacha a chur ar bun. Ba cheart tásca geografacha atá faoi chosaint faoi Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a chosaint go huathoibríoch faoin Rialachán seo agus a liostú sa chlár leictreonach. Ba cheart don Choimisiún an fíorú a chur i gcrích ar thásca geografacha atá in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, i gcomhréir le Airteagal 20 den Rialachán sin.

(27)

Ar chúiseanna comhsheasmhachta leis na rialacha is infheidhme maidir le tásca geografacha le haghaidh bia, fíona agus táirgí fíona cumhraithe, ba cheart ainm an chomhaid lena leagtar amach na sonraíochtaí do dheochanna biotáilleacha atá cláraithe mar thásc geografach a athrú ó “chomhad teicniúil” go “sonraíocht táirge”. Ba cheart na comhaid theicniúla arna gcur isteach mar chuid d'aon iarratas faoi Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a mheas mar shonraíochtaí táirgí.

(28)

Ba cheart an caidreamh idir trádmharcanna agus tásca geografacha deochanna biotáilleacha a shoiléiriú i ndáil leis na critéir maidir le diúltú, neamhbhailíochtú agus cómhaireachtáil. Le soiléiriú den sórt sin, níor cheart difear a dhéanamh do chearta arna bhfáil ag sealbhóirí tásc geografach ar an leibhéal náisiúnta nó do chearta arb ann dóibh de bhua comhaontuithe idirnáisiúnta arna gcur i gcrích ag Ballstáit le haghaidh na tréimhse roimh bhunú chóras cosanta an Aontais de bhun Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (9).

(29)

Tá sé bunriachtanach cáilíocht ar ardchaighdeán a shlánchoimeád má tá cáil agus luach na hearnála deochanna biotáilleacha le caomhnú. Ba cheart d'údaráis na mBallstát a bheith freagrach as slánchoimeád an chaighdeáin a áirithiú tríd an Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann faireachán agus fíorú a dhéanamh ar an gcomhlíonadh sin chun a áirithiú go bhfuil sé á fhorfheidhmiú go haonfhoirmeach. Dá bhrí sin, ba cheart ceangal a bheith ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha a roinnt le chéile.

(30)

Agus beartas cáilíochta á chur i bhfeidhm agus go háirithe chun ardleibhéal cháilíocht na ndeochanna biotáilleacha agus éagsúlacht in earnáil na ndeochanna biotáilleacha a bhaint amach, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit rialacha is déine ná iad sin a leagtar síos leis an Rialachán seo a ghlacadh maidir le táirgeadh, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha a tháirgtear ina gcríoch féin.

(31)

Chun go gcuirfí san áireamh éilimh tomhaltóirí atá ag athrú, an dul chun cinn teicneolaíoch, forbairtí i gcaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha, agus an gá atá ann le feabhas a chur ar na coinníollacha eacnamaíocha a bhaineann le táirgeadh agus margaíocht, próisis aosaithe traidisiúnta, agus an dlí i dtríú tír allmhairithe, agus chun leasanna dlisteanacha táirgeoirí agus oibreoirí gnólachtaí bia maidir le cosaint tásc geografach a chosaint, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“an Conradh”) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an méid seo a leanas: leasuithe agus maoluithe ar na sainmhínithe teicniúla agus ar na ceanglais theicniúla le haghaidh deochanna biotáilleacha; táirgí milsithe nua a údarú; maoluithe a bhaineann le tréimhse aibithe nó aois a shonrú do brandy agus clár poiblí na gcomhlachtaí atá i bhfeighil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar na próisis aosaithe a chur ar bun; clár leictreonach na dtásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha a bhunú, agus rialacha mionsonraithe a bhunú maidir le foirm agus inneachar an chláir sin; coinníollacha breise maidir le hiarratais ar thásc geografach a chosaint agus réamhnósanna imeachta náisiúnta, grinnscrúdú ar pháirt an Choimisiúin, an nós imeachta freasúra agus cur ar ceal na dtásc geografach; coinníollacha agus ceanglais i dtaca leis an nós imeachta a bhaineann le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí; agus leasuithe agus maoluithe ar shainmhínithe agus rialacha áirithe maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (10). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(32)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le foilsiú an doiciméid aonair in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh; agus maidir le cinntí maidir le hainmneacha a chlárú mar thásca geografacha i gcás nach ann d'aon fhógra freasúra ná d'aon ráiteas freasúra réasúnaithe inghlactha, nó i gcás inarb ann do ráiteas freasúra réasúnaithe inghlactha agus gur thángthas ar chomhaontú.

(33)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas: na rialacha i dtaca le húsáid táirgí nua milsithe; an fhaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit i ndáil leis na comhlachtaí a cheapfar chun maoirseacht a dhéanamh ar na próisis aosaithe; an tír thionscnaimh nó an bhunáitíocht a léiriú i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú deochanna biotáilleacha; siombail an Aontais a úsáid le haghaidh tásca geografacha faoi chosaint; na rialacha teicniúla mionsonraithe i dtaca le modhanna tagartha an Aontais le haghaidh anailís ar alcól eitile, ar dhriogáití de thionscnamh talmhaíochta agus ar dheochanna biotáilleacha; idirthréimhse a dheonú le haghaidh úsáid na dtásc geografach agus síntí ar thréimhsí den sórt sin, diúltuithe d'iarratais i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha don chlárú cheana sula ndéantar foilsiú le haghaidh freasúra; cláruithe de thásca geografacha, nó diúltuithe dóibh, arna bhfoilsiú le haghaidh freasúra i gcás inar tíolacadh freasúra agus nár thángthas ar chomhaontú; ceaduithe nó diúltuithe do leasuithe de chuid an Aontais ar shonraíocht táirge; ceaduithe nó diúltuithe d'iarrataí ar chur ar ceal chlárú an táisc gheografaigh; foirm na sonraíochta táirge agus na bearta a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le soláthar sa tsonraíocht táirge i ndáil leis an nasc idir an limistéar geografach agus an táirge deiridh; na nósanna imeachta maidir le hiarratais, le freasúraí, le hiarratais ar leasuithe agus cumarsáid a bhaineann le leasuithe agus leis an bpróiseas cealaithe i ndáil le tásca geografacha, agus foirm agus cur i láthair na nithe sin; na seiceálacha agus na fíoruithe atá le déanamh ag na Ballstáit; agus an fhaisnéis riachtanach atá le malartú le haghaidh chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(34)

Chun a áirithiú go gcuirfí an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch (12) chun feidhme, ba ghá foráil a dhéanamh maidir le maolú ar na cainníochtaí ainmniúla a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2007/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) le haghaidh deochanna biotáilleacha chun gur féidir shochu aondriogtha arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin a chur ar mhargadh an Aontais i méideanna buidéal traidisiúnta Seapánach. Tugadh isteach an maolú sin le Rialachán (AE) 2018/1670 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus ba cheart dó leanúint d'fheidhm a bheith aige.

(35)

I bhfianaise chineál agus mhéid na leasuithe nach mór a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, tá gá le creat dlí nua sa réimse seo chun deimhneacht dhlíthiúil, soiléireacht agus trédhearcacht. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a aisghairm.

(36)

Chun cosaint a thabhairt don leas dlisteanach atá ag na táirgeoirí nó na geallsealbhóirí lena mbaineann tairbhe a bhaint as an bpoiblíocht a thugtar do dhoiciméid aonair faoin gcreat dlí nua, ba cheart an deis a chur ar fáil doiciméid aonair a bhaineann le tásca geografacha a chláraítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a fhoilsiú arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann.

(37)

Ós rud é go dtreisíonn na rialacha maidir le tásca geografacha an chosaint d'oibreoirí, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha sin dhá sheachtain ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart foráil a dhéanamh, áfach, do shocruithe iomchuí chun go n-éascófar athrú rianúil ó na rialacha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 go dtí na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

(38)

Maidir leis na rialacha nach mbaineann le tásca geografacha, ba cheart foráil a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh dóthain ama ann chun go n-éascófar athrú rianúil ó na rialacha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 go dtí na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

(39)

Ba cheart an deis a bheith ann leanúint de mhargú na stoc de dheochanna biotáilleacha atá ann cheana tar éis dhátaí chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go dtí go mbeidh na stoic sin ídithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

RAON FEIDHME, SAINMHÍNITHE AGUS CATAGÓIRÍ DEOCHANNA BIOTÁILLEACHA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:

sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, agus maidir le tásca geografacha deochanna biotáilleacha a chosaint;

an t-alcól eitile agus na driogáití a úsáidtear i dtáirgeadh deochanna alcólacha; agus

úsáid ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus i lipéadú earraí bia seachas deochanna biotáilleacha.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na táirgí dá dtagraítear i mír 1 a chuirtear ar mhargadh an Aontais, is cuma cé acu san Aontas nó i dtríú tíortha a tháirgtear iad, agus tá feidhm aige freisin maidir le táirgí a tháirgtear san Aontas lena n-onnmhairiú.

3.   Maidir le cosaint tásc geografach, tá feidhm ag Caibidil III den Rialachán seo freisin maidir le hearraí a thagann isteach i gcríoch chustaim an Aontais gan iad a scaoileadh i saorchúrsaíocht ansin.

Airteagal 2

Sainmhíniú ar dheochanna biotáilleacha agus ceanglais lena n-aghaidh

Chun críocha an Rialacháin seo, is é is deoch bhiotáilleach ann deoch alcólach a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ceapadh í lena caitheamh ag an duine;

(b)

tá saintréithe orgánaileipteacha áirithe aici;

(c)

tá neart íosta alcóil 15 % de réir toirte inti, seachas i gcás na ndeochanna biotáilleacha a chomhlíonann ceanglais chatagóir 39 d'Iarscríbhinn I;

(d)

táirgeadh í:

(i)

go díreach trí aon cheann de na modhanna seo a leanas a úsáid, ar leithligh nó mar theaglaim díobh:

driogadh táirgí coipthe, bíodh blastáin nó earraí bia blaistithe curtha leo nó ná bíodh,

maothú nó próiseáil den chineál sin ar ábhair plandaí in alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, i ndriogáití de thionscnamh talmhaíochta nó i ndeochanna biotáilleacha nó mar theaglaim díobh,

aon cheann díobh seo a leanas a chur, le halcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, le driogáití de thionscnamh talmhaíochta nó le deochanna biotáilleacha ar leithligh nó mar theaglaim díobh:

blastáin arna n-úsáid i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008,

dathanna arna n-úsáid i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008,

comhábhair údaraithe eile arna n-úsáid i gcomhréir le Rialacháin (CE) Uimh. 1333/2008 agus (CE) Uimh. 1334/2008,

táirgí milsithe,

táirgí talmhaíochta eile,

earraí bia; nó

(ii)

trí aon cheann díobh seo a leanas a chur léi, ar leithligh nó mar theaglaim díobh:

deochanna biotáilleacha eile,

alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta,

driogáití de thionscnamh talmhaíochta,

earraí bia eile;

(e)

ní thiteann sí faoi chóid AC 2203, 2204, 2205, 2206 ná 2207;

(f)

má tá uisce, a fhéadfar a bheith driogtha, dímhianraithe, iomalartaithe nó bogtha, curtha le linn a dtáirgeadh:

(i)

comhlíonann cáilíocht an uisce sin Treoir 98/83/CE ón gComhairle (15) agus Treoir 2009/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16); agus

(ii)

comhlíonann neart alcóil na dí biotáillí fós, tar éis an t-uisce a chur léi, an neart íosta alcóil de réir toirte dá bhforáiltear i bpointe (c) den Airteagal seo nó faoin gcatagóir ábhartha de dheochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “ainm dlíthiúil” an t-ainm faoina ndéantar deoch bhiotáilleach a chur ar an margadh, de réir bhrí phointe (n) d'Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011;

(2)

ciallaíonn “comhthéarma”, maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú dí alcólaí, teaglaim d'ainm dlíthiúil dá bhforáiltear sna catagóirí de dheochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó den tásc geografach le haghaidh deoch bhiotáilleach, as a dtionscnaíonn alcól uile an táirge deiridh, agus ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a bheith ag gabháil léi:

(a)

ainm earra bia amháin nó níos mó seachas deoch alcólach agus seachas earraí bia a úsáidtear chun an deoch bhiotáilleach sin a tháirgeadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I, nó aidiachtaí a dhíorthaítear ó na hainmneacha sin;

(b)

an téarma “licéar” nó “uachtar”;

(3)

ciallaíonn “tagairt” tagairt dhíreach nó indíreach do cheann amháin nó níos mó de na hainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear i gcatagóirí na ndeochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó do cheann amháin nó níos mó de thásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha, seachas tagairt i gcomhthéarma nó i liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 13(2), (3) agus (4), i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú na nithe seo a leanas:

(a)

earra bia seachas deoch bhiotáilleach, nó

(b)

deoch biotáilleach a chomhlíonann ceanglais chatagóirí 33 go 40 d'Iarscríbhinn I;

(4)

ciallaíonn “tásc geografach” tásc lena sainaithnítear deoch bhiotáilleach mar dheoch bhiotáilleach de thionscnamh críche tíre, nó réigiúin nó ceantair sa chríoch sin, i gcás ina bhfuil cáilíocht, cáil nó saintréith áirithe eile den deoch bhiotáilleach sin inchurtha go bunúsach i leith a tionscnaimh gheografaigh;

(5)

ciallaíonn “sonraíocht táirge” comhad a cheanglaítear leis an iarratas ar thásc geografach a chosaint, ina leagtar amach na sonraíochtaí nach mór don deoch bhiotáilleach a chomhlíonadh, agus dár tagraíodh, faoi Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, mar “chomhad teicniúil”;

(6)

ciallaíonn “grúpa” aon chomhlachas, gan beann ar an bhfoirm dhlíthiúil atá aige, atá comhdhéanta go príomha de tháirgeoirí nó de phróiseálaithe atá ag obair ar na deochanna biotáilleacha lena mbaineann;

(7)

ciallaíonn “ainm cineálach” ainm dí biotáillí atá anois cineálach agus, cé go mbaineann sé leis an áit nó leis an réigiún inar táirgeadh nó inar margaíodh an deoch bhiotáilleach sin ar dtús, atá anois mar ainm coitianta na dí biotáillí sin san Aontas;

(8)

ciallaíonn “réimse radhairc” réimse radhairc mar a shainmhínítear i bpointe (k) d'Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011;

(9)

ciallaíonn “measc” deoch bhiotáilleach de chatagóir de dheochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó de thásc geografach a chur le ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a)

deochanna biotáilleacha eile nach den chatagóir chéanna de dheochanna biotáilleacha a liostaítear in Iarscríbhinn I iad;

(b)

driogáití de thionscnamh talmhaíochta;

(c)

alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta;

(10)

ciallaíonn “meascán” deoch bhiotáilleach a bhfuil meascadh déanta air;

(11)

ciallaíonn “cumaisc” dhá cheann nó níos mó de dheochanna biotáilleacha den chatagóir chéanna a chur le chéile nach bhfuil d'idirdhealú eatarthu ach difríochtaí beaga i gcomhdhéanamh mar gheall ar cheann amháin nó níos mó de na tosca seo a leanas:

(a)

an modh táirgthe;

(b)

na stileanna a úsáidtear;

(c)

an tréimhse aibithe nó an tréimhse aosaithe;

(d)

limistéar geografach an táirgthe;

is den chatagóir chéanna de dheochanna biotáilleacha leis na deochanna biotáilleacha bunaidh sular cumascadh iad an deoch bhiotáilleach a tháirgfear ar an dóigh sin;

(12)

ciallaíonn “cumasc” deoch bhiotáilleach a bhfuil cumasc déanta uirthi.

Airteagal 4

Sainmhínithe teicniúla agus ceanglais theicniúla

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe teicniúla agus na ceanglais theicniúla seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “tuairisc” na téarmaí a úsáidtear i lipéadú, i gcur i láthair agus ar phacáistíocht dí biotáillí, sna doiciméid a ghabhann le hiompar dí biotáillí, sna doiciméid tráchtála, go háirithe na sonraisc agus na nótaí seachadta, agus i bhfógraíocht dí biotáillí;

(2)

ciallaíonn “cur i láthair” na téarmaí a úsáidtear sa lipéadú agus ar an bpacáistíocht, agus, chomh maith leis sin, i bhfógraíocht agus i mbolscaireacht díolacháin táirge, in íomhánna nó ina leithéid, agus ar an gcoimeádán freisin, lena n-áirítear ar an mbuidéal nó ar an dúntóir;

(3)

ciallaíonn “lipéadú” aon fhocal, sonra, trádmharc, ainm branda, ábhar pictiúrtha nó siombail a bhaineann le táirge agus a chuirtear ar aon phacáistíocht, doiciméad, fógra, lipéad, fáinne nó coiléar a ghabhann le táirge den sórt sin nó a dhéanann tagairt dó;

(4)

ciallaíonn “lipéad” aon chlib, branda, marc, ábhar pictiúrtha nó ábhar tuairisciúil eile a dhéantar a scríobh, a chló, a stionsalú, a mharcáil, a chabhradh, a bhrú anuas ar phacáistíocht bhia nó ar choimeádán bia, nó a cheanglaítear leo;

(5)

ciallaíonn “pacáistíocht” na fillteáin chosanta, cartáin, cásanna, coimeádáin agus buidéil a úsáidtear agus deochanna biotáilleacha á n-iompar nó á ndíol;

(6)

ciallaíonn “driogadh” próiseas deighilte teirmeach lena mbaineann céim deighilte amháin nó níos mó atá ceaptha chun airíonna orgánaileipteacha áirithe nó tiúchan níos airde alcóil a bhaint amach, nó iad araon, is cuma más faoi ghnáthbhrú nó faoi fholús a dhéantar na céimeanna sin, de dheasca na feiste driogtha a úsáidtear; agus is féidir driogadh aonair, ildriogadh nó athdhriogadh a bheith i gceist leis sin;

(7)

ciallaíonn “driogáit de thionscnamh talmhaíochta” leacht alcólach atá mar thoradh, tar éis coipeadh alcólach a dhéanamh, ar tháirgí talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh a dhriogadh, nach bhfuil na hairíonna aige atá ag alcól eitile agus a bhfuil cumhra agus blas na n-amhábhar a úsáideadh air go fóill;

(8)

ciallaíonn “milsigh” úsáid a bhaint as ceann amháin nó níos mó de na táirgí milsithe agus deochanna biotáilleacha á dtáirgeadh;

(9)

ciallaíonn “táirgí milsithe”:

(a)

siúcra leathbhán, siúcra bán, siúcra bán mínghlanta, deastrós, fruchtós, síoróip ghlúcóis, tuaslagán siúcra, tuaslagán siúcra inbhéartaithe agus síoróip siúcra inbhéartaithe, mar a shainmhínítear i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2001/111/CE ón gComhairle (17);

(b)

úrfhíon fíonchaor ceartdealaithe tiubhaithe, úrfhíon fíonchaor tiubhaithe agus úrfhíon úr fíonchaor;

(c)

siúcra dóite, arb é an táirge é a fhaightear go heisiach trí théamh rialaithe siúcróis gan bhunanna, gan aigéid mhianracha ná gan breiseáin cheimiceacha eile;

(d)

mil mar a shainmhínítear i bpointe 1 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/110/CE ón gComhairle (18);

(e)

síoróip charúib;

(f)

aon substaint nádúrtha carbaihiodráite eile a bhfuil éifeacht chomhchosúil aici leis na táirgí sin dá dtagraítear i bpointí (a) go (e);

(10)

ciallaíonn “alcól a chur isteach” alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta nó driogáití de thionscnamh talmhaíochta, nó an dá rud, a chur le deoch bhiotáilleach; maidir le halcól a chur le deoch bhiotáilleach, ní áirítear leis sin úsáid alcóil chun dathanna, blastáin nó aon chomhábhair údaraithe eile a úsáidtear i dtáirgeadh deochanna biotáilleacha a chaolú nó a thuaslagadh;

(11)

ciallaíonn “aibiú” nó “aosú” stóráil dí biotáillí i ngabhdáin iomchuí go ceann tréimhse chun críche lamháil don deoch bhiotáilleach sin dul faoi imoibrithe nádúrtha ina dtugtar saintréithe sonracha don deoch bhiotáilleach sin;

(12)

ciallaíonn “blaistigh” blastáin nó earraí bia blaistithe a chur le deoch bhiotáilleach le linn í a tháirgeadh trí cheann amháin nó níos mó de na próisis seo a leanas: cur isteach, insileadh, maothú, coipeadh alcólach, nó driogadh i láthair na mblastán nó na n-earraí bia blaistithe;

(13)

ciallaíonn “blastáin” blastáin mar a shainmhínítear i bpointe (a) d'Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008;

(14)

ciallaíonn “substaint bhlaistithe” substaint blaistithe mar a shainmhínítear i bpointe (b) d'Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008;

(15)

ciallaíonn “substaint bhlaistithe nádúrtha” substaint blaistithe nádúrtha mar a shainmhínítear i bpointe (c) d'Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008;

(16)

ciallaíonn “ullmhóid bhlaistithe” ullmhóid blaistithe mar a shainmhínítear i bpointe (d) d'Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008;

(17)

ciallaíonn “blastán eile” blastán eile mar a shainmhínítear i bpointe (h) d'Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008;

(18)

ciallaíonn “earraí bia blaistithe” earraí bia mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) agus a úsáidtear i dtáirgeadh deochanna biotáilleacha, agus arb é is príomhchuspóir leis an úsáid sin na deochanna biotáilleacha a bhlaistiú;

(19)

ciallaíonn “dathaigh” dath amháin nó níos mó a úsáid agus deoch bhiotáilleach á táirgeadh;

(20)

ciallaíonn “dathanna” dathanna mar a shainmhínítear i bpointe 2 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008;

(21)

ciallaíonn “caramal” breiseán bia a chomhfhreagraíonn do E-uimhreacha E 150a, E 150b, E 150c nó E 150d agus a bhaineann le táirgí a bhfuil diandath donn orthu, a bheag nó a mhór, ar táirgí iad atá beartaithe chun críocha dathaithe, dá dtagraítear i gCuid B d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008; ní chomhfhreagraíonn sé don táirge aramatach siúcrach a fhaightear ó shiúcraí a théamh agus a úsáidtear chun críocha blaistithe;

(22)

ciallaíonn “comhábhair údaraithe eile” comhábhair bhia a bhfuil airíonna blaistithe acu a údaraítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 agus breiseáin bhia seachas dathanna a údaraítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008;

(23)

ciallaíonn “neart alcóil de réir toirte” an cóimheas idir toirt an alcóil íon atá i dtáirge ag teocht 20 °C agus toirt iomlán an táirge sin ag an teocht chéanna;

(24)

ciallaíonn “ábhar substaintí so-ghalaithe” cainníocht na substaintí so-ghalaithe, seachas alcól eitile agus meatánól, atá i ndeoch bhiotáilleach a tháirgtear go heisiach trí dhriogadh.

Airteagal 5

Sainmhíniú ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta agus ceanglais lena aghaidh

Chun críocha an Rialacháin seo, is é is alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta ann leacht a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(a)

tá sí faighte go heisiach ó tháirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh;

(b)

níl aon bhlas inbhraite uirthi seachas blas na n-amhábhar a úsáidtear le linn a táirgthe;

(c)

is é 96,0 % an neart íosta alcóil de réir toirte atá inti;

(d)

ní théann leibhéil uasta a hiarmhar thar na méideanna seo a leanas:

(i)

aigéadacht iomlán (arna sloinneadh in aigéad aicéiteach): 1,5 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte;

(ii)

eistir (arna sloinneadh in aicéatáit eitile): 1,3 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte;

(iii)

aildéid (arna sloinneadh in aicéataildéad): 0,5 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte;

(iv)

ardalcóil (arna sloinneadh i meitil-2-própánól-1): 0,5 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte;

(v)

meatánól: 30 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte;

(vi)

éastóscán tirim: 1,5 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte;

(vii)

bunanna so-ghalaithe ina bhfuil nítrigin (arna sloinneadh i nítrigin): 0,1 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte;

(viii)

fúrfúral: neamh-inbhraite.

Airteagal 6

Alcól eitile agus na driogáití a úsáidtear i ndeochanna alcólacha

1.   Is de thionscnamh talmhaíochta go heisiach a bheidh an t-alcól eitile agus na driogáití a úsáidtear i dtáirgeadh deochanna biotáilleacha, de réir bhrí Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh.

2.   Ní úsáidfear aon alcól eile seachas alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, driogáití de thionscnamh talmhaíochta nó deochanna biotáilleacha de chatagóirí 1 go 14 d'Iarscríbhinn I chun dathanna, blastáin nó aon chomhábhair údaraithe eile a úsáidtear i dtáirgeadh deochanna alcólacha a chaolú nó a thuaslagadh. Ní úsáidfear an t-alcól sin a úsáidtear chun dathanna, blastáin nó aon chomhábhair údaraithe eile a chaolú nó a thuaslagadh ach amháin sna méideanna a bhfuil géarghá leo chun na críche sin.

3.   Ní bheidh alcól de thionscnamh sintéiseach i ndeochanna alcólacha, ná in alcól eile nach de thionscnamh talmhaíochta é, de réir bhrí Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh.

Airteagal 7

Catagóirí deochanna biotáilleacha

1.   Déanfar deochanna biotáilleacha a chatagóiriú i gcomhréir leis na rialacha ginearálta a leagtar síos san Airteagal seo agus leis na rialacha sonracha a leagtar síos in Iarscríbhinn I.

2.   Gan dochar do na rialacha sonracha a leagtar síos maidir le gach ceann de na catagóirí deochanna biotáilleacha 1 go 14 d'Iarscríbhinn I, i ndáil le deochanna biotáilleacha na gcatagóirí sin:

(a)

beidh siad táirgthe tríd an gcoipeadh alcólach agus an driogadh, agus gheofar iad go heisiach ón amhábhar dá bhforáiltear faoi chatagóir chomhfhreagrach na ndeochanna biotáilleacha in Iarscríbhinn I;

(b)

ní chuirfear alcól isteach, bíodh sé caolaithe nó ná bíodh;

(c)

ní dhéanfar iad a bhlaistiú;

(d)

ní dhéanfar iad a dhathú le haon ní seachas caramal a úsáidtear go heisiach chun dath na ndeochanna biotáilleacha sin a choigeartú;

(e)

ní dhéanfar iad a mhilsiú, ach amháin chun barr blais deireanach a chur ar an táirge; ní rachaidh uasmhéid na dtáirgí milsithe, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe, thar na tairseacha a leagtar amach le haghaidh gach catagóire in Iarscríbhinn I;

(f)

ní bheidh gnéithe cúnta iontu seachas ítimí iomlána neamhphróiseáilte an amhábhair as a bhfaightear an t-alcól, agus a úsáidtear chun críocha maisithe den chuid is mó.

3.   Gan dochar do na rialacha sonracha a leagtar síos maidir le gach ceann de na catagóirí deochanna biotáilleacha 15 go 44 d'Iarscríbhinn I, i ndáil le deochanna biotáilleacha na gcatagóirí sin:

(a)

féadfar iad a tháirgeadh ó aon amhábhar talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh;

(b)

féadfar alcól a bheith curtha isteach;

(c)

féadfar a bheith iontu substaintí blaistithe, substaintí blaistithe nádúrtha, ullmhóidí blaistithe agus earraí bia blaistithe;

(d)

féadfaidh siad a bheith dathaithe;

(e)

féadfaidh siad a bheith milsithe.

4.   Gan dochar do na rialacha sonracha a leagtar síos in Iarscríbhinn II, i ndáil le deochanna biotáilleacha eile nach gcomhlíonann na rialacha sonracha a leagtar síos maidir le gach ceann de na catagóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn I:

(a)

féadfar iad a tháirgeadh ó aon amhábhar talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh nó ó aon earra bia nó ón dá rud;

(b)

féadfar alcól a bheith curtha isteach;

(c)

féadfaidh siad a bheith blaistithe;

(d)

féadfaidh siad a bheith dathaithe;

(e)

féadfaidh siad a bheith milsithe.

Airteagal 8

Cumhachtaí tarmligthe agus cumhachtaí cur chun feidhme

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 46 lena leasaítear an Rialachán seo trí leasuithe a thabhairt isteach ar na sainmhínithe teicniúla agus ar na ceanglais theicniúla a leagtar síos i bpointe (f) d'Airteagal 2, agus in Airteagal 4 agus Airteagal 5.

Na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh siad teoranta go docht sa dóigh nach bhfreastalóidh siad ach ar riachtanais a léireofar agus a thiocfaidh as éilimh tomhaltóirí atá ag athrú, as an dul chun cinn teicneolaíoch nó as an ngá atá le nuálaíocht táirgí.

Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe ar leithligh i ndáil le gach sainmhíniú teicniúil nó gach ceanglas teicniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 46 lena bhforlíontar an Rialachán seo trína leagan síos, i gcásanna eisceachtúla, i gcás ina gceanglaítear déanamh amhlaidh le dlí an tríú tír allmhairithe, maoluithe ar na ceanglais a leagtar amach i bpointe (f) d'Airteagal 2, agus in Airteagal 4 agus Airteagal 5, na ceanglais faoi na catagóirí deochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus na rialacha sonracha maidir le deochanna biotáilleacha áirithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 46 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí shonrú a dhéanamh ar cé na substaintí nádúrtha nó na hamhábhair talmhaíochta eile atá údaraithe ar fud an Aontais mar tháirgí milsithe i dtáirgeadh deochanna biotáilleacha, ar substaintí nó amhábhair iad a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu leis na táirgí dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) d'Airteagal 4(9).

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha aonfhoirmeacha a ghlacadh maidir le substaintí nádúrtha eile nó amhábhair thalmhaíochta eile a úsáid arna n-údarú le gníomhartha tarmligthe mar tháirgí milsithe i dtáirgeadh deochanna biotáilleacha dá dtagraítear i mír 3, lena gcinnfear, go háirithe, na fachtóirí coinbhéartachta ábhartha faoi seach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

CAIBIDIL II

TUAIRISC, CUR I LÁTHAIR AGUS LIPÉADÚ DEOCHANNA BIOTÁILLEACHA AGUS ÚSÁID AINMNEACHA DEOCHANNA BIOTÁILLEACHA I gCUR I LÁTHAIR AGUS I LIPÉADÚ EARRAÍ BIA EILE

Airteagal 9

Cur i láthair agus lipéadú

Deochanna biotáilleacha a chuirtear ar mhargadh an Aontais, comhlíonfaidh siad na ceanglais maidir le cur i láthair agus lipéadú a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo.

Airteagal 10

Ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha

1.   Is é a bheidh mar ainm ar dheoch bhiotáilleach a hainm dlíthiúil.

Beidh ainmneacha dlíthiúla ag dul le tuairisc, le cur i láthair agus le lipéadú deochanna biotáilleacha.

Déanfar ainmneacha dlíthiúla a thaispeáint go soiléir agus go sofheicthe ar lipéad na dí biotáillí agus ní chuirfear rud eile ina n-ionad ná ní athrófar iad.

2.   Deochanna biotáilleacha a chomhlíonann na ceanglais de chatagóir deochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, úsáidfidh siad ainm na catagóire sin mar a n-ainm dlíthiúil, ach amháin mura gceadaítear leis an gcatagóir sin úsáid a bhaint as ainm dlíthiúil eile.

3.   Deoch bhiotáilleach nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos le haghaidh aon cheann de chatagóirí na ndeochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, bainfidh sí úsáid as an ainm dlíthiúil “deoch bhiotáilleach”.

4.   Deoch bhiotáilleach a chomhlíonann na ceanglais maidir le níos mó ná catagóir amháin deochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, féadfar iad a chur ar an margadh faoi cheann amháin nó níos mó de na hainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear faoi na catagóirí sin in Iarscríbhinn I.

5.   D'ainneoin mhír 1 agus mír 2 den Airteagal seo, féadfar an méid seo a leanas a bheith i gceist le hainm dlíthiúil dí biotáillí:

(a)

féadfar é a fhorlíonadh le tásc geografach dá dtagraítear i gCaibidil III nó féadfar an tásc geografach sin a chur ina ionad. Sa chás sin, féadfar an tásc geografach a fhorlíonadh tuilleadh le haon téarma a cheadaítear leis an tsonraíocht táirge ábhartha, ar choinníoll nach gcuirfear an tomhaltóir ar míthreoir leis an méid sin; agus.

(b)

féadfar comhthéarma ina bhfuil an téarma “licéar” nó “uachtar” a chur ina ionad, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann an táirge deiridh ceanglais chatagóir 33 d'Iarscríbhinn I.

6.   Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 agus do na rialacha sonracha a leagtar síos le haghaidh na gcatagóirí deochanna biotáilleacha atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, féadfar ainm dlíthiúil dí biotáillí a fhorlíonadh leis an méid seo a leanas:

(a)

ainm nó tagairt gheografach, dá bhforáiltear sna forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is infheidhme sa Bhallstát ina ndéantar an deoch bhiotáilleach a chur ar an margadh, ar choinníoll nach gcuirfear an tomhaltóir ar míthreoir leis an méid sin;

(b)

gnáthainm mar atá sainmhínithe i bpointe (o) d'Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, ar choinníoll nach gcuirfear an tomhaltóir ar míthreoir leis an méid sin;

(c)

comhthéarma nó tagairt i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Airteagal 12;

(d)

an téarma “cumasc” nó “cumaiscthe”, ar choinníoll go ndearnadh cumasc ar an deoch bhiotáilleach;

(e)

an téarma “meascán”, “measctha” nó “deoch bhiotáilleach mheasctha”, ar choinníoll go ndearnadh meascadh ar an deoch bhiotáilleach; nó

(f)

an téarma “tirim” nó “dry”, ach amháin i gcás deochanna biotáilleacha a chomhlíonann ceanglais chatagóir 2 d'Iarscríbhinn I, gan dochar do na ceanglais shonracha a leagtar síos i gcatagóirí 20 go 22 d'Iarscríbhinn I, agus ar choinníoll nach ndearnadh an deoch bhiotáilleach a mhilsiú, fiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. De mhaolú ar an gcéad pháirt den phointe seo, féadfar ainm dlíthiúil na ndeochanna biotáilleacha a chomhlíonann ceanglais chatagóir 33 agus atá, dá bhrí sin, milsithe a fhorlíonadh leis an téarma “tirim” nó “dry”.

7.   Gan dochar d'Airteagal 11 agus Airteagal 12 agus d'Airteagal 13(2), 13(3) agus 13(4), toirmeascfar úsáid na n-ainmneacha dlíthiúla dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo nó úsáid tásc geografach i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú aon dí nach gcomhlíonann ceanglais na catagóire ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó úsáid an táisc gheografaigh ábhartha. Beidh feidhm ag an toirmeasc sin freisin i gcás ina mbainfear úsáid as ainmneacha dlíthiúla den sórt sin nó as tásca geografacha den sórt sin i gcomhar le focail nó frásaí amhail “cosúil”, “cineál”, “stíl”, “déanta”, “blas” nó aon téarmaí comhchosúla eile.

Gan dochar d'Airteagal 12(1), maidir le blastáin a dhéanann aithris ar dheoch bhiotáilleach nó ar a n-úsáid i dtáirgeadh earra bia seachas deoch, féadfar tagairtí a dhéanamh, ina gcur i láthair agus ina lipéadú, do na hainmneacha dlíthiúla dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, ar choinníoll go ndéanfar na hainmneacha dlíthiúla sin a fhorlíonadh leis an téarma “blas” nó le haon téarmaí comhchosúla eile. Ní úsáidfear tásca geografacha chun tuairisc a thabhairt ar bhlastáin den sórt sin.

Airteagal 11

Comhthéarmaí

1.   I dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú dí alcólaí, údarófar ainm dlíthiúil dá bhforáiltear i gcatagóirí na ndeochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha a úsáid i gcomhthéarma ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

is de thionscnamh eisiach na dí biotáillí dá dtagraítear sa chomhthéarma an t-alcól a úsáidtear i dtáirgeadh na dí alcólaí, cé is moite don alcól a d'fhéadfadh a bheith i láthair i mblastáin, i ndathanna nó i gcomhábhair údaraithe eile a úsáidtear chun an deoch alcólach sin a tháirgeadh; agus

(b)

ní dhearnadh an deoch bhiotáilleach a chaolú le huisce agus le huisce amháin a chur léi, sa chaoi go bhfuil a neart alcóil faoi bhun an nirt íosta dá bhforáiltear faoin gcatagóir ábhartha deochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

2.   Gan dochar do na hainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear in Airteagal 10, ní bheidh na téarmaí “alcól”, “biotáille”, “deoch”, “deoch bhiotáilleach” ná “uisce” ina gcuid de chomhthéarma lena dtugtar tuairisc ar dheoch alcólach.

3.   Maidir le comhthéarmaí lena dtugtar tuairisc ar dheoch alcólach :

(a)

beidh siad i gcarachtair aonfhoirmeacha ar aon chló, ar aon mhéid agus ar aon dath;

(b)

ní bhrisfear iad le haon eilimint théacsúil ná phictiúrtha nach cuid díobh í; agus

(c)

ní bheidh siad i gclómhéid ar mó í ná an chlómhéid a úsáidtear le haghaidh ainm na dí alcólaí.

Airteagal 12

Tagairtí

1.   Tagairt, i gcur i láthair agus i lipéadú earra bia nach deoch alcólach é, d'ainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear faoi cheann amháin nó níos mó de chatagóirí deochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, nó do cheann amháin nó níos mó de thásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha, déanfar í a údarú ar choinníoll gur de thionscnamh eisiach na dí biotáillí nó na ndeochanna biotáilleacha dá dtagraítear sa tagairt an t-alcól a úsáidtear i dtáirgeadh an earra bia, ach amháin a mhéid a bhaineann leis an alcól a d'fhéadfadh a bheith i láthair i mblastáin, i ndathanna nó i gcomhábhair údaraithe eile a úsáidtear chun an t-earra bia sin a tháirgeadh.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo agus gan dochar do Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 (20) agus (AE) Uimh. 251/2014 (21) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tagairt, i gcur i láthair agus i lipéadú dí alcólaí nach deoch bhiotáilleach í, d'ainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear i gcatagóir amháin nó níos mó de dheochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo nó do cheann amháin nó níos mó de thásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha, déanfar í a údarú ar choinníoll:

(a)

gur de thionscnamh eisiach na dí biotáillí nó na ndeochanna biotáilleacha dá dtagraítear sa tagairt an t-alcól a cuireadh isteach; agus

(b)

go léirítear cion gach comhábhair alcólaigh uair amháin ar a laghad sa réimse radhairc céanna leis an tagairt, in ord íslitheach na gcainníochtaí a úsáidtear. Beidh an cion sin comhionann leis an gcéatadán de réir toirte d'alcól íon dá léirítear sa mhéid iomlán d'alcól íon de réir toirte den táirge deiridh.

3.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo agus ar Airteagal 13(4), an tagairt, i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú dí biotáillí a chomhlíonann ceanglais chatagóirí 33 go 40 d'Iarscríbhinn I, d'ainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear i gcatagóir amháin nó níos mó de dheochanna biotáilleacha a leagtar amach san Iarscríbhinn sin nó do cheann amháin nó níos mó de na tásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha, déanfar í a údarú ar choinníoll:

(a)

gur de thionscnamh eisiach na dí biotáillí nó na ndeochanna biotáilleacha dá dtagraítear sa tagairt an t-alcól a cuireadh isteach;

(b)

go léirítear cion gach comhábhair alcólaigh uair amháin ar a laghad sa réimse radhairc céanna leis an tagairt, in ord íslitheach na gcainníochtaí a úsáidtear. Beidh an cion sin comhionann leis an gcéatadán de réir toirte d'alcól íon dá léirítear sa mhéid iomlán d'alcól íon de réir toirte den táirge deiridh; agus

(c)

nach dtaispeántar an téarma “cream” in ainm dlíthiúil dí biotáillí a chomhlíonann ceanglais chatagóirí 33 go 40 d'Iarscríbhinn I nó in ainm dlíthiúil na dí biotáillí nó na ndeochanna biotáilleacha dá dtagraítear sa tagairt.

4.   Maidir leis na tagairtí dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3:

(a)

ní bheidh siad ar an líne chéanna le hainm na dí alcólaí; agus

(b)

beidh siad le feiceáil i gclómhéid nach mó ná leath na clómhéide arna húsáid in ainm na dí alcólaí agus, i gcás comhthéarmaí a úsáid, i gclómhéid nach mó ná leath na clómhéide arna húsáid do chomhthéarmaí den sórt sin, i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 11(3).

Airteagal 13

Rialacha breise maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú

1.   Maidir le hamhábhair a úsáidtear i dtáirgeadh alcóil eitile de thionscnamh talmhaíochta nó driogáití de thionscnamh talmhaíochta a úsáidtear i dtáirgeadh na dí biotáillí sin, ní fhéadfar tagairt a dhéanamh dóibh i dtuairisc, i gcur i láthair ná i lipéadú dí biotáillí ach amháin i gcás go bhfuarthas an t-alcól eitile sin nó na driogáití sin go heisiach ó na hamhábhair sin. I gcás den sórt sin, déanfar gach cineál alcóil eitile de thionscnamh talmhaíochta nó gach driogáit de thionscnamh talmhaíochta a lua in ord íslitheach na cainníochta de réir toirte d'alcóil íon.

2.   Féadfar na hainmneacha dlíthiúla dá dtagraítear in Airteagal 10 a áireamh i liosta comhábhar d'earraí bia, ar choinníoll go mbeidh an liosta sin i gcomhréir le hAirteagal 18 go hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.

3.   I gcás meascáin nó cumaisc, ní fhéadfar na hainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear i gcatagóirí na ndeochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I ná na tásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha a léiriú ach i liosta na gcomhábhar alcólach atá sa réimse radhairc céanna le hainm dlíthiúil na dí biotáillí.

Sa chás dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh ar a laghad ceann amháin de na téarmaí dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e) d'Airteagal 10(6) ag gabháil le liosta na gcomhábhar alcólach. Beidh liosta na gcomhábhar alcólach agus an téarma a ghabhann leis sa réimse radhairc céanna le hainm dlíthiúil na dí biotáillí, i gcarachtair aonfhoirmeacha a bhfuil an cló céanna agus an dath céanna orthu agus i gclómhéid nach mó ná leath na clómhéide a úsáidtear don ainm dlíthiúil.

Sa bhreis air sin, déanfar cion gach comhábhair alcólaigh i liosta na gcomhábhar alcólach a shloinneadh uair amháin ar a laghad mar chéatadán, in ord íslitheach na gcainníochtaí a úsáidtear. Beidh an cion sin comhionann leis an gcéatadán de réir toirte d'alcól íon dá léirítear sa mhéid iomlán d'alcól íon de réir toirte den mheascán.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le cumaisc a dhéantar de dheochanna biotáilleacha ar leis an tásc geografach céanna iad nó maidir le cumaisc nach le tásc geografach aon cheann de na deochanna biotáilleacha.

4.   De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, má chomhlíonann meascán na ceanglais i ndáil le ceann de chatagóirí na ndeochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, is ar an meascán sin a bheidh an t-ainm dlíthiúil dá bhforáiltear sa chatagóir ábhartha.

Sa chás dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfar na hainmneacha dlíthiúla a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó tásca geografacha a chomhfhreagraíonn do na deochanna biotáilleacha a meascadh a thaispeáint i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú an mheascáin, ar choinníoll go bhfuil na hainmneacha sin:

(a)

i liosta de na comhábhair alcólacha ar fad atá sa mheascán, agus sa liosta sin amháin, agus beidh siad le feiceáil i gcarachtair aonfhoirmeacha a bhfuil an cló céanna agus an dath céanna orthu agus i gclómhéid nach mó ná leath na clómhéide a úsáidtear don ainm dlíthiúil; agus

(b)

uair amháin ar a laghad sa réimse radhairc céanna le hainm dlíthiúil an mheascáin.

Sa bhreis air sin, déanfar cion gach comhábhair alcólaigh i liosta na gcomhábhar alcólach a shloinneadh uair amháin ar a laghad mar chéatadán, in ord íslitheach na gcainníochtaí a úsáidtear. Beidh an cion sin comhionann leis an gcéatadán de réir toirte d'alcól íon dá léirítear sa mhéid iomlán d'alcól íon de réir toirte den mheascán.

5.   Maidir le húsáid ainmneacha amhábhar plandaí a úsáidtear mar ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha áirithe, ní dochar an méid d'úsáid ainmneacha na n-amhábhar plandaí sin i gcur i láthair agus i lipéadú earraí bia eile. Féadfar ainmneacha na n-amhábhar sin a úsáid i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú deochanna biotáilleacha eile, ar choinníoll nach gcuirfear an tomhaltóir ar míthreoir leis an úsáid sin.

6.   Ní fhéadfar tréimhse aibithe ná aois a shonrú i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú dí biotáillí ach amháin i gcás ina ndéantar tagairt don chomhpháirt alcólach is óige den deoch bhiotáilleach agus in aon chás ar choinníoll go ndearnadh na hoibríochtaí ar fad chun an deoch bhiotáilleach a aosú faoi mhaoirseacht ioncaim Ballstáit nó faoi mhaoirseacht lena soláthrófar ráthaíochtaí coibhéiseacha. Cuirfidh an Coimisiún clár poiblí ar bun ina liostófar na comhlachtaí arna gceapadh ag gach Ballstát chun maoirseacht a dhéanamh ar phróisis aosaithe.

7.   Léireofar ainm dlíthiúil dí biotáillí sa doiciméad riaracháin leictreonach dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún (22). I gcás ina léireofar tréimhse aibithe nó aois i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú na dí biotáillí, luafar sa doiciméad riaracháin sin freisin í.

Airteagal 14

Bunáitíocht a léiriú

1.   I gcás ina léirítear bunáitíocht na dí biotáillí, cé is moite de thásc geografach nó de thrádmharcanna, ina tuairisc, ina cur i láthair nó ina lipéadú, comhfhreagróidh sí don áit nó don réigiún ina ndearnadh an chéim nó na céimeanna sa phróiseas táirgthe a tugadh go dtí an deoch bhiotáilleach deiridh a tréithiúlacht agus na saintréithe cinntitheacha riachtanacha.

2.   Ní cheanglófar, i gcás deochanna biotáilleacha, tír thionscnaimh ná bunáitíocht an phríomh-chomhábhair dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 a léiriú.

Airteagal 15

An teanga arna húsáid d'ainmneacha deochanna biotáilleacha

1.   Téarmaí atá i gcló iodálach in Iarscríbhinní I agus II agus tásca geografacha, ní dhéanfar iad a aistriú ar an lipéad ná i dtuairisc agus i gcur i láthair na ndeochanna biotáilleacha.

2.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás deochanna biotáilleacha a tháirgtear san Aontas agus a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, féadfaidh aistriúcháin, tras-scríbhinní nó traslitrithe a bheith ag gabháil leis na téarmaí dá dtagraítear i mír 1 agus le tásca geografacha den sórt sin, ar choinníoll nach bhfuil téarmaí agus tásca geografacha den sórt sin sa teanga bhunaidh i bhfolach.

Airteagal 16

Siombail de chuid an Aontais a úsáid do thásca geografacha

Féadfar siombail an Aontais do thásca geografacha faoi chosaint a bunaíodh de bhun Airteagal 12(7) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 a úsáid i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú deochanna biotáilleacha ar táscanna geografacha a n-ainmneacha.

Airteagal 17

Toirmeasc ar chapsúil luaidhe-bhunaithe agus ar scragall luaidhe-bhunaithe

Ní dhéanfar deochanna biotáilleacha a choinneáil lena ndíol ná iad a chur ar an margadh i gcoimeádáin a bhfuil gléasanna dúnta orthu atá clúdaithe le capsúil luaidhe-bhunaithe nó le scragall luaidhe-bhunaithe.

Airteagal 18

Modhanna tagartha anailíse an Aontais

1.   I gcás ina bhfuil anailís le déanamh ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, ar dhriogáití de thionscnamh talmhaíochta nó ar dheochanna biotáilleacha lena fhíorú go gcomhlíonann siad an Rialachán seo, beidh an anailís sin i gcomhréir le modhanna tagartha anailíse an Aontais chun a gcomhdhéanamh ceimiceach agus fisiceach agus a n-airíonna orgánaileipteacha a chinneadh.

Ceadófar modhanna eile anailíse, faoi fhreagracht stiúrthóir na saotharlainne, ar choinníoll go bhfuil cruinneas, in-atrialltacht agus in-atáirgtheacht na modhanna coibhéiseach ar a laghad leo siúd de chuid mhodhanna tagartha anailíse ábhartha an Aontais.

2.   I gcás nach bhfuil modhanna anailíse an Aontais leagtha síos chun substaintí atá i ndeoch bhiotáilleach ar leith a bhrath agus a chainníochtú, úsáidfear ceann amháin nó níos mó de na modhanna seo a leanas:

(a)

modhanna anailíse a bailíochtaíodh le nósanna imeachta atá aitheanta go hidirnáisiúnta agus a chomhlíonann, go háirithe, na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23);

(b)

modhanna anailíse atá de réir na gcaighdeán atá molta ag Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO);

(c)

modhanna anailíse atá aitheanta agus foilsithe ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Fíniúna agus Fíona (OIV); nó

(d)

in éagmais modha amhail dá dtagraítear i bpointí (a), (b) nó (c), mar gheall ar a chruinneas, a in-atrialltacht agus a in-atáirgtheacht:

modh anailíse arna fhormheas ag an mBallstát lena mbaineann;

i gcás inar gá, aon mhodh oiriúnach anailíse eile.

Airteagal 19

Cumhachtaí tarmligthe

1.   Chun próiseas traidisiúnta dinimiciúil an aosaithe le haghaidh brandy a chur san áireamh sna Ballstáit ar a dtugtar córas criaderas y solera nó córas solera e criaderas mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 46 lena bhforlíontar an Rialachán tríd an méid seo a leanas:

(a)

maoluithe a leagan síos ar Airteagal 13(6) maidir le tréimhse aibithe nó aois a shonrú i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú brandy den sórt sin; agus

(b)

sásraí rialaithe iomchuí a bhunú i leith brandy den sórt sin.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46 lena bhforlíontar an Rialachán seo maidir le clár poiblí a chur ar bun ina liostófar na comhlachtaí arna gceapadh ag gach Ballstát chun maoirseacht a dhéanamh ar phróisis aosaithe dá bhforáiltear in Airteagal 13(6).

Airteagal 20

Cumhachtaí cur chun feidhme

Féadfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:

(a)

na rialacha is gá chun cumarsáidí a dhéanamh ag na Ballstáit maidir leis na comhlachtaí arna gceapadh chun maoirseacht a dhéanamh ar phróisis aosaithe i gcomhréir le Airteagal 13(6);

(b)

rialacha aonfhoirmeacha chun an tír thionscnaimh nó an bhunáitíocht a léiriú i dtuairisc, i gcuir i láthair nó i lipéadú deochanna biotáilleacha dá dtagraítear in Airteagal 14;

(d)

rialacha maidir le húsáid shiombail an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 16 i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú deochanna biotáilleacha;

(d)

rialacha mionsonraithe teicniúla maidir le modhanna tagartha anailíse an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 18.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

CAIBIDIL III

TÁSCA GEOGRAFACHA

Airteagal 21

Tásca geografacha a chosaint

1.   Féadfaidh aon oibreoir a bhfuil deoch bhiotáilleach á margú aige tásca geografacha atá faoi chosaint faoin Rialachán seo a úsáid má táirgeadh an deoch bhiotáilleach i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach.

2.   Déanfar tásca geografacha atá faoi chosaint faoin Rialachán seo a chosaint in aghaidh an mhéid seo a leanas:

(a)

aon úsáid dhíreach nó indíreach tráchtála a bhaintear as ainm cláraithe maidir le táirgí nach gcumhdaítear faoin gclárú i gcás ina bhfuil na táirgí sin inchomparáide leis na táirgí atá cláraithe faoin ainm sin nó i gcás ina dtagann úsáid an ainm sin i dtír ar chlú an ainm atá faoi chosaint, lena n-áirítear i gcás ina n-úsáidtear na táirgí sin mar chomhábhar;

(b)

aon mhí-úsáid, aon aithris nó aon tabhairt chun cuimhne, fiú má thugtar le fios fíorthionscnamh na dtáirgí nó na seirbhísí nó má aistrítear an t-ainm faoi chosaint nó má chuirtear slonn ar nós “stíl”, “cineál”, “modh”, “faoi mar a tháirgtear i”, “aithris”, “blas”, “cosúil” nó rud éigin comhchosúil leis, lena n-áirítear nuair a úsáidtear na táirgí mar chomhábhar;

(c)

aon tásc bréagach nó míthreorach eile maidir le bunús, tionscnamh, cineál nó saintréithe bunúsacha an táirge i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú an táirge a d'fhéadfadh tuiscint bhréige a chruthú maidir le tionscnamh an táirge;

(d)

aon chleachtas eile a d'fhéadfadh an tomhaltóir a chur ar míthreoir maidir le fíorthionscnamh an táirge.

3.   Ní thiocfaidh tásca geografacha atá faoi chosaint faoin Rialachán seo chun bheith cineálach san Aontas.

4.   Beidh feidhm ag an gcosaint dá dtagraítear i mír 2 maidir le hearraí atá ag teacht isteach i gcríoch chustaim an Aontais gan iad a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta ansin.

Airteagal 22

Sonraíocht táirge

1.   Maidir le tásc geografach atá faoi chosaint faoin Rialachán seo, comhlíonfaidh sé sonraíocht táirge lena n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

an t-ainm atá le cosaint mar thásc geografach, mar a úsáidtear é, bíodh sé sin i dtrádáil nó sa ghnáthchaint, sna teangacha sin amháin a úsáidtear nó a úsáideadh san am atá thart chun tuairisc a thabhairt ar an táirge ar leith sin sa limistéar geografach sainithe, sa scríbhinn bunaidh agus i tras-scríobh Laidine más éagsúil;

(b)

catagóir na dí biotáillí nó an téarma “deoch bhiotáilleach” mura gcomhlíonann an deoch bhiotáilleach na ceanglais a leagtar síos le haghaidh chatagóirí na ndeochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(c)

tuairisc ar shaintréithe na dí biotáillí, lena n-áirítear na hamhábhair as a dtáirgtear í, más iomchuí, chomh maith le príomh-shaintréithe fisiceacha, ceimiceacha nó orgánaileipteacha an táirge agus saintréithe sonracha an táirge i gcomparáid le deochanna biotáilleacha den chatagóir chéanna;

(d)

sainiú an limistéir gheografaigh arna theormharcáil i ndáil leis an nasc dá dtagraítear i bpointe (f);

(e)

tuairisc ar an modh lena dtáirgtear an deoch bhiotáilleach agus, i gcás inarb iomchuí, ar na modhanna táirgthe barántúla áitiúla neamhathraitheacha;

(f)

sonraí ina léirítear an nasc idir cáilíocht áirithe, cáil áirithe nó saintréith áirithe eile de chuid na dí biotáillí agus a tionscnamh gheografach;

(g)

ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil nó, má tá siad ar fáil, ainmneacha agus seoltaí na gcomhlachtaí a fhíoraíonn go gcomhlíontar forálacha na sonraíochta táirge de bhun Airteagal 38 agus na cúraimí sonracha atá orthu;

(h)

aon riail shonrach lipéadaithe maidir leis an tásc geografach i dtrácht.

I gcás inarb infheidhme, déanfar na ceanglais maidir le pacáistiú a áireamh sa tsonraíocht táirge lena mbeidh bonn cirt ag gabháil lena léireofar an fáth nach mór an pacáistiú a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe chun an cháilíocht a chosaint, chun an tionscnamh a áirithiú nó chun rialú a áirithiú, agus dlí an Aontais á chur san áireamh, go háirithe dlí an Aontais i dtaca le saorghluaiseacht earraí agus saorsholáthar seirbhísí.

2.   Déanfar comhaid theicniúla a thíolacfar mar chuid d'aon iarratas roimh an 8 Meitheamh 2019 faoi Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a mheas mar shonraíochtaí táirgí faoin Airteagal seo.

Airteagal 23

Inneachar an iarratais ar thásc geografach a chlárú

1.   Beidh an méid seo a leanas ar a laghad in iarratas ar thásc geografach a chlárú de bhun Airteagal 24(5) nó (8):

(a)

ainm agus seoladh an ghrúpa iarrthaigh agus na n-údarás inniúil nó, má tá siad ar fáil, na gcomhlachtaí a fhíoraíonn go gcomhlíontar forálacha na sonraíochta táirge;

(b)

an tsonraíocht táirge dá bhforáiltear in Airteagal 22;

(c)

doiciméad aonair ina leagtar amach an méid seo a leanas:

(i)

príomhphointí na sonraíochta táirge, lena n-áirítear an t-ainm atá le cosaint, an catagóir ar leis an deoch bhiotáilleach nó an téarma “deoch bhiotáilleach”, an modh táirgthe, tuairisc ar shaintréithe na dí biotáillí, sainmhíniú beacht ar an limistéar geografach, agus, i gcás inarb iomchuí, rialacha sonracha maidir le pacáistiú agus lipéadú;

(ii)

tuairisc ar an nasc idir an deoch bhiotáilleach agus a tionscnamh geografach dá dtagraítear i bpointe (4) d'Airteagal 3, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na heilimintí sonracha atá sa tuairisc ar an táirge nó sa mhodh táirgthe ina dtugtar bonn cirt leis an nasc sin.

In iarratas dá dtagraítear in Airteagal 24(8), áireofar san freisin tagairt foilseacháin na sonraíochta táirge agus cruthúnas go bhfuil ainm an táirge faoi chosaint ina thír thionscnaimh.

2.   Beidh an méid seo a leanas i sainchomhad iarratais dá dtagraítear in Airteagal 24(7):

(a)

ainm agus seoladh an ghrúpa iarrthaigh;

(b)

an doiciméad aonair dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo;

(c)

dearbhú ón mBallstát go bhfuil sé den tuairim go gcomhlíonann an t-iarratas ceanglais an Rialacháin seo agus na forálacha arna nglacadh dá bhun;

(d)

tagairt foilseacháin na sonraíochta táirge.

Airteagal 24

Iarratas ar thásc geografach a chlárú

1.   Iarratais ar thásc geografach a chlárú faoin gCaibidil seo, ní fhéadfaidh ach grúpaí a oibríonn leis an deoch bhiotáilleach a bhfuil a hainm beartaithe le haghaidh clárúcháin iad a thíolacadh.

2.   Féadfar údarás arna ainmniú ag Ballstát a mheas mar ghrúpa chun críocha na Caibidle seo más rud é nach bhfuil sé indéanta do na táirgeoirí lena mbaineann grúpa a chruthú mar gheall ar a líon, a suíomhanna geografacha nó a saintréithe eagrúcháin. I gcás den sórt sin, sonrófar na cúiseanna sin sa sainchomhad iarratais dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

3.   Féadfar duine nádúrtha nó duine dlítheanach a mheas mar ghrúpa chun críche na Caibidle seo má chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

is é an duine lena mbaineann an t-aon táirgeoir atá toilteanach iarratas a thíolacadh; agus

(b)

tá saintréithe ag an limistéar geografach sainithe atá éagsúil go suntasach ó na saintréithe atá ag limistéir chomharsanachta, tá saintréithe na dí biotáillí éagsúil ó na cinn a tháirgtear i limistéir chomharsanachta nó tá cáilíocht, cáil nó saintréith eile ar leith ag an deoch bhiotáilleach atá inchurtha go soiléir i leith a tionscnaimh gheografaigh.

4.   I gcás tásc geografach ina sonraítear limistéar geografach trasteorann, féadfaidh roinnt grúpaí as Ballstáit éagsúla nó as tríú tíortha iarratas comhpháirteach ar chlárú a thíolacadh.

I gcás ina ndéanfar iarratas comhpháirteach a thíolacadh, déanfaidh Ballstát lena mbaineann, nó grúpa iarrthach i dtríú tír lena mbaineann, é a chur faoi bhráid an Choimisiúin, go díreach nó trí údaráis an tríú tír sin tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis agus leis na grúpaí iarrthacha uile lena mbaineann. Beidh san áireamh san iarratas comhpháirteach an dearbhú dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 23(2) ó na Ballstáit uile lena mbaineann. Comhlíonfar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 23 sna Ballstáit uile agus sna tríú tíortha uile lena mbaineann.

I gcás iarratais chomhpháirteacha, déanfar na nósanna imeachta freasúra náisiúnta a bhaineann leo a sheoladh sna Ballstáit uile lena mbaineann.

5.   I gcás ina mbainfidh an t-iarratas le limistéar geografach i mBallstát, cuirfear an t-iarratas faoi bhráid údaráis an Bhallstáit sin.

Déanfaidh an Ballstát grinnscrúdú, ar dhóigh iomchuí, ar an iarratas lena sheiceáil go bhfuil sé réasúnaithe agus go gcomhlíonann sé ceanglais na Caibidle seo.

6.   Mar chuid den ghrinnscrúdú dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 5, tionscnóidh an Ballstát nós imeachta freasúra náisiúnta lena n-áiritheofar go bhfoilseofar go hiomchuí an t-iarratas dá dtagraítear i mír 5 agus lena gcuirfear tréimhse réasúnta ar fáil ionas go bhféadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, a bhfuil leas dlisteanach aige san iarratas agus atá ina chónaí nó atá bunaithe ar a chríoch, freasúra a thíolacadh in aghaidh an iarratais.

Scrúdóidh an Ballstát inghlacthacht aon fhreasúra a gheobhaidh sé i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear in Airteagal 28.

7.   Más rud é, tar éis measúnú a dhéanamh ar aon fhreasúra a fhaightear, go measann an Ballstát gur comhlíonadh ceanglais na Caibidle seo, féadfaidh sé cinneadh fabhrach a dhéanamh agus sainchomhad iarratais a chur faoi bhráid an Choimisiúin. I gcás den sórt sin, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas maidir le haon fhreasúraí inghlactha a fuarthas ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil na táirgí i dtrácht margaithe go dleathach aige, agus úsáid á baint as na hainmneacha lena mbaineann go leanúnach ar feadh 5 bliana ar a laghad roimh an dáta foilsithe dá dtagraítear i mír 6. Coinneoidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas freisin maidir le haon nósanna imeachta breithiúnacha náisiúnta a d'fhéadfadh difear a dhéanamh don nós imeachta clárúcháin.

I gcás ina ndéanfaidh an Ballstát cinneadh fabhrach de bhun na chéad fomhíre, áiritheoidh sé go bpoibleofar an cinneadh sin agus go mbeidh deis achomhairc ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann.

Áiritheoidh an Ballstát go bhfoilseofar an leagan sin den tsonraíocht táirge ar a bhfuil a chinneadh fabhrach bunaithe, agus cuirfidh sé an tsonraíocht táirge ar fáil go leictreonach.

Áiritheoidh an Ballstát freisin go bhfoilseofar go hiomchuí an leagan den tsonraíocht táirge ar a mbunóidh an Coimisiún a chinneadh de bhun Airteagal 26(2).

8.   I gcás ina mbainfidh an t-iarratas le limistéar geografach i dtríú tír, cuirfear an t-iarratas faoi bhráid an Choimisiúin, go díreach nó trí údaráis an tríú tír lena mbaineann.

9.   Is i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais a bheidh na doiciméid dá dtagraítear san Airteagal seo a chuirtear chuig an gCoimisiún.

Airteagal 25

Cosaint náisiúnta shealadach

1.   Ar bhonn sealadach amháin, féadfaidh Ballstát cosaint a bhronnadh ar ainm faoin gCaibidil seo ar an leibhéal náisiúnta, le héifeacht ón dáta a gcuirfear an t-iarratas faoi bhráid an Choimisiúin.

2.   Tiocfaidh deireadh leis an gcosaint náisiúnta sin ar an dáta a ndéanfar cinneadh maidir leis an gclárúchán faoin gCaibidil seo nó ar an dáta a dtarraingeofar siar an t-iarratas.

3.   I gcás nach gclárófar ainm faoin gCaibidil seo, is ar an mBallstát lena mbaineann amháin a bheidh an fhreagracht as iarmhairtí na cosanta náisiúnta sin.

4.   Is ar an leibhéal náisiúnta amháin a bheidh éifeachtaí ag na bearta a dhéanfaidh Ballstáit faoi mhír 1, agus ní bheidh aon éifeachtaí ar thrádáil laistigh den Aontas ná ar thrádáil idirnáisiúnta.

Airteagal 26

Grinnscrúdú ag an gCoimisiún agus foilsiú le haghaidh freasúra

1.   Déanfaidh an Coimisiún grinnscrúdú, ar dhóigh iomchuí, ar aon iarratas a gheobhaidh sé de bhun Airteagal 24, chun a sheiceáil go bhfuil sé réasúnaithe, go gcomhlíonann sé ceanglais na Caibidle seo, agus go bhfuil leas na ngeallsealbhóirí atá lasmuigh den Bhallstát an iarratais curtha san áireamh. Beidh grinnscrúdú den sórt sin bunaithe ar an doiciméad aonair dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 23(1), agus is é a bheidh ann ná seiceáil nach bhfuil aon earráidí follasacha san iarratas, agus, mar riail ghinearálta, ní mairfidh sé níos faide ná tréimhse sé mhí. I gcás ina sárófar an tréimhse sin, áfach, cuirfidh an Coimisiún na cúiseanna a bhí leis an moill in iúl láithreach i scríbhinn don iarratasóir.

Uair sa mhí ar a laghad, poibleoidh an Coimisiún liosta na n-ainmneacha ar cuireadh iarratais ar chlárú faoina bhráid ina leith, mar aon leis an dáta ar cuireadh isteach iad. Beidh ainm an Bhallstáit nó an tríú tír ónar tháinig an t-iarratas ar an liosta freisin.

2.   Más rud é, bunaithe ar an ngrinnscrúdú a dhéanfar de bhun na chéad fhomhíre de mhír 1, go measann an Coimisiún go bhfuil ceanglais na Caibidle seo comhlíonta, foilseoidh sé in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an doiciméad aonair dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 23(1) agus tagairt foilseacháin na sonraíochta táirge.

Airteagal 27

Nós imeachta freasúra

1.   Laistigh de thrí mhí ón dáta foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, féadfaidh údaráis Ballstáit nó údaráis tríú tír, nó duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann agus atá ina chónaí nó atá bunaithe i dtríú tír, fógra freasúra a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann agus atá ina chónaí nó atá bunaithe i mBallstát seachas an Ballstát sin ónar tíolacadh an t-iarratas, fógra freasúra a chur faoi bhráid an Bhallstáit ina bhfuil an duine sin ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe laistigh de theorainn ama lenar féidir freasúra a thíolacadh de bhun na chéad fhomhíre.

I bhfógra freasúra, beidh dearbhú go bhféadfaí ceanglais na Caibidle seo a shárú leis an iarratas.

Mura mbeidh dearbhú den sórt sin i bhfógra freasúra, beidh an fógra sin ar neamhní.

Cuirfidh an Coimisiún an fógra freasúra ar aghaidh gan mhoill chuig an údarás nó chuig an gcomhlacht a thíolaic an t-iarratas.

2.   Má chuirtear fógra freasúra faoi bhráid an Choimisiúin agus má leanann ráiteas freasúra réasúnaithe é laistigh de 2 mhí, déanfaidh an Coimisiún inghlacthacht an ráitis freasúra réasúnaithe sin a sheiceáil.

3.   Laistigh de 2 mhí ón ráiteas freasúra réasúnaithe inghlactha a fháil, iarrfaidh an Coimisiún ar an údarás nó ar an duine a thíolaic an freasúra agus ar an údarás nó ar an gcomhlacht a thíolaic an t-iarratas dul i mbun comhairliúcháin iomchuí ar feadh tréimhse nach faide ná 3 mhí. Is ar an dáta a ndéanfar an iarraidh sin a sheachadadh go leictreonach chuig na páirtithe leasmhara a chuirfear tús leis an tréimhse sin.

Tionscnóidh an t-údarás nó an duine a thíolaic an freasúra agus an t-údarás nó an comhlacht a thíolaic an t-iarratas na comhairliúcháin iomchuí sin gan moill mhíchuí. Cuirfidh siad an fhaisnéis ábhartha ar fáil dá chéile chun a mheasúnú an gcomhlíonann an t-iarratas ar chlárú ceanglais na Caibidle seo. Mura dtiocfar ar chomhaontú, cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil don Choimisiún freisin.

Nuair a thiocfaidh na páirtithe leasmhara ar chomhaontú, déanfaidh údaráis an Bhallstáit nó údaráis an tríú tír ónar tíolacadh an t-iarratas fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis na tosca uile arbh fhéidir teacht ar chomhaontú dá mbarr, lena n-áirítear tuairimí an iarratasóra agus údaráis aon Bhallstáit nó údaráis aon tríú tír, nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile a thíolaic freasúra.

Beag beann ar cé acu thángthas ar chomhaontú nó nár thángthas, déanfar an fógra sin a thabhairt don Choimisiún laistigh d'aon mhí amháin ó dheireadh na gcomhairliúchán.

Tráth ar bith le linn na 3 mhí sin, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin don iarratasóir, 3 mhí ar a mhéad a chur leis an tréimhse le haghaidh na gcomhairliúchán.

4.   Más rud é, tar éis na gcomhairliúchán iomchuí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, go bhfuil na mionsonraí a fhoilsítear i gcomhréir le hAirteagal 26(2) leasaithe go substaintiúil, déanfaidh an Coimisiún an grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal (26) an athuair.

5.   Beidh an fógra freasúra, an ráiteas freasúra réasúnaithe agus na doiciméid ghaolmhara a chuirfear chuig an gCoimisiún i gcomhréir le mír 1 go mír 4 i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais.

Airteagal 28

Forais le freasúra

1.   Ní bheidh ráiteas freasúra réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 27(2) inghlactha ach amháin má fhaigheann an Coimisiún an ráiteas sin laistigh den teorainn ama a leagtar amach san Airteagal sin, agus go léirítear ann:

(a)

nach gcomhlíonann an tásc geografach atá beartaithe an sainmhíniú i bpointe (4) d'Airteagal 3 ná na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 22;

(b)

go mbeadh sé contrártha d'Airteagal 34 nó 35 an tásc geografach atá beartaithe a chlárú;

(c)

go ndéanfadh clárú an táisc gheografaigh atá beartaithe dochar do bheithsine ainm nó trádmhairc atá comhionann ina iomláine nó i bpáirt nó dochar do bheithsine táirgí atá tar éis a bheith ar an margadh go dleathach le 5 bliana ar a laghad roimh an dáta foilsithe dá bhforáiltear in Airteagal 26(2); nó

(d)

nach gcomhlíontar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 31 agus Airteagal 32.

2.   Is i ndáil le críoch an Aontais a dhéanfar na forais atá le freasúra a mheas.

Airteagal 29

Idirthréimhsí maidir le tásca geografacha a úsáid

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndeonófar idirthréimhse dar fad suas le 5 bliana ionas gur féidir le deochanna biotáilleacha, ar de thionscnamh Ballstáit nó tríú tír iad agus ar contrártha d'Airteagal 18(2) a n-ainm, leanúint d'úsáid an ainmniúcháin faoinar margaíodh iad ar choinníoll go léireoidh ráiteas freasúra atá inghlactha faoi Airteagal 24(6) nó Airteagal 27 go ndéanfadh clárú an ainm dochar do bheithsine na nithe seo a leanas:

(a)

ainm atá comhionann ina iomláine nó ainm comhshuite ar comhionann téarma amháin de agus an t-ainm atá le clárú; nó

(b)

ainmneacha eile atá cosúil leis an ainm atá le clárú a thagraíonn do dheochanna biotáilleacha atá tar éis a bheith ar an margadh go dleathach le 5 bliana ar a laghad roimh an dáta foilsithe dá bhforáiltear in Airteagal 26(2).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

2.   Gan dochar d'Airteagal 36, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sínfear an idirthréimhse a deonaíodh faoi mhír 1 suas le 15 bliana, nó lena gceadófar leanúint den úsáid ar feadh suas le 15 bliana i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo, ar choinníoll go léireofar an méid seo a leanas:

(a)

tá an t-ainmniúchán dá dtagraítear i mír 1 in úsáid go dleathach, go leanúnach agus go cóir le 25 bliana anuas ar a laghad sular cuireadh an t-iarratas ar chosaint faoi bhráid an Choimisiúin;

(b)

níorbh é cuspóir, ag am ar bith, d'úsáid an ainmniúcháin dá dtagraítear i mír 1 tairbhe a bhaint as cáil an táisc gheografaigh chláraithe; agus

(c)

níor cuireadh an tomhaltóir ar míthreoir ná ní fhéadfaí é a chur ar míthreoir maidir le fíorthionscnamh an táirge.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

3.   Agus ainmniúchán dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 á úsáid, beidh sonraíocht na tíre tionscnaimh le feiceáil go soiléir agus go sofheicthe ar an lipéad.

Airteagal 30

Cinneadh faoi chlárú

1.   Más rud é, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún ón ngrinnscrúdú a dhéantar de bhun na chéad fhomhíre d'Airteagal 26(1), go measann an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha maidir le tásc geografach beartaithe a chlárú á gcomhlíonadh, déanfaidh sé an Ballstát nó an tríú tír iarrthaigh lena mbaineann a chur ar an eolas maidir leis na cúiseanna a bhaineann leis an diúltú agus tabharfaidh sé 2 mhí dó nó di barúlacha a thíolacadh. Mura bhfaighidh an Coimisiún barúlacha nó, d'ainneoin na mbarúlacha a fuair sé, má mheasann sé go fóill nach bhfuil na coinníollacha don chlárú comhlíonta, déanfaidh sé, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an t-iarratas a dhiúltú mura n-aistarraingeofar an t-iarratas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

2.   Mura bhfaighidh an Coimisiún aon fhógra freasúra nó aon ráiteas freasúra réasúnaithe inghlactha faoi Airteagal 27, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 47(2) a chur i bhfeidhm, chun an t-ainm a chlárú.

3.   Tar éis na gcomhairliúchán iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 27(3), agus torthaí na gcomhairliúchán sin á gcur san áireamh, má fhaigheann an Coimisiún ráiteas freasúra réasúnaithe inghlactha, déanfaidh sé ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

má thángthas ar chomhaontú, cláróidh sé an t-ainm trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 47(2) a chur i bhfeidhm, agus, más gá, leasóidh sé an fhaisnéis a foilsíodh de bhun Airteagal 26(2) ar choinníoll nach leasuithe substaintiúla iad; nó

(b)

murar thángthas ar chomhaontú, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena ndéanfar cinneadh maidir leis an gclárú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

4.   Déanfar gníomhartha clárúcháin agus cinntí maidir le diúltú a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Leis an ngníomh clárúcháin, deonófar an chosaint dá dtagraítear in Airteagal 21 don tásc geografach.

Airteagal 31

Leasú ar shonraíocht táirge

1.   Féadfaidh aon ghrúpa a bhfuil leas dlisteanach acu iarratas a dhéanamh ar leasú ar shonraíocht táirge a fhormheas.

Tabharfar tuairisc in iarratais ar na leasuithe atá á n-iarraidh agus cuirfear fáthanna leo.

2.   Déanfar leasuithe ar shonraíocht táirge a aicmiú in dhá chatagóir ó thaobh na tábhachta atá ag baint leo:

(a)

leasuithe Aontais lena n-éilítear nós imeachta freasúra ar leibhéal an Aontais;

(b)

leasuithe caighdeánacha a gcaithfear déileáil leo ar leibhéal an Bhallstáit nó ar leibhéal tríú tír.

3.   Measfar gur leasú Aontais é leasú más fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

áirítear leis athrú ar ainm nó ar aon chuid d'ainm an táisc gheografaigh atá cláraithe faoin Rialachán seo;

(b)

is é atá ann athrú ar an ainm dlithiúil nó ar chatagóir na dí biotáillí;

(c)

tá baol ina leith go ndéanfadh sé cáilíocht, cáil nó saintréith eile na dí biotáillí atá inchurtha go bunúsach i leith a tionscnaimh gheografaigh a chur ar neamhní; nó

(d)

gabhann srianta breise leis i dtaca le margaíocht a dhéanamh ar an táirge.

Measfar gur leasuithe caighdeánacha iad aon leasuithe eile.

Measfar gur leasú sealadach é leasú caighdeánach freisin i gcás ina mbaineann sé le hathrú sealadach ar an tsonraíocht táirge a tharla toisc gur fhorchuir údaráis phoiblí bearta éigeantacha sláintíochta agus fíteashláintíochta nó toisc é a bheith bainteach le tubaistí nádúrtha nó drochaimsir arna sainaithint go foirmiúil ag na húdaráis inniúla.

4.   Déanfaidh an Coimisiún leasuithe Aontais a fhormheas. Leanfaidh an nós imeachta formheasa, mutatis mutandis, an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 24 agus in Airteagal 26 go Airteagal 30. Maidir le hiarratais ar leasuithe Aontais arna dtíolacadh ag tríú tír nó ag táirgeoirí tríú tír, beidh cruthúnas ag gabháil leo go bhfuil na leasuithe atá á n-iarraidh acu ag comhlíonadh na ndlíthe is infheidhme sa tríú tír sin maidir le tásca geografacha a chosaint.

5.   Is é an Ballstát ar ina chríoch atá limistéar geografach an táirge lena mbaineann a fhormheasfaidh leasuithe caighdeánacha. Maidir le tríú tíortha, déanfar leasuithe a fhormheas i gcomhréir leis an dlí is infheidhme sa tríú tír lena mbaineann.

6.   Is ag díriú ar an leasú atá molta agus ar an leasú sin amháin a bheifear leis an ngrinnscrúdú ar an iarratas ar leasú.

Airteagal 32

Cealú

1.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun clárú táisc gheografaigh a chealú, i gceann amháin de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nach féidir a áirithiú a thuilleadh go bhfuil ceanglais na sonraíochta táirge á gcomhlíonadh;

(b)

i gcás nár cuireadh táirge ar an margadh faoin tásc geografach ar feadh 7 mbliana as a chéile ar a laghad.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 24, 26, 27, 28 agus 30 maidir le nós imeachta an chealaithe.

2.   D'ainneoin mhír 1, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do tháirgeoirí na dí biotáillí atá á mhargú faoin tásc geografach cláraithe, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an clárú comhfhreagrach a chealú.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, sula nglacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme, rachaidh sé i gcomhairle le húdaráis an Bhallstáit, le húdaráis an tríú tír nó, más féidir, leis an táirgeoir tríú trí a chuir iarratas isteach ar chlárú an táisc gheografaigh lena mbaineann i dtosach, mura ndéanann na hiarratasóirí bunaidh sin iarratas díreach ar chealú.

4.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

Airteagal 33

Clár na dtásc geografach ar dheochanna biotáilleacha

1.   Faoin 8 Meitheamh 2021, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí chlár leictreonach de thásca geografacha ar dheochanna biotáilleacha a shainaithnítear faoin scéim seo, a mbeidh rochtain ag an bpobail air agus a choimeádfar cothrom le dáta, a bhunú (“an clár”)

2.   Déanfar ainm táisc gheografaigh a chlárú ina script bhunaidh. I gcás nach i litreacha Laidineacha a bheidh an script bhunaidh, déanfar tras-scríobh nó traslitriú i litreacha Laidineacha a chlárú in éineacht leis an ainm ina script bhunaidh.

Le haghaidh tásca geografacha a chláraítear faoin gCaibidil seo, cuirfidh an clár rochtain dhíreach ar fáil ar dhoiciméid aonair agus beidh le fáil ann freisin tagairt foilseacháin na sonraíochta táirge.

Le haghaidh tásca geografacha a chlárófar roimh an 8 Meitheamh 2019, cuirfidh an clár rochtain dhíreach ar fáil ar phríomhshonraíochtaí an chomhaid theicniúil mar a leagtar amach in Airteagal 17(4) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46 lena bhforlíontar an mhír seo trí rialacha mionsonraithe breise a leagan síos maidir le foirm agus le hinneachar an chláir.

3.   Féadfar tásca geografacha a bhaineann le deochanna biotáilleacha a táirgeadh i dtríú tíortha agus atá faoi chosaint san Aontas de bhun comhaontú idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann a chur isteach sa chlár mar thásca geografacha.

Airteagal 34

Tásca geografacha comhainmneacha

1.   Aon ainm a gcuirtear iarratas isteach ina leith, más comhainm ina iomláine nó i bpáirt é de chuid ainm atá cláraithe faoin Rialachán seo cheana, clárófar an t-ainm sin agus aird chuí á tabhairt ar an gcaoi a n-úsáidtear é go traidisiúnta agus go háitiúil agus ar aon bhaol mearbhaill a d'fhéadfadh a bheith ann.

2.   Ní chlárófar ainm comhainmneach a chuireann an tomhaltóir ar míthreoir sa chaoi go gcreideann an té sin gur tháinig na táirgí ó chríoch eile fiú má tá an t-ainm cruinn a mhéid a bhaineann le críoch, le réigiún nó le háit tionscnaimh iarbhír na dtáirgí sin.

3.   Beidh úsáid táisc gheografaigh chomhainmnigh chláraithe faoi réir leordhóthain difríochta a bheith ann sa chleachtas idir an comhainm a cláraíodh ina dhiaidh sin agus an t-ainm atá sa chlár cheana féin, ag féachaint don ghá atá ann caitheamh go cothrom leis na táirgeoirí lena mbaineann agus an gá atá ann nach gcuirfí an tomhaltóir ar míthreoir.

4.   Ní dochar cosaint tásc geografach deochanna biotáilleacha dá dtagraítear in Airteagal 21 den Rialachán seo do na tásca geografacha faoi chosaint agus na hainmniúcháin tionscnaimh táirgí faoi Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 251/2014.

Airteagal 35

Forais shonracha le cosaint a dhiúltú

1.   Ní dhéanfar ainm cineálach a chosaint mar thásc geografach.

Lena fháil amach cé acu atá ainm anois cineálach nó nach bhfuil, cuirfear na tosca ábhartha go léir san áireamh, go háirithe:

(a)

an staid mar atá sé san Aontas, go háirithe i réimsí tomhaltais;

(b)

reachtaíocht ábhartha an Aontais nó an reachtaíocht ábhartha náisiúnta.

2.   Ní dhéanfar ainm a chosaint mar thásc geografach más rud é, i bhfianaise an chlú agus na cáile atá ar thrádmharc, go bhféadfadh an chosaint an tomhaltóir a chur ar míthreoir maidir le fíorchéannacht na dí biotáillí.

3.   Ní dhéanfar ainm a chosaint mar thásc geografach ach amháin más rud é gur tharla céimeanna an táirgthe a bhronann ar an deoch bhiotáilleach cáilíocht, cáil nó saintréithe eile atá inchurtha go bunúsach i leith a tionscnaimh gheografaigh, laistigh den limistéar geografach ábhartha.

Airteagal 36

An caidreamh idir trádmharcanna agus tásca geografacha

1.   Déanfar clárú trádmhairc, ar trádmharc é a gcomhfhreagraíonn a úsáid, nó a gcomhfhreagródh a úsáid, do cheann amháin nó níos mó de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 21(2), a dhiúltú nó a neamhbhailiú.

2.   Trádmharc, a gcomhfhreagraíonn a úsáid do cheann amháin nó níos mó de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 21(2), ar cuireadh iarratas isteach ina leith, a cláraíodh, nó a bunaíodh trí úsáid, má fhoráiltear don fhéidearthacht sin leis an reachtaíocht lena mbaineann, de mheon macánta laistigh de chríoch an Aontais, roimh an dáta ar cuireadh an t-iarratas ar chosaint an táisc gheografaigh faoi bhráid an Choimisiúin, féadfar leanúint dá úsáid agus dá athnuachan in ainneoin chlárú an táisc gheografaigh, ar choinníoll nach ann d'aon fhoras lena neamhbhailíochtú nó lena aisghairm faoi Threoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) nó Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25).

Airteagal 37

Tásca geografacha cláraithe atá ann cheana

Tásca geografacha deochanna biotáilleacha atá cláraithe in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus atá, ar an dóigh sin, cosanta faoin Rialachán sin, beidh cosaint uathoibríoch acu mar thásca geografacha faoin Rialachán seo. Déanfaidh an Coimisiún iad a liostú sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 33 den Rialachán seo.

Airteagal 38

Comhlíonadh na sonraíochta táirge a fhíorú

1.   Déanfaidh na Ballstáit liosta oibreoirí a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta, ar oibreoirí iad a tháirgeann deochanna biotáilleacha a bhfuil tásc geografach ag gabháil leo agus atá cláraithe faoin Rialachán seo.

2.   Maidir le tásca geografacha lena n-ainmnítear deochanna biotáilleacha de thionscnamh an Aontais atá cláraithe faoin Rialachán seo, sula gcuirfear an táirge ar an margadh, déanfaidh na comhlachtaí seo a leanas comhlíonadh na sonraíochta táirge a fhíorú:

(a)

údarás inniúil amháin nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 43(1); nó

(b)

comhlachtaí rialaithe de réir bhrí phointe 5 den dara fo-mhír d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, ag feidhmiú dóibh mar chomhlacht deimhnithe táirge.

I gcás ina gcuirfidh Ballstát Airteagal 24(2) i bhfeidhm, déanfaidh údarás seachas údarás a mheastar a bheith ina ghrúpa faoin mír sin an fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge a áirithiú.

D'ainneoin dhlí náisiúnta na mBallstát, féadfaidh na hoibreoirí atá faoi réir na rialuithe sin costais an fhíoraithe sin ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge a sheasamh.

3.   Maidir le tásca geografacha lena n-ainmnítear deochanna biotáilleacha de thionscnamh tríú tír atá cláraithe faoin Rialachán seo, sula gcuirfear an táirge ar an margadh, déanfaidh ceann amháin de na comhlachtaí seo a leanas comhlíonadh na sonraíochta táirge a fhíorú:

(a)

údarás inniúil poiblí arna ainmniú ag an tríú tír; nó

(b)

comhlacht deimhnithe táirge.

4.   Poibleoidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 2, agus tabharfaidh siad an fhaisnéis sin cothrom le dáta go tráthrialta.

Poibleoidh an Coimisiún ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 3, agus tabharfaidh sé an fhaisnéis sin cothrom le dáta go tráthrialta.

5.   Na comhlachtaí rialaithe dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 agus na comhlachtaí deimhnithe táirgí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3, comhlíonfaidh siad caighdeán Eorpach ISO/IEC 17065:2012 nó aon athbhreithniú nó leagan leasaithe de is infheidhme amach anseo agus beidh siad creidiúnaithe i gcomhréir leis sin.

6.   Beidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3 oibiachtúil agus neamhchlaon agus comhlíonadh na sonraíochta táirge ag an tásc geografach atá faoi chosaint faoin Rialachán seo á fhíorú acu. Beidh an fhoireann cháilithe agus na hacmhainní is gá chun a gcuid cúraimí a chur i gcrích ar fáil dóibh.

Airteagal 39

Faireachas ar úsáid ainmneacha sa mhargadh

1.   Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha, bunaithe ar anailís riosca, maidir le húsáid na dtásc geografach atá cláraithe faoin Rialachán seo sa mhargadh agus glacfaidh siad gach beart is gá i gcás sáruithe ar cheanglais na Caibidle seo.

2.   Glacfaidh na Ballstáit na céimeanna iomchuí riaracháin agus breithiúnacha chun cosc a chur ar úsáid neamhdhleathach na n-ainmneacha táirgí nó seirbhísí a tháirgtear nó a ndéantar a mhargú ina gcríoch agus atá cumhdaithe ag tásca geografacha atá cláraithe faoin Rialachán seo.

Chuige sin, ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis a bheidh freagrach as na céimeanna sin a dhéanamh, i gcomhréir le nósanna imeachta a chinnfidh gach aon Bhallstát.

Tabharfaidh na húdaráis sin ráthaíochtaí leordhóthanacha i ndáil lena n-oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht, agus beidh an fhoireann cháilithe agus na hacmhainní is gá chun a gcuid cúraimí a chur i gcrích ar fáil dóibh.

3.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil atá freagrach as na rialuithe maidir le húsáid ainmneacha sa mhargadh, agus a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 43. Poibleoidh an Coimisiún ainmneacha agus seoltaí na n-údarás sin.

Airteagal 40

Nós imeachta agus ceanglais, agus pleanáil agus tuairisciú gníomhaíochtaí rialaithe

1.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag na nósanna imeachta agus ag na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 maidir leis na seiceálacha dá bhforáiltear in Airteagal 38 agus Airteagal 39 den Rialachán seo.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gníomhaíochtaí le haghaidh rialú ar oibleagáidí faoin gCaibidil seo a áireamh go sonrach i roinn ar leithligh laistigh de na pleananna rialaithe náisiúnta ilbhliantúla i gcomhréir le hAirteagal 41 go hAirteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

3.   Sna tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 44(1) de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, áireofar i roinn ar leithligh an fhaisnéis dá dtagraítear san fhoráil sin maidir leis na rialuithe ar na hoibleagáidí a bunaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 41

Cumhachtaí tarmligthe

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí thuilleadh coinníollacha a leagan amach le leanúint, lena n-áirítear i gcásanna ina gcumhdaítear níos mó ná tír amháin le limistéar geografach, i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a)

iarratas maidir le tásc geografach amhail dá dtagraítear in Airteagal 23 agus Airteagal 24 a chlárú; agus

(b)

réamhnósanna imeachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 24, grinnscrúdú ar pháirt an Choimisiúin, an nós imeachta freasúra, agus cur ar ceal na dtásc geografach.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí choinníollacha agus ceanglais a bhunú don nós imeachta maidir le leasuithe an Aontais agus le leasuithe caighdeánacha, lena n-áirítear leasuithe sealadacha, ar shonraíochtaí táirge dá dtagraítear in Airteagal 31.

Airteagal 42

Cumhachtaí cur chun feidhme

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha mionsonraithe a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

foirm na sonraíochta táirge dá dtagraítear in Airteagal 22, agus bearta i dtaobh na faisnéise atá le soláthar sa tsonraíocht i ndáil leis an nasc atá idir an limistéar geografach agus an táirge deiridh amhail dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 22(1);

(b)

na nósanna imeachta maidir le freasúraí, agus foirm agus cur i láthair na bhfreasúraí, amhail dá dtagraítear in Airteagal 27 agus Airteagal 28;

(c)

foirm agus cur i láthair na n-iarratas ar leasuithe de chuid an Aontais agus na cumarsáide a bhaineann le leasuithe caighdeánacha agus sealadacha amhail dá dtagraítear in Airteagal 31(4) agus (5) faoi seach;

(d)

na nósanna imeachta maidir le próiseas an chealaithe agus foirm an phróisis sin dá dtagraítear in Airteagal 32, chomh maith le cur i láthair na n-iarrataí ar chealú; agus

(e)

na seiceálacha agus na fíoruithe atá le déanamh ag na Ballstáit, lena n-áirítear tástáil, amhail dá dtagraítear in Airteagal 38.

2.   Faoin 8 Meitheamh 2021, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta d'iarratais dá dtagraítear in Airteagal 23 agus Airteagal 24 agus foirm agus cur i láthair na n-iarratas sin, lena n-áirítear maidir le hiarratais a bhaineann le níos mó ná críoch náisiúnta amháin.

3.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

CAIBIDIL IV

SEICEÁLACHA, MALARTÚ FAISNÉISE, REACHTAÍOCHT NA mBALLSTÁT

Airteagal 43

Seiceálacha ar dheochanna biotáilleacha

1.   Is iad na Ballstáit a bheidh freagrach as seiceálacha a dhéanamh ar dheochanna biotáilleacha. Déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo agus ainmneoidh siad na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach agus, más gá, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha maidir le seiceálacha riaracháin agus fisiceacha atá le déanamh ag na Ballstáit maidir leis na hoibleagáidí a thig as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

Airteagal 44

Malartú faisnéise

1.   Cuirfidh na Ballstáit agus an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm in iúl dá chéile.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le nádúr agus cineál na faisnéise atá le malartú agus na modhanna chun faisnéis a mhalartú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

Airteagal 45

Reachtaíocht na mBallstát

1.   Agus beartas cáilíochta á chur i bhfeidhm acu maidir le deochanna biotáilleacha a tháirgtear ina gcríoch féin agus go háirithe maidir le tásca geografacha a liostaítear sa chlár nó chun tásca geografacha nua a chosaint, féadfaidh na Ballstáit rialacha is déine ná na rialacha a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II a leagan síos maidir le táirgeadh, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú ar choinníoll go bhfuil siad comhoiriúnach le dlí an Aontais.

2.   D'ainneoin mhír 1, ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar allmhairiú, ar dhíol ná ar thomhaltas deochanna biotáilleacha a tháirgtear i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha agus a chomhlíonann an Rialachán seo, ná ní chuirfidh siad srian leis an méid sin.

CAIBIDIL V

TARMLIGEAN CUMHACHTA, FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME, FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

ROINN 1

Tarmligean cumhachta agus forálacha cur chun feidhme

Airteagal 46

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8 agus Airteagal 19 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 7 mbliana ón 24 Bealtaine 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 7 mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 33 agus Airteagal 41 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 24 Bealtaine 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

4.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 50 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse sé bliana amhail ón 24 Bealtaine 2019.

5.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 8, 19, 33, 41 agus 50 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

6.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

7.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

8.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 8, 19, 33, 41 agus 50 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 47

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um Dheochanna Biotáilleacha, a bunaíodh le Rialachán (CCE) Uimh. 1576/89, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

ROINN 2

Maolú, forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

Airteagal 48

Maolú ar cheanglais maidir le cainníochtaí ainmniúla i dTreoir 2007/45/CE

De mhaolú ar Airteagal 3 de Threoir 2007/45/CE, agus ar an séú ró i roinn 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir sin, is féidir shochu (26) aondriogtha, arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin, a chur ar mhargadh an Aontais i gcainníochtaí ainmniúla 720 ml agus 1 800 ml.

Airteagal 49

Aisghairm

1.   Gan dochar d'Airteagal 50, aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 le héifeacht ón 25 Bealtaine 2021. Aisghairtear Caibidil III de, áfach, le héifeacht ón 8 Meitheamh 2019.

2.   De mhaolú ar mhír 1:

(a)

leanfaidh Airteagal 17(2) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 d'fheidhm a bheith aige go dtí an 25 Bealtaine 2021;

(b)

leanfaidh Airteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus, gan dochar d'infheidhmeacht fhorálacha eile Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2013 ón gCoimisiún (27), Airteagal 9 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin d'fheidhm a bheith acu go dtí go gcuirfear i gcrích na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, ach, in aon chás, ní leanfaidh siad d'fheidhm a bheith acu níos faide ná an 25 Bealtaine 2021; agus

(c)

leanfaidh Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 d'fheidhm a bheith aici go dtí go gcuirfear ar bun an clár dá dtagraítear in Airteagal 33 den Rialachán seo.

3.   Déanfar tagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 50

Bearta idirthréimhseacha

1.   Deochanna biotáilleacha nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo ach a chomhlíonann ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus a táirgeadh roimh an 25 Bealtaine 2021, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.

2.   D'ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, maidir le deochanna biotáilleacha nach bhfuil an tuairisc, cur i láthair nó lipéadú atá acu i gcomhréir le hAirteagal 21 agus Airteagal 36 den Rialachán seo ach a chomhlíonann Airteagal 16 agus Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus ar cuireadh lipéad orthu roimh an 8 Meitheamh 2019, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.

3.   Go dtí an 25 Bealtaine 2025, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46 lena leasaítear Airteagal 3(2), (3), (9), (10), (11) agus (12), Airteagal 10(6) agus (7), agus Airteagal 11, Airteagal 12 agus Airteagal 13 nó lena bhforlíontar an Rialachán seo trí mhaolú ar na forálacha sin.

Beidh na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír teoranta go docht do fhreastal ar riachtanais a léiríodh a bheith ann ar toradh iad ar imthosca an mhargaidh.

Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe ar leithligh i ndáil le gach sainmhíniú, gach sainmhíniú teicniúil nó gach ceanglas dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

4.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 22 go Airteagal 26, Airteagal 31 agus Airteagal 32 maidir leis na hiarratais ar chlárú nó ar leasú nó leis na hiarrataí ar chealú, atá ar feitheamh an 8 Meitheamh 2019. Leanfaidh Airteagail 17(4), (5) agus (6), 18 agus 21 de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 d'fheidhm a bheith acu maidir le hiarratais agus iarrataí ar chealú den sórt sin.

Na forálacha maidir leis an nós imeachta freasúra dá dtagraítear in Airteagal 27, Airteagal 28 agus Airteagal 29 den Rialachán seo, ní bheidh feidhm acu maidir leis na hiarratais ar chlárú nó maidir leis na hiarratais ar leasú ar foilsíodh príomhshonraíochtaí an chomhaid theicniúil nó iarratas ar leasú, faoi seach, ina leith cheana féin le haghaidh freasúra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 8 Meitheamh 2019. Leanfaidh Airteagal 17(7) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 d'fheidhm a bheith aige maidir le hiarratais den sórt sin.

Na forálacha maidir leis an nós imeachta freasúra dá dtagraítear in Airteagal 27, Airteagal 28 agus Airteagal 29 den Rialachán seo, ní bheidh feidhm acu maidir le hiarraidh ar chealú atá ar feitheamh an 8 Meitheamh 2019. Leanfaidh Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 d'fheidhm a bheith aige maidir le hiarrataí ar chealú den sórt sin.

5.   Le haghaidh tásca geografacha arna gclárú faoi Chaibidil III den Rialachán seo agus dá raibh an t-iarratas ar chlárú ar feitheamh ar dháta chur i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhm lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta d'iarratais dá dtagraítear in Airteagal 23, nó foirm agus cur i láthar na n-iarratas sin, dá bhforáiltear in Airteagal 42(2) den Rialachán seo, féadfaidh an clár rochtain dhíreach a sholáthar ar phríomhshonraíochtaí an chomhaid theicniúil de réir bhrí Airteagal 17(4) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008.

6.   Maidir le tásca geografach arna gclárú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do Bhallstát, doiciméad aonair a chuir an Ballstát sin faoina bhráid a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh tagairt foilseacháin na sonraíochta táirge ag gabháil leis an bhfoilsiú sin agus ní leanfaidh nós imeachta freasúra é.

Airteagal 51

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón 25 Bealtaine 2021.

2.   D'ainneoin mhír 1, beidh feidhm ag Airteagal 16, pointe (c) d'Airteagal 20, Airteagail 21, 22 agus 23, Airteagal 24(1), (2) agus (3), an chéad fhomhír agus an dara fomhír d'Airteagal 24(4), Airteagal 24(8) agus (9), Airteagail 25 go 42, Airteagail 46 agus 47, Airteagal 50(1), (4) agus (6), pointí 39(d) agus 40(d) d'Iarscríbhinn I agus na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaineann leis na forálacha sin ón 8 Meitheamh 2019.

3.   Na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear in Airteagal 8, Airteagal 19 agus Airteagal 50, arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 46, agus na gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 8(4) agus Airteagal 20, Airteagal 43 agus Airteagal 44, arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 47, beidh feidhm acu ón 25 Bealtaine 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Aibreán 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 209, 30.6.2017, lch. 54.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Aibreán 2019.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (IO L 354, 31.12.2008, lch. 34).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).

(7)  Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994, i ndáil le hábhair laistigh dá inniúlacht, maidir le comhaontuithe ar thángthas orthu faoi Bhabhta Uragua de chaibidlíochtaí iltaobhacha trádála (1986–1994) a thabhairt chun críche thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 336, 23.12.1994, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).

(9)  Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1989 ag leagan síos rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisciú agus cur i láthair deochanna biotáilleacha (IO L 160, 12.6.1989, lch. 1).

(10)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(12)  IO L 330, 27.12.2018, lch. 3.

(13)  Treoir 2007/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena leagtar síos na rialacha maidir le cainníochtaí ainmniúla táirgí réamhphacáilte, lena n-aisghairtear Treoracha 75/106/CEE agus 80/232/CEE ón gComhairle, agus lena leasaítear Treoir 76/211/CEE ón gComhairle (IO L 247, 21.9.2007, lch. 17).

(14)  Rialachán (AE) 2018/1670 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a mhéid a bhaineann le cainníochtaí ainmniúla de shochu aondriogtha, arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin, a chur ar mhargadh an Aontais (IO L 284, 12.11.2018, lch. 1).

(15)  Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht uisce atá ceaptha le hól ag daoine (IO L 330, 5.12.1998, lch. 32).

(16)  Treoir 2009/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le huiscí mianraí nádúrtha a shaothrú agus a mhargú (IO L 164, 26.6.2009, lch. 45).

(17)  Treoir 2001/111/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le siúcraí áirithe atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine (IO L 10, 12.1.2002, lch. 53).

(18)  Treoir 2001/110/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le mil (IO L 10, 12.1.2002, lch. 47).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (IO L 84, 20.3.2014, lch. 14).

(22)  Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2009 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2008/118/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta ríomhairithe maidir le gluaiseacht earraí máil a bhfuil an dleacht mháil ina leith ar fionraí (IO L 197, 29.7.2009, lch. 24).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le rialuithe oifigiúla a fheidhmítear chun a áirithiú go ndéantar comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus rialacha leasa ainmhithe a fhíorú (IO L 165, 30.4.2004, lch. 1).

(24)  Treoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna ( IO L 336, 23.12.2015, lch. 1 ).

(25)  Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (IO L 154, 16.6.2017, lch. 1).

(26)  Dá dtagraítear in Iarscríbhinn 2-D a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch.

(27)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2013 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2013 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach deochanna biotáilleacha (IO L 201, 26.7.2013, lch. 21).


IARSCRÍBHINN I

CATAGÓIRÍ DEOCHANNA BIOTÁILLEACHA

1.   Rum

(a)

Is deoch bhiotáilleach é rum ar trí dhriogadh an táirge a fhaightear trí choipeadh alcólach moláis nó síoróipe a tháirgtear i ndéantús siúcra cána nó sú cána siúcra é féin go heisiach a tháirgtear í, driogtha ag níos lú ná 96 % de réir toirte ionas go mbeidh saintréithe sobhraite orgánaileipteacha an rum ag an driogáit.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag rum.

(c)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)

Ní dhéanfar rum a bhlaistiú.

(e)

Ní fhéadfar caramal breise a chur le rum ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)

Féadfar rum a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur air. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(g)

I gcás na dtásc geografach atá cláraithe faoin Rialachán seo, féadfar an t-ainm dlíthiúil atá ar rum a fhorlíonadh leis an méid seo a leanas:

(i)

an téarma ‘traditionnel’ nó ‘tradicional’, ar choinníoll, maidir leis an rum i dtrácht:

gur táirgeadh é trí dhriogadh ag níos lú ná 90 % de réir toirte, tar éis choipeadh alcólach na n-ábhar táirgthe alcóil ar de thionscnamh eisiach na háite tionscnaimh atá á breithniú iad, agus

go bhfuil aige ábhar substaintí so-ghalaithe atá cothrom le 225 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte nó níos mó ná sin, agus

nach bhfuil sé milsithe;

(ii)

an téarma “talmhaíochta”, ar choinníoll go gcomhlíonann an rum i dtrácht na ceanglais faoi phointe (i) agus gur táirgeadh go heisiach é trí dhriogadh tar éis choipeadh alcólach an tsú cána siúcra. Ní fhéadfar an téarma “talmhaíochta” a úsáid ach amháin i gcás tásc geografach de roinn Fhrancach thar lear nó de Réigiún Féinrialaithe Mhaidéara.

Ní dochar an pointe seo d'úsáid an téarma“talmhaíochta”, ‘traditionnel’ nó ‘tradicional’ i dtaca le haon táirge nach bhfuil cumhdaithe ag an gcatagóir seo, i gcomhréir lena sainchritéar féin.

2.    Whiskywhiskey

(a)

Is deoch bhiotáilleach é whiskywhiskey ar trí na modhanna táirgthe seo a leanas ar fad a dhéanamh go heisiach a tháirgtear é:

(i)

driogadh maistreáin a dhéantar as gránbharra braichte le slánghráin ghránbharr neamhbhraichte eile, nó dá n-uireasa:

a siúcraíodh trí dhiastáis na braiche atá ann, le heinsímí nádúrtha eile nó gan iad,

a coipeadh trí ghníomhaíocht an ghiosta;

(ii)

déantar gach uile dhriogadh ag níos lú ná 94,8 % de réir toirte, ionas go mbeidh cumhra agus blas ar an driogáit a thagann as na hamhábhair a úsáidtear;

(iii)

aibiú na driogáite deiridh ar feadh 3 bliana ar a laghad i gcascaí adhmaid nach mó ná 700 lítear a dtoilleadh.

Coinneoidh an driogáit deiridh, nach féidir ach uisce agus caramal pléineáilte (ar mhaithe le dathú) a chur léi, an dath, an cumhra agus an blas a tháinig uirthi mar gheall ar an bpróiseas táirgthe dá dtagraítear i bpointí (i), (ii) agus (iii).

(b)

Is é 40 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag whisky nó ag whiskey.

(c)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)

Ní dhéanfar whiskywhiskey a mhilsiú, fiú amháin chun barr blais deireanach a chur air, ná a bhlaistiú, ná ní bheidh aon bhreiseán eile ann seachas caramal pléineáilte (E 150a) a úsáidtear chun an dath a choigeartú.

(e)

Ní fhéadfar an t-ainm dlíthiúil ‘whisky’nó ‘whiskey’ a fhorlíonadh leis an téarma “fuisce aon bhraiche”ach amháin i gcás inar driogadh é go heisiach ó eorna bhraichte ag drioglann aonair amháin.

3.   Biotáille ghráin

(a)

Is deoch bhiotáilleach í biotáille ghráin ar trí dhriogadh maistreáin coipthe de bharra slánghráin go heisiach a tháirgtear í agus a bhfuil tréithe orgánaileipteacha aici a tháinig as na hamhábhair a úsáideadh.

(b)

Cé is moite de Korn, is é 35 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag biotáille ghráin.

(c)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)

Ní dhéanfar biotáille ghráin a bhlaistiú.

(e)

Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille ghráin ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)

Féadfar biotáille ghráin a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 10 ngram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(g)

Féadfar an t-ainm dlíthiúil “branda gráin” a bheith ag dul le biotáille ghráin más trí dhriogadh ag níos lú ná 95 % de réir toirte ó mhaistreán coipthe de bharra slánghráin a táirgeadh í, agus gnéithe orgánaileipteacha le sonrú a tháinig as na hamhábhair a úsáideadh.

(h)

San ainm dlíthiúil “biotáille ghráin” nó “branda gráin”, féadfar an focal “gráin” a ionadú le hainm an ghránaigh a úsáideadh go heisiach i dtáirgeadh na dí biotáillí.

4.   Biotáille fíona

(a)

Is deoch bhiotáilleach í biotáille fíona a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

is trí dhriogadh ag níos lú ná 86 % de réir toirte ar fhíon, ar fhíon a neartaíodh don driogadh nó ar dhriogáit fíona a driogadh ag níos lú ná 86 % de réir toirte a táirgeadh go heisiach í;

(ii)

tá ábhar substaintí so-ghalaithe inti atá cothrom le 125 ghram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte nó níos mó ná sin;

(iii)

tá inti uasmhéid meatánóil de 200 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag biotáille fíona.

(c)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)

Ní dhéanfar biotáille fíona a bhlaistiú. Ní chuirfear, leis sin, bac ar mhodhanna traidisiúnta táirgthe.

(e)

Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille fíona ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)

Féadfar biotáille fíona a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(g)

I gcás ina ndearnadh biotáille fíona a aibiú, féadfar leanúint lena cur ar an margadh mar “bhiotáille fíona” ar choinníoll gur aibíodh í ar feadh na tréimhse aibithe dá bhforáiltear i ndáil leis an deoch bhiotáilleach faoi mar a shainítear faoi chatagóir 5 nó ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse sin.

(h)

Ní dochar an Rialachán seo d'úsáid an téarma ‘Branntwein’ i gcomhcheangal leis an téarma ‘essig’ i gcur i láthair nó i lipéadú fínéagair.

5.    BrandyWeinbrand

(a)

Is deoch bhiotáilleach é brandyWeinbrand a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

déantar as biotáille fíona é ar féidir driogáit fíona a chur léi ar choinníoll go ndearnadh an driogáit fíona a dhriogadh ag níos lú ná 94,8 % de réir toirte, agus nach dtéann an driogáit fíona sin thar uasmhéid 50 % d'ábhar alcóil an táirge deiridh;

(ii)

rinneadh é a aibiú ar feadh na dtréimhsí seo a leanas, ar a laghad:

bliain amháin i gcoimeádáin darach a bhfuil toilleadh ar a laghad 1 000 lítear i ngach ceann díobh; nó

sé mhí i gcoimeádáin darach a bhfuil toilleadh níos lú ná 1 000 lítear i ngach ceann díobh;

(iii)

tá ábhar substaintí so-ghalaithe ann atá cothrom le 125 ghram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte nó níos mó ná sin, agus a fhaightear go heisiach ó dhriogadh na n-amhábhar a úsáideadh;

(iv)

tá ann uasmhéid meatánóil de 200 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte;

(b)

Is é 36 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag brandyWeinbrand.

(c)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)

Ní dhéanfar brandyWeinbrand a bhlaistiú. Ní chuirfear, leis sin, bac ar mhodhanna traidisiúnta táirgthe.

(e)

Ní fhéadfar caramal a chur le brandyWeinbrand ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)

Féadfar brandyWeinbrand a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur air. Ní fhéadfar níos mó ná 35 ghram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

6.   Biotáille mairc fíonchaor nó marc fíonchaor

(a)

Is deoch bhiotáilleach í biotáille mairc fíonchaor nó marc fíonchaor a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

is as marc fíonchaor a choiptear agus a dhriogtar go díreach le gal uisce, nó tar éis uisce a chur leis, go heisiach a tháirgtear í agus comhlíontar an dá choinníoll seo a leanas ina leith freisin;

déantar gach aon driogadh ag níos lú ná 86 % de réir toirte;

déantar an chéad driogadh i láthair an mhairc féin;

(ii)

féadfar cainníocht moirte a chur leis an marc fíonchaor nach mó ná 25 kg de mhoirt in aghaidh gach 100 kg de mharc fíonchaor a úsáidfear;

(iii)

ní rachaidh cainníocht iomlán an alcóil a fhaightear ón moirt thar 35 % de chainníocht an alcóil sa táirge deiridh;

(vi)

tá ábhar substaintí so-ghalaithe inti atá cothrom le 140 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte nó níos mó ná sin agus tá uasmhéid meatánóil de 1 000 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte inti.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille mairc fíonchaor nó i marc fíonchaor.

(c)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)

Ní dhéanfar biotáille mairc fíonchaor nó marc fíonchaor a bhlaistiú. Ní chuirfear, leis sin, bac ar mhodhanna traidisiúnta táirgthe.

(e)

Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille mairc fíonchaor nó marc fíonchaor ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)

Féadfar biotáille mairc fíonchaor a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

7.   Biotáille mairc torthaí

(a)

Is deoch bhiotáilleach í biotáille mairc torthaí a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

is trí dhriogadh agus trí choipeadh mairc torthaí seachas marc fíonchaor a fhaightear í go heisiach agus comhlíontar an dá choinníoll seo a leanas ina leith:

déantar gach aon driogadh ag níos lú ná 86 % de réir toirte;

déantar an chéad driogadh i láthair an mhairc féin;

(ii)

tá ábhar íosta substaintí so-ghalaithe inti atá cothrom le 200 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte;

(iii)

is é 1 500 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte an t-uasmhéid meatánóil a bheidh inti;

(iv)

is é 7 ngram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte an t-uasmhéid aigéid hidricianaigh a bheidh inti i gcás biotáille mairc chlochthorthaí.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille mairc torthaí.

(c)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)

Ní dhéanfar biotáille mairc torthaí a bhlaistiú.

(e)

Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille mairc torthaí ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)

Féadfar biotáille mairc torthaí a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(g)

Ainm an toraidh agus “biotáille mhairc” ar a lorg a bheidh san ainm dlíthiúil. Má úsáidtear marc roinnt torthaí éagsúla “biotáille mairc torthaí” a bheidh mar ainm dlíthiúil agus féadfar é sin a fhorlíonadh le hainm gach toraidh in ord laghdaitheach na cainníochta a úsáideadh.

8.   Biotáille rísíní nó raisin brandy

(a)

Is deoch bhiotáilleach í biotáille rísíní nó raisin brandy ar trí dhriogadh an táirge a fhaightear trí choipeadh alcólach eastóscáin fíonchaor thriomaithe de chineál “Fíonchaor Dubh na Corainte” nó “Moscatel Alexandria” go heisiach a tháirgtear í, driogtha ag níos lú ná 94,5 % de réir toirte ionas go mbíonn cumhra agus blas ar an driogáit a thagann ón amhábhar a úsáidtear.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil a bheidh i mbiotáille rísíní nó raisin brandy.

(c)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)

Ní dhéanfar biotáille rísíní nó raisin brandy a bhlaistiú.

(e)

Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille rísíní nó raisin brandy ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)

Féadfar biotáille rísíní nó raisin brandy a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

9.   Biotáille torthaí

(a)

Is deoch bhiotáilleach í biotáille torthaí a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

is trí choipeadh alcólach agus trí dhriogadh alcólach torthaí úra agus méithe, lena n-áirítear bananaí, nó úrfhíon na dtorthaí, na gcaor nó na nglasraí sin, bíodh clocha iontu nó ná bíodh, go heisiach a tháirgtear í;

(ii)

déanfar gach aon driogadh ag níos lú ná 86 % de réir toirte ionas go mbíonn cumhra agus blas ar an driogáit a tháinig ó na táirgí driogtha;

(iii)

tá ábhar substaintí so-ghalaithe inti atá cothrom le 200 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte nó níos mó ná sin;

(iv)

i gcás biotáillí clochthorthaí, ní mó ná 7 ngram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte an méid aigéid hidricianaigh a bheidh iontu.

(b)

Is é 1 000 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte an t-uasmhéid meatánóil a bheidh i mbiotáille torthaí, ach amháin sna cásanna seo a leanas.

(i)

i gcás biotáillí torthaí a tháirgtear ó na torthaí nó na caora seo a leanas, agus ar ina leith a bheidh uasmhéid meatánóil de 1 200 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte:

úll (Malus domestica Borkh.),

aibreoga (Prunus armeniaca L.),

pluma (Prunus domestica L.),

pluma quetsch (Prunus domestica L.),

miribéal (Prunus domestica L. subsp. syriaca (Borkh.) Janch. ex Mansf.),

péitseog (Prunus persica (L.) Batsch),

piorra (Pyrus communis L.), seachas piorraí Williams (Pyrus communis L. cv “Williams”),

sméar dhubh (Rubus sect. Rubus),

sú craobh (Rubus idaeus L.).

(ii)

i gcás biotáillí torthaí a tháirgtear ó na torthaí nó na caora seo a leanas, agus ar ina leith a bheidh uasmhéid meatánóil de 1 350 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte:

cainche (Cydonia oblonga Mill.),

caor aitil (Juniperus communis L. nó Juniperus oxicedrus L.),

piorra Williams (Pyrus communis L. cv “Williams”),

cuirín dubh (Ribes nigrum L.),

cuirín dearg (Ribes rubrum L.),

mogóir róis (Rosa canina L.),

caor troim (Sambucus nigra L.),

caor chaorthainn (Sorbus aucuparia L.),

caor shoirb (Sorbus domestica L.),

crann soirb fiáin (Sorbus torminalis (L.) Crantz).

(c)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille torthaí.

(d)

Ní dhéanfar biotáille torthaí a dhathú.

(e)

D'ainneoin phointe (d) den chatagóir seo agus de mhaolú ar chatagóir bia 14.2.6 de Chuid E d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, féadfar úsáid a bhaint as caramal chun dath na mbiotáillí torthaí a choigeartú, ar biotáillí iad ar tugadh chun cineáil iad ar feadh bliana ar a laghad agus iad i dteagmháil le hadhmad.

(f)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(g)

Ní dhéanfar biotáille torthaí a bhlaistiú.

(h)

Féadfar biotáille torthaí a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 18 ngram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(i)

Is é “biotáille” agus é forlíonta le hainm an toraidh, na caoire nó an ghlasra an t-ainm dlíthiúil a bheidh ar bhiotáille torthaí. Sa Bhulgáiris, sa tSeicis, sa Ghréigis, sa Chróitis, sa Pholainnis, sa Rómáinis, sa tSlóvaicis agus sa tSlóivéinis, féadfar an t-ainm dlíthiúil a chur in iúl le hainm an toraidh, na caoire nó an ghlasra, agus é forlíonta le hiarmhír.

De rogha air sin:

(i)

féadfar ‘wasser’, agus sin in úsáid in éineacht le hainm an toraidh, a bheith mar an t-ainm dlíthiúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír;

(ii)

féadfar na hainmneacha dlíthiúla seo a leanas a úsáid sna cásanna seo a leanas:

kirsch’ le haghaidh biotáille silíní (Prunus avium (L.) L.);

“plum”, “quetsch” nó “slivovitz” le haghaidh biotáille phluma (Prunus domestica L.);

“miribéal” le haghaidh biotáille mhiribéil (Prunus domestica L. subsp. syriaca (Borkh.) Janch. ex Mansf.);

“toradh caithne” le haghaidh thoradh na biotáille caithne (Arbutus unedo L.);

“Golden Delicious” le haghaidh biotáille úll (Malus domestica var. “Golden Delicious”);

Obstler’ le haghaidh biotáille torthaí a tháirgtear o thorthaí, bíodh sin le caora nó gan chaora, ar choinníoll gur díorthaíodh ar a laghad 85 % den mhaistreán ó chineálacha éagsúla úll, piorra nó an dá cheann.

Ní fhéadfar an t-ainm ‘Williams’ nó “Williams” a úsáid ach chun biotáille piorraí a tháirgtear as piorraí den chineál “Williams” agus astu sin amháin a chur ar an margadh.

Más baolach nach furasta don tomhaltóir deiridh ceann de na hainmneacha dlíthiúla sin a thuiscint nach bhfuil an focal “biotáille” dá dtagraítear sa phointe seo mar chuid díobh, beidh an focal “biotáille” sa tuairisc, sa lipéadú agus sa chur i láthair, agus féadfar sin a fhorlíonadh le míniúchán.

(j)

Aon uair a dhriogtar dhá thoradh nó níos mó, dhá chaor nó níos mó nó dhá ghlasra nó níos mó le chéile, cuirfear an táirge ar an margadh faoin ainm dlíthiúil mar a leanas:

“biotáille torthaí” le haghaidh deochanna biotáilleacha a tháirgtear go heisiach ó thorthaí nó ó chaora nó ón dá cheann araon a dhriogadh; nó

“biotáille glasraí” le haghaidh deochanna biotáilleacha a tháirgtear go heisiach ó ghlasraí a dhriogadh; nó

“biotáille torthaí agus glasraí”, le haghaidh deochanna biotáilleacha a tháirgtear ó theaglaim de thorthaí, caora agus glasraí a dhriogadh.

Féadfar an t-ainm dlíthiúil a fhorlíonadh le hainm gach toraidh, caoire nó glasra a, in ord laghdaitheach na cainníochta a úsáideadh.

10.   Biotáille leanna úll, biotáille leanna piorraí agus biotáille leanna úll agus piorraí

(a)

Is deochanna biotáilleacha iad biotáille leanna úll, biotáille leanna piorraí agus biotáille leanna úll agus piorraí a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

is trí dhriogadh ag níos lú ná 86 % de réir toirte ar leann úll nó ar leann piorraí go heisiach a tháirgtear iad ionas go mbíonn cumhra agus blas ar an driogáit a thagann ó na torthaí;

(ii)

tá ábhar substaintí so-ghalaithe iontu atá cothrom le 200 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte nó níos mó ná sin iontu;

(iii)

tá uasmhéid meatánóil de 1 000 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte iontu.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille leanna úll, i mbiotáille leanna piorraí agus i mbiotáille leanna úll agus piorraí.

(c)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)

Ní dhéanfar biotáille leanna úll, biotáille leanna piorraí agus biotáille leanna úll agus piorraí a bhlaistiú. Ní chuirfear, leis sin, bac ar mhodhanna traidisiúnta táirgthe.

(e)

Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille leanna úll, le biotáille leanna piorraí agus le biotáille leanna úll agus piorraí ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)

Féadfar biotáille leanna úll, biotáille leanna piorraí agus biotáille leanna úll agus piorraí a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 15 ghram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(g)

Seo a leanas mar a bheidh an t-ainm dlíthiúil:

“biotáille leanna úll” le haghaidh deochanna biotáilleacha a tháirgtear go heisiach ó leann úll a dhriogadh;

“biotáille leanna piorraí” le haghaidh deochanna biotáilleacha a tháirgtear go heisiach ó leann piorraí a dhriogadh; nó

“biotáille leanna úll agus piorraí” le haghaidh deochanna biotáilleacha a tháirgtear go heisiach ó leann úll agus piorraí a dhriogadh;

11.   Biotáille mheala

(a)

Is deoch bhiotáilleach í biotáille mheala a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

is trí choipeadh agus trí dhriogadh maistreáin meala go heisiach a tháirgtear í;

(ii)

driogtar í ag níos lú ná 86 % de réir toirte ionas go mbíonn na tréithe orgánaileipteacha ag an driogáit a tháinig ón amhábhar a úsáideadh.

(b)

Is é 35 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille mheala.

(c)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)

Ní dhéanfar biotáille mheala a bhlaistiú.

(e)

Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille mheala ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)

Ní fhéadfar biotáille mheala a mhilsiú ach le mil amháin chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de mhil, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

12.    Hefebrand nó biotáille mhoirte

(a)

Is deoch bhiotáilleach é Hefebrand nó biotáille mhoirte ar trí dhriogadh ag níos lú ná 86 % de réir toirte ar mhoirt fíona, ar mhoirt bheorach nó ar mhoirt torthaí coipthe go heisiach a tháirgtear í.

(b)

Is é 38 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in Hefebrand nó i mbiotáille mhoirte.

(c)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)

Ní dhéanfar Hefebrand nó biotáille mhoirte a bhlaistiú.

(e)

Ní fhéadfar caramal a chur le Hefebrand nó biotáille mhoirte ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)

Féadfar Hefebrand nó biotáille mhoirte a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur air. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(g)

Déanfar an t-ainm dlíthiúil ‘Hefebrand’ nó “biotáille mhoirte” a fhorlíonadh le hainm na n-amhábhar a úsáideadh.

13.   Biotáille bheorach

(a)

Is deoch bhiotáilleach í biotáille bheorach a tháirgtear go heisiach trí dhriogadh díreach faoi ghnáthbhrú ar bheoir úr ar lú ná 86 % a neart alcóil de réir toirte, ionas go mbíonn tréithe orgánaileipteacha ag an driogáit a thagann as an mbeoir.

(b)

Is é 38 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille bheorach.

(c)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)

Ní dhéanfar biotáille bheorach a bhlaistiú.

(e)

Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille bheorach ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)

Féadfar biotáille bheorach a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

14.    Topinambur nó biotáille bliosán gréine

(a)

Is deoch bhiotáilleach é topinambur nó biotáille bliosán gréine ar trí choipeadh agus trí dhriogadh ag níos lú ná 86 % toirte ar thiúbair bliosán gréine (Helianthus tuberosus L.) go heisiach a tháirgtear í.

(b)

Is é 38 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in topinambur nó i mbiotáille bliosán gréine.

(c)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)

Ní dhéanfar topinambur nó biotáille bliosán gréine a bhlaistiú.

(e)

Ní fhéadfar caramal a chur le topinambur nó biotáille bliosán gréine ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)

Féadfar topinambur nó biotáille bliosán gréine a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

15.   Vodca

(a)

Is deoch bhiotáilleach é vodca a tháirgtear as alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a fhaightear tar éis coipeadh a dhéanamh le giosta ó cheann amháin de na nithe seo a leanas:

prátaí nó gránbharra nó an dá rud,

amhábhair talmhaíochta eile,

agus trí dhriogadh a dhéanamh orthu ionas go laghdaítear go roghnaíoch tréithe orgánaileipteacha na n-amhábhar a úsáidtear agus na bhfotháirgí a fhoirmítear le linn an choipthe.

Féadfar driogadh breise a dhéanamh i ndiaidh an phróisis sin nó cóireáil a dhéanamh le cúntóirí próiseála iomchuí, nó leis an dá rud, lena n-áirítear cóireáil le fioghual gníomhachtaithe, le tréithe speisialta orgánaileipteacha a thabhairt dó.

Ní rachaidh uasleibhéil an iarmhair le haghaidh an alcóil eitile de thionscnamh talmhaíochta a úsáideadh chun vodca a tháirgeadh thar na leibhéil sin a leagtar amach i bpointe (d) d'Airteagal 5, ach amháin nach rachaidh an méid meatánóil thar 10 ngram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte.

(b)

Is é 37.5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i vodca.

(c)

Ní fhéadfar aon bhlastáin a chur leis ach na substaintí blaistithe nádúrtha nó na hullmhóidí blaistithe sin atá i láthair i ndriogáit a fhaightear ó na hamhábhair choipthe. Ina theannta sin, féadfar tréithe orgánaileipteacha speisialta, seachas príomhbhlas, a thabhairt don táirge.

(d)

Ní dhéanfar vodca a dhathú.

(e)

Féadfar vodca a mhilsiú barr blais deireanach a chur air. Ní fhéadfar níos mó ná 8 ngram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(f)

Beidh an sonrú “arna tháirgeadh as …” le feiceáil go follasach maille le hainm na n-amhábhar a úsáideadh chun an t-alcól eitile de tháirgeadh talmhaíochta a tháirgeadh sa tuairisc, sa chur i láthair, agus sa lipéadú a dhéanfar ar vodca nach dtáirgfear go heisiach as prátaí nó gránbharra nó as iad araon. Beidh an tásc seo le feiceáil sa réimse amhairc céanna leis an ainm dlíthiúil.

(g)

Féadfar an t-ainm dlíthiúil ‘vodka’ a bheith air in aon cheann de na Ballstáit.

16.   Biotáille (arna forlíonadh le hainm an toraidh, na gcaor nó na gcnónna) a fhaightear trí mhaothú nó trí dhriogadh

(a)

Is deoch bhiotáilleach í biotáille (arna forlíonadh le hainm an toraidh, na gcaor nó na gcnónna) a fhaightear trí mhaothú nó trí dhriogadh a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

táirgeadh í:

trí thorthaí, trí chaora nó trí chnónna a liostaítear faoi phointe (ii) a mhaothú, cibé acu más leathchoipthe nó neamhchoipthe atá siad, agus lenar féidir uasmhéid de 20 lítear d'alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta nó de bhiotáille nó de dhriogáit a dhíorthaítear ón toradh céanna, na caora deanna nó na cnónna céanna, nó teaglaim díobh sin, a chur léi in aghaidh gach 100 kg de thorthaí, de chaora nó de chnónna coipthe,

agus trí dhriogadh ag níos lú ná 86 % toirte a dhéanamh ina dhiaidh sin; déantar gach driogadh ag níos lú ná 86 % de réir toirte;

(ii)

táirgtear í ó na torthaí, na caora nó na cnónna seo a leanas:

chokeberry (Aronia Medik. nom cons.),

chokeberry dhubh (Aronia melanocarpa (Michx.) Elliott),

castán (Castanea sativa Mill.),

torthaí citris (Citrus spp.),

cnó coill (Corylus avellana L.),

lus na feannóige (Empetrum nigrum L.),

sú talún (Fragaria spp.),

draighean mara (Hippophae rhamnoides L.),

caor chuilinn (Ilex aquifolium agus Ilex cassine L.),

silín cornel (Cornus mas),

gallchnó (Juglans regia L.),

banana (Musa spp.),

miortal coiteann (Myrtus communis L.),

piorra deilgneach (Opuntia ficus-indica (L.) Mill.),

páiseog (Passiflora edulis Sims),

donnroisc (Prunus padus L.).

airne (Prunus spinosa L.),

cuirín dubh (Ribes nigrum L.),

cuirín geal (Ribes niveum Lindl.),

cuirín dearg (Ribes rubrum L.),

spíonán (Ribes uva-crispa L. syn. Ribes grossularia),

mogóir róis (Rosa canina L.),

dris an artaigh (Rubus arcticus L.),

eithreog shléibhe (Rubus chamaemorus L.),

sméar dhubh (Rubus sect. Rubus),

sú craobh (Rubus idaeus L.),

caor troim (Sambucus nigra L.),

caor chaorthainn (Sorbus aucuparia L.),

caor shoirb (Sorbus domestica L.),

caor shoirb fhiáin (Sorbus torminalis (L.) Crantz),

ambarella (Spondias dulcis Parkinson),

mombain bhuí (Spondias mombin L.),

fraochán gorm Meiriceánach (Vaccinium corymbosum L.),

mónóg fhiáin (Vaccinium oxycoccos L.),

fraochóg/fraochán (Vaccinium myrtillus L.),

bódhearc (Vaccinium vitis-idaea L.).

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag biotáille (arna forlíonadh le hainm an toraidh, na gcaor nó na gcnónna) a fhaightear trí mhaothú nó trí dhriogadh.

(c)

Ní dhéanfar biotáille (arna forlíonadh le hainm an toraidh, na gcaor nó na gcnónna) a fhaightear trí mhaothú agus trí dhriogadh a bhlaistiú.

(d)

Ní dhéanfar biotáille (arna forlíonadh le hainm an toraidh, na gcaor nó na gcnónna) a fhaightear trí mhaothú agus trí dhriogadh a dhathú.

(e)

D'ainneoin phointe (d) agus de mhaolú ar chatagóir bia 14.2.6 de Chuid E d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, féadfar úsáid a bhaint as caramal chun dath biotáille (arna forlíonadh le hainm an toraidh, na gcaor nó na gcnónna) a fhaightear trí mhaothú agus trí dhriogadh a choigeartú, ar biotáille í ar tugadh chun cineáil í ar feadh bliana ar a laghad agus í i dteagmháil le hadhmad.

(f)

Féadfar biotáille (arna forlíonadh le hainm an toraidh, na gcaor nó na gcnónna) a fhaightear trí mhaothú agus trí dhriogadh a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 18 ngram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(g)

Maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú biotáille (arna forlíonadh le hainm an toraidh, na gcaor nó na gcnónna) a fhaightear trí mhaothú agus trí dhriogadh, beidh na focail “a fuarthas trí mhaothú agus trí dhriogadh” sa tuairisc, sa chur i láthair nó sa lipéadú i gcarachtair sa chló céanna, ar an méid céanna agus ar an dath céanna, agus ar an líne chéanna leis an bhfocal “biotáille (agus ainm an toraidh, na gcaor nó na gcnónna ina dhiaidh)”, agus, i gcás buidéal, ar an lipéad tosaigh.

17.    Geist (arna fhorlíonadh le hainm an toraidh nó an amhábhair a úsáideadh)

(a)

Is deoch bhiotáilleach é Geist (arna fhorlíonadh le hainm an toraidh nó an amhábhair a úsáideadh) a tháirgtear trí mhaothú torthaí agus caor neamhchoipthe a liostaítear i bpointe (a) (ii) de chatagóir 16 de ghrúpa B nó glasraí, cnónna, nó ábhair plandaí eile amhail luibheanna nó peitil róis nó beacáin in alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, agus trí dhriogadh ina dhiaidh sin ag níos lú ná 86 % de réir toirte.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag Geist (arna fhorlíonadh le hainm an toraidh nó an amhábhair a úsáideadh).

(c)

Is deoch bhiotáilleach é Geist (arna fhorlíonadh le hainm toraidh nó an amhábhair a úsáideadh) a bhlaistiú

(d)

Ní dhéanfar Geist (arna fhorlíonadh le hainm an toraidh nó an amhábhair a úsáideadh) a dhathú.

(e)

Féadfar Geist (arna fhorlíonadh le hainm an toraidh nó an amhábhair a úsáideadh) a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur air. Ní fhéadfar níos mó ná 10 ngram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(f)

Féadfar an téarma ‘-geist’ agus téarma eile seachas ainm an toraidh, an phlanda nó amhábhair eile roimhe, a fhorlíonadh leis an ainm dlíthiúil atá ar dheochanna biotáilleacha agus deochanna alcólacha eile, ar choinníoll nach gcuireann sé sin an tomhaltóir ar míthreoir.

18.   Ceadharlach

(a)

Is deoch bhiotáilleach é ceadharlach a dhéantar as driogáit cheadharlaigh a fhaightear ó choipeadh fréamhacha ceadharlaigh a gcuirtear alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta leis nó nach gcuirtear.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag ceadharlach.

(c)

Ní dhéanfar ceadharlach a bhlaistiú.

19.   Deoch bhiotáilleach faoi bhlas aitil

(a)

Is deochbhiotáilleach é deoch bhiotáilleach faoi bhlas aitil a tháirgtear trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta nó biotáille ghráin nó driogáit ghráin nó teaglaim díobh a bhlaistiú le caora aitil (Juniperus communis L. nó Juniperus oxicedrus L.).

(b)

Is é 30 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag deoch bhiotáilleach faoi bhlas aitil.

(c)

Féadfar substaintí nádúrtha nó ullmhóidí blaistithe nó plandaí a bhfuil saintréithe blaistithe acu nó codanna de phlandaí a bhfuil saintréithe blaistithe acu nó teaglaim díobh a úsáid sa bhreis ar chaora aitil, ach ní mór tréithe orgánaileipteacha aitil a bheith inaitheanta, fiú sa chás go mbíonn siad maolaithe uaireanta.

(d)

Féadfaidh an t-ainm dlíthiúil ‘Wacholder’ nó ‘genebra’ a bheith ar dheoch bhiotáilleach faoi bhlas aitil.

20.    Gin

(a)

Is deoch bhiotáilleach a bhfuil blas an aitil uirthi é gin a tháirgtear trí alcól eitile de bhunús talmhaíochta, atá oiriúnach go horgánaileipteach, a bhlaistiú le caora aitil (Juniperus communis L.).

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in gin.

(c)

Is as substaintí blaistithe nó as ullmhóidí blaistithe amháin, nó as an dá rud, a bhainfear úsáid chun gin a tháirgeadh ionas gurb é blas an aitil an príomhbhlas a bhíonn air.

(d)

Féadfar an téarma ‘gin’ a fhorlíonadh leis an téarma ‘dry’ mura mbíonn aon mhilsiú breise ann a théann thar 0,1 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir den táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

21.    Gin driogtha

(a)

Is éard atá in gin driogtha:

(i)

deoch bhiotáilleach a bhfuil blas an aitil uirthi agus ar trí dhriogadh a dhéanamh ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a bhfuil neart alcóil tosaigh de 96 % de réir toirte ann ar a laghad, go heisiach a tháirgtear í, i láthair caor aitil (Juniperus communis L.) agus luibheanna nádúrtha eile, ar choinníoll gurb é blas an aitil an príomhbhlas a bhíonn uirthi;

(ii)

teaglaim de tháirge an driogtha sin agus d'alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta atá ar an gcomhdhéanamh céanna, ar an íonacht chéanna agus ar an neart alcóil céanna; is féidir substaintí blaistithe nó ullmhóidí blaistithe mar a shainítear i bpointe (c) de chatagóir 20 de ghrúpa B, nó an dá rud, a úsáid freisin le gin driogtha a bhlaistiú.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in gin driogtha.

(c)

Ní mheasfar gur gin driogtha é gin a tháirgtear go díreach trí úscraí nó blastáin a chur le halcól eitile de thionscnamh talmhaíochta.

(d)

Féadfar an téarma ‘gin driogtha’ a fhorlíonadh leis an téarma ‘dry’, nó is féidir é a ionchorprú sa téarma sin mura mbíonn aon mhilsiú breise ann a théann thar 0,1 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir den táirge deiridh arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

22.    London gin

(a)

Is éard is London gin ann gin atá driogtha agus a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

táirgtear é go heisiach ó alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, arb é 5 ghram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte an t-uasmhéid meatánóil ann, agus ar trí dhriogadh a dhéanamh ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta i láthair na n-ábhar nádúrtha plandaí uile a úsáideadh go heisiach a chuirtear blas air;

(ii)

is driogáit í an driogáit is toradh air sin agus ina mbíonn ar a laghad 70 % alcóil de réir toirte;

(iii)

maidir le haon alcól eitile eile de thionscnamh talmhaíochta a chuirtear leis, comhlíonfaidh sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5 ach beidh inti uasmhéid meatánóil de 5 ghram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte;

(iv)

níl sé dathaithe;

(v)

ní dhéantar é a mhilsiú le níos mó ná 0,1 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir den táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe;

(vi)

níl aon chomhábhar eile curtha leis seachas na comhábhair dá dtagraítear i bpointí (i), (iii) agus (v), agus uisce.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in London gin.

(c)

Féadfar an téarma ‘dry’ a chur leis an téarma ‘London gin’ nó é a ionchorprú sa téarma.

23.   Deoch bhiotáilleach faoi bhlas cearbhais nó Kümmel

(a)

Is deoch bhiotáilleach é deoch bhiotáilleach faoi bhlas cearbhais nó Kümmel a tháirgtear trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a bhlaistiú le cearbhas (Carum carvi L.).

(b)

Is é 30 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i ndeoch bhiotáilleach a bhfuil blas an chearbhais nó Kümmel uirthi.

(c)

Féadfar substaintí blaistithe nó ullmhóidí blaistithe a úsáid, nó an dá rud, chomh maith ach beidh blas an chearbhais ar an bpríomhbhlas ann.

24.    Akvavitaquavit

(a)

Is deoch bhiotáilleach a bhfuil blas an chearbhais nó blas an tsíl lusa mhín uirthi, nó blas an dá rud, é akvavitaquavit, a tháirgtear trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a úsáid, agus atá blaistithe le driogáit de phlandaí nó de spíosraí.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in akvavitaquavit.

(c)

Féadfar substaintí blaistithe nádúrtha nó ullmhóidí blaistithe nádúrtha, nó an dá rud, a úsáid chomh maith ach beidh blas na ndeochanna seo le lua den chuid is mó le driogáití cearbhais (Carum carvi L.) nó le driogáití an tsíl lusa mhín (Anethum graveolens L.) nó leis an dá rud, agus cosc ar bhlátholaí a úsáid.

(d)

Ní fhágfaidh na substaintí searbha lorg róláidir ar an mblas; ní rachaidh méid an eastóscáin thirim thar 1,5 gram in aghaidh 100 millilítear.

25.   Deoch bhiotáilleach faoi bhlas an tsíl ainíse

(a)

Is deoch bhiotáilleach é deoch bhiotáilleach faoi bhlas an tsíl ainíse a tháirgtear trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a bhlaistiú le heastóscáin nádúrtha réalt-ainíse (Illicium verum Hook f.), ainíse (Pimpinella anisum L.), finéil (Foeniculum vulgare Mill.), nó aon phlanda eile a bhfuil an príomh-chomhábhar spíosrach céanna ann, ag úsáid próiseas amháin díobh seo a leanas nó teaglaim díobh:

(i)

Maothú nó driogadh nó an dá rud;

(ii)

driogadh alcóil i láthair na síolta nó codanna eile de na plandaí a luaitear thuas;

(iii)

eastóscáin dhriogtha nádúrtha as plandaí a bhfuil bhlas an tsíl ainíse orthu a chur leis.

(b)

Is é 15 % an neart íosta de réir toirte a bheidh i ndeoch bhiotáilleach atá faoi bhlas an tsíl ainíse.

(c)

Ní fhéadfar deoch bhiotáilleach faoi bhlas an tsíl ainíse a bhlaistiú ach le hullmhóidí blaistithe agus le substaintí blaistithe nádúrtha.

(d)

Féadfar eastóscáin nádúrtha as plandaí eile a úsáid freisin, ach beidh blas an tsíl ainíse ina phríomhbhlas.

26.    Pastis

(a)

Is deoch bhiotáilleach a bhfuil blas an tsíl ainíse uirthi é pastis a bhfuil eastóscáin nádúrtha na fréimhe liocrais (Glycyrrhiza spp.) inti freisin, rud a thabharfadh le tuiscint go bhfuil na datháin ar a dtugtar “cailceoin” ann chomh maith le haigéad gliciriseach, agus is 0,05 gram in aghaidh an lítir an t-uasleibhéal agus 0,5 gram in aghaidh an lítir an t-íosleibhéal díobh seo is ceadmhach a bheidh inti.

(b)

Is é 40 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in pastis.

(c)

Ní fhéadfar pastis a bhlaistiú ach le hullmhóidí blaistithe agus le substaintí blaistithe nádúrtha.

(d)

Beidh níos lú ná 100 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir in pastis, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe, agus is 1,5 gram agus 2 ghram in aghaidh an lítir an t-uasleibhéal agus an t-íosleibhéal anatóil a bheidh ann, faoi seach.

27.    Pastis de Marseille

(a)

Is pastis é pastis de Marseille a bhfuil idir 1,9 agus 2,1 gram in aghaidh an lítir d'anatól ann agus a bhfuil blas láidir ainíse air.

(b)

Is é 45 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in pastis de Marseille.

(c)

Ní fhéadfar pastis de Marseille a bhlaistiú ach le hullmhóidí blaistithe agus le substaintí blaistithe nádúrtha.

28.    Anisjaneževec

(a)

Is deoch bhiotáilleach a bhfuil blas an tsíl ainíse uirthi é anisjaneževec a dtagann an blas sainiúil a bhíonn uirthi go heisiach as ainís (Pimpinella anisum L.), réalt-ainís (Illicium verum Hook f.) nó finéal (Foeniculum vulgare Mill.) nó ó theaglaim díobh.

(b)

Is é 35 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in anisjaneževec

(c)

Ní fhéadfar anis nó janeževec a bhlaistiú ach le hullmhóidí blaistithe agus le substaintí blaistithe nádúrtha.

29.    Anis driogtha

(a)

Is anis driogtha é anis a bhfuil alcól ann a dhriogtar i láthair na síolta dá dtagraítear i bpointe (a) de chatagóir 28 agus, i gcás tásca geografacha, i láthair maisteoige agus síolta, plandaí nó torthaí aramatacha eile, ar choinníoll gurb ionann agus ar a laghad 20 % de neart alcóil anis driogtha an t-alcól sin.

(b)

Is é 35 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in anis driogtha.

(c)

Ní fhéadfar anis driogtha a bhlaistiú ach le hullmhóidí blaistithe agus le substaintí blaistithe nádúrtha.

30.   Deoch bhiotáilleach blais shearbh nó bitter

(a)

Is deoch bhiotáilleach é deoch bhiotáilleach blais shearbh nó bitter ar blas searbh is mó atá orthu a tháirgtear trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta nó driogáit de thionscnamh talmhaíochta nó an dá rud a bhlaistiú le substaintí blaistithe nó le hullmhóidí blaistithe nó leis an dá rud.

(b)

Is é 15 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i ndeoch bhiotáilleach blais shearbh nó in bitter.

(c)

Gan dochar d'úsáid téarmaí den sórt sin i gcur i láthair agus i lipéadú earraí bia seachas deochanna biotáilleacha, féadfar deoch bhiotáilleach blais shearbh nó bitter a chur ar an margadh freisin faoi na hainmneacha “beoir shearbh” nó ‘bitter’ le téarma eile nó gan téarma eile.

(d)

D'ainneoin phointe (c), féadfar an téarma “beoir shearbh” nó ‘bitter’ a úsáid i dtuairisc, i gcur síos agus i lipéadú licéar blais shearbh.

31.   Vodca blaistithe

(a)

Is vodca blaistithe vodca ar cuireadh príomhbhlas air seachas blas na n-amhábhar a úsáideadh chun an vodca a tháirgeadh.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i vodca blaistithe.

(c)

Féadfar vodca blaistithe a mhilsiú, a chumasc, a bhlaistiú, a aibiú nó a dhathú.

(d)

Nuair a dhéantar vodca blaistithe a mhilsiú, ní bheidh níos mó ná 100 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(e)

Féadfar a úsáid mar ainm dlíthiúil ar vodca blaistithe ainm aon phríomhbhlais in éineacht leis an bhfocal “vodca”. Féadfar an téarma “vodca” in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais a ionadú le ‘vodka’.

32.   Deoch bhiotáilleach airne-chumhraithe nó pacharán

(a)

Is deoch bhiotáilleach í deoch bhiotáilleach airne-chumhraithe nó pacharán ar é blas airne an príomhbhlas atá ann agus a tháirgtear trí mhaothú a dhéanamh ar airní (Prunus spinosa) in alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, le heastóscán nádúrtha d'ainís nó de dhriogáistí ainíse nó den dá cheann curtha léi.

(b)

Is é 25 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i ndeoch bhiotáilleach airne-chumhraithe nó in pacharán.

(c)

Chun deoch bhiotáilleach airne-chumhraithe nó pacharán a tháirgeadh, úsáidfear íosmhéid 125 ghram d'airní in aghaidh an lítir den táirge deiridh.

(d)

Beidh méid táirgí milsithe i ndeoch bhiotáilleach airne-chumhraithe nó in pacharán, arna sloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe, a bheidh idir 80 agus 250 gram in aghaidh gach lítir den táirge deiridh.

(e)

Is as na torthaí a úsáideadh agus as an ainís a thiocfaidh tréithe orgánaileipteacha, dath agus blas na dí biotáillí airne-chumhraithe nó pacharán.

(f)

Ní fhéadfar an téarma ‘pacharán’ a úsáid mar ainm dlíthiúil ach amháin nuair is sa Spáinn a tháirgtear an táirge. Nuair is lasmuigh den Spáinn a tháirgtear an táirge, ní fhéadfar ‘pacharán’ a úsáid ach amháin chun cur leis an ainm dlíthiúil “deoch bhiotáilleach airne-chumhraithe”, ar choinníoll go bhfuil na focail seo a leanas ag gabháil leis: “arna tháirgeadh i/in/sa …”, maille le hainm an Bhallstáit nó an tríú tír inar táirgeadh é.

33.   Licéar

(a)

Is deoch bhiotáilleach é licéar:

(i)

a bhfuil na híosmhéideanna de tháirgí milsithe seo a leanas ann, arna sloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe:

70 gram in aghaidh an lítir do licéir silíní nó licéir de shilín searbh arb í biotáille silíní nó biotáille de shilín searbh an t-aon alcól eitile atá iontu,

80 gram in aghaidh an lítir do licéir atá blaistithe go heisiach le ceadharlach nó planda comhchosúil nó mormónta,

100 gram in aghaidh an lítir i ngach cás eile,

(ii)

a tháirgtear trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta nó trí dhriogáit de thionscnamh talmhaíochta nó trí dheoch bhiotáilleach amháin nó níos mó nó teaglaim díobh, a milsíodh agus ar cuireadh leo ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de bhlastáin, de tháirgí de thionscnamh talmhaíochta nó d'earraí bia.

(b)

Is é 15 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i licéar.

(c)

Féadfar substaintí blaistithe agus ullmhóidí blaistithe a úsáid chun licéar a tháirgeadh.

Ní fhéadfar, áfach, na licéir seo a leanas a bhlaistiú ach le hearraí bia blaistithe, le hullmhóidí blaistithe agus le substaintí blaistithe nádúrtha:

(i)

Licéir torthaí:

anann (Ananas),

toradh citris (Citrus L.),

draighean mara (Hippophae rhamnoides L.),

maoildearg (Morus alba, Morus rubra),

silín searbh (Prunus cerasus),

silín (Prunus avium),

cuirín dubh (Ribes nigrum L.),

dris an artaigh (Rubus arcticus L.),

eithreog shléibhe (Rubus chamaemorus L.),

sú craobh (Rubus idaeus L.),

mónóg fhiáin (Vaccinium oxycoccos L.),

fraochóg/fraochán (Vaccinium myrtillus L.),

bódhearc (Vaccinium vitis-idaea L.);

(ii)

licéir plandaí:

génépi (Artemisia genepi),

ceadharlach (Gentiana L.),

mismín (Mentha L.),

ainís (Pimpinella anisum L.),

(d)

Féadfar ‘liqueur’ a úsáid mar an t-ainm dlíthiúil in aon Bhallstát agus:

i gcás na licéar a tháirgtear trí mhaothú a dhéanamh ar shilíní searbha nó ar shilíní (Prunus cerasusPrunus avium) in alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, féadfar ‘guignolet’ nó ‘češnjevec’ a úsáid mar an t-ainm dlíthiúil, in éineacht leis téarma “licéar” nó dá uireasa;

i gcás na licéar a tháirgtear trí mhaothú a dhéanamh ar shilíní searbha (Prunus cerasus) in alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, féadfar ‘ginja’ nó ‘ginjinha’ nó ‘višnjevec’ a úsáid mar an t-ainm dlíthiúil, in éineacht leis téarma “licéar” nó dá uireasa;

i gcás na licéar arb ó rum go heisiach a fhaightear an méid iomlán alcóil atá ann, féadfar ‘punch au rhum’ a úsáid mar an t-ainm dlíthiúil, in éineacht leis téarma “licéar” nó dá uireasa;

gan dochar do phointe (2) d'Airteagal 3, do phointe (b) d'Airteagal 10(5) agus d'Airteagal 11, i gcás na licéar ina bhfuil bainne nó táirgí bainne, féadfar “uachtar” agus é forlíonta ag ainm an amhábhair a úsáideadh lena dtugtar an príomhbhlas don licéar a úsáid mar an t-ainm dlíthiúil, in éineacht leis an téarma “licéar” nó dá uireasa.

(e)

Féadfar na comhthéarmaí seo a leanas a úsáid i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú licéar a tháirgtear san Aontas, nuair a úsáidtear alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta nó driogáit de thionscnamh talmhaíochta chun aithris a dhéanamh ar mhodhanna táirgeachta seanbhunaithe:

prune brandy;

orange brandy;

apricot brandy;

cherry brandy;

solbaerrom nó rum cuiríní dubha.

Maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú na licéar dá dtagraítear sa phointe seo, beidh an comhthéarma le feiceáil orthu ar líne amháin i gcarachtair aonfhoirmeacha a bhfuil an cló céanna agus an dath céanna orthu agus beidh an fhocal “licéar” gar dó i gcarachtair nach lú ná an cló sin. Murar ón deoch bhiotáilleach a luaitear a tháinig an t-alcól, taispeánfar a thionscnamh ar an lipéad sa réimse radhairc céanna leis an gcomhthéarma agus leis an bhfocal “licéar”, trí chineál an alcóil talmhaíochta a lua nó trí na focail “alcól talmhaíochta” a úsáid agus “déanta as” nó “déanta le” roimhe gach uair.

(f)

Gan dochar d'Airteagal 11 agus Airteagal 12 agus d'Airteagal 13(4), féadfar an t-ainm dlíthiúil “licéar” a fhorlíonadh le hainm an bhlaistithe nó an earra bia a thugann an príomhbhlas don deoch bhiotáilleach, ar choinníoll gurb ó earraí bia blaistithe, ullmhóidí blaistithe agus substaintí nádúrtha blaistithe a thagann ón amhábhar dá dtagraítear in ainm an bhlaistithe nó an earra bia a thagann an blas atá ar an deoch bhiotáilleach, gan a bheith forlíonta ag substaintí blaistithe ach amháin i gcás ina bhfuil gá leis sin chun blas an amhábhair a neartú.

34.   Crème de (arna fhorlíonadh le hainm an toraidh nó le hainm amhábhair eile a úsáideadh)

(a)

Is licéar é Crème de (arna fhorlíonadh le hainm toraidh nó amhábhair eile a úsáideadh) ina bhfuil íosmhéid de tháirgí milsithe de 250 gram in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(b)

Is é 15 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in Crème de (arna fhorlíonadh le hainm an toraidh nó an amhábhair eile a úsáideadh).

(c)

Beidh feidhm maidir leis an deoch bhiotáilleach sin ag na rialacha maidir le substaintí agus ullmhóidí blaistithe do licéir a leagtar síos faoi chatagóir 33.

(d)

Ní áireofar táirgí bainne sna hamhábhair a úsáidtear.

(e)

An toradh nó aon amhábhar eile a úsáidtear san ainm dlíthiúil, is é a bheidh iontu an toradh nó an t-amhábhar a thugann an príomhbhlas don deoch bhiotáilleach.

(f)

Féadfar an t-ainm dlíthiúil a fhorlíonadh leis an téarma “licéar”.

(g)

Ní fhéadfar úsáid a bhaint as an ainm dlíthiúil ‘crème de cassis’ ach amháin le haghaidh na licéar sin a tháirgtear le cuiríní dubha agus a bhfuil méid iomlán de tháirgí milsithe ann nach mó ná 400 gram in aghaidh an lítir mar shiúcra inbhéartaithe.

35.    Sloe gin

(a)

Is licéar é sloe gin a tháirgtear trí airní a mhaothú in gin agus, b'fhéidir, trí shú airní a chur leis.

(b)

Is é 25 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in sloe gin.

(c)

Ní fhéadfar ach substaintí nádúrtha blaistithe agus ullmhóidí nádúrtha blaistithe a úsáid chun sloe gin a tháirgeadh.

(d)

Féadfar an t-ainm dlíthiúil a fhorlíonadh leis an téarma “licéar”.

36.    Sambuca

(a)

Is licéar gan dath a bhfuil blas an tsíl ainíse air é sambuca a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

tá driogáití ainíse (Pimpinella anisum L.), réalt-ainíse (Illicium verum L.) nó luibheanna aramatacha eile ann;

(ii)

tá íosmhéid 350 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir ann arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe;

(iii)

ní lú ná 1 ghram in aghaidh an lítir ná ní mó ná 2 ghram in aghaidh an lítir méid an anatóil nádúrtha atá ann.

(b)

Is é 38 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in sambuca.

(c)

Beidh feidhm maidir le sambuca ag na rialacha maidir le substaintí agus ullmhóidí blaistithe do licéir a leagtar síos faoi chatagóir 33.

(d)

Ní dhéanfar sambuca a dhathú.

(e)

Féadfar an t-ainm dlíthiúil a fhorlíonadh leis an téarma “licéar”.

37.    Maraschino, marrasquinomaraskino

(a)

Is licéar gan dath é maraschino, marrasquinomaraskino ar driogáit de shilíní marasca is mó a chuireann blas air, sin nó an táirge a tháirgtear trí shilíní nó codanna de shilíní a mhaothú in alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta nó i ndriogáit de shilíní marasca a bhfuil íosmhéid táirgí milsithe de 250 gram in aghaidh an lítir ann arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(b)

Is é 24 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in maraschino, marrasquinomaraskino.

(c)

Beidh feidhm maidir le maraschino, marrasquinomaraskino ag na rialacha maidir le substaintí agus ullmhóidí blaistithe do licéir a leagtar síos faoi chatagóir 33.

(d)

Ní dhéanfar maraschino, marrasquinomaraskino a dhathú.

(e)

Féadfar an t-ainm dlíthiúil a fhorlíonadh leis an téarma “licéar”.

38.    Nocinoorehovec

(a)

Is licéar é nocinoorehovec a fhaigheann a bhlas go príomha trí mhaothúm, nó trí mhaothú agus trí dhriogadh a dhéanamh, ar ghallchnónna glasa iomlána (Juglans regia L.), a bhfuil íosmhéid de tháirgí milsithe de 100 gram in aghaidh an lítir ann arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(b)

Is é 30 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in nocinoorehovec.

(c)

Beidh feidhm maidir le nocinoorehovec ag na rialacha maidir le substaintí agus ullmhóidí blaistithe do licéir a leagtar síos faoi chatagóir 33.

(d)

Féadfar an t-ainm dlíthiúil a fhorlíonadh leis an téarma “licéar”.

39.   Licéar uibheacha nó advocaatavocatadvokat

(a)

Is licéar é licéar uibheacha nó advocaatavocatadvokat, blaistithe nó gan a bheith blaistithe, a tháirgtear ó alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, ó dhriogáit de thionscnamh talmhaíochta nó ó dheoch bhiotáilleach, nó teaglaim díobh, agus arb iad buíocán uibhe ardchaighdeáin, gealacán uibhe agus siúcra nó mil, nó iad araon a chomhábhair. Is é 150 gram in aghaidh an lítir an t-íosmhéid siúcra nó meala a bheidh ann arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe. Is é 140 gram in aghaidh an lítir den táirge deiridh an t-íosmhéid buíocán uibhe íon a bheidh ann. Cuirfear in iúl ar an lipéad i gcás ina n-úsáidtear uibheacha ó chearca a bhaineann le haon speiceas eile seachas Gallus gallus.

(b)

Is é 14 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i licéar uibheacha nó advocaatavocatadvokat.

(c)

Ní fhéadfar ach earraí bia blaistithe, substaintí blaistithe agus ullmhóidí blaistithe amháin a úsáid i dtáirgeadh licéar uibheacha nó advocaat nó avocatadvokat.

(d)

Féadfar táirgí bainne a úsáid i dtáirgeadh licéar uibheacha nó advocaatavocatadvokat.

40.   Licéar a bhfuil ubh ann

(a)

Is licéar é licéar a bhfuil ubh ann, blaistithe nó gan a bheith blaistithe, a tháirgtear ó alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, ó dhriogáit de thionscnamh talmhaíochta nó ó dheoch bhiotáilleach, nó teaglaim díobh, agus arb iad buíocán uibhe ardchaighdeáin, gealacán uibhe agus siúcra nó mil, nó iad araon, a shain-chomhábhair. Is é 150 gram in aghaidh an lítir an t-íosmhéid siúcra nó meala a bheidh ann arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe. Is é 70 gram in aghaidh an lítir den táirge deiridh an t-íosmhéid buíocán uibhe a bheidh ann.

(b)

Is é 15 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i licéar a bhfuil ubh ann.

(c)

Ní fhéadfar ach earraí bia blaistithe, substaintí blaistithe nádúrtha agus ullmhóidí blaistithe nádúrtha a úsáid chun licéar a bhfuil ubh ann a tháirgeadh.

(d)

Féadfar táirgí bainne a úsáid chun licéar a bhfuil ubh ann a tháirgeadh.

41.    Mistrà

(a)

Is deoch bhiotáilleach gan dath é mistrà a gcuirtear blas air le síol ainíse nó le hanatól nádúrtha agus a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

ní lú ná 1 ghram agus ní mó ná 2 ghram in aghaidh an lítir méid an ábhair anatóil atá ann;

(ii)

féadfaidh driogáit de luibheanna aramatacha a bheith ann freisin;

(iii)

níor milsíodh é.

(b)

Is é 40 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in mistrà agus 47 % an neart uasta alcóil de réir toirte.

(c)

Ní fhéadfar mistrà a bhlaistiú ach le hullmhóidí blaistithe agus le substaintí blaistithe nádúrtha.

(d)

Ní dhéanfar mistrà a dhathú.

42.    Väkevä glögispritglögg

(a)

Is deoch bhiotáilleach é väkevä glögispritglögg a tháirgtear trí fhíon nó táirgí fíona agus alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a bhlaistiú le cumhra clóbh nó cainéil, nó leis an dá rud, agus ceann de na próisis seo a leanas nó cumasc díobh á úsáid:

(i)

maothnú nó driogadh,

(ii)

driogadh an alcóil i láthair codanna de na plandaí a shonraítear thuas,

(iii)

substaintí blaistithe nádúrtha clóbh nó cainéil a chur leis.

(b)

Is é 15 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in väkevä glögispritglögg.

(c)

Ní fhéadfar väkevä glögispritglögg a bhlaistiú ach le substaintí blaistithe, le hullmhóidí blaistithe nó le dathúcháin eile ach beidh blas na spíosraí atá sonraithe i bpointe (a) ar an bpríomhbhlas.

(d)

Ní rachaidh méid an ábhair fíona nó na dtáirgí fíona thar 50 % den táirge deiridh.

43.    BerenburgBeerenburg

(a)

Is deoch bhiotáilleach é BerenburgBeerenburg a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

táirgtear é trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a úsáid;

(ii)

táirgtear é trí mhaothú ar thorthaí nó ar phlandaí nó ar chodanna díobh,

(iii)

tá sainbhlas de dhriogáit fréamhacha ceadharlaigh (Gentiana lutea L.), chaor aitil (Juniperus communis L.) agus duilleog labhrais (Laurus nobilis L.) ann;

(iv)

tá éagsúlacht datha ann idir dath geal donn agus dath dorcha donn;

(v)

féadfar é a mhilsiú go dtí uasmhéid de 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(b)

Is é 30 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in BerenburgBeerenburg.

(c)

Ní fhéadfar BerenburgBeerenburg a bhlaistiú ach le hullmhóidí blaistithe agus le substaintí blaistithe nádúrtha.

44.   Neachtar meala nó neachtar meá

(a)

Is deoch bhiotáilleach é neachtar meala nó neachtar meá a tháirgtear trí bhlaistiú a dhéanamh ar mheascán de mhaistreán meala coipthe agus de dhriogáit mheala nó d'alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, nó den dá rud, a bhfuil 30 % de réir toirte ar a laghad de mhaistreán meala coipthe ann.

(b)

Is é 22 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i neachtar meala nó i neachtar meá.

(c)

Ní fhéadfar neachtar meala nó neachtar meá a bhlaistiú ach le hullmhóidí blaistithe agus le substaintí blaistithe nádúrtha, ar choinníoll gurb é blas na meala an príomhbhlas.

(d)

Is le mil amháin a fhéadfar neachtar meala nó neachtar meá a mhilsiú.


IARSCRÍBHINN II

RIALACHA SONRACHA MAIDIR LE DEOCHANNA BIOTÁILLEACHA ÁIRITHE

1.   Sa Ghearmáin a tháirgtear Rum-Verschnitt agus is trí rum agus alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a mheascadh a fhaightear é, ar dhóigh gurb ón rum a thiocfaidh íoschion de 5 % den alcól atá sa táirge deiridh. Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in Rum-Verschnitt. Beidh an focal “Verschnitt” sa tuairisc, sa chur i láthair agus sa lipéadú i gcarachtair sa chló céanna, ar an méid céanna agus ar an dath céanna, agus ar an líne chéanna leis an bhfocal “Rum” agus, i gcás buidéal, ar an lipéad tosaigh. Is é “deoch bhiotáilleach” an t-ainm dlíthiúil a bheidh ar an táirge seo. I gcás ina gcuirtear Rum-Verschnitt ar an margadh lasmuigh den Ghearmáin, beidh a chomhdhéanamh alcólach ar an lipéad.

2.   Sa tSeicia a tháirgtear slivovice agus is trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a chur leis an driogáit plumaí roimh an driogadh deiridh a fhaightear é, ar dhóigh gurb ón driogáit plumaí a tiocfaidh íoschion de 70 % den alcól atá sa táirge deiridh. Is é “deoch bhiotáilleach” an t-ainm dlíthiúil a bheidh ar an táirge seo. Féadfar an t-ainm “slivovice” a chur leis i gcás ina bhfuil sé le feiceáil sa réimse radhairc céanna ar an lipéad tosaigh. Má chuirtear “slivovice” ar an margadh lasmuigh den tSeicia, beidh a chomhdhéanamh alcólach ar an lipéad. Ní dochar an fhoráil sin d'úsáid na n-ainmneacha dlíthiúla le haghaidh biotáillí torthaí i gcatagóir 9 d'Iarscríbhinn I.

3.   Sa Fhrainc a tháirgtear guignolet kirsch a fhaightear trí guignolet agus kirsch a mheascadh, ar dhóigh gurb ó Kirsch a thiocfaidh íoschion de 3 % den alcól iomlán íon sa táirge deiridh. Beidh an focal “guignolet” sa tuairisc, sa chur i láthair agus sa lipéadú i gcarachtar sa chló céanna, ar an méid céanna agus ar an dath céanna, agus ar an líne chéanna leis an bhfocal “kirsch” agus, i gcás buidéal, ar an lipéad tosaigh. Is é “licéar” an t-ainm dlíthiúil a bheidh ar an táirge seo. Sonrófar sa chomhdhéanamh alcólach an céatadán de réir toirte d'alcól íon a léiríonn guignolet agus kirsch sa mhéid iomlán d'alcól íon de réir toirte de guignolet kirsch.


IARSCRÍBHINN III

CÓRAS AOSAITHE DINIMICIÚIL NÓ “CRIADERAS Y SOLERA” NÓ “SOLERA E CRIADERAS

Is éard atá sa chóras aosaithe dinimiciúil nó “criaderas y solera” nó “solera e criaderas” ná córas trína ndéantar go tráthrialta éastóscadh ar mhéid áirithe brandy atá i ngach ceann de na bairillí agus coimeádáin darach a dhéanann suas an scála aosaithe agus na hathlíontaí comhfhreagracha le brandy a éastóscadh ón scála aosaithe roimhe sin.

Sainmhínithe

 

Ciallaíonn “scálaí aosaithe” grúpaí de bhairillí agus coimeádáin darach a bhfuil an leibhéal aibithe céanna acu, a dtéann brandy tríothu le linn an phróisis aosaithe. Tugtar “criadera” ar gach scála, seachas an ceann deireanach, roimh bhaint amach brandy, ar a dtugtar “solera”.

 

Ciallaíonn “éastóscadh” méid áirithe brandy a bhaintear amach as gach bairille sa scála aosaithe, ionas gur féidir é a chur isteach sna bairillí darach sa chéad scála aosaithe eile nó, i gcás an solera, chun é a sheoladh.

 

Ciallaíonn “athlíonadh” an méid brandy ó na bairillí nó coimeádáin darach de scála aosaithe ar leith a ionchorpraítear in ábhar bairillí agus coimeádán darach, agus a measctar leis, den scála ina dhiaidh sin ó thaobh aoise.

 

Ciallaíonn “meánaois” an tréimhse ama a chomhfhreagraíonn do rothlú an stoic iomláin de brandy atá ag dul tríd an bpróiseas aosaithe, arna ríomh trí thoirt iomlán brandy atá sna scálaí aosaithe ar fad a roinnt ar trí thoirt na méideanna a éastóscadh ón scála deireanach — solera —in 1 bhliain amháin.

Déanfar meánaois brandy a bhaintear amach as solera a ríomh trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle seo a leanas: t = Vt/Ve, agus:

is é t an aois, ar an meán, arna shloinneadh i mblianta;

is é Vt toirt iomlán na stoc sa chóras aosaithe, arna shloinneadh i lítir d'alcól íon;

is é Ve toirt iomlán an táirge atá le seoladh le linn tréimhse bliana, arna shloinneadh i lítir d'alcól íon.

I gcás na mbairillí agus na gcoimeádán darach ina bhfuil níos lú ná 1 000 litear, beidh líon na méideanna a éastóscadh go bliantúil agus na n-athlíontaí bliantúla cothrom le nó níos lú ná dhá uair líon na scálaí sa chóras, ionas go ráthófar go mbeidh an ghné is óige ar aois atá comhionann le nó níos airde ná sé mhí.

I gcás na mbairillí agus na gcoimeádán darach de 1 000 lítear nó níos mó, beidh líon na méideanna a éastóscadh agus na n-athlíontaí cothrom le nó níos lú ná líon na scálaí sa chóras, ionas go ráthófar go mbeidh an ghné is óige ar aois atá cothrom le níos lú ná bliain amháin.


IARSCRÍBHINN IV

Tábla comhghaoil

An Rialachán seo

Rialachán (CE) Uimh. 110/2008

Airteagal (1) agus (2)

Airteagal 1(1) agus (2)

Airteagal 2, pointí (a) go (d)

Airteagal 2(1) agus (3)

Airteagal 2, pointe (e)

Airteagal 2(2)

Airteagal 2, pointe (f)

Iarscríbhinn I, pointe 6

Airteagal 3(1)

Airteagal 8

Airteagal 3(2) agus (3)

Airteagal 10

Airteagal 3(4)

Airteagal 15(1)

Airteagal 3(5)

Airteagal 3(6)

Airteagal 3(7)

Airteagal 15(3), an tríú fomhír

Airteagal 3(8)

Airteagal 3(9) agus (10)

Airteagal 11(2) agus Iarscríbhinn I, pointe 4

Airteagal 3(11) agus (12)

Iarscríbhinn I, pointe (7)

Airteagal 4(1)

Airteagal 7 agus Iarscríbhinn I, pointe (14)

Airteagal 4(2)

Airteagal 7 agus Iarscríbhinn I, pointe (15)

Airteagal 4(3)

Airteagal 7 agus Iarscríbhinn I, pointe (16)

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(5)

Iarscríbhinn I, pointe (17)

Airteagal 4(6)

Airteagal 4(7)

Iarscríbhinn I, pointe (2)

Airteagal 4(8)

Iarscríbhinn I, pointe (3)

Airteagal 4(9)

Iarscríbhinn I, pointe (3)

Airteagal 4(10)

Iarscríbhinn I, pointe (5)

Airteagal 4(11)

Iarscríbhinn I, pointe (8)

Airteagal 4(12)

Iarscríbhinn I, pointe (9)

Airteagal 4(13)

Airteagal 4(14)

Airteagal 4(15)

Airteagal 4(16)

Airteagal 4(17)

Airteagal 4(18)

Airteagal 4(19) agus (20)

Iarscríbhinn I, pointe (10)

Airteagal 4(21)

Airteagal 4(22)

Airteagal 4(23)

Iarscríbhinn I, pointe (11)

Airteagal 4(24)

Iarscríbhinn I, pointe (12)

Airteagal 5

Iarscríbhinn I, pointe (1)

Airteagal 6(1)

Airteagal 3(1)

Airteagal 6(2)

Airteagal 3(3)

Airteagal 6(3)

Airteagal 3(4)

Airteagal 7(1)

Airteagal 4

Airteagal 7(2)

Airteagal 5(1)

Airteagal 7(3)

Airteagal 5(2)

Airteagal 7(4)

Airteagal 5(3)

Airteagal 8(1)

Airteagal 26

Airteagal 8(2)

Airteagal 1(3)

Airteagal 8(3)

Airteagal 8(4)

Airteagal 9

Airteagal 10(1)

Airteagal 10(2)

Airteagal 9(1)

Airteagal 10(3)

Airteagal 9(2)

Airteagal 10(4)

Airteagal 9(3)

Airteagal 10(5)

Airteagal 9(5) agus (6)

Airteagal 10(6), pointí (a) go (c), (e) agus (f)

Airteagal 10(6)(d)

Airteagal 12(2)

Airteagal 10(7), an chéad fhomhír

Airteagal 9(4) agus (7)

Airteagal 10(7), an dara fomhír

Airteagal 11(1)

Airteagal 10(1) agus (2)

Airteagal 11(2) agus (3)

Airteagal 12(1)

Airteagal 10(1)

Airteagal 12(2),(3) agus (4)

Airteagal 13(1)

Airteagal 12(1)

Airteagal 13(2)

Airteagal 9(9)

Airteagal 13(3), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Airteagal 11(4)

Airteagal 13(3), an tríú fomhír

Airteagal 11(5)

Airteagal 13(3), an ceathrú fomhír

Airteagal 13(4), an chéad fhomhír

Airteagal 11(3)

Airteagal 13(4), an dara fomhír

Airteagal 11(4)

Airteagal 13(4), an tríú fomhír

Airteagal 11(5)

Airteagal 13(5)

Airteagal 13(6)

Airteagal 12(3)

Airteagal 13(7)

Airteagal 14(1)

Iarscríbhinn I, pointe (13)

Airteagal 14(2)

Airteagal 15(1)

Airteagal 14(2)

Airteagal 15(2)

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 13

Airteagal 18

Airteagal 19(1)

Airteagal 12(3)

Airteagal 19(2)

Airteagal 20, pointe (a)

Airteagal 20, pointe (b)

Airteagal 28(2)

Airteagal 20, pointe (c)

Airteagal 20, pointe (d)

Airteagal 21(1)

Airteagal 21(2)

Airteagal 16

Airteagal 21(3)

Airteagal 15(3), an chéad fhomhír

Airteagal 21(4)

Airteagal 22(1), an chéad fhomhír

Airteagal 17(4)

Airteagal 22(1), an dara fomhír

Airteagal 22(2)

Airteagal 23(1), an fhoclaíocht réamhráiteach agus pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 23(1), an dara fomhír

Airteagal 17(3)

Airteagal 23(2)

Airteagal 17(1), an dara habairt

Airteagal 24(1) go (4)

Airteagal 24(5), (6) agus (7)

Airteagal 17(2)

Airteagal 24(8)

Airteagal 17(3)

Airteagal 24(9)

Airteagal 17(1), an chéad abairt

Airteagal 25

Airteagal 26(1), an chéad fhomhír

Airteagal 17(5)

Airteagal 26(1), an dara fomhír

Airteagal 26(2)

Airteagal 17(6)

Airteagal 27(1)

Airteagal 17(7), an chéad abairt

Airteagal 27(2), (3) agus (4)

Airteagal 27(5)

Airteagal 17(7), an dara habairt

Airteagal 28

Airteagal 29

Airteagal 30(1), (2) agus (3)

Airteagal 17(8), an chéad abairt

Airteagal 30(4), an chéad fhomhír

Airteagal 17(8), an dara habairt

Airteagal 30(4), an dara fomhír

Airteagal 31

Airteagal 21

Airteagal 32

Airteagal 18

Airteagal 33(1)

Airteagal 15(2)

Airteagal 33(2) agus (3)

Airteagal 34(1), (2) agus (3)

Airteagal 19

Airteagal 34(4)

Airteagal 35(1), an chéad fhomhír

Airteagal 15(3), an dara fomhír

Airteagal 35(1), an dara fomhír

Airteagal 35(2)

Airteagal 23(3)

Airteagal 35(3)

Airteagal 36(1)

Airteagal 23(1)

Airteagal 36(2)

Airteagal 23(2)

Airteagal 37

Airteagal 38(1)

Airteagal 38(2)

Airteagal 22(1)

Airteagal 38(3)

Airteagal 22(2)

Airteagal 38(4)

Airteagal 38(5)

Airteagal 22(3)

Airteagal 38(6)

Airteagal 22(4)

Airteagal 39(1)

Airteagal 39(2) agus (3)

Airteagal 40

Airteagal 41

Airteagal 42

Airteagal 43(1)

Airteagal 24(1)

Airteagal 43(2)

Airteagal 24(3)

Airteagal 44(1)

Airteagal 24(2)

Airteagal 44(2)

Airteagal 45

Airteagal 6

Airteagal 46

Airteagal 47

Airteagal 25

Airteagal 48

Airteagal 49

Airteagal 29

Airteagal 50

Airteagal 28

Airteagal 51

Airteagal 30

Iarscríbhinn I, catagóirí 1 go 31

Iarscríbhinn II, catagóirí 1 go 31

Iarscríbhinn I, catagóir 32

Iarscríbhinn II, catagóir 37a

Iarscríbhinn I, catagóir 33

Iarscríbhinn II, catagóir 32

Iarscríbhinn I, catagóir 34

Iarscríbhinn II, catagóir 33

Iarscríbhinn I, catagóir 35

Iarscríbhinn II, catagóir 37

Iarscríbhinn I, catagóir 36

Iarscríbhinn II, catagóir 38

Iarscríbhinn I, catagóir 37

Iarscríbhinn II, catagóir 39

Iarscríbhinn I, catagóir 38

Iarscríbhinn II, catagóir 40

Iarscríbhinn I, catagóir 39

Iarscríbhinn II, catagóir 41

Iarscríbhinn I, catagóir 40

Iarscríbhinn II, catagóir 42

Iarscríbhinn I, catagóir 41

Iarscríbhinn II, catagóir 43

Iarscríbhinn I, catagóir 42

Iarscríbhinn II, catagóir 44

Iarscríbhinn I, catagóir 43

Iarscríbhinn II, catagóir 45

Iarscríbhinn I, catagóir 44

Iarscríbhinn II, catagóir 46

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II, cuid faoi Theideal “Deochanna biotáilleacha eile”

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV